Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0376

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta 2023 An inbhuanaitheacht agus an fholláine i gcroílár Uathriail Straitéiseach Oscailte na hEorpa

COM/2023/376 final

An Bhruiséil,6.7.2023

COM(2023) 376 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta 2023









An inbhuanaitheacht agus an fholláine i gcroílár Uathriail Straitéiseach Oscailte na hEorpa


I.Réamhrá

Tá an tAontas Eorpach ag brú ar aghaidh le gníomhaíocht gan fasach chun aeráidneodracht agus inbhuanaitheacht a bhaint amach. Le haistriú rathúil cuirfear teorainn leis na rioscaí eiseacha a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an ngéarchéim chomhshaoil agus uathriail straitéiseach oscailte agus slándáil eacnamaíoch an Aontais á neartú. Beidh sé ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach agus samhail shóisialta na hEorpa a threisiú, agus dá bhrí sin a ceannaireacht dhomhanda sa gheilleagar nua aeráidneodrach, trí thacú le réigiúin eile chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú chomh maith. Ar deireadh, méadófar leis sin folláine na nglúnta reatha agus na nglúnta atá le teacht.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh d’aistriú socheacnamaíoch rathúil cóir, áfach. In éineacht leis an aistriú eile, an t‑aistriú digiteach, éilítear leis an aistriú glas athruithe ríthábhachtacha agus comhbhabhtálacha a rachaidh i bhfeidhm, i measc nithe eile, ar ár ngeilleagair agus ar ár sochaithe ar luas agus ar scála dosháraithe. Chun go n‑éireoidh leis an aistriú sin, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí na naisc idir gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta a neartú. Cuirfear ar chumas na hEorpa leis sin tabhairt faoi straitéis gheopholaitiúil réamhbhreathnaitheach lena ndéanfar a sócmhainní is luachmhaire a ghiaráil go rathúil – mar atá, a geilleagar margaidh sóisialta uathúil agus a staid mar an bloc trádála is mó ar domhan.

Sa chomhthéacs sin, scrúdaítear i dTuarascáil Fadbhreathnaitheachta Straitéisí 2023 na príomhthrasnuithe idir na treochtaí struchtúracha agus an dinimic a théann i gcion ar ghnéithe sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta, chun na roghanna agus na comhbhabhtálacha féideartha ar dóigh go mbeidh siad os comhair an Aontais amach anseo a shoiléiriú. Agus leas á bhaint sa tuarascáil as cleachtadh fadbhreathnaitheachta cuimsitheach 1 agus ag tógáil inti ar na trí eagrán roimhe seo 2 , déantar iniúchadh inti ar phríomhdhúshláin lena socrófar aistriú ár sochaí agus ár ngeilleagair i dtreo samhail lena nurramófar teorainneacha pláinéadacha, agus iomaíochas domhanda, fondúireachtaí sóisialta láidre agus athléimneacht á gcosaint. Déantar imscrúdú inti freisin ar an dóigh ar féidir leis an Eoraip a ról domhanda a neartú trí fhéachaint le folláine chuimsitheach a bhaint amach san fhadtéarma, trí oibriú i gconair i dtreo na hinbhuanaitheachta, agus tríd an daonlathas a chomhdhlúthú.

Ar an mbonn sin, moltar sa tuarascáil deich réimse le haghaidh gníomhaíochta chun cuspóirí Eoraip atá inbhuanaithe go sóisialta agus go heacnamaíoch a bhaint amach le ról níos láidre sa domhan sna blianta amach romhainn.

II.Na príomhdhúshláin idir an inbhuanaitheacht shóisialta agus an inbhuanaitheacht eacnamaíoch

I ré bhuanghéarchéimeanna agus ilghéarchéimeanna atáimid ag maireachtáil, agus éifeachtaí an athraithe aeráide agus na ndúshlán comhshaoil atá ag méadú, phaindéim COVID-19, agus an chogaidh foghaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin ag teacht le chéile. I measc samplaí eile de na géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith romhainn amach anseo tá coinbhleachtaí nua agus an méadú ar na coinbhleachtaí atá ann cheana, oll-easáitiú, géarchéimeanna airgeadais, nó paindéimí. Ar deireadh, cruthaíonn scála gan fasach na n‑aistrithe dúshláin éagsúla a théann i gcion ar ghnéithe sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta (Fíor 1). Ní mór a dtrasnuithe agus a n‑éifeachtaí comhcheangailte a chur san áireamh chun bealaí inmharthana i dtreo inbhuanaitheacht na hEorpa a éascú.

Fíor 1: Príomhdhúshláin le haghaidh aistriú inbhuanaitheachta an Aontais Eorpaigh

1. Ardú na geopholaitíochta agus athchumrú an domhandaithe

Bíonn an stáitse domhanda ag síorathrú, agus gníomhaithe idirnáisiúnta éagsúla ag glacadh róil nua a bhíonn níos achrannaí go minic. Leis an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin rinneadh dúshlán fhothaí an iltaobhachais agus an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe a thabhairt. Tá an tSín ag dul isteach i ré nua, dírithe ar thionchar eacnamaíoch agus ar threallúsacht taidhleoireachta, agus is é is aidhm di athrú sistéamach a dhéanamh ar an ord idirnáisiúnta. Is iomaitheoir sistéamach agus iomaitheoir eacnamaíoch í fód, agus í ina comhpháirtí iltaobhach ag an am céanna. Tá na Stáit Aontaithe ag leanúint cúrsa maidir le beartais intíre agus eachtracha a chomhtháthú go mór. Is éard atá i gceist leis sin ná a mbonn tionsclaíoch a neartú, teicneolaíochtaí na chéad ghlúine eile a chosaint, oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun comhpháirtíochtaí eacnamaíocha atá dírithe ar dhúshláin dhomhanda, agus infheistíocht a shlógadh i ngeilleagair atá ag teacht chun cinn 3 . Is comhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais Eorpaigh iad na Stáit Aontaithe fós. A tráth céanna, le cúrsa straitéiseach na Síne agus na Stát Aontaithe táthar ag spreagadh iomaíocht dhomhanda gheopholaitiúil, eacnamaíoch agus theicneolaíoch. Breathnaímid freisin ar thóraíocht tíortha atá ag teacht chun cinn atá, tóraíocht atá ag méadú, maidir le tionchar agus ionadaíocht i bhfóraim idirnáisiúnta. Áirítear leo sin cumhachtaí ag a bhfuil samhlacha agus luachanna rialachais éagsúla, tíortha fálaithe (ag a bhfuil meascán de straitéisí comhoibríocha agus straitéisí achrannacha), chomh maith le stáit bheaga agus leochaileacha atá ag éileamh ceartas aeráide. Cuirtear dúshlán leis sin roimh chomhar idirnáisiúnta éifeachtach maidir le saincheisteanna trasnáisiúnta, cuir i gcás an tathrú aeráide nó an taistriú fuinnimh, fiú mura bhfuil a bpráinn ach ag méadú.

Tá ‘cath insintí’ ag gabháil le teannas san ord domhanda, agus tá ‘cath tairiscintí’ á dhéanamh de níos mó agus níos mó, rud atá ag múnlú thuairim an phobail dhomhanda agus ghníomhaíocht an rialtais araon. Tá Global Gateway curtha chun tosaigh ag an Aontas Eorpach chun tacú le hinfheistíochtaí cliste i mbonneagar ardchaighdeáin, agus na caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil is airde á nurramú aige, i gcomhréir le luachanna agus caighdeáin Eorpacha. Tá insintí an Aontais Eorpaigh agus, ar bhonn níos leithne, insintí an Iarthair á gceistiú níos mó agus níos mó, áfach. Mar shampla, d’ainneoin sárú follasach na Rúise ar phrionsabail fíor-riachtanacha an dlí idirnáisiúnta, tá cónaí ar dhá thrian de dhaonra an domhain i stáit ag a bhfuil seasamh neodrach nó ag a bhfuil claonadh i dtreo na Rúise 4 . Is é is cúis leis sin go páirteach bolscaireacht, mífhaisnéis agus bréagaisnéis lena bhféachtar le tionchar a imirt ar dhearcthaí náisiúnta agus domhanda, rud atá á mhéadú níos mó ag na meáin shóisialta agus ag úsáidí míthreoracha as an intleacht shaorga ghiniúna.

Cé nach mbaineann ach 6.9 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa agus thart ar 5% de dhaonra an domhain leis an Aontas, beidh ceannach isteach agus comhar domhanda ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin 5 . An tráth céanna, i dtréimhse ina bhfuil suaiteacht eacnamaíoch dhomhanda ann, tá tuilleadh dúshlán roimh roinnt tíortha atá ag teacht chun cinn agus roimh roinnt tíortha i mbéal forbartha maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, d’ainneoin iad a bheith neamhchosanta ar ghuaiseacha atá ag dul i méid a bhfuil cúrsaí aeráide ina gcúis leo. Cuireann siad imní in iúl freisin faoi chuid de thionscnaimh ghlasa an Aontais le déanaí, toisc go bhféadfaí bacainní a chur ar a bhforbairt leo. Is amhlaidh an cás go háirithe i gcás go leor tíortha san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus san Áise, áit a raibh tábhacht le tionchar eacnamaíoch na Síne, agus áit ar gá cur chuige an Aontais atá bunaithe ar chomhpháirtíocht chomhionannais a neartú. Is mó idirbheartaíochta a bhíonn i gceist leis an gcaidreamh idirnáisiúnta anois, agus níos mó agus níos mó tíortha ar thóir na gcomhpháirtíochtaí is mó buntáiste. Bíonn cath tairiscintí’ (mar shampla maidir le maoin, forbairt bonneagair, nó tacaíocht don aistriú fuinnimh) agus tionscnaimh, amhail Tionscnamh Creasa agus Bóthair na Síne, nó Comhpháirtíocht G7 um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda, mar thoradh air sin 6 . Is ‘cath samhlacha’ é seo freisin idir réimis dhaonlathacha agus fhorlámhacha.

Tá dúshlán bunúsach roimh an domhandú mar is eol dúinn é. Tá rialacha, noirm agus institiúidí iltaobhacha tar éis creat a chur ar fáil don chomhtháthú eacnamaíoch domhanda agus don tsaorthrádáil a chuir deireadh leis an mbochtaineacht do na milliúin duine. Mar sin féin, léiríonn dúshláin agus bagairtí atá ag teacht chun cinn i ndiaidh a chéile go bhfuil samhail seo an domhandaithe faoi bhrú. Mar gheall ar an bpaindéim cuireadh i dtábhacht leochaileacht na slabhraí soláthair domhanda agus nochtadh spleáchais straitéiseacha an Aontais. Tá sreabha trádála agus infheistíochta domhanda á n‑atheagrú a thuilleadh leis an achrann geo-eacnamaíoch atá ag dul i méid. Méadaítear leis sin an baol go gcuirfear srianta ar an trádáil agus go dtarlóidh suaitheadh sa slabhra soláthair, agus cuirtear isteach leis ar shreabhadh earraí, seirbhísí agus teicneolaíochtaí glasa. Is féidir leis spleáchais an Aontais a dhéanamh níos measa freisin, agus rochtain ar amhábhair chriticiúla atá riachtanach don dá aistriú san áireamh, agus cuirtear dúshlán leis roimh earnálacha straitéiseacha an Aontais (idir cheallraí agus mhicrishliseanna). Thairis sin, d’fhéadfadh an tóir ar shlabhraí soláthair athléimneacha tionchar a imirt ar an gcomhshaol freisin (e.g. trí ghníomhaíocht thionsclaíoch a chur ar bun sa bhaile an athuair, spéis mhéadaithe san eastóscadh i limistéir faoi chonspóid) agus ar an ngeilleagar (e.g. trí bhrú a chur ar bhuiséid phoiblí agus ar phoist áitiúla in earnálacha atá dírithe ar easpórtáil). Téitear i bhfeidhm de réir a chéile leis an dinimic sin ar bheartais an Aontais, lena n‑áirítear a lán acu a measadh roimhe seo gur bheartais intíre iad den chuid is mó, agus cuirtear dúshlán léi roimh chuir chuige earnála maidir le ceapadh beartas.  Sa chomhthéacs sin, tá práinn bhreise le hiarracht athbheoite chun an t‑iltaobhachas a chaomhnú agus chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú.

2. Ar thóir geilleagar agus folláine inbhuanaithe a bhaint amach

Tá an tAontas ag pointe lárnach lena néilítear brú comhpháirteach ó lucht ceaptha beartas agus ó ghnólachtaí chun staid cheannródaíoch sa rás domhanda i dtreo tionscal glannialasachta a chinntiú. Beidh an inbhuanaitheacht ina príomhfhoinse maidir le buntáiste iomaíoch fadtéarmach an Aontais 7 , agus sciar den mhargadh á mhéadú léi le haghaidh táirgí, seirbhísí agus teicneolaíochtaí gaolmhara, chomh maith le hinfheistíochtaí agus tallann domhanda a mhealladh. Tá iarrachtaí suntasacha déanta ag an Aontas cheana chun tacú le roinnt teicneolaíochtaí agus réitigh ghlasa: idir hidrigin, ardábhair, agus timthriall uisce nó inbhuanaitheacht trí dhearadh. Fós féin, agus an iomaíocht dhomhanda ag dul i ndéine, beidh méadú a chur ar thacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt, agus do mhonarú teicneolaíochtaí straitéiseacha glannialasacha 8 , straitéis uaillmhianach slándála eacnamaíche a chur chun feidhme 9 , agus borradh 10 a chur faoi infheistíochtaí i réimsí ríthábhachtacha ina dtaispeánann an Aontas spleáchais arda ríthábhachtach chun borradh a chur faoina uathriail straitéiseach oscailte 11 .

Leis an mbrú ar ghnéithe sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta géaraítear an díospóireacht faoin ngá atá le samhail eacnamaíoch nua a dhíreofar ar fholláine daoine agus an dúlra. Le príomhfhócas ar thosca eacnamaíocha, gan aird chuí a thabhairt ar cháilíocht an fháis agus post, spreagadh cleachtais táirgthe agus tomhaltais neamhinbhuanaithe. An tráth céanna, is iad acmhainní comhshaoil, nach bhfuil an iliomad acu ann, atá mar bhonn faoin ngníomhaíocht eacnamaíoch: mar shampla, braitheann 72% de na 4.2 milliún cuideachta sa limistéar euro go mór ar sheirbhís amháin ar a laghad a bhaineann leis an dúlra amhail pailniú, uisce glan, ithir shláintiúil nó adhmad 12 . Dá bhrí sin, is réamhchoinníollacha riachtanacha do shochaithe athléimneacha agus do gheilleagair inbhuanaithe iad nach gcuirfear isteach ar na córais nádúrtha ríthábhachtacha, amhail an timthriall uisce, go nurramófar teorainneacha pláinéadacha, agus go gcuirfear stop le cailliúint na bithéagsúlachta. Ós rud é go bhfuil an tidirspleáchas sin idir an geilleagar agus an comhshaol ag éirí níos soiléire, déantar ábhar cothroime idirghlúine de freisin: beidh oiriúnú na samhla eacnamaíche mar bhonn faoi fholláine agus faoi rachmas ábhair na nglúnta atá le teacht, lena náirítear an bealach a ndáiltear gnóthachain eacnamaíocha. Is ar cheithre ghné na hinbhuanaitheachta iomaíche atá an Seimeastar Eorpach bunaithe: cobhsaíocht chomhshaoil, cothroime shóisialta, táirgiúlacht, agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch. Éilítear leis na saincheisteanna thuasluaite, áfach, bealaí breise chun dul chun cinn agus rathúnas a ghabháil taobh amuigh den olltáirgeacht intíre (OTI).

OTI a choigeartú le haghaidh tosca éagsúla

Le 90 bliain anuas, tá OTI ar cheann de na táscairí eacnamaíocha is mó a úsáidtear agus tá sé fós ar an táscaire is tábhachtaí d’fheidhmíocht eacnamaíoch tíre. An tráth céanna, cuireadh tús cheana sna 1970idí le machnamh a dhéanamh ar a theorainneacha. Le forbairtí le déanaí cuir i gcás an t‑athrú aeráide agus an phaindéim, is léir anois go bhfuil OTI neamhiomlán chun dul chun cinn a thomhas, toisc nach léirítear leis go hiomlán dúshláin thábhachtacha chomhshaoil nó shóisialta ár linne. Éilítear leis sin méadrachtaí comhlántacha a fhorbairt – agus iad a leabú de réir a chéile i gceapadh beartas – lena mbeifear ábalta aistriú inbhuanaitheachta an Aontais agus a fheidhmíocht i gcomparáid leis an leibhéal domhanda a rianú ar bhealach níos fearr.

De thoradh ar na Tuarascálacha Fadbhreathnaitheachta Straitéiseacha roimhe seo, tá obair inmheánach ar mhéadrachtaí maidir le Folláine Inbhuanaithe agus Chuimsitheach a fhorbairt don Aontas chun OTI a chomhlánú seolta ag an gCoimisiún. Tugtar le chéile leis snáitheanna éagsúla oibre den chéad uair, agus is é is aidhm dó bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas an Aontais amach anseo.

Rogha amháin chun méadrachtaí taobh amuigh de OTI a fhorbairt is ea luachanna airgeadaíochta a shannadh do thosca ábhartha folláine agus na luachanna sin a úsáid chun OTI a ‘choigeartú’. D’fhéadfadh sé go náireofaí orthu sin gnéithe éagsúla den cháilíocht saoil (e.g., sláinte, oideachas agus áineas), cúram gan phá agus obair tí, éagothromaíochtaí, costais a bhaineann le damáiste don chomhshaol (e.g., truailliú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa), nó ídiú acmhainní nádúrtha. Tá torthaí ó threoirthionscadal tuairiscithe thíos 13 , agus ionchas saoil in úsáid mar athróg ionadach do ghné sláinte na folláine. Taispeántar iontu OTI arna choigeartú de réir na sláinte (per capita) don Aontas, do na Stáit Aontaithe, don tSín agus don India in 2000, 2020, agus 2040. Leanfar den obair chun táscairí comhlántacha eile taobh amuigh de OTI a fhorbairt chun tosca roghnaithe a léiriú, ar nós éagothromaíochtaí nó damáiste don comhshaol. Is féidir an coigeartú le haghaidh éagothromaíochtaí a fháil trí an meánioncam a ‘lascainiú’ (OTI per capita) de réir leibhéal an neamhionannais ioncaim. Is féidir damáiste don comhshaol a ionchorprú trína ndíobháil eacnamaíoch mheasta a dhealú. Tá sé sin comhsheasmhach leis an ngealltanas domhanda, atá cumhdaithe i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, chun tomhais a dhearadh i ndáil leis an dul chun cinn maidir le forbairt inbhuanaithe a chomhlánaíonn OTI. Breathnaítear freisin ar dhul níos faide ná OTI i bpróiseas athchóirithe an chórais airgeadais idirnáisiúnta.

Fíor 2: Trí OTI per capita a choigeartú de réir an ionchais saoil, bíonn athruithe in airde níos mó (mar %) i gceist don Aontas i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, leis an tSín agus leis an India

Taispeántar sna colúin liatha luach OTI per capita i bpaireacht cumhachta ceannaigh bliana seasta, agus sna cinn chorcra taispeántar an leagan coigeartaithe den fhigiúr OTI céanna. Chun an coigeartú a fháil, socraítear leibhéal tagartha maidir le básmhaireacht agus ríomhtar toilteanas an daonra íocaíocht a dhéanamh chun an leibhéal sin a fháil. Baineann na figiúirí le cuar marthanais an domhain a réamh‑mheastar do 2050 mar an leibhéal tagartha. Cuimsítear 24 thír i sonraí an Aontais (níl réamh‑mheastacháin ar fáil don Chróit, don Chipir, ná do Mhálta).

15.5% a bheadh i gceist leis an gcoigeartú in airde do OTI an Aontais in 2040, figiúr a sháraíonn figiúir na Stát Aontaithe (12.0%), na Síne (11.7%), agus na hIndia (1.3%). Is é 1.33% meánráta fáis bliantúil cumaisc OTI neamhchoigeartaithe sa tréimhse 2000-2040 don Aontas, agus is é 1.57% an ráta do OTI coigeartaithe. Ina theannta sin, beidh sciar níos airde de OTI iomlán na gceithre gheilleagar le chéile in 2040 ag OTI coigeartaithe an Aontais (a chomhfhreagraíonn do 19.8%, i gcomparáid le 18.9% le haghaidh OTI) mar thoradh ar OTI a choigeartú de réir ionchas saoil.

Beidh díchúpláil an fháis eacnamaíoch ó úsáid acmhainní ina dúshlán ríthábhachtach do shamhail eacnamaíoch nua. D’éirigh leis an Eoraip laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 d’ainneoin fás leanúnach. Maidir le hinbhuanaitheacht a bhaint amach, beidh ról fíor-riachtanach i gcónaí ag taighde agus nuálaíocht cheannródaíoch agus ag glacadh níos gasta teicneolaíochtaí. Mar sin féin, seans nár leor na teicneolaíochtaí astu féin. Cheana féin, tháinig laghdú 13% ar lorg intíre an Aontais 14 le deich mbliana anuas, agus is dóigh go gcoinneofar an treocht sin ar bun le tuilleadh nuálaíochtaí. Mar sin féin, tá méadú 4% tagtha ar lorg tomhaltais an Aontais, ina gcuirtear san áireamh tionchair leabaithe na trádála ar an gcomhshaol 15 . Idir an dá linn, tá formhór na dteorainneacha pláinéadacha sáraithe cheana mar gheall ar na patrúin tomhaltais dhomhanda reatha, agus bunaithe ar threochtaí reatha, meastar go leanfaidh na tionchair dhiúltacha sin ag méadú go dtí 2030 16 . Mar shampla, cuirtear 40% de bhia amú i dtíortha ardioncaim 17 . Le himeacht ama, féadfar astaíochtaí a laghdú ach truailliú agus dramhaíl a laghdú trí chiorclaíocht, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, agus bearta leordhóthanacha 18 . Mar an gcéanna, d’fhéadfadh táirgeadh agus tomhaltas níos éifeachtúla sna hearnálacha agraibhia agus bia mara na tionchair ar na héiceachórais nádúrtha a laghdú.

Is féidir le hathruithe ar iompraíochtaí agus ar thomhaltas difear mór a dhéanamh. Mar shampla, léirítear le meastacháin áirithe go bhféadfaí laghdú 40-70% ar fud an domhain a dhéanamh ar astaíochtaí faoi 2050 le bearta maolúcháin ar thaobh an éilimh, athruithe ar iompraíocht nó ar stíleanna maireachtála (aistí bia nó taisteal níos sláintiúla nó níos inbhuanaithe a dhreasú, cur amú bia nó teicstílí a laghdú), tomhaltas fuinnimh agus uisce a laghdú, etc.) nó úsáid bonneagair (foirgnimh a athchóiriú, iompar inbhuanaithe a chinntiú etc.) san áireamh.  19 Ag an am céanna, d’fhéadfaidís feabhas a chur ar an bhfolláine leo sin freisin. Ní dearadh na mbeart atá beartaithe amháin atá tábhachtach, áfach, ach tá braistint agus éifeachtaí iompraíochtaí na mbeart tábhachtach freisin. D’fhéadfaí a mheas gur rud dearfach iad aistriú chuig iompraíochtaí agus tomhaltas níos inbhuanaithe agus go mbeidh siad níos inghlactha, má bhreathnaítear orthu i ndáil le cothroime agus sásamh saoil 20 . Gan iad a chur san áireamh, chuirfidh an pobal in aghaidh bearta beartaithe, agus dá bhrí sin chuirfí moill a chur ar phleananna chun iad a thabhairt isteach, nó chuirfí cosc orthu fiú 21 .

3. Méadú ar an mbrú maidir le maoiniú leordhóthanach a áirithiú

Éilítear infheistíochtaí gan fasach leis an aistriú glas. Ar an iomlán, beidh gá le hinfheistíochtaí breise de bhreis agus EUR 620 billiún in aghaidh na bliana chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus RepowerEU a bhaint amach. Beidh ar an gcuid is mó go mór fada de na hinfheistíochtaí sin teacht ó chistiú príobháideach 22 . Beidh ról tábhachtach ag buiséid na mBallstát freisin. Tá sé beartaithe ag an Aontas EUR 578 mbilliún – 30% ar a laghad dá bhuiséad – a chaitheamh ar ghníomhaíocht a bhaineann leis an aeráid sa tréimhse 2021-2027. Fós féin, ní fios cad iad na costais agus na hiarmhairtí iomlána a bhaineann leis an ngéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta. Tá caillteanais mhóra eacnamaíocha ag tarlú cheana féin mar thoradh ar thionchair teagmhas adhaimsire atá ag méadú. Mar shampla, i gcás triomaigh thart ar EUR 9 mbilliún in aghaidh na bliana atá i gceist 23  agus EUR 7.6 billiún i gcás tuilte abhann 24 . Má chuirtear borradh faoin athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide i bpríomhréimsí, mar shampla bonneagar iompair, beidh acmhainní suntasacha i gceist freisin le digitiú, fuinneamh, stóráil acmhainní, sláinte, bia, foirgnimh, nó gléasraí monaraíochta. Ina theannta sin, mar gheall ar an méadú ar chomh minic agus a tharlaíonn tubaistí aeráide d’fhéadfadh sé go mbeadh an tárachas róchostasach do theaghlaigh 25 agus do go leor gnólachtaí, agus d’fhéadfaí an brú ar bhuiséid phoiblí a mhéadú a thuilleadh. Sa Tuarascáil Eorpach ar an Measúnú Riosca Aeráide atá ar na bacáin, cuirfear tuilleadh fianaise ar fáil maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid. Leis sin ar fad cruthaítear cás láidir maidir le cosc chomh maith: le gach euro a infheistítear i gcórais luathrabhaidh faightear EUR 131 ar an meán ar chaillteanais a sheachnófar, ar chostais freagartha agus ar thairbhí sochaíocha breise 26 .

Tá infheistíochtaí straitéiseacha eile ag fás freisin. Chun bearna infheistíochta an Aontais don aistriú digiteach a laghdú beidh EUR 125 bhilliún ar a laghad in aghaidh na bliana ag teastáil 27 . Beidh praghas na geopholaitíochta nua ard freisin: mar shampla, in 2021, tháinig méadú suntasach ar chaiteachas cosanta na mBallstát go EUR 214 bhilliún, agus tá caiteachas EUR 75 bhilliún tuartha go dtí 2025 chun acmhainní cosanta leordhóthanacha a thógáil 28 . Ar deireadh, beidh EUR 384 bhilliún ag teastail sna 10 mbliana amach romhainn ó na comhpháirtithe ar fad chun an Úcráin a atógáil 29 .

An tráth céanna, cuirfidh an tathrú déimeagrafach agus an taistriú eacnamaíoch dúshlán roimh na buiséid phoiblí ar gach leibhéal. Mar shampla, d’fhéadfadh méadú ó 34.4% in 2019 go 59.2% in 2070 teacht ar an gcóimheas cleithiúnais seanaoise, rud a mbeadh méadú dhá phointe céatadáin ar chaiteachais a bhaineann le haois go 26% de OTI mar thoradh air 30 . Ní léirítear na hathruithe leanúnacha i gcreat cánach reatha an Aontais, atá bunaithe go príomha ar chánacha saothair, lena náirítear ranníocaíochtaí sóisialta 31 . Ós rud é go laghdófar sciar na ndaoine in aois oibre go suntasach sna blianta amach romhainn, agus nach dócha go ndéanfar an éabhlóid sin a chúiteamh leis an méadú táirgiúlachta, is mór an seans go laghdófar cumas an chánachais saothair chun an méid céanna ioncaim agus a ghintear inniu a ghiniúint. Ina theannta sin, mar gheall ar an aistriú eacnamaíoch agus ar dhomhandú tá méadú ag teacht ar ról na sócmhainní doláimhsithe agus ar shoghluaisteacht idirnáisiúnta níos mó na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha. Thairis sin, beidh tionchar ag an aistriú glas as féin. D’fhéadfadh sé sin cur le crapadh an bhoinn cánach thraidisiúnta, mar gheall ar dheireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise, athruithe ar phatrúin tomhaltais, agus luaineachtaí fáis. An tráth céanna, is féidir é sin a chúiteamh go pointe áirithe le gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe nua. D’fhéadfadh cineálacha nua cánachais (e.g. ar astaíochtaí carbóin, dramhaíl, táirgí agus seirbhísí neamhinbhuanaithe nó neamhshláintiúla) dul i dtábhacht freisin chun cánacha saothair a chomhlánú agus chun borradh a chur faoi inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí agus an stáit leasa shóisialaigh.

Braithfidh baint amach an aistrithe inbhuanaitheachta ar mhaoiniú leordhóthanach agus tapa a fháil ón earnáil phríobháideach. Dá réir sin, beidh sé ríthábhachtach don earnáil phoiblí díriú ar infheistíochtaí príobháideacha a scaoileadh, agus brú amach ar mhaoiniú príobháideach nó spreagadh ráis fóirdheontais idir geilleagair á sheachaint. Tá creat cuimsitheach airgeadais inbhuanaithe forbartha ag an Aontas chun tacú le cuideachtaí agus leis an earnáil airgeadais cur lena ninfheistíochtaí atá riachtanach don aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta, agus orthu tá tacsanomaíocht, nochtaí inbhuanaitheachta, tagarmharcanna aeráide agus bannaí glasa. Tá dúshláin éagsúla fós le sárú, áfach. Tá méadú tagtha ar an mbearna in infheistíochtaí táirgiúla idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ó bhí ghéarchéim airgeadais 2008 ann agus shroich sé 2% de OTI in 2022 32 . Ina theannta sin, cuirtear bac ar infheistíochtaí príobháideacha mar gheall ar an easpa fíormhargaidh aonair do chaipiteal agus mar gheall nach bhfuil Aontas Baincéireachta lánfheidhme ann. Cuireann sé sin bac ar an gcoigilteas ard san Aontas – bhí an barrachas coigiltis intíre thar infheistíochtaí intíre san Aontas cothrom le beagnach EUR 300 billiún ar an meán le 10 mbliana anuas 33 – a stiúradh i dtreo fás amach anseo a mhaoiniú. Cé go mbeidh ról lárnach ag na bainc i gcónaí maidir le geilleagar an Aontais a mhaoiniú, ní mór tuilleadh a dhéanamh chun foinsí maoinithe a éagsúlú. Mar shampla, ní leor an leibhéal infheistíochta caipitil fiontair san Aontas, cé go bhfuil sé ag teacht suas le córas na Stát Aontaithe, go háirithe maidir le cistiú ag céim níos déanaí, agus bíonn deacrachtaí ag gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis san Aontas an caipiteal is gá chun fás a ardú san Aontas. Mar thoradh air sin bíonn ráta nuálaíochta níos ísle ann agus bíonn acmhainn na margaí caipitil chun na haistrithe a mhaoiniú tearcfhorbartha. I measc na gconstaicí breise tá moilliú ar tháirgiúlacht a bhfuil coinne leis agus fiachas carntha gnólachtaí tar éis na paindéime 34 . Déantar é sin níos measa le costais chaipitil an iasachtaithe atá ag ardú 35 , rud a mhéadaíonn chomh maith na hábhair imní faoi chumas na hearnála príobháidí na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh anois, go háirithe i bhfuinneamh inathnuaite 36 . Ar deireadh, corruair úsáidtear ionstraimí poiblí chun infheistíochtaí príobháideacha a bhrú isteach ar bhealach lena mbaineann an iomarca col riosca chun infheistíochtaí a spreagadh i dtionscadail ardriosca, i dtionscadail ísealtoraidh nó i dtionscadail a dhíríonn ar an todhchaí.

4. Éileamh atá ag méadú ar scileanna agus inniúlachtaí don todhchaí inbhuanaithe

Éileofar leis na haistrithe córais láidre oideachais agus oiliúna san Eoraip, rud a chuirfidh ardluach ar an inoiriúnaitheacht. Beidh infhaighteacht oibrithe a bhfuil na scileanna teicniúla agus boga iomchuí acu ríthábhachtach le haghaidh inmharthanacht na naistrithe agus le haghaidh iomaíochas an Aontais. Mar shampla, tríd an mbearna inscne in ETIM a laghdú, atá riachtanach do theicneolaíochtaí glasa agus digiteacha, d’fhéadfaí feabhas suas le EUR 820 billiún ar OTI an Aontais a bhaint amach in 2050 37 . An easpa foirne atá ar fáil ag a bhfuil an tacar ceart scileanna, is tosca bhreise é cheana a chuireann bac ar infheistíochtaí do 85% de ghnólachtaí an Aontais 38 , i dtionscail sheanbhunaithe agus i dtionscail nua. Tá an fhadhb maidir le ganntanas lucht saothair ag méadú i gcónaí i roinnt earnálacha dlúthshaothair, cuir i gcás an earnáil cúraim sláinte, an earnáil cúraim fhadtéarmaigh, an earnáil tógála nó an earnáil talmhaíochta, go háirithe i bhfianaise dhaonra na hEorpa atá ag dul in aois. Tá an ganntanas sin ina ábhar imní freisin sna príomhearnálacha le haghaidh na naistrithe. Mar shampla, teastaíonn 180,000 oibrí oilte sa tionscal um breosla-chill hidrigine ón Aontas faoi 2030 agus suas le 66,000 sa tionscal fhótavoltach 39 . An tráth céanna, tá meath tagtha ar inniúlachtaí bunúsacha óige na hEorpa 40 , agus tá na torthaí foghlama in go leor Ballstát imithe in olcas mar gheall ar an bpaindéim 41 . Thairis sin, cé gurb é lucht saothair an Aontais an lucht saothair is oilte a bhí ann riamh, tá 60 milliún duine fásta ar bheagán oiliúna agus ar bheagán scileanna ann go fóill. Chomh maith leis sin, ní hé mímheaitseáil scileanna an taon chúis le ganntanas lucht oibre. Tá fadhb ann freisin maidir le hinfhaighteacht cháilíocht na bpost, a bhaineann le drochdhálaí oibre, pá agus conarthaí, cothromaíocht oibre is saoil, agus easpa deiseanna forbartha nó gairme. Tá tionchar suntasach críochach ag treochtaí déimeagrafacha agus ag laghdú an daonra in aois oibre, agus in 82 réigiún de chuid an Aontais atá 30 % de dhaonra na hEorpa atá ag tabhairt aghaidh ar ghaiste forbartha tallainne nó atá i mbaol gaiste den sórt sin 42 . Mura dtugtar aghaidh air sin, cuirfidh sé sin isteach ar chomhtháthú na hEorpa.

Níl ár gcórais oideachais agus oiliúna oiriúnach go fóill do mhéid agus do luas na n‑athruithe. Tá scileanna ag éirí níos tábhachtaí chomh maith le cáilíochtaí foirmiúla. In éineacht leis sin tá athruithe tagtha ar luachanna agus ar mhianta na nglúnta nua i dtreo cothromaíocht oibre is saoil agus poist fhiúntacha. Cruthaítear le teicneolaíochtaí digiteacha, intleacht shaorga ghiniúna san áireamh, deiseanna nua teagaisc agus foghlama, le haghaidh scolaíocht rialta agus le haghaidh foghlaim ar feadh an tsaoil agus ar an láthair oibre. Tá siad fós ina ndúshláin do na córais oideachais agus oiliúna atá ann cheana, áfach. Mar shampla, i gcomhthéacs litearthacht dhigiteach múinteoirí, cuir chuige oideolaíocha, cáilíocht agus iontaofacht córas agus a n‑ábhar a dhearbhú, comhdheiseanna a chinntiú (e.g. maidir le rochtain ar bhonneagar agus trealamh bunúsach teicneolaíochta), nó ábhair imní eiticiúla.

Téann an dúshlán scileanna níos faide ná cúinsí eacnamaíocha amháin. Beidh an litearthacht dhigiteach agus na scileanna digiteacha ríthábhachtach ní hamháin chun poist ardcháilíochta a aimsiú, ach freisin chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol sibhialta nó chun fíorais a idirdhealú ó mhífhaisnéis agus ó bhréagaisnéis, i ndáil leis an inbhuanaitheacht freisin. Níl bunscileanna digiteacha ar a laghad ach ag 54% de shaoránaigh an Aontais faoi láthair 43 . Ina theannta sin, beidh inniúlachtaí inbhuanaitheachta comhshaoil 44 , mar aon le scileanna sibhialta agus fiontraíochta chomh maith le hathléimneacht chomh tábhachtach céanna maidir le nuálaíocht shóisialta, acmhainn saorghníomhaíochta agus rannpháirtíocht phobalbhunaithe. Ar deireadh, tá scileanna tábhachtach freisin don earnáil phoiblí, ós rud é gur féidir le bearna inniúlachtaí teorainn a chur lena cumas gníomhú go héifeachtach. Mar shampla, thuairiscigh 69% de bhardais an Aontais an easpa scileanna um measúnú comhshaoil agus aeráide mar thoisc atá ag cur moill ar a ninfheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid 45 .

Cuirfear leis na fadhbanna sin má leanann an míbhuntáiste oideachais ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Mar shampla, tá sé 5.6 oiread níos dóchúla go dtearcghnóthóidh mic léinn a bhfuil stádas socheacnamaíoch íseal acu ar scoil san Aontas ná mic léinn a bhfuil stádas ard acu 46 . Taispeántar leis sin teorainneacha ar an tsoghluaisteacht shóisialta atá ann cheana agus cuirtear bac leis ar na féidearthachtaí leas a bhaint as na deiseanna a thairgtear leis na haistrithe. Tá sé ar cheann de na tosca a imríonn tionchar acu ar chomhtháthú sóisialta an Aontais chomh maith.

5. Méadú ar scoilteanna sa chomhtháthú sóisialta

Braitheann an Comhaontú Glas don Eoraip ar an gcumas daoine a chumasú chun páirt a ghlacadh san aistriú agus leas a bhaint as. Tá dul chun cinn soiléir déanta maidir leis sin. Ag féachaint ar chaighdeáin mhaireachtála ghinearálta nó ar shláinte ghinearálta, tá saol níos faide agus níos fearr ag muintir na hEorpa ná mar a bhí ag na glúnta roimhe seo. Leanfar le fad a chur lena saolré. Ó bhí 2004 ann, tá 4 bliana curtha lena nionchas saoil sláintiúil 47 , agus tá féidearthachtaí éagsúla nua saoil agus gairme tagtha chun cinn. Tá go leor tíortha Eorpacha i measc na náiteanna is sona le cónaí iontu 48 . Mar sin féin, ní mór fothaí an chonartha shóisialta atá ann cheana a neartú chun dúshláin éagsúla a sheasamh.

Beidh tionchar míchothrom ag an athrú aeráide ar chríocha agus beidh tionchar díréireach aige ar na daoine is boichte agus ar na daoine is leochailí. Is iad na teaghlaigh ísealioncaim is mó a bheidh ar neamhchosaint ar phraghsanna bia 49 nó fuinnimh níos airde 50 , mar is iondúil gur lú acmhainne a bhíonn acu chun méaduithe géara ar an gcostas maireachtála a mhaolú trí choigilteas. I gcomparáid le grúpaí eile, caitheann siad níos mó go comhréireach ar earraí riachtanacha, mar shampla bia, leictreachas, gás, téamh agus iompar. Is minic a bhíonn na daoine is boichte ina gcónaí sna ceantair is truaillithe i gcathracha agus dá bhrí sin, bíonn siad níos leochailí i leith éifeachtaí an truaillithe, go háirithe ar a sláinte. Deir 13.7% de shaoránaigh an Aontais go raibh siad nochta do thruailliú nó ar neamhchosaint ar ghuaiseacha comhshaoil 51 . Bíonn tionchar díréireach ag tubaistí a bhaineann leis an aeráid ar na codanna is leochailí den tsochaí freisin. An tráth céanna, tá acmhainneacht oiriúnaitheach ár sochaithe agus ár ninstitiúidí scaipthe go míchothrom ar fud na hEorpa 52 . Thairis sin, tá dlúthbhaint ag éagothromaíochtaí ioncaim agus saibhris le héagothromaíochtaí éiceolaíocha agus le cur leis an athrú aeráide. Mar shampla, astaíonn an 10% is saibhre de mhuintir na hEorpa os cionn trí huaire níos mó in aghaidh an duine ná an chuid eile 53 . Mar sin féin, socraítear astaíochtaí tí le tosca eile, amhail aois, cineál tithíochta, nó méid ceirtleán freisin, rud a dhéanann beartais fhioscacha agus athdháilte fhéideartha a bhaineann le hastaíochtaí carbóin níos casta 54 .

Tá an neamhionannas idir na Ballstáit ag laghdú, ach tá neamhionannais i mBallstáit aonair ag dul i méid 55 .  Tá tuiscint láidir sa tsochaí go bhfuil leibhéil iomarcacha bainte amach acu 56 . In 2021, cuireadh 38.2% den ioncam coibhéisithe iomlán san Aontas i leith an 20% den daonra ag a bhfuil an tioncam is airde, agus ní bhfuair an 20% ag a bhfuil an tioncam is ísle ach sciar 7.9%, cé go raibh difríochtaí móra ann idir na Ballstáit 57 . Léirítear na figiúirí sin i ndearcthaí mhuintir na hEorpa: Creideann 81% go bhfuil an neamhionannas ioncaim róard 58 . Tá go leor Eorpach ar fud na réigiún agus na gcathracha ina bhfuil marbhántacht agus meath eacnamaíoch ag tarlú ag éirí níos míshásta leis na héagothromaíochtaí i ndeiseanna oideachais nó fostaíochta, soghluaisteacht shóisialta, comhionannas, ionchas saoil nó nascacht. An tráth céanna, tá an comhchruinniú rachmais i bhfad níos airde ná an neamhionannas ioncaim agus tá sé ag méadú de réir a chéile, agus tá bac díreach á chur aige sin ar chomhdheiseanna agus ar shoghluaisteacht shóisialta aníos 59 , agus tá polarú polaitiúil á chothú leis freisin 60 . Taispeántar i staidreamh go laghdaítear an neamhionannas ioncaim le haistrithe sóisialta – in 2021, ba é 52.2% comhéifeacht Gini le haghaidh ioncaim roimh aistrithe sóisialta, ach laghdaíodh é go 30.1% i ndiaidh na haistrithe sóisialta a chur san áireamh 61 . Ina theannta sin, is féidir le héifeachtaí an athraithe aeráide tionchar díreach a imirt ar dhinimic an bhoilscithe. Mar thoradh ar bhrúnna boilscitheacha, e.g. ar phraghsanna bia nó fuinnimh, mar aon le laghdú ar an gcumhacht ceannaigh, d’fhéadfaí neamhionannais a ghéarú tuilleadh, toisc go bhfuil difríocht shuntasach idir a dtionchair do theaghlaigh ísealioncaim agus ardioncaim. Gan bearta iomchuí, d’fhéadfadh sé sin an bhochtaineacht, an bhochtaineacht fuinnimh san áireamh, an teisiamh sóisialta agus neamhshiméadrachtaí críochacha a mhéadú ar fud an Aontais 62 .

Tá cothroime idirghlúine ag éirí níos suntasaí i gcónaí freisin. Tá Eorpaigh óga ag baint tairbhe as feabhsuithe móra ó ghlúin go glúin, agus 67% acu ag aontú go dtugann an tAontas ionchais níos dearfaí dóibh don todhchaí 63 . Tá dúshláin nua le sárú acu freisin, áfach. Tá oideachas níos fearr á fháil acu ach fós féin is lú ioncaim indiúscartha atá acu ná mar a bhí ag glúnta óga roimhe seo, agus is mó seans go mbeidh siad ag obair i gcineálacha éagobhsaí fostaíochta 64 . Dá bhrí sin, is iad daoine óga seachas daoine scothaosta an grúpa is mó atá i mbaol na bochtaineachta anois 65 . Feicfidh leanaí a rugadh in 2020 méadú dhá oiread go seacht noiread ar theagmhais adhaimsire agus ar na rioscaí sláinte a ngabhann leo, i gcomparáid le daoine a rugadh in 1960 66 . Ina theannta sin, tá fadhbanna meabhairshláinte ag dul i gcion ar dhaoine óga, imní faoin gcomhshaol nó cumha i ndiaidh an tseansaoil san áireamh 67 . Féadfaidh úsáid mhíshláintiúil na meán digiteach 68 agus na niarmhairtí a d’eascair as an bpaindéim cur leo. Admhaíonn níos mó ná 45% de dhaoine óga go bhfuil imní dá leithéid orthu 69 . Is é sin an fáth a bhfuil siad ag súil le gníomh níos cinntithí freisin: aontaíonn naonúr as gach deichniúr Eorpach óg go gcuirfí feabhas ar a sláinte agus ar a bhfolláine trí dhul i ngleic leis an athrú aeráide 70 . Baineann a nimní le fiachas poiblí freisin, mar is dóigh go gcuirfidh glúnta níos óige níos mó leis an stát leasa, agus níos lú ná a sinsir á fháil ar ais acu. Agus cion coibhneasta na vótálaithe óga ag laghdú, tá aird pholaitiúil tarraingthe ar cheist na cothroime idirghlúine. Leis an easpa dlúthpháirtíocht idirghlúine maidir le saincheisteanna aeráide, eacnamaíocha agus sochaíocha, d’fhéadfaí cur lena gcoimhthíos polaitiúil agus lena gciall cheannaithe maidir le cumas na haicme agus an chórais pholaitiúil atá ann faoi láthair aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ó ghlúin go glúin.

6. Bagairtí ar an daonlathas agus ar an gconradh sóisialta atá ann cheana

Tá dlúthbhaint ag neamhionannais le muinín níos ísle in institiúidí náisiúnta agus in institiúidí an Aontais 71 , agus sa daonlathas liobrálach i gcoitinne. De dheasca neamhdheonú ceart vótála, míshástacht atá ag méadú, agus easpa clár oibre dearfach laghdaítear muinín in institiúidí poiblí tarlaíonn polarú, agus éiríonn gluaiseachtaí antoisceacha, uathlathacha nó pobalach níos mealltaí. Ar an leibhéal domhanda, thit leibhéal an daonlathais a thugtar don ghnáthshaoránach siar go dtí na leibhéil a taifeadadh go deireanach in 1989 72 . Tá an daonlathas ag éirí níos dúshlánaí mar an tsamhail rialachais is oiriúnaí chun déileáil le saincheisteanna socheacnamaíocha atá ag dul i méid 73 . San Aontas, tá cuid de na buncheanglais maidir le daonlathas feidhmiúil lagaithe. Tá sé sin le feiceáil trí na dúshláin a bhaineann leis an smacht reachta agus trí shaoránacht thostach atá ag dul i méid, e.g. laghdú comhsheasmhach ar an ráta vótála in go leor Ballstát i dtoghcháin náisiúnta agus i dtoghcháin Eorpacha 74 , nó an easpa suime atá ag méadú sa saol daonlathach i gcoitinne. Mar shampla, aontaíonn 47% de na saoránaigh go bhfuil tábhacht lena nguth san Aontais agus ceapann 49% nach bhfuil sé tábhachtach 75 . Tá pearsanú na polaitíochta, agus an tuairim go bhfuil ceannairí polaitiúla níos tábhachtaí ná páirtithe polaitiúla, ag dul i méid freisin. Déantar polarú na díospóireachta polaitiúla agus an braistint aonraithe a mhéadú trí mhífhaisnéis agus trí bhréagaisnéis, trí dhinimic ghrúpaí ar na meáin shóisialta, nó trí chlaontacht algartamach 76 . Thairis sin, cuireann áiteanna a bhraitheann fágtha ar lár le díscor agus le míshástacht. Mura dtugtar aghaidh ar ghaistí forbartha na réigiún marbhánta, is lú an seans go dtacóidh saoránaigh le lánpháirtiú agus luachanna na hEorpa, mar a thugtar ar thíreolaíocht na míshástachta 77 . Ar an taobh dearfach den scéal, tá foirmeacha nua de ghníomhaíochas polaitiúil agus de shlógadh sóisialta ag teacht chun cinn freisin. Fós féin, mura dtugtar aghaidh ar shláinte daonlathas Eorpach, beidh dúshlán ag baint leis na beartas inbhuanaithe a rolladh amach agus leis an aistriú féin.

Níl an conradh sóisialta atá ann faoi láthair sách oiriúnach don saol socheacnamaíoch nua. Is i lár an 20ú haois a bunaíodh an conradh sóisialta reatha, faoi dhálaí socheacnamaíocha andifriúil. Tá an saol mar atá ag Eorpaigh athraithe go mór ó shin, agus bealaí nua foghlama, oibre agus maireachtála acu, agus iad fréamhaithe in athrú déimeagrafach agus imirce. Beidh impleachtaí móra ag saol níos faide do dhaoine aonair, do ghnólachtaí, do phobail agus do rialtais. Dá bhrí sin, tá bearnaí fós ann agus d’fhéadfadh teannas nua teacht chun cinn amach anseo. Mar shampla, cé go mbaineann 40% den daonra oibre faoi láthair le foirmeacha oibre ‘neamhchaighdeánacha’ (an fhéinfhostaíocht san áireamh) 78 , tá na scéimeanna cosanta sóisialta deartha fós le haghaidh cineálacha traidisiúnta fostaíochta (e.g. fostaithe lánaimseartha, buana, cleithiúnacha) den chuid is mó. Tá ga le hathruithe chun go gclúdófar codanna áirithe den lucht saothair, go háirithe daoine óga, iad siúd a rugadh lasmuigh den Aontas, agus mná go leormhaith faoi na córais chosanta sóisialta. Mura gclúdófar, d’fhéadfadh na bearnaí sin a bheith ina mbagairt ar leas daoine aonair agus a dteaghlach, go háirithe teaghlaigh ar ísealioncam, agus d’fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar theidlíochtaí pinsin agus ar leas níos déanaí sa saol. D’fhéadfaidís an bonn a bhaint freisin de chobhsaíocht airgeadais na socruithe leasa atá ann cheana agus d’fhéadfaidís dul i bhfeidhm ar an iomaíochas foriomlán trí mhargaí saothair nach bhfuil chomh héifeachtúil, agus gan a oiread foinn ar dhaoine rioscaí a ghlacadh, athrú ó phost amháin go post eile, bogadh isteach nó amach as obair, cuideachta a thosú nó cuideachta a dhúnadh. Ar deireadh, i gcás go leor Eorpach, ní leor an íocaíocht as an obair a thuilleadh. An táscaire is suntasaí ná inacmhainneacht tithíochta: tá sé anois ar an leibhéal is ísle dóibh siúd ar mian leo teach a cheannach, agus dóibh siúd a bhfuil teach ar cíos acu 79 .

I gcomhar leis sin, tá ról geo-eacnamaíoch na ngníomhaithe poiblí agus príobháideacha ag athrú. Tugaimid faoi deara cóineasú atá ag méadú ar na fearainn eacnamaíocha agus slándála, agus ábhair imní slándála taobh thiar de na roghanna eacnamaíocha níos minice agus níos minice. Tá ionchais i leith an stáit ag athrú agus chun na haistrithe, uathriail straitéiseach oscailte, agus athléimneacht eacnamaíoch, a bhaint amach, teastóidh uirlisí agus inniúlachtaí iomchuí. Ar an láimh eile, le scaipeadh leanúnach na cumhachta, agus ábharthacht dhomhanda corparáidí móra ilnáisiúnta atá ag méadú, cuirtear dúshlán roimh ról reatha an stáit sa gheilleagar, sa daonlathas nó sa saol sóisialta.

III.Príomhréimsí le haghaidh gníomhaíochta

Beidh tionchar díreach ag na saincheisteanna a chuirtear i láthair thuas ar ghnéithe sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta, rud a chuirfidh dúshlán roimh indéantacht agus inmharthanacht na n‑aistrithe. Is é sin an fáth a bhfuil gá le hidirghabháil chomhordaithe ar fud na réimsí beartais uile cheana féin chun Eoraip inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2050. Ag tógáil ar thoradh an phróisis fadbhreathnaitheachta, cuirtear smaointe i láthair sna réimsí gníomhaíochta a leagtar amach thíos maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh sna ranna roimhe seo.

1. Conradh nua sóisialta Eorpach a chinntiú a bheidh oiriúnach do thodhchaí inbhuanaithe. Ba cheart don Aontas leanúint leis na Ballstáit a spreagadh chun seirbhísí sóisialta uilechuimsitheacha ar ardchaighdeán a fhorbairt lena gcuirfear feabhas ar chumas daoine cur leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí agus a n‑acmhainneacht agus a mianta á mbaint amach acu. Baineann sé freisin le beartais leasa shóisialaigh a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le cur chuige infheistíochta sóisialta thar an gconair saoil iomlán. Áirítear leis sin tacú le rannpháirtíocht agus cuimsitheacht i margadh an tsaothair, cosaint shóisialta a oiriúnú a thuilleadh don fhostaíocht neamhchaighdeánach agus do rioscaí nua a bhaineann leis an aeráid, agus leibhéal leormhaith cosanta sóisialta a chinntiú, chomh maith le cur chuige um chuimsiú gníomhach sa mhargadh saothair. Ba cheart an réaltacht dhéimeagrafach nua a chur san áireamh, mar aon leis na dúshláin (aosú) agus na deiseanna (fad saoil) a bhaineann léi. Ciallaíonn sé freisin comhtháthú éifeachtach imirceach agus shaoránaigh an Aontais a bhfuil cúlra imirceach acu a chinntiú, gnóthachain shuntasacha fhioscacha a ghiniúint do na Ballstáit agus rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin leasa a bhaineann leis an athrú déimeagrafach. Beidh monatóireacht leanúnach ar tháscairí sóisialta, go háirithe do na teaghlaigh is leochailí, ríthábhachtach chun an bhochtaineacht, eisiamh sóisialta agus neamhionannais shóisialta agus chríochach a chomhrac. Ba cheart go n‑áireofaí le conradh sóisialta nua fócas níos láidre ar aistriú cóir agus uilechuimsitheach, go gcothóidh sé comhtháthú réigiúnach, agus go n‑úsáidfidh sé cothroime idirghlúine mar aon le cóineasú sóisialta aníos mar threoirphrionsabail. Ba cheart go ndíreofaí a thuilleadh ann freisin ar a bheith ag maireachtáil i dtimpeallacht shláintiúil mar phríómhaitheas poiblí, agus ar aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna fadhbanna meabhairshláinte, cuir i gcás eisiamh sóisialta, idirdhealú, agus tionchar an athraithe aeráide.

2. An Margadh Aonair a ghiaráil chun tacú le geilleagar glannialasach athléimneach. Ba cheart don Aontas leanúint lena chreat comhordaithe a neartú chun uathriail straitéiseach oscailte a bhaint amach, lena náirítear slándáil eacnamaíoch. Go sonrach, ag tógáil ar an sásra atá ann cheana chun spleáchais straitéiseacha reatha a scagadh, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit uirlisí a fhorbairt a thuilleadh chun spleáchais a bheidh ann amach anseo ar fud earnálacha straitéiseacha a mheas (e.g. sláinte, bia, teicneolaíochtaí digiteacha, fuinneamh, spás, uisce). Ba cheart don Aontas úsáid níos fearr agus níos straitéisí a bhaint as ionstraimí cosanta trádála, as an rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha, agus as ionstraimí soláthair. Beidh méadú an Mhargaidh Aonair ríthábhachtach chun cumhacht eacnamaíoch an Aontais amach anseo a chosaint. Ba cheart leibhéil leormhaithe faisnéise straitéisí agus rialachais réamhmheasta treoraíocht a thabhairt maidir le féachaint chuige go seasfaidh creat rialála lena bhfeabhsófaí an fás an aimsir, go háirithe don Mhargadh Aonair 80 . Tá gá le fócas athnuaite 81 ar dhul i ngleic le bacainní, agus ar na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú, in éiceachórais a bhfuil an acmhainneacht is mó acu don aistriú. Ní mór rialacha iomaíochta láidre atá oiriúnach dá bhfeidhm a bheith ag gabháil leis sin. Beidh sé tábhachtach freisin samhlacha gnó inbhuanaithe a dhreasú agus tacaíocht leormhaith a chinntiú chun teicneolaíochtaí glannialasacha a fhorbairt agus a chur in úsáid go tapa. Ba cheart don Aontas leanúint den chothroime iomaíochta a chosaint do na rannpháirtithe uile sa mhargadh chomh maith, chun naisc láidre idir rochtain ar an margadh agus ardchaighdeáin inbhuanaitheachta a chinntiú. Ar deireadh, tá gá le tacaíocht freisin chun comhpháirteanna atá fíor-riachtanach don aistriú fuinnimh a mhonarú go tapa, mar shampla amhábhair nó trealamh teicneolaíochta glannialasach.

3. Na hidirnaisc idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais a neartú, chun borradh a chur faoi thairiscint agus insint an Aontais ar an ardán domhanda chomh maith. Éilítear níos mó agus níos mó leis an ngeo-eacnamaíocht cineálacha cur chuige solúbtha agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chomhcheangal. Sa chomhthéacs sin, ba cheart leanúint le Global Gateway a úsáid chun comhpháirtíochtaí a fhorbairt maidir le tionscadail straitéiseacha, mar shampla le tíortha a bhfuil dúshláin rompu maidir leis an aistriú fuinnimh nó slándáil uisce. Ba cheart do na comhpháirtíochtaí sin slabhraí luacha áitiúla nua a spreagadh chun infheistíocht a mhealladh agus poist agus deiseanna a chruthú do na glúnta óga. Ag tógáil ar an tsamhail chomhaontaithe saorthrádála atá ann cheana, d’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh ar chineálacha nua comhaontuithe comhpháirtíochta a bheidh níos solúbtha agus níos spriocdhírithe le Comharsanacht na hEorpa, leis an Afraic, leis an Áise nó le Meiriceá Laidineach. Ní mór méadú a dhéanamh ar na sineirgí agus ar na naisc idir na comhaontuithe sin agus Global Gateway. Trí mhargadh glas trasatlantach a chruthú lena néascófaí rochtain ar scéimeanna dreasachta agus lena gcuirfí cosc ar idirdhealú thacófaí le hinfheistíochtaí glasa agus le táirgeadh inbhuanaithe. Thairis sin, trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, ba cheart don Aontas a ghuth i bhfóraim iltaobhacha atá ríthábhachtach d’iarrachtaí inbhuanaitheachta domhanda a neartú, na cinn sin san áireamh lena múnlaítear todhchaí an mhaoinithe inbhuanaithe (e.g. Tionscnamh Bridgetown, athchóirithe an Bhainc Dhomhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta). Ba cheart dó leanúint leis na hiarrachtaí ceannródaíocha chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach 82 agus cur leis an bplé ar a dtodhchaí i ndiaidh 2030. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas gníomhaíocht a stiúradh chun na hacmhainní uilechoiteanna domhanda (bithéagsúlacht, ithir, fionnuisce, aigéin, etc.) a chaomhnú, lena náirítear trí mhaoiniú nó trí chomhar i dteicneolaíocht agus i nuálaíocht (ardteicneolaíocht agus ísealteicneolaíocht araon). Ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar shocruithe nua cistiúcháin maidir le hoiriúnú agus athléimneacht a dhíreofar ar na tíortha is leochailí. Ní mór don Aontas a chinntiú freisin go ndéanfar a bheartais aeráide, chomhshaoil agus fuinnimh a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach atá comhsheasmhach le huaillmhianta agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Is éard atá i gceist leis sin ná peirspictíochtaí a gcomhpháirtithe trádála a chur san áireamh, chomh maith leis an tionchar atá ag reachtaíocht an Aontais orthu. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí idirphlé, cumarsáid, taidhleoireacht (glas, digiteach nó cultúrtha) a mhéadú, agus trí chomhar maidir lena ndearadh agus lena gcur chun feidhme 83 . Ba cheart dó leanúint freisin le rannpháirtíocht réamhghníomhach i ndáil lena bheartais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip san Eagraíocht Dhomhanda Trádála. De bhreis ar a chreat reachtaíochta féin a fhorbairt, ní mór don Aontas comhghuaillíochtaí agus comhaontuithe leathana idirnáisiúnta a chruthú freisin maidir le teicneolaíochtaí ardtionchair agus cumasaithe inbhuanaitheachta atá ag teacht chun cinn, cosúil leis an intleacht shaorga, ar bhealaí lena léireofar a luachanna agus a chuspóirí straitéiseacha agus lena mbainisteofar na rioscaí. Ba cheart dó freisin dul i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis chun bagairtí agus ionsaithe, cuir i gcás na bréagaisnéise, a chomhrac. Ar deireadh, tríd an bPlean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a neartú, d’fhéadfadh sé cuidiú le tacaíocht ó na glúnta óga lasmuigh den Aontas a chothú.

4. Tacú le hathruithe ar tháirgeadh agus ar thomhaltas i dtreo na hinbhuanaitheachta. Ar thaobh an táirgthe, is éard atá i gceist leis sin athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh ar fud na mBallstát chun an geilleagar a dhícharbónú agus a dhí‑thruailliú, go háirithe próisis thionsclaíocha agus earnálacha atá dian ar fhuinneamh, tionchair ar an mbithéagsúlacht a laghdú, agus lorg éiceolaíoch an tomhaltais a íoslaghdú. Tá sé ríthábhachtach freisin rómhaorlathas a laghdú, dlús a chur le nósanna imeachta um riaracháin agus um cheadú, nó inrochtaineacht agus cáilíocht na tacaíochta áitiúla a mhéadú. Tá gá le gníomhaíocht mhórscála chun athléimneacht uisce an Aontais a neartú, trí aghaidh a thabhairt ar thruailliú agus ar éilimh mhéadaitheacha ag an talmhaíocht, an táirgeadh fuinnimh, an tionscal nó teaghlaigh. Tá bearta chun feabhas a chur ar rialachas uisce (sásraí iomchuí um praghsáil agus um leithdháileadh san áireamh), a úsáid éifeachtúil, forbairt foinsí inbhuanaithe malartacha, deireadh a chur le truailliú uisce, agus cinntiú rochtain chomhionann ríthábhachtach. Chun inbhuanaitheacht a bhaint amach, beidh gá freisin le hathruithe ar iompraíochtaí daoine, go háirithe iad siúd a bhfuil na lorg carbóin is mó acu, chun lorg éiceolaíoch an tomhaltais a íoslaghdú. Beidh sé ríthábhachtach freisin na comharthaí praghais cearta a chinntiú (e.g. trí phraghsáil carbóin, cánacha glasa, deireadh a chur le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol nó iad a athchóiriú, dreasachtaí atá dearfach ó thaobh an chomhshaoil de a neartú) chomh maith le hinacmhainneacht agus infhaighteacht táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe a chosaint. Chun straitéisí agus samhlacha gnó cuideachtaí a athrú, ba cheart don Aontas leanúint le beartais agus rialacháin a dhearadh chun dul i ngleic a thuilleadh leis an dífheidhmeacht phleanáilte, agus chun deisiúchán sa chomhthéacs iar-díola agus ciorclaíocht sa dearadh a chur chun cinn. Bunaithe ar anailísí iomchuí, d’fhéadfadh sé go n‑áireofaí ar bhearta freisin toirmeasc a chur ar fhógraíocht faoi na cleachtais nó na seirbhísí is díobhálaí don chomhshaol. I dteannta a chéile, d’fhéadfadh na gnéithe sin a bheith ina ngnéithe le haghaidh creat dlíthiúil níos leithne amach anseo, agus iomaíochas domhanda fadtéarmach gheilleagar an Aontais á chur san áireamh. Tríd an anailís ar na tionchair dáileacháin agus chríochacha i gceapadh beartas a neartú agus trí na torthaí a chur in iúl ar bhealach níos soiléire, d’fhéadfadh sé cuidiú le bearta nua a dhearadh ar bhealach lena n‑íoslaghdaítear na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar an mbochtaineacht agus ar an neamhionannas, agus lena dtuartar gníomhaíochtaí beartais tionlacain lena ndéantar na tionchair dhiúltacha sin a mhaolú. Ar deireadh, ba cheart oideachas agus múscailt feasachta maidir le roghanna agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe agus sláintiúla a neartú ar fud gach aoisghrúpa.

5. Bogadh i dtreo ‘Eoraip na n‑infheistíochtaí’ trí shreabha airgeadais príobháideacha a mhéadú chun tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha don dá aistriú. Tá sé ríthábhachtach dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh maidir leis an Aontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil chun maoiniú príobháideach a bhfuil gá leis don dá aistriú a chur ar fáil. Le huirlisí airgeadais inbhuanaithe amhail bannaí glasa Eorpacha, maoineofar infheistíochtaí straitéiseacha inbhuanaithe an Aontais. Beidh sé ríthábhachtach creat solúbtha, tapa agus freagrúil a bhunú chun borradh a chur faoi infheistíochtaí príobháideacha, chomh maith le timpeallacht gnó dhearfach a chinntiú, lena chinntiú go mbeidh an tAontas ina áit tharraingteach i gcónaí chun infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar glan‑nialasach agus ciorclach. I ndáil leis sin, ba cheart maoiniú poiblí a úsáid ar bhealach níos fearr mar chatalaíoch d’infheistíochtaí príobháideacha, go háirithe le haghaidh tionscadail inbhuanaitheachta a mbaineann níos mó riosca leo agus atá níos ceannródaíche, a méadú san áireamh, agus cumais mhonaraíochta ghaolmhara san Aontas. Go sonrach, ba cheart don Bhanc Eorpach Infheistíochta, an banc poiblí is mó ar domhan, tacaíocht níos láidre a sholáthar d’infheistíochtaí straitéiseacha atá ábhartha don dá aistriú, cuir i gcás amhábhair, teicneolaíocht ghlas nó biteicneolaíocht, go háirithe le haghaidh tionscadail cheannródaíocha. Tá sé tábhachtach freisin go leanfar leis na hiarrachtaí chun rochtain ar fhoinsí ábhartha maoinithe an Aontais do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha agus do chuideachtaí beaga agus meánmhéide a éascú. Is féidir le huirlisí eile cuidiú le sreabha airgeadais príobháideacha a mhéadú: dreasachtaí cánach, soláthar poiblí glas agus inbhuanaithe, agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, lena ndreasaítear soláthraithe chun réitigh inbhuanaithe, soláthar réamhthráchtála, comhoibrithe le heagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le soláthar seirbhíse poiblí, nó le saoránaigh agus páirtithe maidir le buiséadú rannpháirtíochta a ghlacadh. D’fhéadfaí comhoibriú níos déine idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí a bhaint amach freisin trí straitéisí airgeadais cumaisc a mhéadú, e.g. trí idirghabháil níos fearr ó sholáthraithe airgeadais lamháltais agus trí ról institiúidí forbartha an Aontais agus na mBallstát a mhéadú. Ar deireadh, beidh iarrachtaí breise chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chur sna áireamh sa mheasúnú ar chobhsaíocht airgeadais tábhachtach.

6. Buiséid phoiblí a chur in oiriúint don inbhuanaitheacht. Ní mór beartais fhioscacha agus cánachas a chur in oiriúint don dá aistriú, infheistíocht bhreise a dhéanamh i dtreo tionscadail lena gcuirtear chun cinn iad, agus na comharthaí agus na dreasachtaí cearta praghais a sholáthar do tháirgeoirí, d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí, agus an inbhuanaitheacht fhioscach a fheabhsú ag an am céanna. Tá cur chun feidhme athchóiriú ECFE ar chánachas idirnáisiúnta ina chéad chéim sa treo sin, rud a chuirfidh teorainn leis an sodar go grinneall atá ar bun maidir le rátaí cánach corparáide agus a chinnteoidh go n‑íocfaidh fiontair ilnáisiúnta sciar cothrom cánach pé áit a n‑oibríonn siad. Ba cheart don Aontas leanúint de straitéisí frithsheachanta cánach domhanda a shaothrú, straitéisí a thacóidh a thuilleadh le cothroime córas cánach. Ba cheart go mbreithneoidh sí freisin conas an t‑ualach cánach ar shaothar a laghdú agus é a aistriú chuig boinn chánach eile nach ndéanann dochar chomh mór céanna don fhás, agus conas aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas i gcomhthéacs aosú an daonra agus cineálacha nua oibre. Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cistí poiblí, beidh sé ríthábhachtach iarrachtaí feabhsaithe a dhéanamh chun an caiteachas poiblí a bharrfheabhsú trí fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar chomhdhéanamh an airgeadais phoiblí agus trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an chaiteachais phoiblí. Áirítear leis sin cumais phoiblí maidir le bailiú agus anailís sonraí a neartú, chun go ndearfar bhearta fioscacha níos fearr. Ba cheart leanúint leis an mbeartas fioscach a dhíriú ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, agus é fós inacmhainne agus dreasachtaí d’iompraíocht inbhuanaithe á gcaomhnú. Ar deireadh, i bhfianaise thionchar míchothrom na ndúshlán fioscach agus an ghá atá le borradh a chur faoin infheistíocht straitéiseach agus maoiniú iomchuí a chinntiú d’earraí coiteanna an Aontais, ba cheart féachaint ar bhealaí eile le haghaidh comhghníomhaíochta.

7. Beartas agus táscairí eacnamaíocha a aistriú a thuilleadh i dtreo folláine chuimsitheach inbhuanaithe. Tá gnéithe comhshaoil agus sóisialta curtha san áireamh cheana féin i gcinntí na ngníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon, ach ní mór iad a phríomhshruthú a thuilleadh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart méadrachtaí thar OTI a fhorbairt a thuilleadh agus a leabú de réir a chéile i gceapadh beartas an Aontais. Cuideoidh sé sin le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na folláine, le cur in iúl na ndúshlán polaitiúil a éascú, agus leis na straitéisí chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach atá dírithe ar an duine agus ar an bpláinéad a dhearadh, agus á áirithiú nach scriosfar a bhunsraitheanna leis an bhfás eacnamaíoch. Ba cheart obair bhreise a dhéanamh freisin chun feabhas a chur ar uirlisí monatóireachta trí tháscairí láidre bunaithe ar shamhail a fhorbairt (mar shampla maidir le teorainneacha pláinéadacha nó an nasc teagmhasach idir cúrsaí sóisialta, an comhshaol agus an geilleagar), agus trí shamhlacha measúnúcháin comhtháite níos fearr le haghaidh réamh‑mheastachán agus anailíse ar chásanna. Chun cur leis an mbonn eolais faoi bheartais i gceart, ní mór caighdeáin staidrimh do chuntais náisiúnta a chomhlánú le táscairí breise chun an t‑idirspleáchas idir gníomhaíocht eacnamaíoch, folláine daoine agus an comhshaol a léiriú ar bhealach níos fearr. Thabharfaí aghaidh leis sin, mar shampla, ar na bealaí éagsúla ina mbainfeadh ídiú acmhainní agus díghrádú comhshaoil an bonn d’fholláine agus de shlándáil eacnamaíoch daoine agus, os a choinne sin, ar na tionchair éagsúla a imríonn gníomhaíocht eacnamaíoch ar an gcomhshaol. Leanfaidh an tAontas le cur leis an bplé laistigh den chomhphobal idirnáisiúnta maidir leis an dóigh ar féidir cuntas a thabhairt ar na hidirnaisc idir an geilleagar agus an comhshaol i gcuntais náisiúnta agus i staidreamh comhshaoil agus eacnamaíoch ar bhealach a bheidh fónta ó thaobh na modheolaíochta de. Ina theannta sin, leanfaidh sé le húsáid na cuntasaíochta comhshaoil agus eacnamaíche atá ann cheana a chur chun cinn chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas i réimsí éagsúla, go háirithe trí chomhtháthú an staidrimh eacnamaíoch agus chomhshaoil atá ann cheana a threisiú, agus na cuntasaíochta sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar neamhionannais shóisialta i ndáileadh ioncaim.

8. A chinntiú gur féidir le gach duine cur go rathúil leis an aistriú inbhuanaitheachta. Teastaíonn iarrachtaí leanúnacha chun rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú i measc gach cuid den daonra, go háirithe mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, daoine óga agus grúpaí eile faoi ghannionadaíocht nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta na oiliúna. Ba cheart infheistíocht in oideachas ardcháilíochta na luath‑óige a spreagadh chun bearnaí neamhionannais a dhúnadh. Mar aon le scileanna teicniúla, ba cheart aird níos mó, a thabhairt ar scileanna inbhuanaitheachta, digiteacha, sibhialta, athléimneachta nó fiontraíochta. Trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil a spreagadh, e.g. trí bhreis oiliúna ar an láthair oibre agus trí ghairmoiliúint, nó trí bhealaí nuálacha teagaisc, chuirfí le solúbthacht na foghlama. Chomh maith leis sin, ní mór ionaid oibre agus dálaí oibre a oiriúnú do chineálacha nua post, d’ionchais ó ghlúin go glúine, agus do riachtanais na n‑oibrithe. Ba cheart comhar idir gníomhaithe sa tsochaí phoiblí, phríobháideach agus shibhialta a neartú trí shásraí seanbhunaithe (e.g. Comhshocruithe um Scileanna nó Acadaimh Scileanna). Ba cheart teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun oideachas agus oiliúint a shaibhriú agus a oiriúnú, agus borradh a chur faoi dheiseanna foghlama do chách. Chun athrú déimeagrafach a bhainistiú, teastaíonn uirlisí láidre ón Aontas le haghaidh réamhaisnéis ghráinneach ar scileanna agus ar riachtanais an lucht saothair sna príomhearnálacha. Ní mór aghaidh a thabhairt ar ghaistí forbartha tallainne ar an leibhéal réigiúnach tríd an soláthar agus an t‑éileamh ar dhaoine tréitheacha a spreagadh le bearta spriocdhírithe agus i gcomhar le fostóirí agus le hinstitiúidí oideachais. Ar deireadh, chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sonracha sa mhargadh saothair agus ar dhúshláin dhéimeagrafacha, ní mór don Aontas níos mó tallann dhomhanda a mhealladh agus tacú le linnte tallann agus comhpháirtíochtaí le tríú tíortha a chruthú. Ní mór é sin a chomhcheangal le tacaíocht do na pobail tionscnaimh agus le hoiriúnú oideachais agus oiliúna chun feabhas a chur ar an gcomhtháthú.  

9. An daonlathas a neartú, mar shampla trí ghníomhaireacht saoránach a mhéadú. Chun tacaíocht leathan don inbhuanaitheacht a chothú i measc an phobail, ní mór rannpháirtíocht shaoránaigh na hEorpa i bplé daonlathach agus i bpróisis ceaptha beartas a mhéadú, rud a chomhlánfaidh an daonlathas ionadaíoch 84 . Ba cheart go mbeadh cothroime ionghlúine agus idirghlúine, rannpháirtíocht chuimsitheach, agus acmhainn saorghníomhaíochta na saoránach uile i gcroílár an cheaptha beartas. Mar shampla, trí fhadbhreathnaitheacht straitéiseach a leabú i gceapadh beartas, féadfar cuidiú le rialtais beartais phoiblí a ghlacadh bunaithe ar thionchair dáileacháin (tionchair idirghlúine san áireamh) amach anseo, straitéisí a chur i bhfeidhm chun an dóchúlacht go dtiocfaidh torthaí sóisialta andiúltach chun cinn a íoslaghdú. Dá bhrí sin, beidh oscailteacht mhéadaithe na cinnteoireachta agus an cumas chun teagmháil agus cumarsáid níos fearr a dhéanamh le saoránaigh ríthábhachtach. Ba cheart don Aontas a chumas a neartú i gcónaí chun an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint 85 . Chun cur in aghaidh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise, agus cur isteach eachtrach, tá ionstraimí níos éifeachtaí agus a bhforfheidhmiú cuí tábhachtach. Tá sé ríthábhachtach ardáin na meán sóisialta a dhéanamh níos cuntasaí agus tacú leis na meáin neamhspleácha. Ní mór tionchar an digiteála ar an daonlathas a bharrfheabhsú freisin, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar ghnéithe diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann (cibearshlándáil toghchán, iomadú na fuathchainte, agus radacú). Ar deireadh, beidh seirbhísí poiblí a bheidh oscailte, éifeachtúil, idir-inoibritheacht agus cuntasach riachtanach. Dá bhrí sin, is gá cumas na ninstitiúidí áitiúla agus gníomhaithe eile, mar shampla comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta, a neartú. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht ollmhór lena chinntiú go mbeidh na scileanna is gá ag institiúidí den sórt sin, chomh maith le hacmhainní airgeadais agus teicneolaíocha chun cur le deiseanna an dá aistriú agus leas a bhaint astu 86 .

10. Bosca uirlisí an Aontais maidir le hullmhacht agus freagairt a threisiú chun na cosanta sibhialta a chomhlánú le ‘cosc sibhialta’. Ní mór don Aontas teagmhais thubaisteacha fhéideartha a réamhmheas ar bhonn straitéiseach agus ullmhú dá dtionchair, mar a léiríodh le déanaí leis an bpaindéim agus leis an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Le forbairt leanúnach chumais na fadbhreathnaitheachta straitéisí agus na monatóireachta, agus Córais Luathrabhaidh san áireamh, beifear ábalta gníomhaíocht luath a dhéanamh den fhaisnéis luath, agus ba cheart go mbeadh sé ina chompás chun infheistíochtaí agus cistiú na mBallstát amach anseo a threorú le haghaidh ullmhacht agus cosc níos fearr. Beidh spásanna sonraí Eorpacha, leathchúplaí digiteacha, agus modhanna nua idirghníomhaíochta ríthábhachtach chun méideanna móra faisnéise casta a thuiscint agus úsáid níos fearr a bhaint as. Ba cheart cumas an Aontais freagairt go tapa agus go héifeachtúil ar ghéarchéimeanna a threisiú go seasta freisin. Mar shampla, cinnteofar leis an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, agus beidh níos mó trédhearcachta agus comhordaithe ann le linn géarchéimeanna. Chun aghaidh a thabhairt ar athléimneacht eintiteas criticiúil, beidh cur chun feidhme Threoracha an Aontais agus Moltaí ón gComhairle a bhaineann le hathléimneacht ríthábhachtach 87 . Ba cheart an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha a fhorbairt a thuilleadh ionas go mbeidh sé ina nód lárnach lena nascófar gníomhaithe ábhartha uile an Aontais (e.g. HERA) maidir le bainistiú géarchéime agus chun an ullmhacht oibríochtúil a neartú do chásanna éigeandála amach anseo 88 . Ba cheart uirlisí agus ionstraimí éagsúla atá ann cheana atá ríthábhachtach don athléimneacht i réimsí ar nós na cosanta sibhialta, na himirce, na sláinte, bia nó uisce a neartú agus ba cheart sineirgí agus comhar eatarthu a neartú. Ba cheart don Aontas a bheith níos ullmhaithe freisin chun aghaidh a thabhairt ar easáitiú mar gheall ar thubaistí agus an aeráid. Chomh maith le gníomhaíochtaí athléimneachta, beidh ar an Aontas rioscaí a mheasúnú, a chosc, ullmhú ina leith agus iad a bhainistiú i gcomhréir le cur chuige ‘an aon phláinéid amháin agus na haon sláinte amháin’. Ina theannta sin, ba cheart tacú le forbairt nósanna imeachta coiteanna trí naisc nua trasearnála a threisiú nó a bhunú leis na húdaráis ábhartha ar gach leibhéal, chomh maith leis an earnáil phríobháideach, le bainisteoirí riosca agus árachóirí san áireamh. Ar deireadh, ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí chun infhaighteacht maoinithe riosca tubaiste a mhéadú a thuilleadh.

IV.An gealltanas maidir leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta a chomhlíonadh

Tá an t‑aistriú inbhuanaitheachta bunaithe ar thrí ghealltanas: pláinéad sláintiúil agus comhshaol rathúil; fás eacnamaíoch atá díchúpláilte ó úsáid acmhainní agus ó dhíghrádú comhshaoil; agus dearbhú nach bhfágfar aon duine nó áit ar lár. Agus an tAontas ag dul ar aghaidh leis an aistriú stairiúil seo, beidh sé ríthábhachtach fís dhearfach a chruthú agus an bhraistint deise agus dóchais a chaomhnú chun tacaíocht dhaonlathach leathan a chothú do na hathruithe agus na comhbhabhtálacha riachtanacha, i gcúinsí dúshlánacha. Leagtar amach sa tuarascáil seo na príomhréimsí ina bhfuil géarghá le gníomhaíocht, má táimid chun an t‑aistriú inbhuanaitheachta a bhaint amach agus naisc idir a ghnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a neartú.

Tá sé ríthábhachtach an inbhuanaitheacht a chur i gcroílár uathriail straitéiseach oscailte an Aontais chun go mbeidh an Eoraip ábalta na gealltanais sin a chomhlíonadh. Maidir leis na glúnta Eorpacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ciallóidh sé sin go mbeidh saol níos sláintiúla agus níos faide acu, go mbeidh sásamh príobháideach agus gairmiúil acu, agus go mbeidh cead cainte níos mó acu maidir leis an todhchaí a theastaíonn uathu. Maidir le gnó an Aontais, ciallóidh sé leas a bhaint as buntáiste an cheannródaí a bhaineann le geilleagar aeráidneodrach, le táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe atá chun tosaigh ar fud an domhain. Agus do na réigiúin eile den domhan, ciallóidh sé leas a bhaint as comhar agus forbairt inbhuanaithe.

(1)

     Sa Teachtaireacht sin, tógtar ar Thuarascáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir leis an Eolaíocht don Bheartas, Towards a fair and sustainable Europe 2050: social and economic choices in sustainability transitions [I dTreo Eoraip a bheidh Cóir agus Inbhuanaithe 2050: roghanna sóisialta agus eacnamaíocha in aistrithe inbhuanaitheachta], bunaithe ar phróiseas fadbhreathnaitheachta déanta. Cuireadh tús leis le cruthú cásanna fadbhreathnaitheachta ina dtugtar tuairisc ar leaganacha malartacha de thodhchaí inbhuanaithe an Aontais faoi 2050. Maidir le gach cás, fuarthas na bealaí aistrithe inbhuanaitheachta trí theicníc chúloibrithe chomhchruthaitheach a úsáid. Éascaíodh leis sin cleachtais agus struchtúir nua, mhalartacha a shainaithint chomh maith le deireadh a chur de réir a chéile le cleachtais agus struchtúir neamhinbhuanaithe atá ann cheana faoi 2050, lena náirítear an anailís ar chomhbhabhtálacha, ar bhaic agus ar shineirgí feadh na gconairí aistrithe. Sainaithníodh in anailís thrasghearrthach ar phatrúin éagsúla um athrú réimsí criticiúla lena gcumasaítear na hathruithe ó bhun i dtreo na hinbhuanaitheachta. Áiríodh sa phróiseas fadbhreathnaitheachta freisin comhairliúcháin le saineolaithe agus le páirtithe leasmhara, plé le seirbhísí, gníomhaireachtaí agus comhghnóthais an Choimisiúin, glao ar fhianaise a fhoilsiú, plé le comhpháirtithe institiúideacha (an Córas Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais) agus na Ballstáit.

(2)

     Díríodh i dTuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ar an idirghníomhú idir dhá aistriú na hEorpa i gcomhthéacs nua geopholaitiúil. Forbraíodh eagrán 2021 maidir le treochtaí tábhachtacha a théann i bhfeidhm ar uathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus ar an tsaoirse chun gníomhú sna blianta amach romhainn. Rinneadh anailís i dtuarascáil 2020 ar athléimneacht an Aontais maidir le ceithre ghné: an ghné shóisialta agus eacnamaíoch, an ghné gheopholaitiúil, an ghné glas, agus an ghné digiteach.

(3)

     Barúlacha ó Chomhairleoir Slándála Náisiúnta na Stát Aontaithe Jake Sullivan maidir le Ceannaireacht Eacnamaíoch Mheiriceá a Athnuachan in Institiúid Brookings an 27 Aibreán 2023.

(4)

     Tá cónaí ar 36% de dhaonra an domhain i dtíortha a cháin an Rúis go gníomhach agus a d’fhorchuir smachtbhannaí uirthi. Tá thart ar aon trian i dtír atá fós neodrach. Ar deireadh, tá 32% eile i stáit inar thacaigh an rialtas le gníomhartha nó insint na Rúise. Howey, W. (2022), Russia can count on support from many developing countries, https://www.eiu.com/n/russia-can‑count‑on‑support‑from-many-developing-countries/

(5)

      EDGAR - Bunachar Sonraí na nAstaíochtaí le haghaidh Taighde Domhanda Atmaisféarach, an Coimisiún Eorpach.

(6)

     Is é is aidhm do Chomhpháirtíocht G7 um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda, a bhfuil Global Gateway an Aontais ina chuid de, freagairt don éileamh ar mhaoiniú bonneagair ar ardchaighdeán i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim.

(7)

   University of Cambridge Institute for Sustainability Leadership (CISL), (2022) https://www.cisl.cam.ac.uk/competitive-sustainability-index  

(8)

     An Gníomh um an Tionscal Glannialasachta, COM(2023) 161 final.

(9)

     Straitéis Slándála Eacnamaíche na hEorpa, JOIN(2023) 20 final.

(10)

     Investment needs assessment and funding availabilities to strengthen EU's NetZero technology manufacturing capacity [Measúnú ar riachtanais infheistíochta agus infhaighteacht um maoiniú chun acmhainn monaraíochta teicneolaíochta Glannialasachta an Aontais a neartú], SWD(2023) 68 final.

(11)

     D’fhorbair an Spáinn, in éineacht le Ballstáit eile, faoi chuimsiú an Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais, rian tiomnaithe chun anailís a dhéanamh ar spleáchais atá ann cheana agus spleáchais a bheidh ann amach anseo i gceithre earnáil chriticiúla (fuinneamh, teicneolaíocht dhigiteach, sláinte agus bia), agus tharraing sí ar an modheolaíocht a mhol an Coimisiún (féach SWD (2021) 352 final, SWD(2022) 41 final, WP2023/14) chomh maith. Soláthraítear leis an obair sin moltaí maidir le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais a neartú, lena náirítear a shlándáil eacnamaíoch, agus a cheannaireacht dhomhanda faoi 2030.

(12)

     Elderson, F., (2023), https://www.ecb.europa.eu/press/blog/date/2023/html/ecb.blog230608~5cffb7c349.en.‌html  

(13)

     Cuirtear sonraí faoin modheolaíocht fheidhmeach, foinsí sonraí, torthaí breise agus anailís íogaireachta i láthair in Healt h adjusted income: complementing GDP to reflect the valuation of life expectancy [Ioncam arna choigeartú de réir na sláinte: OTI a chomhlánú chun luacháil an ionchais saoil a léiriú], Tuarascáil Theicniúil JRC, JRC134152, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC134152

(14)

     Leis an lorg intíre déantar na hiarmhairtí comhshaoil de bharr táirgeadh agus tomhaltas intíre a chainníochtú trí shraith táscairí atá bunaithe ar shaolré.

(15)

   Consumption footprint and domestic footprint [Lorg tomhaltais agus lorg intíre], an Coimisiún Eorpach, (2023), https://doi.org/10.2760/218540  

(16)

     Zero pollution – Outlook 2022, [Truailliú nialasach – Ionchas 2022], an Coimisiún Eorpach, (2022), https://doi.org/10.2760/39491

(17)

     Clár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe, https://www.wfpusa.org/drivers‑of-hunger/food‑waste/ , eagrán an 12 Meitheamh 2023.

(18)

     Féach mar shampla: Ráiteas Versailles: The crucial decade for energy efficiency, (8 Meitheamh 2023), https://iea.blob.core.windows.net/assets/2de1ef68-c97a-4fdb-b8be-fb12b693893e/IEA8thGlobalConferenceonEnergyEfficiency_JointStatement.pdf  

(19)

     An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, (2023), https://www.ipcc.ch/report/ar6/syr/  

(20)

     Binder, M., agus Blankenberg, A. K., (2017), https://doi.org/10.1016/j.jebo.2017.03.009  

(21)

     France Jagers, S. C., Martinsson, J., & Matti, S., (2019), https://www.tandfonline.com/doi/full/10.1080/14693062.2018.1470963

(22)

     SWD (2023) 68 final agus COM/2022/438 final. Ina theannta sin, éilíonn an Gníomh um an Tionscal Glannialasachta EUR 92 billiún ar an iomlán sa tréimhse 2023-2030.

(23)

     Figiúirí comhcheangailte don Aontas agus don Ríocht Aontaithe; Naumann, G., et al., (2021), https://doi.org/10.1038/s41558-021-01044-3  

(24)

     Figiúirí comhcheangailte don Aontas agus don Ríocht Aontaithe; Dottori, F., et al., (2023), https://doi.org/10.1038/s41558-022-01540-0  

(25)

     Níl ach thart ar an gceathrú cuid de chaillteanais tubaiste a bhaineann leis an aeráid faoi árachas san Aontas Eorpach faoi láthair. Féach an Banc Ceannais Eorpach, ÚEÁPC, (2022), https://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/other/ecb.policyoptions_EIOPA~‌c0adae58b7.en.pdf  

(26)

     An Banc Domhanda, (2021), http://hdl.handle.net/10986/35686  

(27)

     Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next Generation [Uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile], COM(2020) 456 final.

(28)

     An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, (2022), https://doi.org/10.2836/97270  

(29)

     Bunaithe ar mheasúnú comhpháirteach a rinne Rialtas na hÚcráine, Grúpa an Bhainc Dhomhanda, an Coimisiún Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe. Foinse: An Banc Domhanda, Ukraine Rapid Damage and Needs Assessment: February 2022 - February 2023.

(30)

     The 2021 ageing report, [Tuarascáil a2021 ar an aosú], an Coimisiún Eorpach, (2021),  https://doi.org/10.2765/84455  

(31)

     Business Taxation for the 21st Century [Cánachas Gnó don 21ú hAois], COM(2021) 251 final.

(32)

     An Banc Eorpach Infheistíochta, (2023), https://doi.org/10.2867/307689  

(33)

Foinse: Eurostat, comhardú na n‑íocaíochtaí (BPM6), cuntas reatha móide caipitil. Tréimhse thagartha: 2013-2022. Asbhaineadh na sonraí an 28 Meitheamh 2023.

(34)

     An Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, Credit to the non‑financial sector (bis.org) , nuashonraithe an 27 Feabhra 2023

(35)

     Féach táscaire BCE um chostas ilchodach iasachta, ar ar tháinig méadú 1.83 pointe céatadáin bliain ar bhliain i mí Aibreáin 2023.

(36)

     Schnabel, I., (2023), https://www.ecb.europa.eu/press/key/date/2023/html/ecb.sp230110~21c89bef1b.ga.html  

(37)

     An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, (2017), https://doi.org/10.2839/538402  

(38)

     An Banc Eorpach Infheistíochta, (2023), https://doi.org/10.2867/307689  

(39)

     The strategic energy technology plan [An plean straitéiseach um theicneolaíocht fuinnimh], an Coimisiún Eorpach, (2018), https://doi.org/10.2777/04888  

(40)

     Tá na scóir tearcghnóthachtála PISA sa léitheoireacht (22.5%), sa mhatamaitic (22.9%) agus san eolaíocht (22.3%) fós i bhfad níos airde ná sprioc 2030 an Aontais de faoi bhun 15% agus tá méadú tagtha orthu i gcomparáid le​ babhta 2015. Féach: An Coimisiún Eorpach, (2022), https://www.doi.org/10.2766/117416  

(41)

     Covid19 learning deficits in Europe [Easnaimh foghlama COVID-19 san Eoraip], an Coimisiún Eorpach, (2023), https://doi.org/10.2766/881143  

(42)

     Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa, COM(2023) 32 final.

(43)

     Eurostat, (2022),  https://ec.europa.eu/eurostat/web/products‑eurostat‑news/-/ddn‑20220330-1  

(44)

     Ciallaíonn inniúlachtaí inbhuanaitheachta tacar idirnasctha eolais, scileanna, dearcthaí agus luachanna lena néascaítear gníomhaíocht éifeachtach chuimsitheach ar domhan i ndáil le fadhbanna, dúshláin agus deiseanna inbhuanaitheachta, de réir an chomhthéacs. Féach: An Coimisiún Eorpach, (2022), https://doi.org/10.2760/13286  

(45)

     An Banc Eorpach Infheistíochta, (2023), https://doi.org/10.2867/307689

(46)

     Education and training monitor 2022 [Monatóir oideachais agus oiliúna 2022], an Coimisiún Eorpach, (2022),  https://www.doi.org/10.2766/117416  

(47)

     Eurostat, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/HLTH_SILC_17__custom_6521084/default/table?‌lang=en, sonraí ó mhí an Mheithimh 2023.

(48)

   World Happiness Report, Helliwell, J. F. et al. (Eds.), (2023), ISBN 978-1-7348080-5-6.

(49)

     The future of food and agriculture , FAO, (2022), https://doi.org/10.4060/cc0959en  

(50)

     In 2021, bhí baint ag an ráta fuinnimh, a thomhaistear de réir na neamhábaltachta an teach a choinneáil te go leor, le 6.9% de dhaonra iomlán an Aontais agus is dóigh go dtiocfaidh méadú air sin. Féach Eurostat, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/bookmark/‌8f6604d8-6581-4f7b-adde-7a9e53a28caf?lang=en , sonraí a bhí bailí i mí an Mheithimh 2023.

(51)

     Eurostat, https://ec.europa.eu/eurostat/statistics‑explained/index.php?title=Quality_of_life_indicators_-_‌natural_‌and_living_environment , sonraí ó mhí Mheán Fómhair 2022.

(52)

ESPON (2022), CLIMATE, Updating and integrating climate data sets and maps.

(53)

     An Coimisiún Eorpach, an Lárionad Eolais um Bithéagsúlacht, (2023), https://knowledge4policy.ec.europa.eu/foresight/who-can‑afford‑digital-green‑transition_en  

(54)

     France Stratégie, Pisani-Ferry, J. agus Mahfouz, S., (2023), https://www.strategie.gouv.fr/publications/‌incidence s economique s de-lactio n climat  

(55)

     Cohesion in Europe towards 2050 [Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050], SWD(2022) 24 final.

(56)

     Fairness, inequality, and intergenerational mobility [Cothroime, éagothromaíocht agus soghluaisteacht idirghlúine], an Coimisiún Eorpach, (2023), 2652 / SP529.

(57)

     Eurostat, (2022), https://ec.europa.eu/eurostat/statistics‑explained/index.php?title=Living_conditions_in_‌Europe_-_income_distribution_and_income_inequality , sonraí ó mhí na Samhna 2022.

(58)

     Fairness, inequality, and intergenerational mobility [Cothroime, éagothromaíocht agus soghluaisteacht idirghlúine], an Coimisiún Eorpach, (2023), 2652 / SP529.

(59)

     Eurofound, Darvas, Z. agus Midões , C., (2021), https://doi.org/10.2806/129514

(60)

     Lipps, J. agus Schraff, D., (2021), https://doi.org/10.1111/1475-6765.12430

(61)

     Eurostat, (2022), https://ec.europa.eu/eurostat/statistics‑explained/index.php?title=Living_conditions_in_‌Europe_-_income_distribution_and_income_inequality&oldid=528159 , sonraí ó mhí na Samhna 2022.

(62)

France Stratégie, Pisani-Ferry, J. agus Mahfouz, S., (2023), https://www.strategie.gouv.fr/publications/‌incidences‑economiques‑de-laction‑climat

(63)

     Future of Europe [Todhchaí na hEorpa], an Coimisiún Eorpach, (2022), 2554 / SP517

(64)

     ECFE, (2020), https://doi.org/10.1787/c3e5cb8a-en  

(65)

     ECFE, (2015). https://doi.org/10.1787/9789264235120-en  

(66)

     Thiery, W. et al., (2021), https://doi.org/10.1126/science.abi7339

(67)

     An anacair a bhraitheann daoine a bhfuil tionchar diúltach ag an athrú comhshaoil ar a dtimpeallacht dhíreach.

(68)

     Marciano, L. et al., (2022), https://doi.org/10.3389/fpubh.2021.793868  

(69)

     Hickman, C. et. al., (2021), https://doi.org/10.1016/S2542-5196(21)00278-3  

(70)

     Future of Europe [Todhchaí na hEorpa], an Coimisiún Eorpach, (2022), 2554 / SP517.

(71)

     Féach, i measc nithe eile Lipps, J. agus Schraff, D., ‘Regional inequality and institutional trust in Europe’ European Journal of Political Research, Iml. 60, Uimh. 4, (2021). 

(72)

     V-Dem Institute (University of Gothenburg), (2023), https://www.v-dem.net/documents/29/V-dem_‌democracyreport2023_lowres.pdf  

(73)

     Sitra, Dufva, M., agus Rekola, S., (2023), ISBN 978-952-347-302-7.

(74)

     RECONNECT EUROPE, Briatte, F. et. al., (2020), https://reconnect‑europe.eu/wp-content/uploads/‌2020/05/D6.1.pdf  

(75)

     Future of Europe [Todhchaí na hEorpa], an Coimisiún Eorpach, (2022), 2554 / SP517.

(76)

     Ciallaíonn algartaim chlaonta an claonadh ag algartaim aschuir a sholáthar as a dtagann míbhuntáiste do ghrúpaí áirithe, mar shampla mná, mionlaigh eitneacha. Féach Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (2022), https://doi.org/10.2811/25847

(77)

     The geography of EU discontent and the regional development trap [Tíreolaíocht mhíshástacht an Aontais agus an ghaiste forbartha réigiúnaí], an Coimisiún Eorpach, WP 03/2023.

(78)

     Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, COM(2023) 43 final.

(79)

     Eurofound, (2023), https://doi.org/10.2806/715002  

(80)

     Tuairim an Ardáin ‘Réidh don Todhchaí’ maidir le Creat rialála a sheasfaidh an aimsir a áirithiú don Mhargadh Aonair.

(81)

30 bliain den Mhargadh Aonair, COM/2023/162 final.

(82)

     Athbhreithniú deonach an Aontais Eorpaigh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, COM(2023) 700 final.

(83)

 Clár Oibre Nua don Chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, JOIN(2023) 17 final.

(84)

     An Grúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí, (2023), Tuairim maidir leis an daonlathas san ré dhigiteach.

(85)

Níos déanaí i mbliana, cuirfidh an Coimisiún pacáiste um chosaint an daonlathais chun cinn d’fhonn an ghníomhaíocht faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach a dhoimhniú chun saorthoghcháin chóra a chur chun cinn, chun dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh na bréagaisnéise agus chun tacú le saoirse agus iolrachas na meán.

(86)

     E.g., dá bhforáiltear le tionscnamh atá le teacht, ComPAct, chun an Spás Riaracháin Eorpach a fheabhsú.

(87)

     Treoir (AE) 2022/2557 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena naisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj  

(88)

   Strategic crisis management in the EU [Bainistíocht straitéiseach géarchéime san Aontas Eorpach], an Coimisiún Eorpach, (2022), https://doi.org/10.2777/517560  

Top