Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gnáthnós imeachta reachtach (Comhchinnteoireacht

Is éard atá sa ghnáthnós imeachta reachtach glacadh comhpháirteach gníomhartha reachtacha a dhéanann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, go ginearálta, i ndiaidh togra ón gCoimisiún Eorpach.

Sainítear é in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus is é an nós imeachta reachtóireachta is coitianta de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).

A bhuí le Conradh Maastricht agus le tabhairt isteach nós imeachta na comhchinnteoireachta rinneadh comhreachtóir ar bhonn cothrom leis an gComhairle de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin sna cásanna a ndéantar foráil ina leith sna conarthaí, i gcás go bhfuil nós imeachta comhairliúcháin nó nós imeachta reachtach i bhfeidhm.

Athainmníodh an nós imeachta comhchinnteoireachta le Conradh Liospóin mar an gnáthnós imeachta reachtach agus méadaíodh leis líon na réimsí beartais a bhfuil feidhm ag an nós imeachta seo maidir leo, rud a chuir feabhas, mar sin, ar chumhachtaí na Parlaiminte.

Déantar léamh amháin nó dhá léamh mar chuid den nós imeachta, agus más gá, nós imeachta idir–réitigh agus an tríú léamh. Vótálann an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Vótálann Parlaimint na hEorpa trí thromlach simplí de na vótaí a chaitear ag an gcéad léamh agus ag an tríú léamh agus trí thromlach a comhaltaí ag an dara léamh.

FÉACH FREISIN

Top