EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0241

Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

OJ L 57, 18.2.2021, p. 17–75 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force: This act has been changed. Current consolidated version: 18/02/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj

18.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 57/17


RIALACHÁN (AE) 2021/241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Feabhra 2021

lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagail 120 agus 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé de cheangal ar na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a sheoladh d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú, agus i gcomhthéacs na mór-threoirlínte a cheapfaidh an Chomhairle. Foráiltear le hAirteagal 148 CFAE go bhfuil na Ballstáit le beartais fostaíochta a chur chun feidhme ina gcuirtear na treoirlínte maidir le fostaíocht san áireamh. Dá bhrí sin, is ábhar leasa choitinn é beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú.

(2)

Déantar foráil in Airteagal 175 CFAE, inter alia, go bhfuil ar na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a chomhordú ar bhealach a dhéanfadh na cuspóirí maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE a bhaint amach.

(3)

In Airteagal 174 CFAE foráiltear go bhfuil ar an Aontas, chun a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur chun cinn, a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú . Foráiltear thairis sin, go bhféachfaidh an tAontas, go háirithe, leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú. Ba cheart go rachadh na hiarrachtaí chun éagothromaíochtaí a laghdú go háirithe chun tairbhe na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí. Ba cheart túsphointe agus sainiúlachtaí éagsúla na Réigiún a chur san áireamh i gcur chun feidhme bheartais an Aontais.

(4)

Ar leibhéal an Aontais, is é an seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch (an Seimeastar Eorpach), lena n-áirítear prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, an creat chun tosaíochtaí náisiúnta um athchóiriú a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Sa bhreis ar bhearta chun an t-iomaíochas, acmhainneacht fáis agus airgeadas poiblí inbhuanaithe a neartú, ba cheart athchóirithe atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht, ar an gcomhthathú, ar an gceartas sóisialta agus ar dháileadh cóir an rachmais a thabhairt isteach, a bhfuil d’aidhm leo fostaíocht ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe a chruthú, comhionannas deiseanna, agus rochtain orthu, agus cosaint shóisialta a áirithiú, grúpaí leochaileacha a chosaint agus caighdeáin mhaireachtála shaoránaigh uile an Aontais a fheabhsú. I dtacú leis na hathchóirithe sin, tá na Ballstáit lena gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin a fhorbairt, agus aird á tabhairt ar Chomhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (4) (‘Comhaontú Pháras’), ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna nglacadh faoi chuimsiú Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaithe Aeráide a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)), ar na pleananna um aistriú cóir agus ar na pleananna maidir leis an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme, mar aon le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA. Ba cheart na straitéisí sin a thíolacadh, i gcás inarb ábhartha, in éineacht leis na Cláir Náisiúnta bhliantúla um Athchóiriú mar bhealach chun tionscadail infheistíochta a bhfuil tosaíocht acu a leagan amach agus a chomhordú, ar cláir iad a dtabharfar tacaíocht dóibh le cistiú náisiúnta agus/nó le cistiú ón Aontas.

(5)

Leag an Coimisiún amach i Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020 agus i bPacáiste an tSeimeastair Eorpaigh le haghaidh Earrach agus Shamhradh 2020, gur cheart don Seimeastar Eorpach a bheith ina chuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA a bhaint amach.

(6)

De dheasca ráig phaindéim COVID-19 go luath sa bhliain 2020, tá athrú tagtha ar an ionchas eacnamaíoch, sóisialta agus buiséadach san Aontas agus ar fud an domhain, agus tá freagairt phráinneach, éifeachtúil agus chomhordaithe ag teastáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun déileáil leis na hiarmhairtí tubaisteacha eacnamaíocha agus sóisialta mar aon leis na héifeachtaí neamhshiméadracha atá ann do na Ballstáit. Léiríodh le géarchéim COVID-19 chomh maith leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais roimhe sin go gcabhraítear leis na Ballstáit freagairt níos éifeachtúla agus ar bhealach níos cothroime agus níos cuimsithí do shuaití agus téarnamh uathu ar bhealach níos mire trí fhorbairt a dhéanamh ar gheilleagair agus ar chórais airgeadais agus leasa shóisialta atá fónta, inbhuanaithe agus athléimneach agus atá tógtha ar struchtúir láidre eacnamaíocha agus shóisialta. Is féidir freisin le heaspa athléimneachta a bheith ina siocair le héifeachtaí díobhálacha iarmharta a bheith ann i gcás suaití idir na Ballstáit nó laistigh den Aontas ina iomláine, lena gcruthaítear dúshláin don chóineasú agus don chomhtháthú san Aontas.Féadfaidh an laghdú ar chaiteachas ar earnálacha amhail earnáil an oideachais, earnáil an chultúir agus earnáil na cruthaitheachta agus ar an gcúram sláinte a bheith fritorthúil ó thaobh téarnamh mear de a bhaint amach. Braithfidh iarmhairtí meántéarmacha agus fadtéarmacha ghéarchéim COVID-19 ar a thapa a thiocfaidh geilleagair agus sochaithe na mBallstát slán as an ngéarchéim, rud a bhraithfidh ar an spás fioscach a bhaineann leis na Ballstáit atá ar fáil maidir le bearta a dhéanamh chun tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na géarchéime a mhaolú, agus ar athléimneacht a ngeilleagar agus a struchtúr sóisialta. Beidh sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeidhathchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe ann lena spreagfar fás chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha i ngeilleagair na mBallstát, lena neartófar an athléimneacht, lena ndéanfar táirgiúlacht a mhéadú agus a mbeidh iomaíochas níos géire sna Ballstáit mar thoradh air, chun na geilleagair sin a chur ar bhealach a leasa, agus chun laghdú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí agus ar dhibhéirseachtaí san Aontas.

(7)

Is léir ón am atá thart go ngearrtar siar go mór ar infheistíocht le linn géarchéimeanna. Tá sé riachtanach, áfach, tacú le hinfheistíocht sa chás áirithe seo chun dlús a chur leis an téarnamh agus an acmhainneacht fáis fhadtéarmach a neartú. Tá tábhacht le margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a bheith ann, le hinfheistíocht a dhéanamh sna teicneolaíochtaí glasa agus digiteacha, mar aon le nuálaíocht agus taighde, lena n-áirítear geilleagar eolasbhunaithe, aistriú chuig fuinneamh glan, agus le borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh i dtithíocht agus in earnálacha lárnacha eile den gheilleagar chun fás cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe a bhaint amach, chun cabhrú le poist a chruthú, agus aeráidneodracht a bhaint amach in AE faoi 2050.

(8)

I gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, ní foláir an creat reatha chun tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit a neartú agus tacaíocht dhíreach airgeadais a sholáthar do na Ballstáit trí uirlis uathúil nuálach. Chuige sin, ba cheart saoráid téarnaimh agus athléimneachta (‘an tSaoráid’) a chur ar bun faoin Rialachán seo chun tacaíocht airgeadais éifeachtach shuntasach a sholáthar chun dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe inbhuanaithe agus infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha gaolmhara sna Ballstáit. Ba cheart a bheith i gceist leis an Saoráid ionstraim thiomnaithe atá ceaptha dul i ngleic le héifeachtaí agus iarmhairtí díobhálacha ghéarchéim COVID-19 san Aontas. Ba cheart go mbeadh sé cuimsitheach agus ba cheart go rachadh an taithí a fuair an Coimisiún agus na Ballstáit as úsáid a bhaint as ionstraimí agus as cláir eile roimhe seo chun tairbhe di. D'fhéadfaí infheistíochtaí príobháideacha a dhreasú freisin trí scéimeanna infheistíochta poiblí, lena n-áirítear ionstraimí airgeadais, fóirdheontais agus ionstraimí eile, ar choinníoll go gcomhlíonfar na rialacha maidir le Státchabhair.

(9)

Leis na hathchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid, ba cheart go gcabhrófar leis an Aontas a bheith níos athléimní agus níos neamhspleáiche trí phríomhshlabhraí soláthair a éagsúlú agus neartú á dhéanamh, dá bhrí sin, ar uathriail straitéiseach an Aontais in éineacht le geilleagar oscailte. Ba cheart go ndéanfar breisluach Eorpach a ghiniúint freisin leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoin tSaoráid.

(10)

Ba cheart an téarnamh a bhaint amach agus athléimneacht an Aontais agus a Bhallstát a fheabhsú tríd an tacaíocht a thabharfar do bhearta lena dtagraítear do na réimsí beartais a bhfuil ábharthacht Eorpach ag baint leo agus atá struchtúrtha i sé cholún (na ‘sé cholún’), eadhon: an t-aistriú glas; an claochlú digiteach; fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheanach dea-fheidhmiúil le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) láidre; comhtháthú sóisialta agus críochach; athléimneacht sláinte, eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, agus é mar aidhm leo, inter alia, an acmhainneacht um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus um fhreagairt géarchéime a mhéadú; agus beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige, amhail an t-oideachas agus scileanna.

(11)

Ba cheart tacú leis an aistriú glas trí athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i dteicneolaíochtaí agus in acmhainneachtaí glasa, lena n-áirítear i mbithéagsúlacht, éifeachtúlacht fuinnimh, athchóiriú foirgneamh agus an geilleagar ciorclach, agus rannchuidiú á dhéanamh le spriocanna aeráide an Aontais ag an am céanna, lena ndéanfar fás inbhuanaithe a chothú, poist a chruthú agus an tslándáil fuinnimh a chaomhnú.

(12)

Méadófar ar iomaíochas an Aontais ar an leibhéal domhanda trí athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i dteicneolaíochtaí, i mbonneagar agus i bpróisis dhigiteacha agus cabhróidh sé freisin leis an Aontas a dhéanamh níos athléimní, níos nuálaí agus níos neamhspleáiche trí shlabhraí soláthair príomha a éagsúlú. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí, ba cheart go gcuirfí chun cinn go háirithe digitiú seirbhísí, an fhorbairt ar bhonneagar digiteach agus sonraí, ar bhraislí agus mol nuálaíochta digití agus réitigh dhigiteacha oscailte. Ba cheart go ndéanfadh an t-aistriú digiteach digitiú FBManna a spreagadh freisin. Ba cheart do na hinfheistíochtaí sna teicneolaíochtaí digiteacha prionsabail na hidir-inoibritheachta, na héifeachtúlachta fuinnimh agus na cosanta sonraí pearsanta a urramú, lamháil do rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta agus an úsáid a bhainfear as réitigh foinse oscailte a chur chun cinn.

(13)

Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i bhfás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil le FBManna láidre, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leo an acmhainneacht fáis a fheabhsú agus téarnamh inbhuanaithe gheilleagar an Aontais a chumasú. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin, ba cheart an fhiontraíocht, an geilleagar sóisialta, forbairt an bhonneagair agus an iompair inbhuanaithe agus an tionsclaithe agus an ationsclaithe a chur chun cinn freisin, agus maolú a dhéanamh ar thionchar ghéarchéim COVID-19 ar an ngeilleagar.

(14)

Ba cheart d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí i gcomhtháthú sóisialta agus críochach rannchuidiú a dhéanamh freisin leis an mbochtaineacht a chomhrac agus le dul i ngleic leis an dífhostaíocht chun a chur ar chumas ár gheilleagar na mBallstát téarnamh a dhéanamh agus gan aon duine a fhágáil chun deiridh. Ba cheart, leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin, go gcruthófaí poist ardcháilíochta agus sheasmhacha, go ndéanfaí na grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste a ionchuimsiú agus a lánpháirtiú, agus go gcumasófaí an t-idirphlé sóisialta, an bonneagar sóisialta agus na seirbhísí sóisialta, mar aon leis na córais cosanta sóisialta agus leasa shóisialta a neartú.

(15)

Le géarchéim COVID-19 tá sé tugtha chun suntais freisin a thábhachtaí atá athchóirithe agus infheistíochtaí sa tsláinte agus san athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, a bhfuil sé mar aidhm leo, inter alia, an acmhainneacht ullmhachta agus freagartha géarchéime a mhéadú, go háirithe trí fheabhas a chur ar leanúnachas gnó agus seirbhísí poiblí, ar inrochtaineacht agus acmhainneacht na gcóras sláinte agus cúraim, ar éifeachtacht an riaracháin phoiblí agus na gcóras náisiúnta, lena n-áirítear an t-ualach riaracháin a íoslaghdú, agus ar éifeachtacht na gcóras breithiúnach mar aon le calaois a chosc agus maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid.

(16)

Tá bunriachtanas le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí sa chéad ghlúin eile, i leanaí agus san óige chun an t-oideachas agus scileanna a chur chun cinn, lena n-áirítear scileanna digiteacha, uas-sciliú, athsciliú agus athcháiliú an luchta saothair ghníomhaigh, clár lánpháirtithe do dhaoine dífhostaithe, beartais i dtaca le hinfheistiú i rochtain agus i ndeiseanna do leanaí agus don óige maidir leis an oideachas, an tsláinte, cothú, poist agus tithíocht, agus i mbeartais a mhaolaíonn an dealú idir glúine i gcomhréir le cuspóirí na Ráthaíochta do Leanaí agus na Ráthaíochta don Aos Óg. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na gníomhaíochtaí sin nach ndéanfaidh géarchéim COVID-19 difear buan don chéad ghlúin eile d’Eorpaigh agus nach méadófar tuilleadh ar an dealú idir glúine.

(17)

Níl aon ionstraim ann faoi láthair, lena ndéantar foráil do thacaíocht dhíreach airgeadais atá ceangailte le torthaí a ghnóthú agus le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí poiblí a dhéanann na Ballstáit i bhfreagairt do dhúshláin a shainaithnítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena n-áirítear prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA, agus d’fhonn tionchar fadtéarmach a imirt ar tháirgiúlacht agus ar athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach na mBallstát.

(18)

Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na mbeart a ghnóthú agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh a bhfuiltear ag dréim leis á gcur san áireamh. Ba cheart tacaíocht airgeadais neamh-in-aisíoctha faoin tSaoráid a bheith i bhfoirm ranníocaíochta sui generis ón Aontas a chinnfear ar bhonn ranníocaíochta uasta airgeadais a ríomhfar le haghaidh gach Ballstáit agus costais iomlána mheasta an phlean téarnaimh agus athléimneachta á gcur san áireamh, agus ba cheart í a íoc ar bhonn na dtorthaí a bhainfear amach, trí thagairt a dhéanamh do chlocha míle agus spriocanna an phlean téarnaimh agus athléimneachta. Dá bhrí sin, ba cheart an ranníocaíocht sin a bhunú i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, de bhun na rialacha maidir le simpliú a bhaineann le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais faoi Airteagal 125(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (an ‘Rialachán Airgeadais’). Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha sonracha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos sa Rialachán seo, faoi réir phrionsabail ghinearálta na bainistíochta buiséadaí faoin Rialachán Airgeadais, a mhéid a bhaineann le leithdháileadh, cur chun feidhme agus rialú na tacaíochta neamh-in-aisíoctha faoin Rialachán seo. Maidir le maoiniú nach mbaineann le costais, ba cheart feidhm a bheith aige ar leibhéal na n-íocaíochtaí ón gCoimisiún chuig na Ballstáit mar thairbhithe, gan beann ar an aisíocaíocht d’aon chineál ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit chuig na faighteoirí deiridh. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann gach cineál ranníocaíochtaí airgeadais a úsáid, lena n-áirítear roghanna costais simplithe. Gan dochar don cheart atá ag an gCoimisiún gníomh a dhéanamh i gcás calaoise, éillithe, coinbhleacht leasa, nó cistiú dúbailte ón Saoráid nó ó chláir eile de chuid an Aontais, níor cheart íocaíochtaí a bheith faoi réir rialuithe ar na costais arna dtabhú go hiarbhír ag an tairbhí.

(19)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2094 (7) agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní a leithdháiltear ann, ba cheart bearta téarnaimh agus athléimneachta faoin tSaoráid a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19, ar géarchéim í nach bhfacthas a leithéid cheana. Ba cheart na hacmhainní breise sin a úsáid ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na tréimhsí ama dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/2094.

(20)

Ba cheart don tSaoráid tacú le tionscadail a thugann urraim do phrionsabal na breisíochta maidir le cistiú an Aontais. Níor cheart don tSaoráid, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ionad an chaiteachais náisiúnta athfhilltigh a ghlacadh.

(21)

Tá an ráthaíocht a thugtar i leith ardleibhéal cibearshlándála agus iontaoibhe as teicneolaíochtaí a bheith ann ina réamhriachtanas don rath a bheidh ar chlaochlú digiteach na hEorpa. Sna conclúidí uaithi an 1 agus 2 Deireadh Fómhair 2020, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Aontas agus ar a Bhallstáit lánúsáid a bhaint as teaglaim uirlisí cibearshlándála 5G, a glacadh an 29 Eanáir 2020, agus go háirithe na srianta ábhartha ar sholáthraithe ardriosca a chur i bhfeidhm i gcás príomhshócmhainní a shainítear a bheith criticiúil agus íogair i measúnuithe riosca comhordaithe an Aontais. Chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir nach foláir soláthraithe féideartha 5G a mheasúnú ar bhonn critéir choiteanna, oibiachtúla.

(22)

Chun cothú a dhéanamh ar shineirgí idir an tSaoráid, Clár InvestEU (an ‘Clár InvestEU’) a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (‘Rialachán InvestEU’) agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (an ‘Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), d’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, laistigh d’uasteorainn áirithe, ranníocaíochtaí le hurranna na mBallstát faoi Chlár InvestEU agus leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(23)

Mar léiriú ar Chomhaontú Glas don Eoraip mar straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais i leith Comhaontú Pháras agus Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme, tá an tSaoráid arna bunú leis an Rialachán seo le rannchuidiú le bearta aeráide agus inbhuanaitheacht comhshaoil a phríomhshruthú agus leis an sprioc foriomlán a ghnóthú, arb é sin go mbeidh 30 % den chaiteachas i mbuiséad an Aontais ag tacú le cuspóirí aeráide. Chuige sin, ba cheart do na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid agus a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát aonair rannchuidiú a dhéanamh leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus ba cheart gurbh ionann an méid atá i gceist leo agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean théarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart an mhodheolaíocht a úsáid dá réir sin i gcás beart nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Má aontaíonn an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún, ba cheart go mbeadh sé indéanta na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú go dtí 40 nó 100 % i gcomhair infheistíochtaí aonair, de réir mar a mhínítear iad sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn go hinchreidte a dtionchar ar na cuspóirí aeráide a chur san áireamh. Chuige sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas le méid iomlán arb ionann é agus 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcás infheistíochtaí aonair. Ba cheart don tSaoráid tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófar go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’).

(24)

Agus léiriú á thabhairt ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le caillteanas suntasach na bithéagsúlachta, ba cheart don Rialachán seo rannchuidiú a dhéanamh le bearta bithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh na bearta a áirítear ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852. Ba cheart don Choimisiún treoir theicniúil a sholáthar chuige sin. Níor cheart do na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe(d) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 difear a dhéanamh don treoir sin.

(26)

Ba cheart freisin gurb é a bheadh sna bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid agus a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát aonair méid arb ionann é agus 20 % ar a laghad de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta do chaiteachas digiteach. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí digiteacha a ríomhbunaithe ar mhodheolaíocht, lena léirítear a mhéid a rannchuidíonn tacaíocht faoin Saoráid leis na cuspóirí digiteacha. Ba cheart na comhéifeachtaí do bhearta aonair a chinneadh ar bhonn na diminsean agus na réimsí idirghabhála a bhunaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart an mhodheolaíocht a úsáid dá réir sin i gcás beart nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála. Má aontaíonn an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún, ba cheart go mbeifear in ann na comhéifeachtaí sin a mhéadú go dtí 40 nó 100% i gcomhair infheistíochtaí aonair chun athchóirithe tionlacain a mhéadaíonn tionchar na mbeart ar na cuspóirí digiteacha a chur san áireamh.

(27)

Chun críoch rannchuidiú na mbeart ábhartha faoi na pleananna téarnaimh agus athléimneachta leis na spriocanna aeráide agus digiteacha a chinneadh, ba cheart go mbeifear in ann na bearta sin a áireamh faoin dá chuspóir i gcomhréir lna modheolaíochtaí faoi seach.

(28)

Is iad na mná go háirithe atá buailte ag géarchéim COVID-19, ós rud é gurb ionann iad agus tromlach na n-oibrithe sláinte ar fud an Aontais, agus go mb’éigean dóibh cothromaíocht a aimsiú idir obair chúraim gan phá agus a ndualgais oibre. Tá cúrsaí thar a bheith deacair do thuismitheoirí aonair, ar mná iad 85 % díobh. Ba cheart comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin a chur san áireamh agus a chur chun cinn agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh de bhun an Rialacháin seo á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme. Tá an infheistíocht i mbonneagar cúraim láidir riachtanach freisin chun an comhionannas inscne agus cumhachtú eacnamaíoch na mban a áirithiú, chun sochaithe athléimneacha a thógáil, dul i ngleic le dálaí neamhbhuana in earnáil atá faoi cheannas na mban, borradh a chur faoi chruthú post agus an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chosc, aguschun go mbeadh éifeacht dhearfach ag an infheistíocht sin ar an Olltáirgeacht Intíre (OTI) ós rud é gur féidir le níos mó ban a bheith rannpháirteach in obair ar íocaíocht dá barr.

(29)

Ba cheart sásra a chur ar bun chun an nasc idir an tSaoráid agus rialachas eacnamaíoch fónta a áirithiú, lena lamhálfar don Choimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle maidir leis na gealltanais nó íocaíochtaí uile nó cuid díobh a fhionraí faoin tSaoráid. Ba cheart an oibleagáid atá ar an gCoimisiún i leith fionraí a mholadh a chur ar fionraí nuair a bheidh an ‘clásal ginearálta éalaithe’, mar a thugtar air, faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis curtha i ngníomh, agus fad a bheidh sé curtha i ngníomh. Chun cur chur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú agus i bhfianaise a thábhachtaí atá éifeachtaí airgeadais na mbeart atá á bhforchur, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle agus ba cheart di gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Chun éascú a dhéanamh ar chinntí a ghlacadh, ar cinntí iad a bhfuil gá leo chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú i gcomhthéacs chreat an rialachais eacnamaíoch, ba cheart vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid chun na gealltanais a fhionraí. Ba cheart go bhféadfadh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún plé a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an tsásra sin i gcomhthéacs idirphlé struchtúrtha chun deis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa a tuairimí a chur in iúl. Chun go dtabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí a chuirfidh Parlaimint na hEorpa in iúl, ba cheart go dtarlódh an t-idirphlé struchtúrtha sin laistigh de cheithre seachtaine tar éis don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an tsásra sin.

(30)

Ba cheart gurb é cuspóir sonrach na Saoráide tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fhonn na clocha míle agus sna priocanna athchóirithe agus infheistíochta a leagtar amach sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ghnóthú. Ba cheart an cuspóir sin a shaothrú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.

(31)

Faoin 31 Iúil 2022, ba cheart don Choimisiún tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún na táscairí coiteanna agus an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta dá bhforáiltear faoin Rialachán seo mar aon le faisnéis ábhartha eile atá ar fáil a chur san áireamh. D’fhéadfadh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún na príomhthátail óna thuarascáil athbhreithnithe a thíolacadh i gcomhthéacs an idirphlé téarnaimh agus athléimneachta a bhunaítear faoin Rialachán seo.

(32)

Chun a rannchuidiú le cuspóirí na Saoráide a áirithiú, ba cheart bearta le haghaidh cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na dtionscadal infheistíochta poiblí trí phacáiste comhleanúnach a bheith sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ba cheart do na bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh a bheith incháilithe. Ba cheart do phleananna téarnaimh agus athléimneachta a bheith comhsheasmhach leis na dúshláin agus na tosaíochtaí tírshonracha ábhartha arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar aon leis na dúshláin agus na tosaíochtaí a sainaithníodh sa mholadh is déanaí ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro i gcás na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Ba cheart do phleananna téarnaimh agus athléimneachta a bheith comhsheasmhach freisin le Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, pleananna um aistriú cóir, Plean Cur Chun Feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg agus na comhaontuithe comhpháirtíochta agus na cláir oibríochtúla arna nglacadh faoi chistí an Aontais. Chun borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí a thagann faoi thosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Chláir Oibre Dhigitigh, ba cheart freisin go leagfar amach bearta sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá ábhartha maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Leis na bearta sin ba cheart go bhféadfaí spriocanna, cuspóirí agus rannchuidithe a leagtar amach sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, agus nuashonruithe de, a sheachadadh go gasta. Ba cheart caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais a urramú go hiomlán agus gach gníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht á saothrú. Ba cheart freisin do phleananna téarnaimh agus athléimneachta prionsabail chothrománacha na Saoráide seo a urramú.

(33)

Níor cheart do phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta difear a dhéanamh don cheart comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích nó a fhorfheidhmiú nó gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le dlí agus cleachtais an Aontais agus an dlí agus na cleachtais náisiúnta.

(34)

Féadfar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a mheas mar chomhpháirtithe tábhachtacha i gcur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí. Ba cheart, ina leith sin, go rachfaí i gcomhairle leo agus go mbeidís rannpháirteach ar bhonn iomchuí, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta.

(35)

I gcás ina mbeidh Ballstát díolmhaithe ón bhfaireachán agus measúnú arna ndéanamh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), nó i gcás ina mbeidh sé faoi réir faireachas faoi Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle (11), ba cheart go bhféadfaí an rialacháin seo a chur i bhfeidhm ar an mBallstát lena mbaineann i ndáil leis na dúshláin agus na tosaíochtaí arna sainaithint ag na Rialacháin sin.

(36)

Chun an t-ullmhúchán agus an cur chun feidhme atá á dhéanamh ag na Ballstáit ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, ba cheart go mbeadh an Chomhairle in ann plé a dhéanamh, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, ar staid an téarnaimh, na hathléimneachta agus na hacmhainne coigeartaithe san Aontas. Ba cheart go mbeadh an plé sin bunaithe ar an bhfhaisnéis straitéiseach agus anailíseach atá ar fáil don Choimisiún i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, más ann di, ar bonn na faisnéise maidir le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta sna blianta roimhe sin.

(37)

Chun ranníocaíocht fhiúntach airgeadais atá i gcomhréir le riachtanais iarbhír na mBallstáit a áirithiú chun tabhairt faoi na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus chun iad a thabhairt i gcrích, is iomchuí go mbunófar ranníocaíocht uasta a bheidh ar fáil dóibh faoin tSaoráid mar thacaíocht airgeadais neamh-in-aisíoctha). Ba cheart 70% den ranníocaíocht uasta airgeadais sin a ríomh ar bhonn an daonra, inbhéartach OTI per capita agus an ráta choibhneasta dífhostaíochta i ngach Ballstát, 30% den ranníocaíocht uasta airgeadais a ríomh ar bhonn an daonra, inbhéartach OTI per capita, agus, i gcion comhionann, ar bhonn an athraithe ar fhíor-OTI in 2020 agus an athraithe comhiomlánaithe ar fhíor-OTI le linn na tréimhse 2020 - 2021 bunaithe ar réamhaisnéisí an Choimisiún d’Fhómhar 2020 i gcás sonraí nach mbeidh ar fáil tráth a bheidh an ríomh á dhéanamh.

(38)

Is gá próiseas a bhunú chun tograí maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta ó na Ballstáit a thíolacadh, mar aon leis an ábhar atá iontu. Ba cheart do Bhallstát a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a thíolacadh ar bhonn oifigiúil, de ghnáth, faoin 30 Aibreán, agus d’fhéadfaí é sin a dhéanamh in éineacht lena gClár Náisiúnta um Athchóiriú. Chun cur chun feidhme gasta na Saoráide a áirithiú, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit dréachtphlean téarnaimh agus athléimneachta a thíolacadh ag tosú ón 15 Deireadh Fómhair den bhliain roimhe sin.

(39)

Chun úinéireacht náisiúnta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí ábhartha agus aird orthu sin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit ar mhian leo tacaíocht a fháil plean téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin a bhfuil réasúnú agus bunús cuí leis. Ba cheart go sonrófaí sa Phlean sin an chaoi a mbeidh sé, agus na bearta a áirítear ann á gcur san áireamh, ina fhreagairt chuimsitheach chothromaithe ar staid eacnamaíoch agus shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, lena rannchuideofar go hiomchuí, dá bhrí sin, leis na sé cholún , agus dúshláin shonracha an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh. Ba cheart go leagfaí amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta an tacar mionsonraithe de bhearta maidir lena fhaireachán agus cur chun feidhme, lena n-áirítear spriocanna agus clocha míle agus costais mheasta, mar aon le tionchar ionchasach an phlean téarnaimh agus athléimneachta ar acmhainneacht fáis, ar chruthú post agus ar athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus maidir le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas. Ba cheart a bheith ar áireamh ann freisin bearta atá ábhartha maidir leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, agus an t-aistriú digiteach; ba cheart a bheith ar áireamh ann freisin míniú ar conas a rannchuideoidh sé le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin agus tosaíochtaí tírshonracha ábhartha a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena n-áirítear gnéithe fioscacha agus moltaí a rinneadh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart a bheith ar áireamh ann freisin míniú ar conas a áirithítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta nach ndéanfaidh aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sa phlean dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’). Ba cheart go leagfaí amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta an rannchuidiú a bhfuiltear ag dréim leis ó thaobh comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna de do chách mar aon le hachoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin a ndeachthas ina bhun le geallsealbhóirí náisiúnta ábhartha.

Ba cheart go dtabharfaí míniú sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar phleananna, córais agus bearta nithiúla na mBallstát chun coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus chun cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. D’fhéadfadh sé go n-áiritheofaí freisin leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta tionscadail trasteorann nó tionscadail iltíre. Ba cheart go n-iarrfaí go mbeadh dlúthchomhar ann idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus go mbainfí amach é le linn an phróisis.

(40)

Ba cheart cur chun feidhme na saoráide a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear calaois a chosc agus a ionchúiseamh go héifeachtach, lena n-áirítear calaois chánach, imghabháil cánach, éilliú agus coinbhleachtaí leasa.

(41)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna moladh ag gach Ballstát agus ba cheart dó gníomhú i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún úinéireacht náisiúnta an phlean a lánurramú agus ba cheart dó, dá bhrí sin, na réasúnuithe agus na gnéithe arna soláthar ag na Ballstáit lena mbaineann a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta bunaithe ar liosta critéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá molta, agus, i gcás inarb infheidhme, ar na nuashonruithe a bhaineann leo, laistigh de dhá mhí ó thíolacadh oifigiúil na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ba cheart don Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a bheith in ann a chomhaontú síneadh a chur leis an sprioc-am sin ar feadh tréimhse réasúnta más gá.

(42)

Ba cheart treoirlínte iomchuí a leagan amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo chun feidhmiú mar bhonn don Choimisiún chun measúnú a dhéanamh ar bhealach atá trédhearcach agus cóir ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus chun an ranníocaíocht airgeadais a chinneadh i gcomhréir leis na cuspóirí agus aon cheanglais ábhartha eile a leagtar síos sa Rialachán seo. Ar mhaithe le trédhearcacht agus éifeachtúlacht, ba cheart córas rátála a bhunú chuige sin chun measúnú a dhéanamh ar na tograí le haghaidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Maidir leis na critéir a bhaineann leis na moltaí tírshonracha, leis an acmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach a neartú, agus lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart go dteastódh ó na critéir sin an scór is airde den mheasúnú a bhaint amach. Ba cheart rannchuidiú éifeachtach leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach a bheith ina réamhriachtanas freisin le haghaidh measúnú dearfach.

(43)

Chun rannchuidiú le pleananna ardcháilíochta téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus chun cuidiú leis an gCoimisiún sa mheasúnú ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag na Ballstáit agus sa mheasúnú ar an méid a baineadh amach leo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le húsáid a bhaint as comhairle ó shaineolaithe agus, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, piarchomhairleoireacht agus tacaíocht theicniúil. Féadfaidh na Ballstáit freisin tacaíocht a iarraidh faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin maidir le hIonstraim um Thacaíocht Theicniúil. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun sineirgí a chothú idir pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát eile.

(44)

Chun simpliú a dhéanamh, ba cheart go leanfaí critéir shimplí nuair a bheidh an ranníocaíocht á cinneadh. Ba cheart an ranníocaíocht a chinneadh ar bhonn chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta arna moladh ag an mBallstát lena mbaineann.

(45)

Ba cheart don Chomhairle an measúnú a dhéanfar ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, ar cinneadh é ar cheart di féachaint lena ghlacadh laistigh de cheithre seachtaine ó ghlacadh an togra sin. Ar choinníoll go dtugtar aghaidh go sásúil leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta ar na critéir mheasúnaithe, ba cheart an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann i gcás ina bhfuil costais iomlána mheasta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta comhionann le méid na ranníocaíochta uasta féin nó níos airde ná é. Ba cheart, ina ionad sin, méid a leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann a bheidh comhionann le costais iomlána mheasta an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcás inar lú na costais iomlána mheasta sin ná an ranníocaíocht uasta airgeadais féin. Níor cheart aon ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain don Bhallstát mura dtugann an plean téarnaimh agus athléimneachta aghaidh ar na critéir mheasúnaithe ar bhealach sásúil. Ba cheart an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a leasú, ar thogra ón gCoimisiún, chun an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe, arna ríomh ar bhonn torthaí iarbhír i mí an Mheithimh 2022 a áireamh. Ba cheart don Chomhairle an cinneadh leasaitheach ábhartha a ghlacadh gan moill mhíchuí.

(46)

Chun a áirithiú go dtabharfar tús áite don tacaíocht airgeadais sna blianta tosaigh tar éis ghéarchéim COVID-19, agus chun a áirithiú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an gcistiú atá ar fáil don tSaoráíd, ba cheart go mbeadh na cistí ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2023. Chuige sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta 70 % den mhéid a bheidh ar fáil don tacaíocht neamh-in-aisíoctha airgeadais a bheith geallta go dlíthiúil faoin 31 Nollaig 2022 agus 30% idir 1 Eanáir 2023 agus 31 Nollaig 2023. Faoin 31 Nollaig 2021, arna iarraidh sin do Bhallstát, iarraidh atá le tíolacadh in éineacht leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, is féidir méid suas le 13% den ranníocaíocht airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, suas le 13% de iasacht an Bhallstáit lena mbaineann a íoc i bhfoirm réamh-mhaoiniúcháin, a mhéid is féidir, laistigh de dhá mhí tar éis don Choimisiún na gealltanais dhlíthiúla a ghlacadh.

(47)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta tacaíocht airgeadais le haghaidh plean téarnaimh agus athléimneachta atá ag Ballstát a fháil i bhfoirm iasachta, faoi réir comhaontú iasachta leis an gCoimisiún a thabhairt i gcrích, ar bhonn iarratas cuí-réasúnaithe a fháil ón mBallstát lena mbaineann. Ba cheart iasachtaí atá ag tacú le cur chun feidhme pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2023 agus ba cheart iad a sholáthar ag aibíochtaí lena léirítear an caiteachas níos fadtéarmaí sin. De bhun Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (13)maidir le córas um Acmhainní Dílse an Aontais Eorpaigh, ba cheart aisíocaíochtaí a sceidealú, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ar bhealach lena n-áirithítear laghdú seasta agus intuartha ar dhliteanais. D’fhéadfadh na haibíochtaí sin imeacht ó aibíochtaí na gcistí a fhaigheann an tAontas ar iasacht chun na hiasachtaí ar na margaí caipitil a mhaoiniú. Dá bhrí sin, ní mór foráil a dhéanamh go bhféadfaí maolú ón bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais, nár cheart, dá réir sin, aibíochtaí na n-iasachtaí le haghaidh tacaíocht airgeadais a chlaochlú.

(48)

Ba cheart údar cuí a bheith leis an iarraidh ar thacaíocht iasachta i ngeall ar na riachtanais airgeadais ar bhonn níos airde atá ceangailte leis na hathchóirithe agus infheistíochtaí breise a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, atá go háirithe ábhartha do na haistrithe glasa agus digiteacha, agus i ngeall ar chostas níos airde den phlean téarnaimh agus athléimneachta ná an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear tríd an ranníocaíocht neamh-inaisíoctha. Ba cheart go bhféadfaí an iarraidh ar thacaíocht iasachta agus an plean téarnaimh agus athléimneachta a thíolacadh in éindí. I gcás go ndéanfar an iarraidh ar thacaíocht iasachta ag am éagsúil, ba cheart go mbeadh plean téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe ina bhfuil clocha míle agus spriocanna breise ag gabháil léi. Chun tús-ualú acmhainní a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht iasachta a iarraidh faoin 31 Lúnasa 2023. Chun críoch bainistíochta fónta airgeadais, ní mór uasteorainn a chur le méid iomlán na n-iasachtaí arna ndeonú faoin Rialachán seo. Sa bhreis air sin, níor cheart d’uasmhéid na hiasachta do gach Ballstát a bheith níos airde ná 6,8 % dá Ollioncam Náisiúnta (OIN) in 2019, de réir shonraí Eurostat ag a bhfuil data scoir arb é Mí na Bealtaine 2020. In imthosca eisceachtúla, ba cheart go bhféadfaí cur leis an méid uasteoranta, faoi réir infhaighteacht acmhainní. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go bhféadfaí an iasacht a íoc amach i dtráthchodanna in aghaidh chomhlíonadh na dtorthaí. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar thacaíocht iasachta laistigh de dhá mhí. Ag gníomhú dó ar thogra ón gComhairle, ba cheart go mbeadh an Chomhairle in ann an measúnú sin a fhormheas le tromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún trí chinneadh cur chun feidhme, ar cinneadh é ar cheart don Chomhairle féachaint lena ghlacadh laistigh de cheithre seachtaine tar éis ghlacadh an togra sin ón gCoimisiún.

(49)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta ag Ballstát iarratas réasúnaithe a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta a leasú laistigh den tréimhse cur chun feidhme, i gcás ina bhfuil údar cuí le beart den sórt sin i ngeall ar imthosca oibiachtúla. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar cuí ann le leasú den sórt sin i ngeall ar na cúiseanna atá curtha in iúl ag an mBallstát lena mbaineann, ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta nua laistigh de dhá mhí. Ba cheart go mbeadh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a bheith in ann a chomhaontú síneadh a chur leis an sprioc-am sin ar feadh tréimhse réasúnta más gá. Ba cheart don Chomhairle an measúnú a dhéanfar ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta nua a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, ar cheart di féachaint lena ghlacadh laistigh de cheithre seachtaine tar éis glacadh an togra.

(50)

Ba cheart d’institiúidí an Aontais a lándícheall a dhéanamh an t-am próiseála a laghdú chun cur chun feidhme réidh agus mear na Saoráide a áirithiú.

(51)

Ar chúiseanna na héifeachtúlachta agus an tsimplithe maidir le bainistiú airgeadais na Saoráide, ba cheart tacaíocht airgeadais an Aontais do phleananna téarnaimh agus athléimneachta a bheith ina maoiniú atá bunaithe ar ghnóthú na dtorthaí arna dtomhas trí thagairt do chlocha míle agus spriocanna a léirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna bhformheas. Chuige sin, ba cheart an tacaíocht iasachta breise a bheith nasctha leis na clocha míle agus spriocanna breise i gcomparáid leo siúd atá ábhartha maidir leis an tacaíocht airgeadais (is é sin, an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha).

(52)

Braitheann scaoileadh na gcistí faoin tSaoráid ar na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a bheith á gcomhlíonadh ar bhealach sásúil ag na Ballstáit, de réir mar a leagtar amach iad sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus an mheastóireacht ar phleananna den sórt sin a bheith faofa ag an gComhairle. Sula nglacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-údarófar an ranníocaíocht airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, an iasacht a leithdháileadh, ba cheart dó iarraidh ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a thuairim a thabhairt i ndáil leis na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a bheith á gcomhlíonadh ar bhealach sásúil ag na Ballstáit ar bhonn réamh-mheasúnú ón gCoimisiún. Ionas go gcuirfidh an Coimisiún tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige, ba cheart dó a thuairim a thabhairt laistigh de cheithre seachtaine tar éis dó an réamh-mheasúnú ón gCoimisiún a fháil. Le linn a phléití, déanfaidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a dhícheall teacht ar chomhthoil. Más rud é, i gcásanna eisceachtúla, go measann Ballstát amháin nó níos mó gurb ann do dhiallais thromchúiseacha ó chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha, féadfaidh siad a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí an t-ábhar a tharchur chuig an gcéad Chomhairle Eorpach eile. Ba cheart freisin do na Ballstáit faoi seach an Chomhairle a chur ar an eolas gan mhoill mhíchuí, agus ba cheart don Chomhairle, ar a uain, é sin a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa gan mhoill . In imthosca eisceachtúla den sórt sin, níor cheart aon chinneadh maidir leis an ranníocaíocht airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, an tacaíocht iasachta a eisíoc a dhéanamh go dtí go mbeidh plé iomlán déanta ar an ábhar ag an gcéad Chomhairle Eorpach eile. De ghnáth, níor cheart don phróiseas sin a bheith níos faide ná trí mhí tar éis don Choimisiún tuairim a iarraidh ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.

(53)

Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, agus cineál feidhmíochtbhunaithe na Saoráide á urramú ag an am céanna, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i dtaca le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, fionraí, agus cistí a aisghabháil mar aon le comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh. Chun intuarthacht a áirithiú ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann iarrataí ar íocaíochtaí a thíolacadh dhá uair sa bhliain. Ba cheart go ndéanfar na híocaíochtaí ina dtráthchodanna agus go mbeidís bunaithe ar mheasúnú dearfach ag an gCoimisiún ar chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta ag an mBallstát. lena nmbaineann. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an úsáid a bhainfear as cistí i ndáil le bearta a dtacaíonn an tSaoráid leo dlí an Aontais agus dlí náisiúnta is infheidhme. Go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus go ndéanfar cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. I gcás nach bhfuil an plean téarnaimh agus athléimneachta curtha chun feidhme ar bhealach sásúil ag an mBallstát lena mbaineann, nó i gcás neamhrialtachtaí tromchúiseacha, a chiallaíonn calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa maidir leis na bearta arna dtacú leis an tSaoráid, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáidí faoi na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais, ba cheart go mbeadh sé indéanta na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh, mar aon leis an ranníocaíocht airgeadais a laghdú agus a aisghabháil. Ba cheart aisghabháil a áirithiú, i gcás inar féidir, trí íocaíochtaí atá fós gan íoc faoin tSaoráid a fhritháireamh . Ba cheart nósanna imeachta bréagnaitheacha iomchuí a bhunú lena áirithiú go n-urramófar, le cinneadh ón gCoimisiún i ndáil leis na méideanna a íocadh a chur ar fionraí agus a aisghabháil mar aon leis na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh, an ceart atá ag na Ballstáit barúlacha a thíolacadh. Ba cheart gach íocaíocht de ranníocaíochtaí airgeadais le Ballstáit a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2026, cé is moite de bhearta dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 1(3) de Rialachán (EU) 2020/2094 agus i gcásanna, cé gur cuireadh isteach an gealltanas dlíthiúil, nó gur glacadh an cinneadh, i gcomhlíonadh na spriocdhátaí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin, nach foláir don Aontas a bheith in ann a oibleagáidí i leith na mBallstát a chomhlíonadh, lena n-áirítear mar thoradh ar bhreithiúnas cinntitheach i gcoinne an Aontais.

(54)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach. Cé gurb é an Ballstát féin atá freagrach go príomha as a áirithiú go gcuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann ráthaíocht leordhóthanach a fháil ó na Ballstáit ina leith sin. Chuige sin, agus an tSaoráid á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú agus ba cheart dóibh méideanna a íocadh go míchuí nó a mí-úsáideadh a aisghabháil. Ba cheart na Ballstáit, ina leith sin, a bheith in ann brath ar a gcórais rialta bainistíochta buiséid náisiúnta. Ba cheart do Bhallstáit catagóirí caighdeánaithe de shonraí agus d’fhaisnéis a bhailiú lena lamhálfar do neamhrialtachtaí tromchúiseacha a chosc, a bhrath agus a cheartú, eadhon calaois, éilliú, agus coinbhleacht leasa maidir leis na bearta arna dtacú leis an tSaoráid. Ba cheart don Choimisiún córas faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil, lena n-áirítear aon uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca amháin, chun rochtain a fháil ar na sonraí agus an fhaisnéis sin agus anailís a dhéanamh orthu, d’fhonn iarratas ginearálaithe a bheith ag na Ballstáit.

(55)

Ba cheart go bhféadfaidh an Coimisiún, an Oifig Eorpach Fhrith-Chalaoise (OLAF), an Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), úsáid a bhaint as an gcóras faisnéise agus faireacháin de réir a n-inniúlachtaí agus a gceart féin.

(56)

Chun cur chun feidhme shocruithe an Bhallstáit a éascú, arb é is aidhm dóibh cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún faisnéis a chur ar fáil maidir leis na faighteoirí cistí arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) den Rialachán Airgeadais.

(57)

Níor cheart cead a thabhairt do na Ballstáit ná don Choimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin nuair is gá chun a áirithiú go ndéanfar iniúchadh agus rialú ar úsáid cistí i ndáil le bearta chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 (14) nó (AE) 2018/1725 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cibé ceann de dá Rialachán is infheidhme.

(58)

Ar mhaithe le faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú faoi dhó sa bhliain i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach. Ba cheart go ndéanfaí na tuarascálacha sin arna n-ullmhú ag na Ballstáit lena mbaineann a léiriú go hiomchuí sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, agus ba cheart iad a úsáid mar uirlis don tuairisciú ar dhul chun cinn maidir le bailchríoch a chur ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta.

(59)

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh tuairim a lorg óna mboird náisiúnta táirgiúlachta agus óna n-institiúidí neamhspleácha fioscacha maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear bailíochtú a d’fhéadfadh a bheith ann ar ghnéithe dá bplean téarnaimh agus athléimneachta.

(60)

Chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i gcur chun feidhme na Saoráide, ba cheart don Choimisiún, faoi réir imréiteach faisnéise íogaire nó rúnda, nó faoi réir socruithe iomchuí rúndachta más gá, doiciméid ábhartha agus faisnéis ábhartha a tharchur go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus, amhail na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, nó leasuithe orthu, arna dtíolacadh ag na Ballstáit, agus na tograí le haghaidh cinntí cur chun feidhme ón gComhairle arna gcur ar fáil go poiblí ag an gCoimisiún.

(61)

D’fhéadfadh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún gach dhá mhí ábhair a bhaineann le cur chun feidhme na Saoráide a phlé in Idirphlé Téarnaimh agus Athléimneachta, amhail pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát; an measúnú ón gCoimisiún; príomhthátail ón tuarascáil athbhreithnithe; an stádas maidir le comhlíonadh na gcloch mhíle agus na spriocanna; nósanna imeachta a bhaineann le híocaíocht agus le fionraí; agus aon fhaisnéis agus doiciméadacht ábhartha eile arna soláthar ag an gCoimisiún i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide. Ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar na gnéithe a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé maidir le téarnamh agus athléimneacht, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, má fhoráiltear dóibh.

(62)

Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach cistí a áirithiú agus chun prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais a urramú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach leis na cláir leanúnacha de chuid an Aontais agus go mbeidís mar chomhlánú orthu, agus san am céanna, ba cheart cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile de chuid an Aontais don chaiteachas céanna a sheachaint. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus don Bhallstát comhordú éifeachtach a áirithiú, ag gach céim den phróiseas, chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirgíocht i measc foinsí cistithe a choimirciú. Chuige sin, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha maidir le maoiniú reatha nó beartaithe an Aontais a chur ar fáil agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á gcur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart go mbeadh tacaíocht airgeadais faoin tSaoráid sa bhreis ar an tacaíocht a sholáthraítear faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear clár InvestEU. Ba cheart go mbeadh tionscadail athchóirithe agus infheistíochta arna maoiniú faoin tSaoráid in ann maoiniú a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

(63)

Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme na Saoráide a fhaire agus gnóthú na gcuspóirí faoin Rialachán seo a thomhas ar bhealach spriocdhírithe comhréireach. Agus faireachán á dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, ba cheart ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas. Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ba cheart don Choimisiún na táscairí coiteanna a leagan amach a bheidh le húsáid chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid agus modheolaíocht a shainiú chun caiteachas sóisialta, lena n-áirítear ar leanaí agus an óige, a thuairisciú faoin tSaoráid.

(64)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid ar bhonn na faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus ag an am ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, a sheachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na Saoráide ar an talamh.

(65)

Ba cheart scórchlár tiomnaithe a bhunú trí bhíthin gníomh tarmligthe chun go bhfeicfear an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát i ngach ceann de na sé cholún agus an dul chun cinn atá déanta a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i ndáil le táscairí coiteanna na Saoráide. Ba cheart an Scórchlár a bheith ag feidhmiú faoi mhí na Nollag 2021 agus ba cheart don Choimisiún é a nuashonrú faoi dhó sa bhliain.

(66)

Chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú iomchuí ar fheidhmíocht agus go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide, lena n-áirítear maidir le caiteachas sóisialta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an scórchlár tiomnaithe ina léirítear an dul chun cinn ar an gcur chun feidhme agus na táscairí coiteanna atá le húsáid mar aon leis an modheolaíocht chun caiteachas sóisialta, lena n-áirítear ar leanaí agus daoine óga, a thuairisciú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(67)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na Saoráide. Ba cheart a bheith san áireamh sa tuarascáil sin faisnéis maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit faoi na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna bhformheas. Ba cheart faisnéis a bheith san áireamh ann maidir le cur chun feidhme na gcloch míle agus na spriocanna, íocaíochtaí agus fionraíochtaí, chomh maith le rannchuidiú na saoráide leis na spriocanna aeráide agus digiteacha, táscairí coiteanna agus caiteachas arna mhaoiniú faoi na sé cholún.

(68)

Ba cheart meastóireacht neamhspleách a dhéanamh, ag féachaint ar ghnóthú chuspóirí na Saoráide, ar éifeachtúlacht úsáid acmhainní na Saoráide agus ar a breisluach. I gcás inarb iomchuí, ba cheart togra maidir le leasuithe ar an Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an meastóireacht sin. Sa bhreis air sin, ba cheart go ndéileálfadh meastóireacht neamhspleách ex-post le tionchar fadtéarmach na Saoráide sin.

(69)

Ba cheart don Chomhairle an measúnú ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit agus an tacaíocht chomhfhreagrach airgeadais a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme, ar thogra ón gCoimisiún. Chuige sin, agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin maidir leis an tacaíocht airgeadais a íoc ar chomhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha a thabhairt don Choimisiún, agus ba cheart don Choimisiún iad a fheidhmiú, i gcomhréir le nós imeacht scrúdúcháin Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Agus aird á tabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann tacaíocht airgeadais a íoc go pras faoin tSaoráid, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ba cheart do Chathaoirleach an choiste de réir bhrí an Rialacháin sin a mheas an bhféadfaí, i gcás aon dréachtghnímh cur chun feidhme, giorrú a dhéanamh ar an teorainn ama chun an coiste a chomóradh agus ar an teorainn ama atá ann don choiste a thuairim a thabhairt uaidh.

(70)

Tar éis cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh, ba cheart go bhféadfadh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le socruithe oibríochtúla áirithe de chineál teicniúil, ina dtugtar mionsonraí ar ghnéithe den chur chun feidhme maidir le hamlínte, táscairí le haghaidh clocha míle agus spriocanna, agus rochtain ar na sonraí foluiteacha. Chun ábharthacht leanúnach na socruithe oibríochtúla a áirithiú i ndáil leis na dálaí atá ann faoi láthair le linn chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, ba cheart go mbeadh sé indéanta gnéithe na socruithe oibríochtúla sin a mhodhnú de chomhthoil.

(71)

Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle de bhun Airteagal 322 CFAE. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus socraítear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhairí airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(72)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (19), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (20) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (21), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhithín bhearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le chalaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, tá an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú, coinbhleacht leasa nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht do OIPE, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa agus ciontaí coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(73)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta don Choimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht mhaoiniú an Aontais a chinntiú agus, de réir mar is iomchuí, a áirithiú go ndéanfar an tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin.

(74)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(75)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS MAOINIÚ

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’).

Leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide, a maoiniú, na foirmeacha cistiúcháin de chuid an Aontais fúithí agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘cistí an Aontais’ cistí arna gcumhdach le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, agus Ciste Muirí agus Iascaigh agus Dobharshaothraithe na hEorpa agus rialacha airgeadais dóibh siúd agus don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim um Bhainistíocht Teorann agus Víosa ( 'Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027');

(2)

ciallaíonn ‘ranníocaíocht airgeadais’ tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin tSaoráid atá ar fáil le leithdháileadh nó a leithdháileadh ar Bhallstát;

(3)

ciallaíonn ‘an Seimeastar Eorpach’) an próiseas a leagtar amach in Airteagal 2-a de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (23);

(4)

ciallaíonn ‘clocha míle agus spriocanna’ slata tomhais maidir le dul chun cinn i dtreo athchóiriú nó infheistíocht a bhaint amach, inar gnóthachain cháilíochtúla iad clocha míle agus inar gnóthachain chainníochtúla iad spriocanna;

(5)

ciallaíonn ‘athléimneacht’ an cumas aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh eacnamaíoch, sochaíoch agus éiceolaíoch agus/nó ar athruithe struchtúracha leanúnacha ar bhealach cóir, inbhuanaithe agus cuimsitheach; agus

(6)

ciallaíonn an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ gan tacú le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ná gan iad a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena ndéantar dochar suntasach d’aon chuspóir comhshaoil, faoi mar a thagraítear dó, i gcás inarb ábhartha, de réir bhrí Airteagal 17 Rialachán (AE) 2020/852.

Airteagal 3

Raon Feidhme

Tagróidh raon feidhme na Saoráide do réimsí beartais a bhfuil ábharthacht Eorpach ag baint leo arna struchtúrú i sé cholún:

(a)

an t-aistriú glas;

(b)

an claochlú digiteach;

(c)

fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil le FBManna láidre;

(d)

comhtháthú sóisialta agus críochach;

(e)

sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, a bhfuil mar aidhm leis, inter alia, acmhainneacht um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus acmhainneacht freagartha géarchéime a mhéadú; agus

(f)

beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige, amhail an t-oideachas agus scileanna.

Airteagal 4

Cuspóirí ginearálta agus sonracha

1.   I gcomhréir leis na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, an comhleanúnachas agus na sineirgí a ngintear leo, agus i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, ba cheart gurb é cuspóir ginearálta na Saoráide ná comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar athléimneacht, ar ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ar acmhainn choigeartaithe agus ar acmhainneacht fáis na mBallstát, trí tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na géarchéime sin, go háirithe ar na mná, a mhaolú, trí rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, trí thacú leis an aistriú glas, agus trí rannchuidiú le spriocanna aeráide 2030 an Aontais a ghnóthú, ar spriocanna iad a leagtar amach i bpointe (11) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus trí comhlíonadh á dhéanamh le cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus le cuspóir an aistrithe dhigitigh, lena rannchuideofar, dá bhrí sin, le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos, fás inbhuanaithe agus comhtháthú inbhuanaithe gheilleagair an Aontais a athbhunú agus a chur chun cinn, cothú á dhéanamh ar fhostaíocht ardcháilíochta a chruthú, agus lena rannchuideofar le huathriail straitéiseach an Aontais in éineacht le geilleagar oscailte agus lena nginfear breisluach Eorpach.

2.   Chun an cuspóir ginearálta sin a ghnóthú, is é an cuspóir sonrach a bheidh ag an tSaoráid tacaíocht airgeadais a sholáthar do Bhallstáit d'fhonn clocha míle agus spriocanna na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a ghnóthú mar a leagtar amach iad ina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta. An cuspóir sonrach sin, saothrófar é i ndlúthchomhar trédhearcach leis na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 5

Prionsabail chothrománacha

1.   Ní ghlacfaidh an tacaíocht ón tSaoráid, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ionad an chaiteachais bhuiséadaigh náisiúnta athfhilltigh agus léireofar urraim léi do phrionsabail na breisíochta i gcistiú an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.   Ní dhéanfar tacaíocht a chur ar fáil ón tSaoráid ach do bhearta a thugann urraim don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.

Airteagal 6

Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

1.   Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/2094, cuirfear chun feidhme iad faoin tSaoráid:

(a)

trí mhéid suas go dtí EUR 312 500 000 000 mar a thagraítear dó i bpointe (ii) d'Airteagal 3(2)(a) de Rialachán (AE) 2020/2094 i bpraghsanna 2018, méid a bhfuil fáil air le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoi réir Airteagal (4) agus (8) de Rialachán (AE) 2020/2094.

Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, ioncam sannta seachtracha a bheidh sna méideanna sin chun críoch Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

(b)

trí mhéid suas go dtí EUR 360 000 000 000 dá dtagraítear I bpointe (b) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 i bpraghsanna 2018, méid a bhfuil fáil air le haghaidh tacaíocht iasachta do Bhallstáit de bhun Airteagail 14 agus 15 den Rialachán seo, faoi réir Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) 2020/2094.

2.   Féadfaidh na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1(a) speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a ghnóthú, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, gníomhaíochtaí cuimsitheacha for-rochtana agus lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an tSaoráid a bhainistiú. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Acmhainní ó chláir bainistíochta comhroinnte agus úsáid acmhainní

1.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an tSaoráid, ar iarraidh sin ón mBallstát lena mbaineann faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann, agus chuige sin amháin.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a mholadh go n-áireofaí ina bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar chostais mheasta, na híocaíochtaí le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/240 agus méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán InvestEU. Ní rachaidh na costais sin thar 4 % de leithdháileadh iomlán airgeadais an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus urramófar ceanglais an Rialacháin seo leis na bearta ábhartha, mar a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta.

Airteagal 8

Cur chun feidhme

Is é an Coimisiún a chuirfidh an tSaoráid chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a glacadh de bhun Airteagal 322 CFAE, go háirithe an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

Airteagal 9

Breisíocht agus cistiú comhlántach

Beidh tacaíocht faoin tSaoráid sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh athchóirithe agus tionscadail infheistíochta tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

Airteagal 10

Bearta lena nasctar an tSaoráid leis an rialachas fónta eacnamaíoch

1.   Déanfaidh an Coimisiún togra a chur chuig an gComhairle chun na gealltanais nó na híocaíochtaí uile, nó cuid díobh, a fhionraí i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 126(8) nó (11) CFAE, nach ndearna Ballstát gníomhaíocht éifeachtach chun a easnamh iomarcach a cheartú, mura rud é gur chinn sé gurb ann do mhórshleabhcadh eacnamaíoch don Aontas ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(5) agus Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (25);

2.   Féadfaidh an Coimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun na gealltanais nó na híocaíochtaí uile, nó cuid díobh, a fhionraí i ndáil le haon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle dhá mholadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ar na forais go ndearna Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí nach bhfuil leordhóthanach a thíolacadh;

(b)

i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle dhá chinneadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 lena suítear neamhchomhlíonadh ag Ballstát ar na forais nár ghlac sé an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh;

(c)

i gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 agus i gcás ina gcinnfidh sé, dá thoradh sin, gan eisíocaíocht an chúnaimh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a údarú;

(d)

i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle nach bhfuil an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, á chomhlíonadh ag Ballstát.

Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fhionraíocht na ngealltanas; ní dhéanfar íocaíochtaí a fhionraí ach amháin nuair a bheidh gníomhaíocht láithreach á lorg agus i gcás neamhchomhlíonta shuntasaigh.

An cinneadh chun íocaíochtaí a chur ar fionraí, beidh feidhm aige maidir le hiarrataí ar íocaíochtaí a thíolacfar tar éis dháta an chinnidh fionraíochta.

3.   Maidir le togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh chun gealltanais a chur ar fionraí, measfar é a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinnfidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, togra den sórt sin a dhiúltú le tromlach cáilithe laistigh de mhí amháin ón dáta a ndéanfar an togra ón gCoimisiún a thíolacadh.

Beidh feidhm ag fionraíocht na ngealltanas maidir leis na gealltanais ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh ghlacadh an chinnidh fionraíochta.

Déanfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh maidir le togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i ndáil le híocaíochtaí a chur ar fionraí.

4.   Maidir le raon feidhme agus leibhéal na fionraíochta a fhorchuirfear ar na gealltanais nó ar an íocaíocht, beidh siad comhréireach, urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit agus cuirfidh siad san áireamh dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, go háirithe an leibhéal dífhostaíochta, an leibhéal bochtaineachta nó an leibhéal eisiaimh shóisialta sa Bhallstát lena mbaineann i gcomparáid le meán an Aontais agus tionchar na fionraíochta ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Beidh fionraíocht na ngealltanas faoi réir uasmhéid 25 % de na gealltanais nó 0,25 % de OTI ainmniúil, cibé acu is ísle, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

sa chéad chás de neamhchomhlíonadh nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear i mír 1;

(b)

sa chéad chás de neamhchomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;

(c)

i gcás neamhchomhlíonadh an phlean gníomhaíochta ceartaithí arna mholadh de bhun nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;

(d)

sa chéad chás de neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 2.

I gcás neamhchomhlíonadh leanúnach, féadfaidh fionraíocht na ngealltanas a bheith níos mó ná na céatadáin uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír.

6.   Sna cásanna seo a leanas, cuirfidh an Chomhairle deireadh le fionraíocht na ngealltanas ar thogra ón gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo:

(a)

má tá an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 nó go bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm;

(b)

má tá tacú tugtha ag an gComhairle don phlean gníomhaíochta ceartaithí a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil deireadh curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán sin;

(c)

má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002;

(d)

má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an clár coigeartaithe macraeacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, a chur chun feidhme.

Tar éis don Chomhairle deireadh a chur le fionraíocht na ngealltanas, féadfaidh an Coimisiún dul i mbun na ngealltanas buiséadach arís maidir leis na leithreasaí a cuireadh ar fionraí roimhe sin gan dochar d’Airteagal 3(4), (7) agus (9) de Rialachán (AE) 2020/2094 .

Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le deireadh a chur le fionraíocht na n-íocaíochtaí ar thogra ón gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa tríú fomhír de mhír 3, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

7.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfaidh an Coimisiún go háirithe, nuair a dhéanann an Coimisiún togra de bhun míreanna 1 nó 2, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach agus déanfaidh sé mionsonraí a sholáthar faoi ghealltanais agus íocaíochtaí a d’fhéadfaí a chur faoi réir fionraí.

Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún plé a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcomhthéacs idirphlé struchtúrtha chun go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann a tuairimí a chur in iúl. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí a chuirfidh Parlaimint na hEorpa in iúl.

Déanfaidh an Coimisiún an togra maidir le fionraí nó an togra chun deireadh a chur le fionraí den sórt sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan mhoill tar éis a ghlactha. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhí aige dá thogra.

8.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo. Chuige sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil a ndéanfaidh sé í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus, i gcás inar gá sin, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

9.   Nuair a tharlóidh athruithe móra sna dálaí sóisialta agus eacnamaíocha san Aontas, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, nó féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 225 nó le hAirteagal 241 CFAE faoi seach, a iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a thíolacadh.

CAIBIDIL II

RANNÍOCAÍOCHT AIRGEADAIS, AN PRÓISEAS LEITHDHÁILTE AGUS IASACHTAÍ AGUS ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 11

An ranníocaíocht uasta airgeadais

1.   Déanfar an ranníocaíocht uasta airgeadais a ríomh do gach Ballstáit aonair mar seo a leanas:

(a)

i gcás 70 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1), arna thiontú ina bpraghsanna reatha ar bhonn an daonra, inbhéartach OTI per capita agus an ráta choibhneasta dífhostaíochta i ngach Ballstát, mar a leagtar amach sa mhodheolaíocht in Iarscríbhinn II;

(b)

i gcás an 30 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1), arna thiontú ina bpraghsanna reatha, ar bhonn an daonra, inbhéartach OTI per capita, agus i gcion comhionann, an t-athrú san fhíor-OTI in 2020 agus an t-athrú comhiomlánaithe san fhíor-OTI don tréimhse 2020-2021 mar a leagtar amach sa mhodheolaíocht in Iarscríbhinn III. Déanfar an t-athrú san fhíor-OTI do 2020 agus an t-athrú comhiomlánaithe san fhíor-OTI don tréimhse 2020 go 2021 a bhunú ar réamhaisnéisí Fhómhar 2020 ón gCoimisiún.

2.   Déanfar ríomh na ranníocaíochta uasta airgeadais faoi phointe (b) de mhír 1 a nuashonrú faoin 30 Meitheamh 2022 do gach Ballstát tríd na holltorthaí iarbhír maidir leis an athrú san fhíor-OTI in 2020 agus an t-athrú comhiomlánaithe san fhíor-OTI don tréimhse 2020 go 2021 a chur in ionad na sonraí ó réamhaisnéisí Fhómhar 2020 ón gCoimisiún.

Airteagal 12

Leithdháileadh na ranníocaíochta airgeadais

1.   Féadfaidh gach Ballstát iarratas a chur isteach suas lena ranníocaíocht uasta airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 11, chun a phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2022, cuirfidh an Coimisiún 70 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1), ar fáil lena leithdháileadh, arna thiontú ina bpraghsanna reatha.

3.   Ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023, cuirfidh an Coimisiún 30 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) ar fáil lena leithdháileadh arna thiontú ina bpraghsanna reatha.

4.   Ní dochar d’Airteagal 6(2) na leithdháiltí faoi mhíreanna 2 agus 3..

Airteagal 13

Réamh-mhaoiniú

1.   Faoi réir an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a bheith glactha ag an gComhairle, agus arna iarraidh sin ag Ballstát in éineacht le tíolacadh a phlean téarnaimh agus athléimneachta, déanfaidh an Coimisiún íocaíocht réamh-mhaoinithe de mhéid suas le 13 % den ranníocaíocht airgeadais, agus, i gcás inarb infheidhme, suas le 13 % den iasacht mar a leagtar amach in Airteagal 20(2) agus (3). De mhaolú ar Airteagal 116(1) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún, a mhéid is féidir, an íocaíocht chomhfhreagrach laistigh de 2 mhí tar éis dó an gealltanas dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 23 a ghlacadh.

2.   I gcásanna réamh-mhaoinithe faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfar na ranníocaíochtaí airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, an iasacht atá le híoc dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (h) d'Airteagal 20(5), faoi seach, a choigeartú go comhréireach.

3.   Má tá méid réamh-mhaoinithe na ranníocaíochta airgeadais faoi mhír 1 den Airteagal seo níos mó ná 13 % den ranníocaíocht uasta airgeadais, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(2), faoin 30 Meitheamh 2022, laghdófar an chéad íocaíocht eile a údarófar i gcomhréir le hAirteagal 24(5), agus más gá, na híocaíochtaí ina dhiaidh sin, go dtí go ndéanfar méid an bharrachais a fhritháireamh. Mura leor na híocaíochtaí atá fágtha, aisíocfar méid an bharrachais.

Airteagal 14

Iasachtaí

1.   Arna iarraidh sin ó Bhallstát, agus go dtí an 31 Nollaig 2023, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht iasachta a dheonú don Bhallstát lena mbaineann chun a phleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme.

2.   An tráth céanna le plean téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 18 a thíolacadh nó ag tráth éigin eile suas go dtí an 31 Lúnasa 2023, féadfaidh Ballstát tacaíocht iasachta a iarraidh. Sa chás deireanach, beidh plean téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe, clocha míle agus spriocanna breise san áireamh, ag gabháil leis an iarraidh sin.

3.   Leis an iarraidh ar thacaíocht iasachta ó Bhallstát, leagfar amach:

(a)

na fáthanna atá leis an tacaíocht iasachta, arb iad na riachtanais airgeadais bhreise is bonn cirt leo agus a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí breise;

(b)

na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise i gcomhréir le hAirteagal 18;

(c)

costas níos airde a bheith leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta lena mbaineann i gcomparáid le méid na ranníocaíochtaí airgeadais a leithdháiltear ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta de bhun phointe (a) nó (b) d'Airteagal 20(4) faoi seach.

4.   An tacaíocht iasachta do phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit lena mbaineann, ní mó ná an difríocht idir méid iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta arna athbhreithniú i gcás inarb ábhartha a bheidh sé agus an ranníocaíocht uasta dá dtagraítear in Airteagal 11.

5.   Ní mó ná 6,8 % d'OIN an Bhallstáit in 2019 i bpraghasanna reatha a bheidh méid uasta na tacaíochta iasachta le haghaidh gach Ballstát.

6.   De mhaolú ar mhír 4, faoi réir na hinfhaighteachta acmhainní agus in imthosca eisceachtúla, féadfar cur le méid na hiasachta.

7.   Eisíocfar an iasacht i dtráthchodanna faoi réir chomhlíonadh na gcloch mhíle agus na spriocanna i gcomhréir le hAirteagal 20(5)(h).

8.   Is i gcomhréir le hAirteagal 19 a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarraidh ar thacaíocht iasachta. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh, ar thogra ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 20(1). I gcás inarb iomchuí, leasófar an plean téarnaimh agus athléimneachta dá réir.

Airteagal 15

Comhaontú iasachta

1.   Sula ndéanann sé comhaontú leis an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún measúnú le féachaint:

(a)

an réasúnta agus an inchreidte an réasúnú le hiarraidh ar thacaíocht iasachta agus ar mhéid na hiasachta i ndáil leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise; agus

(b)

an gcomhlíonann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3).

2.   I gcás mheasann an Coimisiún go gcomhlíonann an iarraidh ar thacaíocht iasachta critéir mhír 1, agus ar ghlacadh an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1), déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an mBallstát lena mbaineann. Sa chomhaontú iasachta, anuas ar na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais, beidh na gnéithe seo a leanas:

(a)

méid na hiasachta i euro, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, méid na hiasachta réamh-mhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 13;

(b)

an mheánaibíocht; ní bheidh feidhm ag Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis an aibíocht seo;

(c)

an fhoirmle phraghsála, agus tréimhse infhaighteachta na hiasachta;

(d)

an t-uaslíon tráthchodanna agus an sceideal aisíocaíochta;

(e)

na gnéithe eile a bhfuil gá leo chun an iasacht a chur chun feidhme i ndáil leis na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta lena mbaineann i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

3.   I gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais, is ar na Ballstáit is tairbhí a bheidh na costais a bhaineann le cistí a fháil ar iasacht le haghaidh na n-iasachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo.

4.   Bunóidh an Coimisiún na socruithe is gá maidir le riar na n-oibríochtaí iasachta a bhaineann le hiasachtaí a dheonú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.   Ballstát a thairbhíonn d’iasacht a dheonaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo, osclóidh sé cuntas tiomnaithe chun an iasacht a fhaightear a bhainistiú. Aistreoidh sé an caipiteal agus an t-ús atá dlite faoi aon iasacht lena mbaineann chuig cuntas arna shonrú ag an gCoimisiún i gcomhréir leis na socruithe arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4 roimhe fiche lá gnó roimh an dáta dlite comhfhreagrach.

Airteagal 16

Clásal athbhreithnithe

1.   Faoin 31 Iúil 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Leagfar amach na gnéithe seo a leanas sa tuarascáil athbhreithnithe:

(a)

measúnú ar a mhéid atá cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta ag teacht le raon feidhme chuspóir ginearálta an Rialacháin seo, lena n-áirítear conas a théann na pleananna téarnaimh agus athléimneachta i ngleic leis na neamhionannais idir mná agus fir agus a rannchuidíonn sé leis:

(b)

measúnú cainníochtúil ar rannchuidiú na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta leis an méid seo a leanas:

(i)

an sprioc aeráide de 37 % ar a laghad,

(ii)

an sprioc digiteach de 20 % ar a laghad,

(iii)

gach ceann de na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3;

(c)

staid chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus na mbarúlacha agus treoir do na Ballstáit sula ndéanfar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a thabhairt cothrom le dáta.

3.   Chun críocha na tuarascála athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 30, tuarascálacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 27, agus aon faisnéis ábhartha eile faoi chomhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, de réir mar atá ar fáil ó na nósanna imeachta maidir le híocaíocht, fionraí agus foirceannadh dá dtagraítear in Airteagal 24.

4.   Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún na príomhthátail ón tuarascáil athbhreithnithe a thíolacadh i gcomhthéacs an idirphlé téarnaimh agus athléimneachta a bhunaítear faoin rialachán seo dá dtagraítear in Airteagal 26.

CAIBIDIL III

PLEANANNA TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA

Airteagal 17

Incháilitheacht

1.   Faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3 agus de bhun na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4, ullmhóidh na Ballstáit pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Leagfar amach sna pleananna sin clár oibre athchóirithe agus infheistíochta an Bhallstáit lena mbaineann. Na pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin tSaoráid sin, beidh bearta san áireamh iontu chun athchóirithe agus infheistíochtaí poiblí a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach agus comhleanúnach, lena bhfhéadfaí scéimeanna poiblí a áireamh freisin arb é is aidhm dóibh infheistíocht phríobháideach a dhreasú.

2.   Beidh bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.   Beidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta comhsheasmhach leis na dúshláin agus na tosaíochtaí tírshonracha ábhartha arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar aon leis na cinn a sainaithníodh sa mholadh is déanaí ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro i gcás na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Beidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta comhsheasmhach freisin leis an bhfaisnéis a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina gCláir Náisiúnta Athchóirithe faoin Seimeastar Eorpach, ina bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus sna huasdátaithe orthu faoi Rialachán (AE) 2018/1999, sna pleananna críochacha um aistriú cóir faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir Rialachán um an Chiste um Aistriú Cóir), sna pleananna maidir leis an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme agus sna comhaontuithe comhpháirteacha agus cláir oibríochtúla faoi chistí an Aontais.

4.   Déanfaidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta prionsabail chothrománacha a bhunaítear faoi Airteagal 5 a urramú.

5.   I gcás ina bhfuil Ballstát díolmhaithe ó fhaireachán agus ó mheasúnú i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh ar bhonn Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó i gcás ina bhfuil sé faoi réir faireachais faoi Rialachán (CE) Uimh. 332/2002, beidh feidhm ag an Rialachán seo ar an mBallstát lena mbaineann i ndáil leis na dúshláin agus na tosaíochtaí a sainaithníodh trí na bearta sna Rialacháin sin.

Airteagal 18

Plean téarnaimh agus athléimneachta

1.   Ballstát ar mian leis ranníocaíocht airgeadais a fháil mar a cuireadh ar fáil lena leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 12, déanfaidh sé plean téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 17(1).

2.   Tar éis don Choimisiún an méid dá dtagraítear in Airteagal 12(3) a chur ar fáil lena leithdháileadh, féadfaidh Ballstát an plean téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nuashonrú agus a thíolacadh chun an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) a chur san áireamh.

3.   Féadfar an plean téarnaimh agus athléimneachta a chuirfidh an Ballstát i láthair a chur isteach i ndoiciméad comhtháite aonair in éineacht leis an gClár Náisiúnta Athchóirithe agus tíolacfar é go hoifigiúil, de ghnáth, faoin 30 Aibreán. Féadfaidh Ballstáit dréachtphlean téarnaimh agus athléimneachta ón 15 Deireadh Fómhair den bhliain roimhe.

4.   Beidh réasúnú agus bunús cuí ag dul leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta. Leagfar amach na gnéithe seo a leanas, go háirithe, ann:

(a)

míniú ar an gcaoi a mbeidh an plean téarnaimh agus athléimneachta, agus na bearta a áirítear ann á gcur san áireamh, ina fhreagairt chuimsitheach chothromaithe ar staid eacnamaíoch agus shóisialta an Bhallstáit, lena rannchuideofar go hiomchuí, dá bhrí sin, leis na colúin uile dá dtagraítear in Airteagal 3, agus dúshláin shonracha an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh.

(b)

míniú ar an gcaoi a rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin go léir nó ar fho-thacar suntasach de na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh, agus moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i gcás inarb iomchuí, dírithe ar na Ballstáit lena mbaineann, nó ar dhúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh;

(c)

míniú mionsonraithe ar an gcaoi a neartaíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta acmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch , shóisialta agus institiúideach an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

(d)

míniú ar conas a áirithítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta nach ndéanann aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (‘an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’);

(e)

míniú cáilíochtúil ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta leis an aistriú glas lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus an ionann iad agus méid arb ionann é agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí suim iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, de réir mar a mhínítear sa phlean;

(f)

míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh na bearta sa phlean leis an aistriú digiteacha nó leis na dúshláin a leanann as sin, agus an ionann iad agus méid arb ionann é agus 20 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta, bunaithe ar an modheolaíocht maidir leis an gclibeáil dhigiteach a leagtar amach in Iarscríbhinn VII; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VII; féadfar na comhéifeachtaí le haghaidh na tacaíochta do na cuspóirí digiteacha a mhéadú i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe lena gcuirtear lena dtionchar ar na cuspóirí digiteacha a chur san áireamh;

(g)

i gcás inarb iomchuí, le haghaidh infheistíochtaí in acmhainní digiteacha agus nascacht dhigiteach, go ndéanfar féinmheasúnú slándála bunaithe ar chritéir choiteanna oibiachtúla lena sainaithneofar aon saincheisteanna slándála, agus ina sonrófar an chaoi a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun dlíthe ábhartha an Aontais agus dlíthe ábhartha náisiúnta a chomhlíonadh;

(h)

eolas táscach faoi cé acu an tionscadail trasteorann nó tionscadail ilnáisiúnta atá sna bearta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta;

(i)

clocha míle, spriocanna agus amchlár táscach atá beartaithe chun na hathchóirithe a chur chun feidhme, agus infheistíochtaí a bheidh le tabhairt i gcrích faoin 31 Lúnasa 2026;

(j)

na tionscadail infheistíochta atá beartaithe agus an tréimhse infheistíochta a ghabhann leo;

(k)

costas iomlán measta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí arna gcumhdach faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a tíolacadh (dá ngairtear freisin ‘costas iomlán measta an phlean téarnaimh agus athléimneachta’) lena ngabhann réasúnú cuí mar aon le mínithe ar an gcaoi a bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta;

(l)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cistiú reatha nó beartaithe an Aontais;

(m)

na bearta tionlacain a bhféadfadh gá a bheith leo;

(n)

réasúnú ar chomhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta; agus míniú ar a chomhsheasmhacht le prionsabail pleananna agus cláir dá dtagraítear in Airteagal 17;

(o)

míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh na bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta le comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách agus le príomhshruthú na gcuspóirí sin, i gcomhréir le prionsabail 2 agus 3 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus le prionsabal 5 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA agus, i gcás inarb ábhartha, leis an straitéis náisiúnta maidir le comhionannas inscne;

(p)

na socruithe inmheánacha chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit lena mbaineann agus chun é a chur chun fheidhme go héifeachtach, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna atá molta, agus na táscairí gaolmhara;

(q)

chun an plean téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, , agus an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sa phlean téarnaimh agus athléimneachta;

(r)

míniú ar chóras na mBallstát chun coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a thagann ón tSaoráid, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais a sheachaint;

(s)

i gcás inarb iomchuí, an iarraidh ar thacaíocht iasachta agus na clocha míle breise dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus (3) agus na gnéithe di; agus

(t)

aon fhaisnéis ábhartha eile.

5.   Agus iad ag ullmhú tograí dá bplean téarnaimh agus athléimneachta, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a eagrú chun gur féidir leis na Ballstáit iarrthacha tairbhiú de thaithí Ballstát eile. Ina theannta sin, féadfaidh Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Spreagfar na Ballstáit chun ineirgid a chothú le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát eile.

Airteagal 19

Measúnú ón gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta nó, i gcás inarb infheidhme, ar an nuashonrú ar an bplean sinair, faoi mar a thíolaic an Ballstát é i gcomhréir le hAirteagal 18(1) nó 18(2) laistigh de dhá mhí ón dáta ar tíolacadh an plean sin go hoifigiúil, agus déanfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 20(1). Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise a iarrtar, agus féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta, más gá, lena n-áirítear tar éis don phlean téarnaimh agus athléimneachta a bheith tíolactha go hoifigiúil. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú síneadh a mhairfidh tréimhse réasúnta a chur leis an sprioc-am don mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) más gá.

2.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh faoin méid a bheidh le leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis anailíseach a bhfuil fáil uirthi san áireamh, ar faisnéis í faoin mBallstát lena mbaineann i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar aon leis an réasúnú agus na gnéithe a sholáthair an Ballstát sin, dá dtagraítear in Airteagal 18(4), agus aon fhaisnéis ábhartha eile amhail, go háirithe, an fhaisnéis atá i gClár Náisiúnta Athchóirithe an Bhallstáit agus i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide an Bhallstáit sin agus, sna pleananna críochacha um aistriú cóir faoin Rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir, i bpleananna cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg agus, más ábhartha, faisnéis ó thacaíocht theicniúil a fuarthas tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus, chun na críche sin, cuirfidh sé san áireamh na critéir seo a leanas, ar critéir iad a chuirfidh sé i bhfeidhm i gcomhréir le hIarscríbhinn V:

Ábharthacht:

(a)

cibé arb ionann an plean téarnaimh agus athléimneachta agus freagairt chuimsitheach agus chuí-chothromaithe ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta, lena rannchuideofar go hiomchuí, dá bhrí sin, le gach ceann den sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3, agus dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh;

(b)

cibé acu a mheastar nó nach meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar gach dúshlán nó ar fhothacar mór acu arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh agus moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i gcás inarb iomchuí, arna ndíriú ar an mBallstát lena mbaineann nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh;

(c)

cibé acu a mheastar nó nach meastar go rannchuideoidh an plean go héifeachtach le hacmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch, institiúideach agus shóisialta an Bhallstáit a neartú, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, maidir le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

(d)

cibé acu a mheastar nó nach meastar go n-áiritheofar leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta nach ndéanann aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’); déanfaidh an Coimisiún treoir theicniúil a sholáthar don Bhallstát chuige sin;

(e)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú glas lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus cibé arb ionann an méid atá i gceist leo agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí suim iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, faoi réir chomhaontú an Choimisiúin;

(f)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú digiteach, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus cibé arb ionann an méid atá i gceist leo agus 20 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach a leagtar amach in Iarscríbhinn VII; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VII; féadfar na comhéifeachtaí le haghaidh na tacaíochta do na cuspóirí digiteacha a mhéadú i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe lena gcuirtear lena dtionchar ar na cuspóirí digiteacha a chur san áireamh;

Éifeachtacht:

(g)

cibé acu a mheastar nó nach meastar go mbeidh tionchar buan ag an bplean téarnaimh agus athléimneachta ar an mBallstát lena mbaineann;

(h)

cibé acu a mheastar nó nach meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear an tráthchlár, na clocha míle agus na spriocanna atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara;

Éifeachtúlacht:

(i)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta réasúnta agus inchreidte agus cibé a bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta;

(j)

cibé a bhfuiltear nó nach bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na socruithe atá molta ag an mBallstát lena mbaineann coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a thagann ón tSaoráid aige, lena n-áirítear na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile an Aontais a sheachaint leo;

Comhleanúnachas:

(k)

cibé an bhfuil nó nach bhfuil bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochta poiblí ar gníomhaíochtaí comhleanúnacha iad;

4.   I gcás inar iarr an Ballstát lena mbaineann tacaíocht iasachta dá dtagraítear in Airteagal 14, déanfaidh an Coimisiún a mheas cibé a gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an iarraidh ar iasacht na critéir a leagtar amach in Airteagal 15(1), agus go háirithe cibé a gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise ar ina leith a rinneadh an iarraidh sin na critéir mheasúnaithe a bhaineann le mír 3.

5.   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar phlean téarnaimh agus athléimneachta, cuirfidh sé an measúnú sin agus réasúnú cuí leis in iúl laistigh den spriocdháta a leagtar amach i mír 1.

6.   Chun críoch an mheasúnaithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe.

Airteagal 20

Togra ón gCoimisiún agus cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle

1.   Ar thogra ón gCoimisiún, formheasfaidh an Chomhairle trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta arna thíolacadh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 18(1) nó, i gcás inarb infheidhme, an nuashonrú ar an bplean a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

2.   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar phlean téarnaimh agus athléimneachta, leagfar amach na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta a bheidh le cur chun feidhme ag an mBallstát leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna agus na ranníocaíochtaí airgeadais arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11.

3.   I gcás ina n-iarrann an Ballstát lena mbaineann tacaíocht iasachta, leagfar amach freisin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle méid na tacaíochta iasachta dá dtagraítear in Airteagal 14(4) agus (6) agus na hathchóirithe breise agus na tionscadail infheistíochta bhreise atá le cur chun feidhme ag an mBallstát arna gcumhdach leis an tacaíocht iasachta sin, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna breise.

4.   Maidir leis an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 2, cinnfear í ar bhonn chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta arna mholadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus é measúnaithe de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 19(3). Socrófar méid na ranníocaíochta mar seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3) go sásúil, agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta comhionann le, nó níos airde ná, an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh le haghaidh an Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid iomlán na ranníocaíochta uasta airgeadais arna ríomh don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b)

i gcás ina gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3) go sásúil, agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta níos ísle ná an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh le haghaidh an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta;

(c)

i gcás nach gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir atá leagtha amach in Airteagal 19(3), ní dhéanfar aon ranníocaíocht airgeadais a leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann.

5.   Chomh maith leis sin, leagfar síos leis an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 na nithe seo a leanas freisin:

(a)

an ranníocaíocht airgeadais atá le híoc i dtráthchodanna nuair a bheidh na clocha míle agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta comhlíonta go sásúil ag an mBallstát;

(b)

an ranníocaíocht airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, méid na tacaíochta iasachta atá le híoc mar réamh-mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 13 tar éis don phlean téarnaimh agus athléimneachta a bheith formheasta;

(c)

an tuairisc ar na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta agus méid chostas measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta;

(d)

an teorann ama, nach cóir dó a bheith níos déanaí ná an 31 Lúnasa 2026, faoinar gá na clocha míle agus na spriocanna deiridh le haghaidh tionscadail infheistíochta agus athchóirithe a bheith curtha i gcrích;

(e)

na socruithe agus an t-amchlár i ndáil le faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, bearta is gá chun Airteagal 22 a chomhlíonadh;

(f)

na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna beartaithe;

(g)

na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún; agus

(h)

i gcás inarb iomchuí, méid na hiasachta atá le haisíoc i dtráthchodanna agus na clocha míle agus spriocanna breise a bhaineann le híoc na hiasachta.

6.   Maidir leis na socruithe agus an tráthchlár le haghaidh faireacháin dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 5, na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna atá beartaithe dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 5, na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 5, agus, i gcás inarb iomchuí, na clocha míle agus spriocanna breise a bhaineann le híoc na hiasachta dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 5, sonrófar iad tuilleadh i socrúchán oibríochtúil a bheidh le comhaontú ag an mBallstát lena mbaineann agus ag an gCoimisiún tar éis ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear i mír 1.

7.   Glacfaidh an Chomhairle na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, mar riail ghinearálta, laistigh de cheithre seachtaine den togra ón gCoimisiún a bheith glactha.

8.   Ar thogra a fháil ón gCoimisiún, déanfaidh an Chomhairle a cinneadh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) a leasú chun an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(2), a áireamh gan moill mhíchuí.

Airteagal 21

Leasú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit

1.   I gcás nach bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann an plean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chuig an gCoimisiún chun togra a dhéanamh chun na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (3) a leasú nó a ionadú. Chuige sin, féadfaidh an Ballstát plean leasaithe nó plean nua téarnaimh agus athléimneachta a mholadh. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh chun go n-ullmhófaí togra den sórt sin faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

2.   I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha de bharr na gcúiseanna arna gcur chun cinn ag an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe nó nua a mheas i gcomhréir le hAirteagal 19, agus déanfaidh sé togra le haghaidh cinneadh nua cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 20(1) laistigh de dhá mhí ó thíolacadh oifigiúil na hiarrata. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú i dtaca le síneadh a chur leis an sprioc-am sin ar feadh tréimhse réasúnta más gá. Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh nua cur chun feidhme, mar riail ghinearálta, laistigh de cheithre seachtaine den togra ón gCoimisiún a bheith glactha.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha de bharr na gcúiseanna arna gcur chun cinn ag an mBallstát lena mbaineann, diúltóidh an Coimisiún don iarraidh laistigh den tréimhse chéanna dá dtagraítear i mír 2, tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de mhí amháin ó chonclúidí an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 22

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Agus an tSaoráid á cur chun feidhme acu, déanfaidh na Ballstáit, mar thairbhithe nó mar iasachtóirí na gcistí faoin tSaoráid, na bearta uile is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme á chomhlíonadh agus na cistí i ndáil le bearta a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid á n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil agus déanfaidh siad méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Féadfaidh na Ballstáit brath ar a gcórais rialta bainistithe buiséid náisiúnta.

2.   Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 15(2) agus 23(1), forálfar d’oibleagáidí na mBallstát:

(a)

a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a chuirtear ar fáil a úsáid mar is ceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme agus i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, go ndearnadh i gceart é i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b)

bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa mar a shainmhínítear in Airteagal 61(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais iad, agus a ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais leo, a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus gníomhaíochtaí dlí a dhéanamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme;

(c)

an méid seo a leanas a chur le haon iarraidh ar íocaíocht:

(i)

dearbhú bainistíochta gur úsáideadh na cistí chun na críche a beartaíodh dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach in éineacht leis an iarraidh ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa agus go dtugann na córais rialaithe a cuireadh ar bun na dearbhuithe is gá go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha go léir is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus

(ii)

achoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh, lena n-áirítear aon laigí a sainaithníodh agus aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh;

(d)

chun críocha iniúchta agus rialaithe agus chun faisnéis inchomparáide a sholáthar ar úsáid cistí i ndáil le bearta chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, na catagóirí caighdeánaithe sonraí seo a leanas a bhailiú agus rochtain orthu a áirithiú:

(i)

ainm fhaighteoir deiridh na gcistí;

(ii)

ainm an chonraitheora agus an fhochonraitheora, i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na gcistí i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí;

(iii)

céadainm nó céadainmneacha, sloinne nó sloinnte agus dáta breithe úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla fhaighteoir na gcistí nó an chonraitheora, mar a shainmhínítear i bpointe 6 d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

(iv)

liosta d’aon bhearta chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, méid iomlán chistiú phoiblí na mbeart sin, trí mhéid na gcistí a íocadh faoin tSaoráid agus faoi chistí eile an Aontais a léiriú:

(e)

údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) den Rialachán Airgeadais agus oibleagáidí a fhorchur ar gach faighteoir deiridh cistí arna níoc le haghaidh na mbeart chun na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, nó ar gach duine nó eintiteas eile atá bainteach lena gcur chun feidhme, údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) den Rialachán Airgeadais agus oibleagáidí comhchosúla a fhorchur ar fhaighteoirí deiridh uile cistí arna n-eisíoc;

(f)

taifid a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 132 den Rialachán Airgeadais.

3.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit ná an Coimisiún sonraí pearsanta mar a thagraítear dóibh i bpointe (d) de mhír (2) den Airteagal seo a phróiseáil ach amháin chun críche imeachtaí iniúchta agus rialaithe urscaoilte a bhaineann le húsáid cistí a bhaineann le cur chun feidhme na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 15(2) agus 23(1) agus d’fhad comhfhreagrach na n-imeachtaí sin. Faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, beidh an tSaoráid faoi réir tuairisciú faoin tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta dá dtagraítear in Airteagal 247 den Rialachán Airgeadais, agus go háirithe, tuairisciú ar leithligh sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún córas comhtháite agus idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil do na Ballstáit lena n-áireofar uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca chun rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha agus anailís a dhéanamh orthu, chun go ndéanfadh na Ballstáit an córas sin a chur i bhfeidhm ar bhealach ginearálaithe, lena n-áirítear le tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

5.   Déanfar foráil freisin sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus 23(1) do cheart an Choimisiúin an tacaíocht faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe sin.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe nó leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an chalaois, an t-éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú nó sula n-iarrfar aisíocaíocht luath.

Airteagal 23

Gealladh na ranníocaíochta airgeadais

1.   A luaithe a ghlacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme mar a thagraítear dó in Airteagal 20(1), tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an mBallstát lena mbaineann ina mbeidh gealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais. I gcás gach Ballstáit, ní sháróidh an gealltanas dlíthiúil an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 11(1)) do 2021 agus 2022, agus an ranníocaíocht airgeadais nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) do 2023.

2.   D’fhéadfadh gealltanais bhuiséadacha a bheith bunaithe ar cheanglais fhoriomlána agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar iad a bhriseadh síos ina dtráthchodanna bliantúla arna scaipeadh thar roinnt blianta.

Airteagal 24

Rialacha maidir le comhaontuithe a íoc, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le hiasachtaí

1.   Maidir le híocaíochtaí ranníocaíochtaí airgeadaí agus, i gcás inarb infheidhme, na hiasachta faoin Airteagal seo leis an mBallstát, lena mbaineann déanfar iad faoin 31 Nollaig 2026 agus i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil.

2.   Ar chur i gcrích na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha comhaontaithe atá sonraithe sa phlean téarnaimh agus athléimneachta arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 20, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inarb ábhartha na hiasachta, faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh Ballstáit iarrataí den sórt sin a thíolacadh don Choimisiún dhá uair sa bhliain.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhonn tosaigh agus gan moill mhíchuí, agus ar a dhéanaí laistigh de dhá mhí ón am ar cuireadh isteach an iarraidh, ar cibé ar comhlíonadh go sásúil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1) nó nár comhlíonadh iad. Tuigfear, ar chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna, nár aisiompaigh an Ballstát lena mbaineann bearta a bhaineann le clocha míle agus spriocanna a comhlíonadh go sásúil roimhe sin. Chun críoch an mheasúnaithe, cuirfear na socruithe oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 20(6) san áireamh freisin. Féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

4.   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún réamh-mheasúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha, cuirfidh sé a thorthaí ar fáil don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus iarrfaidh sé a thuairim maidir le comhlíonadh sásúil na gclocha míle agus na spriocanna ábhartha. Cuirfidh an Coimisiún tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige.

5.   I gcás ina mbeidh toradh dearfach ar mheasúnú an Choimisiúin, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena n-údarófar eisíocaíocht na ranníocaíochta airgeadais agus i gcás inarb infheidhme, na hiasachta, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Déanfar an cinneadh sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

6.   I gcás, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 5, go ndeimhníonn an Coimisiún nár comhlíonadh go sásúil na clocha míle agus na spriocanna a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1), cuirfear íocaíocht na ranníocaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, na hiasachta, ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chuid barúlacha a thíolacadh laistigh de mhí amháin ó mheasúnú an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.

Ní chuirfear an fhionraí i leataobh ach amháin i gcás ina bhfuil na bearta is gá glactha ag an mBallstát len mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonfar na clocha míle agus na spriocanna spriocanna a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a leagtar amach in Airteagal 20(1) go sásúil.

7.   De mhaolú ar Airteagal 116(2) den Rialachán Airgeadais, cuirfear tús leis an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ón dáta a chuirfear an cinneadh lena n-údarófar an eisíocaíocht in iúl don Bhallstát lena mbaineann de bhun mhír 5 den Airteagal seo, nó ón dáta a chuirfear in iúl go bhfuil fionraí á cur i leataobh de bhun an dara fomhír de mhír 6 den Airteagal seo.

8.   I gcás nach ndearna an Ballstát lena mbaineann na bearta is gá laistigh de thréimhse sé mhí ón gcur ar fionraí, laghdóidh an Coimisiún méid na ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, na hiasachta, go comhréireach tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis don Choimisiún a chuid conclúidí a chur in iúl.

9.   I gcás, laistigh 18 mí ó dháta glactha an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1), nach bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát lena mbaineann maidir le ceann ar bith de na clocha míle agus de na spriocanna ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus in Airteagal 23(1) a fhoirceannadh agus saorfaidh an Coimisiún méid na ranníocaíochta airgeadais gan dochar d’Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais. Déanfar aon réamh-mhaoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 13, a aisghabháil ina iomláine. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le foirceannadh comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagail 15(2) agus 23(1) agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le haisghabháil an réamh-mhaoiniúcháin tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis don Choimisiún a mheasúnú a chur in iúl ar cé acu a rinneadh aon dul chun cinn inbhraite nó nach ndearnadh.

10.   I gcás imthosca eisceachtúla, féadfar glacadh an chinnidh lena n-údaraítear eisíoc na ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, na hiasachta, i gcomhréir le mír 5 a chur siar go ceann trí mhí ar a mhéad.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

Airteagal 25

Trédhearcacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh go hoifigiúil ag na Ballstáit, agus na tograí le haghaidh cinntí cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1), arna bpoibliú ag an gCoimisiún, a tharchur go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan moill mhíchuí.

2.   Déanfar faisnéis arna tarchur ag an gCoimisiún chuig an gComhairle nó chuig aon cheann dá comhlachtaí ullmhúcháin i gcomhthéacs an Rialacháin seo nó a chur chun feidhme a chur ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa, faoi réir socruithe rúndachta más gá. Déanfar torthaí ábhartha an phlé arna dhéanamh i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle a chomhroinnt le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa.

3.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis íogair nó rúnda a fholú, dá gcuirfí leas poiblí an Bhallstáit i mbaol dá nochtfaí í. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún idirchaidreamh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le conas is féidir an fhaisnéis arna folú a chur ar fáil dóibh ar bhealach rúnda, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún forléargas do choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa ar na réamhthorthaí atá aige a bhaineann le comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát.

5.   Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a sholáthar maidir le staid an mheasúnaithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhthéacs an idirphlé téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 26.

Airteagal 26

Idirphlé Téarnaimh agus Athléimneachta

1.   Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún gach dhá mhí na hábhair seo a leanas a phlé:

(a)

staid an téarnaimh, na hathléimneachta agus na hacmhainneachta coigeartaithe san Aontas, mar aon leis na bearta arna nglacadh faoin Rialachán seo;

(b)

pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát;

(c)

measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát;

(d)

príomhthorthaí na tuarascála athbhreithniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2);

(e)

stádas an chomhlíonta i ndáil le clocha míle agus spriocanna phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát;

(f)

nósanna imeachta maidir le híocaíocht, fionraí agus foirceannadh, lena n-áirítear aon bhreathnú arna thíolacadh agus bearta feabhais arna ndéanamh ag na Ballstáit chun comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna a áirithiú;

(g)

aon fhaisnéis agus doiciméadacht ábhartha eile arna soláthar ag an gCoimisiún chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a bharúlacha a chur in iúl i rúin, i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh an Coimisiún aird a thabhairt ar aon ghnéithe a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé maidir le téarnamh agus athléimneacht, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, má sholáthraítear iad.

4.   Fónfaidh an scórchlár um théarnamh agus athléimneacht dá dtagraítear in Airteagal 30 mar bhonn don idirphlé maidir le téarnamh agus athléimneacht.

CAIBIDIL VI

TUAIRISCIÚ

Airteagal 27

Tuairisciú ag an mBallstát i gcomthéacs an tSeimeastair Eorpaigh

Tuairisceoidh an Ballstát lena mbaineann dhá uair sa bhliain faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh ar an dul chun cinn a rinneadh chun na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ghnóthú, lena n-áirítear an socrúchán oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 20(6) agus ar na táscairí comhchoiteanna amhail dá dtagraítear in Airteagal 29(4). Chuige sin, léireofar tuarascálacha na mBallstát go hiomchuí sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú a úsáidfear mar uirlis chun dul chun cinn a thuairisciú i dtreo thabhairt chun críche na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

CAIBIDIL VII

COMHLÁNTACHT, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 28

Comhordú agus comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, i mbealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgíochtaí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an tSaoráid agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, agus go háirithe le bearta arna maoiniú le cistí ón Aontas. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

a áirithiú gurb ann do chomhlántacht, sineirgíocht, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i ndáil le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(b)

sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus

(c)

dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun cuspóirí na Saoráide a ghnóthú.

Airteagal 29

Faireachán ar chur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a thomhas. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid.

2.   Le córas tuairiscithe feidhmíochta an Choimisiúin áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na torthaí ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ex-post ar an gcaiteachas arna mhaoiniú ag an tSaoráid faoi gach ceann de na colúin dá dtagraítear in Airteagal 3. Beidh an tuairisciú sin bunaithe ar mhiondealú ar an gcaiteachas measta arna sholáthar sna pleananna formheasta téarnaimh agus athléimneachta.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33, faoi dheireadh mhí na Nollag 2021, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

táscairí comhchoiteanna a leagan amach a bheidh le húsáid chun dul chun cinn a thuairisciú agus chun críche faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a ghnóthú; agus

(b)

modheolaíocht a shainiú chun tuairisciú a dhéanamh ar chaiteachas sóisialta, lena n-áirítear i dtaca le leanaí agus an óige, faoin tSaoráid.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún maidir leis na táscairí comhchoiteanna.

Airteagal 30

Scórchlár téarnaimh agus athléimneachta

1.   Déanfaidh an Coimisiún scórchlár téarnaimh agus athléimneachta (an ‘Scórchlár’) a chur ar bun, lena léireofar dul chun cinn chur chun feidhme phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát i ngach ceann de na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3. Is é a bheidh sa Scórchlár ná córas tuairiscithe feidhmíochta na Saoráide.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghnéithe mionsonraithe an Scórchláir a shainiú d’fhonn an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear i mír 1 a léiriú.

3.   Ina theannta sin, léireoidh an Scórchlár an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i dtaca leis na táscairí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 29(4).

4.   Beidh an Scórchlár ag feidhmiú faoi mhí na Nollag 2021 agus ba cheart don Choimisiún é a nuashonrú dhá uair sa bhliain. Cuirfear an Scórchlár ar fáil go poiblí é ar shuíomh gréasáin, nó trí thairseach idirlín.

Airteagal 31

Tuarascáil bhliantúil

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na Saoráide.

2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis faoin dul chun cinn a rinneadh le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát lena mbaineann faoin tSaoráid, lena n-áirítear faisnéis maidir le stádas chur chun feidhme na gcloch mhíle agus na spriocanna, agus stádas na n-eisíocaíochtaí agus fionraí na n-eisíocaíochtaí.

3.   Ina theannta sin, áireofar faisnéis sa tuarascáil bhliantúil faoi na nithe seo a leanas:

(a)

rannchuidiú na Saoráide leis na spriocanna aeráide agus digiteacha;

(b)

feidhmíocht na Saoráide bunaithe ar na táscairí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 29(4);

(c)

an caiteachas arna mhaoiniú ag an tSaoráid faoi na sé colúin dá dtagraítear in Airteagal 3, lena gcuimsítear caiteachas sóisialta, lena n-áirítear ar an óige agus ar na leanaí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 29(4).

4.   Chun críoch an tuairiscithe ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, féadfaidh an Coimisiún inneachar na ndoiciméad ábhartha arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún faoin Seimeastar Eorpach a úsáid, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 32

Meastóireacht agus meastóireacht ex-post ar an tSaoráid

1.   Faoin 20 Feabhra 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme na Saoráide mar aon le tuarascáil mheastóireachta neamhspleách ex post faoin 31 Nollaig 2028.

2.   Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar measúnú, go háirithe, ar a mhéid a gnóthaíodh na cuspóirí, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach. Déanfar breithniú inti freisin ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an meastóireacht sin.

4.   Beidh measúnú foriomlán ar an tSaoráid sa tuarascáil mheastóireachta ex post agus beidh faisnéis faoina tionchar san fhadtéarma san áireamh inti freisin.

Airteagal 33

Tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a dhéanfar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 29(4) agus 30(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 19 Feabhra 2021 .

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 29(4) agus 30(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 29(4) agus 300(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de mhí amháin tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú aon mhí amháin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VIII

CUMARSÁID AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun go n-áiritheofar infheictheacht an chistithe ón Aontas don tacaíocht airgeadais i gcomhair an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá beartaithe, lena n-áirítear trí chomhghníomhaíochtaí cumarsáide leis na húdaráis náisiúnta lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin.

2.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí fheathal an Aontais a léiriú agus ráiteas cistithe iomchuí ar a mbeidh na focail ‘le cistiú ón Aontas Eorpach – NextGenerationEU’, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

3.   Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann leis an tSaoráid, agus le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun na Saoráide agus leis na torthaí a baineadh amach. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí agus iad a dhéanamh rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tSaoráid ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorporáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 35

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Feabhra 2021

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. COSTA


(1)  IO C 364, 28.10.2020, lch. 132.

(2)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 160.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Feabhra 2021.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Rialachán (CE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ón gComhairle (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 23).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(10)  Rialachán (AE) Uimh 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25).

(13)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(16)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(20)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(21)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L283, 31.10.2017, lch. 1).

(22)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

(26)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).


IARSCRÍBHINN I

Modheolaíocht d’áireamh na ranníocaíochta uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht d’áireamh na ranníocaíochta uasta airgeadais atá ar fáil do gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11. Cuirtear an meid seo saan áireamh i leith gach Ballstáit sa mhodh:

daonra;

inbhéarta den OTI per capita;

an meánráta dífhostaíochta le cúig bliana anuas i gcomparáid le meán an Aontais (2015-2019);

an titim i bhfíor-OTI in 2020 agus an titim i bhfíor-OTI in 2020 agus 2021 le chéile.

Chun chomhchruinniú iomarcach acmhainní a sheachaint:

tá uasteorainn 150 % de mheán an Aontais le hinbhéarta den OTI per capita;

tá uasteorainn 150 % de mheán an Aontais le diall ráta dífhostaíochta Bhallstáit aonair ó mheán an Aontais;

Chun margaí saothair Ballstát níos saibhre (lena mbaineann OIN per capita atá os cionn mheán an Aontais) atá níos cobhsaí go ginearálta a chur san áireamh, tá uasteorainn 75 % le diall a ráta dífhostaíochta ó mheán an Aontais.

Sainmhínítear an ranníocaíocht uasta airgeadais a dhéanann Ballstát faoin tSaoráid (MFCi) mar a leanas:

MFCi = ν i × (FS)

i gcás:

inarb é FS (Tacaíocht Airgeadais) maoiniú atá ar fáil faoin tSaoráid amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a); agus

inarb é νi eochair leithdháilte an Bhallstáit i, arna sainmhíniú mar:

νi = 0,7 κi + 0,3 αi

i gcás

inarb é κi an eochair leithdháilte arna chur i bhfeidhm ar 70 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1)(a) agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II; agus

αi an eochair leithdháilte arna chur i bhfeidhm ar 30 faoin gcéad den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) agus a leagtar amach in Iarscríbhinn III.


IARSCRÍBHINN II

Sainmhínítear an eochair leithdháilte, κi , arna cur i bhfeidhm ar 70 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) mar seo a leanas:

Image 1,

i gcás Image 2 agus Image 3,

le Image 4 ,

υi ≤ 0,75 do Bhallstáit le Image 5 agus

υi ≤ 1,5 do Bhallstáit leImage 6.

Ina sainmhínítear (1):

Image 7 mar OTI ainmniúil 2019 per capita ag Ballstáit i;

Image 8 mar mheán ualaithe OTI 2019 per capita Bhallstáit AE-27;

popi,2019 mar dhaonra iomlán 2019 i mBallstát i;

popEU,2019 mar dhaonra iomlán 2019 i mBallstáit AE-27;

Ui,2015-2019 mar mheánráta dífhostaíochta Bhallstáiti idir 2015-2019;

UEU,2015-2019 mar mheánráta dífhostaíochta Bhallstáit AE-27 idir 2015-2019 (meán ualaithe Bhallstáit AE-27 do gach bliain);

Image 9 mar OIN 2019 per capita Bhallstáit i;

Image 10 mar mheán ualaithe OIN 2019 per capita Bhallstáit AE-27.


(1)  Is as Eurostat a tógadh na sonraí go léir atá sa rialachán; scoithdháta Bealtaine 2020 maidir le sonraí stairiúla.


IARSCRÍBHINN III

Sainmhínítear an eochair leithdháilte, αi, arna cur i bhfeidhm ar 30 % den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) mar a leanas:

Image 11

i gcás

Image 12agusImage 13

i gcás

Image 14, Image 15 agus Image 16

le Image 17

Ina sainmhínítear:

GDPi,t mar fhíor-OTI thír i ag an am t = 2019, 2020, 2021;

Image 18 mar OTI 2019 per capita Bhallstát i;

Image 19 mar mheán ualaithe OTI 2019 per capita Bhallstáit AE-27;

popi,2019 mar dhaonra iomlán 2019 i mBallstát i;

opEU,2019 mar dhaonra iomlán 2019 Bhallstáit AE-27.

Is bunaithe ar réamhaisnéisí Fhómhar 2020 (δGDPi,2020–2019) ón gCoimisiún agus a thabharfar cothrom le dáta faoin 30 Meitheamh 2022 do gach Ballstát a bheidh an titim i bhfíor-OTI do 2020 agus an titim charnach i bhfíor-OTI don tréimhse 2020-2021 (δGDPi,2020–2019) agus glacfaidh na réamhaisnéisí sin ionad na sonraí ó réamhaisnéis Fhómhar 2020 ón gCoimisiún leis na holltorthaí iarbhír mar a thuairiscítear sa nuashonrú is déanaí atá ar fáil de chód-shraith Eurostat ‘tec00115 (Fíor-ráta fáis OTI – méid)’.


IARSCRÍBHINN IV

Is é a bheidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na modheolaíochtaí in Iarscríbhinní I, II agus III ar an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a), arna gcomhshó chuig praghsanna reatha, ná an sciar agus an méid seo a leanas den ranníocaíocht uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit, gan dochar don ríomh nuashonraithe faoin 30 Meitheamh 2022:

An ranníocaíocht uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit den AE

 

le haghaidh 30 % den mhéid atá ar fáil

le haghaidh 70 % den mhéid atá ar fáil (Méid táscach atá bunaithe ar Réamhaisnéisí Fhómhar 2020 ón gCoimisiún)

 

 

Sciar mar % den iomlán

Méid (in EUR 1 000 , praghsanna reatha)

Sciar mar % den iomlán

Méid (in EUR 1 000 , praghsanna reatha)

Iomlán

BE

1,56 %

3 646 437

2,20 %

2 278 834

5 925 271

BG

1,98 %

4 637 074

1,58 %

1 631 632

6 268 706

CZ

1,51 %

3 538 166

3,41 %

3 533 509

7 071 676

DK

0,56 %

1 303 142

0,24 %

248 604

1 551 746

DE

6,95 %

16 294 947

9,01 %

9 324 228

25 619 175

EE

0,32 %

759 715

0,20 %

209 800

969 515

IE

0,39 %

914 572

0,07 %

74 615

989 186

EL

5,77 %

13 518 285

4,11 %

4 255 610

17 773 895

ES

19,88 %

46 603 232

22,15 %

22 924 818

69 528 050

FR

10,38 %

24 328 797

14,54 %

15 048 278

39 377 074

HR

1,98 %

4 632 793

1,61 %

1 664 039

6 296 831

IT

20,45 %

47 935 755

20,25 %

20 960 078

68 895 833

CY

0,35 %

818 396

0,18 %

187 774

1 006 170

LV

0,70 %

1 641 145

0,31 %

321 944

1 963 088

LT

0,89 %

2 092 239

0,13 %

132 450

2 224 690

LU

0,03 %

76 643

0,02 %

16 883

93 526

HU

1,98 %

4 640 462

2,45 %

2 535 376

7 175 838

MT

0,07 %

171 103

0,14 %

145 371

316 474

NL

1,68 %

3 930 283

1,96 %

2 032 041

5 962 324

AT

0,95 %

2 231 230

1,19 %

1 230 938

3 462 169

PL

8,65 %

20 275 293

3,46 %

3 581 694

23 856 987

PT

4,16 %

9 760 675

4,01 %

4 149 713

13 910 387

RO

4,36 %

10 213 809

3,90 %

4 034 211

14 248 020

SI

0,55 %

1 280 399

0,48 %

496 924

1 777 322

SK

1,98 %

4 643 840

1,63 %

1 686 154

6 329 994

FI

0,71 %

1 661 113

0,41 %

424 692

2 085 805

SE

1,24 %

2 911 455

0,36 %

377 792

3 289 248

EU27

100,00 %

234 461 000

100,00 %

103 508 000

337 969 000


IARSCRÍBHINN V

Treoirlínte measúnaithe don tSaoráid

1.   Raon feidhme

Is é is cuspóir leis na treoirlínte measúnaithe seo fónamh in éineacht leis an Rialachán seo mar bhunús don Choimisiún chun measúnú a dhéanamh - ar bhealach trédhearcach agus cóir - ar na tograí le haghaidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna moladh ag Ballstáit, agus chun an ranníocaíocht airgeadais a chinneadh i gcomhréir leis na cuspóirí agus le haon cheanglas ábhartha eile a leagtar síos sa Rialachán seo. Is ionann na treoirlínte seo agus an bunús d’fheidhmiú na gcritéar measúnaithe agus do chinneadh na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19(3) agus in Airteagal 20(4) faoi seach.

Tá na treoirlínte measúnaithe ceaptha chun:

(a)

tuilleadh treorach a thabhairt maidir leis an bpróiseas measúnaithe ar na tograí le haghaidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

(b)

tuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis na critéir mheasúnaithe agus foráil a dhéanamh do chóras rátála, a bhunófar d’fhonn próiseas cothrom trédhearcach a áirithiú; agus

(c)

sainiú a thabhairt ar an nasc idir an measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún faoi na critéir mheasúnaithe agus cinneadh na ranníocaíochta airgeadais atá le leagan amach i dtogra an Choimisiúin le haghaidh cinneadh ón gComhairle i ndáil leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta.

Is uirlis atá sna treoirlínte chun éascú a dhéanamh ar mheasúnú an Choimisiúin ar na tograí le haghaidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag na Ballstáit, agus chun a áirithiú go dtacaíonn na pleananna téarnaimh agus athléimneachta le hathchóirithe agus le hinfheistíocht phoiblí atá ábhartha agus a bhfuil breisluach ard ag baint leo maidir le cuspóirí na Saoráide, agus cóir chothrom á háirithiú i measc na mBallstát ag an am céanna.

2.   Critéir mheasúnaithe

I gcomhréir le hAirteagal 19(3), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi critéir na hábharthachta, na héifeachtachta, na héifeachtúlachta agus an chomhleanúnachais. Mar thoradh ar an bpróiseas measúnaithe tabharfaidh an Coimisiún rátálacha ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag na Ballstáit, faoi gach critéar measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(3), d’fhonn an leithdháileadh airgeadais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 20(4).

Ar mhaithe leis an tsimplíocht agus leis an éifeachtúlacht, is é raon an chórais rátála A go C, mar a leagtar amach anseo thíos:

Ábharthacht:

2.1.   Is ionann an plean téarnaimh agus athléimneachta agus freagairt chuimsitheach agus chuí-chothromaithe ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta, lena rannchuideofar go hiomchuí, dá bhrí sin, le gach ceann den sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3, agus dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh.

Tabharfaidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

rannchuidítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta ar bhealach cuimsitheach agus cothrom leis na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3, agus dúshláin shonracha an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh agus ranníocaíocht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an tacaíocht iasachta a iarradh á gcur san áireamh.

Rátáil

A –

meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist.

B –

meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

C –

is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

2.2   Meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar gach dúshlán nó ar fhothacar mór acu a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh agus moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i gcás inarb iomchuí, arna ndíriú ar an mBallstát lena mbaineann nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an Seimeastair Eorpaigh.

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

Meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile nó le fothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh, agus sna moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh 1176/2011 i gcás inarb iomchuí a dhírítear chuig an Ballstát lena mbaineann nó na dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an Seimeastair Eorpaigh, ag cur san áireamh ranníocaíocht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an tacaíocht iasachta a iarradh chomh maith le raon feidhme agus scála na ndúshlán a bhaineann go sonrach le tír faoi leith agus an fhaisnéis atá sa Chlár Náisiúnta um Athchóiriú;

agus

is freagairt chuimsitheach agus leormhaith atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann;

agus

mheasfaí go bhfuil na fadhbanna a dtugann an plean téarnaimh agus athléimneachta aghaidh orthu suntasach chun borradh a chur faoi acmhainneacht fáis gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann ar bhealach inbhuanaithe;

agus

tar éis na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe a bheith tugtha chun críche, bheifí ag súil go mbeadh na dúshláin ghaolmhara fuascailte nó sáraithe ar bhealach sásúil lena rannchuideofar go suntasach lena réiteach.

Rátáil

A –

rannchuidíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile nó le fothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha, nó na dúshláin i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún faoin Seimeastar Eorpach, agus is freagairt chuimsitheach agus leormhaith atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.

B –

rannchuidíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh a thabhairt go páirteach ar dhúshláin uile nó le fothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha, nó na dúshláin i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún faoin Seimeastar Eorpach, agus is freagairt nach leor ach go páirteach atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.

C –

Ní rannchuidíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha, nó i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún faoin Seimeastar Eorpach, agus ní freagairt leormhaith atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.

2.3.   Meastar go rannchuideoidh an plean go héifeachtach le hacmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch institiúideach agus shóisialta an Bhallstáit a neartú, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime, agus feabhas á chur, ar an gcaoi sin, leis an gcomhtháthú agus leis an gcóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar seo:

Raon feidhme

tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta arb é is aidhm dóibh fás eacnamaíoch agus comhtháthú eacnamaíoch a chothú ar bhealach cuimsitheach, go háirithe aghaidh a thabhairt ar laigí i ngeilleagair na mBallstát, borradh a chur faoi acmhainneacht fáis gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann, cruthú post a spreagadh agus drochthionchair na géarchéime a mhaolú;

agus

tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta arb é is aidhm dóibh comhtháthú sóisialta agus córais cosanta sóisialta a neartú, lena n-áirítear beartais do leanaí agus don óige, leochaileachtaí sóisialta a laghdú, rannchuidiú le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus rannchuidiú le feabhas a chur ar leibhéil tháscairí a Scórchláir Shóisialta;

agus

tá an plean téarnaimh agus athléimneachta dírithe ar leochaileachtaí eacnamaíocha an Bhallstáit i leith suaití a laghdú,

agus

tá an plean téarnaimh agus athléimneachta dírithe ar acmhainneacht struchtúir eacnamaíocha agus/nó sóisialta agus institiúidí an Bhallstáit chun dul i ngleic le suaití agus chun seasamh ina gcoinne a mhéadú

agus

meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta leis an gcomhtháthú agus cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a fheabhsú.

Rátáil

A –

tionchar ionchasach ard

B –

tionchar ionchasach meánach

C –

tionchar ionchasach íseal

2.4.   Meastar go n-áiritheofar leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta nach ndéanfaidh aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (‘an prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh’);

Tabharfaidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

ní dhéanfaidh aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochta a áirítear sa phlean dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’).

Rátáil

A –

ní dhéanann aon bheart dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil (‘an prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh’).

C –

déanann beart amháin nó níos mó dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’).

2.5.   Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus cibé arb ionann an méid atá i gceist leo agus 37% ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí suim iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, faoi réir chomhaontú an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go héifeachtach leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus ar an gcaoi sin go rannchuideodh sé le spriocanna aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus cuspóir neodracht aeráide Aontais á chomhlíonadh ag an am céanna faoi 2050;

agus

cuireann na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm arb éard atá i gceist léi ualú sonrach a shannadh don tacaíocht a tugadh, rud a léiríonn a mhéid a rannchuidíonn an tacaíocht sin le cuspóirí aeráide. Bunófar na hualuithe ar thoisí agus ar chóid na gcineálacha idirghabhála a bhunaítear in Iarscríbhinn VI agus féadfar iad a mhéadú le haghaidh infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain um athchóiriú a chur san áireamh a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide ar bhealach inchreidte. Úsáidfear an córas ualaithe céanna i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála atá liostaithe in Iarscríbhinn VI.

agus

meastar go mbeidh tionchar buan ag cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe.

Rátáil

A –

meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist

B –

meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

C –

is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

2.6.   Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú digiteach, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus cibé arb ionann an méid atá i gceist leo agus 20% ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach a leagtar amach in IarscríbhinnVII; úsáidfear an mhodheolaíocht sin dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in IarscríbhinnVII; féadfar na comhéifeachtaí le haghaidh na tacaíochta do na cuspóirí digiteacha a mhéadú i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe lena gcuirtear lena dtionchar ar na cuspóirí digiteacha a chur san áireamh;

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go suntasach le haistriú digiteach earnálacha eacnamaíocha nó sóisialta;

meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go suntasach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascróidh as an aistriú digiteach

agus

Cuireann na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm arb éard atá i gceist léi ualú sonrach a shannadh don tacaíocht a tugadh, rud a léiríonn a mhéid a rannchuidíonn an tacaíocht sin le cuspóirí digiteacha. Bunófar na hualuithe ar thoisí agus ar chóid na gcineálacha idirghabhála a bhunaítear in Iarscríbhinn VII agus féadfar iad a mhéadú le haghaidh infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain um athchóiriú a chur san áireamh a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí digiteacha. Úsáidfear an córas ualaithe céanna i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála atá liostaithe in IarscríbhinnVII.

agus

meastar go mbeidh tionchar buan ag cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe.

Rátáil

A –

meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist

B –

meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

C –

is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

Éifeachtacht:

2.7.   Meastar go mbeidh tionchar buan ag an bplean téarnaimh agus athléimneachta ar an mBallstát lena mbaineann;

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

meastar go mbeidh athrú struchtúrach ann maidir leis an riarachán nó leis na hinstitiúidí lena mbaineann mar thoradh ar chur chun feidhme na mbeart atá beartaithe;

meastar go mbeidh athrú struchtúrach ann maidir le beartais lena mbaineann mar thoradh ar chur chun feidhme na mbeart atá beartaithe;

agus

meastar go mbeidh tionchar buan ag cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe.

Rátáil

A –

meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist

B –

meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

C –

is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

2.8.   Meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag na Ballstáit lena mbaineann faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear an tráthchlár atá beartaithe, na clocha míle agus na spriocanna, agus na táscairí gaolmhara.

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

sanntar tasc do struchtúr laistigh den Bhallstát chun: (i) an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme; (ii) faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na gcloch míle agus na spriocanna; agus (iii) tuairisciú a fheidhmiú;

agus

tá na clocha míle agus na spriocanna atá beartaithe soiléir agus réalaíoch; agus tá na táscairí atá beartaithe do na garspriocanna agus do na spriocanna sin ábhartha, inghlactha agus láidir;

agus

na socruithe foriomlána, atá molta ag na Ballstáit ó thaobh eagrúcháin de (lena n-áirítear foráil chun leithdháileadh foirne leordhóthanach a áirithiú) maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí, tá siad inchreidte.

Rátáil

A –

socruithe leormhaithe do chur chun feidhme éifeachtach

B –

socruithe íosta do chur chun feidhme éifeachtach

C –

socruithe neamhdhóthanacha do chur chun feidhme éifeachtach

Éifeachtúlacht:

2.9.   Tá an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta arna thíolacadh réasúnta agus inchreidte agus tá sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta.

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach go bhfuil méid chostais measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta iomchuí (réasúnta);

agus

sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach go bhfuil méid chostais measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le nádúr agus cineál na n-athchóirithe agus na n-infheistíochta atá beartaithe (inchreidte).

agus

sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach nach bhfuil méid chostais measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá le maoiniú faoin tSaoráid cuimsithe le maoiniú reatha nó beartaithe an Aontais.

agus

tá méid chostais measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir leis an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe a áirítear sa phlean.

Rátáil

A –

tá sé sin i gceist go láidir

B –

tá sé sin i gceist go measartha láidir

C –

is beag atá sé sin i gceist

2.10.   Meastar go ndéanfaidh na socruithe atá molta ag an mBallstát lena mbaineann coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile an Aontais a sheachaint;

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar seo:

Raon feidhme

tá an córas rialaithe inmheánaigh a bhfuil tuairisc air sa phlean téarnaimh agus athléimneachta bunaithe ar phróisis agus ar struchtúir láidre, agus sainaithnítear ann gníomhaithe soiléire (comhlachtaí/eintitis) agus a róil agus a bhfreagrachtaí i ndáil le feidhmiú na gcúraimí rialaithe inmheánaigh; áirithíonn sé go háirithe leithscaradh iomchuí na bhfeidhmeanna ábhartha;

agus

is leormhaith é an córas rialuithe agus socruithe ábhartha eile, lena n-áirítear chun sonraí faoi fhaighteoirí deiridh a bhfuil tuairisc orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhailiú agus a chur ar fáil, go háirithe chun éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí arna soláthar faoin tSaoráid;

agus

is leormhaith iad na socruithe a bhfuil tuairisc orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta chun cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint;

agus

tá an chumhacht dhlíthiúil agus an cumas riaracháin ag na gníomhaithe (comhlachtaí/eintitis) atá freagrach as rialuithe chun na róil agus na cúraimí dá bhforáiltear dóibh a fheidhmiú.

Rátáil

A –

socruithe leormhaithe

C –

Socruithe neamhdhóthanacha

Comhleanúnachas:

2.11.   Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha agus tionscadal infheistíochta poiblí ar gníomhaíochtaí comhleanúnacha iad.

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

Raon feidhme

tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a rannchuidíonn le héifeachtaí a chéile a dhaingniú.

áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta bearta atá comhlántach lena chéile.

Rátáil

A –

tá sé sin i gceist go láidir

B –

tá sé sin i gceist go measartha láidir

C –

is beag atá sé sin i gceist

3.   An ranníocaíocht airgeadais a chinneadh

I gcomhréir le hAirteagal 20, is é an togra ón gCoimisiún a chinnfidh an ranníocaíocht airgeadais agus é ag cur san áireamh thábhacht agus chomhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann, arna mheasúnú faoi na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3). Is chun na críche sin a chuirfidh sé na critéir seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

i gcás ina gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3) go sásúil, agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta comhionann le, nó níos airde ná, an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh le haghaidh an Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid iomlán na ranníocaíochta uasta airgeadais arna ríomh don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b)

i gcás ina gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3) go sásúil, agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta níos ísle ná an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh le haghaidh an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta;

(c)

i gcás nach gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir atá leagtha amach in Airteagal 19(3), ní dhéanfar aon ranníocaíocht airgeadais a leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann.

Chun críche chur chun feidhme na fomhíre seo, beidh na foirmlí seo a leanas i bhfeidhm:

le haghaidh (a) thuas: If Ci ≥ MFCi the Member State i receives MFCi

le haghaidh (b) thuas: If Ci ≥ MFCi the Member State i receives Ci

i gcás:

ina dtagraíonn i don Bhallstát lena mbaineann

inarb é MFC an ranníocaíocht uasta airgeadais don Bhallstát lena mbaineann

inarb é C méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta

Mar thoradh ar an bpróiseas measúnaithe, agus ag cur san na rátálacha san áireamh:

Comhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir mheasúnaithe:

Má áirítear leis an rátáil deiridh le haghaidh na gcritéar faoi phointe 2 scóir agus:

grád A le haghaidh chritéir 2.2, 2.3, 2.5 agus 2.6;

agus le haghaidh na gcritéar eile:

gráid A ar fad,

gan aon tromlach de ghráid B i gcomórtas le gráid A, agus gan C ar bith,

Ní chomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir mheasúnaithe:

Má áirítear leis an rátáil deiridh le haghaidh na gcritéar faoi phointe 2 scóir agus:

gan grád A i gcritéir 2.2, 2.3, 2.5 agus 2.6;

agus le haghaidh na gcritéar eile:

gráid B den chuid is mó seachas gráid A

C amháin ar a laghad


IARSCRÍBHINN VI

Modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide

Toisí agus cóid le haghaidh na gcineálacha idirghabhála don Saoráid

 

RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

Comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí an athraithe aeráide a ríomh

Comhéifeacht chun an tacaíocht do na cuspóirí comhshaoil a ríomh

001

Infheistíocht i sócmhainní seasta, lena n-áirítear bonneagar taighde, i micrifhiontair a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0%

0 %

002

Infheistíocht is sócmhainní seasta, lena n-áirítear bonneagar taighde, i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (lárionaid taighde phríobháideacha san áireamh) a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0%

0 %

002 a1

Infheistíocht i sócmhainní seasta i bhfiontair (1) mhóra a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear bonneagar taighde

0%

0 %

003

Infheistíocht i sócmhainní seasta, lena n-áirítear bonneagar taighde, i lárionaid taighde poiblí agus in ardoideachas phoiblí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0%

0 %

004

Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i micrifhiontair a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0%

0 %

005

Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i FBManna (lárionaid taighde phríobháideacha san áireamh) a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0%

0 %

005a1

Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i bhfiontair mhóra a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0%

0 %

006

Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i lárionaid taighde phoiblí agus in ardoideachas poiblí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0%

0 %

007

Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i micrifhiontair, líonrú san áireamh (taighde tionsclaíoch, forbairt thurgnamhach, staidéir indéantachta)

0%

0 %

008

Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i FBManna, líonrú san áireamh

0%

0 %

008a1.

Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i bhfiontair mhóra, líonrú san áireamh

0%

0 %

009

Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta in ionaid taighde phoiblí, ardoideachais agus in ionaid inniúlachta, líonrú san áireamh (taighde tionsclaíoch, forbairt thurgnamhach, staidéir indéantachta)

0%

0 %

010

FBManna digitithe (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, mol nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

0%

0 %

010a1

Fiontair mhóra a dhigitiú (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

0%

0 %

010b

FBManna nó fiontair mhóra a dhigitiú (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht) i gcomhréir le laghdú astaíochtaí GCT nó critéir éifeachtúlachta fuinnimh (2)

40 %

0%

011

Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais

0 %

0 %

011a

Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais a chomhlíonann laghdú astaíochtaí GCT nó critéir éifeachtúlachta fuinnimh  (2)

40 %

0%

012

Seirbhísí agus feidhmchláir ríomhaireachta le haghaidh scileanna digiteach agus cuimsiú digiteach

0 %

0 %

013

Ríomhsheirbhísí sláinte agus feidhmchláir sláinte (lena n-áirítear ríomh-Chúram, Idirlíon na Rudaí Nithiúla le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil agus maireachtáil chuidithe chomhthimpeallach)

0 %

0 %

014

Bonneagar gnó le haghaidh FBManna (lena n-áirítear páirceanna agus láithreáin thionsclaíocha)

0 %

0 %

015

Forbairt gnó agus idirnáisiúnú FBManna, lena n-áirítear infheistíochtaí táirgiúla

0 %

0 %

015a

Tacaíocht d’fhiontair mhóra trí ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear infheistíochtaí táirgiúla

0 %

0%

016

Scileanna a fhorbairt le haghaidh speisialtóireacht chliste, aistriú tionsclaíoch, fiontraíocht agus inoiriúnaitheacht fiontar i leith an athraithe

0 %

0 %

017

Ardseirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna agus grúpaí FBManna (lena n-áirítear seirbhísí bainistíochta, margaíochta agus dearaidh)

0 %

0 %

018

Goradh, tacaíocht do sheach-chuideachtaí agus mac-chuideachtaí agus gnólachtaí nua-thionscanta

0 %

0 %

019

Tacaíocht do bhraislí nuálaíochta lena n-áirítear idir gnólachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí agus líonraí gnó a théann chun tairbhe FBManna den chuid is mó

0 %

0 %

020

Próisis nuálaíochta i FBManna (nuálaíocht próiseas, eagraíochtúil, margaíochta, chomhchruthaithe, úsáideoirí agus bunaithe ar éileamh)

0 %

0 %

021

Aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair, lárionaid taighde agus an earnáil ardoideachais

0 %

0 %

022

Próisis taighde agus nuálaíochta, aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair a bhíonn ag díriú ar an ngeilleagar ísealcharbóin, buanseasmhacht agus oiriúnú don athrú aeráide

100 %

40 %

023

Próisis taighde agus nuálaíochta, aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair a bhíonn ag díriú ar an ngeilleagar ísealcharbóin

40 %

100 %

024

Éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail taispeána in FBManna agus bearta tacaíochta

40 %

40 %

024a

Éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail taispeána i bhfiontair mhóra agus bearta tacaíochta

40 %

40 %

024b

Éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail taispeána in FBManna nó i bhfiontair mhóra agus bearta tacaíochta i gcomhréir le critéir éifeachtúlachta fuinnimh (3)

100 %

40%

025

Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil ar an stoc tithíochta atá ann cheana, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta

40 %

40 %

025a

Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil ar an stoc tithíochta atá ann cheana, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta i gcomhréir le critéir éifeachtálachta fuinnimh (4)

100 %

40%

025b

Tógáil foirgneamh nua atá tíosach ar fhuinneamh (5)

40 %

40%

026

Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil nó bearta éifeachtúlachta fuinnimh maidir le bonneagar poiblí, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta

40 %

40 %

026a

Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil nó bearta éifeachtúlachta fuinnimh maidir le bonneagar poiblí, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta i gcomhréir le critéir éifeachtúlachta fuinnimh  (6)

100 %

40%

027

Tacaíocht d’fhiontair a sholáthraíonn seirbhísí a chuidíonn leis an ngeilleagar ísealcharbóin agus leis an athléimneacht i gcoinne athrú na haeráide, lena n-áirítear bearta múscailte feasachta

100 %

40 %

028

Fuinneamh in-athnuaite gaoth

100 %

40 %

029

Fuinneamh in-athnuaite gréine

100 %

40 %

030

Fuinneamh in-athnuaite bithmhaise (7)

40 %

40 %

030a

Fuinneamh in-athnuaite bithmhais lena ngabhann ardlaghdú GCT (8)

100 %

40%

031

Fuinneamh in-athnuaite muirí

100 %

40 %

032

Fuinneamh in-athnuaite eile (lena n-áirítear fuinneamh geoiteirmeach)

100 %

40 %

033

Córais Cliste Fuinnimh (eangacha cliste agus córais TFC chliste san áireamh) agus stóráil ghaolmhar

100 %

40 %

034

Comhghiniúint ardéifeachtúlachta, téamh ceantair agus fuarú ceantair

40 %

40 %

034a0

Comhghiniúint ardéifeachtúlachta, téamh ceantair agus fuarú ceantair éifeachtúil lena ngabhann astaíochtaí saolré ísle (9)

100 %

40%

034a1

Córais teasa bunaithe ar ghás a chur in áit córais atá bunaithe ar ghual chun an t-athrú aeráide a mhaolú

0 %

0 %

034a2

Dáileadh agus iompar gáis nádúrtha a thagann in ionad guail

0 %

0 %

035

Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: tuilte (lena n-áirítear ardú feasachta, córais cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí, bonneagair agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais)

100 %

100 %

036

Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: dóiteáin (lena n-áirítear ardú feasachta, córais cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí, bonneagair agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais)

100 %

100 %

037

Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: eile, e.g. stoirmeacha agus triomach (lena n-áirítear ardú feasachta, córais cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí, bonneagair agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais)

100 %

100 %

038

Rioscaí a chosc agus a bhainistiú i ndáil le rioscaí nádúrtha nach mbaineann leis an aeráid (is iad sin creathanna talún) agus rioscaí atá nasctha le gníomhaíochtaí an duine (mar shampla tubaistí teicneolaíocha), ardú feasachta, córais agus bonneagair cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí san áireamh, bonneagair agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais

0 %

100 %

039

Soláthar uisce lena chaitheamh ag an duine (bonneagar eastósctha, cóireála, stórála agus dáilte, bearta éifeachtúlachta, soláthar uisce óil)

0 %

100 %

039a

Soláthar uisce lena chaitheamh ag an duine (bonneagar eastósctha, cóireála, stórála agus dáilte, bearta éifeachtúlachta, soláthar uisce óil) i gcomhréir le critéir éifeachtúlachta (10)

40 %

100 %

040

Bainistiú uisce agus caomhnú acmhainní uisce (bainistiú abhantracha, bearta sonracha don oiriúnú don athrú aeráide, athúsáid, laghdú ar sceitheadh san áireamh)

40 %

100 %

041

Bailiú agus cóireáil fuíolluisce

0 %

100 %

041a

Bailiú agus cóireáil fuíolluisce a chomhlíonann na critéir éifeachtúlachta fuinnimh (11)

40 %

100 %

042

Bainistiú dramhaíola tí: bearta don chosc, íoslaghdú, sórtáil, athúsáid, athchúrsáil

40 %

100%

042a

Bainistiú dramhaíola tí: Bainistiú dramhaíola iarmharaigh:

0 %

100%

044

Bainistiú dramhaíola tionsclaíche, tráchtála: bearta don chosc, íoslaghdú, sórtáil, athúsáid, athchúrsáil

40 %

100 %

044a

Bainistiú dramhaíola tionsclaíche, tráchtála: dramhaíl iarmharach agus ghuaiseach

0 %

100 %

045

Úsáid ábhar athchúrsáilte mar amhábhair a chur chun cinn

0 %

100 %

045a

Ábhair athchúrsáilte a úsáid mar amhábhair a chomhlíonann na critéir éifeachtúlachta (12)

100 %

100 %

046

Láithreáin thionsclaíocha agus talamh éillithe a athshlánú

0 %

100 %

046a

Láithreáin thionsclaíocha agus talamh éillithe a athshlánú i gcomhréir leis na critéir éifeachtúlachta (13)

40 %

100 %

047

Tacaíocht le haghaidh próisis táirgeachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní in FBManna

40 %

40 %

047a

Tacaíocht le haghaidh próisis táirgeachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní i bhfiontair mhóra

40 %

40 %

048

Bearta cháilíocht an aeir agus laghdaithe torainn

40 %

100 %

049

Cosaint, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe láithreáin Natura 2000.

40 %

100 %

050

Cosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta, oidhreacht nádúrtha agus acmhainní nádúrtha, bonneagar glas agus gorm

40 %

100 %

051

TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (an líonra cnámh droma/aisiompair)

0 %

0 %

052

TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh áitribh ilteaghaisí)

0 %

0 %

053

TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh tithe agus áitribh ghnó)

0 %

0 %

054

TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an stáisiún bunáite le haghaidh cumarsáid gan sreang ardleibhéil)

0 %

0 %

055

TFC: Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta, áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh gan sreang eile san áireamh)

0 %

0 %

055a

TFC: Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta, áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh gan sreang eile san áireamh) i gcomhréir leis na critéir um laghdú astaíochtaí carbóin agus éifeachtúlacht fuinnimh  (2)

40 %

0 %

056

Mótarbhealaí agus bóithre nuathógtha nó uasghrádaithe - croíghréasán TEN-Tk (14)

0 %

0 %

057

Mótarbhealaí agus bóithre nuathógtha nó uasghrádaithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

0 %

0 %

058

Bóithre tánaisteacha nuathógtha nó uasghrádaithe a nascann le gréasán bóithre agus nóid TEN-T

0 %

0 %

059

Bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus rochtana áitiúla nuathógtha nó uasghrádaithe eile

0 %

0 %

060

Mótarbhealaí agus bóithre atógtha nó nuachóirithe - croíghréasán TEN-T

0 %

0 %

061

Mótarbhealaí agus bóithre atógtha nó nuachóirithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

0 %

0 %

062

Bóithre atógtha nó nuachóirithe eile (mótarbhealaí, bóithre náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla)

0 %

0 %

063

Iompar a dhigitiú: bóithre

0 %

0 %

063a

Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: bóithre

40 %

0%

064

Iarnróid nuathógtha nó uasghrádaithe - croíghréasán TEN-T

100 %

40 %

065

Iarnróid nuathógtha nó uasghrádaithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

100 %

40 %

066

Iarnróid nuathógtha nó uasghrádaithe eile

40 %

40 %

066a

Iarnróid nuathógtha nó uasghrádaithe eile – astaíocht leictreach/nialasach (15)

100 %

40%

067

Iarnróid atógtha nó nuachóirithe - croíghréasán TEN-T

100 %

40 %

068

Iarnróid atógtha nó nuachóirithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

100 %

40 %

069

Iarnróid atógtha nó nuachóirithe eile

40 %

40 %

069a

Iarnróid eile atógtha nó nuachóirithe – astaíocht leictreach/nialasach (15)

100 %

40%

070

Iompar a dhigitiú: iarnród

40 %

0 %

071

An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS)

40 %

40 %

072

Sócmhainní soghluaiste iarnróid

0 %

40 %

072a

Astaíochtaí nialasacha/sócmhainní iarnróid arna gcumhachtú go leictreach (16)

100 %

40%

073

Bonneagar don iompar uirbeach glan (17)

100 %

40 %

074

Rothstoc don iompar uirbeach glan (18)

100 %

40 %

075

Bonneagar rothaíochta

100 %

100 %

076

Iompar uirbeach a dhigitiú

0 %

0 %

076a

Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: iompar uirbeach

40 %

0%

077

Bonneagar breoslaí ionadúla (19)

100 %

40 %

078

Iompar ilmhódach (TEN-T)

40 %

40 %

079

Iompar ilmhódach (neamh-uirbeach)

40 %

40 %

080

Calafoirt (TEN-T)

0 %

0 %

080a

Calafoirt (TEN-T) seachas saoráidí atá tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise

40 %

0%

081

Calafoirt eile

0 %

0 %

081a

Calafoirt eile seachas saoráidí atá tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise

40 %

0%

082

Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (TEN-T)

0 %

0 %

082a

Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (TEN-T) seachas saoráidí atá tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise

40 %

0%

083

Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (réigiúnacha agus áitiúla)

0 %

0 %

083a0

Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (TEN-T) seachas saoráidí atá tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise

40 %

0%

083a1

Córais slándála, sábháilteachta agus bainistíochta aerthráchta, le haghaidh aerfoirt atá ann cheana

0 %

0 %

084

Iompar a dhigitiú: móid eile iompair

0 %

0 %

084a

Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: móid eile iompair

40 %

0%

085

Bonneagar d’oideachas agus cúram na luathóige

0 %

0 %

086

Bonneagar don oideachas bunscoile agus meánscoile

0 %

0 %

087

Bonneagar don oideachas treasach

0 %

0 %

088

Bonneagar don ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus don oideachas aosach

0 %

0 %

089

Bonneagar tithíochta le haghaidh imirceach, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu

0 %

0 %

090

Bonneagar tithíochta (seachas le haghaidh imircigh, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu)

0 %

0 %

091

Bonneagar sóisialta eile a chuidíonn le cuimsiú sóisialta sa phobal

0 %

0 %

092

Bonneagar sláinte

0 %

0 %

093

Trealamh sláinte

0 %

0 %

094

Sócmhainní soghluaiste sláinte

0 %

0 %

095

Digitiú sa chúram sláinte

0 %

0%

096

Bonneagar fáiltithe sealadach le haghaidh imircigh, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu

0 %

0 %

097

Bearta chun an rochtain ar fhostaíocht a fheabhsú

0 %

0 %

098

Bearta chun rochtain ar fhostaíocht daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chur chun cinn

0 %

0 %

099

Tacaíocht shonrach don fhostaíocht don aos óg agus do lánpháirtiú socheacnamaíoch daoine óga

0 %

0 %

100

Tacaíocht don fhéinfhostaíocht agus chun gnó a chur ar bun

0 %

0 %

101

Tacaíocht don gheilleagar sóisialta agus d’fhiontair shóisialta

0 %

0 %

102

Bearta chun institiúidí agus seirbhísí an mhargaidh saothair a nuachóiriú agus a neartú chun riachtanais scileanna a mheasúnú agus a dhéanamh amach roimh ré agus chun cúnamh tráthúil agus saincheaptha a áirithiú

0 %

0 %

103

Tacaíocht do chomhoiriúnú i margadh an tsaothair agus d’aistrithe

0 %

0 %

104

Tacaíocht do shoghluaisteacht an lucht saothair

0 %

0 %

105

Tacaíocht chun rannpháirtíocht sna mban a mhargadh saothair a chur chun cinn agus idirdheighilt inscnebhunaithe a laghdú sa mhargadh saothair

0 %

0 %

106

Bearta chun cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn, lena n-áirítear rochtain ar chúram leanaí agus cúraim do chleithiúnaithe

0 %

0 %

107

Bearta le haghaidh timpeallacht oibre shláintiúil atá dea-oiriúnaithe ina dtugtar aghaidh ar rioscaí sláinte, lena n-áirítear an ghníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn

0 %

0 %

108

Tacaíocht chun scileanna digiteacha a fhorbairt

0 %

0 %

109

Tacaíocht d’inoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú

0 %

0 %

110

Bearta chun aosú gníomhach agus aosú folláin a spreagadh

0 %

0 %

111

Tacaíocht d’oideachas agus cúram na luathóige (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

112

Tacaíocht don oideachas bunscoile go meánscoile (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

113

Tacaíocht don oideachas treasach (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

114

Tacaíocht don oideachas aosach (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

115

Bearta chun comhdheiseanna agus rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí a chur chun cinn

0 %

0 %

116

Conairí chuig an lánpháirtiú agus athiontráil san fhostaíocht le haghaidh daoine faoi mhíbhuntáiste

0 %

0 %

117

Bearta chun rochtain daoine imeallaithe amhail na Romaigh ar oideachas agus ar fhostaíocht a fheabhsú agus chun a gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn

0 %

0 %

118

Tacaíocht don tsochaí shibhialta a bhíonn ag obair le pobal imeallaithe amhail na Romaigh

0 %

0 %

119

Bearta sonracha chun rannpháirtíocht náisiúnach tríú tír san fhostaíocht a mhéadú

0 %

0 %

120

Bearta le haghaidh lánpháirtiú sóisialta náisiúnach tríú tíortha

0 %

0 %

121

Bearta chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe agus inacmhainne

0 %

0 %

122

Bearta chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí cúraim teaghlaigh agus seirbhísí cúraim pobalbhunaithe

0 %

0 %

123

Bearta chun feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas sláinte (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

124

Bearta chun feabhas a chur le rochtain ar chúram fadtéarmach (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

125

Bearta chun córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, lena n-áirítear rochtain ar chosaint shóisialta a chur chun cinn

0 %

0 %

126

lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta a chur chun cinn, na daoine is díothaí agus leanaí san áireamh

0 %

0 %

127

Dul i ngleic leis an díth ábhartha trí chúnamh bia agus/nó ábhartha do na daoine is díothaí, bearta tionlacain san áireamh

0 %

0 %

128

Sócmhainní turasóireachta poiblí agus seirbhísí turasóireachta a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn

0 %

0 %

129

An oidhreacht chultúrtha agus seirbhísí cultúrtha a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn

0 %

0 %

130

An oidhreacht nádúrtha agus an éiceathurasóireacht, seachas láithreáin Natura 2000 a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn

0 %

100 %

131

Athghiniúint fhisiceach agus slándáil spásanna poiblí

0 %

0 %

131 a

Tionscnaimh forbartha críochaí, lena n-áirítear straitéisí críochacha a ullmhú

0 %

0 %

132

Feabhas a chur ar acmhainneacht údaráis agus comhlachtaí an chláir atá nasctha le cur chun feidhme na gCistí

0 %

0 %

133

Comhar le comhpháirtithe a fheabhsú laistigh den Bhallstát agus lasmuigh de

0 %

0 %

134

Trasmhaoiniú faoi CFRE (tacaíocht do gníomhaíochtaí de chineál CSE atá riachtanach chun an chuid CFRE den oibríocht, agus atá nasctha go díreach léi, a chur chun feidhme)

0 %

0 %

135

Feabhas a chur ar acmhainneacht institiúid údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara tionscadail agus tionscnaimh comhair críochaigh a chur chun feidhme i gcomhthéacs trasteorann, trasnáisiúnta, muirí agus idir-réigiúnach

0 %

0 %

135 a

Interreg: bainistiú trasnaithe teorann agus bainistiú soghluaisteachta agus imirce

0 %

0 %

136

Na réigiúin is forimeallaí: cúiteamh ar aon chostais bhreise de bharr easpa inrochtaineachta agus ilroinnt chríochach

0 %

0 %

137

Na réigiúin is forimeallaí: gníomhaíocht shonrach le cúiteamh a thabhairt ar chostais bhreise i ngeall ar fhachtóirí mhéid an mhargaidh

0 %

0 %

138

Na réigiúin is forimeallaí: tacaíocht chun costais bhreise i ngeall ar dhálaí aeráide agus deacrachtaí ó thaobh éagsúlachtaí san airde

40 %

40 %

139

Na réigiúin is forimeallaí: aerfoirt

0 %

0 %

140

Faisnéis agus cumarsáid

0 %

0 %

141

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

0 %

0 %

142

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

0 %

0 %

143

Atreisiú chumas údaráis na mBallstát, na dtairbhithe agus na gcomhpháirtithe ábhartha

0 %

0 %

01

Rannchuidiú le scileanna agus poist ghlasa agus leis an ngeilleagar glas

100 %

 


(1)  Is iad na fiontair uile seachas FBManna iad na fiontair mhóra, lena n-áirítear cuideachtaí meánchaipitlithe beaga.

(2)  Más é cuspóir an bhirt go gcaithfear leis an ngníomhaíocht sonraí a phróiseáil nó a bhailiú chun laghduithe GCT a chumasú, ar laghduithe iad arb é is toradh dóibh laghdú suntasach a bheith léirithe acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn a saolré. Más é cuspóir an bhirt gur gá do lárionaid sonraí ‘Cód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí’ a chomhlíonadh.

(3)  (a) Más é cuspóir an bhirt athchóiriú meánleibhéil ar a laghad a bhaint amach, ar an meán, mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le hAthchóiriú Foirgníochta (AE) 2019/786 nó (b) más é cuspóir na mbeart laghdú 30 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha i gcomparáid leis na hastaíochtaí ex ante a bhaint amach ar an meán.

(4)  Más é cuspóir an bhirt athchóiriú meánleibhéil ar a laghad a bhaint amach, ar an meán, mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le hAthchóiriú Foirgníochta (AE) 2019/786. Tá sé i gceist freisin go n-áireofaí in athchóiriú foirgneamh bonneagar de réir bhrí réimsí idirghabhála 85 go 92.

(5)  Má bhaineann cuspóir na mbeart le foirgnimh nua a thógáil a bhfuil Éileamh Príomh-Fhuinnimh (PED) acu atá 20 % níos ísle ar a laghad ná riachtanas NZEB (foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh, treoracha náisiúnta). Le foirgnimh nua atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a thógáil, tá sé i gceist freisin go n-áireofaí bonneagar de réir bhrí réimsí idirghabhála 85 go 92.

(6)  Más é cuspóir an bhirt (a) athchóiriú meánleibhéil ar a laghad a bhaint amach, ar an meán, mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le hAthchóiriú Foirgníochta (AE) 2019/786 nó (b) laghdú 30 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha i gcomparáid leis na hastaíochtaí ex ante a bhaint amach ar an meán. Tá sé i gceist freisin go n-áireofaí in athchóiriú foirgneamh bonneagar de réir bhrí réimsí idirghabhála 85 go 92.

(7)  Má bhaineann cuspóir an bhirt le táirgeadh leictreachais nó teasa ó bhithmhais, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(8)  Má bhaineann cuspóir an bhirt le táirgeadh leictreachais nó teasa ó bhithmhais, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001. agus más é is cuspóir don bheart laghdú 80 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT a bhaint amach ag an tsaoráid ó úsáid bithmhaise i ndáil leis an modheolaíocht maidir le gás ceaptha teasa a laghdú agus leis an táirge comparáide breoslaí iontaise a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. Má bhaineann cuspóir an bhirt le táirgeadh bithbhreosla ó bhithmhais (barra bia agus beatha á n-eisiamh), i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001; agus más é is cuspóir don bheart laghdú 65 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT a bhaint amach ag an tsaoráid ó úsáid bithmhaise chun na críche sin i ndáil leis an modheolaíocht maidir le GCT a laghdú agus leis an táirge comparáide breoslaí iontaise a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

(9)  I gcás comhghiniúint ardéifeachtúlachta, más é cuspóir an bhirt astaíochtaí saolré a bhaint amach atá níos ísle ná 100gCO2e/kWh nó teas/alcól a tháirgtear ó dhramhtheas. I gcás téamh/fuarú ceantair, má leanann an bonneagar gaolmhar Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1), nó má dhéantar athchóiriú ar an mbonneagar atá ann cheana chun sainmhíniú an téimh agus an fhuaraithe ceantair éifeachtúil a chomhlíonadh, nó más ardchóras píolótach é an tionscadal (córais rialaithe agus bainistithe fuinnimh, Idirlíon na Rudaí Nithiúla) nó go mbíonn córas teochta níos ísle sa chóras téimh agus fuaraithe ceantair mar thoradh air.

(10)  Más é cuspóir an bhirt ná go mbeadh meántomhaltas fuinnimh <= 0.5 kWh nó Innéacs Sceite Bonneagair <= 1.5, agus don ghníomhaíocht athchóirithe chun meántomhaltas fuinnimh a laghdú níos mó ná 20 % nó sceitheadh bonneagair a laghdú níos mó ná 20 %.

(11)  Má tá sé mar chuspóir ag an mbeart maidir leis an gcóras fuíolluisce ó cheann go ceann glanúsáid nialasach fuinnimh a bheith aige nó chun an córas fuíolluisce ó cheann go ceann a athnuachan ionas gur lú 10 % ar a laghad an mheánúsáid fuinnimh (trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, agus iad sin amháin, agus ní mar gheall ar athruithe ábhair nó athruithe ar an ualach).

(12)  Más é cuspóir an bhirt 50 % ar a laghad, i dtéarmaí meáchain, den dramhaíl neamhghuaiseach arna bailiú ar leithligh a chomhshó ina n-amhábhair thánaisteacha.

(13)  Más é cuspóir an bhirt láithreáin thionsclaíoch agus talamh éillithe a thiontú ina linn dé-ocsaíde carbóin [tagairt don sainmhíniú dlíthiúil].

(14)  I gcás réimsí idirghabhála 56 go 62, is féidir réimsí idirghabhála 73, 74 agus 77 a úsáid le haghaidh eilimintí de na bearta a bhaineann le hidirghabhálacha i mbreoslaí malartacha, lena n-áirítear luchtú EV, nó iompar poiblí.

(15)  Má bhaineann cuspóir an bhirt le taobh riain leictrithe agus le fochórais ghaolmhara nó má tá plean ann le haghaidh leictriúcháin nó go mbeidh sé oiriúnach lena úsáid ag traenacha astaíochtaí nilasacha sceithphíopa laistigh de 10 mbliana.

(16)  Baineann freisin le traenacha démhodhacha

(17)  Tagraíonn bonneagar don iompar uirbeach glan do bhonneagar lena gcumasaítear oibriú rothstoic astaíochtaí nialasacha.

(18)  Tagraíonn rothstoc don iompar uirbeach glan do rothstoc astaíochtaí nialasacha

(19)  Má tá cuspóir an bhirt i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001.


IARSCRÍBHINN VII

Modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach faoin tSaoráid

Modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach:

 

Tábla idirghabhála

Cód

Réimse idirghabhála agus cineál idirghabhála (1)

Comhéifeacht chun an tacaíocht don aistriú digiteach a ríomh

 

Réimse idirghabhála 1 Nascacht

Toise DESI 1: Nascacht

 

051

An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (an líonra cnámh droma/aisiompair) (2)

100 %

052

An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh áitribh ilteaghaisí)

100 %

053

An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh tithe agus áitribh ghnó)

100 %

054

An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an stáisiún bunáite le haghaidh cumarsáid gan sreang ardleibhéil) (3)

100 %

054a

Clúdach gréasáin 5G, lena n-áirítear nascacht a sholáthar gan bhriseadh feadh bealaí iompair; Nascacht ghigighiotáin (líonraí lena gcuirtear 1 Gbps siméadrach ar a laghad ar fáil) do thiománaithe socheacnamaíocha, amhail scoileanna, moil iompair agus príomhsholáthraithe seirbhísí poiblí

100 %

054b

Nascacht sonraí soghluaiste lena ngabhann cumhdach críochach leathan

100 %

 

Réimse idirghabhála 2 Infheistíocht dhigiteach in T&F

DESI: ‘Earnáil TFC an Aontais Eorpaigh agus Feidhmíocht T&F a bhaineann léi’

 

009a

Infheistíocht i ngníomhaíochtaí digiteacha T&N (lena n-áirítear ionaid taighde barr feabhais, taighde tionsclaíoch, forbairt thurgnamhach, staidéir indéantachta, sealbhú sócmhainní seasta nó doláimhsithe le haghaidh gníomhaíochtaí T&N digiteach)

100 %

 

Réimse idirghabhála 3 Caipiteal daonna;

Toise DESI 2: Caipiteal daonna;

 

012

Seirbhísí agus feidhmchláir ríomhaireachta le haghaidh scileanna digiteach agus cuimsiú digiteach (4)

100 %

016

Scileanna a fhorbairt le haghaidh speisialtóireacht chliste, aistriú tionsclaíoch, fiontraíocht agus inoiriúnaitheacht fiontar i leith an athraithe

40 %

108

Tacaíocht chun scileanna digiteacha a fhorbairt (5)

100 %

099

Tacaíocht shonrach don fhostaíocht don aos óg agus do lánpháirtiú socheacnamaíoch daoine óga

40 %

100

Tacaíocht don fhéinfhostaíocht agus chun gnó a chur ar bun

40 %

 

Réimse idirghabhála 4 ríomhsheirbhísí rialtais, seirbhísí poiblí digiteacha agus éiceachórais dhigiteacha áitiúla

Toise DESI 5: Seirbhísí Poiblí Digiteacha

 

011

Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais (6)

100 %

011a

Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais a chomhlíonann laghdú astaíochtaí GCT nó critéir éifeachtúlachta fuinnimh (7)

100 %

011b

Leas a bhaint as an scéim Eorpach um fhéiniúlacht dhigiteach le haghaidh úsáid phoiblí agus phríobháideach

100 %

013

Ríomhsheirbhísí sláinte agus feidhmchláir sláinte (lena n-áirítear ríomh-Chúram, Idirlíon na Rudaí Nithiúla le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil agus maireachtáil chuidithe chomhthimpeallach)

100 %

095

Digitiú sa chúram sláinte

100 %

063

Iompar a dhigitiú: bóithre

100 %

063a

Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: bóithre

100 %

070

Iompar a dhigitiú: iarnród

100 %

071

An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS)

100 %

076

Iompar uirbeach a dhigitiú

100 %

076a

Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: iompar uirbeach

100 %

084

Iompar a dhigitiú: móid eile iompair

100 %

084a

Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: móid eile iompair

100 %

033

Córais Cliste Fuinnimh (eangacha cliste agus córais TFC chliste san áireamh) agus stóráil ghaolmhar

40 %

011c

Digitiú Chórais Cheartais

100 %

 

Réimse idirghabhála 5 Digitiú gnólachta

Toise DESI 4: Digitiú gnóthaí digiteacha

 

010

FBManna digitithe (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

100 %

010a

Fiontair mhóra a dhigitiú (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

100 %

010b.

FBM anna nó fiontair mhóra a dhigitiú (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht) i gcomhréir le laghdú astaíochtaí GCT nó critéir éifeachtúlachta fuinnimh  (7)

100 %

014

Bonneagar gnó le haghaidh FBManna (lena n-áirítear páirceanna agus láithreáin thionsclaíocha) (8)

40%

015

Forbairt gnó agus idirnáisiúnú FBManna, lena n-áirítear infheistíochtaí táirgiúla (8)

40%

017

Ardseirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna agus grúpaí FBManna (lena n-áirítear seirbhísí bainistíochta, margaíochta agus dearaidh) (8)

40%

018

Goradh, tacaíocht do sheach-chuideachtaí agus mac-chuideachtaí agus gnólachtaí nua-thionscanta (8)

40 %

019

Tacaíocht do bhraislí nuálaíochta lena n-áirítear idir gnólachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí agus líonraí gnó a théann chun tairbhe FBManna den chuid is mó51  (8)  (9)

40 %

020

Próisis nuálaíochta i FBManna (nuálaíocht próiseas, eagraíochtúil, margaíochta, chomhchruthaithe, úsáideoirí agus bunaithe ar éileamh)  (8)

40 %

021

Aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair, lárionaid taighde agus an earnáil ardoideachais  (8)

40 %

021a.

Tacaíocht do tháirgeadh agus do dháileadh ábhair dhigitigh

100 %

 

Réimse idirghabhála 6 Infheistíocht in acmhainní digiteacha agus imscaradh ardteicneolaíochtaí

Toise DESI 4 Teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú + bailiúcháin sonraí ad hoc

 

055

Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta, áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh eile gan sreang san áireamh

100 %

055a

Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta, áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh eile gan sreang san áireamh) i gcomhréir leis na critéir um laghdú astaíochtaí carbóin agus éifeachtúlacht fuinnimh  (7)

100 %

021b

Seirbhísí agus saoráidí tacaíochta atá thar a bheith speisialaithe a fhorbairt le haghaidh riaracháin phoiblí agus gnólachtaí (Ionaid Inniúlachtaí náisiúnta HPC, Cibearionaid, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta IS, blocshlabhra, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, etc.)

100 %

021c

Infheistíocht in ardteicneolaíochtaí amhail: Acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta Candamach/Acmhainní cumarsáide candamaí (lena n-áirítear criptiú candamach); dearadh, táirgeadh agus comhtháthú córas i micrileictreonaic; an chéad ghlúin eile de shonraí Eorpacha, néalacmhainneachtaí agus acmhainneachtaí ciumhaise (bonneagair, ardáin agus seirbhísí); réaltacht fhíorúil agus bhreisithe, DeepTech agus ardteicneolaíochtaí digiteacha eile. Infheistíocht i slándáil an tslabhra soláthair dhigitigh.

100 %

021d

Teicneolaíochtaí, bearta agus saoráidí tacaíochta cibearshlándála a fhorbairt agus a chur in úsáid d’úsáideoirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

100 %

 

Réimse idirghabhála 7 An earnáil dhigiteach a ghlasú

 

027a

Infheistíocht i dteicneolaíochtaí, i scileanna, i mbonneagair agus i réitigh lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus lena n-áirithítear neodracht aeráide lárionad sonraí agus líonraí.

100 %


(1)  Tá an tuairisc ar na hidirghabhálacha sa tábla seo gan dochar do chomhlíonadh na rialacha iomaíochta, go háirithe chun a áirithiú nach mbrúfar amach infheistíochtaí príobháideacha le hidirghabhálacha.

(2)  Lena n-áirítear cáblaí fomhuirí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus idir an tAontas agus tríú tíortha.

(3)  Lena n-áirítear líonraí 5G agus 6G.

(4)  Áirítear orthu sin: bearta chun tacú le digitiú institiúidí oideachais agus oiliúna (lena n-áirítear infheistíochtaí i mbonneagar TF &C), lena n-áirítear i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus na foghlama aosaí.

(5)  Tagraíonn sé seo do scileanna digiteacha ar gach leibhéal agus áirítear orthu sin: cláir oideachais an-speisialaithe chun oiliúint a chur ar speisialtóirí digiteacha (is iad sin, cláir atá dírithe ar theicneolaíocht); oiliúint múinteoirí, ábhar digiteach a fhorbairt chun críocha oideachais agus cumais eagrúcháin ábhartha. Áirítear air sin freisin bearta agus cláir lena ndírítear ar scileanna bunúsacha digiteacha a fheabhsú.

(6)  Lena n-áirítear úsáid ardteicneolaíochtaí (amhail an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, an chibearshlándáil nó an intleacht shaorga) le haghaidh seirbhísí poiblí agus cinnteoireacht agus idir-inoibritheacht seirbhísí poiblí digiteacha agus bonneagar digiteach (réigiúnach, náisiúnta agus trasteorann).

(7)  Más é cuspóir an bhirt go gcaithfear leis an ngníomhaíocht sonraí a phróiseáil nó a bhailiú chun laghduithe GCT a chumasú, ar laghduithe iad arb é is toradh dóibh laghdú suntasach a bheith léirithe acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn a saolré. Más é cuspóir an bhirt gur gá do lárionaid sonraí ‘Cód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí’ a chomhlíonadh.

(8)  Níor cheart an comhéifeachtach digiteach 40% a chur i bhfeidhm ach amháin, más rud é go mbeidh an idirghabháil dírithe ar eilimintí atá nasctha go díreach le digitiú gnó, lena n-áirítear, mar shampla, táirgí digiteacha, sócmhainní TFC, etc.

(9)  Lena n-áirítear eintitis an gheilleagair shóisialta.


Top