INT/936
Comhghnóthais / Fís Eorpach
TUAIRIM
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir leis na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach a bhunú
[COM(2021) 87 – final 2021-48-NLE]
Rapóirtéir: Anastasis YIAPANIS
|
Comhairliúchán
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 06/05/2021
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 187 agus Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Cinneadh ón mBiúró
|
23/03/2021
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
09/06/2021
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
561
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
160/0/3
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Measann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil torthaí deiridh ghníomhaíocht na gcomhghnóthas fíorthábhachtach le haghaidh thodhchaí gheilleagar na hEorpa. Is mithid gach acmhainn is féidir a shlógadh agus ár ngeilleagar a chlaochlú ar mhaithe le teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus samhlacha eacnamaíocha inbhuanaithe a chur chun cinn.
1.2Ba cheart díriú ar thorthaí straitéiseacha agus tioncharbhunaithe a bhaint amach le linn idirghníomhaíochta agus comhoibriú le compháirtíochtaí Eorpacha eile. Baineann ríthábhacht le sineirgí idir cláir chistiúcháin éagsúla AE agus beartais AE, mar aon le sineirgí idir cistiú ón Aontas agus cistiú náisiúnta arna chur ar fáil ag leibhéal na mBallstát, chun a ráthú go mbeidh an tionchar is fearr is féidir ag tionscadail taighde agus nuálaíochta (T&N).
1.3Ní léir an bhfuiltear chun na comhpháirtíochtaí Eorpacha a oscailt don oiread geallsealbhóirí agus is féidir, ná an chaoi a ndéanfar é sin. Measann CESE gur cheart gníomhaíocht gach comhghnóthais a bheith faoi rialú phrionsabail na rannpháirtíochta oscailte agus na trédhearcachta.
1.4Ó thaobh rath na gcomhghnóthas de, tá ról thar a bheith tábhachtach ag rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar sholáthraithe saineolais agus mar bhealaí cumarsáide araon. Iarrann CESE go mbeadh idirphlé buan leis an tsochaí shibhialta laistigh de na grúpaí comhairleacha atá ar bun sna comhghnóthais cheana, agus go dtabharfaí ról do na comhpháirtithe sóisialta ábhartha agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna grúpaí geallsealbhóirí laistigh de na comhghnóthais.
1.5Tá easpa soiléireachta ann mar gheall ar rialacha ilchineálacha idir na comhghnóthais éagsúla agus, mar sin, iarrann CESE go mbeadh cur chuige aonchineálach ann a mhéid is féidir, agus sainiúlacht gach comhghnóthais ar leith á hurramú san am céanna.
1.6Is ábhar imní do CESE nach éilítear ach líon teoranta eagraíochtaí a bheith ina mbunaitheoirí príobháideacha i gcás roinnt comhghnóthas. Chomh maith leis sin, tá oscailteacht agus trédhearcacht á n-iarraidh ag an gCoiste maidir le roghnú na gcomhaltaí comhlachaithe. Ba cheart an oiread Ballstát is féidir a tharraingt isteach chun bheith ina gcomhalta de na comhghnóthais. I bhfianaise phrionsabal na nglaonna oscailte ar chistiú, is beag tairbhe a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart cur le líon na suíochán príobháideach ar an mbord rialála, amhail i gcás an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan.
1.7Ba cheart Airteagal 26(4)(b) a athrú go “ranníocaíochtaí airgeadais na gcomhaltaí agus na gcomhpháirtithe rannchuidithe le costais oibríochtúla an chomhghnóthais”. Ní léir cén sórt róil a bheidh ag na comhpháirtithe rannchuidithe a mhéid a bhaineann lena rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí, a ról sa rialachas, na tairbhí a fhaigheann siad as ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh, etc.
1.8Tá gá le héifeacht ghiarála chistiú an Aontais a áirithiú a mhéid is féidir agus le ranníocaíochtaí príobháideacha a léiríonn acmhainneacht na rannchuiditheoirí a spreagadh. Is mór ag CESE an togra gur cheart costais bhliantúla ar FBManna a bheith i bhfad níos ísle agus go bhfuil sé i bhfabhar sciar de bhuiséad na gcomhghnóthas a thiomnú do ghníomhaíochtaí FBManna.
1.9Iarrann CESE míniú beacht a thabhairt ar an nós imeachta maidir le clár oibre gach comhghnóthais a chur ar bun agus an míniú sin a áireamh i gcuid I den rialachán. Ba cheart na torthaí taighde deiridh a bheith ar fáil go hiomlán do gheallsealbhóirí uile an Aontais.
1.10Is mór ag CESE an togra chun deireadh a chur leis an oibleagáid atá ar chomhpháirtithe costais neamh-incháilithe a thuairisciú, agus an rún chun iniúchtaí dúbailte a sheachaint.
1.11Ní mór féachaint le leas an Aontais Eorpaigh féin a shaothrú agus acmhainneacht an Limistéir Eorpaigh Taighde agus na hEorpa a neartú ó thaobh nuálaíochta de. Cuireann CESE in iúl go soiléir gur cheart leas fónta tionsclaíoch a bhaint as na torthaí ó thaighde na gcomhghnóthas san Aontas trí theicneolaíocht Eorpach a úsáid.
1.12Ba cheart nuálaíocht agus paitinní na hEorpa a chosaint go maith ar dhrochrúin agus ar spiaireacht eacnamaíoch. Ní féidir déanamh gan an Phaitinn Aonadach Eorpach a chur chun feidhme, agus cé gur príomh-shaincheisteanna iad an mhaoin intleachtúil agus paitinní, níl siad luaite sa togra reachtach ón gCoimisiún.
1.13Is díol sásaimh do CESE na hoibleagáidí faireacháin atá ann maidir le cuimsiú FBManna, comhdhéanamh geografach agus an ráta comhchistithe. Ba cheart táscairí cáilíochtúla a thabhairt isteach chomh maith, amhail maidir leis na cineálacha nuálaíochtaí thugtar isteach, na buntáistí don tsochaí shibhialta agus líon na bpost nua a chruthaítear.
2.Réamhrá
2.1Is straitéis an-soiléir í an straitéis téarnaimh don Eoraip: dírítear inti ar an dá aistriú, arb iad sin an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, agus tugtar aghaidh ar spleáchais straitéiseacha. I ndáil leis sin, tá ról thar a bheith tábhachtach ag na comhghnóthais maidir le saineolas Eorpach ó na hearnálacha eacnamaíocha éagsúla a thabhairt le chéile, an t-iomaíochas a chur chun cinn, scileanna a fheabhsú agus an bonn tionsclaíoch a neartú.
2.2Tá naoi gcomhghnóthas á moladh ag an gCoimisiún Eorpach lena gcruthú faoi Cholún II den chlár Fís Eorpach, ‘Dúshláin Dhomhanda agus an tIomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’, mar atá: an Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe; an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan; an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan; an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa; Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3; Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach; an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha; Comhghnóthas Taighde BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair; agus an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste.
2.3Ba cheart cláir oibre na gcomhghnóthas uile a bhunú ar an gComhaontú Glas don Eoraip
; an Straitéis Eorpach Dhigiteach
; agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe
; agus ba cheart na spriocanna a bhaineann le 2020 Industrial Strategy: towards a stronger single market for Europe's recovery [Straitéis Tionsclaíochta 2020 nuashonraithe: ionsar margadh aonair níos láidre ar mhaithe le téarnamh na hEorpa
], a ionchorprú iontu. Ba cheart ról a thabhairt iontu do chomhpháirtithe sóisialta an Aontais, d’eagraíochtaí AE na sochaí sibhialta, do FBManna, do na húdaráis phoiblí agus do gheallsealbhóirí leasmhara eile. Níorbh amhlaidh an cás go nuige seo.
2.4Is é príomhchuspóir na gcomhghnóthas T&N fud fad an Aontais a spreagadh, agus dlús a chur leis an aistriú eacnamaíoch, an t-aistriú sóisialta, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú éiceolaíoch san am céanna. Is ríléir go bhfuil sé d’acmhainn ag na comhghnóthais comhpháirtíochtaí láidre poiblí-príobháideach a fhorbairt trínar féidir: ceannaireacht an Aontais a neartú; dlús a chur leis an iomaíochas agus an fás; agus eolas, saineolas agus sármhaitheas eolaíochta ón Aontas agus ó tríú tíortha a bhailiú. Is den ríthábhacht é eolas a chomhroinnt idir na críocha, i measc na saoránach agus ó ghnólacht go gnólacht.
2.5Tá T&N ríthábhachtach freisin maidir le téarnamh inbhuanaithe na hEorpa tar éis na paindéime; iomaíochas an gheilleagair a áirithiú; cruthú post; fás inbhuanaithe; agus rannchuidiú lena neamhspleáchas. Ní gheobhaidh an tAontas an lámh in uachtar ar an ardán domhanda mura ndéanann sé infheistíocht shuntasach i T&N. Is mithid gach acmhainn is féidir a shlógadh agus ár ngeilleagar a chlaochlú anois ar mhaithe le teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus samhlacha eacnamaíocha inbhuanaithe a chur chun cinn.
2.6Ó thaobh infheistíochtaí i T&N de, is chun deiridh atá an tAontas i gcomparáid le háiteanna eile den domhan, go háirithe SAM agus an Áise. Is amhlaidh an scéal sin ó thaobh acmhainneachta de agus ó thaobh a thapa a dhéantar torthaí taighde agus forbartha a aistriú ina dtáirgí agus seirbhísí nuálacha. Ní féidir glacadh leis sin san fhadtéarma agus ní éireoidh leis an Eoraip í féin a bhunú mar cheannaire domhanda mura gcuireann sí an fuinneamh a gríosaíodh leis an gclár Fís Eorpach 2020 chun deise di féin. Tá foláireamh tugtha ag CESE cheana féin gur “rómhinic a dhéantar tráchtálú lasmuigh den Eoraip ar theicneolaíochtaí a forbraíodh san Eoraip féin. Tá teipthe ar an Aontas ollchuideachtaí teicneolaíochta a chruthú. Is beag cuideachta óg nuálach cheannródaíoch a iompaíonn amach ina mórghnólacht atá dírithe ar T&F”
.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Tá cistí Eorpacha, náisiúnta agus príobháideacha á slógadh ag comhghnóthais d’fhonn na geallsealbhóirí is tábhachtaí ón Limistéar Eorpach Taighde, lena n-áirítear ó thíortha comhlachaithe, a thabhairt le chéile. Measann CESE go bhfuil torthaí deiridh ghníomhaíocht na gcomhghnóthas fíorthábhachtach le haghaidh thodhchaí gheilleagar na hEorpa.
3.2Ba cheart trédhearcacht iomlán agus gníomhaíochtaí uaillmhianacha atá dírithe ar chuspóirí a bheith ina saintréithe de ghníomhaíocht gach comhghnóthais. Ba cheart díriú ar thorthaí straitéiseacha agus tioncharbhunaithe a bhaint amach le linn idirghníomhaíochta agus comhoibriú le compháirtíochtaí Eorpacha eile, agus go háirithe leis an 120 tionscnamh comhpháirtíochta, nó mar sin, faoi chuimsiú an chláir Fís 2020. Ar deireadh, baineann ríthábhacht le sineirgí idir cláir chistiúcháin éagsúla AE agus beartais AE, eadhon idir na cistí struchtúracha trí rialacháin chomhoiriúnacha, chun a ráthú go mbeidh an tionchar is fearr is féidir ag tionscadail T&N
.
3.3Is mór ag CESE rún an Choimisiúin na comhpháirtíochtaí Eorpacha a oscailt don oiread geallsealbhóirí agus is féidir, ach ní léir an bhfuiltear leis sin a dhéanamh i ndáiríre, ná an chaoi a ndéanfar é. Is beag comhalta príobháideach bunaidh atá ann agus is teoranta é an bord rialála a roghnóidh na comhaltaí comhlachaithe. Ní léir ach an oiread conas a dhéanfar na comhpháirtithe rannchuidithe a dhreasú chun páirt a ghlacadh sna comhghnóthais. Ar deireadh, measann CESE gur cheart gníomhaíocht gach comhghnóthais a bheith faoi rialú phrionsabail na rannpháirtíochta oscailte agus na trédhearcachta.
3.4Maidir le cuid II den rialachán, cuireann CESE in iúl nach ionann i gcónaí iad na cineálacha cur chuige agus rialacha eagrúcháin a luaitear ann do chomhghnóthais. Tá gá le héifeacht ghiarála chistiú an Aontais a áirithiú a mhéid is féidir agus le ranníocaíochtaí príobháideacha a léiríonn acmhainneacht na rannchuiditheoirí a spreagadh.
3.5A mhéid a bhaineann le hionadaíocht atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de, níl riail eagrúcháin den sórt sin á tabhairt isteach ach amháin ag an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa. Anuas air sin, cé go mbaineann an-tábhacht ar fad le comhar idir na comhghnóthais, níl sé sin luaite seachas maidir leis an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan agus Comhghnóthas SESAR.
3.6Tugann CESE faoi deara chomh maith nach luaitear in aon chor roghnú na gcomhaltaí comhlachaithe maidir leis an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan, Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3, an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste ná an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha. Thairis sin, i roinnt cásanna, ní mór na comhaltaí comhlachaithe a bheith formhuinithe ag an gCoimisiún, cé nach gá dóibh ach a bheith roghnaithe ag an mbord rialála i gcásanna eile. Creideann CESE go mbeadh tuilleadh soiléireachta ann ach rialacha aonchineálacha a thabhairt isteach.
3.7Is ábhar imní do CESE nach éilítear ach líon teoranta eagraíochtaí a bheith ina mbunaitheoirí príobháideacha i gcás roinnt comhghnóthas. Tá sé thar a bheith tábhachtach fáil agus teacht a bheith ar na comhghnóthais a oiread agus is féidir. Iarrann CESE go ndéanfaí anailís chríochnúil ina ndíreofar ar líon na gcomhaltaí bunaidh atá beartaithe maidir le gach comhghnóthais a mhéadú, agus ar oscailteacht agus trédhearcacht i roghnú na gcomhaltaí comhlachaithe. Anuas air sin, ar mhaithe le comhleanúnachas a áirithiú leis na beartais náisiúnta agus réigiúnacha, ba cheart féachaint leis an oiread Ballstát is féidir a tharraingt isteach chun bheith ina gcomhalta de na comhghnóthais. I bhfianaise phrionsabal na nglaonna oscailte ar chistiú, is beag tairbhe a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh. Dá bhrí sin, measann CESE gur cheart cur le líon na suíochán príobháideach ar an mbord rialála, amhail i gcás an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan.
4.Barúlacha sonracha
4.1Tá éiceachórais nuálaíochta struchtúracha dhifriúla ag na Ballstáit, ach ní ar an gcaoi chéanna a mbaintear taighde agus nuálaíocht rathúil amach. Tá infheistíochtaí agus rannpháirtíocht á n‑iarraidh ag CESE ó na Ballstáit uile, go háirithe na Ballstáit is lú forbartha. Ní mór gníomhaíocht na gcomhghnóthas a bheith sioncrónaithe le cláir taighde agus nuálaíochta eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
. Ba cheart a mholadh do na Ballstáit naisc struchtúrtha agus sineirgí a chruthú idir a gcuid pleananna téarnaimh náisiúnta agus Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus Nuálaíocht de chuid na gcomhghnóthas, lena n-áirítear na cláir chistiúcháin ar an leibhéal náisiúnta.
4.2Is mór ag CESE an ranníocaíocht bhuiséadach ó bhuiséad an Aontais ar fiú í agus nach mór EUR 10 mbilliún. Measann sé gur féidir an tsuim sin a mhéadú i roinnt earnálacha ríthábhachtacha ar mhaithe le hacmhainní tábhachtacha breise ón earnáil phríobháideach agus ó bhuiséid na mBallstát a shlógadh. Ba cheart go rannchuideofaí le cistí na gcomhghnóthas lena gcumhdaítear na hearnálacha is measa atá buailte ag paindéim COVID-19 agus na hearnálacha lena dtugtar aghaidh ar spleáchais straitéiseacha, a bhuí leis an gcomhaontú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a thángthas air i mí na Nollag 2020, maidir le EUR 5 bhilliún ón ionstraim téarnaimh “NextGenerationEU” a leithdháileadh ar an gclár Fís Eorpach. Mar sin féin, ba cheart Airteagal 26(4)(b) a athrú go “ranníocaíochtaí airgeadais na gcomhaltaí agus na gcomhpháirtithe rannchuidithe le costais oibríochtúla an chomhghnóthais”.
4.3Tá tuilleadh soiléireachta, trédhearcachta agus anailís chostais is tairbhe ex ante á n-iarraidh ag CESE maidir leis an togra chun cúloifig choiteann a bhunú le haghaidh na gcomhghnóthas uile ar mhaithe lena meas an mbeidh fíor-bhreisluach agus gnóthachain éifeachtúlachta ann. Anuas air sin, tá CESE ag dréim leis go mbeidh an chúloifig go hiomlán trédhearcach do na saoránaigh agus na gnólachtaí agus go mbainfear leas as an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil, lena n‑áirítear blocshlabhra, anailís ar mhórshonraí, etc.
4.4Tá ról thar a bheith tábhachtach ag rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó thaobh rath na gcomhghnóthas de. Ba cheart dóibh a bheith lánpháirteach mar sholáthraithe saineolais agus mar bhealaí cumarsáide araon ionas go mbeadh pobal gnó iomlán na hEorpa, mar aon le hoibrithe, tomhaltóirí agus saoránaigh, in ann leas a bhaint as na torthaí deiridh. Iarrann CESE go mbeadh idirphlé buan leis an tsochaí shibhialta laistigh de na grúpaí comhairleacha atá ar bun sna comhghnóthais cheana, agus go dtabharfaí ról do na comhpháirtithe sóisialta ábhartha agus d'’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna grúpaí geallsealbhóirí.
4.5Tá CESE den tuairim gur cheart roinnt éagsúlachtaí a bheith idir eagrú na gcomhghnóthas, ós rud é go mbaineann siad le hearnálacha éagsúla ina bhfuil gnéithe sonracha. Mar sin féin, ba cheart prionsabail na rannpháirtíochta oscailte le haghaidh gach geallsealbhóra leasmhair agus rochtain FBManna a shonrú go soiléir do gach comhghnóthas. Ní amhlaidh an scéal faoi láthair. In ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh roimhe seo sna creatchláir , tá sé luaite ag CESE gur cheart do FBManna a bheith níos rannpháirtí i ngníomhaíochtaí atá bunaithe ar T&N, agus gurb é an clár Fís Eorpach an deis fearr atá ann chun iad a spreagadh déanamh amhlaidh
.
4.6Tá fadhbanna coiteanna i measc na gcomhghnóthas agus tá tacaíocht de dhíth orthu chun iad féin a fhorbairt agus chun go mbeidh teacht orthu ar mhargaí idirnáisiúnta. Is mór ag CESE go mbeidh costais bhliantúla FBManna i bhfad níos ísle ná mar a bheidh i gceist do chuideachtaí móra. Ní léir, áfach, cén fáth a bhfuil ionadaithe FBManna san áireamh ar roinnt boird rialála (e.g. an Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe, an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan) agus gan a bheith san áireamh ar bhoird rialála eile.
4.7Measann CESE gur cheart sciar de bhuiséad na gcomhghnóthas a thiomnú do ghníomhaíochtaí FBManna. Ba cheart buiséad den sórt sin a chur ar fáil a luaithe is féidir tar éis chur ar bun na gcomhghnóthas agus ba cheart é a bheith ar fáil, go soiléir, ar shuíomh gréasáin oifigiúil gach comhghnóthais.
4.8Ní mór don Choimisiún deimhin a dhéanamh de go bhfuil na cistí atá ar fáil ar oscailt do gach rannpháirtí toilteanach a fhreagraíonn do na glaonna sna comhghnóthais uile, agus go nglactar le tionscadail ar bhealach atá trédhearcach agus cothrom. Tá foláireamh tugtha ag CESE go bhféadfadh sé go mbeadh saoráid rochtana fabhraí de shaghas éigin ag roinnt eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chomhaltaí bunaidh na gcomhghnóthas. Más amhlaidh an scéal, d’fhágfadh sé sin nach mbeadh sa chlár ach scéim mhór fóirdheontais tacaíochta, rud nach bhféadfaí glacadh leis ar chor ar bith, dar le CESE.
4.9Iarrann CESE míniú beacht a thabhairt ar an nós imeachta maidir le clár oibre gach comhghnóthais a chur ar bun agus an míniú sin a áireamh i gcuid I den rialachán. Is léir gur cheart cás a sheachaint ina mbeadh na comhghnóthais ag cistiú clár taighde a thabharfadh cuideachtaí chun críche de ghnáth. Ar deireadh, iarrann CESE go mbeadh na torthaí taighde deiridh ar fáil do gach geallsealbhóir AE.
4.10I dtéarmaí simplithe, is mór ag CESE an togra chun deireadh a chur leis an oibleagáid atá ar chomhpháirtithe costais neamh-incháilithe a thuairisciú, agus an rún chun iniúchtaí dúbailte a sheachaint. Is díol sásaimh dó chomh maith nach gá don chomhghnóthas ná d’údaráis eile AE na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí bhreise a iniúchadh a thuilleadh.
4.11Is den tábhachtach é an oiread geallsealbhóirí idirnáisiúnta agus is féidir a thabhairt le chéile chun go n-éireodh leis na comhghnóthais. Mar sin féin, ní mór féachaint le leas an Aontais Eorpaigh féin a shaothrú agus acmhainneacht an Limistéir Eorpaigh Taighde agus na hEorpa ó thaobh nuálaíochta a neartú. Cuireann CESE in iúl go soiléir gur cheart leas fónta tionsclaíoch a bhaint as na torthaí ó thaighde na gcomhghnóthas san Aontas trí theicneolaíocht Eorpach a úsáid.
4.12Tá sé luaite ag CESE cheana nach “féidir leis an Aontas leanúint de bheith chun tosaigh i réimse na nuálaíochta [gan daoine leis na scileanna iomchuí agus] gan beartais chliste maidir le maoin intleachtúil a bheith aige. Ní mór dúinn a áirithiú go ndéanfar nuálaíocht agus paitinní na hEorpa a chosaint go maith ar dhrochrúin agus ar spiaireacht eacnamaíoch. Dá bhrí sin, ní mór an Phaitinn Aonadach Eorpach a chur chun feidhme”
. In 2019, mar shampla, ba san Áise a rinneadh 65 % de na hiarratais ar phaitinn dhomhanda. Seasann an Eoraip ag 11.3 %
. Is saincheisteanna lárnacha iad an mhaoin intleachtúil agus paitinní, agus is trua nach luaitear iad sa togra ón gCoimisiún.
4.13Is mór ag CESE go bhfuil Airteagal 171 tiomnaithe d’fhaireachán agus measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhghnóthas. Is díol sásaimh dó go háirithe na hoibleagáidí faireacháin atá ann maidir le cuimsiú FBManna, comhdhéanamh geografach agus an ráta comhchistithe. Mar sin féin, molann CESE an focal “bliantúil” nó “débhliantúil” a chur in ionad “tréimhsiúil”, ar mhaithe le débhríocht a sheachaint. Ar an gcúis chéanna, ba cheart don Choimisiún a shoiléiriú cén tseirbhís atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí faireacháin.
4.14Seasann CESE lena bharúil nach féidir ‘clisteacht’ córais shocheacnamaíoch a mheas le táscairí cainníochtúla amháin, amhail caiteachas ar thaighde agus nuálaíocht; ba cheart leas a bhaint freisin as táscairí cáilíochtúla amhail na cineálacha nuálaíochtaí atá i gceist, na buntáistí don tsochaí shibhialta agus líon na bpost nua a chruthaítear
.
An Bhruiséil, 9 Meitheamh 2021
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________