EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh AE i ndáil le hiompar d’iarnród

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 2018/643 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá feidhm aige maidir le gach iarnród in AE.
  • Bunaítear leis comhrialacha maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród a sholáthraítear ar fud AE.
  • Déantar Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 a athmhúnlú agus a aisghairm leis, rialachán a leasaíodh go suntasach roinnt uaireanta cheana.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le tíortha AE:

  • ní mór dóibh staidreamh a thuairisciú maidir leis an iompar ar fad d’iarnród ina gcríoch féin agus an staidreamh sin a mhiondealú re réir tíre má tá seirbhísí idirnáisiúnta i gceist;
  • féadfaidh siad iarnróid a eisiamh sna cásanna seo a leanas
    • go bhfeidhmíonn an t–iarnród i gcriosanna tionsclaíocha nó i gcalafoirt
    • go gcuireann siad seirbhísí turasóireachta áitiúla ar fáil, amhail traenacha gaile stairiúla;
  • na foinsí sonraí a úsáideadh a chomhordú agus cáilíocht an staidrimh a áirithiú;
  • an staidreamh a sheoladh chuig Eurostat, oifig staidrimh AE.

Clúdaítear leis an staidreamh a theastaíonn:

  • sonraí ar na hearraí agus ar na paisinéirí a iompraítear ar bhonn ráithiúil agus bliantúil, lena n–áirítear na sonraí in aghaidh an chiliméadair;
  • miondealú bliantúil de réir réigiúin gach 5 bliana ar na hearraí agus na paisinéirí a iompraítear;
  • sruthanna tráchta gach 5 bliana ar líon na dtraenacha earraí agus paisinéirí;
  • aicmithe mionsonraithe ar na cineálacha éagsúla earraí, lena n–áirítear earraí contúirteacha.

D’fhéadfadh an fhaisnéis náisiúnta a bhailíonn comhlacht stáit nó príobháideach teacht ó na foinsí seo a leanas:

  • suirbhéanna éigeantacha;
  • sonraí riaracháin nó rialaithe;
  • nósanna imeachta um meastachán staidrimh;
  • eagraíochtaí gairmiúla iarnróid;
  • staidéar ad hoc.

Eurostat:

  • seolann Eurostat staidreamh amach bunaithe ar na sonraí a fhaigheann sé;
  • forbraíonn agus foilsíonn Eurostat modheolaíocht chun cuidiú le húdaráis náisiúnta sonraí ar ardchaighdeán a bhailiú.

Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:

  • cuireann sé tuarascáil isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Nollaig 2020 — agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin — maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta;
  • tá cumhacht 5 bliana ar féidir é a athnuachan aige ón 13 Nollaig 2016 chun úsáid a bhaint as gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh um Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chun le sainmhínithe teicniúla a oiriúnú i bhfianaise forbairtí nua;
  • tugann Coiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh cúnamh dó.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 22 Bealtaine 2018. Le Rialachán (AE) 2018/643 rinneadh leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) agus cuireadh in ionad an rialacháin sin é.

CÚLRA

Teastaíonn staidreamh ar iarnród ón gCoimisiún chun monatóireacht agus forbairt a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair, lena n–áirítear gréasáin tras-Eorpacha, agus chun beart a dhéanamh le sábháilteacht ar iompar d’iarnród a fheabhsú, más gá.

Le coincheapa agus caighdeáin choiteanna áirithítear go bhfuil staidreamh náisiúnta inchomparáide agus cuidítear le dúbláil a sheachaint.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2018/643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród (athmhúnlú) (IO L 112, 2.5.2018, lgh. 1-18)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht ar iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lgh. 102-149)

Rinneadh athruithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2016/798 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach doiciméadach amháin.

Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 32-77)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164-173)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithroinnt agus muirir ar úsáid bonneagair agus ar deimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lgh. 44-113). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 220, 21.6.2004, lgh. 16-39)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 04.03.2019

Top