Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tromlach simplí

Tagtar ar an tromlach simplí i ndáil leis an gComhairle nuair a thugann tromlach a chomhdhéanann í vóta i bhfabhar (a ionadaíonn 15 thír AE as 28 faoi láthair).

Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, cinneann tromlach simplí vóta Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcéad léamh. Ag an dara léamh, áfach, féadfaidh an Pharlaimint seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh a dhiúltú nó a leasú trí thromlach glan dá comhaltaí (376 vóta as 751).

Sa Chomhairle, glacann tromlach cáilithe (55% de thíortha AE, a ionadaíonn 65% ar a laghad de dhaonra AE) formhór na gcinntí ar ghníomhartha reachtacha, agus cinntear an chuid eile díobh le haontoilíocht (i gcás nach mór do gach tír AE aontú le vótáil nó staonadh ó vótáil). Ní bhaintear úsáid as tromlach simplí sa Chomhairle ach amháin nuair atá vóta á chaitheamh ar a cúrsaí nós imeachta inmheánaigh nó nuair a iarrann sí ar an gCoimisiún Eorpach staidéir a dhéanamh nó tograí a chur isteach.

Mar riail ghinearálta, glactar cinntí an Choimisiúin le comhthoil a bhunaíonn a uachtarán. Féadfar vótaí a eagrú le linn chruinnithe an Choimisiúin má iarrann na comhaltaí é sin. I gcásanna dá leithéid, glactar cinntí má vótálann tromlach simplí de líon na gcomhaltaí ina bhfabhar.

FÉACH FREISIN

Top