EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E290

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
Caibidil 2 - Gníomhartha dlí an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile
Roinn 1 - Gníomhartha dlí an Aontais
Airteagal 290

OJ C 326, 26.10.2012, p. 172–172 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_290/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A SÉ

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS

TEIDEAL I

FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ

CAIBIDIL 2

GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS, NÓSANNA IMEACHTA GLACTHA AGUS FORÁLACHA EILE

ROINN 1

GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS

Airteagal 290

1.   Féadfar le gníomh reachtach an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a ghlacadh.

Déanfar cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré tharmligean na cumhachta a shainiú go sainráite sna gníomhartha reachtacha. Déanfar na heilimintí sár-riachtanacha d'aon réimse a fhorchoimeád don ghníomh reachtach agus ní bheidh na heilimintí sin dá réir sin ina n-ábhar do tharmligean cumhachta.

2.   Leagfar síos go sainráite le gníomhartha reachtacha na coinníollacha a mbeidh an tarmligean faoina réir; féadfaidh na coinníollacha sin a bheith mar a leanas:

(a)

féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a chinneadh an tarmligean a chúlghairm;

(b)

ní fhéadfaidh an gníomh arna tharmligean teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse arna socrú leis an ngníomh reachtach.

Chun críocha (a) agus (b), gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, agus gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

3.   Déantar “arna tharmligean” nó “arna tarmligean” a chur isteach de réir mar is iomchuí i gceannteidil gníomhartha tarmligthe.


Top