Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta paisinéirí bus agus cóiste

Bíonn na cearta céanna ag paisinéirí, lena n-áirítear paisinéirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, a thaistealaíonn ar bhus agus ar chóiste is cuma cén áit a dtaistealaíonn siad san Aontas Eorpach (AE). Cuireann na cearta seo, lena n-áirítear an ceart i leith faisnéise nó cúitimh i gcás moille nó cealaithe, leis na cearta comhchosúla atá i bhfeidhm do phaisinéirí ag taisteal ar mhuir agus ar uiscebhealaí intíre, san aer agus ar iarnród.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

ACHOIMRE

Bíonn na cearta céanna ag paisinéirí, lena n-áirítear paisinéirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, a thaistealaíonn ar bhus agus ar chóiste is cuma cén áit a dtaistealaíonn siad san Aontas Eorpach (AE). Cuireann na cearta seo, lena n-áirítear an ceart i leith faisnéise nó cúitimh i gcás moille nó cealaithe, leis na cearta comhchosúla atá i bhfeidhm do phaisinéirí ag taisteal ar mhuir agus ar uiscebhealaí intíre, san aer agus ar iarnród.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Leagtar amach sa rialachán seo rialacha le haghaidh iompair de bhus agus de chóiste maidir le seirbhísí rialta* do phaisinéirí ag taisteal laistigh d’AE ar thuras 250 km nó níos mó. Baineann cuid de na forálacha ann le gach seirbhís, lena n-áirítear seirbhísí do thurais níos giorra.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le seirbhísí fad-achair (i.e. turais níos mó ná 250 km), déantar foráil sa rialachán do na nithe seo a leanas:

  • nuair a chuirtear seirbhís ar ceal nó tar éis moille is faide ná 90 nóiméad i gcás turais ar faide ná 3 huaire a fhad, déantar foráil do chúnamh leordhóthanach e.g. sneaiceanna, béilí, cóiríocht óstáin ar feadh suas le 2 oíche;
  • ráthaíocht go ndéanfar aisíocaíocht nó athródú i gcás ró-áirithinte nó cealaithe nó tar éis moille is faide ná 120 nóiméad ón am imeachta measta;
  • cúiteamh de 50 % de phraghas an ticéid tar éis moille is faide ná 120 nóiméad ón am imeachta measta, i gcás ina gcealaítear an turas agus má mhainníonn an t-iompróir athródú nó aisíocaíocht a thairiscint don phaisinéir;
  • faisnéis nuair a chealaítear an tseirbhís nó nuair a bhíonn moill leis an imeacht;
  • cosaint do phaisinéirí i gcás díobhála, caillteanais nó damáiste a tharla de dhroim tionóiscí bóthair agus/nó cúiteamh i gcás báis;
  • cúnamh sonrach saor in aisce do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ag críochfoirt agus ar bord araon agus, más gá, iompar saor in aisce do dhaoine atá á dtionlacan.

De bhreis air sin, i gcás turas faoi bhun 250 km ar fhad, déantar foráil sa rialachán do na nithe seo a leanas:

  • neamh-idirdhealú de bharr náisiúntachta, maidir le praghsanna agus coinníollacha conartha;
  • caitheamh neamh-idirdhealaitheach maidir le daoine faoi mhíchumas agus le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe mar aon le cúiteamh airgeadais ar chailliúint trealaimh shoghluaisteachta nó damáiste don trealamh sin i gcás tionóisce;
  • rialacha íosta i ndáil le faisnéis maidir le taisteal do gach paisinéir roimh a dturas agus lena linn mar aon le faisnéis ghinearálta maidir lena gcearta i gcríochfoirt agus ar líne;
  • sásra láimhseála gearán atá curtha ar bun ag iompróirí agus atá ar fáil do na paisinéirí ar fad;
  • comhlachtaí náisiúnta neamhspleácha i ngach tír AE a bhfuil sainordú acu an rialachán a fhorfheidhmiú agus, nuair is iomchuí, pionóis a ghearradh.

Déantar foráil sa rialachán go bhféadfar díolúintía cheadú le haghaidh seirbhísí rialta baile agus le haghaidh seirbhísí rialta ar a ndéantar cuid shuntasach den tseirbhís a oibriú lasmuigh d’AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Ón 1 Márta 2013.

CÚLRA

Láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cearta paisinéirí bus agus cóiste

I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*seirbhísí rialta: gnáthsheirbhísí ar bhus agus ar chóiste ar a n-iompraítear paisinéirí feadh bealaí sonraithe agus paisinéirí á dtabhairt ar bord agus á ligean amach ag stadanna réamhshocraithe.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 181/2011

20.3.2011

-

IO L 55, 28.2.2011, lgh. 1-12

Nuashonraithe 02.06.2020

Top