EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012D0418

2012/418/EU: Council Decision of 21 December 2011 on the signing, on behalf of the European Union, and provisional application of certain provisions of the Partnership and Cooperation Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and the Republic of Iraq, of the other part

OJ L 204, 31.7.2012, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 11 Volume 118 P. 243 - 244

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/418/oj

Related international agreement

32012D0418



Official Journal L 204 , 31/07/2012 P. 0018 - 0019


Cinneadh ón gComhairle Eorpach

an 11 Iúil 2012

lena leasaítear stádas Mayotte i leith an Aontais Eorpaigh

(2012/419/AE)

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 355(6) de,

Ag féachaint don tionscnamh ó Phoblacht na Fraince,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le hAirteagal 355(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ceadaítear don Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ón mBallstát i dtrácht, cinneadh a ghlacadh lena leasófar an stádas i leith an Aontais atá ag tír nó ag críoch de chuid na Danmhairge, na Fraince nó na hÍsiltíre dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 d’Airteagal 355, ag gníomhú di d’aon toil agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

(2) Le litir óna hUachtarán dár dáta an 26 Deireadh Fómhair 2011, d’iarr Poblacht na Fraince (dá ngairtear "an Fhrainc" anseo feasta) ar an gComhairle Eorpach cinneadh den sórt sin a ghlacadh ionas go bhféadfaidh Mayotte, a bhfuil an stádas aige faoi láthair mar cheann de na tíortha agus na críocha thar lear de réir bhrí Airteagal 355(2) CFAE agus atá liostaithe sa cháil sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh sin, stádas mar réigiún forimeallach de réir bhrí Airteagal 349 CFAE a fháil.

(3) Tagann iarraidh na Fraince mar thoradh ar an rogha a rinne áitritheoirí Mayotte druidim níos mó i dtreo mhórthír na Fraince de réir a chéile, rud a athdheimhníodh leis an reifreann an 29 Márta 2009 inar caitheadh 95,2 % de na vótaí i bhfabhar an togra chun Mayotte a athrú ina roinn. Ón 31 Márta 2011 mar sin, is amhlaidh gurb ionann Mayotte agus an t-aonú roinn is céad Fhrancach agus an cúigiú roinn Fhrancach thar lear.

(4) Le staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach Mayotte, agus lena staid gheografach, léirítear na tréithe uile dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, ar tréithe iad a bhaineann le réigiún forimeallach de réir bhrí na forála sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí tagairt do Mayotte a chur isteach san Airteagal sin ionas go mbeidh feidhm ag an Airteagal sin ina iomláine maidir le Mayotte, agus go ndéanfaí amhlaidh in Airteagal 355(1) CFAE.

(5) Ba cheart go mbeadh an leasú a dhéanfaí ar stádas oileán Mayotte i leith an Aontais, atá mar fhreagairt ar iarraidh a cuireadh in iúl ar bhealach daonlathach, ina chéim a bheidh comhleanúnach le stádas a bheadh gar do stádas na mórthíre a fháil ag an oileán sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2014, scoirfidh Mayotte de bheith ina thír agus críoch thar lear, a mbeidh feidhm ag forálacha Chuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis, agus tiocfaidh sé chun bheith ina réigiún forimeallach de réir bhrí Airteagal 349 CFAE.

Airteagal 2

Déantar CFAE a leasú mar a leanas:

(1) cuirtear an focal "Mayotte" isteach i ndiaidh an fhocail "Martinique" sa chéad mhír d’Airteagal 349;

(2) cuirtear na focail "le Mayotte" isteach i ndiaidh na bhfocal "le Martinique" in Airteagal 355(1);

(3) scriostar an séú fleasc in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a nglacfar é.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2014.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 11 Iúil 2012.

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

H. van Rompuy

--------------------------------------------------

Top