AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.2.2016
COM(2016) 52 final
2016/0030(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta chun cinnteacht an tsoláthair gáis a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2016) 25 final}
{SWD(2016) 26 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é cuspóir an dréacht-rialacháin a áirithiú go ndéanfaidh gach Ballstát uirlisí iomchuí a chur i bhfeidhm chun ullmhúchán agus bainistíocht a dhéanamh i leith éifeachtaí ganntanais gáis arb é suaitheadh an tsoláthair nó éileamh ard urghnách is siocair leo. Tá trí leibhéal freagrachta ann i dtaca le chinnteacht an tsoláthair gáis. Is iad gnóthais gáis nádúrtha is mó a bhfuil freagracht an tsoláthair gáis orthu agus sin faoi réir shásraí an mhargaidh. I gcás cliseadh margaidh i mBallstát ar leith, is faoi údaráis inniúla an Bhallstáit sin agus na mBallstát atá sa réigiún a bheidh sé bearta iomchuí a dhéanamh chun soláthar an gháis do chustaiméirí faoi chosaint a chinntiú. Ar leibhéal eile, déanann an Coimisiún Eorpach comhordú ginearálta idir na Ballstáit agus áirithíonn sé go bhfuil na bearta arna nglacadh ag teacht le chéile.
Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá sé beartaithe sa dréacht-rialachán comhar réigiúnach a threisiú agus prionsabail agus caighdeáin áirithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is é an cur chuige atá beartaithe gur cheart go gcomhoibreodh na Ballstáit go dlúth sna réigiúin ina bhfuil siadagus measúnuithe riosca réigiúnacha á ndéanamh acu. Chun comhsheasmhacht ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú, déanfar na measúnuithe riosca réigiúnacha ar bhonn ionsamhlúchán ar fud an Aontais Eorpaigh, agus beidh caighdeáin chomhchoiteanna agus cás sonrach ag gabháil leo. Na rioscaí a aithneofar leis na measúnuithe riosca réigiúnacha, tabharfar aghaidh orthu i bpleananna réigiúnacha um ghníomhaíocht choisctheach agus i bpleananna éigeandála réigiúnacha, agus is é an Coimisiún a dhéanfaidh athbhreithniú piaraí orthu agus a dhéanfaidh iad a fhormheas.
Chun a áirithiú go mbeidh na measúnuithe riosca agus na pleananna cuimsitheach agus comhsheasmhach le chéile, leagtar síos sa Rialachán teimpléid éigeantacha ina liostaítear gnéithe nár mhór a chur san áireamh agus an measúnú riosca á dhéanamh agus na pleananna á dtarraingt suas. Ní mór an comhar réigiúnach a fheabhsú óir is furasta do shuaitheadh an tsoláthair gáis dochar a dhéanamh do Bhallstáit éagsúla san am céanna. Ní maith iad na measúnaithe riosca náisiúnta chun dul i ngleic le cásanna den chineál sin.
Ina theannta sin, déanann an Rialachán seo cur i bhfeidhm an chaighdeáin soláthair i dtaca le custaiméirí faoi chosaint (teaghlaigh go príomha) agus cur i bhfeidhm an chaighdeáin bonneagair (an fhéidearthacht gás a sholáthar fiú mura bhfuil fáil ar an mbonneagar is mó) a fheabhsú. Fágann sé gur féidir buanacmhainn dhéthreoch a bheith ann. Ar deireadh, beartaítear ann bearta breise trédhearcachta a thabhairt isteach i dtaca le conarthaí soláthair gáis ar an ábhar go bhféadfadh conarthaí den chineál sin dochar a dhéanamh do chinnteacht an tsoláthair san Aontas Eorpach.
Cúig bliana tar éis Rialachán 994/2010 a ghlacadh, is ceist thar a bheith tráthúil i gcónaí cinnteacht an tsoláthair gáis i bhfianaise an teannais atá ann idir an Úcráin agus an Rúis. Tá iarrachtaí ar bun ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh feabhas a chur ar chinnteacht soláthairtí gáis don gheimhreadh idir 2015 agus 2016 agus ina dhiaidh sin.
Ní thugtar le tuiscint as comhar réigiúnach níos daingne a bheith ann idir na Ballstáit go mbeidh struchtúir institiúideacha nua ar bith ann.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais
Seo a leanas na príomhdhoiciméid is ábhartha maidir le cinnteacht an tsoláthair:
1. Straitéis na hEorpa maidir le Cinnteacht Fuinnimh
2. Creat Straitéiseach maidir le hAontas Fuinnimh buanseasmhach a bheith ann a bhfuil beartas réamhbhreathnaitheach i dtaca leis an athrú aeráide ina chuid de
Cuirtear chun feidhme leis an dréacht-rialachán atá beartaithe na tograí beartais a cuireadh i láthairi Stráitéis an Aontais Fuinnimh agus i Stráitéis na Cinnteachta Fuinnimh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh
Cuireann an togra seo le reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh trí thús áite a thabhairt do bhearta margadhbhunaithe.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Beartaítear sa dréacht-rialachán bearta chun cinnteacht an tsoláthair gáis san Aontas Eorpach a chosaint. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an rialacháin.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Gníomhaíocht seo an Aontais Eorpaigh, is faoi chuimsiú Airteagal 194 CFAE a thagann sí, agus aithnítear san Airteagal sin gur gá leibhéal áirithe comhordúcháin, trédhearcachta agus comhair maidir le beartais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtaca le cinnteacht an tsoláthair, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh fuinnimh mar is ceart agus go mbeidh soláthar cinnte gáis ann san Aontas Eorpach.
I ngeall ar a idirnasctha atá margaí gáis an Aontais Eorpaigh anois agus i ngeall ar an 'gcur chuige conaire' atá ann chun sreafaí cúltreo na nidirnascairí gáis a chumasú, tá gá le bearta comhordaithe. In éagmais comhordú den chineál sin, is dócha go mbeidh tionchar míchuí ag bearta náisiúnta maidir le cinnteacht an tsoláthair ar Bhallstáit eile nó ar chinnteacht an tsoláthair ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ní srian ar bith iad teorainneacha náisiúnta ar bhaol mórshuaite soláthairtí gáis don Aontas Eorpach, baol a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar Bhallstáit éagsúla, bíodh sin go díreach nó go hindíreach. Cásanna amhail tréimhse fhuar na bliana 2012 agus tástáil struis na bliana 2014, ba léiriú iad ar a ríthábhachtaí atá an ghníomhaíocht chomhordaithe agus an dlúthpháirtíocht. Is follas gur gá don Aontas Eorpach gníomhú, i bhfianaise nach mbíonn an toradh is fearr ar chur chuige ar bhonn náisiúnta agus go gcuireann an cur chuige sin le drochthionchar géarchéime. Má dhéantar beart i dtír amháin, is féidir go mbeidh ganntanas gáis sna tíortha comharsanachta mar gheall air. Mar shampla, na srianta a chuir an Bhulgáir i bhfeidhm i bhFeabhra na bliana 2012 ar onnmhairiú leictreachais, rinne siad dochar don earnáil leictreachais agus don earnáil gáis sa Ghréig.
Go dtí seo, níl go leor déanta chun leas a bhaint as an deis atá ann bearta níos éifeachtúla agus níos neamhchostasaí a thabhairt isteach tríd an gcomhar réigiúnach, rud atá díobhálach do thomhaltóirí an Aontais Eorpaigh. Cé gur léirigh an tástáil struis a ríthábhachtaí agus atá margaí feidhmiúla chun soláthairtí gáis a chinntiú, léiríodh freisin gur féidir le bearta dea-chomhordaithe de chuid na mBallstát borradh anmhór a chur faoi chinnteacht an tsoláthair, go háirithe i gcás éigeandála. Ní amháin go mbaineann sin le comhordú níos fearr a dhéanamh ar na bearta náisiúnta maolúcháin i gcás éigeandála ach amhlaidh a dhéanamh maidir leis na bearta náisiúnta coisctheacha freisin, amhail tograí i dtaca le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an stóráil náisiúnta nó ar bheartais an Gháis Nádúrtha Leachtaithe (GNL), ar féidir tábhacht straitéiseach a bheith leo i réigiúin áirithe. Ba cheart an comhar a leathnú go bearta sonracha freisin chun an dlúthpháirtíocht a chothú idir na Ballstáit maidir le ceisteanna i dtaca le cinnteacht an tsoláthair.
B'fhéidir go mbeadh gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh i gcásanna áirithe (e.g. i gcás éigeandálaí ar fud an Aontais Eorpaigh agus i gcás éigeandálaí réigiúnacha) más amhlaidh nach féidir leis na Ballstáit amháin cinnteacht an tsoláthair a bhaint amach go leordhóthanach san Aontas Eorpach agus gur fearr, dá bhrí sin, i ngeall ar scála nó ar na hiarrachtaí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
•Comhréireacht
Ceapadh an Rialachán sa chaoi agus go mbeadh leibhéal ard iomchuí ullmhachta ann sula mbeadh géarchéim ann agus chun an tionchar a bheadh ag teagmhas gan choinne, a mbeadh suaitheadh an tsoláthar gáis mar thoradh air, ar chustaiméirí, an tionchar sin a laghdú. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, moltar an comhordú réigiúnach a neartú, agusroinnt prionsabal agus caighdeán a leagan síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá an cur chuige atá beartaithe bunaithe ar an dlúthchomhar idir na Ballstáit laistigh de réigiún ar leith agus measúnú riosca á dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach. Chun comhleanúnachas san Aontas Eorpach ar fad a áirithiú, déanfar na measúnuithe riosca réigiúnacha ar bhonn ionsamhlúchán ar fud an Aontais Eorpaigh ina núsáidfear caighdeáin choiteanna agus cás faoi leith. Na rioscaí a aithneofar sna measúnuithe riosca réigiúnacha , tabharfar aghaidh orthu i bpleananna réigiúnacha um ghníomhaíocht choisctheach agus i bpleananna éigeandála réigiúnacha, agus is é an Coimisiún a dhéanfaidh athbhreithniú piaraí orthu agus a dhéanfaidh iad a fhormheas.
Ní bheartaítear sa dréachtrialachán go ndéanfaí comhchuibhiú iomlán faoina mbeadh na bearta uile á bhforordú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Comhar réigiúnach neartaithe agus caighdeáin áirithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is den riachtanas an méid sin chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar laigí an chórais atá ann faoi láthair (an measúnú riosca náisiúnta agus na pleananna náisiúnta) agus is féidir, dá bharr, fadhbanna a réiteach ar an leibhéal réigiúnach, gan a bheith saintreorach gan ghá. Dá bhrí sin, an cur chuige atá beartaithe sa dréachtrialachán, is cur chuige comhréireach é (féach freisin An Measúnú Tionchair, lch. 3446 agus lch. 50).
•Rogha na hionstraime
Is é Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena naisghairtear Treoir 2004/67/CE ón gComhairle an gníomh dlíthiúil atá ann faoi láthair sa réimse. Is é is aidhm don ghníomh dlíthiúil atá beartaithe na bearta agus na nósanna imeachta atá leagtha síos sa rialachán atá ann faoi láthair a fheabhsú agus a threisiú. Cinneadh, dá bhrí sin, gur rialachán an ionstraim iomchuí.
3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí expost/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair
I gcomhréir leis an oibleagáid faireacháin atá leagtha síos in Airteagal 14 de Rialachán 994/2010, tharraing an Coimisiún suas tuarascáil in 2014 ina ndearnadh measúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin agus ar na slite ina bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur ar chinnteacht. Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil ar an iliomad uirlisí dá dtagraítear sa Rialachán, agus béim ar an tslí inar chuir na Ballstáit chun feidhme iad agus ar an tslí inar chabhraigh gach ceann acu chun feabhas a chur ar chinnteacht an tsoláthair san Aontas Eorpach agus ar a ullmhacht.
Léiríodh sa tuarascáil sin go raibh mórán déanta cheana ag an Rialachán chun cinnteacht an tsoláthair gáis san Eoraip a fheabhsú, ó thaobh ullmhúcháin agus maolaithe de araon. Is amhlaidh gur fearr anois a bheidh na Ballstáit in ann dul i ngleic le géarchéim soláthair óir tá dualgas orthu measúnú riosca iomlán a dhéanamh agus pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe sin. Tá leibhéal níos airde cosanta sna Ballstáit mar gheall ar an ngá atá ann caighdeán soláthair agus bonneagair uileAE a chomhlíonadh.
San am céanna, nochtadh sa tuarascáil gurb ann i gcónaí don údar imní i dtaca leis an gcomhar idir na Ballstáit (na bearta a dhéanann siad, ar bearta náisiúnta go príomha iad, níl siad oiriúnach chun dul i ngleic le fadhbanna maidir leis an soláthar gáis); cur chun feidhme an chaighdeáin soláthair do chustaiméirí faoi chosaint (ar teaghlaigh iad go príomha) agus i dtaca leis an gcaighdeán bonneagair. Ina theannta sin, na conarthaí soláthair gáis idir na cuideachtaí gáis nádúrtha agus na soláthróirí sin nach bhfuil san Aontas Eorpach, níl siad trédhearcach a ndóthain. Cuireann na heasnaimh sin bac ar fhreagairt éifeachtach i gcás géarchéime.
An tástáil struis a rinneadh i samhradh na bliana 2014, léirigh sí go mbeadh tionchar anmhór ag suaitheadh soláthairtí gáis ón Oirthear (i.e. ón Rúis), go mbeadh tionchar anmhór acu sin ar fud an Aontais Eorpaigh fós. Bheadh ceantair éagsúla, in Oirthear na hEorpa go háirithe, thíos leis ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de i gcás ina mbeadh ganntanas gáis ann. Ina theannta sin, i gcaitheamh thréimhse fhuar na bliana 2012, tháinig ardú os cionn 50 % ar phraghsanna mórdhíola gáis an chéad lae eile maidir leis na moil Eorpacha i gcomparáid leis na leibhéil a taideadfadh roimh an aimsir fhuar. San Iodáil, d'ardaigh na praghsanna ó 38 EUR/MWh go 65 EUR/MWh, agus sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin agus san Ostair, d'ardaigh na praghsanna go 38 EUR/MWh ó 23 EUR/MWh roimhe sin.
Tháinig ann don staid atá ann faoi láthair de dheasca fadhbanna éagsúla de mhéid éagsúil, lena náirítear claontaí iompair (cur chuige ar an leibhéal náisiúnta amháin i ndáil le cinnteacht an tsoláthair), tosca seachtracha (iompar soláthróirí tríú tíortha) agus saincheisteanna teicniúla (easpa bonneagair iomchuí nó cosaint neamhleor ar an mbonneagar).
Beartaítear sa Rialachán bearta chun dul i ngleic leis na heasnaimh arna mbrath.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
An comhairliúchán poiblí leis na páirtithe leasmhara a reáchtáladh idir 15 Eanáir agus 8 Aibreán 2015, fuarthas 106 fhreagra dá bharr. Is ionann seo agus a rá gur féidir a mheas go raibh sé anfhadréimneach go deo. Cé gur den earnáil phríobháideach agus de chomhlachais tomhaltóirí, rialála nó tionscail a bhí formhór na bhfreagróirí, ghlac líon measartha mór údarás earnála poiblí páirt ann freisin.
Lean an comhairliúchán déstruchtúr an Rialacháin atá ann faoi láthair, agus é sin bunaithe ar an gcosc agus ar an maolú: Ceapadh na ceisteanna ar an gcosc lena fhionnadh an raibh gá feabhas a chur ar na forálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm. Ina theannta sin, ámh, bhí beagán scóipe ann smaointe nua a mheas, go háirithe i dtaca le cur i bhfeidhm na mbeart chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh. Ba é aidhm na gceisteanna ar an maolú a dhéanamh amach an mbeadh na Ballstáit in ann dul i ngleic le héigeandáil agus an ndéanfaidís, le linn dóibh amhlaidh a dhéanamh, réitigh chomhordaithe éifeachtúla a chur san áireamh seachas tabhairt faoi ar bhonn náisiúnta amháin agus bearta fritorthúla a chur i bhfeidhm a dhéanfadh difear do na tíortha chomharsanachta.
Maidir leis an toradh, an chuid is mó de na húdaráis phoiblí, dhírigh siad a naird ar na laigí atá sa chomhar idir na Ballstáit agus d'áitigh cuideachtaí príobháideacha agus comhlachais gur cheart tús áite a thabhairt do bhearta an mhargaidh chun dul i ngleic le ceisteanna na cinnteachta soláthair. Chuir an Coimisiún na tuairimí sin san áireamh agus mhol sé comhar réigiúnach níos dlúithe agus tosaíocht shoiléir a thabhairt do na bearta margadhbhunaithe agus aghaidh á tabhairt ar rioscaí do chinnteacht an tsoláthair. Bhí léiriú ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara freisin i roinn 6 agus i roinn 7 den Mheasúnú Tionchair ar mheasúnú agus tionchar na roghanna beartais.
•Saineolas a bhailiú agus a úsáid
Chuathas i gcomhairle le comhairleoirí seachtracha i ndáil le hábhair éagsúla agus an togra seo á ullmhú. Rinneadh staidéar ar bhearta a d'fhéadfaí a dhéanamh i dtaca le gás a stóráil faoi thalamh agus ar an tionchar a bheadh ag na bearta sin, agus tháií anailís ón Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (ACT) a thacaigh leis an Measúnú Tionchair. I staidéar eile ina ndéantar comparáid idir cineálacha éagsúla cur chuige chun cumhacht margála an Aontais Eorpaigh i dtaca le margaí gáis nádúrtha a threisiú, tá aiseolas tugtha faoi roghanna beartais áirithe maidir leis an tslí chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh (comhscéimeanna ceannaigh).
•Measúnú tionchair
Na bearta uile arna mbeartú, bhí an Measúnú Tionchair mar thacú leo.
Thug an Bord um Measúnú Tionchar tuairim dhearfach uaidh ar 16 Nollaig 2015.
Rinneadh scagadh ar cheithre rogha beartais mar chuid den Mheasúnú Tionchair:
1. Cur chun feidhme neartaithe agus bearta reachtaíochta boige
2. Comhordú níos fearr agus réitigh shaincheaptha
3. Comhordú níos fearr lena leagfaí síos roinnt prionsabal/caighdeán ar leibhéal an Aontais Eorpaigh
4. Comhchuibhiú iomlán
Níor roghnaíodh rogha 1 ná rogha 2 mar nár mhaith iad go dtí seo ó thaobh na héifeachtachta agus na héifeachtúlachta de. Níor leor iad chun laigí an chórais reatha a chur chun feabhais, ar laigí iad a aithníodh de bharr an mheastacháin expost (tuarascáil a dréachtaíodh in 2014) agus de bharr na tástála struis a rinneadh i samhradh na bliana 2014.
Tá réitigh éagsúla ina gcuid de rogha 4 atá níos éifeachtaí ná rogha 1 agus rogha 2. Cuid de na réitigh, ámh, níl siad pioc níos éifeachtaí ná iad sin atá ina gcuid de rogha 3. Tá siad níos costasaí, ina theannta sin, agus d'fhéadfadh roinnt díobh bheith fritorthúil. Sin é an fáth nár roghnaíodh rogha 4 ach oiread.
Is é an moladh deireanach go roghnófaí rogha 3, arb é an pacáiste is éifeachtaí é. Is é an rogha is fearr é ó thaobh na héifeachtachta agus na héifeachtúlachta de. Rinneadh na hiarmhairtí seo a leanas a mheas.
1. Na costais agus an tionchar ar na praghsanna
An tionchar iomlán ar na costais agus ar na praghsanna, bheadh sé anteoranta go deo. Is é is aidhm do roinnt tograí costais nach gá a sheachaint agus leas a bhaint as sineirgíochtaí i mbearta chun cinnteacht an tsoláthair a fheabhsú. Ba cheart go laghdfaí costais iomlána chreat na cinnteachta soláthair ar an gcaoi sindo na tomhaltóirí uile. Bearta amhail na measúnuithe réigiúnacha riosca, na pleananna réigiúnacha agus na forálacha i dtaca le conarthaí, ní thiocfadh ardú mór ar na costais dá dtoradh. D'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an ualach riaracháin.
Na huirlisí beartais ar dócha go ndéanfadh siad difear do na costais, is iad an mionchoigeartú ar ríomhanna N1agus na hoibleagáidí sreafa cúltreo. Maidir le caighdeán N1, ámh, is beag an seans go mbeadh Ballstát atá comhlíontach cheana féin neamhchomhlíontach de bharr beachtú ar an bhfoirmle, rud a bheadh ina chúis le hinfheistíocht éigeantach. Is ann i gcónaí don fhéidearthacht bearta atá dírithe ar an éileamh a dhéanamh chun caighdeán N1 a chomhlíonadh. Caighdeán N1 a bhfuil mionchoigeartúdéanta air, b'fhéidir go mbeadh tuilleadh infheistíochta mar thoradh air ach bheadh an méid sin bunaithe ar mheasúnú an Bhallstáit lena mbaineann agus ar thuiscint níos fearr ar fhíorstaid na hacmhainne. Is cosúil, mar sin, gur beart é atá éifeachtach ó thaobh costais de as siocair na sochar a ghabhann le diagnóis níos fearr ar an earnáil trí infheistíocht íosta a dhéanamh (e.g. an fíorchuidiú a thugann stóráil toisc gur féidir meastachán níos cruinne a dhéanamh ar na rátaí aistarraingthe, bunaithe ar leibhéal an gháis atá stóráilte). Níor cheart go dtuigfí leis an ríomh hiodrálach go mbeadh costais bhreise i gceist arae tá na huirlisí iomchuí ag na hOibreoirí Córais Tarchurtha (OCTanna) dul i mbun measúnú den sórt sin. Is féidir le Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha na hionsamhlúcháin ar fud an Aontais Eorpaigh a dhéanamh mar chuid d'ionchas soláthair bhliantúil an tsamhraidh agus an gheimhridh a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. D'fhéadfaidís bheith ina gcuidiú chun bearta costéifeachtachta a aithint d'fhonn aon éifeachtaí díobhálacha a laghdú.
2. An tionchar ar na páirtithe leasmhara, agus ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide go háirithe
Ar an iomlán, ba cheart go rachadh rogha 3 chun sochair na rannpháirtithe sa mhargadh agus na dtomhaltóirí. D'áiritheofaí le maoirseacht níos fearr ar bhearta an chaighdeáin soláthair go ndéanfaí iad a chomhlíonadh ar bhealach trédhearcach agus costéifeachtach. Mhaígh mórán freagróirí ón earnáil tionsclaíochta ar an gcomhairliúchán poiblí gur mhian leo go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maille le bearta a mbeadh bonn cirt iomlán leo a ndéanfaí a athbhreithniú nó a thástáil go rialta.
Bheadh gnólachtaí beaga agus meánmhéide ina "gcustaiméirí faoi chosaint" i gcónaí dá gcinnfeadh Ballstát amhlaidh agus ní dhéanfadh an rogha seo dochar dóibh. Faoin rogha seo, is í an phríomhdhifríocht nach gá iad a bheith cumhdaithe faoi phrionsabal na dlúthpháirtíochta. Is fiú a thabhairt chun cuimhne, ámh, gurb é cuspóir an phrionsabail sin a áirithiú go leanfar den soláthar do theaghlaigh agus do sheirbhisí sóisialta riachtanacha i gcás éigeandála. Rogha dheireanach is ea é an sásra seo, nár cheart tarraingt air ach i gcás ganntanas anmhór gáis amháin. Cé gurb é is aidhm don Rialachán athbhreithnithe cásanna den chineál sin a sheachaint, ní mór dúinn a bheith ullamh chucu, mar sin féin.
3. An margadh inmheánach a chomhlánú
Is dóigh go mbeadh rogha 3 ina chuidiú chun oibriú an mhargaidh aonair fuinnimh a dhéanamh níos fearr. A bhuí leis na bearta atá beartaithe, is lú go mór a bheadh an baol go ndéanfadh na bearta náisiúnta, arb é is aidhm dóibh cinnteacht an tsoláthair a áirithiú, saobhadh ar an iomaíocht nó idirdhealú in aghaidh neamhnáisiúnach. Ar an gcéad dul síos, ba cheart do mheasúnuithe tionchair éigeantacha maidir le bearta nua nach bhfuil bunaithe ar an margadh agus atá le glacadh ag na Ballstáit, ba cheart dóibh cosc a chur ar bhearta díobhálacha a theacht i bhfeidhm agus a bheith ina gcuid de na pleananna. Dhéanfadh na Ballstáit eile, laistigh de réigiún ar leith, grinnscrúdú ar na bearta atá ann cheana freisin. Ba cheart an méid sin a bheith ina chuidiú chun nach dtarlódh sé go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha ag bearta a ghlacfaí i dtír amháin ar na tíortha comharsanachta. Ar an dara dul síos, ba cheart próiseas an athbhreithnithe piaraí agus maoirseacht an Choimisiúin a bheith ina gcuidiú chun fadhbanna ar bith a d'eascródh as bearta i dtaca le cinnteacht an tsoláthair a aithint agus deireadh a chur leo.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Thocfadh méadú teoranta ar an ualach riaracháin mar gheall ar an togra. Ar cheann de phríomhfhoinsí an ualaigh riaracháin bheadh an gá measúnuithe riosca réigiúnacha, pleananna réigiúnacha um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála réigiúnacha a tharraingt suas. Már sin féin, ó tharla go bhfuil Rogha 3 mar fhorbairt ar an gcomhairliúchán éigeantach réigiúnach atá ann faoi láthair i dtaca leis na pleananna agus go leagtar amach ann creat níos soiléire maidir leis an gcomhar agus leis an gcomhordú réigiúnach atá dírithe ar thorthaí, ní thiocfadh méadú ollmhór ar ualach an riaracháin. Tá an réiteach seo indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus an dlí de, mar atá léirithe i bpleananna comhpháirteacha na Ríochta Aontaithe agus Éireann um ghníomhaíocht choisctheach agus sa tuarascáil chomhpháirteach a tharraing na Stáit Bhaltacha agus an Fhionlainn suas maidir leis an tástáil struis a rinneadh in 2014.
Níor mhór na freagrachtaí agus na tréimhsí a shainiú go soiléir chun go mbeifí in ann na pleananna a chur chun feidhme in am agus i dtráth. D'fhéadfaí sin a dhéanamh ar bhealaí éagsúla. I gcásanna áirithe, mar shampla, bíonn rúnaíocht ann, ach tharla roimhe seo gur chinn roinnt Ballstát cúraimí plean ar leith a riar ar bhonn rothlach. Tá an Coimisiún réidh chun treoir a thabhairt agus chun an próiseas a éascú de réir mar is gá, rud a rinne sé i gcaitheamh na tástála struis le haghaidh na bhFócasghrúpaí agus san fhócasghrúpa PIMBF le haghaidh comhar réigiúnach idir na Stáit Bhaltacha agus an Fhionlainn.
Is cinnte go dtiocfadh méadú ar an ualach riaracháin, fiú dá gcuirfí pleananna réigiúnacha in áit pleananna náisiúnta, agus dhéanfaí an dúbailt cúraimí a sheachaint dá bharr. B'fhéidir a áitiú, freisin, gur dócha go mbeadh níos mó i gceist ó thaobh ama de agus go mbeadh socruithe breise de dhíth i gcás comhaontú ar an leibhéal réigiúnach i dtaca leis na pleananna. As siocair sin, agus chun an ualach breise a laghdú, d'fhéadfaí an measúnú riosca réigiúnach agus na pleananna réigiúnacha a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana seachas gach dhá bhliain, mar a dhéantar faoin Rialachán atá ann faoi láthair.
Ba cheart na pleananna faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach le huirlisí straitéiseacha pleanála agus tuairiscithe an Aontais Fuinnimh. Mar sin féin, na pleananna éigeandála agus na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach atá le forbairt Rialachán seo, ní doiciméid bheartais iad ina leagtar amach roghanna straitéiseacha beartais. Doiciméid theicniúla iad, arb é is aidhm dóibh éigeandálaí nó méadú ar éigeandálaí a chosc agus a dtionchar a mhaolú.
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an tslí ina gcuirfidh na Ballstáit na hathruithe arna dtabhairt isteach leis an Rialachán um Chinnteacht an tSoláthair Gáis chun feidhme. I ngeall ar an rannpháirtíocht mhéadaithe, maille leis na cumhachtaí maoirseachta agus faireacháin, ba cheart na rialacha a bheith á gcomhlíonadh ar fud an Aontais Eorpaigh. Más gá, beidh an Coimisiún toilteanach cabhrú leis na Ballstáit na hathruithe riachtanacha a chur chun feidhme sa dlí trí cheardlanna a reáchtáil leis na Ballstáit uile, nó trí chruinnithe déthaobhacha, arna iarraidh sin dóibh. Más gá, leanfaidh an Coimisiún an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 258 CFAE, i gcás nach ndéanfadh Ballstát a dhualgas a chomhlíonadh i dtaca le dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm.
Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún buanfhaireachán ar chinnteacht an tsoláthair san Aontas Eorpach agus tabharfaidh sé tuairisc go tráthrialta don Ghrúpa Comhordaithe Gáis.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá sa Rialachán athbhreithnithe na gnéithe seo a leanas:
1. Comhar réigiúnach agus comhordú feabhsaithe, mar chur chuige is éifeachtaí ó thaobh costais de chun feabhas a chur ar chinnteacht an tsoláthair ar fud an Aontais Eorpaigh:
Pleananna réigiúnacha um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála réigiúnacha atá éigeantach ("na pleananna") agus measúnaithe riosca réigiúnacha ar gá iad a ullmhú go comhpháirteach ar bhonn na dteimpléad éigeantach atá sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán.
- Mar bhonn leis an gcomhar réigiúnach, tá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán togra ina bhfuil léiriú ar chomhdhéanamh na réigiún bunaithe ar na critéir atá leagtha amach in Airteagal 3(7) (i.e. mar atá molta sa mhapa faoi rogha 2 sa Mheasúnú Tionchair). Is é tuairim an Choimisiúin go bhfuil sa togra seo an cur chuige is fearr chun soláthar cinnte gáis a áirithiú i gcás éigeandála. A mhéid is féidir, cuireann sé leis na struchtúir réigiúnacha comhair atá ann faoi láthair agus a bhunaigh na Ballstáit agus an Coimisiún, go háirithe na grúpaí réigiúnacha arna mbunú faoi Rialachán 347/2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thrasEorpaigh fuinnimh (an Rialachán GTEF). D'ainneoin sin, ó tharla go bhfuil cuspóirí éagsúla ag an Rialachán seo agus ag an Rialachán GTEF, athraíodh méid agus comhdhéanamh na ngrúpaí réigiúnacha. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart na critéir seo a leanas, atá sainmhínithe in Airteagal 3(7), a chur san áireamh agus na grúpaí réigiúnacha á shainiú: na pátrúin soláthair; na hidirnaisc atá ann faoi láthair, iad sin atá beartaithe, agus an acmhainn idirnaisc idir na Ballstáit; forbairt agus aibíocht an mhargaidh; na struchtúir réigiúnacha comhair atá ann faoi láthair; agus an líon Ballstát is ceart a bheith i réigiún, líon ar cheart a bheith teoranta, chun gur féidir leis na socruithe feidhmiú.
Mar shampla, forbairt is ea réigiún an Iarthuaiscirt (an Ríocht Aontaithe agus Éire) ar an gcomhar atá ann faoi láthair idir an dá thír. Is é an pátrún soláthair i gcás shuaitheadh an tsoláthair ón Rúis an réasúnaíocht is bun leis an struchtúr atá beartaithe do na réigiúin(is iad sin Conair Gáis an Deiscirt, an Lárdheisceart, an tOirdheisceart, an Margadh Fuinnimh Baltach I agus II). Léiríonn comhdhéanamh réigiún Iarthar na hEorpa Thuaidh/Theas (an Bheilg, an Fhrainc, Lucsamburg, an Spáinn, an Ísiltír agus an Phortaingéil) go bhfuil an margadh gáis sa chuid seo den Eoraip aibí agus forbartha go maith. B'fhéidir gurb é seo an bealach is fearr le héigeandáil a sheachaint nó tionchar éigeandála a mhaolú, i gcás ina dtitfeadh ceann amach.
- Déantar athbhreithniú piaraí ar na pleananna réigiúnacha. Déanann an Coimisiún sin a eagrú agus roghnaíonn sé baill gach foirne athbhreithnithe piaraí (ceann amháin do gach réigiún) as measc iarrthóirí arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit. Glacann sé páirt sna hathbhreithnithe piaraí mar bhreathnóir.
- Déanann an Grúpa Comhordaithe Gáis na pleananna a phlé ar bhonn thoradh an athbhreithnithe piaraí chun a áirithiú go bhfuil na pleananna do na réigiúin éagsúla ag teacht le chéile.
- Ag deireadh an phróisis, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinntí, leasuithe ar na pleananna a iarraidh agus na pleananna a fhormheas ar deireadh.
2. Oibleagáidí níos mionsonraithe chun a áirithiú go bhfuil fáil ar an mbonneagar is gá:
- Ní mór a bheith ag gabháil le ríomh fhoirmle N1 ríomh náisiúnta hiodrálach náisiúnta agus ionsamhlúcháin ar fud an Aontais Eorpaigh a dhéanfaidh ENTSOG dála na nionsamhlúchán a rinne sé le haghaidh na dtástálacha struis i samhradh na bliana 2014.
- Maidir leis na sreafaí cúltreo, ní mór buanacmhainn sreafa cúltreo a bheith ag na pointí idirnaisc uile ach amháin i gcás inar tugadh díolúine dóibh.
i) Na cinntí maidir le díolúine a thabhairt nó cinneadh a dhéanamh faoin leibhéal acmhainne atá le tógáil, déanfaidh na húdaráis inniúla na cinntí sin ar bhonn comhpháirteach ar dhá thaobh an phointe idirnaisc ('cinneadh comhpháirteach') tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile feadh chonair an tsoláthair gáis, leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).
ii) Ní foláir don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh tuairim a thabhairt uaithi ar chinneadh comhpháirteach na núdarás inniúil.
iii) Agus tuairim ACER á cur san áireamh aige, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh a chiallódh go mbeadh gá leasuithe a dhéanamh ar chinneadh comhpháirteach na núdarás inniúil. An chumhacht atá ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh sa réimse seo, ní bheidh sí teoranta feasta do chásanna easaontais idir Ballstáit éagsúla.
iv) Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de thréimhse áirithe ama, déanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh cinneadh a tharraingt suas ina mbeidh moladh le haghaidh díolúine nó le haghaidh acmhainn sreafa cúltreo ar leith. Is é cinneadh na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh an bunús le haghaidh cinneadh ón gCoimisiún lena dtugtar le fios cad iad na téarmaí le haghaidh díolúine nó le haghaidh acmhainn ar leith.
v) Na díolúintí atá ann faoi láthair, ní mór athbhreithniú a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an nós imeachta nua.
3. Measúnú riosca feabhsaithe agus cosc ar riosca
- Rochtain níos fearr ar fhaisnéis:
i) Méadú teoranta ar raon feidhme na faisnéise conarthaí a gcuirtear an Coimisiún ar an eolas ina leith go huathoibríoch faoi na socruithe atá ann faoi láthair (i.e. toirteanna laethúla, míosúla agus bliantúla an gháis, ar a laghad). As seo amach, ní dhéanfar faisnéis den chineál sin a chur ar fáil i bhfoirm chomhiomlánaithe.
ii) Tabharfar de chumhacht do na húdaráis inniúla, roimh thitim amach éigeandála ach i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo amháin (e.g. i gcás ina bhféadfadh bagairt a bheith ann), tuilleadh faisnéise a iarraidh ar chuideachtaí gáis nádúrtha, lena náirítear faisnéis chonarthach. Féadfaidh an Coimisiún rochtain ar fhaisnéis den chineál sin a iarraidh agus féadfaidh sé na húdaráis inniúla a spreagadh chun iarratais a dhéanamh. Tugadh isteach an fhoráil ar bhonn thaithí an Choimisiúin le linn an gheimhridh idir 2014 agus 2015. Thug an Coimisiún laghdú faoi deara sa soláthar gáis ón Rúis chuig cuideachtaí gáis éagsúla san Aontas Eorpach. D'ainneoin sin, ba theoranta an fhaisnéis a fuair sé ar a bhféadfadh sé an fhorbairt seo a mheas, ar an ábhar nach raibh údar ag na húdaráis inniúla ó thaobh dlí de chun iarraidh ar na cuideachtaí gáis lena mbaineann faisnéis shonrach den chineál sin a sholáthar, ó tharla nach cás éigeandála a bhí i gceist.
iii) Beidh de cheangal ar chuideachtaí gáis nádúrtha fógra a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta agus don Choimisiún ar bhonn uathoibríoch faoi chonarthaí atá ábhartha i dtaobh chinnteacht an tsoláthar gáis a luaithe agus a dhéanfar iad a shíniú nó a leasú. Na conarthaí a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair, is conarthaí fadtéarmacha iad (i.e. bailí go ceann níos mó ná bliain amháin) agus soláthraíonn na conarthaí sin, ina naonar nó fara conarthaí eile arna dtabhairt i gcrích leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, níos mó ná 40 % den ídiú bliantúil gáis a sa Bhallstát lena mbaineann do chuideachta gáis nádúrtha amháin nó dá cleamhnaithe.
iv) Bíonn uathfhógra ann nuair a thugtar i gcrích conradh nó nuair a leasaítear conradh a dhéanann an critéar tairsí a chomhlíonadh. Mar sin féin, fiú na conarthaí sin nach gcomhlíonann an critéar sin, d'fhéadfaidís a bheith ábhartha maidir le cinnteacht an tsoláthair gáis a mheas. Cé go bhfuil forbairt tagtha ar an margadh ar shlí a bhfágann gur annamh anois a bhíonn conarthaí anfhadtéarmach ann, is ann dóibh fós, mar sin féin. Má thugtar i gcrích conradh fadtéarmach díreach roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní bheidh sé cuimsithe faoin oibleagáid uathoibríoch atá ann fógra a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta agus don Choimisiún. Ina theannta sin, má tá clásal sa chonradh sin a nascann an praghas le praghas an mhoil, d'fhéadfadh nach leasófaí é go ceann roinnt blianta. Is é sin le rá, ní bheidh feidhm leis an oibleagáid uathoibríoch fógra a thabhairt maidir le leasuithe ach an oiread.
I ngeall air sin, beidh cumhacht de dhíth ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis inniúla chun go bhféadfaidís fógra maidir le conarthaí a iarraidh, fiú más conarthaí iad nach bhfuil leasú déanta orthu nó mura bhfuil an caighdeán tairsí á chomhlíonadh acu. Dá bhrí sin, i dtaobh cásanna a bhfuil údar cuí leo, amhail iad sin atá leagtha amach thuas, féadfaidh an Coimisiún nó na húdaráis inniúla a iarraidh go dtabharfar fógra dóibh i leith na gconarthaí más gá conarthaí den chineál sin chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar thionchar creata conarthaigh ar chinnteacht an tsoláthair i mBallstát, i réigiún nó san Aontas Eorpach ina iomláine, agus go háirithe le haghaidh measúnuithe riosca, pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála.
Ó tharla go bhféadfadh an iarraidh ó na húdaráis inniúla nó ón gCoimisiún an conradh ina iomláine a chumhdach, féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis a fháil i dtaobh praghsanna freisin. Is féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis ó na conarthaí a úsáid ina dhiaidh sin chun an staid i dtaca le cinnteacht an tsoláthair san Aontas Eorpach ina iomláine a mheas agus chun na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a mheas. Mura gcomhlíonfaidh an chuideachta gáis nádúrtha an oibleagáid atá ann fógra a thabhairt, féadfaidh an Coimisiún tús a chur le himeachtaí um shárú i leith an Bhallstáit a bhfuil an chumhacht ag a údaráis inniúla an conradh a fháil nó an conradh a iarraidh.
Cé go mbeidh ag an gCoimisiún feasta rochtain níos fearr ar fhaisnéis i dtaobh conarthaí tráchtála, ní dhéanfaidh seo difear ar bith dá fhaireachán leanúnach ar mhargadh an gháis. Déanfaidh sé idirghabháil má aithnítear drochúsáidí margaidh.
- Oibleagáid measúnú a dhéanamh sa mheasúnú riosca ar na rioscaí ábhartha uile amhail tubaistí nádúrtha, rioscaí ó thaobh na teicneolaíochta, na tráchtála, an airgeadais, na sochaí, na polaitíochta agus an mhargaidh de. Ba cheart bearta atá éifeachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach a leagan amach sna pleananna chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ábhartha uile. Is é cuspóir na hoibleagáide seo feabhas a chur ar an trédhearcacht mar aon le comhroinnt an deachleachtais a spreagadh.
4. Méadú ar an maoirseacht a dhéantar ar na hoibleagáidí gás a sholáthar do chatagóirí áirithe tomhaltóirí, go fiú más dian iad na cúinsí (an caighdeán soláthair).
- Ní dhéanfar athrú ar an gcaighdeán soláthair atá sainmhínithe sa Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair, rud a dheimhníonn go mbeidh na soláthairtí gáis do thomhaltóirí atá faoi chosaint gan bhriseadh go ceann 7 nó 30 lá féilire ar a laghad, ag brath ar an gcás i dtráct, go fiú i gcás ganntanas soláthairtí gáis agus/nó éileamh ard as an ngnách.
- Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht níos fearr ar na bearta náisiúnta atá ann faoi láthair chun oibleagáid an tsoláthair a chomhlíonadh (trí chinntí an Choimisiúin maidir leis na pleananna) chun an tearc-cosaint an róchosaint a sheachaint, a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do na Ballstáit leochaileacha.
- Na bearta nua nach bhfuil bunaithe ar an margadh a thabharfar isteach chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh, beidh siad faoi réir measúnú tionchair poiblí agus ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún ina dtaobh. Déanfaidh an Coimisiún a gcomhréireacht agus a dtionchar ar an margadh inmheánach agus ar chinnteacht soláthair Ballstát eile a mheas. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena niarrfar leasuithe aar na bearta, bearta nach féidir teacht i bhfeidhm bhfuil siad ag teacht leis an gcinneadh ón gCoimisiún.
5. Ionchorpraíonn an Rialachán prionsabal nua na dlúthpháirtíochta go sainráite.
- Más amhlaidh, mar atá ceadaithe faoin Rialachán, go ndéanann Ballstát caighdeán soláthair níos airde a chur i bhfeidhm, a d'fhéadfadh na sreafaí gáis ó thír amháin go tír eile a laghdú, agus cás chinnteacht an tsoláthair á ghéarú dá réir sin i mBallstát comharsanachta, ní mór an caighdeán soláthair ardaithe a athbhunú mar leibhéal réamhshocraithe an Aontais Eorpaigh (lena ndeimhnítear seirbhís do na custaiméirí uile atá faoi chosaint) i gcás éigeandála.
- Beidh sé éigeantach prionsabal na dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm ar bhonn socruithe teicniúla agus riaracháin arna gcomhaontú idir na Ballstáit. Na custaiméirí sin nach teaghlaigh, seirbhisí sóisialta riachtanacha nó téamh ceantair iad, ní ceadmhach leanúint de ghás a sholáthar dóibh i mBallstát ar leith - fiú mura cás éigeandála atá ann - a fhad agus nach bhfuiltear ag soláthar do theaghlaigh, do sheirbhisí sóisialta riachtanacha ná do théamh ceantair i mBallstát eile i gcás éigeandála, a bhfuil córas tarchurtha na chéad tíre ceangailte leis an mBallstát sin.
6. Cloífear leis an sainmhíniú ar chustaiméirí faoi chosaint (i.e. is féidir a mheas go bhfuil na gnólachtaí beaga agus meánmhéide ina gcustaiméirí faoi chosaint má chinneann Ballstát amhlaidh). D'ainneoin sin, beidh sé de chúram ar na Ballstáit bearta a thabhairt isteach, mar chuid dá bpleananna, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna teicniúla agus chun cosc a chur ar thomhaltóirí neamh-incháilithe gás a ídiú atá beartaithe do chustaiméirí faoi chosaint. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le cineál na mbeart sin.
7. Cur i bhfeidhm an Rialacháin idir páirtithe conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Beidh mar chuid den Rialachán leasaithe oibleagáidí sonracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh de chineál trasteorann i leith na bpáirtithe conarthacha agus ba cheart go leanfadh de go ndéanfar gníomh comhpháirteach a ghlacadh laistigh den Chomhphobal Fuinnimh lena ndéanfar an Rialachán a ghlacadh agus a chomhtháthú sa Chomhphobal Fuinnimh agus lena dtabharfar isteach oibleagáidí cómhalartacha ar thaobh pháirtithe conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh sa chaidreamh atá acu leis na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí sin ach amháin tar éis don Choimisiún cinneadh a dhéanamh lena ndearbhófar go bhfuil feidhm ag an oibleagáid chómhalartach idir gach páirtí conarthach agus na Ballstáit. Bainfidh na hoibleagáidí leis an gcreat le haghaidh measúnuithe riosca, cosc ar riosca agus bearta éigeandála.
8. Maidir leis na sásraí comhcheannaigh, is follas sa Rialachán go bhfuil cead ag na Ballstáit agus ag na cuideachtaí gáis nádúrtha a gcomhairle féin a dhéanamh i dtaca leis na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ann ó thaobh gás nádúrtha a cheannach i dteannta a chéile d'fhonn dul i ngleic le ganntanas soláthair. Ba cheart sásraí den chineál sin a bheith i gcomhréir le rialacha chomórtais na hEagraíochta Trádála Domhanda (ETD) agus an Aontais Eorpaigh, go háirithe treoirlínte an Choimisiúin i ndáil le comhaontuithe comhair cothrománacha.
2016/0030 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le bearta chun cinnteacht an tsoláthair gáis a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is gné ríthábhachtach go fóill é gás nádúrtha (gás) de sholáthar fuinnimh an Aontais Eorpaigh. Is ó thríú tíortha a ndéantar sciar mór den ghás sin a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach.
(1)Is féidir le mórshuaitheadh an tsoláthair gáis difear a dhéanamh do na Ballstáit go léir, don Aontas ina iomláine agus do na páirtithe conarthacha sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Fuinnimh, a síníodh san Aithin an 25 Deireadh Fómhair 2005. Is féidir leis díobháil mhór eacnamaíoch a dhéanamh do gheilleagar an Aontais freisin, agus tionchar mór shóisialta a bheith aige, go háirithe ar ghrúpaí leochaileacha custaiméirí.
(2)Is é is aidhm leis an Rialachán seo a áirithiú go ndéanfar na bearta uile is gá chun soláthar rianúil gáis a chosaint ar fud an Aontais, go háirithe chun custaiméirí a chosaint i gcás ina mbíonn dálaí deacra aeráide ann nó i gcás shuaitheadh an tsoláthair gáis. Ba cheart na cuspóirí sin a bhaint amach trí na bearta is cost-éifeachtaí agus ar dhóigh nach gcuirfidh na margaí fuinnimh as riocht.
(3)Cheana féin bhí tionchar nach beag ag Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gháis a choimirciú ar staid an Aontais maidir le cinnteacht an tsoláthair gháis, i dtéarmaí ullmhúcháin agus maolaithe. Tá na Ballstáit níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim soláthair mar go bhfuil ceangal orthu anois pleananna a tharraingt suas lena gcuimsítear bearta coisctheacha agus éigeandála agus is fearr an chosaint atá acu ar an ábhar gur gá dóibh líon áirithe oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le toilleadh bonneagair agus soláthar gáis. Mar sin féin, sa tuarascáil cur chun feidhme a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó mhí Dheireadh Fómhair 2014 leagadh béim ar réimsí ina bhféadfaí tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chinnteacht soláthair an Aontais trí fheabhsuithe a dhéanamh ar an Rialachán.
(4)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathléimneacht chóras gáis na hEorpa sa ghearrthéarma ó mhí Dheireadh Fómhair 2014, rinneadh anailís ar an tionchar a d'fhéadfaí bheith ann dá mbeadh suaitheadh i bpáirt nó suaitheadh iomlán ann sa soláthar gáis ón Rúis agus thug sí de tátal uaithi gur bheag an éifeacht a bheadh ag cur chuige ar bhonn náisiúnta amháin i gcás ina mbeadh géarshuaitheadh ann, ó tharla an raon feidhme laghdaithe atá aige, mar náisiúin. Léiríodh sa tástáil struis sin an dóigh ina bhféadfadh cur chuige níos comhoibrí i measc na mBallstát an tionchar a laghdú i gcás ina mbeadh suaitheadh anghéar ann sna Ballstáit is leochailí.
(5)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach a bhfuil Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide mar chuid de' i mí Feabhra 2015, leagadh béim ar dhlúthpháirtíocht agus ar mhuinín mar bhunchlocha an Aontais Fuinnimh agus gur gnéithe riachtanacha iad den chinnteacht fuinnimh. Ba cheart é a bheith d'aidhm leis an Rialachán seo borradh a chur faoi dhlúthphairtíocht agus faoi mhuinín idir na Ballstáit agus ba cheart na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, rud a réiteodh an bealach chun an tAontas Fuinnimh a chur chun feidhme.
(6)Margadh inmheánach gáis a oibríonn go rianúil, sin é an barántas is fearr chun cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a áirithiú ar fud an Aontais agus chun laghdú a dhéanamh ar an méid a bheadh Ballstáit ar leithligh faoi lé na néifeachtaí dochracha a bhaineann le suaitheadh soláthair. I gcás ina bhfuil cinnteacht an tsoláthair i mBallstát amháin faoi bhagairt, tá riosca ann go bhféadfadh na bearta a fhorbraíonn an Ballstát sin go haontaobhach dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh gáis a chur i mbaol, rud a dhéanfadh dochar don soláthar gáis do chustaiméirí sna Ballstáit eile. Chun ligean don mhargadh inmheánach gáis oibriú fiú amháin agus ganntanas soláthair ann, is gá foráil a dhéanamh maidir le dlúthpháirtíocht agus comhordú mar chuid den fhreagairt ar ghéarchéimeanna soláthair, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht choisctheach agus a mhéid a bhaineann leis an bhfreagairt ar shuaitheadh iarbhír an tsoláthair.
(7)Go dtí seo, níor baineadh leas iomlán as na bearta a d'fhéadfadh bheith níos éifeachtúla agus níos tíosaí trí bhíthin comhar réigiúnach. Ní amháin go bhfuil baint aige sin le comhordú níos fearr ar ghníomhaíochtaí maolúcháin náisiúnta in éigeandálaí, ach baineann sé freisin le bearta coisctheacha náisiúnta, amhail stóráil náisiúnta nó beartais a bhaineann le gás nadúrtha leachtaithe (GNL), agus is féidir leo sin a bheith tábhachtach ó thaobh straitéise de i réigiúin áirithe.
(8)I spiorad na dlúthpháirtíochta, trí idir údaráis phoiblí agus ghnóthais gáis nádúrtha a thabhairt le chéile, ba cheart comhar réigiúnach a bheith ina threoirphrionsabal don Rialachán seo chun na rioscaí ábhartha i ngach réigiún a shainaithint agus chun an leas is fearr a bhaint as buntáistí beart comhordaithe chun iad a mhaolú agus na bearta is cost-éifeachtúla a chur chun feidhme do thomhaltóirí an Aontais Eorpaigh.
(9)Is féidir go mbeidh cosaint shóisialta de dhíth ar chustaiméirí áirithe, lena náirítear teaghlaigh agus custaiméirí a chuireann seirbhísí sóisialta riachtanacha ar fáil mar gurb iad is leochailí. Níor cheart sainmhíniú ar chustaiméirí faoi chosaint den sórt sin a bheith ag teacht salach ar shásraí dlúthpháirtíochta an Aontais.
(10)Ba cheart do ghnóthais gáis nádúrtha, na Ballstáit, ag feidhmiú dóibh tríd a núdaráis inniúla, agus an Coimisiún an fhreagracht a ghlacadh as cinnteacht an tsoláthair gáis a roinnt, laistigh den sainordú atá ag gach ceann acu. Tá dlúthchomhar idir na rannpháirtithe sin de dhíth le haghaidh comhfhreagrachta den sórt sin. Mar sin féin, féadfaidh na custaiméirí a úsáideann gás chun leictreachas a ghiniúint nó chun críocha tionsclaíocha ról tábhachtach a bheith acu i dtaca le cinnteacht an tsoláthair gáis, mar gur féidir leo freagairt ar ghéarchéim trí bhearta a dhéanamh atá dírithe ar an éileamh, amhail conarthaí um idirbhriseadh agus malartú breosla, bearta a mbíonn tionchar díreach acu ar an gcothromaíocht idir an soláthar agus an téileamh.
(11)Mar atá leagtha síos i dTreoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú go dlúth le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, go háirithe le húdaráis rialála náisiúnta, agus na cúraimí atá sonraithe sa Rialachán seo á ndéanamh acu.
I ngeall ar an gcaighdeán bonneagair, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit leibhéal íosta bonneagair a choimeád lena náirithiú go mbeadh iomarcaíocht áirithe ann sa chóras i gcás ina mbeadh suaitheadh sa bhonneagar aonair is mó As siocair gur cur chuige bunaithe ar acmhainn amháin é anailís a dhéantar ar bhonn tháscaire N1, ba cheart torthaí N1 a chomhlánú le hanailís mhionsonraithe ina léirítear na sreafaí gáis freisin.
(12)Ceanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha faoi dheara go mbeidh buanacmhainn dhéthreoch ann ar na hidirnaisc thrasteorann go léir murar tugadh díolúine ón oibleagáid sin. Is é is aidhm leis a áirithiú go gcuirfear na leasanna a bhaineann leis an mbuanacmhainn dhéthreoch san áireamh i gcónaí agus idirnascaire nua á phleanáil. Mar sin féin, is féidir an bhuanacmhainn dhéthreoch a úsáid chun gás a sholáthar don Bhallstát comharsanachta agus do Bhallstáit eile feadh chonair an tsoláthair gháis. Ní mór dearcadh níos fairsinge a ghlacadh i leith na tairbhí a bhaineann le buanacmhainn dhéthreoch a chumasú ó thaobh chinnteacht an tsoláthair de, dá bhrí sin, de mheon na dlúthpháirtíochta agus an chomhair fheabhsaithe. Dá bhrí sin, ba cheart anailís costais agus tairbhe a dhéanamh ina gcuirtear an chonair iomlán iompair san áireamh, agus cinneadh á dhéanamh maidir le hacmhainn déthreoch a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, ceangal a bheith ar na húdaráis inniúla athscrúdú a dhéanamh ar na díolúintí a tugadh faoi Rialachán (AE) 994/2010, ar bhonn thorthaí na measúnuithe riosca réigiúnacha.
(13)Leagtar síos i dTreoir 2008/114/CE ón gComhairle próiseas arb é is aidhm leis feabhas a chur ar shlándáil bonneagair ainmnithe ríthábhachtaigh Eorpaigh, lena náirítear codanna áirithe den bhonneagar gáis, san Aontas. Cuidíonn Treoir 2008/114/CE agus an Rialachán seo, i dteannta a chéile, le cur chuige cuimsitheach a chruthú i leith chinnteacht fuinnimh an Aontais.
(14)Leagtar síos sa Rialachán caighdeáin sách comhchuibhithe maidir le cinnteacht an tsoláthair, caighdeáin a chumhdaíonn an méid a tharla i mí Eanáir 2009 ar a laghad, tráth a suaitheadh an soláthar gáis ón Rúis. Sna caighdeáin sin cuirtear an difear idir na Ballstáit, oibleagáidí seirbhíse poiblí agus bearta cosanta custaiméirí san áireamh, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/73/CE. Maidir le caighdeáin soláthar cinnteachta, ba cheart iad a bheith cobhsaí chun an chinnteacht dhlíthiúil riachtanach a sholáthar, ba cheart iad a shainiú go soiléir, agus níor cheart ualach míréasúnach nó díréireach a fhorchur ar na gnóthais gáis nádúrtha dá ndeasca. Ba cheart dóibh a ráthú go mbeidh an rochtain chéanna ag custaiméirí náisiúnta ar ghnóthais gáis nádúrtha an Aontais.
(15)Is le cur chuige réigiúnach maidir le rioscaí a mheasúnú agus bearta coisctheacha agus maolúcháin a shainiú agus a ghlacadh is féidir iarrachtaí a chomhordú, comhordú a mbeidh tairbhí móra mar thoradh air i dtéarmaí éifeachtacht na mbeart agus barrfheabhas a bhaint as acmhainní. Is fíor don mhéid sin go háirithe i dtaca le bearta atá ceaptha soláthar leantach a ráthú, agus sin faoi dhálaí andeacair, do chustaiméirí faoi chosaint, agus i dtaca le bearta chun tionchar éigeandála a mhaolú. Trí mheasúnú a dhéanamh ar rioscaí comhghaolaithe ar an leibhéal réigiúnach, ar cur chuige é atá níos cuimsithí agus níos beaichte, áireofar go mbeidh na Ballstáit níos ullmhaithe le haghaidh ghéarchéimeanna. Ina theannta sin, i gcás éigeandála, más ann do chur chuige comhordaithe agus comhaontaithe roimh ré i dtaca le cinnteacht an tsoláthair áiritheofar freagairt chomhsheasmhach agus is lú seans go mbeidh éifeachtaí diúltacha trasteorann ag bearta ar bhonn náisiúnta amháin ar na Ballstáit chomharsanachta dá bharr.
(16)Deanfar na réigiúin a shainiú, a mhéid is féidir, ar bhonn na struchtúr réigiúnach comhair arna mbunú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, go háirithe ar bhonn na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú faoi Rialacháin (AE) 347/2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh (Rialachán GTEF). Ós rud é nach ionann aidhmeanna an Rialacháin seo agus aidhmeanna Rialachán GTEF, áfach, féadfaidh méid agus dearadh na ngrúpaí réigiúnacha bheith éagsúil lena chéile.
(17)Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart na critéir a leanas a chur san áireamh chun na grúpaí réigiúnacha a shainiú: na pátrúin soláthair, na hidirnaisc atá ann faoi láthair agus atá beartaithe maille leis an acmhainn idirnaisc idir na Ballstáit, forbairt agus aibíocht an mhargaidh, na struchtúir réigiúnacha comhair atá ann faoi láthair agus an líon Ballstát i réigiún, ar cheart a theorannú chun a áirithiú go mbeidh an grúpa inláimhsithe.
(18)Ba cheart do na Ballstáit sásra comhair a bhunú laistigh de gach réigiún le gur féidir comhar réigiúnach a chur ar bun. Ba cheart sásra nó sásraí den sórt sin a fhorbairt in am maith le gur féidir an measúnú riosca a dhéanamh agus pleananna fiúntacha a tharraingt suas ar an leibhéal réigiúnach. Tá de chead ag na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis an sásra comhair is fearr a d'oirfeadh do réigiún ar leith. Ba cheart ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún sa phróiseas iomlán agus ba cheart dó dea-chleachtais a roinnt maidir le comhar réigiúnach a shocrú amhail ról comhordaithe rothlach laistigh den réigiún chun na doiciméid éagsúla a ullmhú nó chun comhlachtaí tiomnaithe a bhunú. In éagmais comhaontú i dtaca leis an sásra comhair, féadfaidh an Coimisiún sásra comhair oiriúnach a mholadh le haghaidh réigiún ar leith.
(19)Chun measúnú cuimsitheach riosca a dhéanamh agus a ullmhú ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí nádúrtha, teicneolaíocha, tráchtála, airgeadais, sóisialta, polaitiúla agus rioscaí a bhaineann leis an margadh agus ar aon rioscaí ábhartha eile, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, suaitheadh an tsoláthair ón soláthróir gáis is mó. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ar fad trí bhearta éifeachtacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bheidh le forbairt sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála. Ba cheart go rannchuideodh torthaí na measúnuithe riosca leis na measúnuithe riosca ina gcuirtear gach guais san áireamh a ndéantar foráil maidir le faoi Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.
(20)Chun ábhar a sholáthar do na measúnuithe riosca, ba cheart don Líonra Eorpach um Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis ('ENTSO le haghaidh gáis') i gcomhar leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus i gcomhar leis an Líonra Eorpach um Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO le haghaidh leictreachais) ionsamhlúcháin a dhéanamh ar fud an Aontais dála an tástáil struis a rinneadh in 2014.
(21)Chun an leibhéal is airde ullmhachta a áirithiú, d'fhonn suaitheadh an tsoláthair a sheachaint agus an tionchar a bheadh aige sin a mhaolú má thagann ann dó mar sin féin, ní mór do na húdaráis inniúla i réigiún ar leith pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a tharraingt suas, tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara. Ba cheart sainiúlachtaí gach Ballstáit a chur san áireamh sna pleananna réigiúnacha. Ba cheart go saineofaí iontu freisin róil agus freagrachtaí na ngnóthas gáis nádúrtha agus na núdarás inniúil. Na bearta náisiúnta a cheapfar, ba cheart dóibh na bearta réigiúnacha atá sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála a chur san áireamh ina niomláine. Ba cheart iad a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí náisiúnta ar shlí a bhainfidh tairbhe iomlán as na deiseanna a thugtar le comhar réigiúnach. Ba cheart na pleananna a bheith teicniúil agus oibríochtúil ó nádúr, ó tharla gurb é an fheidhm a bheidh leo cosc a chur ar éigeandáil nó ar fhorbairt éigeandála agus a tionchar a mhaolú. Ba cheart go gcuirfeadh na pleananna cinnteacht na gcóras leictreachais san áireamh agus go mbeadh siad i gcomhréir le pleanáil straitéiseach agus uirlisí tuairiscithe an Aontais Fuinnimh.
(22)Dá bhrí sin, ba cheart róil agus freagrachtaí gach gnóthas gáis nádúrtha agus gach údarás inniúil a shainiú go cruinn chun margadh inmheánach an gháis a choimeád ag feidhmiú mar is ceart, go háirithe má bhíonn suaitheadh sa soláthar nó géarchéimeanna ann. Ba cheart na róil agus na freagrachtaí sin a bhunú ar shlí ina náiritheofaí go nurramófar cur chuige trí leibhéal, ar cur chuige é a mbeadh baint ag na gnóthais ábhartha gáis nádúrtha agus lucht tionscail leis ar dtús, ansin ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, agus ansin ag an Aontas. Le linn do na gnóthais gáis nádúrtha agus dá gcuid custaiméirí bheith ag déileáil le suaitheadh, ba cheart go mbeadh siad in ann dul in iontaoibh sásraí an mhargaidh a fhad is féidir a bhuí leis an Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán freisin maidir le sásraí is féidir a úsáid nuair nach mbeidh na margaí in ann déileáil go hiomchuí a thuilleadh le suaitheadh an tsoláthair gháis ina naonar.
(23)I gcás ina mbeadh géarchéim sholáthair ann, ba cheart deis leordhóthanach a thabhairt do ghníomhaithe margaidh freagairt a thabhairt ar an ngéarchéim trí bhearta margadhbhunaithe a úsáid. I gcás nach leor bearta margadhbhunaithe chun an fhadhb a réiteach, ba cheart do na Ballstáit agus dá núdaráis inniúla bearta a dhéanamh chun éifeachtaí na géarchéime soláthair a dhíothú nó a mhaolú.
(24)Gach uair a bheartaíonn na Ballstáit bearta nach bhfuil bunaithe ar an margadh a thabhairt isteach, ba cheart tuairisc ar an tionchar eacnamaíoch a bheith ag gabháil leo. Áirithítear leis sin go mbeidh an fhaisnéis ag custaiméirí a bheidh de dhíth orthu faoi chostais beart den sórt sin agus áirithítear go bhfuil na bearta trédhearcach, go háirithe maidir leis an ngaol atá acu le praghas an gháis.
(25)I mí an Mhárta 2015 d'iarr an Chomhairle Eorpach roghanna i dtaobh sásra deonach um chomhiomlánú maidir le héileamh a mheasúnú i gcomhréir iomlán le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”) agus le rialacha an Aontais Eorpaigh. Chuirfeadh an méid sin ar chumas na mBallstát agus na ngnóthas gáis nádúrtha na tairbhí a d'fhéadfadh bheith ann a fhiosrú i dtaca le ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha mar dhóigh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa soláthar i gcomhréir leis na rialacha sin.
(26)D'fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag bearta atá dírithe ar an éileamh, amhail malartú breosla nó an soláthar gáis a laghdú chuig tomhaltóirí móra tionsclaíocha de réir ord éifeachtúil eacnamaíoch, chun cinnteacht fuinnimh a áirithiú más féidir iad a chur i bhfeidhm go tapa agus más féidir leo an téileamh a laghdú go suntasach mar fhreagairt ar shuaitheadh an tsoláthair. Ba cheart tuilleadh a dhéanamh chun úsáid thíosach fuinnimh a chur chun cinn, go háirithe i gcás ina mbíonn bearta atá dírithe ar an éileamh de dhíth. Ní mór an tionchar comhshaoil a chur san áireamh maidir leis na bearta a mholtar atá dírithe ar an éileamh agus an tsoláthair de, agus tús áite a thabhairt do bhearta a mbíonn an tionchar is lú acu ar an gcomhshaol, chomh fada agus is féidir sin. Ag an am céanna, ní mór gnéithe a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair agus le hiomaíocht a chur san áireamh.
(27)Agus iad ag tarraingt suas an phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus á chur chun feidhme, ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcónaí, oibriú slán an chórais gáis a chur san áireamh ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Ní mor dóibh aghaidh a thabhairt ar na constaicí teicniúla a dhéanann difear d'oibriú an líonra agus iad a leagan amach sna pleananna sin, lena náirítear aon chúis theicniúil nó slándála le sreafaí a laghdú i gcás éigeandála.
(28)Soláthraítear gás calrach íseal i réigiúin áirithe san Aontas. I bhfianaise a shainiúlachtaí, ní féidir é a úsáid i bhfearais atá ceaptha don ghás calrach ard. Is féidir gás calrach ard a úsáid i bhfearais atá ceaptha don ghás calrach íseal, áfach, ar choinníoll go nathraítear é ina ghás calrach íseal, mar shampla trí nítrigin a chur leis. Ba cheart sainiúlachtaí an gháis chalraigh ísil a bhreithniú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach agus ba cheart iad a chur san áireamh sa mheasúnú riosca agus sna pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus sna pleananna éigeandála.
(29)Is gá a áirithiú gur féidir an ghníomhaíocht a bheith le déanamh i gcás éigeandála a thuar, rud a thabharfadh deis leordhóthanach do gach rannpháirtí sa mhargadh gníomhú agus ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh cúinsí dá sórt freisin. De ghnáth, mar sin, ba cheart do na húdaráis inniúla cloí lena bplean éigeandála. I gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh siad gníomhaíocht a dhéanamh a chlaonann ó na pleananna sin. Is den tábhacht freisin an dóigh a bhfógraítear éigeandálaí a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos fusa a thuar. I dtaca le faisnéis faoi sheasamh comhardaithe an chórais (stádas foriomlán an gréasán tarchurtha), a bhfuil an creat a bhaineann leis leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún, is féidir go mbeidh ról tábhachtach aici ina leith sin. Ba cheart an teolas sin a bheith ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás nach iad an túdarás inniúil ar bhonn fíor-ama.
(30)Ba cheart na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a fhoilsiú agus iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Ba cheart iad a bheith faoi réir athbhreithniú piaraí. Le próiseas an athbhreithnithe piaraí, is féidir neamhréireachtaí agus bearta a d'fhéadfadh cinnteacht soláthair na mBallstáit eile a chur i mbaol a shainaithint go luath, agus dá bhrí sin áirithítear go mbeidh pleananna ó réigiúin éagsúla comhsheasmhach lena chéile. Cuireann sé ar chumas na mBallstát dea-chleachtas a roinnt freisin.
(31)Chun a áirithiú go bhfuil pleananna éigeandála cothrom le dáta agus éifeachtach i gcónaí, ba cheart do na Ballstáit tástálacha a dhéanamh idir gach nuashonrú ar na pleananna trí chásanna mórthionchair agus meántionchair agus freagairtí a ionsamhlú de réir fíor-ama. Ba cheart do na húdaráis inniúla torthaí na dtástálacha a chur i láthair don Ghrúpa Comhordaithe Gáis.
(32)Is gá teimpléid chuimsitheacha éigeantacha lena náirítear na rioscaí ar fad a chumhdófar sa mheasúnú riosca mar aon le comhpháirteanna uile na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na bpleananna éigeandála chun an measúnú riosca agus ullmhúchán na bpleananna a éascú, mar aon leis an athbhreithniú piaraí agus an measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún orthu.
(33)Chun cumarsáid a éascú idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ní mór na measúnuithe riosca, na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach, na pleananna éigeandála agus gach doiciméad agus malartú faisnéise eile a chumhdaítear sa Rialachán seo a fhógairt trí chóras fógartha leictreonach caighdeánacha úsáid.
(34)Mar a léirigh an tástáil struis i mí Dheireadh Fómhair 2014, is gá dlúthpháirtíocht chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú ar fud an Aontais agus chun costais iomlána a choimeád chomh híseal agus is féidir. Má dhéantar éigeandáil a fhógairt in aon Bhallstát, ba cheart cur chuige bunaithe ar dhá chéim faoi leith a chur i bhfeidhm chun dlúthpháirtíocht a neartú. Ar an gcéad dul síos, na Ballstáit a bhfuil caighdeán soláthair níos airde tugtha isteach acu, ba cheart dóibh é a laghdú go dtí luacha réamhshuite chun an margadh gáis a dhéanamh níos leachtaí. Ar an dara dul síos, má theipeann ar an gcéad chéim an soláthar is gá a chur ar fáil, ba cheart do na Ballstáit chomharsanachta bearta breise a chur i bhfeidhm, fiú amháin mura bhfuil éigeandála, chun an soláthar chuig teaghlaigh, seirbhísí sóisialta fíorriachtanacha agus suiteálacha téimh ceantair a áirithiú sa Bhallstát ina bhfuil an éigeandáil. Ba cheart do na Ballstáit mionsonraí na mbeart dlúthpháirtíochta sin a aithint agus a thuairisciú ina gcuid pleananna éigeandála, chun cúiteamh cóir agus cothrom na ngnóthas gáis nádúrtha a áirithiú.
(35)Maidir leis an dlúthpháirtíocht Eorpach, ba cheart, i gcás inar gá sin, í a chur i bhfeidhm i bhfoirm cúnaimh cosanta sibhialta arna sholáthar ag an Aontas agus ag Ballstáit an Aontais. Ba cheart do Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh dá shórt a éascú, agus é mar aidhm leis an comhar idir an tAontas agus na Ballstáit a neartú agus comhordú a éascú i réimse na cosanta sibhialta chun éifeachtacht na gcóras a fheabhsú chun tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc, freagairt a thabhairt orthu agus ullmhúchán a dhéanamh dóibh.
(36)Chun measúnú a dhéanamh ar staid chinnteacht an tsoláthair i mBallstát nó i réigiún ar leith nó san Aontas, is den tábhacht rochtain a bheith ann ar an bhfaisnéis ábhartha. Go háirithe, tá rochtain rialta ar fhaisnéis ó ghnóthais gáis nádúrtha de dhíth ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún i dtaca leis na príomhpharaiméadair a bhaineann leis an soláthar gáis ós rud é gur ábhar bunriachtanach an fhaisnéis sin chun beartais maidir le cinnteacht an tsoláthair a cheapadh. Faoi chúinsí a bhfuil údar iomchuí leo, d'ainneoin fógra éigeandála, ba cheart go bhféadfaí teacht ar an bhfaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar staid iomlán an tsoláthair gháis. De ghnáth, faisnéis maidir le seachadadh gáis nach mbaineann le praghsanna a bheadh san fhaisnéis sin, e.g. toirteanna íosta agus uasta gáis, pointí seachadta nó teorainneacha soláthair. Mar shampla, d'fhéadfaí í a iarraidh i gcás ina mbeadh athruithe ann i bpatrúin an tsoláthair gháis do cheannaitheoir nó do cheannaitheoirí ar leith i mBallstát, patrúin nach mbeifí ag dréim leo dá mbeadh na margaí ag feidhmiú go normálta agus a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar sholáthar gáis an Aontais nó ar chodanna de.
(37)I Márta 2015, thug an Chomhairle Eorpach de thátal uaithi gur cheart go ndéanfaí conarthaí soláthar gáis le soláthróirí as tríú tíortha níos trédhearcaí agus go gcuirfí in oiriúint d'fhorálacha cinnteachta fuinnimh an Aontais iad. Sa chomhthéacs sin, agus sásra éifeachtúil agus spriocdhírithe ann le go mbeadh rochtain ag na Ballstáit ar chonarthaí ríthábhachtacha soláthair gáis, ba cheart go náiritheodh sin go ndéanfaí measúnú cuimsitheach ar rioscaí ábhartha arb é suaitheadh an tsoláthair an toradh a bheadh orthu nó a d'fhéadfadh cur isteach ar na bearta maolúcháin is gá, dá mbeadh géarchéim ann dá nainneoin sin. Faoin sásra sin ba cheart go ndéanfaí fógra a thabhairt go huathoibríoch do na Ballstáit faoi chonarthaí ríthábhachtacha soláthar gáis áirithe, go díreach tar éis na conarthaí sin a chur i gcrích. Mar sin féin, aon oibleagáid maidir le conradh a fhógairt go huathoibríoch, is gá dó a bheith comhréireach. Tríd an oibleagáid sin a chur i bhfeidhm ar chonarthaí idir soláthróir agus ceannaitheoir lena gcumhdaítear 40 % den mhargadh náisiúnta, tugtar ceart don dá thaobh i dtéarmaí éifeachtúlacht riaracháin de agus leagtar síos oibleagáidí soiléire do rannpháirtithe sa mhargadh. Ní fhágann sin nach mbaineann conarthaí soláthair gáis eile le hábhar i dtaca le cinnteacht an tsoláthair. Dá réir sin, ba cheart é a bheith de cheart ag na Ballstáit conarthaí eile a iarraidh a d'fhéadfadh drochthionchar a imirt ar chinnteacht an tsoláthair do Bhallstát nó do réigiún nó don Aontas ina iomláine. Ba cheart an rochtain chéanna a bheith ag an gCoimisiún ar chonarthaí soláthair gáis agus atá ag na Ballstáit, i bhfianaise an róil atá aige measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht agus ar éifeachtúlacht na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na bpleananna éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí do chinnteacht an tsoláthair ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is féidir go niarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit na pleananna a leasú chun an fhaisnéis a fhaightear ó na conarthaí a chur san áireamh. Ba cheart rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a áirithiú. An rochtain níos fearr a bheidh ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le conarthaí trádála, níor cheart go ndéanfadh sé difear d'iarrachtaí leantacha an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar an margadh gáis, agus ba cheart don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh má aithnítear aon sárú ar dhlí an Aontais. Ba cheart go mbeadh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do cheart an Choimisiúin nósanna imeachta maidir le sárú a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus rialacha maidir le hiomaíochas a fhorfheidhmiú, lena náirítear cúnamh stáit.
(38)Ba cheart don Ghrúpa Comhordaithe Gáis gníomhú mar chomhairleoir don Choimisiún chun cuidiú le comhordú na mbeart i leith chinnteacht an tsoláthair i gcás éigeandáil Aontais. Ba cheart dó faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil na bearta a dhéanfar faoin Rialachán seo leordhóthanach agus iomchuí, lena náirítear féachaint an bhfuil na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a tarraingíodh suas sna réigiúin éagsúla agus a ndearna foirne piaraí athbhreithniú orthu, an bhfuil na pleananna sin comhsheasmhach.
(39)Ar cheann de spriocanna an Aontais tá an Comhphobal Fuinnimh a neartú, rud a d'áiritheodh cur chun feidhme éifeachtach acquis fuinnimh an Aontais, leasuithe ar an margadh fuinnimh agus a dhreasódh infheistíochtaí san earnáil fuinnimh trí chomhtháthú níos dlúithe a fhorbairt idir an tAontas agus margaí fuinnimh an Chomhphobail Fuinnimh. Chuige sin, ní mór bainistíocht chomhchoiteann géarchéime a chur i bhfeidhm freisin trí phleananna coisctheacha agus éigeandála a bheartú ar an leibhéal réigiúnach lena náirítear Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh. Ina theannta sin, sa Teachtaireacht a tháinig ón gCoimisiún maidir le seasmhacht ghearrthéarmach an chórais Eorpaí gáis i mí Dheireadh Fómhair 2014 déantar tagairt don ghá le rialacha inmheánacha an mhargaidh fuinnimh a chur i bhfeidhm i dtaca leis an sreabh fuinnimh idir Ballstáit an Aontais agus páirtithe conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh. Mar sin de, chun a áirithiú go ndéanfar bainistíocht éifeachtúil ar ghéarchéimeanna ar theorainneacha idir Ballstáit an Aontais agus na páirtithe conarthacha, ba cheart na socruithe is gá a leagan síos tar éis ghníomh comhpháirteach a ghlacadh ionas gur féidir comhar sonrach a chur i bhfeidhm le haon pháirtí conarthach den Chomhphobal Fuinnimh chomh luath agus a chuirtear na forálacha frithpháirteacha is gá i bhfeidhm go cuí.
(40)Ó tharla go bhfuil soláthairtí gáis ó thríú tíortha ríthábhachtach do chinnteacht sholáthar gáis an Aontais, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht a chomhordú maidir le tríú tíortha, ba cheart dó oibriú leis na tíortha is soláthróirí agus na tíortha idirthurais maidir le socruithe chun dul i ngleic le géarchéimeanna agus sreabh sheasmhach gáis chuig an Aontas a áirithiú. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún i dteideal tascfhórsa a úsáid chun faireachán a dhéanamh, i gcomhairle leis na tríú tíortha lena mbaineann, ar na sreafaí gáis isteach san Aontas le linn géarchéimeanna agus, i gcás ina dtagann do ghéarchéim de dheasca deacrachtaí i dtríú tír, ba cheart go mbeadh sé i dteideal ról mar idirghabhálaí agus mar éascaitheoir a ghlacadh chuige féin.
(41)I gcás ina bhfuil faisnéis iontaofa ann faoi staid lasmuigh den Aontas a chuireann cinnteacht an tsoláthair i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát i mbaol agus go bhféadfaí sásra luathrabhaidh idir an tAontas agus tríú tír a ghníomhachtú dá dheasca sin, ba cheart don Choimisiún an méid sin a chur in iúl don Ghrúpa Comhordaithe Gáis gan mhoill agus ba cheart don Aontas bearta iomchuí a dhéanamh chun féachaint leis an staid a chur ina ceart.
(42)Na Ballstáit a ghníomhaíonn leo féin, ní féidir leo cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go sásúil, eadhon soláthar slán gáis a ráthú laistigh den Aontas. I bhfianaise scála nó éifeachtaí na gníomhaíochta, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(43)Ar mhaithe le freagairt thapa ón Aontas ar chúinsí athraitheacha maidir le cinnteacht an tsoláthair gáis, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar réigiúin agus ar theimpléid le haghaidh measúnú riosca agus pleananna. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag an am céanna, in am maith agus ar an dóigh iomchuí.
(44)Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 994/2010 a aisghairm. Chun nach mbeidh bearna ann, ba cheart go bhfanfadh na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála arna dtarraingt suas faoi Rialachán (CE) Uimh. 994/2010 i bhfeidhm go dtí go nglacfar na pleananna nua um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna nua éigeandála arna dtarraingt suas faoin Rialachán seo den chéad uair.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo forálacha atá dírithe ar chinnteacht an tsoláthair gáis a chosaint trí dhea-fheidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha ("gás") a áirithiú, trí fhoráil a dhéanamh maidir le bearta eisceachtúla a bheidh le cur chun feidhme nuair nach féidir leis an margadh na soláthairtí gáis a bhfuil gá leo a sholáthar a thuilleadh agus trí fhoráil a dhéanamh maidir le freagrachtaí a shainiú go soiléir agus a leithdháileadh ar na gnóthais gáis nádúrtha, na Ballstáit agus an tAontas, ar freagrachtaí iad a bhaineann le gníomhaíocht choisctheach agus le freagairt a thabhairt ar shuaitheadh sonrach soláthair araon. Leis an Rialachán seo freisin, soláthraítear sásraí trédhearcacha, de mheon dlúthpháirtíochta, chun comhordú a dhéanamh ar phleanáil le haghaidh éigeandála ar leibhéal na mBallstát, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais agus chun comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt ina leith sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn 'custaiméir faoi chosaint' custaiméir teaghlaigh atá nasctha le gréasán dáileacháin gáis agus, ina theannta sin, ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, i gcás ina gcinnfidh an Ballstát lena mbaineann amhlaidh:
(a)fiontar beag nó meánmhéide, ar choinníoll go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis, nó seirbhís shóisialta riachtanach, ar choinníoll go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis nó le gréasán tarchurtha gáis, agus ar choinníoll nach núsáideann na fiontair nó na seirbhísí sin le chéile níos mó ná 20 % de thomhaltas gáis deiridh bliantúil deiridh iomlán sa Bhallstát sin;
(b)suiteáil téimh ceantair sa mhéid go soláthraíonn sé teas do chustaiméirí teaghlaigh nó do na fiontair nó seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (a) ar choinníoll nach mbeidh suiteáil den sórt sin in ann athrú go breoslaí eile agus go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis nó le gréasán tarchurtha gáis;
(2)ciallaíonn 'seirbhís shóisialta riachtanach' na seirbhísí cúraim sláinte, éigeandála agus slándála;
(3)ciallaíonn 'údarás rialála náisiúnta' údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE.
Airteagal 3
Freagracht as cinnteacht an tsoláthair gáis
1.Beidh cinnteacht an tsoláthair gháis faoi fhreagracht chomhroinnte na ngnóthas gáis nádúrtha, na mBallstát, go háirithe trína núdaráis inniúla, agus an Choimisiúin, faoi chuimsiú a réimsí gníomhaíochtaí agus inniúlachtaí faoi seach.
2.Ainmneoidh gach Ballstát údarás rialtasach náisiúnta nó údarás rialála náisiúnta mar údarás inniúil dó féin a áiritheoidh go gcuirfear na bearta chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun feidhme . Comhoibreoidh údaráis inniúla lena chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil cúraimí sonracha atá leagtha amach sa Rialachán seo a tharmligean chuig comhlachtaí eile. Déanfar na cúraimí tarmligthe sin faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil agus déanfar iad a shonrú sna pleananna dá dtagraítear in Airteagal 7. Is ar údarás poiblí amháin is féidir fógra le haghaidh aon cheann de na leibhéil géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a tharmligean.
3.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill faoi ainm an údaráis inniúil agus faoi aon athruithe air. Déanfaidh gach Ballstát ainm an údaráis inniúil a phoibliú.
4.Nuair a bheidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialacháin seo á gcur chun feidhme, déanfaidh an túdarás inniúil róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla lena mbaineann a bhunú ar shlí ina náiritheofar go nurramófar cur chuige trí leibhéal, ar cur chuige é a mbeidh na gnóthais ábhartha gáis nádúrtha agus lucht tionscail bainteach leis ar dtús, ansin na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, agus ansin an tAontas.
5.Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíocht na núdarás inniúil a chomhordú ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, de réir mar a leagtar amach sa Rialachán seo, inter alia tríd an nGrúpa Comhordaithe Gáis dá dtagraítear in Airteagal 14 nó tríd an ngrúpa bainistithe géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(4), go háirithe i gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 11(1).
6.Déanfar na bearta chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú, ar bearta iad atá sna pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus sna pleananna éigeandála, a shainiú go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus ní chuirfidh siad cinnteacht sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais ina iomláine i gcontúirt.
7.Chun críocha an chomhair réigiúnaigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo, beidh comhdhéanamh na réigiún bunaithe ar na critéir seo a leanas:
(a)a chóngaraí agus atá siad dá chéile;
(b)na hidirnaisc atá ann faoi láthair, iad sin atá beartaithe, agus an acmhainn idirnaisc idir na Ballstáit mar aon leis na patrúin soláthair;
(c)an fhéidearthacht acmhainní a chomhthiomsú agus rioscaí a chothromú le haghaidh chinnteacht an tsoláthair gháis ar fud an réigiún;
(d)forbairt agus aibíocht an mhargaidh;
(e)líon inbhainistithe Ballstát a bheith i ngach réigiún;
(f)an struchtúir comhair atá ann faoi láthair, a mhéid is féidir.
Tá liosta na réigiún agus an dóigh a bhfuil siad comhdhéanta leagtha amach in Iarscríbhinn I.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun Iarscríbhinn I a leasú bunaithe ar na critéir atá leagtha amach sa chéad fhomhír den mhír seo más amhlaidh gur gá an réigiún a athrú mar gheall ar chúinsí ar leith.
Airteagal 4
An caighdeán bonneagair
1.Déanfaidh gach Ballstát nó déanfaidh an túdarás inniúil, i gcás ina bhforálfaidh Ballstát amhlaidh, a áirithiú go ndéanfar na bearta is gá ionas go mbeidh, i gcás suaite sa bhonneagar gáis is mó, acmhainn theicniúil ann sa chuid eile den bhonneagar, arna chinneadh i gcomhréir le foirmle N–1 dá bhforáiltear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, le gur féidir an téileamh iomlán ar ghás sa limistéar arna ríomh a shásamh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil. Tá an méid sin gan dochar do fhreagracht na noibreoirí córais na hinfheistíochtaí comhfhreagracha a dhéanamh agus d'oibleagáidí na noibreoirí córais tarchurtha de réir mar atá leagtha síos i dTreoir 2009/73/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
2.Maidir leis an oibleagáid a áirithiú go bhfuil an acmhainn ag an gcuid eile den bhonneagar an téileamh iomlán ar ghás a shásamh, dá dtagraítear i mír 1, measfar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta i gcás ina léireoidh an túdarás inniúil, sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach, go bhféadfar suaitheadh soláthair a chúiteamh go leordhóthanach, go tráthúil, trí bhíthin bearta iomchuí margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh. Chun na críche sin, úsáidfear an fhoirmle a tugadh i bpointe 4 d'Iarscríbhinn II.
3.I gcás inarb iomchuí, de réir an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 6, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát comharsanachta teacht ar chomhaontú an oibleagáid atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh le chéile. I gcás den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla ríomh fhoirmle N1 ar fáil sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach mar aon le míniú maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann na socruithe comhaontaithe an oibleagáid sin. Beidh feidhm ag pointe 5 d’Iarscríbhinn II.
4.Cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha faoi deara go mbeidh buanacmhainn fhisiceach ann chun gás a iompar sa dá threo ("acmhainn dhéthreoch") ar na hidirnaisc go léir idir na Ballstáit ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)i gcás nasc le saoráidí táirgthe, le saoráidí GNL agus le gréasáin dáiliúcháin; nó
(b)i gcás inar tugadh díolúine ón oibleagáid sin.
Chun go ndéanfaidh an nós imeachta an bhuanacmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ar idirnascaire nó chun díolúine a fhadú nó a fháil ón oibleagáid sin, beidh feidhm ag Iarscríbhinn III maidir leis.
5.Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta na costais a thabhaítear go héifeachtúil san áireamh, costais a bhaineann le comhlíonadh na hoibleagáide atá leagtha amach i mír 1 agus na costais a bhaineann le buanacmhainn dhéthreoch a chumasú ionas go ndeonófar dreasachtaí iomchuí agus na taraifí nó na modheolaíochtaí á socrú nó á bhformheas, ar shlí thrédhearcach mhionsonraithe, i gcomhréir le hAirteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE agus le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
6.A mhéid nach mbeidh infheistíocht de dhíth ón margadh chun buanacmhainn dhéthreoch a chumasú agus a fheabhsú agus i gcás ina dtabhófar costais leis an infheistíocht sin i níos mó ná Ballstát amháin nó i mBallstát amháin ar mhaithe le Ballstát eile, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát go léir lena mbaineann cinneadh comhpháirteach maidir le leithdháileadh na gcostas sula ndéanfar aon chinneadh infheistíochta. Le leithdháileadh na gcostas cuirfear san áireamh go háirithe an cion de thairbhí ó na hinfheistíochtaí bonneagair chun cinnteacht an tsoláthair a mhéadú do na Ballstáit lena mbaineann, chomh maith le hinfheistíochtaí a rinneadh sa bhonneagar céanna.
7.Áiritheoidh an túdarás inniúil go gcuideoidh aon bhonneagar tarchurtha nua le cinnteacht an tsoláthair trí ghréasán dea-nasctha a fhorbairt, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin líon leordhóthanach pointí iontrála agus pointí fágála trasteorann a bheith ann de réir éileamh an mhargaidh agus na rioscaí a shainaithneofar. Mar chuid den mheasúnú riosca, déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas an bhfuil tranglaim inmheánacha ann agus an mbeidh an acmhainn iontrála náisiúnta agus na bonneagair , go háirithe gréasáin tarchurtha, in ann na sreafaí gáis náisiúnta agus trasteorann a oiriúnú don chás ina dtarlódh suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó ar an leibhéal náisiúnta agus sa bhonneagar gáis comhleasa is mó sa réigiún, de réir mar a shainaithneofar sa mheasúnú riosca iad.
8.Ar mhodh eisceachta, ní bheidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn faoi cheangal ag an oibleagáid atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo ach féachfaidh siad leis an oibleagáid sin a chomhlíonadh, agus na soláthairtí gáis do chustaiméirí faoi chosaint á náirithiú ag an am céanna, i gcomhréir le hAirteagal 5. Beidh feidhm ag an eisceacht sin:
(a)i gcás Lucsamburg: fad atá dhá idirnascaire ar a laghad aici le Ballstáit eile, fad atá dhá fhoinse soláthair éagsúla ar a laghad aici agus fad nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ar a críoch aici;
(b)i gcás na Slóivéine: fad atá dhá idirnascaire ar a laghad aici le Ballstáit eile, fad atá dhá fhoinse soláthair éagsúla ar a laghad aici agus fad nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ná saoráidí GNL ar a críoch aici;
(c)i gcás na Sualainne: fad nach bhfuil aon idirthuras gáis chuig Ballstáit eile ar a críoch féin, fad atá olltomhaltas gáis intíre bliantúil aici atá níos lú ná 2 Mtoe agus fad a thagann níos lú ná 5 % den tomhaltas fuinnimh phríomha iomlán ó ghás.
Áiritheoidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn, ar shlí thrédhearcach, mhionsonraithe agus neamh-idirdhealaitheach, go ndéanfar tástáil mhargaidh rialta le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar agus cuirfidh siad torthaí na dtástálacha sin ar fáil don phobal. Déanfaidh siad an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon athrú a thiocfaidh ar na coinníollacha a leagtar amach san fhomhír sin. Scoirfidh an eisceacht atá leagtha síos sa chéad fhomhír d'fheidhm a bheidh aici i gcás nach gcomhalltar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha sin a thuilleadh.
Faoin 3 Nollaig 2018, cuirfidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn tuarascáil chuig an gCoimisiún ina ndéanfar cur síos ar staid gach ceann de na coinníollacha atá leagtha síos san fhomhír sin agus ar chomhlíonadh ionchasach na hoibleagáide i mír 1 den Airteagal, agus aird á tabhairt ar an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leis an gcaighdeán bonneagair a chomhall, ar thorthaí na tástála margaidh agus ar fhorbairt an mhargaidh gáis agus ar thionscadail bonneagar gáis sa réigiúin. Ar bhonn na tuarascála sin agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha atá leagtha amach sa chéad fhomhír á gcomhall fós, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir leis an eisceacht leanúint d’fheidhm a bheith aici ar feadh 4 bliana eile. I gcás ina ndéantar cinneadh dearfach, déanfar an nós imeachta atá leagtha amach san fhomhír sin a chur i gcrích arís tar éis 4 bliana.
Airteagal 5
An caighdeán tsoláthair
1.Ceanglóidh an túdarás inniúil ar na gnóthais gáis nádúrtha a shainaithneoidh sé bearta a dhéanamh chun an soláthar gáis a áirithiú do chustaiméirí faoi chosaint an Bhallstáit i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)i gcás teochtaí foircneacha ar feadh buaicthréimhse 7 lá a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;
(b)i gcás tréimhse 30 lá ar a laghad ina bhfuil éileamh ard urghnách ar ghás agus a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil;
(c)i gcás tréimhse 30 lá ar a laghad i gcás suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó faoi ghnáthdhálaí geimhridh.
Faoi cheann an 31 Márta 2017 ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún a sainmhíniú féin ar chustaiméirí faoi chosaint, toirteanna bliantúla tomhaltas gáis na gcustaiméirí faoi chosaint agus an céatadán den tomhaltas gáis deiridh iomlán atá i gceist sa Bhallstát sin. I gcás ina gcuimsítear na catagóirí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) d'Airteagal 2(1) i sainmhíniú Ballstáit ar chustaiméirí faoi chosaint, déanfaidh sé na toirteanna tomhaltais gháis a fhreagraíonn do thomhaltóirí sna catagóirí sin a shonrú san fhógra chuig an gCoimisiún maille leis an gcéatadán den tomhaltas a ghabhann le gach ceann de na grúpaí tomhaltóirí sin, i dtéarmaí úsáid dheiridh bhliantúil an gháis.
Déanfaidh an túdarás inniúil na gnóthais gáis nádúrtha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint agus iad a shonrú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach. Aon bhearta nua a bheidh beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an caighdeán soláthair an nós imeachta arna bhunú in Airteagal 8(4).
Féadfaidh na Ballstáit an oibleagáid atá leagtha síos sa chéad mhír a chomhlíonadh trí fhoinse eile fuinnimh a chur in ionad an gháis a mhéid agus go mbainfear amach an leibhéal céanna cosanta.
2.Maidir le haon mhéadú ar an gcaighdeán soláthair a leanfaidh ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 nó maidir le haon oibleagáid bhreise a fhorchuirfear ar ghnóthais gáis nádúrtha ar chúiseanna a bhainfidh le cinnteacht an tsoláthair gáis, beidh siad bunaithe ar an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 6, déanfar iad a léiriú sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus:
(a)comhlíonfaidh siad Airteagal 3(6);
(b)ní bheidh tionchar diúltach acu ar chumas aon Bhallstáit eile soláthar a thabhairt dá chuid custaiméirí faoi chosaint i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás éigeandáil náisiúnta, réigiúnach nó éigeandáil Aontais; agus
(c)comhlíonfaidh siad na critéir atá sonraithe in Airteagal 11(5) i gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais.
San áireamh sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach beidh cosaint ar an dóigh a gcomhlíonann na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír sin. Ina theannta sin, aon bhearta nua dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhlíonfaidh sé an nós imeachta arna bhunú in Airteagal 8(4).
3.Tar éis na dtréimhsí a shaineoidh an túdarás inniúil i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, nó faoi dhálaí níos déine ná iad siúd a shainítear i mír 1, féachfaidh an túdarás inniúil agus na gnóthais gáis nádúrtha leis an soláthar gáis a choimeád ar bun a mhéid is féidir, go háirithe do chustaiméirí faoi chosaint.
4.Maidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirfear ar na gnóthais gáis nádúrtha chun an caighdeán soláthair atá leagtha síos san Airteagal seo a chomhall, ní bheidh siad idirdhealaitheach agus ní chuirfidh siad ualach míchuí ar na gnóthais sin.
5.Ceadófar do na gnóthais gáis nádúrtha a gcuid oibleagáidí faoin Airteagal a chomhall ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí. Ní éileoidh na húdaráis inniúla go mbeidh na caighdeáin a leagtar síos san Airteagal seo le comhall bunaithe ar bhonneagair a bheidh lonnaithe ar a gcríoch amháin.
6.Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbunófar coinníollacha a bhainfidh leis an soláthar do chustaiméirí faoi chosaint gan dochar d'fheidhmiú cuí an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh agus ar phraghas a urramóidh luach an tráchtearra sa mhargadh.
Airteagal 6
Measúnú riosca
1.Déanfaidh na húdaráis inniúla as gach réigiún mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I measúnú comhpháirteach ar an leibhéal réigiúnach ar na rioscaí ar fad a mbeidh tionchar acu ar chinnteacht an tsoláthair gháis. Cuirfidh an measúnú na rioscaí ábhartha uile san áireamh, amhail tubaistí nádúrtha, rioscaí ó thaobh na teicneolaíochta, na trádala, na sochaí, na polaitíochta de agus rioscaí eile freisin. Is mar seo a leanas a dhéanfar an measúnú riosca:
(a)na caighdeáin atá sonraithe in Airteagal 4 agus Airteagal 5 a úsáid. Tabharfar tuairisc sa mheasúnú riosca ar ríomh fhoirmle N1 ar an leibhéal náisiúnta agus cuirfidh sé ríomh fhoirmle N1 ar an leibhéal réigiúnach san áireamh freisin. Cuirfidh an measúnú riosca na toimhdí a úsáidfear san áireamh, lena náirítear na toimhdí a úsáidfear chun foirmle N1 a ríomh ar an leibhéal réigiúnach, mar aon leis na sonraí is gá le haghaidh ríomh den sórt sin. Beidh ag gabháil le ríomh na foirmle N–1 ar an leibhéal náisiúnta, ionsamhlúchán ina léireofar i samhail hiodrálach an dóigh a gcuirfeadh suaitheadh isteach ar an mbonneagar is mó mar aon le ríomh fhoirmle N1 bunaithe ar leibhéal an gháis atá á stóráil, ar leibhéal 30 % agus 100 % den toilleadh iomlán;
(b)cuirfear san áireamh na himthosca ábhartha náisiúnta agus réigiúnacha ar fad, go háirithe méid an mhargaidh, cumraíocht an ghréasáin, na sreafaí iarbhír, lena náirítear an teis-sreabhadh ó na Ballstáit lena mbaineann, an fhéidearthacht go mbeidh sreafaí fisiceacha gáis sa dá threo ann, lena náirítear an gá a d'fhéadfadh a bheith ann an córas tarchurtha a athneartú dá bharr, acmhainní táirgthe agus stórála a bheith ann agus ról an gháis i measc na bhfoinsí éagsúla fuinnimh, go háirithe i ndáil le téamh ceantair agus giniúint leictreachais agus ar mhaithe le hoibriú na dtionscal, agus gnéithe a bhaineann le sábháilteacht agus le cáilíocht an gháis;
(c)cásanna éagsúla a rith chun measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bhainfeadh le héileamh gáis urghnách agus le suaitheadh an tsoláthair lena gcuirfear san áireamh stair, dóchúlacht, séasúr, minicíocht agus fad na gcásanna sin, amhail:
(i)suaitheadh an bhonneagair is ábhartha i dtaca le cinnteacht an tsoláthair, go háirithe an bonneagar tarchurtha, stórtha nó críochfoirt GNL, lena náirítear an bonneagar is mó arna shainaithint chun foirmle N1 a ríomh, agus
(ii)suaitheadh soláthairtí ó sholáthróirí i dtríú tíortha, chomh maith le rioscaí geopholaitiúla, i gcás inarb iomchuí;
(d)idirghníomhú agus comhghaolú na rioscaí sna Ballstát eile sa réigiún agus le Ballstáit eile a shainaithint, de réir mar is iomchuí, lena náirítear, inter alia, a mhéid a bhainfidh le hidirnaisc, soláthairtí trasteorann, rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus acmhainn dhéthreoch;
(e)aird a thabhairt ar uasacmhainn idirnaisc gach pointe iontrála agus fágála trasteorann agus ar leibhéil éagsúla líonta na stórála.
2.Déanfaidh na húdaráis inniúla laistigh de gach réigiún sásra comhair a chomhaontú chun an measúnú riosca a dhéanamh faoin spriocdháta dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo. Tabharfaidh na húdaráis inniúla tuairisc don Ghrúpa Comhordaithe Gáis faoin sásra comhair comhaontaithe chun an measúnú riosca a dhéanamh 18 mí roimh an spriocdháta le haghaidh an mheasúnú riosca a ghlacadh agus é a thabhairt cothrom le dáta. Féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhúchán an mheasúnaithe riosca, go háirithe i dtaobh an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla i réigiún ar chomhaontú maidir le sásra comhair, féadfaidh an Coimisiún sásra comhoibriúcháin a bheartú don réigiún sin.
Faoi chuimsiú an tsásra comhair chomhaontaithe déanfaidh gach údarás inniúil na sonraí náisiúnta uile is gá chun an measúnú riosca a ullmhú a roinnt agus iad a thabhairt cothrom le dáta bliain amháin roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt maidir leis an measúnú riosca, go háirithe le haghaidh na gcásanna éagsúla a rith dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.
3.Déanfar an measúnú riosca a ullmhú i gcomhréir leis an teimpléad in Iarscríbhinn IV. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na teimpléid sin a leasú.
4.Comhoibreoidh na gnóthais gáis nádúrtha, na custaiméirí tionsclaíocha gáis , na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí teaghlaigh agus ar chustaiméirí tionsclaíocha gáis, chomh maith leis na Ballstáit agus an túdarás rialála náisiúnta, i gcás nach é an túdarás inniúil é, comhoibreoidh siad leis na húdaráis inniúla agus déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá don mheasúnú riosca a sholáthar dóibh arna iarraidh sin dóibh.
5.Nuair a bheidh comhaontú idir na Ballstáit ar fad sa réigiún maidir leis an measúnú riosca, tabharfar fógra faoi don Choimisiún den chéad uair an 1 Meán Fómhair 2018 ar a dhéanaí. Déanfar an measúnú riosca a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana mura rud é, de bharr na nimthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú riosca an dul chun cinn atá déanta sna hinfheistíochtaí is gá chun déileáil leis an gcaighdeán bonneagair atá sainithe in Airteagal 4 agus ar na deacrachtaí tírshonracha tháinig chun cinn agus réitigh mhalartacha nua á gcur chun feidhme. Tógfar ar an taithí a fuarthas trí ionsamhlúchán na bpleananna éigeandála atá in Airteagal 9(2).
6.Faoin 1 Samhain 2017 déanfaidh an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis ionsamhlúchán ar fud an Aontais de chásanna suaite maidir leis an soláthar agus n mbonneagar. Is é an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis i gcomhar leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis a dhéanfaidh na cásanna a shainiú. Cuirfidh na húdaráis inniúla na sonraí is gá ar fáil don Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis do na hionsamhlúcháin sin amhail luachanna buaicéilimh, acmhainn táirgeachta agus bearta ó thaobh an éilimh de. Cuirfidh na húdaráis inniúla torthaí na nionsamhlúchán san áireamh chun na measúnuithe rioscaí, pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú. Déanfar ionsamhlúchán ar fud an Aontais de chásanna suaite maidir leis an soláthar agus an bonneagar a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana mura rud é, de bharr na nimthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice..
Airteagal 7
Plean um ghníomhaíocht choisctheach agus plean éigeandála a bhunú
1.Déanfaidh údaráis inniúla gach réigiúin arna liostú in Iarscríbhinn I, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na gnóthais gáis nádúrtha, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna custaiméirí teaghlaigh gáis agus custaiméirí tionsclaíocha gáis, lena náirítear táirgeoirí leictreachais, agus leis na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás nach údaráis inniúil iad, na nithe seo a leanas a bhunú i gcomhar le chéile:
(a)plean um ghníomhaíocht choisctheach ina mbeidh na bearta a ghlacfar chun na rioscaí a shainaithneofar sa réigiún a dhíothú nó a mhaolú, lena náirítear rioscaí ar de ghné náisiúnta amháin iad, i gcomhréir leis an measúnú riosca arna dhéanamh de bhun Airteagal 6 agus i gcomhréir le hAirteagal 8; agus
(b)plean éigeandála ina mbeidh na bearta a dhéanfar chun díothú nó maolú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag suaitheadh soláthair gáis sa réigiún, lena náirítear teagmhas ar de ghné náisiúnta amháin iad, i gcomhréir le hAirteagal 9.
2.Déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach réigiún sásra comhair a chomhaontú in am maith le gur féidir na pleananna a bhunú agus gur féidir fógra a thabhairt ina leith agus i leith na bpleananna cothrom le dáta freisin.
Na bearta is gá chun rioscaí a bhaint agus a mhaolú ar de ghné náisiúnta amháin iad mar aon leis na bearta a ghlacfar chun tionchar teagmhas a bhaint nó a mhaolú, teagmhais nach mór aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta amháin i ngeall ar a theoranta atá siad, déanfaidh an túdarás inniúil i ngach réigiún iad a fhorbairt agus cuirfear san áireamh sna pleananna a fhorbrófar ar an leibhéal réigiúnach iad. Ní chuirfidh bearta náisiúnta dá sórt bac ar bith ar éifeachtacht beart ar an leibhéal réigiúnach. Ina theannta sin, déanfaidh gach údarás inniúil réimsí le haghaidh comhar réigiúnach agus comhbhearta féideartha a shainaithint. Na bearta naisiúnta mar aon leis na tograí le haghaidh comhar réigiúnach, déanfar iad a roinnt ar údaráis inniúla eile sa réigiún bliain amháin roimh an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt i leith pleananna.
Tabharfaidh údaráis inniúla tuairisc rialta don Ghrúpa Comhordaithe Gáis faoin dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a ullmhú agus a ghlacadh. Go háirithe, tabharfaidh údaráis inniúla tuairisc don Ghrúpa Comhordaithe Gáis faoin sásra comhair comhaontaithe 18 mí roimh an spriocdháta le haghaidh na pleananna a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta. Féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún go ginearálta in ullmhú na bpleananna, go háirithe chun an sásra comhair a bhunú. Mura dtiocfaidh údaráis inniúla i réigiún ar chomhaontú maidir le sásra comhair, féadfaidh an Coimisiún sásra comhoibriúcháin a mholadh don réigiún sin. Áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme na bpleananna sin.
3.Déanfar an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála a fhorbairt i gcomhréir leis na teimpléid in Iarscríbhinn V. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na teimpléid sin a leasú.
4.Glacfaidh na Ballstáit ar fad sa réigiún na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála, agus déanfar iad a phoibliú agus tabharfaidh siad fógra ina leith don Choimisiún faoin 1 Márta 2019 ar a dhéanaí. Tabharfar an fógra sin nuair a bheidh na pleananna ghlactha ag na Ballstáit ar fad sa réigiún. Cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis ar an eolas go bhfuil fógra tugtha i leith na bpleananna agus foilseofar iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
5.Faoi cheann ceithre mhí ón am a thabharfaidh na húdaráis inniúla an fógra, déanfaidh an Coimisiún na pleananna sin a mheasúnú, agus aird chuí á tabhairt aige freisin ar an athbhreithniú piaraí agus ar na tuairimí gcur in iúl sa Ghrúpa Comhordaithe Gáis. Beidh feidhm ag Iarscríbhinn VI maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hathbhreithnithe piaraí a dhéanamh.
Tabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh d'údaráis inniúla an réigiúin ina mbeidh moladh an plean um ghníomhaíocht choisctheach nó an plean éigeandála ábhartha a athbhreithniú má mheasfar go bhfuil ceann amháin de na heilimintí seo a leanas sa phlean:
(a)nach mbeidh sé éifeachtach na rioscaí arna sainaithint sa mheasúnú riosca a mhaolú;
(b)nach mbeidh sé i gcomhréir leis na cásanna riosca a measúnaíodh nó le pleananna réigiúin eile;
(c)go bhféadfaidh sé an iomaíocht a shaobhadh nó bac a chur ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh;
(d)nach ndéanfaidh sé forálacha an Rialacháin seo nó forálacha eile Dhlí an Aontais a chomhlíonadh;
(e)go gcuirfidh sé cinnteacht an tsoláthair gháis do Bhallstáit eile nó don Aontas ina iomláine i mbaol.
6.Laistigh de thrí mhí tar éis fógra a fháil faoin tuairim ón gCoimisiúin dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra a chur chuig an gCoimisiún faoin bplean leasaithe, nó cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna nach naontaíonn siad leis na moltaí.
I gcás easaontais, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí mhí tar éis freagra na núdarás inniúil a fháil, cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar an plean ábhartha a leasú. Déanfaidh na húdaráis inniúla an plean a ghlacadh agus a phoibliú faoi cheann trí mhí ón uair a thabharfar fógra faoi chinneadh ón gCoimisiún.
7.Caomhnófar rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála.
8.Beidh feidhm ag na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála a forbraíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 994/2010, arna dtabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí, go dtí go mbunófar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála dá dtagraítear i mír 1 den chéad uair.
Airteagal 8
Inneachar na bpleananna náisiúnta um ghníomhaíocht choisctheach
1.Beidh sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach:
(a)torthaí an mheasúnaithe riosca mar aon le hachoimre ar na cásanna féideartha a cuireadh faoi mheas de réir mar atá leagtha síos i bpointe (c) d'Airteagal 6(1);
(b)sainmhíniú ar cad is custaiméir faoi chosaint ann i ngach Ballstáit sa réigiún agus an fhaisnéis atá sa dara fomhír d'Airteagal 5(1);
(c)na bearta, toirteanna agus acmhainní is gá chun na caighdeáin bonneagair agus soláthair a chomhlíonadh i ngach Ballstát sa réigiún, mar atá leagtha síos in Airteagal 4 agus Airteagal 5 lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid is féidir le bearta atá dírithe ar an éileamh cúiteamh leordhóthanach a thabhairt, go tráthúil, as suaitheadh sa soláthar dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an bonneagar gáis comhleasa is mó arna shonrú i gcás ina gcuirfear Airteagal 4(3) i bhfeidhm, na toirteanna gáis is gá do gach catagóir de chustaiméirí faoi chosaint agus do gach cás féideartha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon chaighdeán soláthair méadaithe faoi Airteagal 5(2), lena náirítear an túdar atá leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 5(2) a chomhlíonadh agus tuairisc ar shásra lena laghdaítear aon chaighdeán soláthair méadaithe go sealadach nó aon oibleagáid bhreise i gcomhréir le hAirteagal 12;
(d)oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha agus ar chomhlachtaí ábhartha eile ar dócha tionchar a bheith acu ar chinnteacht an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le hoibriú sábháilte an chórais gáis;
(e)na bearta coisctheacha eile a cheapfar chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí arna sonrú sa mheasúnú riosca, amhail an gá feabhas a chur ar na hidirnaisc idir Ballstáit chomharsanachta agus an cumas bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú, más iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bheidh sonraithe ionas go ndéanfar an soláthar gáis a choimeád ar bun do gach custaiméir a mhéid is féidir;
(f)faisnéis faoin tionchar eacnamaíoch, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart a bheidh sa phlean, lena náirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);
(g)tuairisc ar thionchair na mbeart sa phlean maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus margaí náisiúnta, lena náirítear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (k);
(h)tuairisc ar thionchar na mbeart ar an gcomhshaol agus ar thomhaltóirí;
(i)na sásraí a úsáidfear le haghaidh comhar le Ballstáit eile, lena náirítear na sásraí chun pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a ullmhú agus a chur chun feidhme;
(j)faisnéis faoi na hidirnaisc atá ann cheana agus faoi na hidirnaisc a bheidh ann amach anseo, lena náirítear na hidirnaisc sin a sholáthraíonn rochtain ar ghréasán gáis an Aontais, ar shreafaí trasteorann, ar rochtain trasteorann ar shaoráidí stórála agus saoráidí GNL agus ar an acmhainn dhéthreoch, go háirithe i gcás éigeandála;
(k)faisnéis faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí go léir a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair gáis.
2.Maidir leis an bplean um ghníomhaíocht choisctheach, go háirithe na gníomhaíochtaí is gá chun an caighdeán bonneagair atá leagtha síos in Airteagal 4 a shásamh, cuirfear san áireamh iontu an plean forbartha gréasáin deich mbliana uileAontais a bheidh le tarraingt suas ag an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis de bhun Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
3.Is ar bhearta margaidh go príomha a bheidh an plean um ghníomhaíocht choisctheach bunaithe agus ní chuirfidh sé ualach míchuí ar ghnóthais gáis nádúrtha, nó ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh gáis.
4.Déanfaidh na Ballstáit measúnú tionchair ar na bearta coisctheacha ar fad nach bhfuil margadhbhunaithe agus a ghlacfar tar éis don Rialachán seo dul i bhfeidhm, lena náirítear na bearta lena gcomhlíontar an caighdeán soláthair atá leagtha síos in Airteagal 5(1) agus na bearta le haghaidh chaighdeáin an tsoláthair mhéadaithe atá leagtha síos in Airteagal 5(2). Cuimseofar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa mheasúnú tionchair sin:
(a)tionchar an bhirt atá beartaithe ar fhorbairt an mhargaidh náisiúnta gáis agus an iomaíocht ar an leibhéal náisiúnta;
(b)tionchar an bhirt atá beartaithe ar an margadh inmheánach gáis;
(c)an tionchar féideartha ar chinnteacht sholáthar gáis na mBallstát comharsanachta, go háirithe i gcás na mbeart sin a d'fhéadfadh an leachtacht sna margaí réigiúnacha a laghdú nó bac a chur ar shreafaí i dtreo na mBallstát comharsanachta;
(d)costais agus sochair® na mbeart, i gcomparáid le bearta eile margadhbhunaithe;
(e)measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht an bhirt i gcomparáid le bearta féideartha margadhbhunaithe;
(f)a oscailte agus atá an beart, d'fhonn comhdheiseanna a áirithiú do gach rannpháirtí sa mhargadh;
(g)straitéis dul in éag, ina léireofar an tachar ama chun an beart atá beartaithe a dhéanamh agus amscála iomchuí a leagan síos le haghaidh athbhreithnithe.
Is iad na húdaráis rialála náisiúnta a dhéanfaidh an anailís dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).
5.Is é an túdarás inniúil a dhéanfaidh an measúnú tionchair agus a dhéanfaidh na bearta arna nglacadh a fhoilsiú agus a fógra a thabhairt ina leith don Choimisiún. Faoi cheann ceithre mhí ón am a chuirfear an fógra amach, glacfaidh an Coimisiún cinneadh agus féadfaidh sé ceangal a chur ar na Ballstáit na bearta arna nglacadh a leasú. Is ar an lá tar éis an dáta a gheofar fógra críochnaitheach a thosóidh an tréimhse sin. Féadfaidh an tréimhse a fhadú freisin le toiliú an Choimisiúin agus an Bhallstáit araon.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar an leasú nó lena gceanglófar beart a aisghairm sna cásanna seo a leanas:
(a)nuair is dócha go ndéanfadh sé saobhadh ar mhargadh inmheánach an Aontais;
(b)nuair is dócha go ndeánfadh sé saobhadh ar fhorbairt an mhargaidh náisiúnta gáis;
(c)nuair nach bhfuil an beart de dhíth nó comhréireach chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú; nó
(d)nuair is dócha go gcuirfí cinnteacht sholáthar na mBallstát eile i mbaol.
Ní thiocfaidh an beart arna ghlacadh i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún é a fhormheas nó go dtí go ndéanfar é a leasú i gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún.
6.Déanfar an plean um ghníomhaíocht choisctheach a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana tar éis an 1 Márta 2019, mura rud é, de bharr na nimthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice nó arna iarraidh sin don Choimisiún. Léireofar sa phlean cothrom le dáta an measúnú riosca cothrom le dáta agus torthaí na dtastálacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9(2). Beidh feidhm ag Airteagal 7(3) go dtí (7) maidir leis an bplean cothrom le dáta.
Airteagal 9
Inneachar na bpleananna éigeandála
1.Déanfaidh an plean éigeandála:
(a)forbairt ar na leibhéil ghéarchéime atá leagtha amach in Airteagal 10(1);
(b)róil agus freagrachtaí na ngnóthas gáis nádúrtha agus na gcustaiméirí tionsclaíocha gáis a shainiú, lena náirítear táirgeoirí leictreachais ábhartha, agus a mhéid a chuireann suaitheadh an tsoláthar gáis isteach orthu á chur san áireamh, mar aon leis an idirghníomhú leis na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis rialála náisiúnta ag gach ceann de na leibhéil ghéarchéime atá sainithe in Airteagal 10(1);
(c)róil agus freagrachtaí na núdarás inniúil agus na gcomhlachtaí eile a ndearnadh cúraimí a tharmligean chucu, dá dtagraítear in Airteagal 3(2), a shainiú ar gach ceann de na leibhéil ghéarchéime atá sainithe in Airteagal 10(1) den Airteagal seo;
(d)a áirithiú go dtabharfar deis leordhóthanach do ghnóthais gáis nádúrtha agus do chustaiméirí tionsclaíocha gáis, lena náirítear táirgeoirí ábhartha leictreachais, freagairt a thabhairt ar gach leibhéal géarchéime;
(e)i gcás inarb iomchuí, na bearta agus na gníomhaíochtaí a shonrú a bheidh le déanamh chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar théamh ceantair agus ar an soláthar leictreachais a ghintear ó ghás;
(f)nósanna imeachta mionsonraithe agus bearta mionsonraithe a bhunú a leanfar i gcás gach leibhéil géarchéime, lena náirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;
(g)bainisteoir géarchéime nó foireann ghéarchéime a ainmniú agus a ról a shainiú;
(h)rannchuidiú na mbeart margadhbhunaithe chun déileáil leis an leibhéal foláirimh agus chun an staid a mhaolú ar an leibhéal éigeandála a shainiú;
(i)rannchuidiú na mbeart nach bhfuil margadhbhunaithe agus atá beartaithe nó a chuirfear chun feidhme ar an leibhéal éigeandála a shainaithint, agus measúnú a dhéanamh ar an méid is gá na bearta nach bhfuil mhargadhbhunaithe sin a úsáid chun dul i ngleic le géarchéim. Déanfar measúnú ar thionchar na mbeart nach bhfuil margadhbhunaithe agus déanfar nósanna imeachta lena gcur chun feidhme a shainiú Ní úsáidfear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe ach amháin nuair nach féidir le sásraí margadhbhunaithe amháin soláthairtí a áirithiú a thuilleadh, go háirithe soláthairtí do chustaiméirí faoi chosaint, nó chun Airteagal 12 a chur i bhfeidhm;
(j)tuairisc a thabhairt ar na sásraí a úsáidtear le haghaidh comhair le Ballstáit eile ar gach leibhéal géarchéime ar leith;
(k)na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha ar an leibhéal foláirimh agus ar an leibhéal éigeandála a mhionsonrú;
(l)tuairisc a thabhairt ar na socruithe teicniúla nó dlíthiúla atá ann chun tomhaltas míchuí gáis na gcustaiméirí faoi chosaint atá nasctha le gréasán dáileacháin nó tarchurtha gáis a chosc;
(m)tuairisc a thabhairt ar na socruithe teicniúla agus airgeadais atá ann chun na hoibleagáidí dlúthpháirtíochta atá leagtha síos in Airteagal 12 a chur i bhfeidhm;
(n)liosta a bhunú de ghníomhaíochtaí réamhshainithe chun go mbeidh gás ar fáil i gcás éigeandála, lena náirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a mbeidh baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus na sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí sin, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht faisnéise íogaire. D'fhéadfadh comhaontuithe trasteorann idir Ballstáit agus/nó gnóthais gáis nádúrtha a bheith i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin.
2.Na bearta, na gníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta a bheidh sa phlean éigeandála, déanfar iad a thástáil faoi dhó ar a laghad idir na nuashonruithe rialta a dhéanfar gach ceithre bliana dá dtagraítear i mír 3. Chun an plean éigeandála a thástáil, déanfaidh na Ballstáit cásanna féideartha mórthionchair agus meántionchair agus freagairtí a ionsamhlú de réir fíorama. Cuirfidh na húdaráis inniúla torthaí na dtástálacha faoi bhráid an Ghrúpa Comhordaithe Gáis.
3.Déanfar an plean éigeandála a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana tar éis an 1 Márta 2019, mura rud é, de bharr na nimthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice nó arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. Léireofar sa phlean cothrom le dáta an measúnú riosca cothrom le dáta agus conclúidí na dtastálacha a rinneadh i gcomhréir le mír 2. beidh feidhm ag Airteagal 7(3) go dtí (7) maidir leis an bplean cothrom le dáta.
4.Áiritheoidh an plean éigeandála go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte i gcás éigeandála agus ní chuirfidh sé aon bheart i bhfeidhm a chuirfeadh bac míchuí ar an sreabhadh gáis trasna teorainneacha.
Airteagal 10
Fógra géarchéime
5.Seo a leanas na trí leibhéal géarchéime:
(a)leibhéal luathrabhaidh (luathrabhadh): nuair a bheidh faisnéis nithiúil, dháiríre agus iontaofa ann go bhféadfadh teagmhas tarlú ar dóigh dó a bheith ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair agus ar dóigh gurb é a leanfadh as leibhéal an fholáirimh nó leibhéal na héigeandála a ghníomhachtú; féadfar an leibhéal luathrabhaidh a ghníomhachtú le sásra luathrabhaidh;
(b)leibhéal foláirimh (foláireamh): nuair a bheidh suaitheadh sa soláthar nó éileamh ard urghnách ar ghás ann, a bheidh ina chúis le meath suntasach ar staid an tsoláthair, ach an margadh a bheith fós in ann an suaitheadh sin nó an téileamh sin a bhainistiú gan gá dul i muinín beart nach bhfuil margadhbhunaithe;
(c)leibhéal éigeandála (éigeandáil): nuair a bheidh éileamh ard urghnách ar ghás ann nó suaitheadh suntasach sa soláthar nó meath suntasach eile i staid an tsoláthair agus i gcás ina mbeifear tar éis na bearta margaidh uile a chur chun feidhme ach nach leordhóthanach an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh gáis a bheidh fágtha sa chaoi nach mór bearta breise nach bhfuil margadhbhunaithe a thabhairt isteach, go háirithe d'fhonn soláthairtí gáis na gcustaiméirí faoi chosaint a chosaint de réir Airteagal 5.
6.Nuair a fhógróidh an túdarás inniúil aon cheann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó, go háirithe an fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a bheidh sé ar intinn aige a dhéanamh. I gcás éigeandáil a bhféadfaidh iarraidh ar chúnamh ón Aontas agus óna Ballstáit leanúint aisti, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann fógra a thabhairt gan mhoill do Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin.
7.I gcás ina ndéanfaidh an túdarás inniúil éigeandáil a fhógairt, leanfaidh sé an ghníomhaíocht réamhshainithe mar atá leagtha amach ina phlean éigeandála agus cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla sa réigiún ar an eolas láithreach, go háirithe faoin ngníomhaíocht a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh. In imthosca eisceachtúla a mbeidh údar cuí leo, féadfaidh an túdarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh a chlaonann ón bplean éigeandála. Cuirfidh an túdarás inniúil an Coimisiún agus na húdaráis inniúla sa réigiún ar an eolas láithreach maidir le haon ghníomhaíocht den sórt sin agus tabharfaidh sé údar maith léi.
8.Áiritheoidh na Ballstáit agus na húdaráis inniúla go háirithe:
(a)nach dtabharfar aon bhearta isteach a chuirfidh srian míchuí ar shreabh an gháis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth;
(b)nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus
(c)go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte i gcomhréir leis an bplean éigeandála.
9.Fíoróidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, ach laistigh de chúig lá i gcás ar bith, tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil ón údarás inniúil, an mbeidh údar cuí leis an bhfógra éigeandála i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1 agus an leanann na bearta a rinneadh, a dhlúithe is féidir, na gníomhaíochtaí a liostaítear sa phlean éigeandála agus fíoróidh sé nach gcuirfidh siad ualach míchuí ar na gnóthais gáis nádúrtha agus go mbeidh siad i gcomhréir le mír 4. Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó údarás inniúil, ó ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, a iarraidh ar an údarás inniúil na bearta a mhodhnú i gcás ina bhfuil siad contrártha do na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo. Féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar an údarás inniúil, an fógra éigeandála a tharraingt siar i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil údar cuí leis a thuilleadh de réir phointe (c) de mhír 1.
Laistigh de thrí lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, modhnóidh an túdarás inniúil na bearta agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith nó cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na fáthanna nach naontaíonn sé leis an iarraidh. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí lá, an iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó, d'fhonn an tsaincheist a bhreithniú, féadfaidh sé an túdarás inniúil lena mbaineann nó, más iomchuí, na húdaráis inniúla lena mbaineann agus, más é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá leis, an Grúpa Comhordaithe Gáis a thionól. Leagfaidh an Coimisiún amach an réasúnú mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon athruithe ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an túdarás inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. I gcás ina gclaonfaidh cinneadh críochnaitheach an údaráis inniúil ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an túdarás inniúil an réasúnú is bonn leis an gcinneadh sin.
Airteagal 11
Freagairtí éigeandála réigiúnacha agus Aontais
1.Arna iarraidh sin d'údarás inniúil a mbeidh éigeandáil fógartha aige agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(5), féadfaidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais a fhógairt. Arna iarraidh sin do dhá údarás inniúla ar a laghad a mbeidh éigeandáil fógartha acu agus tar éis fíorú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(5), agus i gcás ina mbeidh nasc idir na héigeandálaí sin, fógróidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, de réir mar is iomchuí. I ngach cás, déanfaidh an Coimisiún, tríd an modh cumarsáide is oiriúnaí don staid a úsáid, tuairimí a bhailiú agus tabharfaidh sé dá aire go cuí an fhaisnéis ábhartha uile arna soláthar ag na húdaráis inniúla eile. Nuair a mheasfaidh sé nach bhfuil údar ann a thuilleadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais a fhógairt, fógróidh an Coimisiún go bhfuil deireadh leis an éigeandáil réigiúnach nó leis an éigeandáil Aontais. I ngach cás, tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna lena chinneadh agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoina chinneadh.
2.Tionólfaidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis a luaithe a fhógróidh sé éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais. Le linn na héigeandála réigiúnaí nó na héigeandála Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó thrí Bhallstát ar a laghad, rannpháirtíocht sa Ghrúpa Comhordaithe Gáis a shrianadh, le haghaidh cruinniú iomlán nó cuid de chruinniú, d'ionadaithe na mBallstát agus na núdarás inniúil.
3.I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht na núdarás inniúil a chomhordú, agus aird iomlán á tabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha agus ar na torthaí a éireoidh as an gcomhairliúchán leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, na nithe seo a leanas:
(a)malartú faisnéise a áirithiú,
(b)comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú i dtaca leis an ngníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal réigiúnach i gcoibhneas le leibhéal an Aontais,
(c)na gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le tríú tíortha.
4.Féadfaidh an Coimisiún grúpa bainistithe géarchéime a thionól ina mbeidh na bainisteoirí géarchéime dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 9(1) ó na Ballstáit a mbaineann an éigeandáil leo. Féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú ó na bainisteoirí géarchéime, a iarraidh ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith rannpháirteach. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an Grúpa Comhordaithe Gáis ar an eolas go rialta faoin obair a bheidh ar bun ag an ngrúpa bainistithe géarchéime.
5.Áiritheoidh na Ballstáit agus, go háirithe, áiritheoidh na húdaráis inniúla, an méid seo a leanas:
(a)nach dtabharfar isteach aon bhearta a chuirfeadh srian míchuí ar shreabhadh an gháis laistigh den mhargadh inmheánach aon tráth, go háirithe sreabhadh an gháis go dtí na margaí a mbeidh difear á ndéanamh dóibh;
(b)nach dtabharfar isteach aon bhearta ar dóigh dóibh staid an tsoláthair gáis i mBallstát eile a chur i mbaol mór; agus
(c)go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte i gcomhréir leis an bplean éigeandála.
6.Más rud é, ar iarraidh ó údarás inniúil, ó ghnóthais gáis nádúrtha nó ar a thionscnamh féin, go measann an Coimisiún go bhfuil gníomhaíocht atá déanta ag Ballstát nó ag údarás inniúil nó iompraíocht gnóthais gáis nádúrtha, le linn éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, contrártha do mhír 5, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát sin nó ar an údarás inniúil sin a ghníomhaíocht a athrú nó gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 5, agus cuirfidh sé in iúl dó na cúiseanna leis sin. Tabharfar aird chuí ar an ngá leis an gcóras gáis a oibriú go sábháilte gach tráth.
Laistigh de thrí lá tar éis fógra a thabhairt faoi iarraidh an Choimisiúin, athróidh an Ballstáit nó an túdarás inniúil a ghníomhaíocht agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin nó míneoidh sé don Choimisiún na fáthanna nach naontaíonn sé leis an iarraidh. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí lá, a iarraidh a leasú nó a tharraingt siar nó féadfaidh sé an Ballstát nó an túdarás inniúil agus, i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gá leis, an Grúpa Comhordaithe Gáis a thionól chun an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach an réasúnú mionsonraithe a bheidh aige maidir le haon athruithe ar an ngníomhaíocht a iarraidh. Tabharfaidh an Ballstát nó an túdarás inniúil aird iomlán ar sheasamh an Choimisiúin. Má chlaonann cinneadh críochnaitheach an údaráis inniúil nó an Bhallstáit ó sheasamh an Choimisiúin, soláthróidh an túdarás inniúil nó an Ballstát an réasúnú is bonn leis an gcinneadh sin.
7.Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis, buanliosta ionadaithe a tharraingt suas do thascfhórsa faireacháin ar a mbeidh saineolaithe tionsclaíochta agus ionadaithe ón gCoimisiún. Féadfar an tascfhórsa faireacháin sin a imscaradh lasmuigh den Aontas nuair is gá sin agus déanfaidh sé faireachán agus tuairisciú ar na sreafaí gáis isteach san Aontas, i gcomhar leis na tríú tíortha soláthair agus idirthurais.
8.Déanfaidh an túdarás inniúil an fhaisnéis a bhaineann le haon chúnamh is gá a sholáthar don Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) atá ag an gCoimisiún. Déanfaidh ERCC an staid fhoriomlán a mheasúnú agus comhairle a thabhairt faoin gcúnamh ba cheart a sholáthar do na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh, agus do thríú tíortha nuair is iomchuí sin.
Airteagal 12
Dlúthpháirtíocht
9.I gcás ina mbeidh leibhéal géarchéime éigeandála fógartha ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 10(1), déanfar aon chaighdeán soláthair méadaithe nó aon oibleagáid a fhorchuirfear ar ghnóthais gáis nádúrtha i mBallstáit eile faoi Airteagal 5(2) a laghdú go sealadach go dtí an leibhéal arna bhunú in Airteagal 5(1).
10.Fad agus nach mbeifear in ann an soláthar gáis do theaghlaigh, do sheirbhísí sóisialta riachtanacha ná do shuiteálacha téimh ceantair sa Bhallstát ina bhfógrófar éigeandáil a shásamh, d'ainneoin an beart i mír 1 a bheith curtha i bhfeidhm, ní leanfar den soláthar gáis do chustaiméirí nach teaghlaigh iad, do seirbhísí sóisialta riachtanacha ná do shuiteálacha téimh ceantair i mBallstát eile a bhfuil nasc díreach acu leis an mBallstát a mbeidh an éigeandáil fógartha aige, ní leanfar den soláthar sin a mhéid is gá chun an soláthar do theaghlaigh, do sheirbhísí sóisialta riachtanacha agus do shuiteálacha téimh ceantair na mBallstáit a mbeidh éigeandáil fógartha acu a shásamh.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le seirbhísí sóisialta riachtanacha agus suiteálacha téimh ceantair a mhéid agus go gcuimsítear iad sa sainmhíniú i dtaca le custaiméirí faoi chosaint sa Bhallstát faoi seach.
11.An gás sin nach soláthraítear do chustaiméirí nach teaghlaigh iad, nach seirbhísí sóisialta riachtanacha iad agus nach suiteálacha téimh ceantair iad laistigh dá gcríocha féin mar a tuairiscíodh é i mír 2, glacfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá ionas gur féidir é a sholáthar don Bhallstát a bheidh i log éigeandála mar a tuairiscíodh sa mhír chéanna le haghaidh soláthar do theaghlaigh, seirbhísí sóisialta riachtanacha agus suiteálacha téimh ceantair sa Bhallstát sin.
12.Déanfaidh na ballstáit na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chomhaontú idir na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu lena chéile agus a tuairisceofar sna pleananna éigeandála a bheidh ann ina réigiúin féin. Ar na nithe is féidir a chuimsiú sna socruithe sin tá, i measc rudaí eile, praghsanna gáis a chuirfear i bhfeidhm, úsáid idirnascairí, lena náirítear acmhainn déthreoch, toirteanna gáis agus costais cúitimh a chumhdach. Úsáidfear bearta margadhbhunaithe amhail ceantanna mar chéadrogha le haghaidh cur chun feidhme na hoibleagáide atá leagtha síos i mír 3. I gcás ina ndéanfar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá a leasú chun mír 3 a chur i bhfeidhm, déanfar an plean éigeandála ábhartha a thabhairt cothrom le dáta dá réir.
13.Beidh feidhm ag mír 2 ón 1 Márta 2019.
6.
Mura dtiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá, féadfaidh an Coimisiún creat a bheartú le haghaidh beart dá sórt sa tuairim agus sa chinneadh uaidh maidir leis na pleananna sin.
Airteagal 13
Malartú faisnéise
1.Le linn éigeandála, cuirfidh na gnóthais gáis nádúrtha lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas go háirithe ar fáil don údarás inniúil gach lá:
(a)réamhaisnéisí ar an éileamh agus soláthar laethúil gáis do na chéad trí lá a bheidh le teacht;
(b)an sreabhadh laethúil gáis ag na pointí iontrála agus fágála trasteorann go léir agus, chomh maith leis sin, ag na pointí go léir a nascann saoráid táirgthe, saoráid stórála nó críochfort GNL leis an ngréasán, i milliún méadair chiúbacha in aghaidh an lae (mmc/l);
(c)an tréimhse, arna sloinneadh i laethanta, ar lena linn a atáthar ag súil gur féidir an soláthar gáis a áirithiú do na custaiméirí faoi chosaint.
2.I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, beidh an Coimisiún i dteideal a iarraidh go ndéanfaidh an túdarás inniúil an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar dó gan mhoill:
(a)an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1;
(b)faisnéis faoi na bearta a bheartaítear a dhéanamh agus atá curtha chun feidhme cheana féin ag an údarás inniúil chun an éigeandáil a mhaolú, agus faisnéis faoi éifeachtacht na mbeart sin;
(c)na hiarratais atá déanta ar bhearta breise a bheadh le déanamh ag údaráis inniúla eile;
(d)na bearta atá curtha chun feidhme ar iarraidh ó údaráis inniúla eile.
3.Tar éis éigeandála, déanfaidh an túdarás inniúil, a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, sé seachtaine tar éis a fhógairt go bhfuil deireadh leis an éigeandáil, measúnú mionsonraithe a sholáthar don Choimisiún gan mhoill ar an éigeandáil agus ar éifeachtacht na mbeart a cuireadh chun feidhme, lena náirítear measúnú ar an tionchar eacnamaíoch a bhí ag an éigeandáil, ar an tionchar ar earnáil an leictreachais agus ar an gcúnamh a soláthraíodh don Aontas agus dá Bhallstát nó a fuarthas uathu. Cuirfear an measúnú sin ar fáil don Ghrúpa Comhordaithe Gáis agus léireofar é sna nuashonruithe ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus ar na pleananna éigeandála.
Déanfaidh an Coimisiún anailís ar mheasúnuithe na núdarás inniúla agus cuirfidh sé na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus an Grúpa Comhordaithe Gáis ar an eolas maidir le torthaí a anailíse i bhfoirm chomhiomlán.
4.I gcúinsí a mbeidh údar cuí leo d'ainneoin éigeandáil a bheith fógartha, féadfaidh an túdarás inniúil ceangal a chur ar ghnóthais gáis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil nó an fhaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar staid ghinearálta an tsoláthair gáis sa Bhallstát nó i mBallstáit eile, lena náirítear faisnéis chonarthach. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraíonn gnóthais gáis nádúrtha a iarraidh ó na húdaráis inniúla.
5.I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil tionchar á imirt ar an soláthar gáis i réigiún ar leith nó san Aontas ina iomláine nó gur dócha go mbeidh tionchar á imirt air, féadfaidh sé ceangal a chur ar údaráis inniúla an fhaisnéis is gá a thiomsú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun measúnú a dhéanamh ar staid an tsoláthair gáis san Aontas. Féadfaidh an Coimisiún an measúnú sin a roinnt leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis.
6.Le gur féidir leis na húdaráis inniúla agus an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar staid chinnteacht an tsoláthair ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, cuirfidh gnóthais gáis nádúrtha an méid seo a leanas in iúl:
(e)do na húdaráis inniúla lena mbaineann, na sonraíochtaí a leanas maidir le conarthaí soláthair a mhaireann níos faide na bliain amháin:
(i)fad an chonartha;
(ii)toirteanna conraithe ina niomláine, ar bhonn bliantúil agus an meántoirt in aghaidh na míosa;
(iii)toirteanna laethúla uasta faoin gconradh i gcás práinne nó éigeandála;
(iv)pointí seachadta conraithe;
(v)toirteanna íosta laethúla, míosúla agus bliantúla le haghaidh gáis;
(vi)coinníollacha is gá chun seachadtaí gáis a chur ar fionraí.
(f)don údarás inniúil agus don Choimisiún go díreach tar éis dóibh na conarthaí soláthar gáis a mhaireann níos faide ná bliain amháin a chríochnú nó a mhodhnú tar éis [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ar conarthaí iad a chuireann breis agus 40 % den tomhaltas bliantúil de ghás nádúrtha ar fáil sa Bhallstát lena mbaineann, bíodh sin ó sholáthróir amháin nó go carnach agus in éineacht leis an soláthróir céanna nó lena chuid cleamhnaithe. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt maidir leis na modhnuithe a mbeidh baint acu le praghas an gháis amháin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le gach comhaontú tráchtála ábhartha chun an conradh soláthar gáis a chur i gcrích.
Déanfaidh an túdarás inniúil na sonraí a liostaítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a fhógairt don Choimisiún faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair gach bliain.
7.I gcúinsí a mbeidh údar cuí leo, i gcás ina measfaidh an túdarás inniúil nó an Coimisiún, i dtaca le conradh soláthar gáis nach gcumhdaítear faoi mhír 6(b) den Airteagal seo, go mb'fhéidir go mbeidh tionchar aige ar chinnteacht soláthair Ballstáit, réigiúin nó an Aontais ina iomláine, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina noibríonn an gnóthas gáis nádúrtha a mbeidh an conradh curtha i gcrích aige nó féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an ngnóthas gáis nádúrtha an conradh a chur ar fáil le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh aige ar chinnteacht an tsoláthair. Ina theannta sin, féadfaidh an iarraidh aon chomhaontú tráchtála ábhartha eile a chuimsiú chun an conradh soláthar gáis a chur i gcrích.
8.Déanfaidh an túdarás inniúil an fhaisnéis a gheofar a chur san áireamh faoin Airteagal seo agus an measúnú riosca, an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála nó na nuashonruithe a ghabhfaidh leo á nullmhú. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena niarrfar ar an údarás inniúil na pleananna a leasú ar bhonn na faisnéise a gheofar faoin Airteagal seo.
9.Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú.
Airteagal 14
An Grúpa Comhordaithe Gáis
1.Bunaítear Grúpa Comhordaithe Gáis chun comhordú na mbeart a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair gháis a éascú. Beidh an Grúpa comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit agus go háirithe óna gcuid údarás inniúil, agus ón nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, (an "Ghníomhaireacht"), ó an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis agus ó chomhlachtaí ionadaíochta an tionscail lena mbaineann agus ionadaithe de chuid custaiméirí ábhartha chomh maith. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, comhdhéanamh an Ghrúpa a chinneadh, agus áiritheofar go bhfuil sé ionadaíoch ina iomláine. Gníomhóidh an Coimisiún mar chathaoirleach ar an nGrúpa. Glacfaidh an Grúpa a rialacha nós imeachta.
2.Rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún go háirithe maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
(a)cinnteacht an tsoláthair gháis, aon tráth agus, go sonrach, i gcás éigeandála;
(b)an fhaisnéis uile a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair gháis ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais;
(c)deacleachtais agus na treoirlínte a d'fhéadfadh a bheith ann do na páirtithe go léir lena mbaineann;
(d)leibhéal cinnteachta an tsoláthair, tagarmharcálacha agus modheolaíochtaí don mheasúnú;
(e)cásanna eiseamláireacha ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais agus tástáil ar na leibhéil ullmhachta;
(f)measúnú ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála agus cur chun feidhme na mbeart a leagtar amach iontu;
(g)comhordú na mbeart chun déileáil le héigeandáil laistigh den Aontas, ar comhordú é le tríú tíortha is páirtithe conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh agus le tríú tíortha eile;
(h)an cúnamh a bhfuil gá ag na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh leis.
3.Tionólfaidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis ar bhonn rialta agus roinnfidh sé an fhaisnéis a gheofar ó na húdaráis inniúla agus, ag an am céanna, caomhnóidh sé rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
Airteagal 15
Comhar le Comhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh
1.Leis an dara habairt d'Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(6), Airteagal 4(3), (4) agus (6), Airteagal 5(2), pointe (d) d'Airteagal 6(1), pointí (b) agus (e) d'Airteagal 7(5), pointí (e), (g), (i) d'Airteagal 8(1), pointe (b) agus (c) d'Airteagal 8(4), pointí (j) agus (m) d'Airteagal 9(1), Airteagal 9(4), Airteagal 10(4), Airteagal 11(5) agus Airteagal 12, cruthófar oibleagáidí do na Ballstáit i dtaca le Comhpháirtí Conarthach an Chomhphobail Fuinnimh faoi réir an nós imeachta seo a leanas:
(a)is é Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh a dhéanfaidh an Rialachán seo a ghlacadh agus a chomhtháthú isteach sa Chomhphobal Fuinnimh trí bhíthin gníomh comhpháirteach maidir le cinnteacht an tsoláthair lena dtabharfar isteach oibleagáidí cómhalartacha ar thaobh Chomhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh ina gcaidreamh leis na Ballstáit,
(b)is é Comhpháirtí Conarthach an Chomhphobail Fuinnimh a chuirfidh an gníomh comhpháirteach chun feidhme agus is é a chuirfidh an cur chun feidhme iomlán in iúl do rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, lena náirítear iarraidh ar an mír seo a chur i bhfeidhm thar a cheann féin agus
(c)is é rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a chuirfidh an cur chun feidhme agus iarraidh in iúl don Choimisiún chun infheidhmeacht na noibleagáidí cómhalartacha a dheimhniú idir Comhpháirtí Conarthach an Chomhphobail Fuinnimh agus na Ballstáit.
Tar éis an fógra ó rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndeimhneofar infheidhmeacht na noibleagáidí cómhalartacha idir na Ballstáit agus Comhpháirtí Conarthach an Chomhphobail Fuinnimh i bhfianaise chur i bhfeidhm na míre seo, ina dtabharfar an dáta óna mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí frithpháirteacha.
2.
Tar éis don Choimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, cuirfear cuireadh d'ionadaithe Chomhpháirtí Conarthach an Chomhphobail Fuinnimh i gceist páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ghrúpa Comhordaithe Gáis nuair a phléifear ábhair a mbeidh baint dhíreach acu leis an gComhpháirtí Conarthach sin agus a thagann faoi raon feidhme mír 1.
Airteagal 16
Faireachán an Choimisiúin
Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar cinnteacht an tsoláthair gháis agus tabharfaidh sé tuairiscí rialta don Ghrúpa Comhordaithe Gáis.
Ar bhonn na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 7(5), tiocfaidh an Coimisiún ar a thuairimí féin, nuair is iomchuí, maidir leis an gcur chuige a fhéadfar a úsáid chun cinnteacht an tsoláthair a fheabhsú ar leibhéal an Aontais agus tabharfaidh sé tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena náirítear, más gá, moltaí a thabhairt chun an Rialachán seo a fheabhsú.
Airteagal 17
Fógraí
Tabharfar fógra don Choimisiún faoin measúnú riosca, na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach, na pleananna éigeandála agus gach doiciméad eile go leictreonach ar an ardán CIRCABC.
Déanfar gach comhfhreagras a mbeidh baint aige le fógra a thabhairt a chur go leictreonach.
Airteagal 18
An tarmligean a fheidhmiú
2.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
3.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 7(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [OP: cuir isteach, le do thoil, an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
4.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 7(3), a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(3) agus Airteagal 7(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 19
Maolú
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Málta ná maidir leis an gCipir fad agus nach mbeidh aon ghás á sholáthar ar a gcríocha faoi seach. Maidir le Málta agus leis an gCipir, déanfar na hoibleagáidí a leagtar síos sna forálacha seo a leanas a chomhlíonadh, agus na roghanna a mbeidh sé de cheart ag na Ballstáit sin a dhéanamh de bhun na bhforálacha sin, agus déanfar sin laistigh den am a shonraítear tar éis an dáta ar a sholáthrófar gás a chéad uair ar a gcríocha sin faoi seach:
(b)i gcás pointe (1) den dara mír d'Airteagal 2, Airteagal 3(2), Airteagal 6(6) agus pointe (a) d'Airteagal 13(6): 12 mhí;
(c)i gcás Airteagal 5(1): 18 mí;
(d)i gcás Airteagal 7(4): 24 mhí;
(e)i gcás Airteagal 4(4): 36 mhí;
(f)i gcás Airteagal 4(1): 48 mí.
Airteagal 20
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 21
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán