EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach (AE) agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

Cinneadh (AE) 2021/1897 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta leis an Úcráin

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Is é is aidhm leis an gcomhaontú an méid a leanas a dhéanamh:

  • oscailt an mhargaidh de réir a chéile ar rochtain ar bhealaí agus ar acmhainn ar bhonn cómhalartach;
  • cóineasú rialála agus comhlíonadh éifeachtach na hÚcráine maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) a bhaineann le heitlíocht a áirithiú; agus
  • neamh-idirdhealú agus cothrom na Féinne d’oibreoirí eacnamaíocha.

Baineann an cinneadh le cur chun feidhme sealadach an chomhaontaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Clúdaítear trí phríomhréimse comhair sa chomhaontú.

Rialacha eacnamaíocha

Leagtar amach leis an gcomhaontú rialacha maidir le roinnt gnéithe den chomhar eacnamaíoch idir AE agus an Úcráin, amhail:

  • cearta tráchta, lena n-áirítear an ceart neamhtheoranta chun eitilt idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin nó thar chríoch an pháirtí eile nó stop a dhéanamh i gcríoch an pháirtí eile chun críocha neamhthráchta;
  • údaruithe d’aeriompróirí gach páirtí chun gnó a dhéanamh i gcríoch an pháirtí eile;
  • iomaíocht chóir lena áirithiú go mbeidh timpeallacht iomaíoch chomhionann chóir ag aeriompróirí an dá pháirtí;
  • deiseanna tráchtála — lena ráthaítear go mbeidh rochtain ag aeriompróirí uile AE ar dheiseanna tráchtála san Úcráin, amhail láimhseáil ar an talamh, códroinnt agus idirmhódúlacht, agus an fhéidearthacht praghsanna a ghearradh faoi shaoirse;
  • muirearú neamh-idirdhealaitheach as saoráidí agus seirbhísí aerfoirt agus eitlíochta.

Comhar rialála (sábháilteacht, slándáil eitlíochta agus aerthrácht a bhainistiú)

Ní mór don dá pháirtí:

  • reachtaíocht áirithe sábháilteachta AE a chomhlíonadh, mar atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú;
  • deimhnithe sábháilteachta a chéile a aithint;
  • comhoibriú ar shlándáil agus oibriú i gcomhair aitheantas frithpháirteach caighdeán slándála a chéile;
  • comhoibriú i mbainistíocht aerthráchta d’fhonn an tAerspás Eorpach aonair a shíneadh chuig an Úcráin agus reachtaíocht AE a chomhlíonadh maidir le bainistíocht aerthráchta, mar atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú.

Rialacha institiúideacha (riarachán agus forfheidhmiú)

  • Tá gach páirtí freagrach as rialacha an chomhaontaithe a fhorfheidhmiú ina chríoch.
  • Tá comhchoiste ar a bhfuil ionadaithe ón dá pháirtí, agus a thagann le chéile go rialta, freagrach as an gcomhaontú a riar agus as a chur chun feidhme go cuí.
  • Cuimsítear sa chomhaontú sásra réitigh díospóidí agus beartaítear leis go bhféadfadh ceachtar den dá pháirtí bearta cosanta a dhéanamh i gcás nach gcomhlíonfadh an páirtí eile a oibleagáidí.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tá an comhaontú curtha i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 12 Deireadh Fómhair 2021 (ar feitheamh fógra maidir le cur i gcrích nósanna imeachta náisiúnta).

CÚLRA

Tá sé seo ar cheann de roinnt comhaontuithe déthaobhacha lena neartaítear an caidreamh aeir idir an tAontas Eorpach agus a thíortha comharsanachta san oirthear i gcomhthéacs theachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le forbairt an chláir oibre do bheartas eitlíochta seachtrach an Aontais Eorpaigh.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 387, 3.11.2021, lgh. 3-57).

Cinneadh (AE) 2021/1897 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 387, 3.11.2021, lgh. 1-2).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún — An clár oibre a fhorbairt do bheartas eitlíochta seachtrach an Chomhphobail (COM(2005) 79 final, 11.3.2005).

Nuashonraithe 27.09.2022

Top