GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR

Is é is aidhm don doiciméad seo eolas a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a thabhairt faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt, eolas ar thionchair fhéideartha na roghanna éagsúla san áireamh.

Teideal an tionscnaimh

An Gníomh um Chothroime Dhigiteach

Príomh‑AS (an t‑aonad atá freagrach)

AS JUST B2

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Treoir nó Rialachán

Amchlár táscach

Q3‑2026

Eolas breise

An dlí um chosaint tomhaltóirí

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Aithnítear i gclár oibre 2025 an Choimisiúin go bhfuil ról lárnach ag tomhaltóirí sa gheilleagar sóisialta margaidh, rud a chuireann leis an bhfás inbhuanaithe agus a dhéanann an margadh aonair níos iomaíche. Bhí tionchar dearfach ag dlíthe a glacadh le déanaí, ar nós an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ghnímh um Margaí Digiteacha, ar chosaint tomhaltóirí. Mar sin féin, ní mór leanúint den obair chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh atá ann fós, chun tomhaltóirí leochaileacha a chosaint agus chun forfheidhmiú a chinntiú.

Mar fhreagra ar na hábhair imní atá ag dul i méid maidir leis an easpa cothroime do thomhaltóirí sa saol digiteach, fógraíodh i gClár Oibre Nua maidir le Tomhaltóirí 2020‑2025 go ndéanfadh an Coimisiún imscrúdú féachaint an raibh leibhéal cosanta tomhaltóirí ard go leor fós á sholáthar ag dlíthe tomhaltóirí an Aontais atá ann cheana sa timpeallacht dhigiteach. Chuige sin, thug an Coimisiún faoi Sheiceáil Oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir leis an gcothroime dhigiteach 1 agus foilsíodh í an 3 Deireadh Fómhair 2024.

Tar éis theacht amach thorthaí na Seiceála Oiriúnachta sin, d’iarr an tUachtarán von der Leyen ar an gCoimisinéir McGrath Gníomh um Chothroime Dhigiteach a fhorbairt chun dul i ngleic le teicnící agus cleachtais tráchtála neamheiticiúla a bhaineann le dearadh comhéadan meabhlach (patrúin dhorcha), margaíocht a dhéanann tionchairí meán sóisialta, dearadh andúile táirgí digiteacha agus próifíliú ar líne, go háirithe i gcásanna ina dtéitear i dtír ar leochaileachtaí tomhaltóirí chun críoch tráchtála. Beidh na pointí sin san áireamh freisin i gClár Oibre maidir le Tomhaltóirí 2025‑2030 atá ar na bacáin agus sa phlean gníomhaíochta maidir le tomhaltóirí sa mhargadh aonair.

An fhadhb arb é is aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

De thoradh na forbartha a tháinig ar dhlí tomhaltóirí an Aontais le 50 bliain anuas, tá tomhaltóirí an Aontais ar na tomhaltóirí is mó a bhfuil cosaint acu ar domhan, ar líne agus as líne. Leis an reachtaíocht dhigiteach a rinneadh le déanaí, tá feabhsuithe móra tagtha ar réimse na cosanta tomhaltóirí. Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir leis an gcothroime dhigiteach gurb amhlaidh, cé go bhfuil na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí atá ann cheana fós ábhartha agus riachtanach chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh aonair dhigitigh a chinntiú, nach bhfuil siad oiriúnaithe chun dul i ngleic go hiomlán leis na cleachtais agus na dúshláin dhíobhálacha shonracha atá roimh thomhaltóirí ar líne. Is léir ar thorthaí na Seiceála Oiriúnachta go bhfuil bearnaí áirithe ann i réimse na cosanta tomhaltóirí agus go bhfuil réimsí éiginnteachta dlíthiúla ann. Go háirithe, is rómhinic a bhíonn tomhaltóirí neamhchosanta ar chleachtais ar nós dearadh comhéadain meabhlach nó ionramhála (patrúin dhorcha), gnéithe andúile, cleachtais phearsantaithe éagóracha lena dtéitear i dtír ar leochaileachtaí tomhaltóirí, margaíocht mhíthreorach a dhéanann tionchairí ar líne, chomh maith le deacrachtaí maidir le conarthaí digiteacha a bhainistiú. Ar a bharr sin, ní leor an deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí ná d’údaráis atá curtha ar fáil leis na rialacha atá ann cheana, ar rialacha iad atá bunaithe ar phrionsabail den chuid is mó.

Le blianta beaga anuas, ghlac an tAontas roinnt dlíthe nua lena dtreisítear go mór a leabhar rialacha digiteacha, ar nós an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, an Ghnímh um Margaí Digiteacha agus an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, chomh maith leis an nGníomh um Shonraí agus an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, i measc dlíthe eile. Comhlánaíonn na hionstraimí sin dlíthe cosanta tomhaltóirí an Aontais agus laghdaíonn siad na rioscaí agus na díobhálacha a bhaineann le fadhbanna sonracha ar líne. Go háirithe, tugadh isteach leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha srianta nua ar roinnt cleachtais éagóracha a thagann chun cinn ar ardáin ar líne. Mar sin féin, ar an iomlán, tá cur i bhfeidhm rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí sa réimse digiteach in éineacht le reachtaíocht dhigiteach eile lenar cuireadh ar fáil rialacha maidir le cineálacha áirithe trádálaithe (e.g. ardáin ar líne) nó teicneolaíochtaí (e.g. córais Intleachta Saorga) casta agus tá bearnaí sonracha ann fós.

Is iad seo a leanas na príomhfhadhbanna arb é is aidhm don tionscnamh aghaidh a thabhairt orthu:

·Easpa cothroime digití do thomhaltóirí, lena n‑áirítear tomhaltóirí leochaileacha ar nós mionaoiseach, as a n‑eascraíonn roghanna fo‑optamacha tomhaltóirí as a dtagann díobháil airgeadais, cailleadh ama, éifeachtaí díobhálacha sláinte agus éifeachtaí indíreacha ar nós costais chomhshaoil, agus

·Rialacha doiléire maidir le gnólachtaí agus ilroinnt an mhargaidh as a n‑eascraíonn costais ghnó níos airde, bacainní ar thrádáil trasteorann/cailleadh deiseanna gnó agus iomaíocht éagórach, go háirithe ó thrádálaithe lasmuigh den Aontas.

Measadh sa tSeiceáil Oiriúnachta gurbh é EUR 7.9 billiún ar a laghad in aghaidh na bliana an díobháil airgeadais a rinneadh do thomhaltóirí de thoradh fadhbanna ar líne, agus is dócha gur gannmheastachán é sin ar dhéine na faidhbe toisc nach gcumhdaíonn sé an t‑am a chaill siad ná an díobháil neamhairgeadais, ar nós díobháil mheabhrach, a rinneadh dóibh. Mura ndéanfaidh an tAontas idirghabháil, is dócha go rachaidh an scéal in olcas i bhfianaise an mhéadaithe ar an dochar do thomhaltóirí airgeadais thar na blianta, fhás tapa na ríomhthráchtála agus forbairtí teicneolaíochta.

Thairis sin, i gcuspóir an Choimisiúin iomaíochas an Aontais a mhéadú, táthar ag díriú ar shimpliú agus ar bhearta chun deireadh a chur le bacainní sa Mhargadh Aonair. I réimse na cosanta tomhaltóirí, leagadh béim sa tSeiceáil Oiriúnachta ar an easpa soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla atá ann faoi láthair maidir le cleachtais tráchtála éagóracha, agus aird á tabhairt ar an easpa forfheidhmithe, ar na bearnaí rialála atá ann faoi láthair agus ar ilroinnt an mhargaidh de réir mar atá na Ballstáit ag rialáil nó ag féachaint ar rialáil sna réimsí sin. Bíonn tionchar diúltach ag na fadhbanna sin ar an Margadh Aonair agus ar chothrom iomaíochta do ghnólachtaí an Aontais.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

I gcomparáid le gníomhaíocht aonair na mBallstát, is dócha go mbeidh tionchar i bhfad níos láidre ag idirghabháil ón Aontas ar fhorbairt cineálacha cur chuige beartais agus rialála chun cosaint tomhaltóirí sa timpeallacht dhigiteach a fheabhsú. Is minic gur soláthar trasteorann é an soláthar seirbhísí digiteacha, ábhair dhigitigh agus ríomhthráchtála, agus tá méadú ag teacht ar cheannach tomhaltóirí ar líne. Dá bhrí sin, ní leor gníomhaíocht náisiúnta chun an chosaint tomhaltóirí a rialáil go héifeachtach sa chomhthéacs sin. Ina theannta sin, tá tús curtha ag roinnt Ballstát cheana féin le réimsí áirithe fadhbanna a rialáil. Dá thoradh sin, tá ilroinnt níos mó sa mhargadh, méadú ar an gcastacht rialála agus ar na costais chomhlíonta ar thrádálaithe a thairgeann a gcuid táirgí ar bhonn trasteorann mar nach ndearnadh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais

Díreoidh an Gníomh um Chothroime Dhigiteach ar aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh agus ar na réimsí éiginnteachta dlíthiúla a bhaineann le cosaint tomhaltóirí ar líne, agus beidh an méid sin iomlán comhlántach leis an reachtaíocht atá ann cheana dá dtagraítear thuas. Chuige sin, d’fhéachfaí i Measúnú Tionchair ar roghanna maidir le conas feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí sa timpeallacht ar líne agus a muinín a mhéadú, lena n‑áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an ngá atá le toirmisc spriocdhírithe, mar shampla maidir leis an méid seo a leanas:

·cosc a chur ar thrádálaithe úsáid a bhaint as patrúin dhorcha agus teicnící éagóracha eile lena gcuirfí brú agus dallamullóg ar thomhaltóirí ar líne agus lena ndéanfaí ionramháil orthu;

·smacht níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí ar a n‑eispéireas ar líne trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe dearaidh andúile a thugann ar thomhaltóirí, go háirithe mionaoisigh, am iomarcach agus airgead iomarcach a chaitheamh ar earraí agus ar sheirbhísí ar líne;

·aghaidh a thabhairt ar ghnéithe achrannacha de tháirgí digiteacha ar nós gnéithe físchluichí, go háirithe a mhéid a bhaineann lena dtionchar ar mhionaoisigh;

·aghaidh a thabhairt ar chleachtais achrannacha phearsantaithe, lena n‑áirítear cásanna ina ndírítear ar leochaileachtaí tomhaltóirí ar mhaithe le fógraíocht phearsantaithe agus praghsáil phearsantaithe;

·cosc a chur le cleachtais dhíobhálacha a bhíonn ag tionchairí, e.g. easpa nochta cumarsáide tráchtála, margaíocht táirgí díobhálacha dá lucht leanúna agus freagrachtaí na gcuideachtaí a chomhoibríonn leo a shoiléiriú;

·aghaidh a thabhairt ar chleachtais mhíchothroma a bhaineann leis an bpraghas (e.g. praghsáil ‘beagán ar bheagán’, praghsanna ‘ón méid seo’ má chuireann an trádálaí praghsáil dhinimiciúil i bhfeidhm, lascainí céatadáin/luacha a chuireann an tomhaltóir amú maidir leis an gcineál margaíochta atá i gceist);

·aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le conarthaí digiteacha (e.g. deacracht i leith síntiúis a chur ar ceal, athnuachan uathoibríoch nó trialacha saor in aisce arna n‑athrú ina síntiúis íoctha, úsáid botaí comhrá le haghaidh seirbhís do chustaiméirí).

Is deighleog thábhachtach tomhaltóirí iad daoine óga a bhfuil patrúin shonracha tomhaltais acu agus is minic a bhíonn siad ag glacadh go luath le teicneolaíochtaí nua agus táirgí digiteacha. Beidh cosaint mionaoiseach ina príomhthosaíocht thrasnach agus measúnú á dhéanamh ar roghanna féideartha chun cosaint leordhóthanach agus fheabhsaithe ar chleachtais dhíobhálacha a bhaineann leis na saincheisteanna thuas a áirithiú.

Ina theannta sin, cuirfidh an Gníomh um Chothroime Dhigiteach deis ar fáil ar chuíchóiriú agus simpliú a dhéanamh. D’fhéadfaí, leis an Measúnú Tionchair, imscrúdú a dhéanamh ar conas cothrom iomaíochta a chinntiú do ghnólachtaí, ilroinnt an mhargaidh agus éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú agus forfheidhmiú a dhéanamh níos éasca. Ar a bharr sin, d’fhéadfaí, leis an Measúnú Tionchair, measúnú a dhéanamh ar bhearta simpliúcháin, ar nós simpliú maidir le ceanglais áirithe i leith faisnéis do thomhaltóirí in idirbhearta atriallacha leis an aon trádálaí amháin (e.g. ceannacháin ion‑aipe) agus ceart an tomhaltóra tarraingt siar i leith seirbhísí síntiúis áirithe.

Breithneofar i Measúnú Tionchair freisin ar conas a d’fhéadafaí uirlisí digiteacha ar nós Céannacht Dhigiteach an Aontais agus Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a thacaíonn le hidirghníomhaíochtaí digiteacha slána trédhearcacha a úsáid chun an cur chun feidhme a éascú.

C. Na tionchair is dócha a bheidh ann

Is dócha go bhfeabhsóidh an tionscnamh cosaint tomhaltóirí san earnáil dhigiteach agus go mbeidh tionchar aige ar na gnéithe seo a leanas:

-Tionchar eacnamaíoch: trí shrian a chur le cleachtais éagóracha sa mhargadh digiteach, táthar ag súil go laghdóidh an tionscnamh an díobháil do thomhaltóirí agus go méadóidh sé muinín tomhaltóirí. Cruthóidh sé freisin creat dlíthiúil níos intuartha agus laghdóidh sé costais chomhlíontachta go háirithe i gcás trádálaithe a thairgeann a dtáirgí ar bhonn trasteorann; laghdóidh sé ilroinnt an mhargaidh agus cuirfidh sé borradh faoin trádáil trasteorann, rud a chuirfidh le hiomaíochas.

-Tionchar sóisialta: trí fheabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha ar nós mionaoiseach, is dócha go gcuirfear feabhas ar an bhfolláine agus go gcuirfear timpeallacht dhigiteach níos cothroime chun cinn, rud a laghdóidh éiginnteacht na dtomhaltóirí.

-Tionchar comhshaoil: trí chosaint níos éifeachtaí a thabhairt do thomhaltóirí agus trí na modhanna a chur ar fáil dóibh chun a dtaithí ar líne a rialú, cuirtear freisin le spriocanna an Aontais maidir leis an aistriú glas.

-Tionchar ar chearta bunúsacha agus ar chomhionannas, go háirithe maidir le custaiméirí íogaire agus mionaoisigh a chosaint.

-Rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe: tá an tionscnamh ag teacht go háirithe le SDG 12 (Patrún freagrach tomhaltais agus táirgeachta) trí iompar gnó eiticiúil a chur chun cinn.

D. Ionstraimí maidir le rialáil níos fearr 

Measúnú tionchair

Déanfar measúnú tionchair chun tacú le hullmhú an Ghnímh um Chothroime Dhigiteach agus chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht an Choimisiúin. Déanfar measúnú léi ar impleachtaí eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus rialála na mbeart atá beartaithe, chomh maith leis an tionchar ar iomaíochas, ar chearta bunúsacha agus ar SDGanna.

Seolfar staidéar chun fianaise agus anailísí a chur ar fáil don Choimisiún chun tacú lena chuid oibre measúnaithe tionchair.

An straitéis chomhairliúcháin

Leis an gcomhairliúchán, táthar ag lorg ionchur ó thomhaltóirí, ó údaráis na mBallstát agus ó na páirtithe leasmhara uile ar nós saoránach/tomhaltóirí, comhlachas a dhéanann ionadaíocht do mhionaoisigh agus grúpaí eile tomhaltóirí leochaileacha; comhlachais tomhaltóirí náisiúnta agus a mbrateagraíochtaí ar leibhéal an Aontais; gnólachtaí, lena n‑áirítear cineálacha éagsúla gnólachtaí beaga; tionchairí; eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do ghnólachtaí a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí digiteacha, ábhair dhigitigh, ríomhthráchtála agus trádála miondíola ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith leo siúd a dhéanann ionadaíocht do ghnólachtaí in earnálacha sonracha (e.g. na meáin shóisialta, físchluichí); líonraí tomhaltóirí, Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó lucht acadúil.

Ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin tá glao ar fhianaise, comhairliúchán poiblí (R3‑2025 – ‘Cloisimis Uait’), suirbhéanna spriocdhírithe agus agallaimh (a dhéanfaidh conraitheoir staidéir tacaíochta), cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha le páirtithe leasmhara agus imeachtaí poiblí (e.g. Cruinniú Mullaigh Thomhaltóirí na hEorpa 2025).

Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt ar feadh 12 sheachtain agus beidh comhairliúcháin spriocdhírithe bhreise ag gabháil leis, lena n‑áirítear Idirphlé Cur Chun Feidhme. Beidh an comhairliúchán poiblí le fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, rud a chinnteoidh inrochtaineacht leathan.

Foilseofar tuarascáil achomair ar an gcomhairliúchán poiblí laistigh de 8 seachtaine tar éis a chlabhsúir, agus beidh tuarascáil achoimre chríochnaitheach ina gcumhdófar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin uile ina cuid den tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Is é is aidhm don chomhairliúchán tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile a bhailiú ar conas cothroime a chinntiú do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí in idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh aonair digiteach, deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, forfheidhmiú éifeachtach a chinntiú agus ilroinnt an mhargaidh a chosc. Cuirfidh an t‑aiseolas a bhaileofar leis an measúnú tionchair agus beidh sé ina bhonn eolais ag an togra reachtach sa chaoi go gcinnteofar go léireofar leis an tionscnamh dúshláin/treochtaí a bhaineann leis an bhfíorshaol agus ábhair imní na bpáirtithe leasmhara.

An spriocphobal

Tá an comhairliúchán dírithe ar raon leathan páirtithe leasmhara chun a chinntiú go ndéanfar measúnú cuimsitheach ar conas cosaint tomhaltóirí ar líne a neartú.

(1)  Cuireadh isteach i g Clár Oibre 2024 an Choimisiúin í.