EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0181

Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 55, 28.2.2011, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 07 Volume 012 P. 237 - 248

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/181/oj

28.2.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 181/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2011

maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 24 Eanáir 2011 (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag gníomhaíocht ag an Aontas i réimse an iompair de bhus agus de chóiste, i measc nithe eile, a áirithiú go bhfuil leibhéal ard cosanta ann do phaisinéirí ar cosaint í atá inchomparáide le modhanna eile iompair is cuma cén áit a dtaistealaíonn siad. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí aird iomlán ar na riachtanais atá ann maidir le cosaint tomhaltóirí i gcoitinne.

(2)

Ós rud é gurb é an paisinéir bus nó an paisinéir cóiste an páirtí is laige sa chonradh iompair, ba cheart leibhéal íosta cosanta a thabhairt do gach paisinéir.

(3)

Ba cheart go ndéanfaí saintréithe na hearnála seo, ar gnóthais bheaga agus mheánmhéide is mó atá inti, a chur san áireamh i mbearta an Aontais atá ceaptha chun feabhas a chur ar chearta na bpaisinéirí in earnáil an iompair de bhus agus de chóiste.

(4)

Ba cheart go dteachtfadh paisinéirí agus, ar a laghad, go dteachtfadh daoine a raibh nó a mbeadh sé de dhualgas dlíthiúil ar an bpaisinéir iad a chothabháil, cosaint leordhóthanach i gcás ina dtarlódh tionóiscí a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste, agus Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanais shibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (3) á cur san áireamh.

(5)

Le linn an dlí náisiúnta a roghnú is infheidhme maidir le cúiteamh i leith báis, lena n-áirítear costais réasúnacha sochraide, nó díobhála pearsanta, chomh maith le cúiteamh i leith bagáiste a chailliúint nó i leith damáiste do bhagáiste de bharr tionóiscí a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste, ba cheart go gcuirfí san áireamh Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (5)

(6)

Chomh maith le cúiteamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás ina dtarlaíonn bás nó díobháil phearsanta nó cailliúint bagáiste nó damáiste do bhagáiste de bharr tionóiscí a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste, ba cheart go mbeadh paisinéirí i dteideal cúnaimh maidir lena riachtanais phraiticiúla láithreacha tar éis tionóisce. Más gá, ba cheart go mbeadh garchabhair, cóiríocht, bia, éadaí agus iompar san áireamh sa chúnamh sin.

(7)

Ba cheart go rachadh seirbhísí bus agus cóiste do phaisinéirí chun tairbhe do na saoránaigh i gcoitinne. Dá dhroim sin, ba cheart go mbeadh deiseanna ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis, úsáid a bhaint as seirbhísí bus agus cóiste a bheadh inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile. Tá na cearta céanna i dtaca le saorghluaiseacht, saor-rogha agus neamh-idirdhealú ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

(8)

I bhfianaise Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil de bhus agus de chóiste atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn a dturais. Ba cheart, dá bhrí sin, na daoine sin a ghlacadh lena n-iompar agus níor cheart seirbhís iompair a dhiúltú dóibh ar fhorais a bhaineann lena míchumas nó lena soghluaisteacht laghdaithe, seachas ar chúiseanna a bhfuil údar leo ar fhorais a bhaineann le sábháilteacht nó le dearadh feithiclí nó bonneagair. Faoi chuimsiú na reachtaíochta ábhartha maidir le cosaint oibrithe, ba cheart go dteachtfadh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe an ceart chun cúnaimh i gcríochfoirt agus ar bord feithiclí. Ar mhaithe leis an uilechuimsitheacht shóisialta, ba cheart go bhfaigheadh na daoine lena mbaineann an cúnamh saor in aisce. Ba cheart do na hiompróirí coinníollacha rochtana a bhunú, agus is fearr go ndéanfaí an córas Eorpach um chaighdeánú a úsáid ina leith sin.

(9)

Le linn cinneadh a dhéanamh maidir le dearadh críochfort nua, agus mar chuid de nuachóirithe móra, ba cheart do chomhlachtaí bainistithe críochfoirt féachaint le riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh, i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le “dearadh do chách”. In aon chás, ba cheart do na comhlachtaí bainistithe críochfoirt pointí a ainmniú ina mbeadh na daoine sin in ann a fhógairt go bhfuil siad tagtha agus go bhfuil gá acu le cúnamh.

(10)

Ar an gcuma chéanna, gan dochar don reachtaíocht atá ann cheana nó do reachtaíocht a bheidh ann amach anseo maidir le ceanglais theicniúla le haghaidh busanna agus cóistí, ba cheart d’iompróirí na riachtanais sin a chur san áireamh, más féidir, nuair atá cinneadh á dhéanamh acu maidir le trealmhú feithiclí nua agus feithiclí atá án-athfheistiú as an nua.

(11)

Ba cheart do Bhallstáit féachaint leis an mbonneagar atá ann cheana a fheabhsú i gcás inar gá sin chun a chur ar chumas iompróirí rochtain a áirithiú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, chomh maith le cúnamh iomchuí a sholáthar.

(12)

Chun freagairt do riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart go ndéanfaí an fhoireann a oiliúint go leordhóthanach. D’fhonn aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí náisiúnta tiománaithe a éascú, d’fhéadfaí oiliúint maidir le feasacht ar mhíchumas a sholáthar mar chuid den cháiliú tosaigh nó den oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompair earraí nó paisinéirí (6) Chun comhchuibheas a áirithiú idir tabhairt isteach na gceanglas oiliúna agus na dteorainneacha ama a leagtar amach sa Treoir sin, ba cheart go gceadófaí an fhéidearthacht go mbeadh díolúine ann le linn tréimhse teoranta ama.

(13)

Le linn inneachar na hoiliúna a bhaineann le míchumas a ullmhú, ba cheart dul i gcomhairle le heagraíochtaí atá ionadaíoch do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó ba cheart go mbeadh na heagraíochtaí sin páirteach san ullmhúchán sin.

(14)

Ba cheart go gcuimseofaí, le cearta paisinéirí bus agus cóiste, faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. Maidir leis an bhfaisnéis shár-riachtanach ar fad a sholáthraítear do phaisinéirí bus agus cóiste, ba cheart í a sholáthar freisin, arna iarraidh sin, i bhformáidí malartacha a bheadh inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, amhail cló mór, caint shoiléir, Braille, cumarsáid leictreonach ar féidir rochtain a fháil uirthi le teicneolaíocht oiriúnaitheach, agus clostéipeanna.

(15)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo srian ar chearta na n-iompróirí cúiteamh a lorg ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta infheidhme.

(16)

Ba cheart laghdú a dhéanamh ar an gciotaí a dhéantar do phaisinéirí de bharr chealú a dturais nó de bharr moille suntasaí ar a dturas. Chuige sin, ba cheart aire leormhaith a thabhairt do phaisinéirí a bheadh ag imeacht ó chríochfoirt agus ba cheart faisnéis leordhóthanach a thabhairt dóibh ar bhealach a bheadh inrochtana do gach paisinéir. Ba cheart freisin go mbeadh na paisinéirí in ann a dturas a chealú agus aisíocaíocht a fháil i leith a dticéad nó leanúint ar aghaidh lena dturas nó athródú a fháil faoi choinníollacha sásúla. Má mhainníonn iompróirí an cúnamh is gá a sholáthar do phaisinéirí, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag paisinéirí cúiteamh airgid a fháil.

(17)

Agus iad ag obair i bpáirt leis na geallsealbhóirí, leis na cumainn ghairmiúla agus le cumainn custaiméirí, paisinéirí, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart d’iompróirí comhoibriú chun socruithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na socruithe sin feabhas a chur ar an bhfaisnéis, ar an gcúram agus ar an gcúnamh a thairgtear do phaisinéirí aon uair a chuirtear isteach ar a dturas, go háirithe i gcás moilleanna fada nó i gcás ina gcealaítear turas, agus béim ar leith á leagan ar phaisinéirí a bhfuil riachtanais speisialta acu de bharr míchumais, soghluaisteachta laghdaithe, breoiteachta, scothaoise agus toirchis, lena n-áirítear paisinéirí tionlacain agus paisinéirí atá ag taisteal i dteannta leanaí óga. Ba cheart na comhlachtaí forfheidhmiúcháin náisiúnta a chur ar an eolas faoi na socruithe sin.

(18)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do chearta paisinéirí a bunaíodh le Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (7) Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo i gcásanna ina gcuirtear turas láneagraithe ar ceal ar chúiseanna seachas cealú na seirbhíse iompair de bhus nó de chóiste.

(19)

Ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas go hiomlán maidir lena gcearta faoin Rialachán seo, ionas gur féidir leo na cearta sin a fheidhmiú go héifeachtach.

(20)

Ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann a gcearta a fheidhmiú trí nósanna imeachta iomchuí um ghearáin arna gcur chun feidhme ag iompróirí nó, de réir mar a bheidh, trí ghearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna ainmniú nó arna n-ainmniú chuige sin ag an mBallstát ábhartha.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus comhlacht inniúil nó comhlachtaí inniúla a ainmniú chun cúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a chomhall. Ní dhéanfaidh sé seo difear do na cearta atá ag paisinéirí sásamh dlíthiúil a lorg ó chúirteanna faoin dlí náisiúnta.

(22)

Agus na nósanna imeachta arna mbunú ag na Ballstáit chun gearáin a thíolacadh á gcur san áireamh, b’fhearr go ndéanfaí gearán maidir le cúnamh a chur chuig an gcomhlacht nó chuig na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n-ainmniú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú sa Bhallstát ina bhfuil an pointe bordála nó an pointe tuirlingthe suite..

(23)

Ba cheart do na Ballstáit úsáid iompair phoiblí agus úsáid faisnéise comhtháite agus ticéad comhtháite a chur chun cinn chun barr feabhais a chur ar úsáid agus idir-inoibritheacht na modhanna agus na n-oibreoirí éagsúla iompair.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheadh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(25)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leibhéal coibhéiseach cosanta agus cúnaimh a áirithiú le haghaidh paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste ar fud na mBallstát, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(26)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8)

(27)

Ba cheart go ndéanfaí forfheidhmiú an Rialacháin seo a bhunú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe um chosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (9) Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

(28)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus aird á tabhairt freisin ar Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (10) agus ar Threoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (11),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha maidir le hiompar de bhus agus de chóiste a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

neamh-idirdhealú idir paisinéirí ó thaobh na gcoinníollacha iompair a thairgeann iompróirí;

(b)

cearta paisinéirí i gcás ina dtarlaíonn tionóiscí a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste agus is cúis le bás nó díobháil phearsanta nó cailliúint bagáiste nó damáiste do bhagáiste;

(c)

neamh-idirdhealú agus cúnamh sainordaitheach do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(d)

cearta paisinéirí i gcás cealaithe nó moille;

(e)

an fhaisnéis íosta a bheidh le soláthar do phaisinéirí;

(f)

láimhseáil gearán;

(g)

rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a thaistealaíonn ar sheirbhísí rialta do chatagóirí neamhshonraithe paisinéirí i gcás ina bhfuil pointe bordála nó pointe tuirlingthe an phaisinéara suite i gcríoch Ballstáit agus i gcás inarb é atá i bhfad sceidealta na seirbhíse ná 250 km nó níos faide.

2.   Maidir leis na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, ach i gcás inar giorra ná 250 km fad sceidealta na seirbhíse, beidh feidhm ag Airteagail 4(2), 9 agus 10(1), ag pointe (b) d’Airteagal 16(1), ag Airteagal 16(2), ag Airteagal 17(1) agus (2), agus ag Airteagal 24 go hAirteagal 28.

3.   Ina theannta sin, cé is moite d’Airteagal 9 go hAirteagal 16, d’Airteagal 17(3), agus de Chaibidil IV, de Chaibidil V agus de Chaibidil VI, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a thaistealaíonn ar sheirbhísí ócáideacha i gcás ina bhfuil pointe bordála tosaigh an phaisinéara nó pointe tuirlingthe deiridh an phaisinéara suite i gcríoch Ballstáit.

4.   Cé is moite d’Airteagail 4(2), 9 agus10(1), de phointe (b) d’Airteagal 16(1), d’Airteagal 16(2), d’Airteagal 17(1) agus (2), agus d’Airteagal 24 go hAirteagal 28, féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, seirbhísí rialta baile a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfar díolúintí den sórt sin a dheonú amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre bliana, ar tréimhse í a fhéadfar a athnuachan aon uair amháin.

5.   Ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, féadfaidh na Ballstáit seirbhísí rialta faoi leith a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar feadh uastréimhse ceithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, de bhrí go ndéantar cuid shuntasach de na seirbhísí rialta sin, lena n-áirítear stad sceidealta amháin, ar a laghad, a oibriú lasmuigh den Aontas. Féadfar díolúintí den sórt sin a athnuachan aon uair amháin.

6.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 4 agus mhír 5 do chineálacha éagsúla seirbhísí. Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí, má mheastar nach bhfuil díolúine den sórt sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Faoin2 Márta 2018, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis na díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 4 agus mhír 5.

7.   Ní thuigfear as aon ní atá sa Rialachán seo gurb ionann é agus ní atá ar neamhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le ceanglais theicniúla le haghaidh busanna nó cóistí nó le haghaidh bonneagair nó le haghaidh trealaimh ag stadanna bus agus ag críochfoirt, ná gurb ionann é agus ní lena ndéantar forálacha a thabhairt isteach de bhreis ar na forálacha sin atá sa reachtaíocht sin.

8.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta paisinéirí faoi Threoir 90/314/CEE agus ní bheidh feidhm aige i gcás ina ndéantar turas láneagraithe dá dtagraítear sa Treoir sin a chur ar ceal ar chúiseanna seachas cealú seirbhíse rialta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhísí rialta” seirbhísí lena ndéantar foráil maidir le hiompar paisinéirí de bhus nó de chóiste ag eatraimh shonraithe feadh bealaí sonraithe agus paisinéirí á dtabhairt ar bord agus á ligean amach ag stadanna réamhshocraithe;

(b)

ciallaíonn “seirbhísí ócáideacha” seirbhísí nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe ar sheirbhísí rialta agus arb é atá sa phríomhthréith dá gcuid ná grúpaí paisinéirí arna gcur le chéile ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra é féin a iompar de bhus nó de chóiste;

(c)

ciallaíonn “conradh iompair” conradh le haghaidh iompair idir iompróir agus paisinéir chun seirbhís rialta amháin nó níos mó nó seirbhís ócáideach amháin nó níos mó a sholáthar;

(d)

ciallaíonn “ticéad” doiciméad bailí nó fianaise eile ar chonradh iompair;

(e)

ciallaíonn “iompróir” duine nádúrtha nó dlítheanach seachas tionscnóir turas, gníomhaire taistil nó díoltóir ticéad, ar duine é a thairgeann iompar don phobal i gcoitinne trí sheirbhísí rialta nó trí sheirbhísí ócáideacha;

(f)

ciallaíonn “iompróir feidhmiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach seachas an t-iompróir, a dhéanann an t-iompar iomlán nó cuid de a fheidhmiú iarbhír;

(g)

ciallaíonn “díoltóir ticéad” aon idirghabhálaí a dhéanann conarthaí iompair thar ceann iompróra;

(h)

ciallaíonn “gníomhaire taistil” aon idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar ceann paisinéara chun conarthaí iompair a dhéanamh;

(i)

ciallaíonn “tionscnóir turas” eagraí nó miondíoltóir, seachas an t-iompróir, de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir 90/314/CEE;

(j)

ciallaíonn “duine atá faoi mhíchumas” nó “duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe” aon duine a dtagann laghdú ar a shoghluaisteacht agus é ag úsáid seirbhís iompair, ar laghdú é a éiríonn mar thoradh ar aon mhíchumas coirp (míchumas céadfach nó gluaisluaile, cibé acu buan nó sealadach), ar mhíchumas nó laige intleachta, nó ar aon ní eile is cúis le míchumas, nó mar thoradh ar aois, agus aon duine ar mar gheall ar an mbail atá air atá aire iomchuí ag teastáil uaidh agus ar ina leith nach mór na seirbhísí a chuirtear ar fáil do gach paisinéir a oiriúnú dá riachtanais áirithe;

(k)

ciallaíonn “coinníollacha rochtana” caighdeáin, treoirlínte agus faisnéis ábhartha i dtaobh inrochtaineachta busanna agus/nó críochfort ainmnithe lena n-áirítear na saoráidí atá acu do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(l)

ciallaíonn “áirithint” áirithint i gcomhair suíocháin ar bord bus nó cóiste do sheirbhís rialta ag am imeachta sonrach;

(m)

ciallaíonn “críochfort” críochfort foireannaithe ar ina leith atá sé sceidealta, de réir an bhealaigh shonraithe, go stopfaidh seirbhís rialta ann le haghaidh bordála agus tuirlingthe ag paisinéirí, agus ar críochfort é atá trealmhaithe le saoráidí amhail deasc chlárúcháin, seomra feithimh nó oifig ticéad;

(n)

ciallaíonn “stad bus” aon phointe, seachas críochfort, ar ina leith atá sé sceidealta, de réir an bhealaigh shonraithe, go stopfaidh seirbhís rialta ann le haghaidh bordála agus tuirlingthe ag paisinéirí;

(o)

ciallaíonn “comhlacht bainistithe críochfoirt” eintiteas eagraíochtúil i mBallstát ar eintiteas é atá freagrach as críochfort ainmnithe a bhainistiú;

(p)

ciallaíonn “cealú” gan seirbhís rialta a bhí sceidealta a oibriú;

(q)

ciallaíonn “moill” an difríocht idir an t-am a bhí sceidealta i gcomhair imeacht na seirbhíse rialta i gcomhréir leis an amchlár a foilsíodh agus an t-am ar imigh sí iarbhír.

Airteagal 4

Ticéid agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha conartha

1.   Eiseoidh na hiompróirí ticéad chuig an bpaisinéir mura rud é go bhfuil doiciméid eile ann lena dtugtar teidlíocht ar iompar. Féadfar ticéad a eisiúint i bhformáid leictreonach.

2.   Gan dochar do tharaifí sóisialta, déanfar na coinníollacha conartha agus na taraifí a chuireann iompróirí i bhfeidhm a thairiscint don phobal i gcoitinne gan idirdhealú díreach nó neamhdhíreach atá bunaithe ar náisiúntacht an chustaiméara deiridh nó ar áit bhunaíochta na n-iompróirí nó na ndíoltóirí ticéad laistigh den Aontas.

Airteagal 5

Páirtithe feidhmiúla eile

1.   I gcás ina mbeifear tar éis comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chur faoi chúram iompróra fheidhmiúil, díoltóra ticéad nó aon duine eile, beidh an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an comhlacht bainistithe críochfoirt a chuir na hoibleagáidí sin faoi chúram an duine sin faoi dhliteanas, dá ainneoin sin, maidir le gníomhartha agus neamhghníomhartha an pháirtí fheidhmiúil sin.

2.   De bhreis air sin, maidir leis an bpáirtí ar chuir an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an comhlacht bainistithe críochfoirt comhlíonadh oibleagáide faoina chúram, beidh sé faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis an oibleagáid a cuireadh faoina chúram.

Airteagal 6

Tarscaoileadh a eisiamh

1.   Ní dhéanfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach sa chonradh iompair.

2.   Féadfaidh iompróirí coinníollacha conartha a thairiscint atá níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

CAIBIDIL II

CÚITEAMH AGUS CÚNAMH I GCÁS TIONÓISCÍ

Airteagal 7

Bás nó díobháil phearsanta do phaisinéirí agus cailliúint bagáiste nó damáiste do bhagáiste

1.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, beidh paisinéirí i dteideal cúiteamh a fháil i leith báis, lena n-áirítear costais réasúnacha sochraide, nó díobhála pearsanta chomh maith le bagáiste a chailliúint nó damáiste do bhagáiste de bharr tionóiscí a eascraíonn as úsáid bus nó cóiste. I gcás báis paisinéara, beidh feidhm ag an gceart sin, ar a laghad, maidir le daoine a raibh sé, nó a mbeadh sé, de dhualgas dlíthiúil ar an bpaisinéir iad a chothabháil.

2.   Is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme a dhéanfar méid an chúitimh a ríomh. Aon uasteorainn le cúiteamh i leith báis agus díobhála pearsanta, nó i leith bagáiste a chailliúint nó i leith damáiste do bhagáiste, ar uasteorainn í dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, ní lú ná an méid seo a leanas í ar gach ócáid ar leith:

(a)

EUR 220 000 in aghaidh an phaisinéara;

(b)

EUR 1 200 in aghaidh gach ítime bagáiste. I gcás damáiste do chathaoireacha rothaí, do threalamh soghluaisteachta eile nó d’fheistí cúnaimh eile, beidh an cúiteamh comhionann, i gcónaí, leis an gcostas a ghabhann leis an trealamh a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó a athsholáthar nó a dheisiú.

Airteagal 8

Riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí

I gcás ina dtarlaíonn tionóisc a eascraíonn as úsáid an bhus nó an chóiste, soláthróidh an t-iompróir cúnamh réasúnach agus comhréireach maidir le riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí tar éis na tionóisce. Áireofar sa chúnamh sin, más gá, cóiríocht, bia, éadaí, iompar agus éascú garchabhrach. Ní hionann aon chúnamh a sholáthraítear agus dliteanas a aithint.

I gcás gach paisinéara ar leith, féadfaidh an t-iompróir costas iomlán na cóiríochta a theorannú do EUR 80 in aghaidh na hoíche agus d’uastréimhse dhá oíche.

CAIBIDIL III

CEARTA DAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 9

An ceart chun iompair

1.   Ní dhiúltóidh iompróirí, gníomhairí taistil ná tionscnóirí turas, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe, glacadh le háirithint ó dhuine, ná ní dhiúltóidh siad, ar na forais sin, ticéad a eisiúint chuig duine nó a sholáthar do dhuine ar dhóigh eile ná duine a thógáil ar bord.

2.   Tairgfear áirithintí agus ticéid do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan aon chostas breise.

Airteagal 10

Eisceachtaí agus coinníollacha speisialta

1.   D’ainneoin Airteagal 9(1), féadfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas diúltú, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe, glacadh le háirithint ó dhuine, ticéad a eisiúint chuig duine nó ticéad a sholáthar do dhuine ar dhóigh eile, nó duine a thógáil ar bord:

(a)

chun ceanglais sábháilteachta infheidhme, arna mbunú leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, a chomhlíonadh nó chun ceanglais sláinte agus sábháilteachta, arna mbunú ag na húdaráis inniúla, a chomhlíonadh;

(b)

i gcás ina bhfágann dearadh na feithicle nó an bhonneagair, lena n-áirítear na stadanna bus agus na críochfoirt, go mbeadh sé dodhéanta an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a thógáil ar bord nó an duine sin a chur ó bhord nó é a iompar ar mhodh a bheadh sábháilte agus a bheadh indéanta go hoibríochtúil.

2.   I gcás ina ndiúltófar glacadh le háirithint nó ticéad a eisiúint nó a sholáthar ar dhóigh eile ar na forais dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas an duine lena mbaineann ar an eolas maidir le haon seirbhís inghlactha mhalartach arna hoibriú ag an iompróir.

3.   Más rud é go ndiúltófar cead bordála, ar fhorais a mhíchumais nó a shoghluaisteachta laghdaithe, do dhuine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe d’ainneoin gur duine é a bhfuil áirithint nó ticéad ina sheilbh aige agus a bhfuil ceanglais phointe (a) d’Airteagal 14(1) comhlíonta aige, tairgfear rogha don duine sin agus d’aon duine a bheidh á thionlacan, de bhun mhír 4 den Airteagal seo, idir na nithe seo a leanas:

(a)

an ceart chun aisíocaíocht a fháil agus, i gcás inarb ábhartha, seirbhís fillte a fháil saor in aisce, a luaithe is féidir, chuig an gcéad phointe imeachta, mar a leagtar amach sa chonradh iompair; agus

(b)

seachas i gcás nach bhfuil sé indéanta, leanúint den turas nó athródú trí sheirbhísí réasúnacha eile iompair chuig an gceann scríbe, de réir mar atá leagtha amach sa chonradh iompair.

Ní dhéanfaidh mainneachtain fógra a thabhairt i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 14(1) difear don cheart maidir le haisíoc an airgid arna íoc ar an ticéad.

4.   Más rud é, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe ar na cúiseanna atá leagtha amach i mír 1, go ndiúltóidh iompróir, gníomhaire taistil nó tionscnóir turas glacadh le háirithint ó dhuine, ticéad a eisiúint chuig duine nó ticéad a sholáthar ar dhóigh eile do dhuine nó duine a thógáil ar bord, féadfaidh an duine sin a iarraidh go mbeidh sé á thionlacan ag duine eile dá rogha féin, ar duine é a bheidh in ann an cúnamh a thabhairt a theastaíonn ón duine atá faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, ionas nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna a leagtar amach i mír 1.

Iomprófar an duine tionlacain sin saor in aisce agus, i gcás inarb indéanta, tabharfar suíochán dó taobh leis an duine atá faoi mhíchumas nó leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.

5.   Nuair a rachaidh iompróirí, gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas i muinín mhír 1, cuirfidh siad an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna atá leis sin agus arna iarraidh sin, cuirfidh siad an duine lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin laistigh de chúig lá oibre ón tráth a fhaightear an iarraidh.

Airteagal 11

Inrochtaineacht agus faisnéis

1.   I gcomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, trína n-eagraíochtaí i gcás inarb iomchuí, coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bhunú maidir le hiompar daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó beidh na coinníollacha sin i bhfeidhm acu.

2.   Maidir leis na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1, lena n-áirítear téacs dlíthe idirnáisiúnta, dhlíthe an Aontais nó dlíthe náisiúnta lena mbunaítear na ceanglais sábháilteachta ar a bhfuil na coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha sin maidir le rochtain bunaithe, cuirfidh na hiompróirí agus na comhlachtaí bainistithe críochfoirt ar fáil go poiblí iad, go fisiciúil nó ar an Idirlíon, i bhformáidí a bheidh inrochtana arna iarraidh sin, sna teangacha céanna leis na teangacha ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir. Nuair atá an fhaisnéis sin á cur ar fáil, tabharfar aird ar leith ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3.   Déanfaidh tionscnóirí turas na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1 agus a bhfuil feidhm acu maidir le turais a áirítear i dtaisteal láneagraithe, i saoirí láneagraithe agus i dturais láneagraithe a eagraíonn siad, a dhíolann siad nó a thairgeann siad lena ndíol a chur ar fáil.

4.   Déanfar an fhaisnéis maidir le coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a dháileadh go fisiciúil arna iarraidh sin don phaisinéir.

5.   Áiritheoidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas go mbeidh an fhaisnéis ábhartha ghinearálta go léir faoin turas agus faoi na coinníollacha iompair ar fáil i bhformáidí iomchuí inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, áirithintí agus faisnéis ar líne. Dáilfear an fhaisnéis go fisiciúil arna iarraidh sin don phaisinéir.

Airteagal 12

Críochfoirt a ainmniú

Ainmneoidh na Ballstáit críochfoirt bus agus cóiste ina dtabharfar cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. Déanfaidh an Coimisiún liosta a chur ar fáil ar an Idirlíon de na críochfoirt ainmnithe do bhusanna agus do chóistí.

Airteagal 13

An ceart chun cúnaimh ag críochfoirt ainmnithe agus ar bord busanna agus cóistí

1.   Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, cúnamh a sholáthar saor in aisce do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ag críochfoirt arna n-ainmniú ag na Ballstáit, ar cúnamh é a sholáthrófar ar a laghad go feadh an méid a shonraítear i gcuid (a) d’Iarscríbhinn I.

2.   Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), déanfaidh iompróirí cúnamh a sholáthar, saor in aisce, do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar bord busanna agus cóistí, ar cúnamh é a sholáthrófar ar a laghad go feadh an méid a shonraítear i gcuid (b) d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 14

Coinníollacha faoina soláthraítear cúnamh

1.   Comhoibreoidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt le chéile chun cúnamh a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar choinníoll:

(a)

go ndéantar fógra faoin ngá atá ag an duine leis an gcúnamh sin a thabhairt d’iompróirí, do chomhlachtaí bainistithe críochfoirt, do ghníomhairí taistil nó do thionscnóirí turas, 36 huaire an chloig ar a dhéanaí sula mbeidh an cúnamh ag teastáil; agus

(b)

go dtiocfaidh na daoine lena mbaineann ar an láthair ag an bpointe ainmnithe:

(i)

tráth a shonróidh an t-iompróir roimh ré ar tráth é nach luaithe é ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe mura rud é go gcomhaontóidh an t-iompróir agus an paisinéir ar thréimhse níos giorra, nó

(ii)

mura ndéantar tráth ar bith a shonrú, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe.

2.   De bhreis ar mhír 1, déanfaidh daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe fógra a thabhairt don iompróir, don ghníomhaire taistil nó don tionscnóir turas, tráth a mbeidh an áirithint á déanamh nó tráth a mbeidh an ticéad á réamhcheannach, faoi na riachtanais shonracha atá acu i dtaca le suíocháin, ar choinníoll gurb eol an tráth sin go bhfuil an riachtanas ann.

3.   Déanfaidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas na bearta uile is gá chun éascaíocht a dhéanamh maidir le fógraí a fháil ó dhaoine atá faoi mhíchumas nó ó dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoin ngá atá acu le cúnamh. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin ag na críochfoirt ainmnithe uile agus ag a ndíolphointí, lena n-áirítear díolachán le teileafón agus tríd an Idirlíon.

4.   Más rud é nach dtugtar fógra ar bith i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 agus le mír 2, déanfaidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas gach iarracht réasúnach chun a áirithiú go soláthrófar an cúnamh ar shlí a fhágfaidh go mbeidh an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe in ann dul ar bord na seirbhíse imeachta, athrú chuig an tseirbhís chomhfhreagrach nó tuirlingt den tseirbhís teachta ar cheannaigh sé ticéad di.

5.   Déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt pointe a ainmniú, laistigh den chríochfort nó lasmuigh de, ar pointe é inar féidir le daoine atá faoi mhíchumas nó le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a fhógairt go bhfuil siad tagtha agus cúnamh a iarraidh. Beidh comharthaíocht shoiléir ann chuig an bpointe agus déanfar faisnéis bhunúsach faoin gcríochfort agus faoin gcúnamh a sholáthraítear a thairiscint ann i bhformáidí inrochtana.

Airteagal 15

Faisnéis a tharchur chuig tríú páirtí

Má fhaigheann gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas fógra dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 14(1), déanfaidh siad an fhaisnéis a aistriú, laistigh dá ngnáthuaireanta oifige, chuig an iompróir nó chuig an gcomhlacht bainistithe críochfoirt a luaithe is féidir

Airteagal 16

Oiliúint

1.   Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, i gcás inarb iomchuí, nósanna imeachta oiliúna a bhaineann le míchumas, lena n-áirítear treoracha, a bhunú, agus áiritheoidh siad an méid seo a leanas:

(a)

maidir lena bpearsanra, seachas tiománaithe, lena n-áirítear pearsanra atá fostaithe ag aon pháirtí feidhmiúil eile, ar foireann í a sholáthraíonn cúnamh díreach do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go dtabharfar oiliúint nó treoir dóibh de réir mar a thuairiscítear i gcuid (a) agus i gcuid (b) d’Iarscríbhinn II; agus

(b)

maidir lena bpearsanra, lena n-áirítear tiománaithe, ar foireann í a dhéileálann go díreach leis an bpobal atá ag taisteal, nó le saincheisteanna a bhaineann le daoine den phobal atá ag taisteal, go dtabharfar oiliúint nó treoir dóibh de réir mar a thuairiscítear i gcuid (a) d’Iarscríbhinn II.

2.   Féadfaidh Ballstát, go ceann uastréimhse cúig bliana ón 1 Márta 2013 díolúine a dheonú ó chur i bhfeidhm phointe (b) de mhír (1) maidir le hoiliúint a chur ar thiománaithe.

Airteagal 17

Cúiteamh i leith cathaoireacha rothaí agus trealaimh eile soghluaisteachta

1.   Beidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt faoi dhliteanas, i gcás inarbh iad ba chúis le cailliúint cathaoireacha rothaí, trealaimh eile soghluaisteachta nó feistí cúnaimh nó le damáiste a dhéanamh dóibh. Déanfaidh an t-iompróir nó an comhlacht bainistithe críochfoirt atá faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste sin cúiteamh a thabhairt maidir leis an gcailliúint nó an damáiste sin.

2.   Beidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 comhionann leis an gcostas a ghabhann le hathsholáthar nó deisiú an trealaimh nó na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

3.   I gcás inar gá, déanfar gach iarracht trealamh sealadach athsholáthair nó feistí sealadacha athsholáthair a sholáthar go tapa. I gcás inar féidir sin, beidh gnéithe teicniúla agus feidhmiúla ag cathaoireacha rothaí, ag trealamh soghluaisteachta nó ag feistí cúnaimh eile ar gnéithe iad a bheidh comhchosúil le gnéithe teicniúla agus feidhmiúla na nithe a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

Airteagal 18

Díolúintí

1.   Gan dochar d’Airteagal 2(2), féadfaidh Ballstáit seirbhísí rialta intíre a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm fhorálacha uile na Caibidle seo, nó roinnt díobh, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad go bhfuil an leibhéal cosanta atá ann do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoina rialacha náisiúnta comhionann, ar a laghad, leis an leibhéal cosanta atá ann faoin Rialachán seo.

2.   Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí arna ndeonú de bhun mhír 1. Déanfaidh an Coimisiún beart iomchuí má mheastar nach bhfuil díolúine den sórt sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Faoin 2 Márta 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 1.

CAIBIDIL IV

CEARTA PAISINÉIRÍ I GCÁS CEALAITHE NÓ MOILLE

Airteagal 19

Leanúint ar aghaidh, athródú agus aisíocaíocht

1.   I gcás ina measfaidh iompróir le réasún go gcealófar seirbhís rialta nó go mbeidh moill is faide ná 120 nóiméad leis an imeacht ó chríochfort, nó i gcás ró-áirithinte, tabharfar rogha láithreach don phaisinéir idir na nithe seo a leanas:

(a)

leanúint ar aghaidh nó athródú chuig an gceann scríbe deiridh, a luaithe is féidir, gan aon chostas breise agus faoi choinníollacha inchomparáide, de réir mar a leagtar amach sa chonradh iompair;

(b)

aisíoc phraghas an ticéid, agus, i gcás inarb ábhartha, seirbhís fillte saor in aisce de bhus nó de chóiste, a luaithe is féidir, chuig an gcéad phointe imeachta, de réir mar a leagtar amach sa chonradh iompair.

2.   Má mhainníonn an t-iompróir an rogha dá dtagraítear i mír 1 a thairscint don phaisinéir, beidh an ceart ag an bpaisinéir cúiteamh a fháil arb ionann é agus 50 % de phraghas an ticéid, i dteannta na haisíocaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1. Íocfaidh an t-iompróir an tsuim sin laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh ar chúiteamh a chur faoina bhráid.

3.   I gcás ina dtagann an bus nó an cóiste chun bheith do-oibrithe le linn an turais, socróidh an t-iompróir go leanfar den tseirbhís i bhfeithicil eile ón ionad ina bhfuil an fheithicil dho-oibrithe, nó socróidh sé modh iompair ón ionad ina bhfuil an fheithicil dho-oibrithe go dtí pointe feithimh nó críochfort oiriúnach óna mbeifear in ann leanúint ar aghaidh leis an turas.

4.   I gcás ina ndéanfar seirbhís rialta a chealú nó i gcás ina mbeidh moill is faide ná 120 nóiméad le himeacht ó stad bus, beidh ceart ag paisinéirí ar leanúint den tseirbhís nó ar athródú nó aisíoc phraghas an ticéid a fháil ón iompróir, de réir mar a dhéantar tagairt dóibh i mír (1).

5.   Déanfar íoc na haisíocaíochta dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 agus i mír 4 laistigh de 14 lá tar éis an tairiscint a dhéanamh nó an iarraidh a fháil. Cumhdóidh an íocaíocht costas iomlán an ticéid de réir an phraghais ar ar ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna den turas nach ndearnadh, agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana féin más rud é nach bhfuil cuspóir ar bith leis an turas a thuilleadh i leith phlean taistil bunaidh an phaisinéara. I gcás pasanna taistil nó ticéad séasúir beidh an íocaíocht comhionann leis an gcuid chomhréireach de chostas iomlán an phas nó an ticéid. Déanfar an aisíocaíocht in airgead, mura rud é go nglacann an paisinéir le cineál eile aisíocaíochta.

Airteagal 20

Faisnéis

1.   I gcás ina gcealófar imeacht seirbhíse rialta, nó ina gcuirfear moill ar sheirbhís rialta, déanfaidh an t-iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt, na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó na críochfoirt a chur ar an eolas faoin méid sin a luaithe is féidir agus, ar aon chuma, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis an ama imeachta sceidealta, agus faoin am imeachta measta, a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

2.   Más rud é, de réir an amchláir, go gcailleann paisinéirí nascsheirbhís de bharr cealaithe nó de bharr moille, déanfaidh an t-iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt, gach iarracht réasúnach na paisinéirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi naisc mhalartacha.

3.   Déanfaidh an t-iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt, a áirithiú gur i bhformáidí inrochtana a gheobhaidh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 agus faoi mhír 2.

4.   I gcás inarb indéanta, déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 a sholáthar, laistigh den teorainn ama a shonraítear i mír 1, trí mheán leictreonach do gach paisinéir, lena n-áirítear na paisinéirí sin a imíonn ó stadanna bus, más rud é gur iarr an paisinéir an méid sin agus go mbeidh sé tar éis na sonraí teagmhála riachtanacha a sholáthar don iompróir.

Airteagal 21

Cúnamh i gcás imeachtaí a chuirtear ar ceal nó a bhfuil moill orthu

I gcás turais ar faide ná trí huaire an chloig a fhad sceidealta, déanfaidh an t-iompróir, i gcás cealaithe nó i gcás moille maidir le himeacht ón gcríochfort ar feadh tréimhse is faide ná 90 nóiméad, an méid seo a leanas a thairiscint saor in aisce don phaisinéir:

(a)

sneaiceanna, béilí nó sóláistí i gcoibhneas réasúnach leis an am feithimh nó leis an moill, ar choinníoll go bhfuil na nithe sin ar fáil ar an mbus nó sa chríochfort nó gur féidir, le réasún, iad a sholáthar;

(b)

seomra in óstán nó cóiríocht eile chomh maith le cúnamh chun iompar a shocrú idir an críochfort agus áit na cóiríochta i gcásanna inar gá fanacht oíche amháin nó níos mó. Féadfaidh an t-iompróir costas iomlán na cóiríochta i gcás gach paisinéara a theorannú do EUR 80 in aghaidh na hoíche agus d’uastréimhse dhá oíche, gan iompar go dtí an críochfort agus ón gcríochfort agus go dtí áit na cóiríochta agus ó áit na cóiríochta a chur san áireamh.

Le linn dó an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, tabharfaidh an t-iompróir aird ar leith ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus ar riachtanais aon daoine a bheidh á dtionlacan.

Airteagal 22

Éilimh bhreise

Ní chuirfidh aon ní sa Chaibidil seo cosc ar phaisinéirí damáistí a lorg i gcomhréir leis an dlí náisiúnta os comhair cúirteanna náisiúnta i leith caillteanais mar thoradh ar chealú nó ar mhoill ar sheirbhísí rialta.

Airteagal 23

Díolúintí

1.   Seachas i gcás paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu, ní bheidh feidhm ag Airteagal 19 ná ag Airteagal 21 maidir le paisinéirí a bhfuil ticéid oscailte acu ar choinníoll nach sonraítear an t-am imeachta.

2.   Ní bheidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 21 i gcás ina gcruthaíonn an t-iompróir gurbh é ba chúis leis an gcealú nó leis an moill ná drochdhálaí aimsire nó mórthubaistí nádúrtha a chuir oibriú sábháilte na seirbhíse bus nó cóiste i mbaol.

CAIBIDIL V

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS AGUS LE GEARÁIN

Airteagal 24

Ceart chun faisnéise maidir le taisteal

Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, faisnéis leordhóthanach a sholáthar do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal. I gcás inarb indéanta, is i bhformáidí a bheidh inrochtana a sholáthrófar an fhaisnéis sin arna iarraidh sin.

Airteagal 25

Faisnéis faoi chearta na bpaisinéirí

1.   Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, a áirithiú go ndéanfar faisnéis iomchuí agus sothuigthe maidir lena gcearta faoin Rialachán seo a sholáthar do phaisinéirí ag imeacht ón gcríochfort dóibh ar a dhéanaí. Soláthrófar an fhaisnéis sin ag críochfoirt agus, i gcás inarb infheidhme, ar an Idirlíon. Arna iarraidh sin do dhuine atá faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, is i bhformáid inrochtana a sholáthrófar an fhaisnéis, nuair is indéanta sin. Cuimseoidh an fhaisnéis sin sonraí teagmhála an chomhlachta forfheidhmiúcháin nó sonraí teagmhála na gcomhlachtaí forfheidhmiúcháin arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 28(1).

2.   Chun an ceanglas maidir le faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, féadfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt úsáid a bhaint as achoimre d’fhorálacha an Rialacháin seo arna hullmhú ag an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh agus arna cur ar fáil do na hiompróirí agus do na comhlachtaí sin.

Airteagal 26

Gearáin

Déanfaidh iompróirí sásra láimhseála gearán a chur ar bun, nó beidh sásra láimhseála gearán i bhfeidhm acu, maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 27

Gearáin a thíolacadh

Gan dochar d’éilimh ar chúiteamh i gcomhréir le hAirteagal 7, más mian le paisinéir a chumhdaítear leis an Rialachán seo gearán a dhéanamh leis an iompróir, tíolacfaidh sé an gearán sin laistigh de thrí mhí ón dáta ar feidhmíodh an tseirbhís rialta nó ón dáta a raibh sé ceaptha an tseirbhís rialta a fheidhmiú. Laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh an t-iompróir gearán, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir á rá go raibh bunús lena ghearán, gur diúltaíodh don ghearán nó go bhfuil sé fós á bhreithniú. Ní faide ná trí mhí ón dáta a bhfaightear an gearán an t-am a thógfaidh sé chun an freagra deiridh a sholáthar.

CAIBIDIL VI

FORFHEIDHMIÚ AGUS COMHLACHTAÍ NÁISIÚNTA FORFHEIDHMIÚCHÁIN

Airteagal 28

Comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí nua nó comhlacht nó comhlachtaí atá ann cheana féin mar chomhlacht nó mar chomhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le seirbhísí rialta ó phointí atá suite ina chríoch agus maidir le seirbhísí rialta ó thríú tír chuig na pointí sin. Déanfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

Beidh gach comhlacht neamhspleách ar iompróirí, ar thionscnóirí turas agus ar chomhlachtaí bainistithe críochfoirt, ó thaobh eagrúcháin de, ó thaobh cinntí i leith maoinithe, ó thaobh a struchtúir dhlíthiúil agus ó thaobh cinnteoireachta de.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Féadfaidh aon phaisinéir gearán a thíolacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, don chomhlacht iomchuí arna ainmniú faoi mhír 1, nó d’aon chomhlacht iomchuí eile a ainmneoidh Ballstát, ar gearán é a bhaineann le sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo.

Féadfaidh Ballstát a chinneadh go ndéanfaidh an paisinéir, mar chéad chéim, gearán a chur faoi bhráid an iompróra agus, sa chás sin, gníomhóidh an comhlacht náisiúnta forfheidhmiúcháin nó aon chomhlacht iomchuí eile a ainmneoidh an Ballstát mar chomhlacht achomhairc i gcás gearán nach réitítear faoi Airteagal 27.

Airteagal 29

Tuarascáil ar fhorfheidhmiú

Faoin 1 Meitheamh 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na comhlachtaí forfheidhmiúcháin a ainmneofar de bhun Airteagal 28(1) tuarascáil maidir lena ngníomhaíochtaí sa dá bhliain féilire roimhe sin a fhoilsiú, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe, tuairisc ar na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus staidreamh maidir leis na gearáin agus maidir leis na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 30

Comhar idir comhlachtaí forfheidhmiúcháin

Aon uair is iomchuí, déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(1) faisnéis a mhalartú faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail chinnteoireachta agus faoina gcleachtais chinnteoireachta. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh maidir leis an gcúram sin.

Airteagal 31

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit fógra faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin a thabhairt don Choimisiún faoin 1 Márta 2013 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Tuarascáil

Faoin 2 Márta 2016, déanfaidh an Coimisiún tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi oibriú agus faoi iarmhairtí an Rialacháin seo. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá sin, chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme ar shlí níos mionsonraithe nó chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 33

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“19.

Rialachán (AE) Uimh.: 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste (12)

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Márta 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Feabhra 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

MARTONYI J.


(1)  IO C 317, 23.12.2009, lch. 99.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 312.), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 11 Márta 2010 (IO C 122 E, 11.5.2010, lch. 1.), seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), cinneadh ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 agus rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 263, 7.10.2009, lch. 11.

(4)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.

(5)  IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.

(6)  IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

(7)  IO L 158, 23.6.1990, lch. 59.

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(9)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

(10)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

(11)  IO L 373, 21.12.2004, lch. 37.

(12)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 1.”


IARSCRÍBHINN I

CÚNAMH A SHOLÁTHRÓFAR DO DHAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DO DHAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

(a)   Cúnamh ag críochfoirt ainmnithe

An cúnamh agus na socruithe is gá chun a chumasú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

a chur in iúl go bhfuil siad tagtha chuig an gcríochfort agus iarratas ar chúnamh a dhéanamh ag pointí ainmnithe;

dul ón bpointe ainmnithe chuig an deasc chlárúcháin, chuig an seomra feithimh agus chuig an áit bordála;

an fheithicil a bhordáil, agus ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó cúnamh eile atá ag teastáil á soláthar, de réir mar is cuí;

a mbagáiste a luchtú;

a mbagáiste a athfháil;

tuirlingt den fheithicil;

dul ar bord bus nó cóiste agus madra cúnaimh aitheanta in éineacht leo;

dul ar aghaidh chuig an suíochán.

(b)   Cúnamh ar bord

An cúnamh agus na socruithe is gá chun a chumasú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

faisnéis riachtanach i bhformáidí inrochtana a bhaineann le turas a fháil arna iarraidh sin don phaisinéir;

dul ar bord/tuirlingt i rith sosanna i dturas, má tá pearsanra seachas an tiománaí ar bord.


IARSCRÍBHINN II

OILIÚINT A BHAINEANN LE CÚRSAÍ MÍCHUMAIS

(a)   Oiliúint ar fheasacht mhíchumais

Áirítear an méid seo a leanas le hoiliúint foirne a dhéileálann go díreach le daoine den phobal atá ag taisteal:

feasacht agus freagairtí iomchuí ar phaisinéirí a bhfuil míchumas coirp, míchumas céadfach (éisteacht agus amharc), míchumas folaithe nó míchumas foghlama ag dul dóibh, lena n-áirítear conas idirdhealú a dhéanamh idir cumais éagsúla daoine a bhféadfadh a soghluaisteacht, a dtreoshuíomh nó a gcumarsáid a bheith laghdaithe;

na bacainní ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear bacainní dearcaidh, bacainní timpeallachta/fisiciúla agus bacainní eagraíochtúla;

madraí cúnaimh aitheanta, lena n-áirítear ról agus riachtanais madraí cúnaimh;

a bheith ag déileáil le teagmhais gan choinne;

scileanna idirphearsanta agus modhanna chun cumarsáid a dhéanamh leis na bodhair agus le daoine lagéisteachta, le daoine lagamhairc, le daoine a bhfuil a n-urlabhra lagaithe agus le daoine a bhfuil míchumas foghlama ag dul dóibh;

conas cathaoireacha rothaí agus áiseanna eile soghluaisteachta a láimhseáil chun damáiste a sheachaint (más ann dóibh, le haghaidh na foirne uile atá freagrach as bagáiste a láimhseáil).

(b)   Oiliúint maidir le cúnamh míchumais

Áirítear na nithe seo a leanas san oiliúint don fhoireann a thugann cúnamh go díreach do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

conas cabhrú le lucht úsáide cathaoireacha rothaí aistriú isteach agus amach as cathaoir rothaí;

scileanna chun cúnamh a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag taisteal in éineacht le madra cúnaimh aitheanta, lena n-áirítear ról agus riachtanais na madraí sin;

teicnící chun paisinéirí lagamhairc a thionlacan agus chun madraí cúnaimh aitheanta a láimhseáil agus a iompar;

tuiscint ar na cineálacha trealaimh ar féidir leo cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas agus le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus eolas faoi conas an trealamh sin a láimhseáil;

úsáid a bhaint as an trealamh cúnaimh bordála agus tuirlingthe a úsáidtear agus eolas ar na nósanna imeachta iomchuí do chúnamh bordála agus tuirlingthe a dhéanann sábháilteacht agus dínit na ndaoine atá faoi mhíchumas agus na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a choimirciú;

tuiscint ar an ngá atá le cúnamh iontaofa gairmiúil. A bheith feasach freisin go bhféadfadh paisinéirí áirithe atá faoi mhíchumas a bheith soghonta le linn dóibh a bheith ag taisteal toisc iad a bheith ag brath ar an gcúnamh a sholáthraítear;

eolas ar gharchabhair.


Top