EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0017

Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le caidreamh a chothú le haghaidh comhar éifeachtach san ardoideachas Eorpach

COM/2022/17 final

Strasbourg, 18.1.2022

COM(2022) 17 final

2022/0008(NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le caidreamh a chothú le haghaidh comhar éifeachtach san ardoideachas Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2022) 6}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Chun an Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) a bhaint amach faoi 2025, is gá spás foghlama Eorpach a chruthú a bheidh chun tairbhe na bhfoghlaimeoirí, na n‑acadóirí agus na bhfoirne oideachais uile ar féidir leo gluaiseacht gan bhac chun staidéar agus obair a dhéanamh ar fud an Aontais. Chun an méid sin a bhaint amach, is mian linn comhar níos dlúithe agus níos doimhne a bheith ann idir institiúidí ardoideachais Eorpacha. Is é a thugtar le fios le Limistéar Eorpach Taighde a chur chun feidhme a thuilleadh soghluaisteacht na dtaighdeoirí agus an sreabhadh eolais a neartú, an infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht a dhreasú, agus an comhar trasnáisiúnta i measc institiúidí ardoideachais agus le gnólachtaí agus gníomhaithe taighde agus nuálaíochta eile ina n‑éiceachórais a fheabhsú. Neartaíonn an comhar trasnáisiúnta ionchuimsitheacht, barr feabhais, éagsúlacht, mealltacht agus iomaíochas domhanda an ardoideachais Eorpaigh. Cuireann sé leis an gcomhionannas agus an neamh-idirdhealú, le dúshláin na hEorpa a shárú maidir leis an athrú aeráide, an t‑aistriú digiteach agus daonra atá ag dul in aois, trí scileanna agus eolas ábhartha a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí, chomh maith le hathléimneacht a chothú agus cabhrú leis an téarnamh. Cuirfidh sé borradh faoi ról na n‑institiúidí ardoideachais ar an ardán domhanda, agus mar thoradh air sin, beidh an Eoraip ina ceannródaí maidir le dúshláin dhomhanda a shárú go héifeachtach agus go héifeachtúil, ina hábhar inspioráide ar fud an domhain agus ina ceann scríbe mealltach le haghaidh mic léinn, acadóirí agus taighdeoirí.

Cuireann an tionscnamh atá ann faoi láthair leis an obair a rinneadh roimhe seo ar leibhéal an Aontais. Mar bheart leantach ar Chonclúidí ón gComhairle Eorpach 2017 1 inar iarradh ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún Eorpach dul chun cinn a dhéanamh ar an obair maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a neartú idir institiúidí ardoideachais ar fud an Aontais, sheol an Coimisiún tionscnamh píolótach in 2019 de 41 chomhghuaillíocht Ollscoileanna Eorpacha faoin gclár Erasmus+, tionscnamh arna chomhlánú ag an gclár Fís 2020 maidir leis an ngné thaighde agus nuálaíochta. Is é ab aidhm leis an tionscnamh comhar struchtúrach, córasach agus inbhuanaithe a thionscnamh ar bhonn píolótach idir breis is 280 institiúid ardoideachais éagsúla i ngach cearn den Eoraip, arna roghnú faoin gcéad dá ghlao ar thograí. Léirítear tairbhí leis na chéad cheachtanna maidir leis an tionscnamh píolótach seo, agus ar an gcaoi chéanna, tugadh roinnt dúshlán chun suntais, amhail deacrachtaí i dtaca le cur ar fáil gníomhaíochtaí agus clár oideachais trasnáisiúnta comhpháirteach ar gach leibhéal, lena náirítear riachtanais neamh-chomhoiriúnacha a choisceann dámhachtain céimeanna comhpháirteacha, céim Eorpach chomhpháirteach san áireamh, nó gan reacht dlíthiúil a bheith ann le haghaidh comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, rud a chuireann bac orthu a bheith éifeachtúil maidir le hacmhainní a chomhthiomsú, bonneagar a chomhroinnt nó teicneolaíocht a aistriú. An Moladh seo ón gComhairle maidir le caidreamh a chothú le haghaidh comhar Eorpach éifeachtach um an ardoideachas, is beart tosaigh é i dtreo aghaidh a thabhairt ar dhúshláin den chineál sin, agus is é is cuspóir dó na hinstitiúidí ardoideachais uile san Eoraip, mar aon lena bhfoghlaimeoirí, foirne agus taighdeoirí, a bheith in ann tairbhe a bhaint as comhar trasnáisiúnta simplithe.

Is cuid é an Moladh seo ón gComhairle den ‘phacáiste ardoideachais’ a fógraíodh i gClár Oibre Bliantúil an Choimisiúin 2022 faoin bpríomhuaillmhian ‘Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn’, chomh maith le Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna. Is sa straitéis a leagtar amach fís maidir le claochlú earnáil an ardoideachais ar fud na hEorpa, ach is é an Moladh an chéad bheart de chur chuige incriminteach i dtreo comhar trasnáisiúnta níos doimhne, níos inbhuanaithe agus níos éifeachtaí. Déanann an Straitéis agus an Moladh na deiseanna maidir le comhar trasnáisiúnta nuálach san earnáil ardoideachais a leathnú, mar tá sé fíor-riachtanach comhoibriú níos dlúithe le chéile chun cur ar a chumas don Aontas a ról mar ghníomhaí domhanda a chomhdhlúthú. Dá bhrí sin, tá gá leis na fórsaí a thabhairt le chéile trí chomhar níos doimhne.

(1)Na saincheisteanna struchtúracha agus oibríochtúla a dtabharfar aghaidh orthu leis an Moladh beartaithe ón gComhairle maidir le comhar trasnáisiúnta níos doimhne a chumasú

Dá mbeadh reacht dlíthiúil ann maidir le comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, d’éascódh sin roinnt agus comhthiomsú acmhainní comhpháirteacha agus rochtain ar na hacmhainní sin - amhail acmhainní airgeadais, digiteacha agus fisiciúla, agus seirbhísí. In éagmais reacht den chineál sin, tá sé i bhfad níos deacra ar institiúidí ardoideachais leibhéal níos doimhne comhair a bhaint amach, agus cuirtear srian ar a n‑iomaíochas.

Tá bac ar dhámhachtain céimeanna comhpháirteacha mar thoradh ar riachtanais neamh-chomhoiriúnacha maidir le gníomhaíochtaí agus cláir oideachais thrasnáisiúnta chomhpháirteacha a chur ar fáil, e.g. difríochtaí i dtaca leis an ngrádú agus le leithdháileadh creidiúintí, fiú agus an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS) á leanúint; curaclaim ag a bhfuil creidiúintí ECTS íosta nó uasta difriúla, agus cineálacha difriúla neamhspleáchais institiúidigh. Is gá dúshláin dhlíthiúla agus riaracháin mar sin a shárú chun tacú le comhar trasnáisiúnta uaillmhianach níos doimhne. Céim aistir a bheadh ann i gcur chuige forásach i dtreo bhunú céime Eorpaí comhpháirtí lena gcumhdófaí gach leibhéal (leibhéil an Bhaitsiléara, na Máistreachta agus na Dochtúireachta agus deiseanna foghlaim ar feadh an tsaoil).

Gan treoir, digitiú agus simpliú na bpróiseas, is deacair tuilleadh deiseanna soghluaisteachta a chruthú le haghaidh foghlaimeoirí atá leabaithe i gcláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha. Déanann tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh níos éasca ar mhic léinn é staidéar agus dul faoi oiliúint i roinnt mhaith institiúidí. Meastar soghluaisteacht acadóirí, taighdeoirí agus foirne gairmiúla faoina luach a mhéid a bhaineann le forbairt a ngairmréimeanna.

Easpa cistithe fhadtéarmaigh inbhuanaithe le haghaidh comhar trasnáisiúnta institiúide is cúis leis an mbac ar a bhforbairt agus ar chlaochlú domhain ina misin trí chéile. Sholáthródh ionchas níos fadtéarmaí deiseanna níos fearr chun inniúlacht agus comhghuaillíochtaí inbhuanaithe a fhorbairt chun an leibhéal uaillmhéine atá pleanáilte a bhaint amach. Is féidir an méid sin a éascú ach reacht dlíthiúil a chur ar bun, a chuirfeadh ar a gcumas do na comhghuaillíochtaí acmhainní a chomhthiomsú agus sineirgí a chothú idir ionstraimí agus deiseanna cistithe réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha.

I dtíortha ina bhfuil an dearbhú cáilíochta seachtrach agus an creidiúnú bunaithe ar chláir den chuid is mó, níor cuireadh an Cur Chuige Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta Clár Comhpháirteach chun feidhme go leormhaith fós sna Ballstáit uile, rud atá ina bhac ar chruthú agus creidiúnú clár oideachais comhpháirteach ar an leibhéal gearrthimthriallach agus ar leibhéil an Bhaitsiléara, na Máistreachta agus na Dochtúireachta. Ar an ábhar sin, cuirtear nósanna imeachta difriúla um dhearbhú cáilíochta seachtrach i bhfeidhm le haghaidh chláir chomhpháirteacha, i ngach tír lena mbaineann b’fhéidir, agus bíonn rialacha náisiúnta difriúla i gceist a chruthaíonn ualach riaracháin agus a chuireann bac ar chur chun feidhme oideolaíochtaí idirdhisciplíneacha nuálacha i dtíortha difriúla. An tráth céanna, tá sé níos éasca ar thíortha a bhfuil dearbhú cáilíochta seachtrach acu ar leibhéal institiúide cláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha a chur ar bun.

Tá an easpa idir-inoibritheachta idir bonneagair dhigiteacha na ninstitiúidí ardoideachais san Aontas trí chéile ina srian ar theacht chun cinn campas agus ardán Eorpach (fíorúil) idir-ollscoileanna le haghaidh gníomhaíochtaí digiteacha nó cumaisc comhpháirteacha. Bunchúiseanna na faidhbe is ea neamhchothroime maidir le hinniúlacht institiúidí ardoideachais aonair agus fáil ar acmhainní chun bonneagar digiteach den chineál sin a fhorbairt agus a rochtain, rud a chuireann srian le hacmhainneacht na comharfhoghlama agus an chomhartheagaisc ar líne. Chun an fhadhb a réiteach d’fhéadfaí dréim le bonneagar agus réitigh dhigiteacha idir-inoibritheacha chomhroinnte a bhaint amach, agus chabhródh na hinstitiúidí leis sin trí rochtain fhrithpháirteach a cheadú do chách ar bhonneagar, seirbhísí agus oiliúint 2 .

Na creataí reachtacha náisiúnta lena rialaítear measúnú réimsí disciplín aonair, is bac iad ar fhorbairt modúl idirdhisciplíneach, go háirithe agus céimeanna comhpháirteacha trasnáisiúnta á ndearadh. Ós rud é gur cuspóir tábhachtach do chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha é cineálacha cur chuige dhúshlánbhunaithe a chíoradh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na sochaí trí chuir chuige idirdhisciplíneacha, is minic nach féidir leis na comhghuaillíochtaí dul chun cinn a dhéanamh ar an gcaoi sin de dheasca na gcreataí náisiúnta.

Trí shocruithe rialachais lena ligtear do na mic léinn agus na foirne a bheith páirteach i gcinntí a dhéanann difear dá dtimpeallacht foghlama agus oibre, cumasaítear comhar trasnáisiúnta uaillmhianach domhain agus cothaítear rannchuidiú fónta ó institiúidí ardoideachais le forbairt agus inbhuanaitheacht a n‑éiceachóras. Na struchtúir rialachais agus na cleachtais bhainistíochta a úsáidtear in institiúidí chun comhghuaillíochtaí trasnáisiúnta a reáchtáil, ba thairbhe dóibh rannpháirtíocht níos gníomhaí na bhfoghlaimeoirí, na n‑acadóirí, na dtaighdeoirí agus na bhfoirne gairmiúla chun freastal chomh maith is féidir ar a riachtanais agus chun ligean do chleachtais nuálacha, arna bhforbairt trí chomhar trasnáisiúnta, scaipeadh laistigh den institiúid. Faoi láthair, is minic nach léiríonn struchtúir den chineál sin an chreatlach shóisialta agus éagsúlacht na n‑eispéireas agus na smaointe.

Soláthraítear le luachanna comhroinnte ár ndóighe beatha Eorpaí bunchloch fhíor-riachtanach maidir leis an gcomhar trasnáisiúnta mar bhonn faoi fhoghlaim, teagasc agus taighde ar ardchaighdeán a fhorbairt. Daingníonn an comhar trasnáisiúnta an cultúr acadúil agus cuireann sé le treisiú na sochaithe daonlathacha. Os a choinne sin, nuair nach gcloítear le bunluachanna, lagaítear an fhoghlaim, an teagasc agus an taighde, agus déantar dochar dá bharr don chomhar trasnáisiúnta domhain. In éagmais neamhspleáchas leormhaith, cuirtear teorainn le roghanna na n‑institiúidí ardoideachais maidir le comhaontuithe trasnáisiúnta a dhéanamh, rannchuidiú leo go cothrom i gcomhar le comhpháirtithe eile, agus cómhaoiniú agus foirne leordhóthanacha a sholáthar le haghaidh a gcur chun feidhme. Dá bhrí sin is coinníoll ríthábhachtach é an neamhspleáchas maidir le saincheisteanna rialachais agus riaracháin chun comhar trasnáisiúnta éifeachtach a chumasú.

(2)Cuspóirí a shaothrófar leis an Moladh beartaithe ón gComhairle

I gcomhthéacs domhanda dúshlánach atá thar a bheith iomaíoch, is láidre a bheidh an earnáil ardoideachais Eorpach ach dul i gcomhar le chéile agus déanfaidh sin a mealltacht agus a hiomaíochas domhanda a chomhdhlúthú. Chun cur ar a cumas don Eoraip dul i ngleic le dúshláin choiteanna, an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú glas go háirithe, cuirfear acmhainneacht na n‑acmhainní atá ar fáil chun tairbhe mar thoradh ar chomhar trasnáisiúnta méadaithe, agus beidh cineálacha éagsúla institiúidí ardoideachais rannpháirteach dá bharr in inniúlachtaí agus láidreachtaí oideachais agus taighde chomhlántaigh. Teastaíonn am agus iarrachtaí ar gach leibhéal chun réitigh láidre a fhorbairt chun dul i ngleic le dúshláin chasta iltaobhacha. Is beart tosaigh é an Moladh seo ón gComhairle i dtreo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna struchtúracha agus oibríochtúla a bhfuil cosc á chur acu le comhar trasnáisiúnta níos doimhne agus níos uaillmhianaí idir institiúidí Eorpacha, céim a chumasóidh cur chun feidhme gan bhac na saoirse comhlachais. Dá mbeadh reacht dlíthiúil ann maidir le comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, chuirfeadh sin ar a gcumas dóibh acmhainní, inniúlachtaí agus a láidreachtaí a chomhthiomsú; aithneofar le céim Eorpach chomhpháirteach luach na n‑eispéireas trasnáisiúnta sa cháilíocht ardoideachais a bhaineann na mic léinn amach agus gearrfaidh sé siar ar an rómhaorlathas a bhaineann le cláir chomhpháirteacha a chur ar fáil; agus mar thoradh ar úsáid ghinearálaithe thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh, a chuirfear ar fáil do na mic léinn ghluaisteacha ar fad in institiúidí ardoideachais uile na hEorpa trí chéile faoi lár 2024, éascófar an tsoghluaisteacht ar gach leibhéal. Ionstraimí den chineál sin, oibreoidh siad ar bhonn sineirge le chéile agus meastar go gcruthóidh siad féiniúlacht Eorpach, go mbainfidh siad leibhéal níos airde amach don chomhar trasnáisiúnta agus go gcothóidh siad muintearas láidir Eorpach. Caidreamh a chothú chun comhar trasnáisiúnta níos córasaí, níos struchtúraí agus níos inbhuanaithe a bhaint amach ag leibhéal na n‑institiúidí, tá sé sin ríthábhachtach maidir le dlús a chur le claochlú na n‑institiúidí ardoideachais ina misin oideachais, taighde agus nuálaíochta trí chéile, agus ina seirbhís don tsochaí, agus cabhróidh sé maidir le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus Eorpacha.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é aidhm don Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi Straitéis Eorpach maidir le hOllscoileanna 3 gné fhíor-Eorpach a chruthú san ardoideachas agus sa taighde. Éilítear leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 4 ‘creat beartais thar theorainneacha a chumasaíonn comhar trasnáisiúnta saoráideach uaillmhianach idir institiúidí ardoideachais’. Leis an Rún ón gComhairle maidir le ‘creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030)’ 5 , iarrtar ‘comhar níos dlúithe agus níos doimhne a chothú (…) a chuirfidh ar a gcumas do chomhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, amhail iad siúd atá ina gcuid de thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, a láidreachtaí a chur chun tairbhe agus ardoideachas claochlaitheach a chur ar fáil i gcomhpháirt le chéile’. Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha 6 , iarradh ar na Ballstáit obair i gcomhpháirt le chéile chun na baic ar chórais ardoideachais níos comhoiriúnaí a shainaithint agus a bhaint. Gealltar in communiqué aireachta na Róimhe maidir leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais 7 go ndéanfar comhar níos doimhne a éascú agus a fheabhsú. Leis an Moladh ón gComhairle chun ‘Aitheantas uathoibríoch frithpháirteach a chur chun cinn do cháilíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéil an ardoideachais agus an mheánoideachais shinsearaigh, agus do thorthaí  tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch’ 8 , iarrtar comhar na mBallstát a chur chun cinn. Cuirtear in iúl sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Limistéar Eorpach Taighde (LET) nua le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta 9 gur trí straitéisí T&N coiteanna a fhorbairt agus inniúlacht agus acmhainní a chomhroinnt a chuirfear ar a cumas don earnáil ardoideachais Eorpach dúshláin na hEorpa a shárú. Tacaíonn an Moladh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Thaighde agus Nuálaíocht san Eoraip 10 le comhar agus sineirgí idir an Limistéar Eorpach Taighde agus an Limistéar Eorpach Ardoideachais. An Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cur Chuige Domhanda i leith an Taighde agus na Nuálaíochta 11 , spreagtar léi comhar thar theorainneacha ar scála nach bhfacthas roimhe seo chun réitigh nuálacha a fhorbairt a bhainfidh an taistriú glas agus an taistriú digiteach amach ar bhealach cóir. Is é aidhm do Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 12 ‘acmhainneacht iomlán na ninstitiúidí ardoideachais a scaoileadh chun téarnamh a bhaint amach a bheidh dírithe ar aistriú glas agus aistriú digiteach ionchuimsitheach inbhuanaithe’, agus tacaíocht á fáil aige ón gClár Oibre Eorpach do Scileanna Nua 13 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cothaítear leis an Moladh seo ón gComhairle comhar trasnáisiúnta éifeachtach agus cuireann sé ar a gcumas do na hinstitiúidí ardoideachais ról lárnach a bheith acu maidir leis an gComhaontú Glas, an Deacáid Dhigiteach, fás inbhuanaithe, agus téarnamh a bhaint amach, agus maidir le seasamh na hEorpa sa domhan a neartú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an Moladh beartaithe ón gComhairle bunaithe ar Airteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 14 . Le hAirteagal 165(1) de CFAE leagtar síos nach mór don Aontas ‘rannchuidiú le hoideachas ar ardchaighdeán a fhorbairt trí chomhar idir na Ballstáit a spreagadh agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith ábhar an teagaisc agus eagrú a gcóras oideachais á hurramú go hiomlán aige an tráth céanna’. Thairis sin sonraítear in Airteagal 165(2) de CFAE go bhfuil gníomhaíocht an Aontais i dtaca leis an oideachas dírithe ar ‘ghné Eorpach san oideachais a fhorbairt’, ‘comhar a chur ar aghaidh idir bunaíochtaí oideachais’ agus ‘soghluaisteacht mac léinn agus teagascóirí a ghríosú trí aitheantas acadúil dioplómaí agus tréimhsí staidéir a spreagadh’. Sonraítear le hAirteagal 166(1) CFAE go gcuirfidh an tAontas beartas gairmoiliúna chun feidhme. Luaitear in Airteagal 166(2) de CFAE nach mór ‘comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh idir bunaíochtaí agus gnólachtaí oideachais nó oiliúna’ a bheith mar aidhm ag gníomhaíocht an Aontais. Tá meas iomlán ag an togra seo ar fhreagracht na mBallstát maidir le córais oideachais agus oiliúna a eagrú (lena náirítear ábhar an teagaisc, agus a néagsúlacht chultúrtha agus teanga), agus léirítear ann ról forlíontach agus tacaíochta an Aontais, agus cáilíocht dheonach an chomhair Eorpaigh maidir leis na córais sin. Tagann an tionscnamh freisin leis an bhfreagracht chomhroinnte i réimse an taighde. Ní bheartaítear leis an tionscnamh aon síneadh ar chumhacht rialála an Aontais ná gealltanais cheangailteacha ar na Ballstáit trína gcinnfear, de réir chúinsí náisiúnta na Ballstát sin, cén chaoi a gcuirfidh siad an Moladh seo ón gComhairle chun feidhme.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an togra reatha i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Féachann an togra le tacú leis an gcomhar trasnáisiúnta san earnáil ardoideachais agus é a fheabhsú ach cloíonn sé go hiomlán freisin le prionsabal na coimhdeachta, óir tá coimirce á tabhairt aige do chumas na mBallstát cinntí reachtacha neamhspleácha a ghlacadh agus bearta a chur chun feidhme atá dírithe ar chomhar níos doimhne a chothú idir institiúidí ardoideachais. D’ainneoin fhreagracht na mBallstát as an reachtaíocht agus as dearadh, eagrú agus ábhar an teagaisc agus na foghlama, is ar leibhéal an Aontais is fearr aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhar trasnáisiúnta, toisc a gcineál. Mar thoradh ar chineál, scála agus éifeachtaí na mbeart atá molta, is fearr is féidir iad a bhaint amach trí ghníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) de CAE. Ní théann ábhar ná foirm an Mholta bheartaithe seo ón gComhairle thar a bhfuil gá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Tá na gníomhaíochtaí atá beartaithe comhréireach leis na cuspóirí saothraithe toisc go n‑urramaítear leo cleachtais na mBallstát agus éagsúlacht na gcóras. Aon ghealltanas ó na Ballstáit, is de chineál deonach iad agus tá de shaoirse ag gach Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige a ghlacfaidh sé chun na gealltanais atá ann a chur chun feidhme. Ina theannta sin, cuireann an tionscnamh seo an CFAE chun feidhme ina ndearbhaítear go ‘rannchuideoidh an tAontas le hoideachas ar ardchaighdeán a fhorbairt trí chomhar idir na Ballstáit a spreagadh’ (Airteagal 165(1)). Is é an breisluach a bhaineann le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais comhar trasnáisiúnta níos doimhne a éascú agus a chothú idir institiúidí ardoideachais ó Bhallstáit éagsúla, feidhmiú na hearnála ardoideachais san Aontas trí chéile a fheabhsú agus a mealltacht agus a hiomaíochas a mhéadú ar fud an domhain.

An rogha ionstraime

Chun na cuspóirí dá dtagraítear thuas a bhaint amach, déanann Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) CFAE foráil maidir le moltaí a bheidh le glacadh ag an gComhairle, ar thogra a fháil ón gCoimisiún. Is ionstraim iomchuí é moladh ón gComhairle laistigh de réimse an oideachais agus na hoiliúna, réimse ina bhfuil freagracht tacaíochta ar an Aontas. Is ionstraim é a úsáidtear go minic le haghaidh gníomhaíocht Aontais sa réimse sin. Mar ionstraim dlí, tugann moladh ón gComhairle tiomantas na mBallstát do na bearta atá san áireamh ann le fios agus soláthraíonn sé bonn láidir polaitiúil le haghaidh comhar sa réimse sin, agus údarás na mBallstát á urramú go hiomlán.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh an iliomad gníomhaíochtaí comhairliúcháin le tamall de bhlianta anuas maidir leis an gclaochlú ardoideachais, tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, an Limistéar Eorpach Oideachais agus an Chumarsáid sa Limistéar Eorpach Taighde. I bhfianaise raon feidhme leathan agus chineál cuimsitheach na gcomhairliúchán sin a rinneadh agus na teagmhála leanúnaí le páirtithe leasmhara, agus i bhfianaise an ghá le tuirse chomhairliúcháin a sheachaint, chun críocha an Mholta seo ón gComhairle bailíodh ionchur sonrach breise trí chomhairliúcháin spriocdhírithe leis na Ballstáit, le páirtithe leasmhara (e.g. brateagraíochtaí ollscoile, eagraíochtaí mac léinn, comhdhálacha reachtaire, comhpháirtithe sóisialta san ardoideachas, údaráis áitiúla) agus le comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha: Ceithre chomhairliúchán ardleibhéil spriocdhírithe ar líne leis an bpobal ardoideachais, arna n‑óstáil ag Leas-Uachtarán Schinas agus ag an gCoimisinéir Gabriel i mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2020 agus i mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2021, maidir leis an gclaochlú ardoideachais agus an comhar trasnáisiúnta; Cruinnithe Ard-Stiúrthóirí an Ardoideachais i mí na Samhna 2020 agus i mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2021 inar pléadh comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, na dúshláin a bhaineann le barr a gcumais a bhaint amach, agus a thábhachtaí atá an comhar idir an earnáil ardoideachais, na Ballstáit agus an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus cur chun feidhme uirlisí trédhearcachta Phróiseas Bologna á fhorlíonadh. Rinneadh comhairliúcháin ina dhiaidh sin ag an imeacht comhpháirteach an 4 Samhain 2020 le hArd-Stiúrthóirí an Ardoideachais agus reachtairí na nOllscoileanna Eorpacha. Mar thoradh ar chruinnithe comhairliúcháin déthaobhacha agus comhpháirteacha éagsúla ar bhonn leanúnach le comhordaitheoirí agus ionadaithe mac léinn de chuid chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, mar aon le cúig chruinniú leis an ngrúpa saineolaithe ad hoc ina raibh ionadaithe de chuid na mBallstát, comhordaitheoirí na nOllscoileanna Eorpacha agus páirtithe leasmhara, leagadh amach na riachtanais agus na ceachtanna a foghlaimíodh maidir leis an gclaochlú ardoideachais agus an comhar trasnáisiúnta. Reáchtáladh cruinniú comhpháirteach leis na trí ghrúpa sin i mí Iúil 2021. I mí Iúil 2021 reáchtáladh cruinnithe comhairliúcháin spriocdhírithe ardleibhéil le Baill Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. I mí Mheán Fómhair 2021 reáchtáladh cruinniú le líonraí ollscoileanna agus mac léinn.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an togra bunaithe freisin ar thuarascálacha agus staidéir maidir leis an méid seo a leanas: táillí náisiúnta mac léinn agus córais tacaíochta náisiúnta san ardoideachas Eorpach; tionchar córas iontrála ar thorthaí ardoideachais; cur chun feidhme céimeanna comhpháirteacha in Erasmus Mundus; cur chun feidhme Phróiseas Bologna; idirnáisiúnú na bhfoirne acadúla; cur chun feidhme náisiúnta an Chur Chuige Eorpaigh um Dhearbhú Cáilíochta Clár Comhpháirteach; tionchar shnáithe ardoideachais Erasmus+; nuachóiriú an ardoideachais san Eoraip; aithint cáilíochtaí eachtracha le linn phaindéim COVID-19; na tairbhí agus costais a bhaineann le comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta comhoibríocha san ardoideachas; tuarascálacha agus staidéir ó ECFE agus ó Chomhairle na hEorpa; tuarascálacha, páipéir sheasaimh agus staidéir de chuid príomhpháirtithe leasmhara éagsúla: Cumann Eorpach na nOllscoileanna (EUA), an Chuallacht, Comhcheangal na nOllscoileanna um Thaighde Eorpach (LERU), an Comhlachas um Chomhar Acadúil (ACA), Coimbra, Líonra na nOllscoileanna ó phríomhchathracha na hEorpa (UNICA), etc. Cuimsítear an fhaisnéis seo agus fianaise taighde a rinneadh le déanaí sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.

Measúnú tionchair

Ós rud é go bhfuil tionscnaimh na mBallstát á gcomhlánú ag na gníomhaíochtaí, agus i bhfianaise cineál deonach na ngníomhaíochtaí beartaithe agus raon feidhme an tionchair a mheasfar a bheidh ann, ní dhearnadh measúnú tionchair. Is é a bhí ina bhonn le forbairt an togra staidéir thiomnaithe a rinneadh roimhe seo, comhairliúchán leis na Ballstáit, an comhairliúchán poiblí agus an iliomad comhairliúchán tiomnaithe le páirtithe leasmhara.

Cearta bunúsacha

Leis an Moladh beartaithe seo ón gComhairle urramaítear cearta bunúsacha an Aontais. Cuirtear chun cinn ann na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais 15 , eadhon an ceart chun oideachais faoi Airteagal 14 agus an ceart chun cosaint sonraí pearsanta faoi Airteagal 8.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cé nach mbeidh acmhainní breise ag teastáil ó bhuiséad an Aontais don tionscnamh seo, déanfaidh na bearta sa mholadh seo foinsí cistithe a shlógadh ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun tacú leis an gcur chun feidhme, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ábhar treorach sonrach, lámhleabhair agus táirgí insoláthartha nithiúla eile a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit, agus an méid sin bunaithe ar fhianaise, ar ghníomhaíochtaí piarfhoghlama agus ar dhea-chleachtais a shainaithint. Molfaidh an Coimisiún do na Ballstáit na prionsabail arna leagan amach sa Mholadh a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus plean a chur isteach ina leagfar amach na bearta comhfhreagracha a bheidh le glacadh ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún tuairisciú ar úsáid an Mholta trí chreataí ábhartha faireacháin agus tuairiscithe an Aontais.

Achoimre ar fhorálacha sonracha an togra

Beartaítear leis an Moladh ón gComhairle gníomhaíochtaí a fhéadfaidh na Ballstáit a shaothrú chun comhar trasnáisiúnta níos éifeachtaí agus níos doimhne a chur chun cinn, go háirithe trí chur chun feidhme clár comhpháirteach a éascú agus trí iniúchadh a dhéanamh ar a indéanta a bheadh reacht dlíthiúil le haghaidh comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais amhail na hOllscoileanna Eorpacha, céim chomhpháirteach Eorpach, seoladh thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh agus thionscnaimh na nOllscoileanna Eorpacha. Leagtar amach ann gealltanas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát sa réimse seo agus iad a chomhlánú. An doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis, tugtar tuairisc ann ar fhianaise taighde éagsúil a rinneadh le déanaí agus ar thuairimí agus eispéiris páirtithe leasmhara Eorpacha chun tacú leis an Moladh beartaithe ón gComhairle.

2022/0008 (NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le caidreamh a chothú le haghaidh comhar éifeachtach san ardoideachas Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá sé ríthábhachtach comhar trasnáisiúnta níos doimhne agus níos éifeachtaí a bheith ann san earnáil ardoideachais ar fud na hEorpa chun luachanna, féiniúlacht agus daonlathas an Aontais a chothú, chun athléimneacht na sochaí Eorpaí agus an gheilleagair Eorpaigh a threisiú agus chun todhchaí inbhuanaithe a chothú. Chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas agus an taistriú digiteach agus le daonra atá ag dul in aois, agus chun inniúlacht na hEorpa a dhaingniú maidir le borradh a chur faoi iomaíochas arna spreagadh ag an teicneolaíocht, tá gá ag an Eoraip le hinstitiúidí ardoideachais láidre idirnasctha.

(2)Cuid bhunúsach de neart na ninstitiúidí ardoideachais a chur le chéile agus de mhic léinn, foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil agus taighdeoirí a ullmhú le haghaidh todhchaí dhomhanda is ea caidreamh a chothú lena gcuirfear ar a gcumas do na hinstitiúidí ardoideachais comhar trasnáisiúnta éifeachtach síoraí níos doimhne a fhorbairt ar an leibhéal institiúideach. Tá institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa á gcur féin in oiriúint do dhomhan atá ag síorathrú, ina bhfuil disciplíní agus timpeallachtaí foghlama a bhíonn ag athrú go mear, mar shampla i dtaca leis an aistriú glas agus an taistriú digiteach. Éilítear leis sin smaointeoireacht nua agus struchtúir nua maidir le comhar agus soghluaisteacht mac léinn, foirne agus taighdeoirí sna disciplíní uile agus thar theorainneacha. Leis an saol nua seo, agus é á spreagadh ag an aistriú digiteach, tugtar tairiscint mhealltach nua oideachais le fios, chomh maith le formáidí agus deiseanna nua don chomhar agus don tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta, i bpearsa agus ar líne araon, le haghaidh gach foghlaimeora, daoine ar lú na deiseanna atá acu agus daoine ó cheantair iargúlta san áireamh, agus spreagtar leis éagsúlacht i measc acadóirí, taighdeoirí agus foirne gairmiúla.

(3)Príomhphrionsabal atá ina bhonn faoin Limistéar Eorpach Oideachais 16 agus faoin Limistéar Eorpach Taighde 17 agus atá ina chuid bhunúsach díobh is ea comhar níos láidre idir institiúidí ardoideachais éagsúla san Aontas trí chéile, lena náirítear ollscoileanna, ollscoileanna taighde, coláistí ollscoile, ollscoileanna eolaíochtaí feidhmeacha, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus institiúidí ardoideachais ealaíon. Le comhar trasnáisiúnta níos doimhne idir institiúidí comhlántacha éagsúla tacaítear le rochtain chothrom ar oideachas, oiliúint agus taighde ar ardchaighdeán, cothaítear cruthú agus scaipeadh eolais, éascaítear roinnt inniúlachta agus bonneagair, agus cuirtear le beocht a réigiún agus a bpobal, rud a chabhraíonn le míbhuntáiste agus éagothromaíocht gheografach a shárú. Ina theannta sin, cuireann an comhar trasnáisiúnta le barr cumais na hearnála ardoideachas mar thionscnóir scileanna agus eolais a bhaint amach, mar shampla, maidir leis an aistriú glas agus an taistriú digiteach, agus cuireann sé le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach.

(4)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, 18 iarrtar comhar trasnáisiúnta saoráideach uaillmhianach, soláthar éascaithe céimeanna comhpháirteacha, agus iniúchadh ar a indéanta a bheadh reacht dlíthiúil le haghaidh comhghuaillíochtaí amhail na hOllscoileanna Eorpacha. Leis an Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030) 19 , iarrtar comhar níos doimhne agus eolas agus acmhainní a chomhthiomsú chun níos mó deiseanna a ghiniúint le haghaidh soghluaisteacht mac léinn, acadóirí agus taighdeoirí, lena náirítear é sin a dhéanamh trí sheoladh iomlán thionscnaimh na nOllscoileanna Eorpacha 20 agus an Chárta Mic Léinn Eorpaigh 21 . Ina Conclúidí maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha 22 , d’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit na baic ar chórais ardoideachais níos comhoiriúnaí a bhaint agus iniúchadh a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé céimeanna Eorpacha comhpháirteacha a chur i bhfeidhm. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le LET nua le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta 23 agus leis an gComhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip 24 , iarrtar comhar níos doimhne agus aithnítear an acmhainneacht atá ag tionscnaimh amhail na hOllscoileanna Eorpacha chun an tardoideachas a chlaochlú. Iarrtar leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna Nua 25 freisin na baic ar chomhar trasnáisiúnta éifeachtach níos doimhne a bhaint.

(5)In communiqué aireachta na Róimhe maidir leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais 26 agus sa Mholadh ón gComhairle maidir le ‘hAitheantas uathoibríoch frithpháirteach a chur chun cinn do cháilíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéil an ardoideachais agus an mheánoideachais shinsearaigh, agus do thorthaí tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch’ 27 , iarrtar comhar trasnáisiúnta níos doimhne a chur chun cinn agus a éascú. Le Rún Pharlaimint na hEorpa maidir leis ‘an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch comhchoiteann’ 28 , leagtar béim ar an ngá le comhar breise agus iarrtar leis sineirgí a úsáid idir an Limistéar Eorpach Oideachais, an Limistéar Eorpach Taighde agus an Limistéar Eorpach Ardoideachais.

(6)Leis na 41 chomhghuaillíocht den tionscnamh Ollscoileanna Eorpacha, a fhaigheann tacaíocht ón gclár Erasmus+ agus atá á chomhlánú ag an gclár Fís 2020 maidir leis an ngné thaighde agus nuálaíochta, soláthraítear ceachtanna úsáideacha a foghlaimíodh le linn do shamhlacha níos doimhne um chomhar trasnáisiúnta a bheith á dtástáil, a théann níos faide ná na straitéisí, chomh maith le rialachas agus éiceachórais chomhair níos doimhne sna ninstitiúidí aonair faoi láthair. Spreagann siad an pobal ardoideachais ina iomláine chun athchóirithe ar leibhéal na gcóras a bhrú chun cinn agus chun comhordú níos fearr a éascú an tráth céanna idir beartais Eorpacha um an ardoideachas agus an taighde.

(7)Chun críocha an Mholta seo ón gComhairle, is iad ‘comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha’ 29 na comhghuaillíochtaí atá á gcistiú faoin gclár Erasmus+, agus tacaíocht chomhlántach á fáil acu ón gclár Fís um thaighde agus nuálaíocht, i gcás inarb ábhartha. Tagraíonn ‘comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais’ do gach samhail chomhair eile. Is é is cuspóir don Mholadh seo ón gComhairle comhar trasnáisiúnta a éascú do na hinstitiúidí ardoideachais Eorpacha ar fad, thar na hinstitiúidí a bhfuil tacaíocht á fáil acu faoi thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha.

(8)Ba cheart comhghuaillíochtaí ardoideachais uaillmhianacha a bheith in ann tairbhe a bhaint as an deimhneacht dhlíthiúil a bhaineann le reacht dlíthiúil a chuirfidh ar a gcumas dóibh acmhainní coiteanna airgeadais, daonna, digiteacha agus fisiceacha a chomhroinnt, mar aon le seirbhísí, chun campais fhíorúla idir-ollscoileanna agus ardáin idir-inoibritheacha a oibriú le haghaidh gníomhaíochtaí digiteacha nó gníomhaíochtaí cumaisc comhpháirteacha. Chun comhar trasnáisiúnta níos doimhne a bhaint amach maidir le dul i ngleic go héifeachtach leis an aistriú glas agus an taistriú digiteach, is gá forbairt modúl idirdhisciplíneach agus dearadh céimeanna Eorpacha comhpháirteacha a éascú a thuilleadh i dtimpeallachtaí reachtacha náisiúnta. Méadófar ar na deiseanna le haghaidh foghlaimeoirí, acadóirí, taighdeoirí agus foirne ach soghluaisteacht sholúbtha ionchuimsitheach a phríomhshruthú trí chreataí soghluaisteachta níos comhleanúnaí agus leas a bhaint as tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh ar scála níos mó. Teastaíonn cistiú fadtéarmach síoraí leordhóthanach chun inniúlacht a fhorbairt agus chun an leibhéal uaillmhéine atá pleanáilte don chomhar trasnáisiúnta a bhaint amach. 

(9)Chun comhar níos doimhne idir institiúidí ardoideachais a chur i bhfeidhm, is gá aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uilechuimsitheacha. Bac ar an gcumraíocht shaoráideach, ar an dearbhú cáilíochta seachtrach agus ar chreidiúnú gníomhaíochtaí agus clár oideachais trasnáisiúnta comhpháirteach ar gach leibhéal is ea na difríochtaí sa dearbhú cáilíochta seachtrach, cur chun feidhme míchothrom maidir le haitheantas uathoibríoch frithpháirteach cáilíochtaí agus tréimhsí staidéir ar an gcoigríoch agus maidir leis na príomhghealltanais bhainteacha laistigh de Phróiseas Bologna, lena náirítear na difríochtaí i struchtúir na gcéimeanna agus i gcur i bhfeidhm an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna 30 , agus aitheantas páirteach na foghlama fíorúla agus na foghlama cumaisc. Dá dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna sin, laghdófaí ar an ualach riaracháin agus chothófaí cur chun feidhme oideolaíochtaí idirdhisciplíneacha nuálacha i dtíortha éagsúla.

(10)Is cumasóir láidir é an comhar trasnáisiúnta Eorpach ar an leibhéal institiúideach maidir leis an gclaochlú domhain a bhaint amach i dtreo institiúidí ardoideachais ionchuimsitheacha, iomaíocha, inbhuanaithe agus mealltacha den chéad scoth, agus is comhar é a chuirfidh le misin uile na ninstitiúidí (oideachas, taighde, nuálaíocht agus seirbhís don tsochaí), agus a mbeidh tairbhí aige laistigh agus lasmuigh den earnáil ardoideachais maidir le hEoraip a chruthú ina mbeidh an teolas, an athléimneacht agus an daonlathas ina gcomharthaí sóirt agus ina léireofar ár ndóigh bheatha agus ár luachanna Eorpacha. Is gá an comhar trasnáisiúnta a éascú trí chreat reachtach comhleanúnach lena gcuirtear in iúl bearta reachtacha Eorpacha agus náisiúnta, cur chun feidhme éifeachtach na dtionscnamh, ionstraimí agus uirlisí Eorpacha atá ar fáil, amhail na hOllscoileanna Eorpacha, uirlisí Phróiseas Bologna nó tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh, chomh maith leis an gconair i dtreo ionstraimí nua a fhorbairt, amhail céim Eorpach chomhpháirteach agus reacht dlíthiúil le haghaidh comhghuaillíochtaí ardoideachais amhail na hOllscoileanna Eorpacha. Ba cheart an creat a fhorbairt ar bhonn cur chuige céim ar chéim, a chuirfidh ar a gcumas d’institiúidí ardoideachais caidreamh a chothú agus comhar níos éifeachtaí a bhaint amach thar theorainneacha, agus a chuirfidh ar chumas na gcóras ardoideachais a bheith níos comhleanúnaí chun tairbhe an phobail ardoideachais ina iomláine, rud a chuirfidh luach leis an tsochaí,

AG MOLADH DO NA BALLSTÁIT 

Agus lánmheas á léiriú ar phrionsabal na coimhdeachta, ar an neamhspleáchas institiúideach, ar an tsaoirse acadúil, i gcomhréir leis na tosca náisiúnta, agus i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad:

1.Cur ar a gcumas d’institiúidí ardoideachais tástáil a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé reacht dlíthiúil a chur ar bun le haghaidh comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, amhail na hOllscoileanna Eorpacha, rud ar chuspóir dó comhar níos doimhne a éascú trí inniúlachtaí daonna, teicniúla, sonraí, oideachais, taighde agus nuálaíochta a chomhroinnt. Ligean dóibh triail a bhaint as na deiseanna atá á dtairiscint ag na hionstraimí Eorpacha atá ann cheana. Sa chomhthéacs sin, bearta a ghlacadh chun Rialachán na Grúpála Eorpaí um Chomhar Críochach 31 a chur i bhfeidhm ina iomláine chun é a thástáil i bhfoirm tionscadail ar bhonn píolótach, dá dtagraítear i bpointe 11a.

2.Institiúidí ardoideachais atá i mbun comhar trasnáisiúnta a spreagadh chun cláir chomhpháirteacha a sholáthar agus céimeanna comhpháirteacha a dhámhachtain, agus an méid sin a dhéanamh níos éasca acu. Sa chomhthéacs sin, chun cur leis na torthaí ar na gníomhaíochtaí tosaigh arna sonrú i bpointe 12, cur ar fáil céime Eorpaí comhpháirtí ar an leibhéal náisiúnta a éascú, lena náirítear an nasc chuig na Creataí Náisiúnta um Cháilíochtaí 32 .

3.Cur ar a gcumas d’institiúidí ardoideachais gníomhaíochtaí oideachas comhpháirteacha nuálacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí ligean dóibh cineálacha cur chuige agus bearta iomchuí a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)Critéir um iontráil agus clárú maidir le mic léinn agus foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil,

(b)Teangacha an teagaisc a shonrú,

(c)An sciar d’fhoghlaim ar líne sa tairiscint oideachais ina hiomláine; an sciar de shoghluaisteacht mac léinn (foghlaim fhisiciúil, foghlaim fhíorúil nó foghlaim chumaisc) atá leabaithe sa ghníomhaíocht oideachais chomhpháirteach; agus sciar agus eagrú na dtréimhsí oiliúna, na ngníomhaíochtaí foghlama obairbhunaithe, agus na gcineálacha cur chuige dúshlánbhunaithe agus idirdhisciplíneach,

(d)Conairí foghlama solúbtha a chur san áireamh, amhail eispéiris foghlama bheaga a mbronntar micridhintiúir ina leith,

(e)Na rialacha maidir le leithdháileadh agus aistriú creidiúintí, agus trédhearcacht i ndáil le grádú, de réir Threoir d’Úsáideoirí an Chóras Eorpaigh Aistrithe Creidiúna (ECTS) 2015, a bheith mar an taon bhunús le cláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha, gan rialacha ná srianta breise,

(f)Úsáid faisnéise faoin dearbhú cáilíochta seachtrach a bhaineann le cláir agus/nó institiúidí ardoideachais Eorpacha de réir na gCaighdeán agus Treoirlínte um Dhearbhú Cáilíochta i Limistéar Eorpach an Ardoideachais, atá cuimsithe i mBunachar Sonraí Thorthaí an Dearbhaithe Cáilíochta Sheachtraigh chun aitheantas uathoibríoch frithpháirteach a chur chun feidhme 33 chun críoch foghlama breise,

(g)Aitheantas foghlama roimhe sin a cheadú bunaithe ar riachtanais thrédhearcacha chóra maidir le cáilíocht agus ar eagrú measúnuithe iomchuí d’fhoghlaimeoirí, agus na creidiúintí ábhartha a dhámhachtain dóibh ina leith.

(h)Níos mó solúbthachta a chumasú maidir le teimpléad a gcéimeanna comhpháirteacha a shonrú le linn do chláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha a bheith á ndearadh, lena náirítear teimpléad comhpháirteach a úsáid le haghaidh céim Eorpach chomhpháirteach.

4.Tacú le soghluaisteacht leabaithe i gcláir oideachais thrasnáisiúnta chomhpháirteacha

(a)Tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun an tsoghluaisteacht (foghlaim fhisiciúil, foghlaim fhíorúil, foghlaim chumaisc) a leabú ar bhealach níos córasaí agus níos solúbtha ina gcláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha, ar gach leibhéal, chun cur ar a chumas do líon níos mó mic léinn, acadóirí agus taighdeoirí tairbhe a bhaint as dinimic an chomhair chomhtháite maidir leis an ardoideachas agus chun scaipeadh cothrom na tallainne a chur chun cinn.

(b)Digitiú bhainistíocht na soghluaisteachta laistigh de chomhpháirtíochtaí iltaobhacha a bhaineann le hinstitiúidí ardoideachais a chothú trí leas ar scála níos mó a bhaint as Tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh, go háirithe caighdeánú agus digitiú na bpróiseas gnó a bhaineann le comhaontuithe iltaobhacha idirinstitiúideacha a shíniú.

(c)Oibriú ar mhaithe le cineálacha cur chuige níos comhleanúnaí le haghaidh na soghluaisteachta foghlama i dtéarmaí córais iontrála, féilirí acadúla, córais táillí teagaisc, rochtain ar shaoráidí ardoideachais i rith mhíonna an tsamhraidh/na saoire agus úsáid na saoráidí sin.

5.Gealltanas a dhéanamh chun tacaíocht airgeadais a chothú le haghaidh chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha agus chun an comhar trasnáisiúnta institiúideach san ardoideachas a dhoimhniú

(a)Na foinsí cistithe atá ar fáil ar an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais 34 a shlógadh le go mbeidh siad ag teacht, i gcás inar féidir, le tacaíocht Erasmus+ agus agus an chláir Fís Eorpach le haghaidh rannpháirtíocht rathúil institiúidí ardoideachais i gcomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha.

(b)Tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun a niarratais agus a rannpháirtíocht sa chomhar trasnáisiúnta institiúideach domhain sin a ullmhú.

(c)Cultúr um chomhar trasnáisiúnta a chur chun cinn agus a fhorbairt i measc institiúidí ardoideachais trí a áirithiú go gcuimsítear agus go spreagtar an comhar i bpróisis náisiúnta maidir le beartais, socrú tosaíochtaí agus cistiú.

6.Bunphrionsabail an neamhspleáchais institiúidigh a chur chun cinn agus a chosaint mar réamhriachtanas chun socruithe rialachais coiteanna a chur ar bun le haghaidh comhar trasnáisiúnta níos doimhne. Cur ar a gcumas d’ollscoileanna cinntí neamhspleácha a dhéanamh maidir le rialachas inmheánach agus saincheisteanna airgeadais, soláthair foirne agus acadúla, agus an tsaoirse acadúil a chosaint. Foirne acadúla agus mic léinn a chumasú chun a bheith páirteach go fóinteach i gcinnteoireacht a bhaineann lena ninstitiúid.

7.Iontaoibh fhrithpháirteach a láidriú trí dhearbhú cáilíochta seachtrach agus trí chreidiúnú a dhéanamh ar chláir oideachais chomhpháirteacha agus foirmeacha eile tairiscintí oideachais comhpháirteacha arna bhforbairt ag na hOllscoileanna Eorpacha agus ag samhlacha cosúla um chomhar trasnáisiúnta institiúideach.

(a)Druidim a thuilleadh i dtreo dearbhú cáilíochta seachtrach institiúidbhunaithe. Tacaíonn sin le forbairt fíorchultúir institiúidigh um cháilíocht, a mbeadh cuntasacht agus comhoiriúnacht córas mhéadaithe san Eoraip trí chéile mar thoradh air, cultúr a chuirfeadh leis na huirlisí agus na creataí atá i bhfeidhm cheana i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Oideachais, an Limistéir Eorpaigh Taighde agus an Limistéir Eorpaigh Ardoideachais.

(b)Plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht féinchreidiúnú clár a chumasú bunaithe ar dhearbhú cáilíochta institiúideach chun bonn a chur faoi fhéinfhreagracht na ninstitiúidí ardoideachais.

(c)I dtíortha ina bhfuiltear fós ag brath ar dhearbhú cáilíochta seachtrach clárbhunaithe, plé a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(i)cur chun feidhme iomlán an an Chur Chuige Eorpaigh um Dhearbhú Cáilíochta Clár Comhpháirteach a chumasú, gan úsáid an Chur Chuige Eorpaigh sin a bheith faoi réir tuilleadh riachtanas ná coinníollacha náisiúnta breise;

(ii)a áirithiú gur gníomhaireacht aonair amháin atá cláraithe leis an gClár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR) 35 a dhéanfaidh an mheastóireacht sheachtrach ar na cláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha agus go nglacfar leis na torthaí go huathoibríoch i ngach córas ardoideachais eile lena mbaineann, gan an méid sin a bheith faoi réir tuilleadh riachtanas ná bearta nós imeachta náisiúnta; agus

(iii)a áirithiú nach mbeidh gá le hath-chreidiúnú clár trasnáisiúnta comhpháirteach ach amháin i gcás athruithe ar soiléir gur athruithe substaintiúla iad, d’fhonn solúbthacht na gclár a fheabhsú.

8.Tacú le foghlaim fhíorúil chomhoibríoch ardcháilíochta a fhorbairt mar chuid lárnach den teagasc, den fhoghlaim agus den taighde, chun comhar trasnáisiúnta ionchuimsitheach atá dírithe ar mhic léinn a chothú agus a éascú, lena gcomhlánófar an idirghníomhaíocht aghaidh ar aghaidh, agus go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)Tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun samhlacha foghlama fíorúla comhoibríocha idirnáisiúnta ar líne a fhorbairt mar chuid lárnach d’oideachas hibrideach, lena náirítear é sin a dhéanamh trí thiomantas na gceannairí, pleanáil straitéiseach, seirbhísí láidre idirnáisiúnaithe um oiliúint agus thacaíocht oideolaíochta, agus cistiú iomchuí. 

(b)Luach a shannadh don am a chaitheann acadóirí ar oideolaíochtaí nua nuálacha a fhorbairt tríd an gcomhar trasnáisiúnta, agus aitheantas a thabhairt don am sin ina measúnú gairmréime.

(c)Tacú le comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha agus le samhlacha cosúla um chomhar institiúideach agus iad ag iarraidh saineolas agus acmhainní a chomhthiomsú chun straitéisí digiteacha comhpháirteacha agus bonneagar idir-inoibritheach comhroinnte TF a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar shampla, trí rochtain fhrithpháirteach a thabhairt ar thimpeallachtaí foghlama agus taighde ar líne, ar chórais um bainistíocht foghlama, ar leabharlanna digiteacha nó ardáin ollchúrsaí oscailte ar líne (MOOC), ar sheirbhísí oiliúna agus tacaíochta, ar rochtain shaoráideach ar shonraí inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte (FAIR) agus ar sheirbhísí idir-inoibritheacha.

(d)Tacú le réitigh foinse oscailte a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach agus iad a thástáil chun dúshláin choiteanna a shárú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le hidir-inoibritheacht, ullmhacht dhigiteach, ceannasacht sonraí agus freagracht na gcóras ardoideachais.

9.Tacú le hinstitiúidí ardoideachais maidir le gníomhaíochtaí oideachais trasnáisiúnta comhpháirteacha idirdhisciplíneacha ar gach leibhéal a fhorbairt (ar an leibhéal gearrthimthriallach agus ar leibhéil an Bhaitsiléara, na Máistreachta agus na Dochtúireachta).

(a)Cineálacha cur chuige trasnáisiúnta dúshlánbhunaithe a chumasú agus a éascú lenar féidir le foghlaimeoirí a bhaineann le disciplíní, cultúir agus tíortha difriúla obair a dhéanamh i gcomhar le taighdeoirí, cuideachtaí, cathracha, réigiúin, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus pobail áitiúla chun réitigh chruthaitheacha nuálacha a aimsiú ar dhúshláin dhomhanda.

(b)Soláthar deiseanna ardchaighdeáin foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách chun uas-sciliú agus athsciliú a éascú, agus aird á díriú ar na réimsí is mó a bhfuil éileamh orthu.

10.Institiúidí ardoideachais a spreagadh chun foghlaimeoirí, acadóirí agus taighdeoirí a chumasú chun páirt níos mó a ghlacadh i rialachas na struchtúr ardoideachais institiúideach um chomhar trasnáisiúnta, agus go háirithe:

(a)Institiúidí ardoideachais a spreagadh chun struchtúir rialachais a ghlacadh ina léirítear cúlraí na bhfoghlaimeoirí agus na bhfoirne, cúlraí atá ag éirí níos éagsúla i gcónaí, mar aon leis na heispéiris dhifriúla fostaíochta agus oideachais, i gcomhréir le prionsabail an ionchuimsithe agus an chomhionannais.

(b)Tacú le forbairt inniúlachta le haghaidh ceannaireacht láidir éifeachtach trína spreagfar comhar trasnáisiúnta iomlánaíoch institiúideach.

(c)Cothromaíocht inscne a chur chun cinn sna struchtúir rialachais.

(d)Deiseanna a bhunú don phiarfhoghlaim agus don tagairfhoghlaim chun tionscnaimh a chur chun cinn a chuirfidh ar a gcumas d’institiúidí ardoideachais eispéiris a chomhroinnt agus a bheith rannpháirteach san fhoghlaim fhrithpháirteach agus sa mhalartú faisnéise, agus chun tacú leis na tionscnaimh sin.

Moltar do na Ballstáit an Moladh seo a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus plean gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [cuir isteach dáta 6 mhí tar éis don Chomhairle é a ghlacadh] ina leagtar amach na bearta comhfhreagracha a bheidh le glacadh ar an leibhéal náisiúnta chun tacú le cuspóirí an Mholta seo a bhaint amach faoi 2025 mar bhearta fíor-riachtanacha i dtreo Limistéar Eorpach Oideachais.

MOLTAR, LEIS SEO, DON CHOIMISIÚN:

11.I gcomhthráth leis an anailís ar staidéir leanúnacha agus le hobair ullmhúcháin eile, tacú leis na Ballstáit agus leis na hinstitiúidí ardoideachais chun na hionstraimí Eorpacha atá ann cheana a úsáid ar bhonn píolótach mar bheart d’fhonn reacht dlíthiúil le haghaidh comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais a fhorbairt faoi lár 2024. Reacht den chineál sin, d’éascófaí leis comhar trasnáisiúnta fadtéarmach solúbtha níos doimhne, agus chumasófaí agus d’éascófaí dá bharr comhroinnt inniúlachtaí agus sonraí, malartú foirne, agus cur chun feidhme clár comhpháirteach, comhar a mbeadh mar aidhm aige céimeanna comhpháirteacha a dhámhachtain ar leibhéal na comhghuaillíochta, lena náirítear céim Eorpach chomhpháirteach.

(a)Mar bheart tosaigh, tacaíocht airgeadais a sholáthar faoi Erasmus+ amhail ó 2022 do na comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais ar mian leo cur chun feidhme ionstraimí Eorpacha atá ann cheana a thástáil mar thionscadal píolótach 36 .

12.Iniúchadh a dhéanamh ar na roghanna agus bearta riachtanacha, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí mac léinn agus páirtithe leasmhara, i dtreo céim Eorpach chomhpháirteach a bheidh le cur ar fáil faoi lár 2024. Bheadh céim Eorpach chomhpháirteach, agus í le cur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta, ina cruthúnas ar thorthaí foghlama arna mbaint amach mar chuid de chomhar trasnáisiúnta i measc roinnt mhaith institiúidí, comhar a bheadh á thairiscint, mar shampla, laistigh de chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, agus is céim í a bheadh bunaithe ar thacar coiteann critéar Eorpach. Ba cheart é a bheith éasca céim Eorpach a eisiúint, a stóráil, a chomhroinnt, a fhíorú agus a fhíordheimhniú, agus í a bheith inaitheanta ar fud na hEorpa.

(a)Leis an scéim phíolótach amhail ó 2022 faoi Erasmus+, tá na bearta tosaigh á nglacadh i dtreo céim Eorpach chomhpháirteach, lena náirítear eispéiris a bhailiú d’fhonn critéir Eorpacha a fhorbairt chun lipéad Céime Eorpaí, mar an beart tosaigh, a dhámhachtain. D’eiseofaí an lipéad sin mar theastas a chomhlánódh cáilíocht mac léinn a bhaineann céim amach i gcláir chomhpháirteacha arna gcur ar fáil i gcomhthéacs comhar trasnáisiúnta idir roinnt mhaith institiúidí ardoideachais.

13.Forbairt bhreise thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a shaothrú tríd an gclár Erasmus+, ar bhonn sineirge le Fís Eorpach agus cláir AE eile, óir is é an tionscnamh sin an ghníomhaíocht um chomhar trasnáisiúnta is uaillmhianaí agus is straitéisí i measc na ndeiseanna Erasmus+ ar fad eile maidir leis an gcomhar trasnáisiúnta. Amhail ó 2022, cistiú inbhuanaithe níos airde a sholáthar le haghaidh chomhghuaillíochtaí rathúla na nOllscoileanna Eorpacha atá ann cheana tar éis glao iomaíoch agus cáilíochtúil, agus cruthú comhghuaillíochtaí nua a chumasú. Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chláir an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, conair infheistíochta a fhorbairt lena gcuirtear cistiú réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach san áireamh, agus an aidhm a leagan síos tograí a dhéanamh faoi 2024.

14.Tacú le seoladh thionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh, go háirithe digitiú próiseas gnó lena mbaineann an-chuid sínitheoirí agus malartuithe sonraí, chun an tualach riaracháin a bhaineann le soghluaisteacht agus malartuithe mac léinn agus foirne atá leabaithe laistigh de chomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta na ninstitiúidí ardoideachais a laghdú.

Iarrtar ar an gCoimisiún measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i bpleananna gníomhaíochta na mBallstát maidir le cur i bhfeidhm an Mholta seo, agus maidir lena úsáid i gcomhthéacs na hoibre ar chur chun feidhme an chreata straitéisigh um chomhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach agus thairis sin, trí chreataí Aontais ábhartha um fhaireachán agus thuairisciú, i gcomhar leis na Ballstáit agus tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, agus iarrtar air tuairisciú don Chomhairle laistigh de 5 bliana ón dáta a ghlactar an Moladh.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     14-final-conclusions-rev1-en.pdf (europa.eu)
(2)    I gcomhréir le Treoir 2019/882/AE Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht; Treoir 2016/2102/AE maidir le hInrochtaineacht Gréasáin
(3)    COM(2022)16
(4)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52020DC0625
(5)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=uriserv:OJ.C_.2021.066.01.0001.01.ENG
(6)     https://www.consilium.europa.eu/media/49659/st08658-en21.pdf
(7)     BFUG_Final_Draft_Rome_Communique-link.pdf (ehea2020rome.it)
(8)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1568891859235&uri=CELEX:32018H1210(01)
(9)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2020:628:FIN
(10)    IO L 431, 2.12.2021, lgh. 1–9
(11)    COM(2021) 252 final
(12)     Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)  
(13)     https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1223&langId=en  
(14)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A12012E%2FTXT
(15)    IO C 326, 26.10.2012
(16)     An Limistéar Eorpach Oideachais (europa.eu)
(17)     An Limistéar Eorpach Taighde | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)  
(18)    COM/2020/625 final
(19)    IO C 66, 26.2.2021, lgh. 1–21
(20)     Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha | Oideachas agus Oiliúint (europa.eu)
(21)     Tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh | Oideachas agus Oiliúint (europa.eu)
(22)    IO C 221, 10.6.2021, lgh. 14–24
(23)    COM/2020/628 final
(24)    IO L 431, 2.12.2021, lgh. 1–9
(25)     Clár Oibre Eorpach do Scileanna Nua - Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú - An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(26)     BFUG_Final_Draft_Rome_Communique-link.pdf (ehea2020rome.it)
(27)    IO C 444, 10.12.2018, lgh. 1–8
(28)    P9_TA(2021)0452
(29)     https://education.ec.europa.eu/levels/higher-education/european-universities
(30)     An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS) | Oideachas agus Oiliúint (europa.eu)
(31)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A32013R1302 IO L 347, 20.12.2013, lgh. 303–319
(32)     https://webgate.acceptance.ec.europa.eu/europass/en/national-qualifications-frameworks-nqfs
(33)    Mar a shainítear sa Mholadh ón gComhairle maidir le haitheantas uathoibríoch frithpháirteach a chur chun cinn do cháilíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéil an ardoideachais agus an mheánoideachais shinsearaigh, agus do thorthaí tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch. IO C 444, 10.12.2018
(34)    Amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Ciste InvestEU
(35)    is é EQAR clár oifigiúil na ngníomhaireachtaí náisiúnta um dhearbhú cáilíochta seachtrach a chomhlíonann na gealltanais laistigh de Phróiseas Bologna.
(36)    Ionstraim amháin atá ann cheana is ea Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach (EGTC) https://ec.europa.eu/regional_policy/en/policy/cooperation/european-territorial/egtc/
Top