EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1040
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/1040 of 16 April 2021 amending Delegated Regulation (EU) 2016/128 as regards the requirements on pesticides in food for special medical purposes developed to satisfy the nutritional requirements of infants and young children (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1040 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le lotnaidicídí i mbia chun críocha speisialta míochaine a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1040 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le lotnaidicídí i mbia chun críocha speisialta míochaine a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/2527
IO L 225, 25.6.2021, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32016R0128 | Athchur | iarscríbhinn II | 15/07/2021 | |
Modifies | 32016R0128 | Athchur | iarscríbhinn III | 15/07/2021 | |
Modifies | 32016R0128 | Athchur | airteagal 3 mír 1 | 15/07/2021 |
25.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 225/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1040 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Aibreán 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le lotnaidicídí i mbia chun críocha speisialta míochaine a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críoch speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 ón gCoimisiún (2) leagtar síos, i measc saincheisteanna eile, ceanglais shonracha maidir le lotnaidicídí agus a n-iarmhair, i mbia chun críoch speisialta míochaine a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128, sainmhínítear iarmhar lotnaidicídí trí úsáid a bhaint as téarmaíocht Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(3) |
Mar sin féin, le hAirteagal 3(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) déantar foráil maidir le sainmhíniú níos beaichte ar iarmhair lotnaidicídí. |
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, is gá an sainmhíniú ar iarmhar lotnaidicíde atá i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 a ailíniú leis an sainmhíniú atá in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(5) |
Agus é á chur san áireamh gur cheart feidhm a bheith ag sainmhínithe na n-iarmhar maidir le substaintí gníomhacha mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, is iomchuí gan a áireamh ach máthairchomhdhúile na substaintí gníomhacha sna liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 i bhfianaise leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 3, mír 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128:
“1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘iarmhar’ iarmhar lotnaidicíde dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.”
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha i ndáil le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bia chun críocha speisialta míochaine (IO L 25, 2.2.2016, lch. 30).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II: “IARSCRÍBHINN II SUBSTAINTÍ GNÍOMHACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(3)
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III: ‘IARSCRÍBHINN III SUBSTAINTÍ GNÍOMHACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(4)
|
(1) Tá feidhm ag an sainmhíniú is déanaí ar iarmhar a leagtar síos san Iarscríbhinn lena mbaineann as measc Iarscríbhinní II, III, IV nó V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (luaitear an sainmhíniú ar iarmhar idir lúibíní tar éis mháthairchomhdhúil na substainte).