TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An t-aistriú digiteach
sa réigiún Eora
‑Mheánmhara

_____________

An t-aistriú digiteach sa réigiún Eora-Mheánmhara

(tuairim féintionscnaimh)

REX/549

Rapóirtéir: Dolores SAMMUT BONNICI

GA

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20/01/2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

An rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

16/11/2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14/12/2022

Seisiún iomlánach Uimh.

574

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

181/0/3

1.Conclúidí

1.1Fágann an t‑aistriú digiteach go bhfuil athrú ó bhonn ag teacht ar gach gné den saol agus tá dul chun cinn mór á dhéanamh i dtaca le héifeachtúlacht agus lena chur ar a gcumas d’úsáideoirí sásamh níos mó a bhaint as an saol. Breathnaítear air mar cheann de bhunchlocha na hathléimneachta sa tréimhse i ndiaidh COVID‑19, agus cuireadh dlús ollmhór leis ó thosaigh an phaindéim, go háirithe i gcás ghníomhartha an Aontais sa réimse digiteach, rud ar léirigh an straitéis um COVID‑19 a mhaolú é a bheith éifeachtach.

1.2Is eol don saol tairbhí an digitithe in earnálacha sonracha amhail an ríomhoideachas, an ríomhshláinte, an ríomhrialtas, an t‑agraghnó, an ríomhcheartas agus an ríomhbhaincéireacht. Tá na hearnálacha sin á gcur chun cinn ag an‑chuid rialtas i réigiún na Meánmhara, ach ní hionann an iarracht atá á dhéanamh ar fud an réigiúin agus d’fhéadfadh sé go mbeadh deighilt dhigiteach ní ba dhoimhne fós ann idir na tíortha dá dheasca sin. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, bonneagar a sholáthar chun tacú leis na teicneolaíochtaí sin.

1.3Ní hamháin gur ann don deighilt dhigiteach, ó thaobh rochtana agus úsáide de, idir tíortha éagsúla na Meánmhara, ach is ann di freisin laistigh de na tíortha féin, agus is iad na ceantair thuaithe agus iargúlta, na hoibrithe neamhfhoirmiúla, na mná agus na daoine scothaosta is mó atá thíos leis. Dá bhrí sin, ionas nach gcuirfear in olcas an neamhionannas atá ann cheana, ní mór iarrachtaí a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta araon an bhearna dhigiteach a dhúnadh.

1.4Ní fada go n‑áireofar an nascacht dhigiteach ar cheann de chearta uilechoiteanna an duine. Leagadh síos tacar spriocanna le baint amach faoi 2030 cheana féin i dTreochlár um Chomhar Digiteach Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Os a choinne sin, is saincheist é an ceart chun dícheangail a bhfuil díospóireacht ar bun ina leith agus is rud é a fíoraíodh i roinnt tíortha san Eoraip.

1.5Tá scileanna digiteacha riachtanach agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a chomhtháthú sna cláir oiliúna a dhírítear ar dhaoine óga sa réigiún, i bhfianaise na rátaí arda dífhostaíochta. Is é an aidhm a bheadh le beartas éifeachtach margaidh saothair sa réigiún, ní hamháin úsáideoirí teicneolaíochta a dhéanamh de dhaoine óga ach táirgeoirí teicneolaíochta freisin. Is conairí gairme a bhfuil an‑ghealladh fúthu post a aimsiú nó fiontraíocht a dhéanamh sa ghort sin.

1.6Tá gá le creat dlíthiúil daingean chun úsáideoirí a chosaint ar rioscaí digiteacha amhail ionsaithe cibearshlándála, agus lena áirithiú go n‑urramóidh na sásraí cosanta sonraí cearta an duine i dtaca le príobháideachas ar líne. Le hinnéacs cibearshlándála  an Aοntais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta , tomhaistear a thiomanta atá tíortha don chibearshlándáil ar an leibhéal domhanda. De réir an innéacs, ar an iomlán, tá leibhéil níos airde slándáil le fáil i dtuaisceart réigiún na Meánmhara, agus is í an Éigipt an tír is fearr as measc thíortha an deiscirt.

1.7Tá gá leis freisin, i bhfianaise na n‑ollchuideachtaí digiteacha atá ann, má táthar chun margadh digiteach cothrom iomaíoch a áirithiú. Tá bearna mhór ann laistigh de chreat dlíthiúil digiteach na dtíortha i réigiún na Meánmhara thuaidh agus theas. Is fiú a chur i bhfáth nach ann d’údarás neamhspleách atá i mbun an t‑aistriú digiteach a chur chun cinn i ndeisceart réigiún na Meánmhara.

1.8Tá CESE á chur i bhfáth go dearfa gur gá Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine agus croíchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a chur chun feidhme ar bhonn uaillmhianach i stáit uile réigiún na Meánmhara ionas gur féidir go gcuirfidh an t‑aistriú digiteach i ndáiríre leis an bhforbairt shóisialta, eacnamaíoch, agus éiceolaíoch.

2.Réamhrá

2.1Baineann an t‑aistriú digiteach le gach uile gné de shaol an duine, ón tomhaltas go dtí saol na hoibre agus an táirgeadh. De thoradh phaindéim COVID‑19, cuireadh dlús nach bhfacthas a leithéid riamh cheana leis an aistriú seo le blianta beaga anuas. Áirítear an digitiú ar cheann de bhunchlocha an téarnaimh an taobh thuaidh agus theas den Mheánmhuir agus tá uirlisí digiteacha á nglacadh ag an bpobal níos tapa ná riamh. Tá an teilea‑obair agus an chianobair ag teacht chun cinn, agus tá méadú ag teacht ar an ríomhthráchtáil agus ar gheilleagar na n‑ardán ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, rud ar cúiteamh é ar na gnólachtaí a dúnadh de dheasca na paindéime. Idir an dá linn, is féidir leis an aistriú tapa sin a bheith ina chúis úr leis an ngéarú ar an neamhionannas laistigh den réigiún toisc gurb iad na grúpaí is leochailí den phobal a bhfuil eisiamh digiteach ag bagairt orthu na cinn is measa atá buailte ag an bpaindéim.

2.2Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an doiciméid seo:

-measúnú a dhéanamh ar staid an aistrithe dhigitigh faoi láthair sa réigiún Eora-Mheánmhara, ar na cláir agus ar an dul chun cinn atá déanta;

-aird a dhíriú ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an digitiú, go háirithe na deiseanna nua atá ann do FBManna trí bhíthin an ríomhoideachais, an ríomhrialachais, na ríomhshláinte, agus na ríomhbhaincéireachta;

-bacainní ar an digitiú a shainaithint, arb iad na príomhbhacainní atá ann cinn a bhaineann leis an mbonneagar digiteach agus an rochtain, leis an deighilt dhigiteach arb ann di laistigh den tír féin (tuaithe/uirbeach, mná/fir, an óige/daoine scothaosta) agus idir na tíortha éagsúla (tuaisceart/deisceart), agus le scileanna digiteacha riachtanacha agus litearthacht dhigiteach a bheith ar iarraidh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an t‑aistriú digiteach leis an neamhionannas atá ann laistigh de thír agus freisin leis an éagsúlacht i bpatrúin forbartha idir na tíortha sa réigiún;

-aird a dhíriú ar na rioscaí a bhaineann leis an digitiú, ó rioscaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil, go dtí rioscaí a bhaineann leis an gcosaint sonraí, an phíoráideacht dhigiteach agus an tsaoirse shibhialta.

3.Cúlra

3.1Is ann faoi láthair do thréimhse ina bhfuil an digitiú ag teacht chun cinn go ríthapa agus inar féidir uirlisí digiteacha a aimsiú i ngach gné den saol, lena n‑áirítear an tsláinte, an obair, an rialachas, an t‑oideachas, agus reáchtáil gnólachtaí, i measc nithe eile. Tá gá le scileanna digiteacha i saol nua na hoibre má táthar chun deiseanna fostaíochta a chinntiú, agus bíonn ioncam níos airde i ndán don té a bhfuil siad aige nó aici. Is éard atá sa gheilleagar digiteach na croí-earnálacha teicneolaíochta faisnéise (TF)/teicneolaíochta faisnéise cumarsáide (TFC), amhail monarú crua-earraí, bogearraí agus comhairleoireacht TF, seirbhísí faisnéise agus an teileachumarsáid, an geilleagar digiteach sa chiall is cruinne, lena n‑áirítear seirbhísí digiteacha agus geilleagar na n‑ardán, agus an geilleagar digiteach sa chiall is leithne, lena n‑áirítear ríomhghnólachtaí, an ríomhthráchtáil, Tionsclaíocht 4.0, talmhaíocht bheacht agus an geilleagar algartamach. Tá an geilleagar comhroinnte agus an geilleagar poistíneachta go mór chun tosaigh sa gheilleagar digiteach freisin 1 .

3.2Bhí an digitiú ag dul i dtreise sular thit paindéim COVID-19 amach fiú, agus bhí treochtaí móra le sonrú le déanaí ó thaobh teicneolaíochtaí digiteacha de sna réimsí seo a leanas: an blocshlabhra, anailísíocht sonraí, intleacht shaorga (IS), priontáil 3T, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, an t‑uathoibriú agus an róbataic, agus an néalríomhaireacht 2 , mar aon le córais rianaithe agus chianfhaireacháin.

3.3An Ceathrú Réabhlóid Thionsclaíoch atáthar á thabhairt anois ar an gclaonadh atá ann uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh go tapa, agus is claonadh é a bhfuil acmhainneacht den scoth ag baint leis i dtaca le hioncam domhanda agus cáilíocht saoil a ardú.

3.4Lena chois sin, tráth a bhfuil breis agus 30 % den daonra ar fud an domhain ag baint úsáid as ardáin na meán sóisialta, is féidir leis an digitiú a bheith ina fhoinse leasa agus aimhleasa araon, lenar féidir comhtháthú sóisialta a fheabhsú agus cúlraí cultúrtha éagsúla a thabhairt le chéile nó lenar féidir smaointe agus idé‑eolaíochtaí míchuibheasacha agus bréagnuacht a chur chun cinn.

3.5Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a úsáideann an Idirlíon le blianta fada anuas agus sa réigiún. In 2020, d’úsáid suas le 93.2 % den daonra sa Spáinn an t‑idirlíon, 90.8 % sa Chipir, 90.1 % in Iosrael, 86.9 % i Málta, 86.6 % sa tSlóivéin, 84.1 % i Maracó, 77.7 % sa Tuirc, 77.6 % i Montainéagró agus 71.9 % san Éigipt. Is leis an Ailgéir a bhaineann an figiúr is ísle sa réigiún, mar atá 49 % den daonra in 2018 (na sonraí is déanaí atá ar fáil i dtaca le teileachumarsáid/TFC ar domhan ó bhunachar sonraí tháscairí an Aοntais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta). Ní léir ó na figiúirí sin ach an éagothroime atá ann laistigh den réigiún ó thaobh rochtain dhigiteach de. Is fiú a chur i bhfáth gur lú i bhfad leibhéil na nascachta ar an leibhéal náisiúnta, i limistéir thuaithe agus iargúlta.

3.6D’fhormhuinigh na Ballstáit den Aontas Eorpach ar cuid de réigiún na Meánmhara iad an t‑aistriú digiteach, agus chuir siad le scála a mbeartas fíorúil, lena n‑áirítear an Margadh Aonair Digiteach 3 agus an Clár don Eoraip Dhigiteach 4 . D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Deacáid Dhigiteach na hEorpa i mí an Mhárta 2021, ina leagtar amach spriocanna digiteacha atá le baint amach faoi 2030 agus fís i gcomhair aistriú digiteach na hEorpa 5 . Ionstraim amháin de chuid na Deacáide Digití is ea an Mol um Dhigitiú don Fhorbairt (D4D) 6 , a seoladh i mí na Nollag 2020, agus é ina sprioc leis tionscnaimh dhigiteacha a chomhchuibhiú agus a chomhordú idir na Ballstáit 7 . Lena chois sin, tá an digitiú ar cheann de bhunchlocha an Chláir Oibre nua don Mheánmhuir, clár a mhol an Coimisiún Eorpach i mí Feabhra 2021. Thar aon rud eile, is é is aidhm don Chlár Oibre nua téarnamh glas digiteach athléimneach cóir a bhaint amach, faoi threoir Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, Chomhaontú Pháras agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 8 .

3.7Bhí impleachtaí ag paindéim COVID-19 i dtaobh iompraíocht i leith na hoibre agus brúdh an‑chuid daoine i dtreo na cianoibre. Cé go mbaineann roinnt míbhuntáistí leis an teilea‑obair, i measc na mbuntáistí a ghabhann léi tá: laghdú ar an méid ama a chaitear ag taisteal idir an t‑ionad oibre agus an áit chónaithe, laghdú ar astaíochtaí, tionchar dearfach ar an gcomhshaol, agus cothromaíocht níos fearr oibre agus saoil, go háirithe i gcás na dtuismitheoirí 9 . Tá difear ann i dtaca leis na hacmhainní teilea‑oibre ar fud an dá thaobh den Mheánmhuir. Tá acmhainn níos lú teilea‑obair ag an‑chuid oibrithe sa deisceart toisc nach bhfuil teacht acu ar na huirlisí is gá, nó go bhfuil cúraimí á ndéanamh acu nach féidir a dhéanamh ar bhonn cianda. Chruthaigh Al Azzawi (2021) innéacs maidir le hacmhainneacht teileaoibre na dtíortha Arabacha, agus aimsíodh bearna nach beag ina taobh ar fud an réigiúin. Dhearbhaigh sí nach bhfuil sé d’acmhainn ag na hoibrithe is leochailí a bheith ag obair go cianda agus, dá bhrí sin, gurbh iad ba mhó a bhí thíos leis an bpaindéim 10 . Léirítear i dtaithí na hEorpa ar ghlacadh forleathan na teilea‑oibre a thábhachtaí atá sé creat dlíthiúil a bheith i bhfeidhm i dtaca leis an gceart chun dícheangail má táthar chun cosaint a thabhairt don teorainn idir an saol pearsanta agus an saol gairmiúil 11 .

3.8Tá borradh tagtha faoi gheilleagar na n‑ardán agus faoin ngeilleagar poistíneachta mar gheall ar an digitiú. Cé go bhfuil go leor deiseanna le tapú laistigh de gheilleagar na n‑ardán, tá méadú tagtha dá dheasca ar na hábhair imní atá ann i dtaca le dálaí oibre, go háirithe, i dtaca le cumhdach teoranta na slándála sóisialta, uaireanta oibre ilroinnte, leibhéil ísle ioncaim, agus an streachailt chun cearta comhchoiteanna a áirithiú 12 . I dtaca leis an méid sin, iarrtar i nDearbhú Céad Bliain EIS maidir le Todhchaí na hOibre (2019) beartais agus bearta lena a dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an aistriú digiteach ar an obair, lena n‑áirítear ardán na hoibre.

3.9Ar ndóigh, imríonn an t‑aistriú digiteach atá ag dul chun cinn go tapa tionchar mór ar na struchtúir shoch‑chultúrtha uile. Bhí sé sin le sonrú, cuir i gcás, le linn Earrach na nArabach tráth ar éiríodh le heagrú an lucht frithbheartaíochta sóisialta agus leis an gcomhar idir na gníomhaithe, thar aon rud eile, mar gheall ar an leas a baineadh as uirlisí cumarsáide digití. Mar sin féin, tháinig sé chun solais de réir a chéile sna tíortha siúd nár bunaíodh struchtúir dhaonlathais inbhuanaithe iontu, gur measa anois cur faoi chois na gceart bunúsach, lena n‑áirítear saoirse an duine a thuairim féin a chur in iúl go neamhbhalbh ar na meáin dhigiteacha, agus cearta na n‑oibrithe, lena n‑áirítear an tsaoirse comhlachais, ar rud í atá ag éirí níos tábhachtaí fós i ngeilleagar na n‑ardán agus sa gheilleagar poistíneachta. Mar shampla, déantar eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta, amhail ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha ceart daonna, nó eagraíochtaí fostóirí agus a gcuid gníomhaithe a chur faoi chois gan cúis ar bith ach amháin go bhfuil saoirsí bunúsacha á bhfeidhmiú acu nó tuairimí easaontacha á gcur in iúl acu. Mar aon leis sin, cuirtear bac arís agus arís eile ar shuíomhanna gréasáin eagraíochtaí nuachta intíre agus idirnáisiúnta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta eagraithe. Is minic nach ndéantar Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine ná coinbhinsiúin EIS a chur chun feidhme ach amháin ar bhonn foirmiúil, agus ní ar bhonn ceart, i roinnt de na stáit i réigiún na Meánmhara.

3.10Tá an digitiú ríthábhachtach le haghaidh fhorbairt na FBManna 13 . Áirítear i measc na dtairbhí costais níos ísle, am agus acmhainní a shábháil, éifeachtúlacht níos fearr, feabhas ar chomhcheangal an tslabhra soláthair, agus difreáil táirgí 14 . Tá léargas níos mionsonraithe ar na tairbhí sin ar fáil san fhoilseachán ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) SME and Entrepreneurship Outlook 2019 15 [Cúrsaí FBManna agus Fiontraíochta, ECFE, 2019]. Sampla amháin is ea anailísíocht mórshonraí, lenar féidir saincheapadh níos mó a dhéanamh ach í a úsáid in éineacht le braiteoirí, aipeanna, néalríomhaireacht, agus priontáil 3D.

3.11Cé go bhfuil go leor tairbhí ag baint leis an digitiú do FBManna, tá roinnt constaicí rompu, agus is ceann de na constaicí is mó atá ann a dheacra atá sé teacht ar mhaoiniúchán 16 . Is é an dara constaic mhór atá ann a dheacra atá sé teacht ar scileanna digiteacha, agus ar oideachas agus oiliúint i dtaobh cúrsaí digiteacha, ach tá gá le hinfheistíochtaí airgeadais agus scileanna digiteacha inmheánacha araon chun samhlacha gnó digiteacha agus teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh. Tá innéacs ullmhachta digití na FBManna forbartha ag an gComhlachas Eacnamaithe Eora‑Mheánmhara, rud a bunaíodh ar shuirbhé a díríodh ar FBManna i ndeisceart réigiún na Meánmhara. Léirítear ann go mbraitheann an ullmhacht don aistriú digiteach ar an toilleadh bonneagair agus ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na teileachumarsáide agus na teicneolaíochta de ar leibhéal na tíre ach freisin ar acmhainn na ngnólachtaí ar an micrileibhéal; is fearr a bhíonn na gnólachtaí móra ullmhaithe don digitiú agus is é is dóichí gurb iad na gnólachtaí úra a thabharfaidh faoi 17 .

3.12Is é an míbhuntáiste a bhaineann leis an digitiú na poist a chailltear de dheasca an uathoibrithe i roinnt earnálacha eacnamaíocha. Is féidir leis an tsochaí shibhialta ról tábhachtach a imirt ach cuidiú le hoibrithe uas‑sciliú a dhéanamh agus an aidhm a chur chun cinn an t‑aistriú digiteach a bheith ina aistriú cóir a bheidh ag teacht le plean gníomhaíochta an Aontais gan aon duine a fhágáil ar lár.

3.13Chun an digitiú a chur chun cinn agus chun na beartais is éifeachtaí a cheapadh, tá sé ríthábhachtach an t‑aistriú digiteach a thomhas agus faireachán a dhéanamh air trí tháscairí fónta, intomhaiste a úsáid. Ó 2014 i leith, tá an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) 18 forbartha ag an gCoimisiún Eorpach, lena léirítear an dul chun cinn atá déanta i réimsí an digitithe sna Ballstáit ach freisin gur ann i gcónaí do bhearna dhigiteach 19 . D’fhéadfadh Innéacs DESI a bheith ina bhunús le creat faireacháin tagartha do thíortha réigiún na Meánmhara nach cuid den Aontas iad.

4.Barúlacha ginearálta

4.1Tá tionchar ollmhór an aistrithe dhigitigh le brath ar fud na sochaí agus na ngeilleagar. Cé go bhfuil dúshláin roimh dheisceart réigiún na Meánmhara i dtaca le rochtain a sholáthar do chách agus feabhas a chur ar scileanna digiteacha na saoránach, ní eisceacht an réigiún i dtaca leis an dlús atá á chur leis an aistriú digiteach agus an tairbhe atá á baint as sin i réimsí éagsúla.

4.2Cuireadh borradh faoin ríomhthráchtáil mar gheall ar bhearta um scaradh sóisialta. Tá an tsiopadóireacht ar líne i réim go forleathan, agus tá méadú tagtha ar an ríomhthráchtáil gnólacht le tomhaltóir (B2C) agus an ríomhthráchtáil gnólacht le gnólacht (B2B) araon. D’fhógair príomhfheidhmeannach an oibreora ríomhthráchtála is mó san Afraic, Jumia, gur tháinig méadú faoi cheathair ar líon na n‑earraí grósaera atá á dhíol, go háirithe sa Túinéis agus i Maracó, áit ar tháinig ardú 100 % ar dhíolacháin mar gheall ar thréimhsí dianghlasála 20 .

4.3Tháinig an ríomhoideachas chun cinn go tapa mar gheall ar scoileanna a bheith dúnta de dheasca COVID‑19. Is amhlaidh fiú gur thug rialtais isteach roinnt ardáin ríomhfhoghlama fiú, mar shampla an t‑ardán Darsak san Iordáin. Tá córas hibrideach tugtha isteach ag roinnt tíortha, an Éigipt 21 , cuir i gcás. Tá an tóir ar ardáin ar líne ag dul i méid, fiú i gcás tionscadail ar leith chun nasc a dhéanamh le cumainn ghairmiúla áitiúla, bardais agus gníomhaithe tábhachtacha 22 . Ba cheart roinnt cistiúcháin ón Aontas a dhíriú go sonrach ar oideachas/oiliúint chun scileanna digiteacha a uasghrádú agus ríomh‑inniúlachtaí a chothú i ndaoine óga le gur féidir leo staidéar a dhéanamh ar an teicneolaíocht faisnéise agus an intleacht shaorga d’fhonn obair sheasmhach a aimsiú amach anseo.

4.4Creidtear go bhfágann an ríomhrialachas go laghdaítear an rómhaorlathas agus ualach na nósanna imeachta riaracháin, agus gur féidir seirbhísí poiblí a chur ar fáil go héifeachtúil éasca dá thoradh. De bhreis air sin, is féidir leas a bhaint as chun daonlathú a dhéanamh agus rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach a mhéadú. Is tosaíocht de chuid Bhallstáit an Aontais é an ríomhrialachas a fheabhsú, agus tá sé ar cheann de phríomhthéamaí Innéacs DESI. Tá dul chun cinn á dhéanamh sa réimse seo freisin i réigiún na Meánmhara Theas. Tá dul chun cinn suntasach déanta i Maracó leis an tionscnamh náisiúnta ríomhrialachais sa tír sin 23 . Chuir an Éigipt tús in 2019 le córas ríomhíocaíochta chun cáin a bhailiú agus billí a íoc, i measc nithe eile. I mí Eanáir 2020, rinne Aireacht an Gheilleagair Dhigitigh san Iordáin a bonneagar teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a aistriú chuig néalchóras chun sheirbhísí a chur ar fáil do shaoránaigh 24 .

4.5Is bealach éifeachtach ó thaobh costais de í an ríomhshláinte chun tacaíocht riachtanach a fháil agus a sholáthar. Bhí ról lárnach ag réitigh ríomhshláinte sa chomhrac i gcoinne COVID‑19. Is ar an teilileigheas agus ar fheidhmchláir shláinte mhóibíleacha a bhunaítear réitigh na ríomhshláinte. Le dhá bhliain anuas, léiríodh gurb áisiúil an rud é sa chomhrac i gcoinne na paindéime an t‑olltiomsú sonraí le haghaidh faireachas eipidéimeolaíoch. Sa Túinéis, cuir i gcás, sheol grúpa dochtúirí an t‑ardán digiteach Tobba.tn le haghaidh comhairliúcháin ar líne 25 .

4.6Is uirlis éifeachtúil í an ríomhbhaincéireacht d’fhonn cuimsiú airgeadais a fhíorú, agus léiríodh cheana féin a fhiúntaí atá an bhaincéireacht mhóibíleach. Is féidir borradh a chur faoin aistriú digiteach agus cuimsiú airgeadais a fheabhsú le réitigh teicneolaíochta airgeadais. Tá na seirbhísí sin ag teacht i réim agus is é is aidhm leo deireadh iomlán a chur le seiceanna agus idirbhearta airgid thirim, rud a d’fhéadfadh daoine scothaosta a fhágáil ar lár óir d’fhéadfadh sé nach mbeadh na scileanna digiteacha is gá acu go léir.

4.7Éascaíonn an ríomhcheartas an rochtain ar sheirbhísí dlí, laghdaíonn sé an costas a bhaineann le héisteachtaí cúirte, comhduithe, etc., agus laghdaíonn sé an méid ama a theastaíonn chun rochtain a fháil ar na seirbhísí céanna.

4.8I bhfianaise an tionchair atá á imirt faoi láthair ag an téamh domhanda, ag an laghdú ar an slabhra soláthair bia, agus ag an ardú ar phraghsanna bia, d’fhéadfaí tionscal na talmhaíochta a dhéanamh níos iomaíche agus níos éifeachtúla ach talmhaíocht bheacht a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as olltiomsú sonraí agus teicneolaíocht bhlocshlabhra. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh ardéifeachtúlacht as sin, i dtaca le bainistíocht uisce, bainistíocht cothaitheach ithreach, agus rialú galar le hardfhaireachán ar theochtaí agus gá níos lú le lucht saothair 26 , agus, ar an gcaoi sin, go ndéanfaí uirlis de thionscal na talamhaíochta chun saincheisteanna aeráide a mhaolú.

4.9Tá patrúin éagsúla úsáide Idirlín le feiceáil ar fud thíortha na Meánmhara. Sna tíortha i ndeisceart réigiún na Meánmhara, is leis an bhfón póca agus trí mheán na meán sóisialta is mó a úsáidtear an tIdirlíon. Murab ionann agus an cás i dtuaisceart réigiún na Meánmhara, áfach, is annamh a dhéantar siopadóireacht ar líne ann. D’fhéadfadh sé gurb amhlaidh atá, go pointe áirithe, mar gheall ar eisiamh airgeadais agus ós rud é nach bhfuil cuntas bainc ag cuid mhaith den phobal sa deisceart 27 .

5.Constaicí roimh an digitiú

5.1Ceann de na príomhchonstaicí atá roimh an digitiú is ea an bhearna dhigiteach, arb ann di, ní hamháin idir tír amháin agus tír eile, go háirithe idir na tíortha i réigiún na Meánmhara (tá bearnaí móra le feiceáil in eagrán 2021 den Innéacs Ullmhachta Líonra 28 ), ach laistigh de na tíortha féin freisin. Ar an leibhéal náisiúnta, ní hionann an leibhéal rochtana ar uirlisí teicneolaíochta atá ag na grúpaí éagsúla den phobal. Is ann do bhearna idir fir agus mná, idir ceantair thuaithe agus ceantair uirbeacha, agus idir daoine óga agus daoine scothaosta. Ó thaobh an ghnó de, tá bearna dhigiteach ann de réir mhéid agus earnáil na gníomhaíochta, agus bíonn ar ghnólachtaí beaga – murab ionann agus gnólachtaí móra – dul i ngleic le costais ollmhóra, ní hamháin le haghaidh ábhar ach freisin, thar aon ní eile, mar gheall ar an ngá atá le huasghradú a dhéanamh ar scileanna na n‑oibrithe. Is féidir go mbíonn tosca socheacnamaíocha eile ina gcúis le heisiamh digiteach freisin, cuir i gcás ioncam nó leibhéil oideachais.

5.2Tá bearnaí móra sa chumhdach Idirlín mhóibíligh i bhformhór na dtíortha i gComharsanacht an Deiscirt. Tagann an fhadhb sin chun cinn go háirithe i dtíortha atá mór ó thaobh achar talún de, amhail an Ailgéir agus an Libia agus, cé nach fadhb chomh mór céanna í ann, san Éigipt. Tá sé riachtanach infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar digiteach agus naisc Idirlín ardluais sheasmhacha a thógáil i gceantair thuaithe, mar ar féidir an digitiú a bheith ina shás lena bhféadfaí fás cuimsitheach a spreagadh 29 .

5.3Is minic a luaitear an neamhlitearthacht dhigiteach, rud ar coitianta é i measc daoine a bhfuil leibhéal íseal oideachais acu, mar chonstaic eile roimh an digitiú. Éilíonn sé sin athchóiriú ar an oideachas agus ar na cláir ghairmoiliúna le go mbeidh na scileanna digiteacha riachtanach a bheidh ag teastáil sa mhargadh saothair amach anseo ina gcuid díobh. Meastar freisin go bhfuil digitiú i measc na riachtanas atá ag fostaithe ó thaobh uasghrádú scileanna de.

5.4Rud eile a imríonn tionchar ar litearthacht dhigiteach ná ceist na hinscne, agus rochtain níos fearr ag fir, de ghnáth, ar uirlisí digiteacha agus, dá réir sin, is fearr an t-eolas a bhíonn acu ar scileanna digiteacha. Sa Túinéis, úsáideann 72.5 % de na fir an tIdirlíon agus is é 61.1 % an figiúr atá i gceist i gcás na mban. Tá an bhearna á líonadh cheana ag roinnt tíortha. Sa tSlóivéin, mar shampla, is lú ná 2 phointe céatadáin an bhearna sin: 87.2 % de na fir agus 86 % de na mná a úsáideann an tIdirlíon. Os a choinne sin, tá bearna níos mó idir na hinscní sa Tuirc i dtaca le rochtain ar an Idirlíon, mar atá 11.2 pointe céatadáin (Táscairí an Aοntais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta maidir le Teileachumarsáid/TFC ar Domhan). Tá Ballstáit an Aontais tiomanta an bhearna idir na hinscní ó thaobh scileanna digiteacha de a dhúnadh faoi 2030 trí bheartais a fhorbairt chun cailíní a spreagadh le tabhairt faoi ábhair TFC agus trí fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn trí mheán scórchlár Women in Digital (WiD).

6.Rioscaí a bhaineann leis an digitiú

6.1Tá imní ar rialtais, gnólachtaí, agus saoránaigh go bhfuil smacht á chailleadh acu de réir a chéile ar a gcuid sonraí, rud a tharraingíonn aird ar cheist ‘na ceannasachta digití’. Tá tionchar aige sin freisin ar chumas nuálaíochta na dtíortha, agus ar a gcumas reachtaíocht a mhúnlú i dtimpeallacht dhigiteach 30 . Tá dealramh leis na húdair imní sin ós rud é go bhfuil an Eoraip agus réigiún na Meánmhara chun deiridh ó thaobh infheistíochtaí san intleacht shaorga de, agus tá tionchar na n‑ollchuideachtaí meán sóisialta iasachta ag dul i méid i gcónaí.

6.2Tá drogall ar chuid de thíortha na Meánmhara tabhairt faoi aistriú digiteach tapa. Is éard is cúis leis an easpa toil pholaitiúil sin an eagla atá ar an lucht polaitíochta go gcaillfidís an smacht atá acu ar an bpobal, rud a spreagann scagadh agus cinsireacht. Idir an dá linn, is féidir uirlisí digiteacha a úsáid chun glór na n‑eagraíochtaí sochaí sibhialta a chur in iúl agus an daonlathas a chur chun cinn. Sampla atá i gCeathairéad Chomhrá Náisiúnta na Túinéise, ar ar bronnadh Duais Nobel na Síochána in 2015, den ról tábhachtach is féidir le heagraíochtaí sochaí sibhialta a imirt le linn aistriú síochánta sochaí.

6.3Ós rud é go réitíonn an digitiú an bealach don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch, ba cheart d’údarás neamhspleách creat rialála digiteach leordhóthanach a chur i bhfeidhm, lena gcuirfí prionsabail na gceart digiteach chun cinn, amhail neodracht an Idirlín.

6.4Fágann an digitiú tapa gur mó an baol a bhaineann le cibearbhagairtí. Tá ról na n‑údarás ríthábhachtach i dtaca le creat reachtach dea‑cheaptha a bhunú chun úsáideoirí a chosaint. Faoin tráth seo, achtaíodh dlíthe cibearshlándála i Maracó, sa Túinéis, san Ailgéir agus san Éigipt. Mar sin féin, tá comhpháirteanna cosanta sonraí in easnamh sna dlíthe sin 31 . Tá sé ríthábhachtach sonraí íogaire daoine a chosaint, cuir i gcás sonraí a bhaineann leis an tsláinte, agus mar sin de.

6.5Tá cosaint sonraí ag teacht chun cinn mar cheann de na réimsí is tábhachtaí den aistriú digiteach. An cheist faoi úinéireacht agus coimirciú an mhéid ollmhór sonraí atá ann, tá sí ar cheann de na clocha is mó ar phaidrín an lucht ceaptha beartas. Is toradh é sin ar an mborradh atá faoin olltiomsú sonraí agus ar chumhacht agus tionchar as cuimse na n‑ardán meán sóisialta, atá ag dul i méid. Áitítear go bhfuil an creat rialála i gComharsanacht an Deiscirt tearcfhorbartha go fóill agus nach bhfuil reachtaíocht i dtaca leis na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn á rith tapa go leor 32 . Tá tíortha ann ina gcuireann an rialtas in iúl nach ann don toil pholaitiúil chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar fiú. Is tromchúisí fós an cheist seo i gcás sonraí íogaire, cuir i gcás feidhmchláir agus ardáin a bhaineann le cúrsaí sláinte. Tá amhras ann, thar aon áit eile, sna tíortha i ndeisceart na Meánmhara nach bhfuil reachtaíocht RGCS ná cosaint príobháideachais dá leithéid i bhfeidhm. San Eoraip, is é is aidhm leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha spás digiteach níos sábháilte a thógáil d’úsáideoirí agus an nuálaíocht agus an t‑iomaíochas á gcothú san am céanna.

6.6Fadhb eile a bhaineann leis an digitiú is ea an phíoráideacht dhigiteach. Na saothair dhigitithe atá faoi réir Cearta Maoine Intleachtúla, bíonn sé thar a bheith éasca agus saor iad a chóipeáil agus a dháileadh ar an mórchóir. Is iad na gnólachtaí cruthaitheacha is mó a bhíonn thíos leis sin agus, in éagmais reachtaíocht éifeachtach, ní bheidh samhlacha gnó na n‑ealaíontóirí agus na n‑oibrithe cruthaitheacha inbhuanaithe a thuilleadh.

6.7Is féidir cur faoi chois na sochaí a bheith ina thoradh ar an digitiú. Tá cearta digiteacha á n‑ionsaí ag na húdaráis i dtíortha éagsúla óir breathnaítear ar an digitiú mar mhodh faireachais. Cuir i gcás, de dheasca na paindéime, baineadh leas as feidhmchláir rianaithe suímh chun faireachán a dhéanamh ar scaipeadh an víris, rud arb ábhar imní é ó thaobh chearta an duine de 33 . Is éard atá sa chumas gach gníomhaíocht dhigiteach a rianú bagairt thromchúiseach ar an daonlathas a d’fhéadfaí a úsáid chun cos ar bolg. I dtuarascáil 2021 Freedom on the Net [Saoirse ar an Idirlíon], áirítear an Fhrainc ag an mbarr ar fad agus scór 78 as 100 aici. Ina dhiaidh sin, tugadh 76 phointe don Iodáil, 63 phointe don Túinéis, 53 phointe do Mharacó, 51 phointe don Liobáin, 47 bpointe don Iordáin, 34 phointe don Tuirc, agus 26 phointe don Éigipt 34 .

6.8Is féidir go mbeidh sé de thoradh ar an mbearna dhigiteach leanúnach gur ann d’éagothroime agus éagsúlacht níos mó laistigh de réigiún na Meánmhara. Tá an bonneagar digiteach (cumhdach nó rochtain ar leathanbhanda fosaithe) in easnamh i roinnt tíortha, agus tá roinnt ceantair iargúlta agus ceantair thuaithe ann nach bhfuil cumhdach ná líonraí 4G/5G iontu. Cúis eile leis an mbearna is ea an neamhlitearthacht dhigiteach agus a laghad scileanna digiteacha atá ag an bpobal. Tá leibhéil ísle litearthachta digití níos coitianta sna tíortha ó dheas, go háirithe i measc na mban agus na ndaoine scothaosta 35 .

6.9Le teacht chun cinn na n‑ollchuideachtaí teicneolaíochta, is ann do chonstaic roimh an iomaíocht chóir sna margaí digiteacha. Fágann imghabháil cánach go ndéantar éagóir sna margaí ar FBManna áitiúla atá ag teacht chun cinn, agus gur beag seans go mairfidh siad. Cuireann sí freisin leis an imirce i measc daoine a bhfuil scileanna digiteacha acu. Baol eile a bhaineann leis na hollchuideachtaí teicneolaíochta is ea an cumas atá acu gníomhaithe atá ag teacht chun cinn a shlogadh, rud a chruthaíonn monaplachtaí agus a chuireann cosc ar chruthú mol digiteach san Eoraip agus i limistéar na Meánmhara. Is féidir gurb amhlaidh atá de dheasca easpa creat rialála nó fiú lúba ar lár sa chóras cánach ar féidir le cuideachtaí ilnáisiúnta leas a bhaint astu agus ar rudaí iad a dhéanann dochar don iomaíocht chóir.

6.10Is ionann cur chun feidhme bréagach Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine agus choinbhinsiúin EIS i gcuid de stáit réigiún na Meánmhara agus bac ar eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta a bhunú – lena n‑áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, ceardchumainn neamhspleácha agus comhlachais fostóirí neamhspleácha – rud a chuireann i mbaol an t‑aistriú digiteach inbhuanaithe. Tá CESE á chur i bhfáth go dearfa, dá bhrí sin, gur gá Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine agus Coinbhinsiúin EIS a chur chun feidhme ar bhonn uaillmhianach i stáit uile réigiún na Meánmhara ionas gur féidir go gcuirfidh an t‑aistriú digiteach i ndáiríre leis an bhforbairt shóisialta, eacnamaíoch, agus éiceolaíoch.

6.11Lena chois sin, tá an cogadh san Úcráin ina bhagairt mhór ar na tíortha ar fud an réigiúin agus d’fhéadfadh rioscaí ní ba mhó i dtaobh ionsaithe cibearshlándála a bheith ag baint leis.

An Bhruiséil, 14 Nollaig 2022

Christa Schweng

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)      Bukht, R. agus Heeks, R., ‘Defining, conceptualising and measuring the digital economy’, Development Informatics Working Papers, Uimh. 68, 2017.
(2)       Tuarascáil 2019 maidir leis an ngeilleagar digiteach , Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD).
(3)      Is é is aidhm don Mhargadh Aonair Digiteach feabhas a chur ar an rochtain ar nascacht, ar cháilíocht na nascachta, agus ar shlándáil na nascachta laistigh de na Ballstáit: https://ec.europa.eu/eurostat/cache/infographs/ict/bloc‑4.html .
(4)      Ceithre phríomhchuid atá i nDeacáid Dhigiteach na hEorpa, mar atá Scileanna, Bonneagar, Rialtas agus Gnó: https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/find-funding/eu-funding-programmes/digital-europe-programme_ga .
(5)       https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/europe-fit-digital-age/europes-digital-decade-digital-targets-2030_ga
(6)       The Digital for Development (D4D) Hub [An Mol um Dhigitiú don Fhorbairt].
(7)      Langendorf, M., ‘Applying Europe’s Digital Agenda in Mediterranean Partner Countries: Opportunities and Pitfalls’, IEMed Mediterranean Yearbook, 2021.
(8)       Renewed partnership with the Southern Neighbourhood [Comhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt], An Coimisiún Eorpach, 2021.
(9)       Working from home: From invisibility to decent work [Ag obair ón mbaile: ón obair fholaithe go dtí an obair chuibhiúil], EIS, 2021.
(10)      Al Azzawi, S., ‘ Lives Versus Livelihoods : Who Can Work from Home in MENA? ’,  Working Papers, Economic Research Forum, Uimh. 1471, 2021.
(11)      Faisnéisiú ó EPRS dar teideal The right to disconnect, [An ceart chun dícheangail], PE 642.847 – Iúil 2020.
(12)       IO C 290, 29.7.2022, lch. 95 .
(13)      Tuarascáil faisnéise ó CESE dar teideal Digitalisation and SMEs in the Mediterranean region [An Digiteáil agus FBManna i réigiún na Meánmhara].
(14)      Kergroach, S., ‘Giving momentum to SME digitalization’, Journal of the International Council for Small Business, Iml. 1, Uimh. 1, 2020, lgh. 28‑31.
(15)       OECD SME and Entrepreneurship Outlook 2019 [Cúrsaí FBManna agus Fiontraíochta, ECFE, 2019].
(16)      Tuarascáil faisnéise ó CESE dar teideal Access to finance for SMEs and midcaps in the period 2014–2020: opportunities and challenges [Rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus d’fhiontair mheánchaipitlithe sa tréimhse 2014‑2020: deiseanna agus dúshláin].
(17)      Ayadi, R. agus Forouheshfar, Y., ‘MSMEs digitalization in the Mediterranean: A new digital preparedness index’ [Digitiú na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide i réigiún na Meánmhara: Innéacs nua ullmhachta digití], doiciméad oibre ó EMANES, 2022, atá le foilsiú sula i bhfad.
(18)       https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/desi
(19)       https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_21_5481
(20)      Sidło, K., ‘ Digital Transformation in the Southern Neighbourhood ’, EuroMeSCo Euromed Survey, 2021, lgh. 100‑108.
(21)      El Kadi, T.H., ‘ Uneven Disruption : Covid‑19 and the digital divide in the Euro‑ Mediterranean Region ’, IEMed Mediterranean Yearbook, 2020.
(22)      Mar shampla, sa tionscadal seo a leanas, moltar gur faoin Aontas, faoi bhardais, ollscoileanna, cuideachtaí nó faoi aireachtaí oideachais sa Tuirc, i Maracó, san Éigipt agus san Ailgéir a bheadh úinéireacht an ardáin:Akpınar P., van Heukelingen, N., Babüroğlu O.N. agus Durukan, F.R., ‘ A new formula for collaboration: Turkey, the EU & North Africa ’ [Cur chuige nua comhair: An Tuirc, an tAontas Eorpach, agus an Afraic Thuaidh], 2022.
(23)       Digital Government Review of Morocco [Athbhreithniú ar an ríomhrialachas i Maracó], ECFE, 2019.
(24)      El Kadi, T.H., ‘Uneven Disruption: Covid‑19 and the digital divide in the Euro‑Mediterranean Region’, IEMed Mediterranean Yearbook, 2020, lgh. 137‑144.
(25)      El Kadi, T.H., ‘Uneven Disruption: Covid‑19 and the digital divide in the Euro‑Mediterranean Region’, IEMed Mediterranean Yearbook, 2020, lgh. 137‑144.
(26)      Tuairim ó CESE An t‑aistriú fuinnimh agus an t‑aistriú digiteach i limistéir thuaithe, IO C 486, 21.12.2022, lch. 59 .
(27)      El Kadi, T.H., ‘Uneven Disruption: Covid‑19 and the digital divide in the Euro‑Mediterranean Region’, IEMed Mediterranean Yearbook, 2020, lgh. 137‑144.
(28)       https://networkreadinessindex.org/nri-2021-edition-press-release/
(29)       Smart Cities and Inclusive Growth [Cathracha cliste agus fás cuimsitheach], ECFE, 2020.
(30)      Faisnéisiú ó EPRS dar teideal Digital sovereignty for Europe [Ceannasacht dhigiteach don Eoraip] (PE 651.992 – Iúil 2020).
(31)      Langendorf, M., ‘Applying Europe's Digital Agenda in Mediterranean Partner Countries: Opportunities and Pitfalls’, IEMed. Mediterranean Yearbook, 2021.
(32)      Sidło, K., ‘Digital Transformation in the Southern Neighbourhood’, EuroMeSCo Euromed Survey, 2021, lgh. 100‑108.
(33)      Langendorf, M., ‘Applying Europe's Digital Agenda in Mediterranean Partner Countries: Opportunities and Pitfalls’, IEMed. Mediterranean Yearbook, 2021.
(34)       https://freedomhouse.org/policy-recommendations/internet-freedom
(35)      Sidło, K., ‘Digital Transformation in the Southern Neighbourhood’, EuroMeSCo Euromed Survey, 2021, lgh. 100‑108.