EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0481

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

COM/2017/0481 final - 2017/0219 (COD)

An Bhruiséil,13.9.2017

COM(2017) 481 final

2017/0219(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an daonlathas ar cheann de na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe. Lena áirithiú go bhfuil daonlathas ionadaíoch ag feidhmiú ar an leibhéal Eorpach, cinntítear sna conarthaí go bhfuil ionadaíocht dhíreach ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh i bParlaimint na hEorpa.

Is cearta bunúsacha ag gach saoránach san Aontas an ceart chun saoirse comhlachais agus an ceart chun tuairimí a nochtadh.

Tá ról tábhachtach ag páirtithe polaitiúla i ndaonlathas ionadaíoch mar go gcruthaíonn siad nasc díreach idir na saoránaigh agus an córas polaitíochta, rud a chuireann le dlisteanacht an chórais. Is amhlaidh an cás ar an leibhéal Eorpach: de réir Airteagal 10 den Chonradh ar an Aontas Eorpach "rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl". Tá an prionsabal céanna curtha in iúl in Airteagal 12(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Is cuspóir seanbhunaithe ag an gCoimisiún é díospóireacht pholaitiúil a chothú ar fud na hEorpa faoi shaincheisteanna Eorpacha trí bhíthin páirtithe polaitiúla Eorpacha bríomhara.

Ag druidim le toghcháin Eorpacha 2014, d’eisigh an Coimisiún Moladh 1 lenar iarradh ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta, agus le tacaíocht na ninstitiúidí agus na mBallstát, bearta a dhéanamh le ról na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha a neartú ar mhaithe le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl. Ar cheann de na bearta sin tá an "Spitzenkandidat".

Thug páirtithe polaitiúla Eorpacha aird ar an moladh ón gCoimisiún agus bhí difríocht mhór idir toghcháin 2014 do Pharlaimint na hEorpa agus na toghcháin a eagraíodh roimhe sin. Den chéad uair riamh, bhí nasc idir na torthaí a bhí ar na toghcháin agus an tiarrthóir a roghnaíodh mar Uachtarán nua ar an gCoimisiún Eorpach, Jean-Claude Juncker. A bhuí leis na "Spitzenkandidaten" nó iarrthóirí ar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a raibh cláir pholaitiúla dhifriúla acu, fágadh go raibh na vótálaithe in ann rogha eolach a dhéanamh idir cláir éagsúla pholaitiúla don Eoraip, seachas a rogha a bhunú ar cheisteanna náisiúnta amháin, rud a chuir cruth níos Eorpaí ar na toghcháin.

Tugadh isteach Rialachán Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha 2 chun infheictheacht, aitheantas, éifeachtacht, trédhearcacht agus cuntasacht na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, agus a bhfondúireachtaí polaitiúla cleamhnaithe, a mhéadú.

Tugadh an deis do pháirtithe agus d’fhondúireachtaí polaitiúla a shásaíonn coinníollacha áirithe bheith ina neintitis dhlíthiúla Eorpacha trí chlárú ar an leibhéal Eorpach, agus, ar an gcaoi sin, fáil níos fearr a bheith acu ar thacaíocht airgeadais Eorpach. Ar na coinníollacha sin tá ionadaíocht a bheith acu i líon áirithe Ballstát AE agus é a bheith léirithe ina gclár agus ina ngníomhaíochtaí go nurramaíonn siad na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena náirítear cearta daoine ó ghrúpaí mionlaigh.

Cruthaíodh Údarás neamhspleách um páirtithe polaitiúla Eorpacha agus um fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ("an tÚdarás") d’fhonn páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú, a rialú agus, más gá, smachtbhannaí a fhorchur ina leith, lena náirítear cásanna a mheas ina líomhnaítear nach ndearna na heintitis sin na luachanna bunúsacha Eorpacha seo a urramú. I gcás ina bhfuil amhras ann faoina bhfuil páirtí nó fondúireacht ag comhlíonadh an cheanglais sin sa chleachtas, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún é a iarraidh ar an Údarás an cás a fhiosrú. Sula ndéanfar cinneadh faoi pháirtí nó fondúireacht a dhíchlárú, ní mór don Údarás dul i gcomhairle le Coiste daoine neamhspleácha oirirce.

Mar sin féin, tugadh le fios sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le toghcháin Eorpacha 2014 3 go raibh dul chun cinn le déanamh chun cur le rannpháirtíocht na saoránach agus le huileghabhálacht na dtoghchán, an ghné Eorpach den díospóireacht pholaitiúil a shaibhriú, an claonadh go bhfuil níos lú daoine ag vótáil a athrú, dlisteanacht dhaonlathach phróiseas cinnteoireachta an Aontais a fheabhsú tuilleadh, béim a chur ar chleamhnachtaí idir páirtithe náisiúnta agus páirtithe Eorpacha, agus cuntasacht pholaitiúil a chur chun cinn.

Thairis sin, ainneoin an dul chun cinn a rinneadh i Rialachán Uimh. 1141/2014, tá roinnt lúb ar lár sna rialacha atá ann faoi láthair agus is gá aghaidh a thabhairt orthu.

Tá sé iarrtha ag Parlaimint na hEorpa agus ag roinnt páirtithe polaitiúla Eorpacha na rialacha sin a fheabhsú agus a choigeartú. Rinne seirbhísí Pharlaimint na hEorpa a bhfuil riaradh an Rialacháin seo faoina gcúram roinnt oibre ar chásanna a tháinig chun cinn de bharr cistí a bheith á núsáid go míchuí.

I Márta 2017, d’eagraigh an Pharlaimint díospóireacht iomlánach agus d'eisigh sí ceist i gcomhair freagra ó bhéal inar iarradh ar an gCoimisiún freagra a thabhairt maidir le huainiú aon athruithe a dhéanfaí agus maidir le hathruithe sonracha áirithe a bhaineann leo seo a leanas: an leibhéal cómhaoinithe, an deis a bheith ag comhaltaí tofa Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) as an bpáirtí náisiúnta céanna bheith ina mbaill de pháirtithe Eorpacha éagsúla, líon na mball a theastódh le cistiú a fháil, maoiniú feachtas reifrinn, tabhairt isteach critéir acmhainne maoinithe agus an cead cúlchistí airgeadais a charnadh.

Le linn na díospóireachta sin, chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil sé toilteanach oibriú i gcomhar leis an bParlaimint, agus leis an gComhairle, maidir le faireachán a dhéanamh ar na céimeanna luatha de chur chun feidhme na rialacha nua. An 15 Meitheamh 2017, ghlac an Pharlaimint rún 4 inar iarradh ar an gCoimisiún athbhreithniú a mholadh, a luaithe is féidir, ar an gcreat dlí atá ann faoi láthair chun réiteach a fháil ar na heaspaí atá sa chreat sin, go háirithe maidir leis an leibhéal cómhaoinithe a iarrtar, agus an deis atá ag FPEanna as an bpáirtí náisiúnta céanna bheith ina mbaill de pháirtithe Eorpacha éagsúla.

Scríobh an Pharlaimint agus na páirtithe polaitiúla chuig an gCoimisiún chun a niarraidh ar athruithe a athdhearbhú, iarraidh ar tugadh tuairisc uirthi i dtuarascáil chuimsitheach a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

I bhfianaise an mhéid thuasluaite agus an ionchuir leathain a fuarthas ó pháirtithe leasmhara éagsúla (féach roinn 3), chinn an Coimisiún líon beag leasuithe ar an Rialachán a mholadh. Is é is aidhm do na leasuithe sin na lúba ar lár a chur ina gceart, an trédhearcacht a fheabhsú, leithdháileadh agus caiteachas cuí na nacmhainní tearca ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, an fheidhm atá le páirtithe polaitiúla Eorpacha mar fhíor-ionadaíocht thoghchánach shaoránaigh na hEorpa a neartú. Áiritheoidh na leasuithe sin nach rachfar thart ar na rialacha atá ann cheana ná nach mbainfear míúsáid as forálacha an Rialacháin.

Ba cheart na hathruithe sin a bheith i bhfeidhm roimh thoghcháin Eorpacha 2019. Cabhróidh siad réiteach a fháil ar na dúshláin a d’aithin an Coimisiún le linn thoghcháin Eorpacha 2014, go háirithe maidir leis na cleamhnachtaí idir na páirtithe polaitiúla náisiúnta agus na páirtithe polaitiúla Eorpacha, agus cuntasacht pholaitiúil níos fearr.

Saincheisteanna sonracha

Ar an gcéad ábhar imní, tá an claonadh atá ann na rialacha mar atá siad a shárú maidir le cé atá in ann tacú le páirtí polaitiúil a chlárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach. Fágann na rialacha sin gur féidir le páirtithe polaitiúla an méid ionadaíochta is gá le clárú (i.e. ionadaithe i 7 mBallstát) a bhaint amach (i) trí thacaíocht a fháil ó bhallpháirtithe i bparlaimintí réigiúnacha, parlaimintí náisiúnta nó Parlaimint na hEorpa; (ii) trí thacaíocht a fháil ó pharlaiminteoirí aonair sna parlaimintí sin nó (iii) trí mheascán den dá rud.

Sna chéad bhlianta tar éis cistiú a thabhairt isteach do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, ba chomhaontais ina raibh páirtithe náisiúnta as an bhfine pholaitiúil chéanna a bhí i bhformhór na bpáirtithe is tairbhithe. Tá roinnt páirtithe polaitiúla Eorpacha, áfach, a cruthaíodh le blianta beaga anuas nach bhfuil iontu, den chuid is mó, ach polaiteoirí aonair agus/nó atá go mór faoi thionchar páirtí pholaitiúil náisiúnta amháin nó dhó. Tá roinnt cásanna ann inar thug baill éagsúla de pháirtí náisiúnta amháin a gcuid tacaíochta do níos mó ná páirtí polaitiúil Eorpach amháin; tá cúpla cás thar meán ann inar thacaigh an comhalta céanna le níos mó ná páirtí amháin.

Bhí ar an Údarás, freisin, dul i ngleic le fadhbanna praiticiúla a bhaineann leis an deis a bheith ag FPEanna as an bpáirtí náisiúnta céanna bheith ina mbaill de pháirtithe Eorpacha éagsúla. Is minic nach léir an chaoi lena sheachaint go gcomhairtear ionadaíocht faoi dhó ná an chaoi le déileáil le seanbhallraíochtaí ná an chaoi le nasc a dhéanamh idir ionadaíocht agus na critéir cistiúcháin, lena náirítear cásanna ina bhfuil FPE amháin comhairthe i bpáirtí polaitiúil Eorpach amháin maidir le clárú ach i bpáirtí polaitiúil Eorpach eile maidir le cistiú.

Ar an dara hábhar imní tá an chomhréireacht a úsáidtear le cistiú AE a thabhairt maidir le hionadaíocht i bParlaimint na hEorpa. Faoi láthair, is féidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha iarratas a dhéanamh ar chistiú má tá FPE amháin ar a laghad acu i bParlaimint na hEorpa. Tá sé iarrtha ag roinnt páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag lucht riaracháin Pharlaimint na hEorpa an tairseach maidir le hionadaíocht a ardú go dtí triúr FPEanna lena sheachaint go mbainfidh "páirtithe aon duine amháin" míúsáid as cistí poiblí.

Ba bheag an tionchar praiticiúil a bheadh ag a leithéid d’athrú, áfach, mar go bhfuil triúr FPEanna fiú, faoi láthair, ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha sin is lú a bhfuil ionadaíocht acu agus atá incháilithe do chistiú faoi láthair 5 (féach an graf). Lena chois sin, chruthódh a leithéid sin d’athrú ábhar imní mór dlí a bhaineann leis an gceart chun saoirse comhlachais agus an ceart chun comhionannas deiseanna i gcás páirtithe a mbeadh iarrthóirí acu i dtoghcháin agus chuirfí bac míchuí ar an nádúr iolraíoch atá i bpolaitíocht na hEorpa.

Slí eile chun dul i ngleic leis an ábhar imní sin is ea an eochair dháilte a úsáidtear chun an cistiú a mbíonn na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ina theideal a athrú. Faoi láthair, déantar 15% den tsuim iomlán atá ar fáil a dháileadh go cothrom ar na páirtithe uile a chomhlíonann an tairseach de FPE amháin a bheith acu, rud a fhágann 85% le dáileadh i gcoibhneas leis an sciar de chomhaltaí tofa atá ag gach páirtí (úsáidtear an eochair dháilte chéanna maidir leis na fondúireachtaí). Fágann sin nach léiriú cothrom é an cistiú ar an ionadaíocht toghchánach sa Pharlaimint. Sna táblaí thíos 6 , a chuir lucht riaracháin Pharlaimint na hEorpa ar fáil, taispeántar an tionchar a bheadh ag athrú beag ar an gcéatadán seasta den chistiú i gcomparáid leis an gcéatadán atá i gcoibhneas leis an leibhéal ionadaíochta atá ag na páirtithe polaitiúla sa Pharlaimint. Dá laghdófaí an céatadán seasta go 5% d'fhéadfaí coibhneas níos oiriúnaí idir ionadaíocht agus cistiú a thabhairt ar ais agus bheadh léiriú níos cothroime agus níos fearr againn den ionadaíocht thoghchánach sa Pharlaimint.

Ar an tríú hábhar imní, bíonn deacrachtaí ag páirtithe polaitiúla Eorpacha, agus deacrachtaí níos minice fós ag fondúireachtaí polaitiúla, an tairseach cómhaoinithe 15% atá ann faoi láthair a bhaint amach. Bhí ar sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa dul i ngleic, freisin, le roinnt cleachtas amhrasach ina leith sin, e.g. cásanna ina raibh páirtithe áirithe ag iarraidh an ceanglas cómhaoinithe a chomhlíonadh go beacht trí shreafaí airgeadais ciorclacha a úsáid. Maidir le hacmhainn airgeadais, thug iniúchóir seachtrach na Parlaiminte le fios i mbliain airgeadais 2015 go raibh ábhar imní i gceist in 8 dtuarascáil as 28 dtuarascáil. Is é a léiríonn an teolas sin nach leor acmhainní dílse na dtairbhithe féin.

In a lán cásanna, ní féidir an easpa acmhainní dílse as ranníocaíochtaí ballraíochta agus síntiúis a chomhardú gan ranníocaíochtaí comhchineáil a úsáid. In 2015, bhí na ranníocaíochtaí comhchineáil a fuair na páirtithe cothrom le EUR 238,009 agus b’fhiú EUR 283,649 na ranníocaíochtaí comhchineáil a fuair na fondúireachtaí. Tá fadhbanna móra ann maidir leis an gcaoi ar féidir meastóireacht oibiachtúil a dhéanamh ar na ranníocaíochtaí sin. I roinnt cásanna, ní raibh lucht riaracháin na Parlaiminte in ann an luacháil sin a fhíorú go mion ná a dheimhniú an raibh gá dáiríre leis na ranníocaíochtaí sin uile maidir leis na gníomhaíochtaí atá luaite leo agus an raibh baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí sin nó nach raibh, ná a chinntiú an raibh na bunghníomhaíochtaí le leas an pháirtí Eorpaigh amháin nó an bhféadfadh sé go raibh siad le leas eagraíocht chomhpháirtíochta freisin.

Ar an gceathrú hábhar imní tá an easpa soiléireachta agus trédhearcachta sna rialacha atá ann faoi láthair maidir leis na bearta ba chóir a dhéanamh i gcás nach bhfuil páirtí nó fondúireacht ag comhlíonadh ceann de na critéir clárúcháin a thuilleadh nó má shuitear gur cláraíodh é nó í ar bhonn faisnéis mhícheart.

Ar an gcúigiú hábhar imní, i bhfianaise thaithí lucht riaracháin na Parlaiminte, tá gá ann cur le raon feidhme na mbeart is féidir a dhéanamh chun cistí a chaith páirtithe agus fondúireachtaí go míchuí a aisghabháil.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

I dTuarascáil 2017 ar Chearta Shaoránaigh an Aontais 7 , d’aithin an Coimisiún go bhfuil feidhmiú an Aontais Eorpaigh fothaithe ar dhaonlathas ionadaíoch. Éilíonn sé sin trédhearcacht agus cultúr polaitiúil sochaideartha agus cuntasach, chomh maith le córas toghcháin éifeachtach, agus toghthóirí eolacha agus gníomhacha. Chuige sin, tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún dlús a chur leis an gComhphlé leis na Saoránaigh agus bearta breise a dhéanamh lena bheartais a mhíniú don saoránach, mar a thug Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker le fios ina aitheasc ar Staid an Aontais 2016; feachtas faisnéise agus múscailte feasachta uile-AE a sheoladh, roimh thoghcháin 2019, maidir leis na cearta atá ag saoránaigh den Aontas, lena náirítear a gcearta vótála; imeacht ardleibhéil maidir le rannpháirtíocht dhaonlathach a eagrú in 2018 ina ndíreofar ar dhea-chleachtais a spreagadh chun cur le rannpháirtíocht daoine óga agus grúpaí leochaileacha agus grúpaí nach bhfuil a ndóthain ionadaíochta acu; agus dea-chleachtais a chur chun cinn a chuideoidh le saoránaigh vótáil agus seasamh i dtoghcháin an Aontais Eorpaigh, lena náirítear cleachtais a cheadaíonn do shaoránaigh a gceart vótála a choinneáil má bhogann siad go Ballstát eile agus rochtain trasteorann a éascú ar nuacht pholaitiúil, agus tacú lena oiread vótálaithe agus is féidir teacht amach ar lá an toghcháin féin, agus tacú le rannpháirtíocht dhaonlathach leathan roimh thoghcháin Eorpacha 2019 8 . Tá an togra seo i gcomhréir leis na tosaíochtaí sin agus comhlánaíonn sé iad agus, le cois na saincheisteanna a míníodh sa roinn roimhe seo, áirítear, dá bhrí sin, roinnt athruithe a chuirfidh le cé chomh trédhearcach agus atá an gaol idir páirtithe ar leibhéal an Bhallstáit agus na páirtithe Eorpacha lena bhfuil siad cleamhnaithe.

Tá líon áirithe tionscnamh ann a bhfuil nasc indíreach acu leis an athbhreithniú seo, go háirithe an Moladh ón gCoimisiún maidir leis an iompar daonlathach agus éifeachtúil a fheabhsú sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa 9 agus athchóiriú an Ghnímh Thoghchánaigh Eorpaigh 1976 agus an Chinnidh ón gComhairle Eorpach maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa 10 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina ndearbhaítear "go leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, reacht na bpáirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe na rialacha maidir lena maoiniú" agus ar Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach 11 .

Coimhdeacht

Is trí reachtaíocht AE amháin is féidir aon easpaí sa chóras seo a leigheas, sin de bhrí gurb é a fhoráiltear sa Rialachán féin córas ar leibhéal an Aontais, lena náirítear pearsantacht dhlítheanach Eorpach ar leith le haghaidh páirtithe agus fondúireachtaí agus maoiniú ó bhuiséad an Aontais. Ní rogha a bhaineann le hábhar, dá bhrí sin, beart a dhéanfadh Ballstáit as a stuaim féin.

Tá na hathruithe atá beartaithe ag cloí go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta, dá bhrí sin. Is ar leibhéal AE amháin is féidir rialacha a leagan síos maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a rialú. Agus bearta athchóirithe féideartha á leagan amach aige, bhí an Coimisiún cúramach na prionsabail i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí a léiriú.

Comhréireacht

Mar a mhínítear i roinn 5, ní théann na bearta spriocdhírithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir fadtéarmach a ghnóthú maidir le daonlathas Eorpach agus dlisteanacht institiúidí an Aontais Eorpaigh a fhorbairt agus a neartú, trí fhéachaint le go mbeidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ina ngníomhaithe daonlathacha níos éifeachtaí agus níos cuntasaí. Comhlíonann an togra, go háirithe, prionsabal na comhréireachta ina iomláine.

An rogha ionstraime

Rialachán an taon ionstraim ar féidir léi Rialachán eile atá ann a leasú.

3.COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara agus bailiú agus úsáid saineolais

Agus an togra seo á ullmhú, bhí an Coimisiún i ndlúthchaidreamh agus i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha. D’eagraigh sé roinnt cruinnithe le hionadaithe ó na páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa, comhaltaí tofa Pharlaimint na hEorpa (FPEanna), seirbhísí Pharlaimint na hEorpa, an tÚdarás um páirtithe polaitiúla Eorpacha agus um fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, agus saineolaithe náisiúnta.

Tionóladh éisteacht an 12 Iúil 2017 sa Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla i bParlaimint na hEorpa 12 . Rinneadh dianphlé faoi na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán atá ann faoi láthair. Is iad a bhí i láthair comhaltaí an Choiste, Stiúrthóir an Údaráis, Ard-Stiúrthóir Airgeadais Pharlaimint na hEorpa agus ionadaí ón gCoimisiún. Bhí comhaontú leathan ann go bhfuil gá roinnt lúb ar lár atá sa Rialachán a chur ina gceart roimh na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa. Na hathruithe ar díríodh orthu, neartódh siad an leibhéal trédhearcachta agus chabhródh siad na lúba ar lár a chur ina gceart. Fágann na lúba ar lár sin gur féidir dul thart ar chuspóirí an Rialacháin nó míúsáid a bhaint as forálacha an Rialacháin.

D’aithin na páirtithe agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, seirbhísí na Parlaiminte agus an tÚdarás go bhfuil easpaí eile a d’fhéadfadh a bheith sa Rialachán ach meastar nach bhfuil na heaspaí eile sin chomh práinneach céanna.

Roinn na páirtithe leasmhara a dtuairimí bunaithe ar an taithí agus an saineolas atá acu i dtaobh na rialacha atá ann lena rialaítear na páirtithe agus na fondúireachtaí polaitiúla faoi Rialachán (CE) Uimh. 1141/2014 agus faoin Rialachán Airgeadais.

Measúnú tionchair

Trí roinnt de na lúba ar lár atá i Rialachán Uimh. 1141/2014 a chur ina gceart tá súil leis go gcuirfidh an togra feabhas ar cé chomh héifeachtach agus a éiríonn leis an Rialachán sin a chuspóirí a bhaint amach. Tá sé bunaithe ar an ionchur leathan a fuarthas ó pháirtithe leasmhara éagsúla, mar atá luaite thuas, agus ar anailís ar roinnt réiteach spriocdhírithe.

Níl measúnú tionchair sonrach ag gabháil leis an togra seo mar nach bhfuil súil leis go mbeidh tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil níos forleithne aige ná mar atá anois.

Cearta bunúsacha

Foráiltear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil “an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an tiolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

Foráiltear in Airteagal 10(1) agus (2) CAE go mbeidh “oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch” agus go nionadaítear “do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa.” I bhfomhír 4 den fhoráil chéanna deirtear go: “rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.” In Airteagal 11 agus Airteagal 12 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh cumhdaítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun saoirse comhlachais. Deirtear, go háirithe, in Airteagal 12 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil “ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, ceardchumainn agus sibhialta, rud a thugann le tuiscint go bhfuil ag gach duine an ceart chun ceardchumainn a chur ar bun agus an ceart chun bheith mar bhall de cheardchumainn. Rannchuidíonn na páirtithe polaitiúla ar leibhéal Aontais chun toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

Na leasuithe atá ina nábhar ag an togra seo, saothraíonn siad cuspóirí na bhforálacha seo, agus tá siad ag teacht, dá bhrí sin, leis na cearta bunúsacha a ráthaítear le hAirteagal 12 den Chairt agus tugann siad éifeacht do na cearta sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

An cistiú a thugtar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d'fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, tiocfaidh sé ó bhuiséad Pharlaimint na hEorpa i gcónaí. Níl sé beartaithe aon athrú a dhéanamh, de bhun an togra seo, ar na suimeanna a leithdháilfear. Níl aon impleachtaí suntasacha ag an togra seo do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Socruithe meastóireachta agus tuairiscithe

Is é atá i gceist leis an togra seo athchóiriú teoranta ach spriocdhírithe a dhéanamh ar an Rialachán atá ann. Tá foráil sa Rialachán féin maidir le hathchóiriú níos cuimsithí. Tá sé beartaithe an tamchlár don athbhreithniú sin a athrú le go mbeidh an tathbhreithniú sin bunaithe ar fhianaise shubstainteach ar chur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin féin agus na leasuithe atá molta a dhéanamh air sa togra seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Chun foráil bhreise a dhéanamh maidir le fíorghné Eorpach a chruthú i gcás páirtithe polaitiúla Eorpacha agus chun cur leis an trédhearcacht fad agus a náirithítear go gcaitear an cistiú Eorpach go stuama, is é atá beartaithe ag an gCoimisiún sa togra seo líon beag leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1141/2014 chun dul i ngleic leis an gceist cé atá in ann tacú le clárú páirtí pholaitiúil, chun go leithdháilfear an cistiú ar shlí atá níos comhréirí leis an ionadaíocht atá ag páirtithe polaitiúla Eorpacha i bParlaimint na hEorpa agus chun dul i ngleic le deacrachtaí a bhíonn ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha maidir leis an tairseach cómhaoinithe a bhaint amach. Maidir leis na hathruithe sin, cuirfidh siad na lúba ar lár atá ann sna rialacha faoi láthair ina gceart. Fágann na lúba ar lár sin go bhfuil an claonadh ann na rialacha mar atá siad a shárú.

Chun dul i ngleic leis an bhfadhb gur féidir le FPEanna as an bpáirtí náisiúnta céanna a bheith ina mbaill de pháirtithe Eorpacha éagsúla, rinneadh roinnt roghanna éagsúla a mheas: (i) cosc a chur ar FPEanna ón bpáirtí náisiúnta céanna tacú le páirtithe Eorpacha éagsúla; (ii) cosc a chur ar pharlaiminteoirí réigiúnacha tacú leis an gclárú agus (iii) gan cead a thabhairt ach do pháirtithe náisiúnta tacú le páirtithe Eorpacha. Measadh gurbh í an rogha dheireanach an rogha ab éifeachtaí mar go mbaintear amach an cuspóir céanna agus a bhaintear amach le rogha (i) ach ar shlí níos oibiachtúla agus níos cothroime, agus níos éasca a chur i bhfeidhm.

Tá sé molta ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, Airteagal 3(1)b a leasú le nach bhféadfaidh ach páirtithe tacú le cruthú páirtí pholaitiúil Eorpaigh, agus nach bhféadfaidh parlaiminteoirí aonair sin a dhéanamh a thuilleadh. D’fhágfadh sin go mbeadh sé níos deacra ag eintitis nach bhfuil a ndóthain ionadaíochta acu i mBallstáit páirtithe a chruthú ar an leibhéal Eorpach agus cistiú Eorpach a fháil nuair a éiríonn leo FPE amháin a bheith acu i bParlaimint na hEorpa.

Ní chuireann an tathrú sin bac ar pháirtithe Eorpacha glacadh le ballraíocht parlaiminteoirí aonair, ach amháin nach bhféadfaí a leithéid sin de bhallraíocht a úsáid a thuilleadh mar chritéar incháilitheachta don chlárú. Ní mholtar aon athrú, dá bhrí sin, ar an sainmhíniú a thugtar ar pháirtí polaitiúil ná ar chomhghuaillíocht.

Maidir leis na deacrachtaí a bhíonn ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha an tairseach cómhaoinithe 15% atá ann a bhaint amach, ba cheart an tairseach sin a ísliú, rud a d'fhágfadh go bhféadfaí níos mó den chistiú poiblí a chuirtear i leataobh do pháirtithe agus d’fhondúireachtaí Eorpacha a dhíriú orthu go cuí, e.g. le linn feachtais toghchánaíochta. Laghdófaí freisin na dreasachtaí atá ann dul i muinín cleachtais amhrasacha. Tar éis roinnt de na roghanna a mheas, chinn an Coimisiún é a mholadh an ceanglas cómhaoinithe a fhoráiltear in Airteagal 17(4) a ísliú go dtí 10% i gcás páirtithe polaitiúla Eorpacha agus 5% i gcás fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

trédhearcacht i dtoghcháin na hEorpa ina ceist thábhachtach don Choimisiún i gcónaí. Is féidir cur leis an trédhearcacht sin trí nasc níos soiléire a chruthú idir páirtithe polaitiúla náisiúnta agus Eorpacha. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin sa chaoi is go bhfuil sé mar aidhm leis an togra seo nach mbeadh cead ach ag páirtithe amháin tacú le páirtithe polaitiúla Eorpacha. Ba cheart faisnéis shoiléir ábhartha a bheith ar fáil do na saoránaigh roimh ré, faisnéis faoi cleamhnachtaí na bpáirtithe san áireamh, le go dtuigfidh na saoránaigh an tionchar a bheidh ag a gcuid vótaí ar na páirtithe polaitiúla Eorpacha. Tá sé molta freisin coinníoll breise a chur ar pháirtithe le go bhféadfaidh páirtí polaitiúil Eorpach cistiú a fháil, trí airteagal nua, Airteagal 18.3a, a chur isteach sa Rialachán. Cheanglófaí ar an bpáirtí tuairisc a thabhairt ar fhoilsiú a chláir pholaitiúil agus a lógó ar shuíomhanna gréasáin a bhallpháirtithe, mar aon le faisnéis faoin ionadaíocht idir fir agus mná i measc na niarrthóirí sna toghcháin is deireanaí do Pharlaimint na hEorpa agus i measc a chuid comhaltaí i bParlaimint na hEorpa.

Tá sé molta an chomhréireacht a fheabhsú maidir leis an gcistiú a thugtar trí nasc níos soiléire a chruthú idir an cistiú sin agus an ionadaíocht atá ag na páirtithe sa Pharlaimint tríd an eochair dháilte cistiúcháin a fhoráiltear in Airteagal 19(1) a leasú. Tá sé molta sa togra an tsuim sheasta a ísliú go 5%, rud a mhéadódh an sciar den chistiú a dháiltear i gcoibhneas le líon na gcomhaltaí tofa sa Pharlaimint. Ar na cúiseanna thuas, diúltaíodh don rogha an tairseach a ardú maidir le líon na nionadaithe a theastódh le bheith incháilithe chun cistiú a fháil.

I gcás nach bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ag comhlíonadh ceann de na critéir clárúcháin a thuilleadh, lena náirítear go háirithe na critéir a bhaineann le hionadaíocht agus rannpháirtíocht sna toghcháin Eorpacha, nó má bunaíodh an clárú ar fhaisnéis mhícheart/mhíthreorach, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Údarás iad a dhíchlárú. Tá sé tugtha le fios i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais go bhfuil an deis ann gníomh riaracháin fabhrach a tharraingt siar go cúlghabhálach laistigh de thréimhse réasúnta agus urramú a dhéanamh ar an bprionsabal go bhféadfadh tairbhí an bhirt muinín dlisteanach a bheith aige as an mbeart má tugadh le tuiscint dó gur féidir leis brath ar dhlíthiúlacht an bhirt sin. Tugtar soiléiriú ar an méid sin sna hathruithe ar Airteagal 27 le go bhféadfaidh an tÚdarás na rialacha a chur i bhfeidhm ar shlí níos éifeachtaí.

Chun leasanna airgeadais agus cáil an Aontais a chosaint, is gá go mbeadh sé ar chumas oifigeach údarúcháin Pharlaimint na hEorpa suimeanna arna níoc go míchuí a aisghabháil ó dhaoine a raibh gníomhaíochtaí mídhleathacha ar bun acu lena leas féin, nó le leas eintiteas nó daoine eile, agus a rinne dochar do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún isteach athruithe ar Airteagal 30.

Ar deireadh, i gcomhar le bearta idirthréimhseacha, tá sé á mholadh ag an gCoimisiún gur cheart an clásal athbhreithnithe sa Rialachán atá ann faoi láthair a leasú le go mbeifear in ann an tuarascáil ar an measúnú a fhoilsiú sa chéad leath de 2022 agus, ar an gcaoi sin, na leasuithe a mholtar sa Rialachán seo a mheas.

2017/0219 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 224 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí 15 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 bunaítear stádas dlíthiúil Eorpach sonrach ar féidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha tairbhe a bhaint as agus déantar foráil maidir lena gcistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

(2)Aithníodh go bhfuil gá ann Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a leasú d’fhonn an cuspóir a shásamh níos fearr maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe a spreagadh ina ndícheall chun nasc láidir a sholáthar idir an tsochaí shibhialta Eorpach agus institiúidí an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa, agus cuidiú leo sa dícheall sin.

(3)Is gá fíorghné thrasnáisiúnta páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a áirithiú ar dhóigh níos fearr maidir leis an bhfáil atá acu ar an stádas dlíthiúil Eorpach sonrach trí chlárú. Thairis sin, d’fhonn an nasc a láidriú idir an pholaitíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena sheachaint go gcruthóidh an páirtí náisiúnta céanna níos mó ná páirtí polaitiúil Eorpach amháin a bhfuil claonadh polaitiúil cosúil nó an claonadh polaitiúil céanna iontu, ba cheart a chosc go gcuirtear comhaltaí den pháirtí polaitiúil náisiúnta céanna san áireamh i gcomhaontais pholaitiúla dhifriúla, maidir leis na ceanglais íosta ionadaíochta atá le comhlíonadh ag na comhaontais sin le bheith cláraithe mar pháirtí Eorpach. Dá bhrí sin, níor cheart ach páirtithe polaitiúla a chur san áireamh chun críche na gceanglas íosta ionadaíochta sin agus níor cheart comhaltaí aonair a chur san áireamh a thuilleadh.

(4)Ba cheart é a chur ar chumas páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha go bhféadfaidh siad méid níos mó de na leithreasaí atá luaite le cistiú na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí sin i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a iompar. Dá bhrí sin, ba cheart an sciar is mó de na ranníocaíochtaí airgeadais nó na deontais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a mhéadú sa chaiteachas inaisíoctha bliantúil arna léiriú i mbuiséad páirtí pholaitiúil Eorpaigh agus sna costais incháilitheacha arna dtabhú ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach.

(5)Ar chúiseanna trédhearcachta, agus chun grinnscrúdú agus cuntasacht dhaonlathach na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus an nasc idir an tsochaí shibhialta Eorpach agus institiúidí an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa, a neartú, ba cheart an rochtain ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bheith faoi choinníoll go bhfuil foilsithe ag na ballpháirtithe clár agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann agus faisnéis faoin ionadaíocht idir fir agus mná i measc na niarrthóirí sna toghcháin is deireanaí do Pharlaimint na hEorpa agus i measc chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa.

(6)Le go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh ar dhóigh níos comhréirí ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, leithdháileadh a léireoidh fíorthacaíocht thoghchánach páirtí pholaitiúil Eorpaigh, ba cheart nasc níos dlúithe a chruthú idir cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus, ag teacht as sin, cistiú a bhfondúireachtaí polaitiúla cleamhnaithe faoi seach agus leibhéal soléirithe de thacaíocht thoghchánach. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha maidir le dáileadh cistiúcháin a oiriúnú chun an sciar de chomhaltaí tofa i bParlaimint na hEorpa atá ag gach páirtí polaitiúil Eorpach a chur san áireamh níos fearr.

(7)Más rud é, i ngeall ar athrú tosca, nach gcomhlíonann páirtí polaitiúil nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ceann de na coinníollacha le haghaidh clárú a thuilleadh, ba cheart é nó í a bhaint den Chlár.

(8)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus le trédhearcacht ba cheart é a fhoráil go sainráite gur féidir páirtí polaitiúil nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcás inar thug an páirtí nó an fhondúireacht fianaise bhréagach nó neamhiomlán ar dá bonn a rinneadh cinneadh an páirtí nó an fhondúireacht sin a chlárú.

(9)Ba cheart an chosaint a thugtar do leasanna airgeadais an Aontais a neartú trína fhoráil go ndéanfaí, i gcás sáraithe, aisghabháil éifeachtach an chistiúcháin ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a áirithiú trí shuimeanna arna níoc go míchuí a aisghabháil ó dhaoine nádúrtha atá freagrach as an sárú i dtrácht.

(10)Chun impleachtaí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 arna leasú leis an Rialachán seo a mheas ar bhonn fianaise shubstainteach ar chur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin sin, ba cheart dáta an athbhreithnithe chuimsithigh atá beartaithe a chur siar.

(11)A fhad a bhaineann leis na ceanglais nua maidir le clár agus lógó páirtithe polaitiúla Eorpacha, agus faisnéis i dtaobh na hionadaíochta idir fir agus mná, a phoibliú, ba cheart na ceanglais sin a bheith infheidhme cheana féin maidir leis an méid is mó is féidir de na hiarratais ar chistiú do 2019, an bhliain ina mbeidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le socruithe idirthréimhseacha.

(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leasú mar seo a leanas ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 3(1)(b):

"ní mór dá bhallpháirtithe a bheith ionadaithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, ag comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa, parlaimintí náisiúnta, parlaimintí réigiúnacha nó tionól réigiúnach, nó"

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(4):

"4. Ní bheidh ranníocaíochtaí airgeadais ná deontais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh thar 90% den chaiteachas inaisíoctha bliantúil arna léiriú i mbuiséad páirtí pholaitiúil Eorpaigh agus 95 % de na costais incháilitheacha arna dtabhú ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach. Féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha aon chuid de ranníocaíocht an Aontais a dámhadh ach nár úsáideadh a úsáid chun caiteachas inaisíoctha laistigh den bhliain airgeadais tar éis a dhámhachtana a chlúdach. Déanfar suimeanna nár úsáideadh tar éis na bliana airgeadais sin a aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais."

(3) In Article 18

, cuirtear isteach mír 3a seo a leanas:

"3a. Déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach a áireamh ina iarratas fianaise lena léirítear go ndearna a bhallpháirtithe clár polaitiúil agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh sin agus, i gcás gach ceann de bhallpháirtithe an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh, faisnéis faoi ionadaíocht chothrom idir fir agus mná i measc na niarrthóirí sna toghcháin is deireanaí do Pharlaimint na hEorpa agus i measc chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, a fhoilsiú ar bhonn leanúnach ar a shuíomhanna gréasáin, feadh thréimhse 12 mhí roimh an lá a rinneadh an tiarratas."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(1):

"1. Déanfar na leithreasaí faoi seach atá ar fáil do na páirtithe polaitiúla Eorpacha sin agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sin ar ar dámhadh ranníocaíochtaí nó deontais i gcomhréir le hAirteagal 18 a dháileadh go bliantúil ar bhonn na heochrach dáilte seo a leanas:

— dáilfear 5% ina scaireanna comhionanna i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe,

— dáilfear 95% i gcomhréir lena sciar de chomhaltaí tofa Pharlaimint na hEorpa i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe.

Úsáidfear an eochair dháilte chéanna chun cistiú a dhámhachtain ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, ar bhonn a gcleamhnachta le páirtí polaitiúil Eorpach."

(5) Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 (b):

"(b) nuair a shuitear, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(2) go (5), nach gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus in Airteagal 3(2); nó"

(b) Cuirtear an fhomhír (ba) seo a leanas le mír 1:

"(ba) i gcás nár chomhlíon an páirtí nó an fhondúireacht i dtrácht ceann nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) nó Airteagal 3(2) tráth a chláraithe nó a cláraithe agus gurb é an páirtí nó gurb í an fhondúireacht is cúis leis an gcinneadh é nó í a chlárú trí bhíthin faisnéis bhréagach nó neamhiomlán a bhaineann leis na coinníollacha sin a thabhairt, déanfar, laistigh de thréimhse réasúnta ón uair a d’fhéadfadh an tÚdarás é a shuí nár chomhlíon an páirtí nó an fhondúireacht i dtrácht an coinníoll nó na coinníollacha lena mbaineann, cinneadh a ghlacadh an páirtí nó an fhondúireacht a bhaint den Chlár;"

(c) Cuirtear an mhír 5a seo a leanas isteach:

"5a. I gcás ina bhforchuirfidh an tÚdarás smachtbhanna airgeadais sna cásanna dá dtagraítear i mír 2(a)(v) nó (vi), féadfaidh sé a shuí, chun críche aisghabhála de bhun Airteagal 30(2), go mbeidh freagracht as an sárú sna cásanna seo a leanas freisin ar dhuine nádúrtha atá ina bhall de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí, nó a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe aige maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach:

a.    Más rud é, sa chás dá dtagraítear i mír 2(a)(v), gur suíodh, sa bhreithiúnas dá dtagraítear san fhoráil sin, go bhfuil an duine nádúrtha freagrach freisin as na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha i dtrácht;

b.    Más rud é, sa chás dá dtagraítear i mír 2(a)(vi), go bhfuil an duine nádúrtha freagrach freisin as an iompar nó na míchruinnis i dtrácht."

(6) Cuirtear an abairt seo a leanas le hAirteagal 30(2):

"Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa suimeanna arna níoc go míchuí faoi chomhaontú nó faoi chinneadh um ranníocaíocht nó um dheontas a aisghabháil freisin ó dhuine nádúrtha a ndearnadh cinneadh de bhun Airteagal 27(5a) ina leith."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

"Airteagal 38

Meastóireacht

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa dul i gcomhairle leis an Údarás, déanfaidh sí, cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú. Léireofar sa tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, leasuithe féideartha atá le déanamh ar na córais reachta agus cistiúcháin.

Tráth nach déanaí ná sé mhí ó fhoilsiú na tuarascála ag Parlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mbeidh ag gabháil leis, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú."

(8) Cuirtear isteach Airteagal 40a mar a leanas:

"Airteagal 40a

Foráil idirthréimhseach

De mhaolú ar Airteagal 18(3a) agus maidir leis na hiarratais ar chistiú do bhliain airgeadais 2019, sula ndéanfar cinneadh i leith iarratas ar chistiú, déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa fianaise a iarraidh ar pháirtí polaitiúil Eorpach lena léireofar go ndearna a bhallpháirtithe clár polaitiúil agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh sin agus, i gcás gach ceann de bhallpháirtithe an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh, faisnéis faoin ionadaíocht idir fir agus mná i measc na niarrthóirí sna toghcháin is deireanaí do Pharlaimint na hEorpa agus i measc chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, a fhoilsiú ar bhonn leanúnach ar a shuíomhanna gréasáin, feadh tréimhse dar tús mí amháin tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XX/2018."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Recommendation of 12.3.2013 on enhancing the democratic and efficient conduct of the elections to the European Parliament [Moladh an 12.3.2013 maidir leis an iompar daonlathach agus éifeachtúil a fheabhsú sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa] C(2013)1303 final http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=OJ:L:2013:079:TOC  
(2) IO L 317, 4.11.2017, lgh. 1-27.
(3) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Report on the 2014 European Parliament elections [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, Tuarascáil maidir le toghcháin 2014 do Pharlaimint na hEorpa] COM/2015/0206 final http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=COM:2015:0206:FIN .
(4) Féach http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+TA+P8-TA-2017-0274+0+DOC+XML+V0//EN  
(5) An Chomhghuaillíocht um Shíocháin agus um Shaoirse (APF), Comhghuaillíocht Ghluaiseachtaí Náisiúnta na hEorpa (EANM), Comhghuaillíocht na hEorpa um Shaoirse (EAF) agus Eorpaigh Aontaithe ar son an Daonlathais (EUD). Níl aon ionadaí i bParlaimint na hEorpa ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach An Chomhghuaillíocht um na Beatha agus an Teaghlaigh (CVF) agus ní bheidh an páirtí sin i dteideal cistiú a fháil, dá bhrí sin, i ndiaidh 2017, an bhliain dheireanach a chuirfear na rialacha as Rialachán 2004 i bhfeidhm.
(6) Bunaithe ar an gcistiú a thabharfar in 2017, de bhun rialacha Rialachán 2004, agus, dá bhrí sin, ní chuirtear san áireamh an ceanglas atá i Rialachán 2014 nach mór ionadaí amháin a bheith ag an bpáirtí i bParlaimint na hEorpa le cistí a fháil.
(7) COM(2017)30 final
(8) Beidh na dea-chleachtais sin dírithe freisin ar uirlisí ríomhdhaonlathais, socruithe cianvótála (e.g. ríomhvótáil) agus rochtain trasteorann ar fhaisnéis pholaitiúil, agus ar chaíonna le cur le líon na vótálaithe a thagann amach chun vóta a chaitheamh.
(9) http://ec.europa.eu/justice/citizen/document/files/c_2013_1303_en.pdf .
(10) Cinneadh ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=uriserv:OJ.L_.2013.181.01.0057.01.GLE.
(11) https://europa.eu/european-union/sites/europaeu/files/docs/body/consolidated_version_of_the_treaty_establishing_the_european_atomic_energy_community_ga.pdf  
(12) Tá an clár, liosta na gcainteoirí agus na conclúidí le fáil anseo: http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//NONSGML+COMPARL+AFCO-OJ-20170712-1+01+DOC+PDF+V0//EN  
(13) IO C , , lch.  .
(14) IO C , , lch.  .
(15) IO C , , lch.  .
Top