EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Solúbthacht i gcinnteoireacht AE: clásail passerelle, clásail choscánaithe agus clásail luasghéaraithe

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

RÉAMHRÁ

Leathnaítear le Conradh Liospóin gnáthnós imeachta reachtach agus córas na vótála tromlaigh cháilithe chuig líon mór réimsí beartais. Is é an cuspóir cuidiú a thabhairt i gcomhair chomhtháthú AE trí chinnteoireacht a dhéanamh níos éifeachtaí. Sa ghnáthnós imeachta reachtach, níl cead crosta ag tíortha AE agus tá níos mó bealaí ann chun teacht ar chomhaontú.

Ní bhíonn tíortha AE toilteanach i gcónaí, áfach, cuid dá gcumhacht cur i gcoinne a ghéilleadh i réimsí beartais áirithe. Is iad na réimsí sin na cinn a meastar iad a bheith ina réimsí is “íogaire”, ina bhfuil tábhacht na ceannasachta náisiúnta suntasach, lena n-áirítear beartas eachtrach, inimirce agus ceartas. Sna réimsí sin, baintear leas as an nós imeachta reachtach speisialta agus an córas vótála d’aontoil de ghnáth.

Tugtar roinnt cineálacha clásal institiúideach isteach le Conradh Liospóin lena dtairgtear sásraí institiúideacha atá difriúil ach a bhfuil an cuspóir céanna leo. Is amhlaidh atá chun comhtháthú AE i réimsí “íogaire” a éascú más mian le tíortha AE é sin a dhéanamh.

Dá réir sin, tugtar isteach 3 chineál clásail le Conradh Liospóin:

  • clásail “passerelle”
  • clásail “choscánaithe”
  • clásail “luasghéaraithe”

CLÁSAIL PASSERELLE

Le clásail passerelle tá sé ceadaithe maolú ó na nósanna imeachta reachtacha dá ndearnadh foráil sna conarthaí ar dtús. Go sonrach, agus faoi choinníollacha áirithe, is féidir an méid seo a leanas a dhéanamh dá mbarr:

  • aistriú ón nós imeachta reachtach speisialta chuig an ngnáthnós imeachta reachtach chun gníomh a ghlacadh i réimse beartais faoi leith;
  • aistriú ó vótáil d’aontoil go dtí vótáil tromlaigh cháilithe i réimse beartais faoi leith;

Braitheann gníomhachtú clásal passerelle fós ar an gComhairle nó ar an gComhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d’aontoil. Dá réir sin, i ngach cás, ní mór do na tíortha AE uile bheith ar aon intinn sular féidir clásal den sórt sin a ghníomhachtú.

Lena chois sin, tugtar isteach in Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach clásal passerelle ginearálta a bhaineann le gach beartas Eorpach (féach an achoimre ar “athbhreithnithe ar na conarthaí”. Lena chois sin, tá 6 chlásal passerelle eile a bhaineann go sonrach le beartais Eorpacha áirithe, ina bhfuil sonraí nós imeachta áirithe (féach an achoimre ar ”nósanna imeachta reachtacha”).

CLÁSAIL CHOSCÁNAITHE

Baineann na clásail choscánaithe le 3 réimse:

  • na bearta chun comhordú a dhéanamh ar na córais slándála sóisialta d’oibrithe imirceacha (Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE));
  • comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla (Airteagal 82 de CFAE);
  • bunú rialacha comhchoiteanna maidir le cionta coiriúla áirithe (Airteagal 83 de CFAE).

Cruthaíodh clásail choscánaithe ionas go bhféadfaí an gnáthnós imeachta reachtach a chur i bhfeidhm ar na 3 réimse beartais sin. Tá an gnáthnós imeachta reachtach srianta le sásra coscánaithe: féadfaidh tír AE achomharc a chur isteach chuig an gComhairle Eorpach má cheapann sí go bhfuil prionsabail bhunúsacha a córais slándála sóisialta nó a córais ceartais choiriúil faoi bhagairt leis an dréacht-reachtaíocht atá á glacadh. Sa chás seo, cuirtear an nós imeachta ar fionraí agus féadfaidh an Chomhairle Eorpach:

  • an dréacht a chur ar ais chuig an gComhairle a leanfaidh ar aghaidh leis an nós imeachta, ag cur san áireamh na tuairimí a rinneadh; nó
  • stop buan a chur leis an nós imeachta agus moladh úr a iarraidh ón gCoimisiún Eorpach, más cuí.

Dá bhrí sin, ní hé an sásra a mholann siad amháin an t-aon rud tábhachtach faoi na clásail choscánaithe, ach is tábhachtach chomh maith gur féidir an gnáthnós imeachta a leathnú chuig na beartais lena mbaineann leo. Nuair a tugadh isteach an sásra seo sa phróiseas cinnteoireachta cuireadh ina luí ar na tíortha AE is doicheallaí an gnáthnós imeachta reachtach a chur i bhfeidhm ar bheartais áirithe, sa chás gur chuir siad riail na vótála d’aontoil i bhfeidhm roimhe sin.

CLÁSAIL LUASGHÉARAITHE

Leis na clásail “luasghéaraithe” luasghéaraítear an comhtháthú idir tíortha AE áirithe trí éascaíocht a dhéanamh do bhunú comhair fheabhsaithe i réimsí áirithe.

Leis na clásail sin tá sé ceadaithe maolú ón nós imeachta rannpháirtíochta do chomhar feabhsaithe. Dá réir sin, mar thoradh ar na clásail sin, meastar go mbeidh comhar feabhsaithe cruthaithe a luaithe is a bheidh 9 dtír AE ar a laghad ann. Dá bhrí sin, ní dhéantar go díreach ach an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi mhian na dtíortha rannpháirteacha comhar feabhsaithe a bhunú.

Baineann na clásail sin le 4 réimse:

  • comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla (Airteagal 82 de CFAE);
  • bunú rialacha comhchoiteanna maidir le cionta coiriúla áirithe (Airteagal 83 de CFAE);
  • cruthú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (Airteagal 86 de CFAE);
  • comhar póilíneachta (Airteagal 87 de CFAE).

Is fiú a shonrú gur toradh díreach iad na clásail luasghéaraithe a bhaineann le comhar agus cionta coiriúla ar ghníomhachtú na gclásal coscánaithe atá ann cheana sa 2 réimse sin. Nuair a tharlaíonn sé sin agus nuair a chuirtear stop leis an nós imeachta reachtach dá réir sin, féadfaidh tíortha leas a bhain as an gclásal luasghéaraithe agus leanúint leis an nós imeachta reachtach agus é a chur i gcrích eatarthu, faoi chreat an chomhair fheabhsaithe.

PRÍOMHGHNÍOMHARTHA

Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Nuashonraithe 25.07.2016

Top