INT/1044
An geilleagar sóisialta/An bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac
TUAIRIM
An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
An bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac trí leas a bhaint as cumhacht an gheilleagair shóisialta agus na nuálaíochtaí socheacnamaíocha
(tústuairim)
Rapóirtéir: Alain COHEUR
Comhrapóirtéir: Ferre WYCKMANS
|
Comhairliúchán
|
Uachtaránacht na Comhairle, 10/07/2023
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
An rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
20/12/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
52/0/0
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Agus an comhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta á mheas, ní mór an iliomad gnéithe a bhaineann le coincheap na bochtaineachta a chur san áireamh, e.g. gnéithe a mbíonn tionchar acu ar an rochtain ar fhostaíocht, ar oideachas, ar chúram sláinte, ar thithíocht, ar bhia, ar mhodhanna iompair, ar uirlisí digiteacha, ar fhuinneamh agus ar an gcultúr. Dá bhrí sin, teastaíonn cur chuige trasearnála i leith na bochtaineachta nó ní fhéadfar an cuimsiú sóisialta a áirithiú. Cé go bhfuil lámh ag gach gníomhaí eacnamaíoch sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta, is faoin stát atá sé a fhreagracht iomlán a fheidhmiú i dtaca leis sin. Is féidir leis an ngeilleagar sóisialta, a bhuí leis an réimse leathan gníomhaíochtaí a dhéantar ann agus an cuspóir sóisialta atá leis, tionchar a imirt ar an mbochtaineacht ar bhealach nádúrtha trasearnála.
1.2D’fhonn leas a bhaint as acmhainneacht iomlán eacnamaíoch, thionsclaíoch agus shochaíoch an gheilleagair shóisialta agus cuimsiú sóisialta an uile dhuine a chur chun cinn, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach leanúint den Phlean Gníomhaíochta atá ullmhaithe aige maidir leis an nGeilleagar Sóisialta a chur chun feidhme, meastóireacht a dhéanamh air in 2025 ar mhaithe le plean gníomhaíochta nua a ullmhú, tacú go gníomhach leis na Ballstáit lena áirithiú go gcuirfidh siad an Moladh chun feidhme agus an geilleagar sóisialta agus an beartas nuálaíochta sóisialta a chomhtháthú go sonrach sa chéad Chlár Oibre eile de chuid an Choimisiúin.
1.3Tá sé á mholadh ag CESE go mbeadh cur chuige láidir críochach ann ina mbeadh páirt ag na réigiúin agus na húdaráis áitiúla trí ghníomhaithe éagsúla a thabhairt le chéile i mbeartais cur chun feidhme an gheilleagair shóisialta. Ar thionscnamh na n‑údarás poiblí, is féidir an méid a leanas a chur chun cinn: an fhorbairt áitiúil, uirlisí táirgthe a athlonnú, poist chuibhiúla nach féidir a athlonnú a chruthú, an comhar a spreagadh idir gníomhaithe eacnamaíocha (comhthiomsú uirlisí, comhroinnt dea‑chleachtas) agus éiceachóras spreagúil a chruthú ina mbeidh comhlachais, comharchumainn, institiúidí árachais, fiontair traidisiúnta, infheisteoirí in earnáil na baincéireachta, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, an saol acadúil, etc.
1.4Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áirithiú ina thionscnaimh maidir leis an nuálaíocht shóisialta go nglacfar cur chuige trasearnála ina mbeidh páirt ag an iliomad geallsealbhóirí as gnólachtaí traidisiúnta agus as an ngeilleagar sóisialta, agus ina gcuirfear san áireamh saincheisteanna comhshaoil agus sóisialta.
1.5Iarrann CESE ar an gCoimisiún an geilleagar sóisialta agus an nuálaíocht shóisialta a áireamh i measc na dtionscnamh a dhéanfaidh sé chun na réimsí gníomhaíochta atá leagtha amach ina thuarascáil fadbhreathnaitheachta a fhorbairt le go bhféadfar cur le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair. Is deacair fós rannpháirtíocht codanna leochaileacha eile den daonra a mhéadú, mar shampla, daoine faoi mhíchumas, daoine óga, grúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht nó grúpaí eisiata, nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, nó atá ag maireachtáil go beo bocht.
1.6Trí straitéis uaillmhianach a chur chun feidhme maidir le forbairt an gheilleagair shóisialta, is féidir an iliomad post éagsúil a chruthú ann, agus an bhochtaineacht a chomhrac, trí scéimeanna a chabhraíonn leis an lánpháirtiú sóisialta agus saothair, nó scéimeanna fostaíochta tríd an oiliúint, a fhorbairt, nó trí thacaíocht a thabhairt do thionscnóirí tionscadail a dteastaíonn uathu micrifhiontair, comharchumainn, comhlachais nó fiontair shóisialta, etc. a chur ar bun.
1.7Ní mór an straitéis fhadtéarmach chomhpháirteach sin a bheith bunaithe ar bhunús dlí, ar chreat fioscach atá curtha in oiriúint do shamhail ghnó an gheilleagair shóisialta, ar chóras riaracháin ar leith agus oifigigh atá oilte sa gheilleagar sóisialta agus sna saintréithe a bhaineann leis.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Cúlra
2.1.1Is é atá sa tuairim seo freagra CESE ar an iarraidh ó Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh tuairim a ullmhú maidir leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta. Fiosraítear na buntáistí a thugann an geilleagar sóisialta agus na nuálaíochtaí socheacnamaíocha sa chomhrac sin.
2.1.2Tháinig an iarraidh sin ar thuairim chugainn tráth a bhfuil dúshláin chasta shochaíocha ann nach féidir a fhreagairt gan leas a bhaint as na hacmhainní ábhartha uile atá ag an tsochaí. Thairis sin, tá ról ríthábhachtach ag an ngeilleagar sóisialta agus ag an tsochaí shibhialta maidir leis an nuálaíocht shóisialta a spreagadh.
2.1.3Tá baint ag an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta le gach duine sa tsochaí. Cé nach bhfuil gníomhaíochtaí eintitis an gheilleagair shóisialta dírithe ar ghníomhaíochtaí sóisialta amháin, cuireann go leor acu seirbhísí riachtanacha ar fáil i gcásanna tromchúiseacha (cásanna atá éirí níos coitianta), e.g. easpa dídine (trí sheirbhísí cóiríochta agus túslíne), fíorbhochtaineacht (trí chúnamh bia). Cuireann siad deiseanna fostaíochta ar fáil freisin dóibh siúd a mbíonn bac orthu dul isteach sa mhargadh saothair, rud a chuireann an cuimsiú chun cinn agus a éilíonn beartais chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna struchtúracha atá leis an mbochtaineacht.
2.1.4Ó 2014 i leith, de réir na sonraí atá ag Eurostat, tá laghdú ar an líon daoine a bhfuil taithí acu ar cheann amháin de na trí bhaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta seo a leanas ar a laghad: baol bochtaineachta, baol géardíthe ábharaí agus sóisialta agus/nó an baol go maireann siad i dteaghlach ina bhfuil déine an-íseal oibre. Mar sin féin, in 2022, bhí 95.3 milliún duine san Aontas (22 % den daonra, nó duine as gach cúigear) i ngreim ag an mbochtaineacht. Tá an leibhéal sin níos airde ná mar ba cheart a bheith agus an Eoraip chomh rathúil agus atá.
2.1.5Meabhraíonn CESE gur thug an Coimisiún isteach, i mí an Mhárta 2021, sprioc ghinearálta sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta líon na ndaoine atá ag maireachtáil beo bocht a laghdú 15 mhilliún ar a laghad faoi 2030.
2.1.6Agus an comhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta á mheas, ní mór an iliomad gnéithe a bhaineann le coincheap na bochtaineachta a chur san áireamh, e.g. gnéithe a mbíonn tionchar acu ar an rochtain ar fhostaíocht, ar oideachas, ar chúram sláinte, ar thithíocht, ar bhia, ar mhodhanna iompair, ar uirlisí digiteacha, ar fhuinneamh agus ar an gcultúr. Dá bhrí sin, teastaíonn cur chuige trasearnála i leith na bochtaineachta nó ní fhéadfar an cuimsiú sóisialta a áirithiú do chách.
2.1.7Bíonn an éifeacht charnach a bhíonn ag na cineálacha éagsúla bochtaineachta níos measa fós mar gheall ar dhifríochtaí sna leibhéil leochaileachta idir grúpaí áirithe den daonra. Tugtar le fios i sonraí Eurostat ó mhí an Mheithimh 2023 gurb iad na mná, daoine óga, daoine nach bhfuil acu ach leibhéal íseal oideachais, daoine dífhostaithe agus daoine atá bocht ag obair, ar an meán, atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta. Bíonn tionchar áirithe ag an mbochtaineacht freisin ar leanaí óga, ar theaghlaigh aontuismitheora, ar dhaoine a ndéantar leithcheal orthu agus ar dhaoine scothaosta.
2.1.8Sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, plean a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí an Mhárta 2021, shainaithin sé go bhfuil an geilleagar sóisialta ar cheann de na deiseanna trínar féidir poist a chruthú agus chuir sé i bhfios go láidir gur minic a chabhraíonn an nuálaíocht shóisialta le mórdhúshláin shochaíocha a fhreagairt i raon leathan earnálacha. Dar leis an gCoimisiún go bhfuil acmhainn shuntasach eacnamaíoch neamhshaothraithe sa gheilleagar sóisialta agus gur rud ar leith é toisc gur féidir leis luach sóisialta agus luach eacnamaíoch a chruthú le chéile.
2.1.9Is céim eile thábhachtach sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta an togra le haghaidh Treorach a foilsíodh an 5 Meán Fómhair 2023. Is é is aidhm don reachtaíocht sin gníomhaíochtaí trasteorann na n‑eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a éascú, agus is minic a bhíonn na struchtúir sin gníomhach i réimse na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta. Is deis atá sa Treoir sin na heagraíochtaí sin a chur chun cinn, cuidiú leo lántairbhe a bhaint as cearta an mhargaidh inmheánaigh, a gcomhtháthú sa mhargadh a neartú agus é a éascú do shaoránaigh an Aontais a saoirsí bunúsacha a fheidhmiú dáiríre.
2.2An geilleagar sóisialta agus a luachanna sochaíocha
2.2.1Cuidíonn luachanna an rialachais rannpháirtigh agus dhaonlathaigh atá le sonrú in eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta leis na daoine a n-éiríonn leo post a fháil sa gheilleagar sóisialta a chumhachtú. Trí rannpháirtíocht ghníomhach den sórt sin, is féidir na daoine sin a spreagadh le páirt níos gníomhaí a ghlacadh ina bpobal, cuimsiú sóisialta na ndaoine sin a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, é a chur ar a gcumas a ról mar shaoránaigh a chomhlíonadh go hiomlán, agus rannchuidiú le dea-bhail an phobail. Trí leas a bhaint as cur chuige atá dírithe ar an gcosc agus an luath-idirghabháil, éireoidh leis an ngeilleagar sóisialta pobail áirithe a choinneáil slán ón mbochtaineacht.
2.3An dul chun cinn idirnáisiúnta
2.3.1Tá an Moladh a d’eisigh an Chomhairle le déanaí ina chéim thábhachtach maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh go hidirnáisiúnta sa réimse seo ó seoladh an Plean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta. Feictear sin go mór mór sa Rún a d’fhoilsigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair i mí an Mheithimh 2022, sa Mholadh ó ECFE a foilsíodh freisin i mí an Mheithimh 2022 agus sa Rún ó na Náisiúin Aontaithe a foilsíodh i mí Aibreáin 2023.
2.3.2Sa chomhthéacs sin, tá sé an-tábhachtach go dtabharfadh an tAontas tús áite d’fhorbairt na ndálaí bunriachtanacha le go bhféadfar an geilleagar sóisialta a chur chun cinn sna 27 mBallstát agus é a chur chun feidhme ina iomláine agus go trasearnálach. Cé go bhfuil an geilleagar sóisialta barrthábhachtach maidir leis an rochtain ar fhostaíocht a bhíonn ag grúpaí leochaileacha a mbíonn bac orthu dul isteach sa mhargadh saothair, agus ag grúpaí eile nach iad, cuimsítear ann freisin réimse leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus tionsclaíocha (e.g. fuinneamh, bia, cúram sláinte, oideachas, cultúr, táirgeadh, athchúrsáil, deisiú, athdhíol agus athúsáid). Dá bhrí sin, tá sé ar thús cadhnaíochta maidir leis an aistriú cóir, inbhuanaithe agus cuimsitheach a áirithiú.
2.3.3Tá an ghné thrasearnála sin le sonrú freisin sa chur chuige sistéamach iomlánaíoch atá i gceist leis an Moladh trína nascadh le príomhbheartais agus treoirlínte straitéiseacha éagsúla amhail an Comhaontú Glas, Aontas an Chomhionannais, an straitéis cúraim, cearta an linbh, an ráthaíocht threisithe don aos óg, an chonair aistrithe ‘Gaireacht agus an geilleagar sóisialta’, etc.
2.3.4D’fhonn leas a bhaint as acmhainneacht iomlán eacnamaíoch, thionsclaíoch agus shochaíoch an gheilleagair shóisialta agus cuimsiú sóisialta an uile dhuine a chur chun cinn, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach leanúint den Phlean Gníomhaíochta atá ullmhaithe aige maidir leis an ngeilleagar sóisialta a chur chun feidhme, meastóireacht a dhéanamh air in 2025, plean gníomhaíochta nua a ullmhú maidir leis an ngeilleagar sóisialta, agus tacú go gníomhach leis na Ballstáit lena áirithiú go gcuirfidh siad an Moladh chun feidhme.
2.4An geilleagar sóisialta mar spreagadh don nuálaíocht shóisialta
2.4.1Faoi mar atá an saol faoi láthair agus an iliomad géarchéimeanna ann, ní féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an tsochaí gan leas a bhaint as na hacmhainní uile atá ag an tsochaí chun cur chuige il-leibhéil agus trasearnála a chur chun cinn. Is í an nuálaíocht shóisialta atá i gceist sa chur chuige sin agus is é an sainmhíniú uirthi ag an gCoimisiún ‘gníomhaíocht atá sóisialta ó thaobh a cuspóra agus a riachtanas de araon, go háirithe aon ghníomhaíocht a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme smaointe nua maidir le táirgí, seirbhísí, cleachtais agus samhlacha a riarann ar riachtanais shóisialta agus, san am céanna, a chruthaíonn saghsanna nua caidrimh nó comhair shóisialta nua idir eagraíochtaí poiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus/nó eagraíochtaí príobháideacha agus, dá bharr sin, a dhéanann leas na sochaí agus a threisíonn freisin cumas na sochaí chun gníomhú’. Tugtar le fios sa Mholadh gur minic an geilleagar sóisialta ina spreagadh ag an nuálaíocht shóisialta.
2.4.2Gné lárnach den nuálaíocht shóisialta is ea an cosc agus an luath-idirghabháil, agus an cur chuige fadtéarmach, seachas díriú ar thorthaí gearrthéarmacha. Is minic a thugtar infheistíocht shóisialta ar an gcur chuige sin. Tá dlúthnasc idir an infheistíocht shóisialta agus an t-aistriú cóir agus tá sí i gcomhréir le colún Eorpach na gceart sóisialta. Ach díriú ar bhearta réamhghníomhacha a ghlacadh, is féidir sochaithe níos athléimní a chothú, costais shóisialta a laghdú san fhadtéarma agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn san am céanna. Is féidir leis an ngeilleagar sóisialta a bheith ina spreagadh tábhachtach d’aistrithe toisc go bhfuil roinnt buanna uathúla aige ó thaobh na hinfheistíochta sóisialta de. Spreagann sé nuálaíocht freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta i réimsí nach féidir le hearnálacha eile déanamh amhlaidh.
2.4.3Spreagtar an nuálaíocht shóisialta nuair is gá aghaidh a thabhairt ar riachtanais shóisialta nach bhfuiltear ag freastal orthu, ach spreagtar í freisin nuair is gá dúshláin shochaíocha a fhreagairt agus athruithe sóisialta agus eacnamaíocha a dhéanamh. Tá baint ag an nuálaíocht shóisialta le gach earnáil den tsochaí, leis an ngeilleagar sóisialta, leis an tsochaí shibhialta, leis an iliomad gníomhaithe neamhstáit agus leis na húdaráis phoiblí ar gach leibhéal rialtais. Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áirithiú ina thionscnaimh maidir leis an nuálaíocht shóisialta go nglacfar cur chuige trasearnála ina mbeidh páirt ag an iliomad geallsealbhóirí as gnólachtaí traidisiúnta agus as an ngeilleagar sóisialta, agus ina gcuirfear san áireamh saincheisteanna comhshaoil agus sóisialta.
2.4.4Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbainfear úsáid as ionstraimí agus uirlisí tábhachtacha chun tacú leis an nuálaíocht shóisialta, e.g. an soláthar poiblí, na cistí struchtúracha agus na seirbhísí sóisialta chun leasa cách.
3.Barúlacha sonracha
3.1An leibhéal áitiúil agus réigiúnach
3.1.1Sa Mholadh a d’eisigh an Chomhairle le déanaí, luaitear gur cheart ambasadóirí an gheilleagair shóisialta a chruthú ar an leibhéal áitiúil agus/nó réigiúnach sna Ballstáit chun an earnáil a chur chun cinn, an rochtain ar chistiú an Aontais agus ar an gcistiú náisiúnta a éascú nó tacaíocht idir piaraí a chur ar fáil. Is éard atá i gceist leis sin na pobail agus an fhorbairt áitiúil a athbheochan. Bíonn tionchar dearfach ag tionscadail áitiúla ar chruthú fostaíochta, ar dhaoine nach cuid den phobal níos mó iad a chuimsiú ann arís agus ar dháileadh seirbhísí ar shaoránaigh. Is féidir lena leithéidí sin de thionscadail cabhrú le fáinne fí na bochtaineachta a bhriseadh. I dtuairim INT/1037 ó CESE, leag an Coiste béim ar a thábhachtaí atá an leibhéal áitiúil.
3.1.2Tá a lán de thionscnaimh an gheilleagair shóisialta fréamhaithe go domhain sa phobal áitiúil. Toisc go bhfuil sé chomh fréamhaithe sin sa phobal, cuirtear slabhraí luacha gearra chun cinn lena n-éascaítear an táirgeadh agus an tomhaltas áitiúil, rud a chuireann leis an aistriú glas (slabhraí bia gearra, táirgeadh fuinnimh). Dá bhrí sin, tá sé á mholadh ag CESE go mbeadh cur chuige láidir críochach ann ina mbeadh páirt ag na réigiúin agus na húdaráis áitiúla trí ghníomhaithe éagsúla a thabhairt le chéile i mbeartais cur chun feidhme an gheilleagair shóisialta. Ar thionscnamh na n‑údarás poiblí, is féidir an méid a leanas a chur chun cinn: an fhorbairt áitiúil, uirlisí táirgthe a athlonnú, poist nach féidir a athlonnú a chruthú, an comhar a spreagadh idir gníomhaithe eacnamaíocha (comhthiomsú uirlisí, comhroinnt dea-chleachtas) agus éiceachóras spreagúil a chruthú ina mbeidh comhlachais, comharchumainn, fiontair bhrabúis, infheisteoirí in earnáil na baincéireachta, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil, etc. Cuireann eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta le geilleagar ardfheidhmíochta, ar geilleagar é a chomhlánaíonn gníomhaíochtaí na ngnólachtaí traidisiúnta. Ní bhíonn siad in iomaíocht le chéile ach comhlánaíonn siad a chéile trí dheighleoga neamhbhrabúsacha den mhargadh a líonadh. Tugann siad tacaíocht, mar shampla, do dhaoine atá ag maireachtáil go beo bocht, daoine nach gcuirfí san áireamh murach sin.
3.2Straitéisí comhair
3.2.1Chun beartais den sórt sin a chur i gcrích maidir leis an ngeilleagar sóisialta agus an nuálaíocht shóisialta a chur chun feidhme, tá sé ríthábhachtach fís deich mbliana a bheith ann le gur féidir straitéis atá bunaithe ar réimsí tosaíochta agus ar staidreamh iontaofa a chinneadh. Ní mór an straitéis sin, ar comhstraitéis ba cheart a bheith inti, a bheith fothaithe ar an méid seo a leanas:
·bunús dlí agus creat fioscach atá curtha in oiriúint do shamhail ghnó an gheilleagair shóisialta;
·córas riaracháin ar leith agus oifigigh atá oilte sa gheilleagar sóisialta (na saintréithe agus luachanna a bhaineann leis);
·uirlisí atá dírithe ar an gcaoi le fiontair an gheilleagair shóisialta a bhunú:
ogorlanna;
ogníomhaireachtaí comhairliúcháin;
otacaíocht airgeadais;
ocúrsa oideachais agus oiliúna, sa bhainistíocht go háirithe;
oacmhainní buiséadacha chun éiceachóras an gheilleagair shóisialta a eagrú agus cur lena infheicthe agus atá sé;
oglaonna ar thionscadail, deontais chun tionscadail a chur chun feidhme, etc.
3.2.2Mar gheall ar an ngné thrasearnála atá i gceist sa gheilleagar sóisialta, ní mór aitheantas a thabhairt don éagsúlacht a bhaineann leis mar gur samhail eacnamaíoch fiontraíochta atá ann ar féidir feidhm a bheith aici maidir le lear mór earnálacha (an cuimsiú sóisialta, seirbhísí pobalbhunaithe, bia, slabhraí soláthair gearra, tithíocht, athúsáid, fuinneamh, cultúr, iompar, baincéireacht, árachas, sláinte, etc.), rud a chiallaíonn nach mór do chóras riaracháin an gheilleagair shóisialta a bheith in ann oibriú go dlúth leis na córais riaracháin eile a bhíonn ag déileáil le hinniúlachtaí a bhaineann go sonrach leis na hearnálacha sin. Is tábhachtach an méid sin má táthar chun cothrom iomaíochta a áirithiú sa gheilleagar sóisialta i gcomparáid le samhlacha gnó eile. Is é atá á mholadh ag CESE:
-go mbunófaí spásanna riartha de chuid an gheilleagair shóisialta ar leibhéil áitiúla éagsúla;
-go mbunófaí, ar an leibhéal réigiúnach, coiste comhordaithe ina dtabharfaí le chéile na riaracháin éagsúla lena mbaineann agus na geallsealbhóirí éagsúla san éiceachóras réigiúnach;
-ar leibhéal na gcathracha, go bhféadfadh comhairleoirí cathrach a bheith páirteach i gcomhlachas ar leith chun rannpháirtíocht na n‑ionadaithe tofa áitiúla a chur chun cinn sa gheilleagar sóisialta. D’fhéadfaí ceanglas a leagan síos go mbeadh gá comhlachas den sórt sin a bhunú i gcathracha ina bhfuil cónaí ar níos mó ná 100 000 duine agus é a bheith á stiúradh ag pobail bhardais i gcás bardais bheaga agus tacaíocht réigiúnach a bheith á fáil aige, b’fhéidir.
-sainchláir náisiúnta a fhorbairt sa nuálaíocht shóisialta agus naisc níos fearr a chruthú idir na réimsí éagsúla beartais d’fhonn torthaí sóisialta a dhearadh agus a tháirgeadh go comhpháirteach.
3.2.3Sa Tuarascáil is déanaí uaidh maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach a foilsíodh i mí Iúil 2023
, thug an Coimisiún le fios gur cheart don Aontas leanúint de na Ballstáit a spreagadh chun seirbhísí sóisialta ardcháilíochta cuimsitheacha a fhorbairt lena bhfeabhsaítear cumas na ndaoine cur leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí agus a n-acmhainneacht agus a n‑ardmhianta á mbaint amach ag an am céanna. Áirítear leis sin freisin na beartais cosanta sóisialta a thabhairt cothrom le dáta trí chur chuige inmharthana infheistíochta sóisialta a mhaireann ar feadh an tsaoil a ghlacadh, tacú leis an rannpháirtíocht i margadh an tsaothair agus leis an ionchuimsitheacht, an chosaint shóisialta a chur in oiriúint do chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta, mar aon le cur chuige a ghlacadh maidir leis an gcuimsiú gníomhach i margadh an tsaothair.
3.2.4 Iarrann CESE ar an gCoimisiún an geilleagar sóisialta a áireamh i measc na dtionscnamh a dhéanfaidh sé chun na réimsí gníomhaíochta atá leagtha amach ina thuarascáil fadbhreathnaitheachta a fhorbairt chun, inter alia, cur le rannpháirtíocht gach cuid den daonra i margadh an tsaothair, lena n‑áirítear mná, daoine faoi mhíchumas, daoine óga, grúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht nó grúpaí eisiata, nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, nó atá ag maireachtáil go beo bocht.
3.2.5Trí straitéis uaillmhianach a chur chun feidhme maidir le forbairt an gheilleagair shóisialta, is féidir an iliomad post éagsúil a chruthú ann trí scéimeanna a chabhraíonn leis an lánpháirtiú sóisialta agus saothair, nó scéimeanna fostaíochta tríd an oiliúint, a fhorbairt, nó trí thacaíocht a thabhairt do thionscnóirí tionscadal a dteastaíonn uathu micrifhiontair, comharchumainn, comhlachais nó fiontair shóisialta, etc. a chur ar bun. Maidir le tionscadail nuálacha ar nós an tionscadail ‘limistéir gan aon duine atá dífhostaithe go fadtéarmach’ atá i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla (an Fhrainc, an Bheilg, an Ísiltír agus an Ostair), is sampla eile iad de thionscnaimh lenar féidir poist chuibhiúla a chruthú atá le leas na limistéar sin inar forbraíodh iad. Molann CESE don Choimisiún tacú le cruthú agus forbairt na dtionscnamh sin, trí, inter alia, dea‑chleachtais a roinnt agus a chur chun cinn, mar shampla tríd an ardán nua ‘Tairseach an gheilleagair shóisialta’.
3.3An athléimneacht, maoiniú agus uirlisí meastóireachta
3.3.1Gan teacht ar acmhainní airgeadais, ní fhéadfar straitéis láidir uaillmhianach maidir leis an ngeilleagar sóisialta chur chun feidhme. Sa Mholadh ón gCoimisiún, aithníonn an tAontas go bhféadfadh na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, leas níos fearr a bhaint as na deiseanna maoinithe éagsúla atá ag an Aontas trí dheontais a fháil as na bearta sonracha le haghaidh an gheilleagair shóisialta, go háirithe na cistí comhtháthaithe agus athléimneachta.
3.3.2Ba cheart a áireamh sa straitéis go mbeadh uirlisí meastóireachta agus faireacháin ann a bheadh saincheaptha do shainiúlachtaí na straitéise chun an éascaíocht, an inoiriúnaitheacht agus an athléimneacht a chothú le go bhféadfaí riachtanais gheallsealbhóirí na straitéise a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr. Tuigtear gur eintitis athléimneacha iad eintitis an gheilleagair shóisialta. I dTuarascáil 2020 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach (‘Charting the course towards a more resilient Europe’), thug an Coimisiún dá aire gur éirigh leis na heagraíochtaí comhoibríocha agus neamhbhrabúsacha cur lena n‑athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch le linn ghéarchéim sláinte COVID‑19. Tá na heagraíochtaí sin ceaptha geilleagar ardfheidhmíochta a neartú, ar geilleagar é a chomhlánaíonn gníomhaíochtaí na ngnólachtaí traidisiúnta. Ní bhíonn siad in iomaíocht le chéile ach líonann na heagraíochtaí comhoibríocha agus neamhbhrabúsacha deighleoga neamhbhrabúsacha den mhargadh. Tugann siad tacaíocht, mar shampla, do dhaoine atá ag maireachtáil go beo bocht, daoine nach gcuirfí san áireamh murach sin.
An Bhruiséil, 20 Nollaig 2023
Sandra Parthie
Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
_____________