ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1214 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (1), agus go háirithe Airteagal 8(4), Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (2), cumhdaítear roinnt earnálacha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil an acmhainneacht acu chun rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide de chuid an Aontais agus cuspóirí oiriúnaithe an athraithe aeráide. Roghnaíodh na hearnálacha eacnamaíocha agus na gníomhaíochta eacnamaíocha sin de thoradh a scair de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána, agus an acmhainneacht chruthaithe atá acu chun táirgeadh gás ceaptha teasa a sheachaint, na hastaíochtaí sin a laghdú, nó na hastaíochtaí sin a bhaint. Ina theannta sin, tá acmhainneacht chruthaithe sna hearnálacha agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin chun seachaint, laghdú agus baint den sórt sin a chumasú le haghaidh na n-earnálacha agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, nó chun stóráil fhadtéarmach astaíochtaí den sórt sin a áirithiú le haghaidh na n-earnálacha agus na ngníomhaíochtaí eile. |
(2) |
Is í úsáid iomlán an fhuinnimh is cúis le thart ar 75 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Tá ról ríthábhachtach ag earnáil an fhuinnimh, dá bhrí sin, maidir le leanúint de bheith ag laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, dá bhrí sin, cumhdaítear raon leathan earnálacha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le slabhra an tsoláthair fuinnimh, ó ghiniúint leictreachais nó teasa ó fhoinsí éagsúla, trí líonraí tarchurtha agus dáilte go stóráil, chomh maith le teaschaidéil agus monarú bithgháis agus bithbhreoslaí. Mar sin féin, níl critéir scagtha theicniúla i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha an gháis iontaise agus an fhuinnimh núicléach, d’ainneoin a n-acmhainneacht rannchuidiú le dícharbónú gheilleagar an Aontais. |
(3) |
Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 (“Tacsanomaíocht AE, Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, Tosaíochtaí Inbhuanaitheachta agus Dualgais Mhuiníneacha: Maoiniú a stiúradh i dtreo Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip”) agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 (“Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú”), cuireadh bunú critéar scagtha teicniúil maidir le gineadh fuinnimh ó ghás iontaise siar i bhfianaise an ghá atá ann maidir le measúnú teicniúil breise, go háirithe maidir le ról idirthréimhseach an gháis iontaise i ndícharbónú an gheilleagair (3). Cuireadh bunú critéar scagtha teicniúil maidir le gníomhaíochtaí ginte fuinnimh núicléach ar athló go dtí go mbeidh measúnú saineolais mionsonraithe, a seoladh in 2020, maidir le cibé acu an féidir an saolré núicléach, go háirithe dramhaíl núicléach, a mheas mar chomhoiriúnach leis an gceanglas, a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, nach féidir le gníomhaíocht dochar suntasach a dhéanamh do chuspóirí comhshaoil eile. I bhfianaise na measúnuithe sin, ní mór a aithint gur féidir leis na gníomhaíochtaí ginte gáis nádúrtha agus fuinnimh núicléach rannchuidiú le dícharbónú gheilleagar an Aontais. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha, ní mór critéir scagtha theicniúla a leagan síos maidir le gineadh leictreachais, comhghiniúint ardéifeachtúil cumhachta agus teasa/fuaraithe, agus táirgeadh teasa/fuaraithe i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtacha ó ghás iontaise, i gcás ina mbeidh astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghás iontaise faoi bhun tairseach iomchuí. Ina theannta sin, bhí gá le critéir scagtha theicniúla a leagan síos maidir le húsáid gáis iontaise i nginiúint leictreachais, comhghiniúint ardéifeachtúil cumhachta agus teasa/fuaraithe, agus táirgeadh teasa/fuaraithe i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtacha, i gcás nach gcomhlíonann an ghiniúint leictreachais, comhghiniúint cumhachta agus teasa/fuaraithe, agus táirgeadh teasa/fuaraithe i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtacha leis an tairseach iomchuí sin go fóill, ós rud é, chomh maith le húsáid fuinnimh atá aeráidneodrach agus tuilleadh infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí agus in earnálacha eacnamaíocha atá ísealcharbóin cheana, go bhfuil laghduithe substaintiúla in astaíochtaí gás ceaptha teasa ag teastáil ón aistriú i ngníomhaíochtaí agus earnálacha eacnamaíocha eile nach bhfuil roghanna malartacha ísealcharbóin ar bith atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de. Na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin go léir atá ar fáil, ba cheart iad a cháiliú mar ghníomhaíochtaí idirthréimhseacha faoi Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh roghanna malartacha ísealcharbóin atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de ar fáil ó thaobh tráchtála de ar scála leordhóthanach chun an t-éileamh fuinnimh a chumhdach ar mhodh leanúnach iontaofa. Maidir le giniúint leictreachais, go háirithe, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur chuige malartach maidir leis na hastaíochta gás ceaptha teasa a theorannú. Faoin gcur chuige malartach sin, ar cur chuige é ar cheart go dtabharfadh sé torthaí comhchosúla thar thréimhse 20 bliain, féadfaidh saoráidí na torthaí sin a bhaint amach tríd an líon uaireanta oibríochta a theorannú nó tríd an aistriú i dtreo gáis in-athnuaite nó ísealcharbóin a thabhairt chun tosaigh chuig dáta níos luaithe. Ba cheart do na critéir scagtha theicniúla céimniú amach luathaithe a éascú ó fhoinsí fuinnimh atá dian ó thaobh na n-astaíochtaí de, lena n-áirítear breoslaí iontaise sholadacha. Thairis sin, chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(2), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2020/852 a chomhlíonadh, ba cheart a áirithiú leis na critéir scagtha theicniúla maidir le húsáid gáis iontaise go bhfuil fianaise láidir ar fáil chun a léiriú nach bhféadfaí an acmhainneacht fuinnimh chéanna a ghiniúint le foinsí in-athnuaite, agus go mbeadh pleananna éifeachtacha curtha ar bun le haghaidh gach saoráide, i gcomhréir leis an bhfeidhmíocht is fearr san earnáil, chun an t-aistriú iomlán chuig gáis in-athnuaite nó ísealcharbóin a dhéanamh faoi dháta sonrach. Ar deireadh, ba cheart do na critéir scagtha theicniúla foráil a dhéanamh maidir le haithint laistigh de theorainn ama i leith rannchuidiú na ngníomhaíochtaí sin maidir le dícharbónú. |
(5) |
Beidh ról ríthábhachtach á imirt ag athnuaiteáin chun spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach. I bhfianaise an mhéid sin, ní mór infheistíochtaí maidir le hathnuaiteáin a mhéadú chun freastal ar riachtanais mhargadh an fhuinnimh de chuid an Aontais maidir le níos mó fuinnimh atá in-athnuaite agus glan. |
(6) |
Is gníomhaíochtaí ísealcharbóin gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach, ní bhunaíonn siad fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2020/852 agus ní thagann siad faoi chatagóirí eile gníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear i bpointe (b) go (i) den fhoráil sin. Ba cheart na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a bhaineann le fuinneamh núicléach a cháiliú faoi Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, in éagmais roghanna malartacha ísealcharbóin atá indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de ar scála leordhóthanach chun an t-éileamh fuinnimh a chumhdach ar modh leanúnach iontaofa. Thairis sin, sa Tuarascáil Chríochnaitheach ó Shainghrúpa Teicniúil an Aontais um Maoiniú Inbhuanaithe ó mhí an Mhárta 2020 (5), luadh “go bhfuil giniúint fuinnimh núicléach nach mór neodrach ó thabhairt na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcéim na giniúna fuinnimh” agus “go raibh fianaise maidir le rannchuidiú substaintiúil féideartha an fhuinnimh núicléach le cuspóirí maolaithe an athraithe aeráide cuimsitheach agus soiléir”. Ina theannta sin, i roinnt pleananna de chuid na mBallstát, áirítear fuinneamh núicléach mar aon le fuinneamh in-athnuaite sna foinsí fuinnimh atá le húsáid chun spriocanna aeráide a bhaint amach, lena n-áirítear cuspóir dícharbónaithe 2050 a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ar deireadh, trí bhonnualach sholáthar fuinnimh seasmhach a chur ar fáil, éascaíonn fuinneamh núicléach foinsí in-athnuaite eadrannacha a úsáid agus ní chuireann sé isteach ar a bhforbairt, mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852. Ba cheart gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach a mheas mar ghníomhaíochtaí lena gcomhlíontar Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 dá bhrí sin. |
(7) |
Ba é conclúid an athbhreithnithe eolaíoch arna dhéanamh ag saineolaithe (7) gur cheart go n-áiritheofaí le critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le fuinneamh núicléach nach ndéanfaí aon dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil eile de dheasca na rioscaí féideartha a d’fhéadfadh teacht as stóráil fhadtéarmach agus diúscairt deiridh dramhaíola núicléiche. Ba cheart go léireofaí na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht agus bainistíocht dramhaíola radaighníomhaí sna critéir scagtha theicniúla sin, dá bhrí sin, lena dtógtar ar cheanglais a leagtar síos sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (“Conradh Euratom”) agus i reachtaíocht a ghlactar faoin gConradh sin, agus go háirithe i dTreoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (8). Tá cuspóir sábháilteachta núicléach ardleibhéil sa Treoir sin lena gcumhdaítear gach staid de shaolré gach gléasra núicléach, lena n-áirítear lonnú, dearadh, tógáil, coimisiúnú, oibriú agus díchoimisiúnú na ngléasraí sin. Go sonrach, sa Treoir sin éilítear feabhsuithe móra sábháilteachta maidir le dearadh imoibreoirí nua, lena n-áirítear imoibreoirí dá ngairtear Glúin III+, ar cheart eolas agus teicneolaíocht úrscothach a úsáid ina leith, agus na ceanglais idirnáisiúnta sábháilteachta is déanaí á gcur san áireamh. Déantar foráil sna ceanglais sin maidir le cur chun feidhme éifeachtach an chuspóra sábháilteachta núicléach, lena n-áirítear prionsabal na domhainchosanta agus cultúr sábháilteachta éifeachtach a chur chun feidhme. Leis na ceanglais sin áirithítear go mbeidh tionchar guaiseacha fíordhona de dhéanamh an duine agus nádúrtha, lena n-áirítear creathanna talún agus tuilte, íoslaghdaithe agus go ndéantar timpistí, oibríochtaí neamhghnácha agus teipeanna nó caillteanas córas rialaithe a chosc, inter alia le déanmhais chosanta nó córais soláthair fuaraithe agus leictreachais chúltaca. |
(8) |
Tá breosla timpiste-fhulangach maidir le gléasraí cumhachta núicléiche a thugann cosaint bhreise i gcoinne timpistí ar timpistí iad a eascraíonn as damáistí struchtúrtha ar bhreosla nó ar chomhpháirteanna imoibrithe tagtha chun a bheith ar fáil ar an margadh. Chun na forbairtí teicneolaíocha nua sin a chur san áireamh, ba cheart úsáid an chineáil bhreosla sin a leagan amach mar cheanglas sna critéir scagtha theicniúla, agus a cheadúnú laistigh den Aontas á chur san áireamh. |
(9) |
Ar fud an domhain, tá iarrachtaí taighde agus forbartha á ndéanamh chun teicneolaíochtaí imoibreora núicléacha nua a fhorbairt lena n-úsáidtear, i measc nithe eile, timthriallta breosla iata nó coincheapa féinphóraithe breosla agus lena laghdaítear táirgeadh dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil (“imoibreoirí Glúin IV”). Cé nach bhfuil na himoibritheoirí Glúin IV sin inmharthana ó thaobh tráchtála de go fóill, ba cheart critéir scagtha theicniúla a leagan síos le haghaidh imoibritheoirí den sórt i bhfianaise na hacmhainneachta féideartha atá acu maidir leis an gcuspóir dícharbónaithe agus íoslaghdú dramhaíola radaighníomhaí. |
(10) |
Cuid d’fhoinsí fuinnimh roinnt de na Ballstáit amach anseo ia ea fuinneamh núicléach, mar chuid dá n-iarrachtaí dícharbónaithe. Mar thoradh ar na cásanna a ndearna an Coimisiún measúnú orthu, tá córas fuinnimh dícharbónaithe bunaithe ar athnuaiteáin den chuid is mó agus bunaithe ar fhuinneamh núicléach le toilleadh suiteáilte seasmhach i gcomparáid leis na leibhéil atá ann faoi láthair. De réir mar atá na gléasraí núicléacha atá ann faoi láthair á saothrú, tá uasghráduithe sábháilteachta ag teastáil uathu chun an saolré oibríochtúil a leathnú chomh maith le gléasraí núicléacha nuathógtha chun gléasraí atá imithe i léig a ionadú. Is próiseas leanúnach é seo agus ba cheart go n-áiritheodh sé infhaighteacht na hacmhainneachta atá ag teastáil le haghaidh dícharbónú an chórais fuinnimh faoi 2050 agus tar éis an dáta sin de réir mar is gá. Dá réir sin, beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha san fhuinneamh núicléach ar feadh na tréimhse go dtí 2050 agus ina dhiaidh sin. Ní mór a áirithiú go n-úsáideann gléasraí cumhachta núicléiche nua na réitigh is forbartha a eascraíonn as dul chun cinn teicneolaíoch. Maidir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh gléasraí cumhachta núicléiche nua den sórt sin, ba cheart go ndéanfadh siad foráil dá bhrí sin maidir le hathbhreithnithe rialta ar gach tionscadal infheistíochta, agus foráil maidir le paraiméadair theicniúla a chomhfhreagraíonn don teicneolaíocht is fearr atá ar fáil i bhfianaise na dtorthaí maidir le hiarrachtaí taighde agus forbartha leanúnacha agus maidir le feabhsuithe leanúnacha teicneolaíochtaí. Ba cheart dátaí sonracha a shainiú chun tabhairt isteach teicneolaíochtaí nua a áirithiú, ar teicneolaíochtaí iad a bheadh comhoiriúnach le dícharbónú inbhuanaithe a luaithe a bheidís ar fáil. |
(11) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Conradh Euratom agus Rialachán (Euratom) Uimh. 2587/1999 ón gComhairle (9) bunaítear tairsí agus ceanglais eile maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh infheistíochtaí san fhuinneamh núicléach. Chun go n-áiritheofar go léireofar an meas is mó do phrionsabail agus ceanglais reachtaíocht Euratom, d’fhonn spriocanna na tacsanomaíochta a bhaint amach, lena n-áirítear cuspóir sábháilteachta núicléach ar bith, ba cheart infheistíochtaí den sórt a bheith faoi réir tuairim ón gCoimisiún, gan beann ar cibé acu an éilítear fógra ar bith le hIarscríbhinn II a ghabhann le Conradh Euratom agus Rialachán (Euratom) Uimh. 2587/1999. Ar an gcúis chéanna, ba cheart aghaidh a thabhairt go sásúil ar gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 agus ar na critéir scagtha theicniúla arna n-aithint ag an gCoimisiún ina thuairim. |
(12) |
I bhfianaise na n-agaí fada tionscanta le haghaidh infheistíochtaí i dtoilleadh giniúna núicléiche nua, féadfar tacú le dícharbónú an chórais fuinnimh go gearrthéarmach agus go meántéarmach trí chreat ama gléasraí núicléacha áirithe atá ann faoi láthair a shíniú. Ba cheart go n-éileofaí modhnuithe agus uasghráduithe sábháilteachta leis na critéir scagtha theicniúla maidir le sínte den sórt, áfach, chun a áirithiú go gcomhlíonann na gléasraí núicléacha sin na caighdeáin sábháilteachta is fearr is féidir a bhaint amach agus le gach ceanglas oibiachtúil sábháilteachta a leagtar síos i reachtaíocht arna glacadh faoi Chonradh Euratom. |
(13) |
I bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha ionchasacha, maidir le hinfheistíochtaí i dtógáil agus oibriú sábháilte gléasraí núicléacha nua lena n-úsáidtear na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus arna gceadú faoi dháta iomchuí ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh na hinfheistíochtaí sin faoi réir critéir scagtha theicniúla agus teorainneacha ama lena spreagfaí forbairt agus úsáid thodhchaíoch imoibritheoirí Glúin IV le timthriallta breosla iata nó coincheapa féinphóraithe breosla a luaithe a bheadh siad ar fáil. Ba cheart na teorainneacha ama sin a athbhreithniú go hiomchuí i bhfianaise dul chun cinn maidir le forbairt na dteicneolaíochtaí sin. |
(14) |
Ba cheart go n-áiritheofaí nach ndéanfadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha dochar suntasach do cheann ar bith de na cuspóirí comhshaoil eile leis na critéir scagtha theicniúla a bhaineann le cuspóirí maolaithe an athraithe aeráide nó cuspóirí oiriúnaithe don athrú aeráide. Go sonrach maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le fuinneamh núicléach, ní mór a áirithiú nach ndéanfaidh diúscairt dramhaíola fhadtéarmach dochar suntasach agus fadtéarmach don chomhshaol, dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (d)(iii), de Rialachán (AE) 2020/852. Dá bhrí sin, is iomchuí ceanglais shonracha a leagan amach sna critéir scagtha theicniúla maidir le ciste bainistíochta dramhaíola radaighníomhaí agus ciste díchoimisiúnaithe núicléach, ar cistí iad is féidir a chomhcheangal, i gcomhréir leis an bprionsabal gur cheart go mbeadh táirgeoirí dramhaíola freagrach as an gcostas an dramhaíl a bhainistiú, agus chun saoráidí oibríochtúla maidir le diúscairt deiridh a éileamh le haghaidh na dramhaíola radaighníomhaí go léir, rud lenar cheart cosc a chur ar dhramhaíl radaighníomhach a onnmhairiú le haghaidh diúscartha i dtríú tíortha. I roinnt de na Ballstáit, tá dramhaíl radaighníomhach ar leibhéal íseal agus idirmheánach á diúscairt faoi láthair i saoráidí diúscartha atá gar don dromchla cheana, agus tá taithí agus fios á mbailiú maidir le bainistiú dramhaíola le linn na mblianta fada de bheith ag oibriú na saoráidí diúscartha sin atá gar don dromchla. Maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil agus breosla spíonta, is réiteach úrscothach é an diúscairt domhain gheolaíoch a bhfuil glacadh forleathan leis i bpobal na saineolaithe ar fud an domhain mar an rogha is sábháilte agus is inbhuanaithe mar phointe deiridh chun dramhaíl ardleibhéil agus breosla spíonta a mheastar gur dramhaíl é a bhainistiú. Ba cheart do na Ballstáit, le linn dóibh an fhreagracht a choinneáil maidir lena mbeartais i leith a mbreosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach ar leibhéal íseal agus idirmheánach nó ardleibhéil a bhainistiú, pleanáil agus cur chun feidhme roghanna diúscartha ina mbeartais náisiúnta a áireamh, go háirithe faoin gclár náisiúnta maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, lena gcumhdaítear gach cineál breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach agus gach céim de bhreosla spíonta agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí ón nginiúint go dtí an diúscairt. Sonraítear ábhar na gclár náisiúnta i dTreoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (10) agus áirítear ann eochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán trédhearcach a dhéanamh ar dhul chun cinn. Ní mór do na Ballstáit tuairisciú rialta a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir le dul chun cinn chur chun feidhme na gclár náisiúnta. Léirítear i dtuairiscí ó na Ballstáit in 2021 go ndearnadh dul chun cinn mór maidir le cur i gcrích na chéad saoráidí diúscartha geolaíocha doimhne i gcríoch an Aontais. Tá réitigh réalaíocha á chur ar fáil do na Ballstáit chun saoráidí den sórt a fhorbairt agus a oibriú faoi 2050. Dá bhrí sin, áirítear le cuimsiú an cheanglais chomhfhreagraigh sna critéir scagtha theicniúla nach ndéantar dochar suntasach don chomhshaol. |
(15) |
Is gá do ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais ardleibhéal trédhearcachta a chur ar fáil d’infheisteoirí maidir lena n-infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí giniúna gáis iontaise agus giniúna fuinnimh núicléach ar cheart critéir scagtha theicniúla a leagan síos ina leith. Chun foráil a dhéanamh maidir leis an trédhearcacht sin, ba cheart ceanglais shonracha maidir le nochtadh a leagan síos do ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais. Chun inchomparáideacht maidir leis an fhaisnéis a nochtar le hinfheisteoirí a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis sin a chur i láthair i bhfoirm teimpléid lena léirítear go soiléir an sciar de ghníomhaíochtaí gáis iontaise agus fuinnimh núicléach san ainmneoir agus, i gcás inarb iomchuí, uimhreoir eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas sin. D’fhonn ardleibhéal trédhearcachta a thabhairt d’infheisteoirí i dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir le neamhchosaintí ar ghás iontaise agus ar ghníomhaíochtaí fuinnimh núicléach, a bhfuil critéir scagtha theicniúla leagtha síos ina leith, leasóidh an Coimisiún nó breithneoidh sé leasú a dhéanamh ar an gcreat maidir le nochtadh a bhaineann leis na táirgí airgeadais sin de réir mar is iomchuí chun trédhearcacht iomlán a thabhairt ar feadh shaolré iomlán na dtáirgí airgeadais sin. Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin sonraithe go soiléir ag infheisteoirí deiridh, breithneoidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir leis an gcomhairle airgeadais agus árachais a thugann dáileoirí. |
(16) |
Chun muinín infheisteoirí a mhéadú, ba cheart do thríú páirtí neamhspleách comhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla a bhaineann le gníomhaíochtaí gáis iontaise a fhíorú. Chun fíorú neamhchlaonta dícheallach comhlíontachta a áirithiú, ba cheart go mbeadh na hacmhainní agus an saineolas ag an tríú páirtí neamhspleách chun an fíorú sin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh sé neamhspleách chun aon coinbhleacht leasa leis an úinéir nó an cisteoir a sheachaint, agus níor cheart go mbeadh sé páirteach i bhforbairt nó oibriú gníomhaíochtaí gáis iontaise den sórt sin. I dteannta an tsásra fhíoraithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir ceanglais fhíoraithe shonracha dá bhforáiltear i reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe lena gcumhdaítear comhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla. I gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2020/852, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha a cheanglaítear maidir le sásraí fíoraithe comhlíontachta a shocrú leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán sin. |
(17) |
Tá forbairt thapa theicneolaíoch mar shaintréith de chuid na n-earnálacha gáis iontaise agus fuinnimh núicléach. Dá bhrí sin, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir scagtha theicniúla lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí giniúna fuinnimh sna hearnálacha sin go rialta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852. Thairis sin, bunaithe ar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ba cheart don athbhreithniú sin oiriúnacht na dtréimhsí ama a leagtar síos sna critéir scagtha theicniúla a chuimsiú. |
(18) |
Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (11) a leasú dá réir sin. Leis na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178, ní éilítear aon infheistíochtaí, ach tá sé beartaithe go gcuideoidh siad le margaí airgeadais agus infheisteoirí, faoi réir coinníollacha dochta, gníomhaíochtaí gáis agus núicléacha ábhartha a aithint, ar gníomhaíochtaí iad atá ag teastáil maidir le haistriú chórais fuinnimh na mBallstát i dtreo na haeráidneodrachta i gcomhréir le spriocanna agus gealltanais aeráide an Aontais. |
(19) |
Tá dlúthnasc idir na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe seo. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, ar cheart dóibh teacht i bhfeidhm an tráth céanna, is gá na forálacha sin a chur san áireamh i Rialachán aonair, d’fhonn léargas cuimsitheach a éascú ar an gcreat dlíthiúil do pháirtithe leasmhara agus chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/852 a éascú. |
(20) |
Ní mór am leordhóthanach a thabhairt do ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu an gcomhlíonann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le gás iontaise agus fuinneamh núicléach na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar bhonn an mheasúnaithe sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178. Ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2023 dá bhrí sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 mar a leanas:
(1) |
cuirtear Airteagal 2a isteach mar a leanas: “Airteagal 2a Athbhreithniú Le linn don Choimisiún an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2020/852 a dhéanamh, déanfaidh sé athbhreithniú agus measúnú ar an gá atá ann na dátaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn 4.27, Roinn 4.28, Roinn 4.29, pointe 1(b), Roinn 4.30, pointe 1(b) agus Roinn 4.31, pointe 1(b) a leasú. Aon athbhreithniú ar an dáta dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn 4.27 agus Roinn 4.28 a ghabhann le hIarscríbhinn I, déanfaidh sé an dul chun cinn teicniúil maidir le tráchtálú breosla timpiste-fhulangach san Aontas agus ar fud an domhain a chur san áireamh.” |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 8, cuirtear míreanna 6, 7 agus 8 mar a leanas isteach: “6. Déanfaidh gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais méid agus cion na nithe seo a leanas a nochtadh:
7. Déanfaidh gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais méid agus cion na nithe seo a leanas a nochtadh:
8. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 i láthair i bhformáid tábla trí leas a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo.” |
(2) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn XII. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Tacsanomaíocht AE, Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, Tosaíochta Inbhuanaitheachta agus Dualgais Mhuiníneacha: Maoiniú a stiúradh i dtreo an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (COM/2021/188 final) agus Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú, (COM/2021/390 final).
(4) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(5) Tá tuarascáil TEG ar fáil ag: https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/business_economy_euro/banking_and_finance/documents/200309-sustainable-finance-teg-final-report-taxonomy_en.pdf
(6) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(7) Tuarascáil an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde: Tá an measúnú teicniúil maidir le fuinneamh núicléach i leith na gcritéar “gan aon dochar suntasach a dhéanamh” de Rialachán (AE) 2020/852 (“Rialachán maidir le Tacsanomaíocht”) ar fáil ag: https://ec.europa.eu/info/file/210329-jrc-report-nuclear-energy-assessment_en
(8) Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).
(9) Rialachán (Euratom) Uimh. 2587/1999 ón gComhairle an 2 Nollaig 1999 lena sainítear na tionscadail infheistíochta atá le bheith curtha in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 41 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO L 315, 9.12.1999, lch. 1).
(10) Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shonrú, agus lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).
IARSCRÍBHINN I
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, cuirtear na Ranna 4.26, 4.27, 4.28, 4.29 4.30 agus 4.31 seo a leanas isteach:
‘4.26. Céimeanna réamhthráchtála ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha le dramhaíl íosta ón timthriall breosla
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Taighde, forbairt, taisealbhadh agus úsáid saoráidí ginte leictreachais nuálacha, arna gceadúnú ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a tháirgeann fuinneamh ó phróisis núicléacha le dramhaíl íosta ón timthriall breosla.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chód NACE M72 agus M72.1 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
1. |
Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (‘an tionscadal’) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:
Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid. |
2. |
Tá an tionscadal ina chuid de chlár taighde arna mhaoiniú ag an Aontas nó tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a thuairim ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa tuairim, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo. |
3. |
Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:
Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar thuairim an Bhallstáit lena mbaineann. |
4. |
Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche suite i gcrích an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach an méid a leanas:
|
5. |
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (‘IAEA’) agus an Comhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (‘WENRA’), lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta. |
6. |
Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar gineadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n-oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.
|
4.27. Foirgniú agus oibriú sábháilte gléasraí cumhachta núicléiche nua, le haghaidh leictreachas nó teas a tháirgeadh, lena n-áirítear maidir le táirgeadh hidrigine, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid
Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil teicneolaíochtaí lena gcomhlíontar ceanglais Threoir 2009/71/Euratom go hiomlán agus lena n-urramófar go hiomlán na paraiméadair theicniúla is déanaí de chuid chaighdeáin IAEA agus cuspóirí Sábháilteachta WENRA agus Leibhéil Tagartha.
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Foirgniú agus oibriú sábháilte gléasraí núicléacha nua a n-eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát ceadúnas foirgníochta lena n-aghaidh faoi 2045, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun leictreachas a tháirgeadh nó teas a phróiseáil, lena n-áirítear chun críoch téamh ceantair nó próisis thionsclaíocha amhail táirgeadh hidrigine (gléasraí núicléacha nua nó NNInna), chomh maith lena n-uasghráduithe sábháilteachta.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) DE Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
1. |
Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (‘an tionscadal’) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:
Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit na pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid. |
2. |
Déanann an tionscadal an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil a chur chun feidhme go hiomlán chomh maith le breosla tionóisc-fulangach faoi 2025. Déantar an teicneolaíocht a dheimhniú agus a fhormheas ag an rialtóir sábháilteachta náisiúnta. |
3. |
Tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a bharúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa bharúil, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo. |
4. |
Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:
Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar thuairim an Bhallstáit lena mbaineann. |
5. |
Athbhreithneoidh an Coimisiún, faoi 2025, agus gach 10 mbliana ar a laghad, na paraiméadair theicniúla a chomhfhreagraíonn don teicneolaíocht is fearr atá ar fáil bunaithe ar mheasúnú an Ghrúpa Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (‘ENSREG’). |
6. |
Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche suite i gcrích an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach:
|
7. |
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ó IAEA agus WENRA, lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta. |
8. |
Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar táirgeadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n-oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.
|
4.28. Giniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach i ngléasraí atá ann faoi láthair
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Modhnú gléasraí núicléacha atá ann faoi láthair, arna údarú ag údaráis inniúla na mBallstát faoi 2040 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun am seirbhíse oibriú sábháilte gléasraí núicléacha lena ngintear leictreachas nó teas ó fhuinneamh núicléach a shíneadh (‘gléasraí cumhachta núicléiche’).
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi chóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10(2) DE Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla go léir a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
Critéir ghinearálta a bhaineann le rannchuidiú substaintiúil le maolú an athraithe aeráide agus Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
1. |
Tá an tionscadal a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch (‘an tionscadal’) lonnaithe i mBallstát a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:
Chun críocha phointe (f), féadfaidh na Ballstáit na pleananna arna dtarraingt suas mar chuid den chlár náisiúnta a iarrtar le hAirteagail 11 agus 12 de Threoir 2011/70/Euratom a úsáid. |
2. |
Leis an tionscadal uasghrádaithe cuirtear feabhsú sábháilteachta infheidhmithe ar bith chun feidhme agus ó 2025 ar aghaidh bainfidh sé leas as breosla tionóisc-fulangach. Déantar an teicneolaíocht a dheimhniú agus a fhormheas ag an rialtóir sábháilteachta náisiúnta. |
3. |
Tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 41 de Chonradh Euratom nó Airteagal 1(4) de Rialachán 2587/1999 ón gComhairle, i gcás ina mbeidh ceachtar de na forálacha sin infheidhme, gur thug an Coimisiún a bharúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 43 de Chonradh Euratom, agus gur tugadh aghaidh go sásúil ar gach saincheist a ardaíodh sa bharúil, le hábharthacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 10(2) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Roinn seo. |
4. |
Thug an Ballstát lena mbaineann gealltanas chun tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 5 bliana i leith gach tionscadail maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas:
Ar bhonn na dtuarascálacha, athbhreithneoidh an Coimisiún leordhóthanacht acmhainní carntha an chiste um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus an chiste um dhíchoimisiúnú núicléach dá dtagraítear i bpointe 1(c) agus an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an phlean chláraithe dá dtagraítear i bpointe 1(f) agus féadfaidh sé aghaidh a thabhairt ar bharúil an Bhallstáit lena mbaineann. |
5. |
Comhlíonann an ghníomhaíocht reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meastóireacht, go háirithe trí thástálacha struis, ar athléimneacht na ngléasraí cumhachta núicléiche de chuid an Aontais i gcoinne guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear creathanna talún. Dá réir sin, déantar an ghníomhaíocht i gcrích Ballstáit i gcás ina ndéanann oibreoir gléasra núicléach:
|
6. |
Comhlíonann an ghníomhaíocht ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí ó IAEA agus WENRA, lena rannchuidítear le hathléimneacht acmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus coinníollacha aimsire ainscianta. |
7. |
Go ndéantar dramhaíl radaighníomhach, dá dtagraítear i bpointe 1(e) agus (f), a dhiúscairt sa Bhallstát inar táirgeadh é, mura bhfuil comhaontú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát cinn scríbe, mar a bhunaítear i dTreoir 2011/70/Euratom. Sa chás sin, tá cláir um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus diúscartha agus saoráid diúscartha oiriúnach á n-oibriú ag an mBallstát cinn scríbe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2011/70/Euratom.
|
4.29. Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha iontaise
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Saoráidí giniúna leictreachais a fhoirgniú nó a oibriú ina ngintear leictreachas trí bhreoslaí gásacha iontaise a úsáid. Ní áirítear giniúint leictreachais ó úsáid eisiach breoslaí gásacha neamh-iontaise agus leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.7 den Iarscríbhinn seo agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.8 den Iarscríbhinn seo.
Féadfar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10 (2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
N/B |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach. Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
4.30. Comhghiniúint teasa/fuaraithe agus cumhachta ardfheidhmíochta ó bhreoslaí gásacha iontaise
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Saoráidí giniúna cumhachta agus téimh/fuaraithe a fhoirgniú, a athchothromú, agus a oibriú lena n-úsáidtear breoslaí gásacha iontaise. Ní áirítear comhghiniúint téimh/fuaraithe agus cumhachta ardfheidhmíochta ó úsáid eisiach breoslaí gásacha neamh-iontaise agus leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.19 den Iarscríbhinn seo, agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.20 den Iarscríbhinn seo.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le cód NACE D35.11 agus D35.30 i gcomhréir le haicmiú staitistiúil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10 (2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
N/B |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach. Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
4.31. Téamh/fuarú a tháirgeadh as breoslaí gásacha iontaise i gcóras téamh agus fuarú ceantair éifeachtach
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Saoráidí giniúna teasa a tháirgeann téamh/fuarú trí bhreoslaí gásacha iontaise atá bainteach le téamh agus fuarú ceantair éifeachtach de réir bhrí Airteagal 2, pointe (41) de Threoir 2012/27/AE a fhoirgniú, a athriochtú agus a oibriú. Ní áirítear táirgeadh téimh/fuaraithe i dtéamh ceantair éifeachtach ó úsáid eisiach breoslaí in-athnuaite neamh-iontaise agus breoslaí leachtacha dá dtagraítear i Roinn 4.23 den Iarscríbhinn seo, agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.24 den Iarscríbhinn seo.
Aicmítear an ghníomhaíocht aicmithe chód NACE D35.30 i gcomhréir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Is gníomhaíocht idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852 í gníomhaíocht eacnamaíoch sa chatagóir seo i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Roinn seo.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
N/B |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochta bainteach leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Ní tharlaíonn aon éifeacht trasmheáin shuntasach. Maidir le gléasraí dócháin a bhfuil ionchur teirmeach níos mó ná 1 MW acu ach atá faoi bhun na dtairseacha le haghaidh na gconclúidí BAT nach mór do mhórghléasraí dócháin a chur i bhfeidhm, tá astaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíonann an ghníomhaíocht na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
(*1) Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir lesábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).
(*2) Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).
(*3) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta don chosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13,17.1.2014, lch. 1).
(*4) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(*5) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1)
(*6) Moladh 2006/851/Euratom ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le bainistiú na n-acmhainní airgeadais chun suiteálacha núicléacha, breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a dhíchoimisiúnú (IO L 330,28.11.2006, lch. 31).
(*7) Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláintean phobail i gcoitinne a chosaint i ndáil le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12).
(*8) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, cuirtear isteach na Ranna 4.26, 4.27, 4.28, 4.29, 4.30, agus 4.31 seo a leanas:
‘4.26. Céimeanna réamhthráchtála ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha agus an méid dramhaíola is lú is féidir ann ón timthriall breosla
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Taighde, forbairt, taisealbhadh agus cur chun úsáide saoráidí ginte leictreachais nuálacha, arna gceadúnú ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a tháirgeann fuinneamh ó phróisis núicléacha agus an méid dramhaíola is lú is féidir ann ón timthriall breosla.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE M72 agus M72.1 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí tríd an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus tríd an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (WENRA), lena rannchuidítear le hathléimneacht agus le hacmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus adhaimsir. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann. Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa a theorannú, rialóidh oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre a úsáideann fuarú fliuch aonuaire trí uisce a thógáil ó abhainn nó ó loch:
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le creat rialála an Aontais. Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC). Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de Threoir 2000/60/CE agus de Threoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá plean maidir le bainistíocht dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistithe dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó an doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n-ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom. Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom. Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá. Cumhdaítear na gnéithe ábhartha sa Roinn seo le tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann. Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. Le sceitheadh radaighníomhach san aer, i ndobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíontar na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom. Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte agus go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom. Tá toilleadh leordhóthanach stórála eatramhaí ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir leis an bhforáil i dTreoir 2011/70/Euratom lena bhféachtar ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, seachas mar rogha mhalartach ar an diúscairt. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá. Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de (lena n-áirítear líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus cuirtear na bearta maolaithe is gá i bhfeidhm, ar bhonn chonclúidí an mheasúnaithe sin. Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí dochar do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga ná de na speicis atá sna limistéir faoi chosaint. |
4.27. Tógáil agus oibriú sábháilte gléasraí cumhachta núicléiche nua, chun leictreachas agus/nó teas a ghiniúint, lena n-áirítear chun hidrigin a tháirgeadh, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil agus oibriú sábháilte gléasraí núicléacha nua, ar eisigh údaráis inniúla na mBallstát ceadúnas tógála ina leith faoi 2045, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun leictreachas a tháirgeadh nó teas a phróiseáil, lena n-áirítear chun críoch téamh ceantair nó próisis thionsclaíocha mar shampla táirgeadh hidrigine (gléasraí núicléacha nua), chomh maith lena n-uasghráduithe sábháilteachta.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE D35.11 agus F42.22 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí tríd an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus tríd an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (WENRA), lena rannchuidítear le hathléimneacht agus le hacmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus adhaimsir. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann. Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa a theorannú, rialóidh oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre a úsáideann fuarú fliuch aonuaire trí uisce a thógáil ó abhainn nó ó loch:
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí i gcomhréir le creat rialála an Aontais. Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC). Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de Threoir 2000/60/CE agus de Threoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá plean maidir le bainistíocht dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistithe dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó an doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n-ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom. Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom. Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá. Cumhdaítear na gnéithe ábhartha sa Roinn seo le tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann. Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. Le sceitheadh radaighníomhach san aer, i ndobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíontar na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom. Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte agus go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom. Tá toilleadh leordhóthanach stórála eatramhaí ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir leis an bhforáil i dTreoir 2011/70/Euratom lena bhféachtar ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, seachas mar rogha mhalartach ar an diúscairt. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá. Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de (lena n-áirítear líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus cuirtear na bearta maolaithe is gá i bhfeidhm, ar bhonn chonclúidí an mheasúnaithe sin. Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí dochar do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga ná de na speicis atá sna limistéir faoi chosaint. |
4.28. Giniúint leictreachais ó fhuinneamh núicléach i ngléasraí atá ann cheana
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Modhnú gléasraí núicléacha atá ann cheana chun síneadh, arna údarú ag údaráis inniúla na mBallstát faoi 2040 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, a chur le ham seirbhíse oibriú sábháilte gléasraí núicléacha lena ngintear leictreachas nó teas ó fhuinneamh núicléach (‘gléasraí cumhachta núicléiche’).
Aicmítear an ghníomhaíocht faoi na cóid NACE D35.11 agus F42.2 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, ceanglais Threoir 2009/71/Euratom, arna dtacú ag an gcomhairle idirnáisiúnta is déanaí tríd an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus tríd an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (WENRA), lena rannchuidítear le hathléimneacht agus le hacmhainneacht gléasraí cumhachta núicléiche nua agus gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana a mhéadú chun dul i ngleic le guaiseacha nádúrtha ainscianta, lena n-áirítear tuilte agus adhaimsir. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Sainaithnítear rioscaí díghrádaithe comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an uisce a chosaint agus strus maidir le huisce a sheachaint agus tugtar aghaidh ar na rioscaí sin, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce, a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann. Chun aimhrialtachtaí teirmeacha a bhaineann le sceitheadh dramhtheasa a theorannú, rialóidh oibreoirí gléasraí cumhachta núicléiche intíre a úsáideann fuarú fliuch aonuaire trí uisce a thógáil ó abhainn nó ó loch:
Déantar an rialú teochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, nó luachanna tairsí i gcomhréir le dlí an Aontais. Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, caighdeáin Aicmí na Fondúireachta Tionscail (IFC). Oibrítear gníomhaíochtaí núicléacha i gcomhréir leis na ceanglais maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine de Threoir 2000/60/CE agus de Threoir 2013/51/Euratom lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá plean maidir le bainistíocht dramhaíola neamh-radaighníomhaí agus dramhaíola radaighníomhaí i bhfeidhm agus áirithíonn sé athúsáid nó athchúrsáil uasta na dramhaíola sin ag deireadh na saolré i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear trí chomhaontuithe conarthacha le comhpháirtithe bainistithe dramhaíola, an léiriú i réamh-mheastacháin airgeadais nó an doiciméadacht tionscadail oifigiúil. Le linn oibrithe agus díchoimisiúnaithe, íoslaghdaítear méid na dramhaíola radaighníomhaí agus uasmhéadaítear méid na n-ábhar saorscaoilte i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom, agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint ar radaíocht a leagtar síos i dTreoir 2013/59/Euratom. Tá scéim maoiniúcháin i bhfeidhm chun cistiú leordhóthanach a áirithiú maidir le gach gníomhaíocht díchoimisiúnaithe agus maidir le breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú, i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Moladh 2006/851/Euratom. Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá. Cumhdaítear na gnéithe ábhartha sa Roinn seo le tuarascálacha na mBallstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2011/70/Euratom. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí neamh-radaighníomhacha laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann. Maidir le gléasraí cumhachta núicléiche ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. Le sceitheadh radaighníomhach san aer, i ndobharlaigh agus sa talamh (ithir), comhlíontar na coinníollacha ceadúnais aonair maidir leis na hoibríochtaí sonracha, i gcás inarb infheidhme, agus/nó luachanna tairsí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2013/51/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom. Déantar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte agus go freagrach i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom agus Treoir 2013/59/Euratom. Tá toilleadh leordhóthanach stórála eatramhaí ar fáil don tionscadal, agus tá pleananna diúscartha náisiúnta i bhfeidhm chun fad na stórála eatramhaí a íoslaghdú, i gcomhréir leis an bhforáil i dTreoir 2011/70/Euratom lena bhféachtar ar stóráil dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear stóráil fhadtéarmach, mar réiteach eatramhach, seachas mar rogha mhalartach ar an diúscairt. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Cuirtear Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gcrích sula dtógtar gléasra cumhachta núicléiche, i gcomhréir le Treoir 2011/92/AE. Cuirtear chun feidhme na bearta maolaithe agus cúiteacha is gá. Maidir le suíomhanna/oibríochtaí atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de, ar dócha go mbeadh tionchar mór acu ar limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de (lena n-áirítear líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint, láithreáin Oidhreachta Domhanda Unesco agus Príomhlimistéir Bhithéagsúlachta, chomh maith le limistéir eile faoi chosaint), rinneadh measúnú iomchuí, i gcás inarb infheidhme, agus cuirtear na bearta maolaithe is gá i bhfeidhm, ar bhonn chonclúidí an mheasúnaithe sin. Ní dhéanfaidh na suíomhanna/oibríochtaí dochar do stádas caomhantais aon cheann de na gnáthóga ná de na speicis atá sna limistéir faoi chosaint. |
4.29. Giniúint leictreachais ó bhreoslaí gásacha iontaise
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil nó oibriú saoráidí giniúna leictreachais lena dtáirgtear leictreachas trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.29 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin giniúint leictreachais ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.8 d’Iarscríbhinn I.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach le roinnt cóid NACE, go háirithe D35.11 agus F42.22 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Neamhbhainteach |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann. Maidir le gléasraí dócháin ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
4.30. Comhghiniúint ardéifeachtach téimh/fuaraithe agus cumhachta ó bhreoslaí gásacha iontaise
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil, athchóiriú agus oibriú saoráidí comhghiniúna téimh/fuaraithe agus cumhachta trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.30 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin comhghiniúint ardéifeachtach téimh/fuaraithe agus cumhacht ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.19 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.20 d’Iarscríbhinn I.
D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa chatagóir seo a bheith bainteach leis na cóid NACE D35.11 agus D35.30 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Neamhbhainteach |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann. Maidir le gléasraí dócháin ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
4.31. Táirgeadh téimh/fuaraithe ó bhreoslaí gásacha iontaise i gcóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil
Tuairisc ar an ngníomhaíocht
Tógáil, athchóiriú agus oibriú saoráidí giniúna téimh lena dtáirgtear téamh/fuarú trí úsáid a bhaint as breoslaí gásacha iontaise atá nasctha le téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil de réir bhrí Airteagal 2(41) de Threoir 2012/27/AE lena gcomhlíontar na critéir i bpointe 1(a) de Roinn 4.31 d’Iarscríbhinn I. Ní áirítear leis an ngníomhaíocht sin táirgeadh téimh/fuaraithe ó théamh ceantair éifeachtúil ó úsáid eisiach breoslaí gásacha agus leachtacha inathnuaite neamhiontaise dá dtagraítear i Roinn 4.23 d’Iarscríbhinn I agus breoslaí bithgháis agus bithleachta dá dtagraítear i Roinn 4.24 d’Iarscríbhinn I.
Aicmítear an ghníomhaíocht faoin gcód NACE D35.30 i gcomhréir leis an aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
Critéir scagtha theicniúla
Rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Gan dochar suntasach a dhéanamh (‘DNSH’) |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
Tá astaíochtaí GCT díreacha na gníomhaíochta níos ísle ná 270 g CO2e/kWh. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Neamhbhainteach |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín C a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Tá astaíochtaí laistigh de nó níos ísle ná na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na raonta teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEL) a leagtar amach sna conclúidí ábhartha is déanaí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), lena n-áirítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh mórghléasraí dócháin. Níl aon éifeacht trasmheáin mhór ann. Maidir le gléasraí dócháin ar mó a n-ionchur teirmeach ná 1 MW ach atá faoi bhun na dtairseacha chun go mbeadh feidhm ag conclúidí BAT maidir le mórghléasraí dócháin, tá na hastaíochtaí faoi bhun na dteorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cuid 2, a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2193. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhlíontar, leis an ngníomhaíocht, na critéir a leagtar amach in Aguisín D a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.‘ |
(1) Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.
(2) Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
(3) Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
(4) Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).
(5) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.
(6) Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.
(7) Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
(8) Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
(9) Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).
(10) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.
(11) Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.
(12) Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
(13) Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
(14) Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).
(15) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.
(16) Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.
(17) Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
(18) Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
(19) Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).
(20) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.
(21) Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.
(22) Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
(23) Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
(24) Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).
(25) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.
(26) Áirítear le cásanna a bheidh ann amach anseo conairí tiúchana ionadaíocha RCP2.6, RCP4.5, RCP6.0 agus RCP8.5 den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.
(27) Tuarascálacha Measúnachta ar an Athrú Aeráide: Impacts, Adaptation and Vulnerability a fhoilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go tréimhsiúil, comhlacht na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide, https://www.ipcc.ch/reports/.
(28) Mar shampla, seirbhísí Copernicus arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
(29) Sainmhínítear réitigh dhúlrabhunaithe mar ‘réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní’. Dá bhrí sin, is chun tairbhe na bithéagsúlachta na réitigh dhúlrabhunaithe agus is tacaíocht iad ó thaobh raon seirbhísí éiceachórais a sheachadadh (leagan an [dáta glactha]: https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/environment/nature-based-solutions_en/).
(30) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Bonneagar Glas (BG) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Neartú, COM/2013/249 final.
IARSCRÍBHINN III
‘IARSCRÍBHINN XII
Teimpléid chaighdeánacha maidir le nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 8(6) agus (7)
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(6) agus (7) a thíolacadh mar a leanas, le haghaidh gach eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme (KPI).
Teimpléad 1 Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach agus fuinneamh gáis iontaise
Ró |
Gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach |
|
1. |
Tá taighde, forbairt, taisealbhadh agus úsáid saoráidí giniúna leictreachais nuálacha lena dtáirgtear fuinneamh ó phróisis núicléacha le dramhaíl íosta ón timthriall breosla á ndéanamh nó á gcistiú ag an ngnóthas, nó tá neamhchosaintí aige ina leith. |
TÁ/NÍL |
2. |
Tá foirgniú agus oibriú sábháilte suiteálacha núicléacha nua á ndéanamh, á gcistiú nó tá neamhchosaintí aige ina leith, chun leictreachas a tháirgeadh nó teas a phróiseáil, lena n-áirítear chun críocha próiseas téimh ceantair nó tionsclaíoch amhail táirgeadh hidrigine, chomh maith lena n-uasghráduithe sábháilteachta, trí na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid. |
TÁ/NÍL |
3. |
Tá oibriú sábháilte suiteálacha núicléacha atá ann faoi láthair lena dtáirgtear leictreachas nó lena bpróiseáiltear teas, lena n-áirítear chun críocha téimh ceantair nó próiseas tionsclaíoch amhail táirgeadh hidrigine ó fhuinneamh núicléach, chomh maith lena n-uasghráduithe sábháilteachta á ndéanamh nó á gcistiú ag an ngnóthas, nó tá neamhchosaintí aige ina leith. |
TÁ/NÍL |
|
Gníomhaíochtaí a bhaineann le gás iontaise |
|
4. |
Tá foirgniú nó oibriú saoráidí ginte leictreachais lena dtáirgtear leictreachas trí bhreoslaí gásacha iontaise a úsáid á ndéanamh nó a gcistiú ag an ngnóthas, nó tá neamhchosaintí aige ina leith. |
TÁ/NÍL |
5. |
Tá foirgniú, athchóiriú, agus oibriú saoráidí téimh/fuaraithe araon agus ginte cumhachta trí bhreoslaí gásacha breoslaí á ndéanamh nó a gcistiú ag an ngnóthas, nó tá neamhchosaintí aige ina leith. |
TÁ/NÍL |
6. |
Tá foirgniú, athchóiriú agus oibriú saoráidí ginte téimh lena dtáirgtear téamh/fuarú trí bhreoslaí gásacha iontaise a úsáid á ndéanamh nó a gcistiú ag an ngnóthas, nó tá neamhchosaintí aige ina leith. |
TÁ/NÍL |
Teimpléad 2 Gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht (ainmneoir)
Ró |
Gníomhaíochtaí eacnamaíocha |
Méid agus cion (an fhaisnéis atá le léiriú i méideanna airgeadaíochta agus mar chéatadáin) |
|||||
CCM + CCA |
Maolú an athraithe aeráide (CCM) |
Oiriúnú don athrú aeráide (CCA) |
|||||
Méid |
% |
Méid |
% |
Méid |
% |
||
1. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.26 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
2. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.27 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
3. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.28 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
4. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.29 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
5. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.30 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
6. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.31 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
7. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht nach dtagraítear dó i rónna 1 go 6 thuas in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
8. |
Eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme iomlán |
|
|
|
Teimpléad 3 Gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht (uimhreoir)
Ró |
Gníomhaíochtaí eacnamaíocha |
Méid agus cion (an fhaisnéis atá le tíolacadh i méideanna airgeadaíochta agus mar chéatadáin) |
|||||
(CCM+CCA) |
Maolú an athraithe aeráide |
Oiriúnú don athrú aeráide |
|||||
Méid |
% |
Méid |
% |
Méid |
% |
||
1. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.26 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in uimhreoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
2. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.27 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in uimhreoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
3. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.28 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in uimhreoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
4. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.29 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in uimhreoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
5. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.30 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in uimhreoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
6. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.31 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in uimhreoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
7. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá ailínithe le tacsanomaíocht nach dtagraítear dó i rónna 1 go 6 thuas in uimhreoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
8. |
Méid agus cion iomlán na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht in uimhreoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
100 % |
|
|
Teimpléad 4 Gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínigh le tacsanomaíocht
Ró |
Gníomhaíochtaí eacnamaíocha |
Cion (an fhaisnéis atá le tíolacadh i méideanna airgeadaíochta agus mar chéatadáin) |
|||||
(CCM+CCA) |
Maolú an athraithe aeráide |
Oiriúnú don athrú aeráide |
|||||
Méid |
% |
Méid |
% |
Méid |
% |
||
1. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.26 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
2. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.27 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
3. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.28 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
4. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.29 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
5. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.30 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
6. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht dá dtagraítear i Roinn 4.31 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
7. |
Méid agus cion gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht nach dtagraítear dó i rónna 1 go 6 thuas in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
|||
8. |
Méid agus cion iomlán gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe i leith tacsanomaíochta ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
|
Teimpléad 5 Gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta
Ró |
Gníomhaíochtaí eacnamaíocha |
Méid |
Céatadán |
1. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche dá dtagraítear i ró 1 de Theimpléad 1 nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta i gcomhréir le Roinn 4.26 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
2. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche dá dtagraítear i ró 2 de Theimpléad 1 nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta i gcomhréir le Roinn 4.27 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
3. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche dá dtagraítear i ró 3 de Theimpléad 1 nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta i gcomhréir le Roinn 4.28 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
4. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche dá dtagraítear i ró 4 de Theimpléad 1 nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta i gcomhréir le Roinn 4.29 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
5. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche dá dtagraítear i ró 5 de Theimpléad 1 nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta i gcomhréir le Roinn 4.30 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
6. |
Méid agus cion na gníomhaíochta eacnamaíche dá dtagraítear i ró 6 de Theimpléad 1 nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta i gcomhréir le Roinn 4.31 de Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2021/2139 in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
7. |
Méid agus cion na gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta nach dtagraítear dó i rónna 1 go 6 thuas in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
8. |
Méid iomlán agus cion iomlán na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe i leith tacsanomaíochta in ainmneoir an eochairtháscaire feidhmíochta infheidhme |
|
|
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/46 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1215 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Iúil 2022
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh haileabónna Graonlannacha in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2022. |
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2022 ídithe i gcás gabhálacha an stoic haileabónna Graonlannacha in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 ag soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh le haghaidh 2022 ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhair an stoic haileabónna Graonlannacha in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2, dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag a bhfuil bratach Ballstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabhann na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Uimh. |
03/TQ109 |
Ballstát |
An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile) |
Stoc |
GHL/1N2AB. |
Speiceas |
An haileabó Graonlannach (Reinhardtius hippoglossoides) |
Limistéar |
Uiscí na hIorua, limistéir 1 agus 2 |
Dáta deiridh |
20 Meitheamh 2022 |
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/49 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1216 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Iúil 2022
lena maolaítear i leith na bliana 2022 ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) Uimh. 615/2014 agus (AE) 2015/1368 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha áirithe ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/725
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 8 agus Airteagal 18(1), an dara fomhír, de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéach is lú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (3), agus go háirithe Airteagal 7, Airteagal 11(3) agus Airteagal 14(1), an dara fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na bearta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt uirthi, thángthas ar dheacrachtaí riaracháin sna Ballstáit ar fad maidir le pleanáil agus forghníomhú an líon seiceálacha tráthúla ar an láthair is gá. Bheadh an baol ann go gcuirfeadh na deacrachtaí sin moill ar fheidhmiú na seiceálacha agus ar íocaíocht na cabhrach a leanann astu. An tráth céanna, tá feirmeoirí neamhchosanta ar an suaitheadh eacnamaíoch a tharla i ngeall ar an bpaindéim agus bíonn deacrachtaí airgeadais agus fadhbanna maidir le sreabhadh airgid acu. |
(2) |
I bhfianaise chineál na gcúinsí sin nach bhfacthas a leithéid riamh, ghlac an Coimisiún Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 (4) agus (AE) 2021/725 (5) ón gCoimisiún chun na deacrachtaí sin a laghdú trí mhaolú ar Rialacháin Cur Chun Feidhme éagsúla is infheidhme i réimse an chomhbheartais talmhaíochta a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha áirithe ar an láthair i dtéarmaí uainiú agus líon na seiceálacha sin. I bhfianaise shíneadh na ndeacrachtaí toisc gur lean paindéim COVID-19 in 2022, is iomchuí foráil a dhéanamh freisin maidir le bearta comhchosúla sa bhliain 2022. |
(3) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún (6) leagtar síos rialacha maidir, inter alia, le huainiú na seiceálacha ar an láthair agus rátaí rialaithe seiceálacha áirithe ar an láthair laistigh den chóras comhtháite, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le scéimeanna cabhrach d’ainmhithe. Ina theannta sin, tá rialacha maidir le seiceálacha ar an láthair sa Rialachán sin a bhaineann leis na critéir incháilitheachta, na gealltanais agus na hoibleagáidí eile i leith iarratais ar chabhair do bheostoc agus éilimh ar íocaíocht faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe, rátaí rialaithe le haghaidh bearta forbartha tuaithe nach mbaineann le limistéir ná le hainmhithe, agus íosrátaí rialaithe a bhaineann le tras-chomhlíonadh. |
(4) |
Le hAirteagal 24(4), Airteagal 48(5), Airteagal 49(1), Airteagal 52(1), Airteagal 60(2) agus Airteagal 71(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, leagtar síos rialacha áirithe atá an t-údarás inniúil le comhlíonadh chun seiceálacha riaracháin nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh. I bhfianaise na n-imthosca a tharla i ngeall ar phaindéim COVID-19, is iomchuí feidhmiú na seiceálacha sin a spreagadh le cianbhraiteacht agus le húsáid teicneolaíochtaí nua amhail córais aerárthaí gan foireann, grianghraif gheochlibeáilte, glacadóirí córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) mar aon le Breis-Seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus Galileo, sonraí arna gceapadh ag satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus agus fianaise dhoiciméadach ábhartha eile atá le húsáid chun seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh critéar incháilitheachta, gealltanas nó oibleagáidí eile le haghaidh na scéime cabhrach nó an bhirt tacaíochta lena mbaineann, mar aon le comhlíonadh na gceanglas agus na gcaighdeán ábhartha le haghaidh tras-chomhlíonta. |
(5) |
In Airteagal 26(4) agus Airteagal 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, tá rialacha maidir le seiceálacha ar an láthair chun a fhíorú go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta uile, na gealltanais agus na ceanglais eile agus go gcumhdaítear na hainmhithe ar fad ar cuireadh isteach iarratais ar chabhair nó éilimh ar íocaíocht ina leith faoi na scéimeanna cabhrach d’ainmhithe nó faoi na bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe atá le seiceáil. I bhfianaise na staide atá ann faoi láthair, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann na seiceálacha sin ar an láthair a dhéanamh mar a cheanglaítear leis na forálacha sin agus nach bhfuil an fhianaise mhalartach ar fáil, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na Ballstáit a chinneadh na seiceálacha sin a dhéanamh i leith na bliana éilimh 2022 nó na bliana féilire 2022 tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil go fóill. |
(6) |
Maidir le roinnt oibleagáidí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i ndáil le tras-chomhlíonadh agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) i ndáil le scéimeanna cabhrach agus bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe, braitheann siad ar thréimhsí ama sonracha difreáilte dá gcomhlíonadh agus mar iarmhairt air sin ceanglaítear leo na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh laistigh de na creataí sin. Na bearta a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, déanann siad difear d’indéantacht na seiceálacha ar an láthair is gá a dhéanamh go cruinn agus laistigh den teorainn ama a chomhfhreagraíonn do na hoibleagáidí sin. Ní fhéadfar roinnt cineálacha seiceálacha a dhéanamh le húsáid nuatheicneolaíochta, a thagann in ionad na gcuairteanna ar an bhfeirm. Dá bhrí sin, is gá, i dtaca le seiceálacha áirithe a bheidh le déanamh in 2022, maolú ar Airteagail 30 go 33, Airteagal 40a, Airteagail 50 agus 52 agus Airteagal 68(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 agus íosráta na seiceálacha ar an láthair a laghdú i gcomparáid leis na gnáthrátaí rialaithe maidir le scéimeanna agus bearta tacaíochta a bhaineann le limistéir agus le hainmhithe, bearta forbartha tuaithe seachas iad sin faoin gcóras comhtháite riaracháin, agus rialaithe agus oibleagáidí tras-chomhlíonta, faoi seach. |
(7) |
Chun éifeacht choisctheach na seiceálacha a choinneáil ar bun, ní mór an oibleagáid dá bhforáiltear faoi Airteagal 35, Airteagal 50(5) agus Airteagal 68(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 chun na rátaí rialaithe a mhéadú i ngeall ar neamh-chomhlíonadh mór a braitheadh le linn na seiceálacha a rinneadh an bhliain roimhe sin a choinneáil ar bun le haghaidh na bliana éilimh 2022. Ba cheart gá a bheith le méadú ar leibhéal na seiceálacha ar an láthair le haghaidh na bliana 2022 mar gheall ar chásanna móra neamh-chomhlíonta a aimsíodh le linn na seiceálacha ar an láthair in 2021. Dá bhrí sin, na Ballstáit atá faoi oibleagáid, trí chur i bhfeidhm Airteagal 35 nó Airteagal 50(5) nó Airteagal 68(4) den Rialachán sin, an ráta rialaithe sa bhliain éilimh 2022 a mhéadú agus a chinneann na rátaí laghdaithe rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh na méaduithe sin a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na rátaí laghdaithe rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
(8) |
Foráiltear i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 (8) agus (AE) Uimh. 181/2014 (9) ón gCoimisiún maidir le rátaí rialaithe chun seiceálacha a dhéanamh ar bhearta sonracha le haghaidh na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus sna hoileáin Aeigéacha is lú. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 a dhéanann difear freisin do na réigiúin is forimeallaí den Aontas agus do na hoileáin Aeigéacha is lú, is iomchuí maolú ar na Rialacháin sin trí shíneadh a chur leis an bhféidearthacht teicneolaíochtaí nua a úsáid mar fhoinsí malartacha fianaise i ndáil le seiceálacha agus rátaí rialaithe na seiceálacha ar an láthair a oiriúnú le haghaidh na bliana 2022. Mar sin féin, chun éifeacht choisctheach seiceálacha faoi Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 agus (AE) Uimh. 181/2014 a choinneáil ar bun, ba cheart an oibleagáid an ráta rialaithe a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, na Ballstáit atá faoi oibleagáid, trí chur i bhfeidhm Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, an ráta rialaithe sa bhliain éilimh 2022 a mhéadú agus a chinneann na rátaí laghdaithe rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh na méaduithe sin a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na rátaí laghdaithe rialaithe sin. |
(9) |
Foráiltear in Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (10) go seiceálfaidh na Ballstáit, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin seiceálacha ar an láthair, critéir aitheantais na n-eagraíochtaí táirgeoirí nó na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, níor cheart feidhm a bheith ag seiceálacha ar an láthair maidir le critéir aitheantais sa bhliain 2022. |
(10) |
Le hAirteagal 27(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, socraítear an sampla le haghaidh seiceálacha bliantúla ar an láthair ag 30 % ar a laghad den chabhair iomlán a ndearnadh iarratas uirthi. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh dá bhrí sin céatadán níos ísle de na seiceálacha sin a dhéanamh sa bhliain 2022. |
(11) |
Foráiltear le hAirteagal 27(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 go mbeidh gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme ar ghabháltais aonair bhaill na n-eagraíochtaí táirgeoirí a chumhdaítear leis an sampla dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Rialachán sin faoi réir cuairt amháin ar a laghad chun a fhíorú go gcuirtear i gcrích iad. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a bheith faoi réir ceanglais maidir le minicíocht cuairteanna ar ghabháltais aonair de chuid eagraíochtaí táirgeoirí sa bhliain 2022. |
(12) |
Foráiltear le hAirteagal 29(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 go gcumhdóidh seiceálacha an chéad leibhéil ar oibríochtaí tarraingthe siar 100 % de líon na dtáirgí a tharraingeofar siar ón margadh, cé is moite de tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a leithdháileadh saor in aisce, dá bhféadfadh na Ballstáit de bhun Airteagal 29(3) den Rialachán sin céatadán níos lú, ach nach lú ná 10 % de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain mhargaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith, a sheiceáil. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh sa bhliain 2022 céatadán níos lú a sheiceáil, ach céatadán nach lú ná 10 % de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain mhargaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith freisin le haghaidh gach táirge eile a tharraingítear siar, gan beann ar an gceann scríbe a bhí beartaithe dóibh. |
(13) |
Foráiltear in Airteagal 30(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 go mbeidh sampla ar áireamh i ngach seiceáil a léireoidh 5 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraing an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta. De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh sa bhliain 2022 samplaí a úsáid ina léireofar 3 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraing an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta 2020. |
(14) |
De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, leanfaidh sé de bheith deacair ar bhonn ábhartha ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh in 2022 le haghaidh iarratais bhliantúla ar chabhair, seiceálacha ar an gcéad agus ar an dara leibhéal ar oibríochtaí tarraingthe siar agus seiceálacha glasbhuainte agus neamhbhuainte mar a leagtar amach in Airteagal 27(2) agus (7), Airteagal 29(2), Airteagal 30(3) agus Airteagal 31(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit seiceálacha atá coibhéiseach le seiceálacha ar an láthair a shainiú, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe. |
(15) |
De thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, leanfaidh sé de bheith deacair ar bhonn ábhartha ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair córasacha agus sampla-bhunaithe a dhéanamh in 2022 maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Airteagail 45 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 32(1) agus Airteagal 42(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún (12), mar a tugadh isteach cheana le haghaidh na mblianta airgeadais 2020 agus 2021, i leith na bliana airgeadais 2022 freisin chun deis a thabhairt do na Ballstáit rialuithe atá coibhéiseach le seiceálacha córasacha ar an láthair a shainiú, amhail grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe, agus a ráthú go ndéanfar rialacha na reachtaíochta a bhaineann leis na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona a urramú sula ndéanfar íocaíochtaí. |
(16) |
Beidh sé deacair ar bhonn ábhartha freisin ar na Ballstáit seiceálacha córasacha ar an láthair a dhéanamh i leith na bliana airgeadais 2022, laistigh den sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 43(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, le haghaidh oibríochtaí glasbhuainte a fuair tacaíocht faoi Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ba cheart dá bhrí sin maolú a thabhairt isteach chun cur i gcrích na seiceálacha a chur ar athlá go dtí an 15 Meán Fómhair 2022. |
(17) |
Le hAirteagal 27(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún (13) socraítear an líon samplaí d’fhíonchaora úra a thógfar ó fhíonghoirt le linn na tréimhse nuair a bhuainfear an gabháltas talún i gceist chun banc sonraí anailíseach de na sonraí iseatópacha dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (14) a bhunú. I gcásanna ina leanann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 de chosc ar na Ballstáit seiceálacha den sórt sin a dhéanamh, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit maolú ar an íoslíon samplaí. |
(18) |
Foráiltear in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 go ndéanfaidh na Ballstáit seiceálacha bliantúla ar an láthair ar 5 % ar a laghad de na saothróirí fíniúna go léir a shainaithnítear i gclár na bhfíonghort. Ós rud é go bhfágann na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 go bhfuil sé fós deacair go hábhartha seiceálacha den sórt sin a dhéanamh i roinnt Ballstát ina dtáirgtear fíon, ba cheart an céatadán sin a laghdú le haghaidh na bliana 2022. Ar an gcúis chéanna, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit na seiceálacha córasacha ar an láthair dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (c), den Rialachán sin a chur ar fionraí go sealadach sa bhliain 2022, seiceálacha atá le déanamh i limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach gcuimsítear in aon chomhad saothróra fíniúna. |
(19) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 ón gCoimisiún (15) maidir le cláir oibre chun tacú le hearnálacha na hola olóige agus na n-ológ boird, tá rialacha maidir leis na seiceálacha ar an láthair chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le maoiniú ón Aontas a dheonú. D’fhéadfadh deacrachtaí eascairt as na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 ó thaobh na seiceálacha sin a dhéanamh mar a éilítear le hAirteagal 6 den Rialachán sin. Is iomchuí dá bhrí sin solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit trí sheiceálacha malartacha a cheadú in ionad na seiceálacha ar an láthair sa bhliain féilire 2022. |
(20) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún (16) maidir le cabhair in earnáil na beachaireachta, tá rialacha maidir leis an bhfaireachán agus na seiceálacha i ndáil le cur chun feidhme ceart na gclár náisiúnta beachaireachta, leis an gcaiteachas iarbhír arna thabhú agus le líon ceart na gcoirceog a thuairiscíonn na beachairí. De réir Airteagal 8(3) den Rialachán sin, tá na Ballstáit le háirithiú go mbeidh 5 % ar a laghad de na hiarratasóirí ar chabhair faoi réir seiceálacha ar an láthair faoi chuimsiú a gclár beachadóireachta. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag baint leis an líon seiceálacha ar an láthair is gá a dhéanamh chun an tairseach sin a chomhlíonadh de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19. Is iomchuí dá bhrí sin solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit trí mhaolú ar an gceanglas sin a cheadú. Níor cheart méadú ar an riosca maidir le híocaíochtaí míchuí a bheith ann mar thoradh ar mhaolú den sórt sin, áfach. Dá bhrí sin, ba cheart a oiread agus is féidir rialuithe malartacha a chur in ionad aon ísliú a dhéantar ar líon na seiceálacha ar an láthair. |
(21) |
I ngeall ar na roghanna solúbthachta a tairgeadh do na Ballstáit le 2 bhliain anuas maidir leis an méadú ar na rátaí rialaithe, tá sé tábhachtach an riail bhunaidh a athbhunú, riail a bhfuil éifeacht nach beag dhíspreagthach aici, agus soiléiriú a dhéanamh ar an mbliain ar cheart a chur san áireamh chun an méadú ar an ráta rialaithe a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 35, Airteagal 50(5) agus Airteagal 68(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 agus Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. I bhfianaise na n-athruithe a d’fhéadfadh a bheith curtha chun feidhme ag na Ballstáit ina nósanna imeachta rialaithe tar éis neamh-chomhlíonadh a bhrath, ní mheastar gurb iomchuí sásraí ceartaitheacha a bhaineann le neamh-chomhlíonadh a tháinig chun cinn le linn na rialuithe a bhaineann leis an mbliain éilimh 2019 a chur i bhfeidhm agus ba cheart an bhliain is déanaí a chur san áireamh. Dá bhrí sin, is gá Airteagail 3, 5 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/725 a leasú. |
(22) |
Na maoluithe ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) Uimh. 615/2014 agus (AE) 2015/1368 dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart dóibh é a chur ar a gcumas do na Ballstáit moill sna bearta rialaithe agus i bpróiseáil na n-iarratas ar chabhair a sheachaint, agus moill ar íocaíochtaí le tairbhithe le haghaidh na bliana 2022 a sheachaint dá réir sin. Tá sé ríthábhachtach, áfach, nach gcuireann na maoluithe sin bac ar bhainistíocht fhónta airgeadais agus ar an gceanglas maidir le leibhéal leordhóthanach dearbhaithe. Dá réir sin, tá na Ballstáit a bhainfidh úsáid as na maoluithe sin freagrach as na bearta uile is gá a ghlacadh lena áirithiú go seachnaítear ró-íocaíochtaí agus go ndéantar aisghabháil méideanna neamhdhlite a thionscnamh. Thairis sin, ba cheart úsáid na maoluithe sin a bheith cumhdaithe ag an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 le haghaidh na mblianta airgeadais 2022 agus 2023. |
(23) |
Chun cur chun feidhme rianúil na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú, ar bearta iad is gá le go n-eagróidh na Ballstáit feachtais rialaithe, agus na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 á n-urramú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus feidhm chúlghabhálach a bheith aige chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit na modhnuithe atá beartaithe a chur chun feidhme ó thús na bhfeachtas rialaithe ar leith: ba cheart feidhm a bheith ag na bearta i gCaibidlí I agus II agus i gCaibidil III, Ranna 3 agus 4, ón 1 Eanáir 2022, ag comhfhreagairt don bhliain éilimh sa chóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin nó don bhliain féilire le haghaidh bearta tacaíochta forbartha tuaithe nach mbaineann le limistéir agus nach mbaineann le hainmhithe agus le haghaidh bearta in earnáil an fhíona; ba cheart feidhm a bheith ag na bearta i gCaibidil III, Ranna 1 agus 2, ón 16 Deireadh Fómhair 2021, ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais, agus ba cheart feidhm a bheith ag na bearta i gCaibidil III, Roinn 5, ón 1 Lúnasa 2021, ag comhfhreagairt don bhliain bheachadóireachta. |
(24) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, ón gCoiste um Íocaíochtaí Díreacha, ón gCoiste um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
MAOLUITHE AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) Uimh. 809/2014
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 24(4), Airteagal 48(5), Airteagal 49(1), Airteagal 52(1), Airteagal 60(2), an tríú fomhír, agus Airteagal 71(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, ionas go ndéanfar seiceálacha i leith na bliana éilimh 2022 nó na bliana féilire 2022 faoi seach, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na cigireachtaí fisiceacha a bheidh le déanamh faoin Rialachán sin a ionadú go hiomlán, go háirithe cuairteanna allamuigh agus seiceálacha ar an láthair, trí úsáid a bhaint as léirmhíniú grianghraif ar orta-íomhánna satailíte nó aeir nó as teicneolaíochtaí nua amhail grianghraif gheochlibeáilte nó fianaise ábhartha eile lena n-áirítear fianaise dhoiciméadach a chuireann an tairbhí ar fáil ar iarraidh ón údarás inniúil, lena bhféadfaí a cheadú go dtiocfaí ar chonclúidí deifnídeacha chun sástacht an údaráis inniúil.
Mura féidir na cuairteanna ar an oibríocht a dtugtar tacaíocht di nó ar an suíomh infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 48(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 a ionadú le fianaise dhoiciméadach ábhartha, déanfaidh na Ballstáit na cuairteanna sin tar éis na híocaíochta deiridh.
Airteagal 2
De mhaolú ar Airteagal 26(4) agus Airteagal 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, i gcás ina dtarlaíonn sé de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 nach bhfuil na Ballstáit in ann seiceálacha ar an láthair a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a éilítear leis na forálacha sin, agus nach féidir leis na modhanna malartacha lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua an fhianaise is gá a sholáthar, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na seiceálacha sin a dhéanamh i leith na bliana éilimh 2022 nó na bliana féilire 2022 faoi seach tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil fós.
Airteagal 3
1. I gcás ina dtarlaíonn sé de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 nach bhfuil na Ballstáit in ann na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sa bhliain éilimh 2022 ná sa bhliain féilire 2022 faoi seach, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 30 go 33, Airteagal 40a(1), an chéad fhomhír, pointe (c), Airteagal 40a(2), pointe (b), Airteagal 50(1), an chéad fhomhír, Airteagal 52(2), Airteagal 60(2), an tríú fomhír, agus Airteagal 68(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na rialacha a leagtar amach i míreanna 2 go 10 faoi seach den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
2. De mhaolú ar Airteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe, ar a laghad:
(a) |
3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar scéim na híocaíochta bunúsaí nó ar an scéim íocaíochta aonair limistéir; |
(b) |
3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht athdháilte; |
(c) |
3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht le haghaidh limistéir lena mbaineann srianta nádúrtha; |
(d) |
3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht le haghaidh feirmeoirí óga; |
(e) |
3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar íocaíochtaí a bhaineann le limistéar faoi thacaíocht chúpláilte dheonach; |
(f) |
3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht faoi scéim na bhfeirmeoirí beaga; |
(g) |
10 % de na limistéir arna ndearbhú um tháirgeadh cnáibe; |
(h) |
3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar an íocaíocht bharrshonrach le haghaidh cadáis. |
Na Ballstáit a bhfuil cinneadh déanta acu cheana na rátaí rialaithe a laghdú le haghaidh scéimeanna áirithe go dtí 3 % i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, féadfaidh siad na céatadáin a leagtar amach le haghaidh na scéimeanna sin sa mhír seo a laghdú a thuilleadh go dtí 1 %. Na Ballstáit a bhfuil córas formheasta roimh ré acu chun cnáib a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 36(6) den Rialachán sin, ní dhéanfaidh siad an ráta rialaithe a laghdú a thuilleadh faoi bhun an 10 %.
3. De mhaolú ar Airteagal 31 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe, ar a laghad:
(a) |
3 % de na tairbhithe go léir is gá chun na cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don aeráid agus don chomhshaol a urramú; |
(b) |
1 %:
|
(c) |
3 % de na tairbhithe go léir a gceanglaítear orthu na ceanglais ghlasaithe a urramú agus a úsáideann na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha um dheimhniú comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 43(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013. |
Cumhdóidh an ráta rialaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), an tráth céanna, 3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir ag a bhfuil limistéir atá cumhdaithe le féaraigh bhuana atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de i limistéir a chumhdaítear le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (18) nó Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus limistéir íogaire eile dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.
4. De mhaolú ar Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe, ar a laghad:
(a) |
3 % de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar bhearta forbartha tuaithe; |
(b) |
3 % de na comhfheirmeacha go léir a gcuirtear éileamh comhchoiteann isteach ina leith. |
Maidir leis an ráta rialaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), le haghaidh na mbeart dá bhforáiltear in Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), déanfar an ráta rialaithe 3 % a bhaint amach ar leibhéal an bhirt aonair.
5. De mhaolú ar Airteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe 3 % ar a laghad de na tairbhithe go léir a dhéanann iarratas ar scéimeanna cabhrach d’ainmhithe ina gcumhdaítear 3 % d’ainmhithe ar a laghad.
6. De mhaolú ar Airteagal 40a(1), an chéad fhomhír, pointe (c), an chéad abairt, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, déanfar na seiceálacha ábhartha a bhaineann leis na critéir incháilitheachta, na gealltanais agus na hoibleagáidí eile le haghaidh 3 % ar a laghad de na tairbhithe lena mbaineann.
7. De mhaolú ar Airteagal 40a(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, déanfar fíoruithe an chion teitrihidreacannaibionóil i gcnáib i gcás 10 % ar a laghad den limistéar.
8. De mhaolú ar Airteagal 50(1), an chéad fhomhír, agus Airteagal 60(2), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain féilire 2022 is é 3 % ar a laghad a bheidh sa ráta seiceálacha.
9. De mhaolú ar Airteagal 52(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain féilire 2022 is é a bheidh sa ráta rialaithe, i gcás seiceálacha ex post, 0,6 % ar a laghad.
10. De mhaolú ar Airteagal 68(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, sa bhliain éilimh 2022 is é a bheidh san íosráta rialaithe le haghaidh tras-chomhlíonta 0,5 %.
CAIBIDIL II
MAOLUITHE AR NA BEARTA SONRACHA I bhFABHAR NA RÉIGIÚN IS FORIMEALLAÍ DEN AONTAS AGUS NA nOILEÁN AEIGÉACH IS LÚ
ROINN 1
Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014
Airteagal 4
1. De mhaolú ar Airteagal 16(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha fisiceacha a dhéanamh sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san fhoráil sin, sa bhliain 2022 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seiceálacha fisiceacha a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
2. Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sa réigiún is forimeallaí lena mbaineann maidir le hallmhairiú, tabhairt isteach, onnmhairiú agus seoladh táirgí talmhaíochta, is é a bheidh i gceist iontu sampla ionadaíoch 3 % ar a laghad de na ceadúnais agus na deimhnithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014.
3. De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san Airteagal sin, sa bhliain 2022 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seiceálacha ar an láthair a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.
4. Ar bhonn anailís riosca a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ar an láthair trí 3 % ar a laghad de na hiarratais ar chabhair a shampláil. Is é a bheidh sa sampla freisin 3 % ar a laghad de na méideanna a chumhdaítear leis an gcabhair le haghaidh gach gníomhaíochta.
5. De mhaolú ar Airteagal 16(2) agus Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i leith na mbeart sonrach i bhfabhar na réigiún is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna forálacha sin le haghaidh na bliana 2022, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh:
(a) |
úsáid teicneolaíochtaí nua a chur in ionad seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, físchomhdhálacha leis na tairbhithe nó aon fhianaise dhoiciméadach ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú agus cur chun feidhme ceart na mbeart á fhíorú; |
(b) |
na seiceálacha sin a dhéanamh tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo go fóill na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil, lena n-áirítear é sin a dhéanamh tar éis na híocaíochta deiridh. |
ROINN 2
Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014
Airteagal 5
1. De mhaolú ar Airteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, in ann seiceálacha fisiceacha a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san fhoráil sin, sa bhliain 2022 féadfaidh an Ghréig a chinneadh seiceálacha fisiceacha a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
2. Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sna hoileáin Aeigéacha is lú ar thabhairt isteach táirgí talmhaíochta, beidh sampla ionadaíoch i gceist leo ina mbeidh 3 % ar a laghad de na deimhnithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014. Na seiceálacha fisiceacha a dhéanfar sna hoileáin Aeigéacha is lú ar an onnmhairiú nó ar an seoladh dá bhforáiltear i Roinn 3 den Rialachán sin, beidh sampla ionadaíoch i gceist leo de 3 % ar a laghad de na hoibríochtaí, bunaithe ar na próifílí riosca arna mbunú ag an nGréig.
3. De mhaolú ar Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san Airteagal sin, sa bhliain 2022 féadfaidh an Ghréig a chinneadh seiceálacha ar an láthair a eagrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.
4. Ar bhonn anailís riosca i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ar an láthair trí shampláil a dhéanamh, maidir le gach gníomhaíocht, ar 3 % ar a laghad de na hiarratais ar chabhair. Is é a bheidh sa sampla freisin 3 % ar a laghad de na méideanna a chumhdaítear leis an gcabhair le haghaidh gach gníomhaíochta.
5. De mhaolú ar Airteagal 13(2) agus Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig in ann, de thoradh na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i leith na mbeart sonrach i bhfabhar na n-oileán Áigéach is lú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna forálacha sin le haghaidh na bliana 2022, féadfaidh an Ghréig a chinneadh:
(a) |
úsáid teicneolaíochtaí nua a chur in ionad seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, físchomhdhálacha leis na tairbhithe nó aon fhianaise dhoiciméadach ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina chuidiú agus cur chun feidhme ceart na mbeart á fhíorú; |
(b) |
na seiceálacha sin a dhéanamh tráth ar bith den bhliain, a mhéid a cheadófar leo go fóill na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil, lena n-áirítear é sin a dhéanamh tar éis na híocaíochta deiridh. |
CAIBIDIL III
MAOLUITHE AR RIALACHA LENA gCUIRTEAR COMHEAGRAÍOCHT NA MARGAÍ CHUN FEIDHME
ROINN 1
Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892
Airteagal 6
1. De mhaolú ar Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, ní bheidh feidhm ag seiceálacha ar an láthair maidir le critéir aitheantais le haghaidh na bliana 2022.
2. De mhaolú ar Airteagal 27(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, sa bhliain 2022 bainfidh na seiceálacha ar an láthair dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin le sampla arb é a bheidh ann 10 % ar a laghad den chabhair iomlán ar a ndearnadh iarratas le haghaidh na bliana 2021.
3. De mhaolú ar Airteagal 27(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, maidir leis an riail go mbeidh gníomhaíochtaí ar ghabháltais aonair bhaill na n-eagraíochtaí táirgeoirí a chumhdaítear leis an sampla dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Rialachán sin faoi réir cuairt amháin ar a laghad ar an áit ina gcuirtear an ghníomhaíocht chun feidhme chun a fhíorú gur cuireadh an ghníomhaíocht i gcrích, ní bheidh feidhm aici i gcás na seiceálacha ar an láthair a dhéanfar sa bhliain 2022.
4. De mhaolú ar Airteagal 29(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, sa bhliain 2022 féadfaidh na Ballstáit seiceáil a dhéanamh, maidir le gach táirge a tharraingítear siar, gan beann ar an gceann scríbe atá beartaithe dóibh, ar chéatadán níos lú ná an céatadán sin a leagtar síos san fhoráil sin, ar choinníoll nach lú ná 10 % é de na cainníochtaí lena mbaineann le linn bliain mhargaíochta aon eagraíochta táirgeoirí ar leith.
5. De mhaolú ar Airteagal 30(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, sa bhliain 2022 beidh sampla ar áireamh i ngach seiceáil arb é a bheidh ann 3 % ar a laghad de na cainníochtaí a tharraing an eagraíocht táirgeoirí siar le linn na bliana margaíochta 2021.
6. De mhaolú ar Airteagal 27(2) agus (7), Airteagal 29(2), Airteagal 30(3) agus Airteagal 31(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, le linn na bliana 2022, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha sin, féadfar cineálacha eile seiceálacha a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na seiceálacha sin, amhail grianghraif gheochlibeáilte, grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe.
ROINN 2
Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150
Airteagal 7
1. De mhaolú ar Airteagal 32(1) agus Airteagal 42(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, le linn na bliana airgeadais 2022, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha sin, féadfar cineálacha eile rialuithe a shaineoidh na Ballstáit a chur in ionad na seiceálacha sin, amhail grianghraif a bhfuil dáta orthu, tuarascálacha faireachais ladrainn a bhfuil dáta orthu, seiceálacha riaracháin nó físchomhdhálacha leis na tairbhithe, lena ráthaítear go ndéantar na rialacha a bhaineann leis na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona a urramú.
2. De mhaolú ar Airteagal 43(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, le linn na bliana airgeadais 2022, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfar na seiceálacha sin ar oibríochtaí glasbhuainte faoin 15 Meán Fómhair 2022.
ROINN 3
Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274
Airteagal 8
1. De mhaolú ar Airteagal 27(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit le linn thréimhse an fhómhair fíonchaor sa bhliain 2022 fíonchaora úra a bhailiú agus a phróiseáil a mhéad is gá le haghaidh líon na samplaí a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an líon samplaí sin.
2. De mhaolú ar Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sa bhliain 2022 i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfaidh na Ballstáit na seiceálacha sin ar 3 % ar a laghad de na saothróirí fíniúna go léir a shainaithnítear i gclár na bhfíonghort.
3. De mhaolú ar Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274, féadfaidh na Ballstáit sa bhliain 2022 seiceálacha córasacha ar an láthair a chur ar fionraí go sealadach i limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear in aon chomhad saothróra fíniúna, i gcásanna ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit seiceálacha den sórt sin a dhéanamh.
ROINN 4
Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014
Airteagal 9
De mhaolú ar Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, i gcás ina gcuireann na bearta a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 cosc ar na Ballstáit na seiceálacha ar an láthair a dhéanamh in am trátha sa bhliain féilire 2022, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na seiceálacha ar an láthair a ionadú i bpáirt nó go hiomlán le seiceálacha riaracháin nó trí úsáid a bhaint as fianaise ábhartha, lena n-áirítear grianghraif gheochlibeáilte, físchomhráite nó fianaise eile i bhformáid leictreonach.
ROINN 5
Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368
Airteagal 10
De mhaolú ar Airteagal 8(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368, le linn na bliana beachadóireachta 2022 féadfaidh na Ballstáit a chinneadh imeacht ón tairseach 5 % maidir le seiceálacha ar an láthair ar iarratasóirí ar chabhair faoi chuimsiú a gclár beachadóireachta ar choinníoll go ndéanann siad na seiceálacha ar an láthair a bhí beartaithe a ionadú le seiceálacha malartacha trí ghrianghraif a iarraidh, trí fhíschomhráite nó trí aon mhodh eile a d’fhéadfadh a bheith ina thacaíocht agus cur chun feidhme ceart na mbeart a áirítear sa chlár beachadóireachta á fhíorú.
CAIBIDIL IV
LEASUITHE AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/725
Airteagal 11
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/725 mar a leanas:
1. |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
2. |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. De mhaolú ar Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an méadú a chur i bhfeidhm ar an ráta rialaithe ar cheart a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo.”; |
3. |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. De mhaolú ar Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, féadfaidh an Ghréig a chinneadh gan an méadú a chur i bhfeidhm ar an ráta rialaithe ar cheart a bheith curtha i bhfeidhm sa bhliain éilimh 2021 i gcás na scéimeanna cabhrach agus na mbeart tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo.”. |
CAIBIDIL V
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 12
I gcás na mBallstát a chuireann na forálacha faoi Chaibidlí I, II agus III i bhfeidhm, áireofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tarraingt suas de bhun Airteagal 7(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i gcás na mblianta airgeadais 2022 agus 2023 deimhniú gur cuireadh cosc ar ró-íocaíochtaí le tairbhithe agus gur tionscnaíodh aisghabháil méideanna neamhdhlite bunaithe ar fhíorú na faisnéise go léir is gá.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 13
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Caibidlí I agus II, Caibidil III, Ranna 3 agus 4, agus Caibidil IV ón 1 Eanáir 2022.
Beidh feidhm ag Caibidil III, Ranna 1 agus 2, ón 16 Deireadh Fómhair 2021.
Beidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 5, ón 1 Lúnasa 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) IO L 78, 20.3.2013, lch. 23.
(3) IO L 78, 20.3.2013, lch. 41.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) 2017/39, (AE) 2015/1368 agus (AE) 2016/1240 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta (IO L 119, 17.4.2020, lch. 3).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/725 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2021 lena maolaítear i leith na bliana 2021 ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) Uimh. 615/2014 agus (AE) 2015/1368 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta (IO L 155, 5.5.2021, lch. 8).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus tras-chomhlíonadh (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 63, 4.3.2014, lch. 13).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna hoileáin Aeigéacha is lú (IO L 63, 4.3.2014, lch. 53).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, deimhniú, an clár isteach agus amach, dearbhuithe agus fógraí éigeantacha, agus le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ábhartha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/561 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 60).
(14) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniú, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 555/2008, (CE) Uimh. 606/2009 agus (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).
(15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm i leith cláir oibre chun tacú le hearnálacha na hola olóige agus na n-ológ boird (IO L 168, 7.6.2014, lch. 95).
(16) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair in earnáil na beachadóireachta (IO L 211, 8.8.2015, lch. 9).
(17) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 181, 20.6.2014, lch. 1).
(18) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(19) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/62 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1217 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a mhéid a bhaineann le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn le haghaidh 2021, 2022 agus 2023
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In 2013, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 (2) lena bhforáiltear maidir le hasbhaintí ón gcuóta ronnach arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2013 i roinn 8c ICES, i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais i 34.1.1 CECAF agus ón gcuóta ainseabhaithe i bhfolimistéar 8 ICES de dheasca ró-iascaireacht ar an gcuóta ronnach in 2009. |
(2) |
Ní dhearna an Spáinn 3 400 tona den chuóta ábhartha ronnach a iascach in 2021, rud a fhágann gur lú an brú iascaireachta ar an stoc sin i gcomparáid leis an uasmhéid a ceadaíodh de réir na ndeiseanna iascaireachta arna leithdháileadh le haghaidh na bliana sin. D’iarr an Spáinn go gcuirfí na cainníochtaí sin nach ndearnadh a iascach san áireamh i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2021 agus na hasbhaintí dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 le haghaidh na mblianta 2022 agus 2023 a laghdú dá réir. Ba cheart na cainníochtaí i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2021, 2022 agus 2023 atá bunaithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a oiriúnú dá réir sin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a leasú dá réir. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Iascach agus Dobharshaothrú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear í in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 ón gCoimisiún an 5 Márta 2013 lena bhforáiltear maidir le hasbhaintí ó chuótaí áirithe iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2013 agus sna blianta ina dhiaidh sin de dheasca ró-iascaireacht ar chuóta áirithe ronnach in 2009 (IO L 62, 6.3.2013, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Stoc |
Cuóta tosaigh 2009 |
Cuóta oiriúnaithe 2009 |
Gabhálacha deimhnithe 2009 |
An difríocht idir an cuóta agus na gabhálacha (ró-iascaireacht) |
Asbhaint 2013 |
Asbhaint 2014 |
Asbhaint 2015 |
Asbhaint 2016 |
Asbhaint 2017 |
Asbhaint 2018 |
Asbhaint 2019 |
Asbhaint 2020 |
Asbhaint 2021 |
Asbhaint 2022 |
Asbhaint 2023 |
MAC8C 3411 |
29 529 |
25 525 |
90 954 |
–65 429 |
100 |
100 |
100 |
5 544 |
6 283 |
4 805 |
7 762 |
3 328 |
8 944 |
2 411 |
0 |
ANE08 (1) |
|
|
|
|
|
|
|
3 696 |
4 539 |
2 853 |
3 696 |
3 696 |
3 696 |
3 696 |
180 |
(1) Le haghaidh ainseabhaithe, is é atá i gceist le “bliain” an séasúr iascaireachta a gcuirtear tús leis an bhliain sin.
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/65 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1218 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalar atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus le formheas na gclár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 31(3) agus 36(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de agus leagtar síos an chaoi a gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla galar liostaithe. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Foráiltear leis an Rialachán freisin maidir leis an bhformheas nó an tarraingt siar a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalar Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), de. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha cur chun feidhme do na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar agus neamh-vacsaínithe Ballstát áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas saor ó ghalar acu agus liostaítear ann freisin na cláir dhíothaithe fhormheasta atá ann cheana. Mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar an staid eipidéimeolaíoch i gcás galair áirithe, is gá Ballstáit nua atá saor ó ghalar nó criosanna díobh a liostú agus cláir dhíothaithe áirithe arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a fhormheas. |
(4) |
I gcás ionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis, ionfhabhtú coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (Mycobacterium bovis, M. caprae agus M. tuberculosis) (MTBC), liúcóis bhólachta eansótach (LBE), ionfhabhtú na buinní víreasaí bólachta (BVB) agus ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) (BTV), tá roinnt Ballstát tar éis iarratas a dhéanamh don Choimisiún stádas saor ó ghalar nó cláir dhíothaithe a fhormheas le haghaidh a gcríche iomláine nó le haghaidh cuid dá gcríoch. |
(5) |
Maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gCúige Vibo Valentia i Réigiún Calabria agus i gCúige Teramo i Réigiún Abruzzo. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú mar chriosanna saor ó ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe i gCuid I, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
(6) |
Maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gCúige Lecce i Réigiún Puglia. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a liostú mar chrios saor ó ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair i gCuid I, Caibidil 2, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
(7) |
Maidir le hionfhabhtú le MTBC, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó MTBC a aithint, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gCúigí Aquila, Chieti agus Teramo i Réigiún Abruzzo, i gCúige Latina i Réigiún Lazio, i gCúigí Bari agus Taranto i Réigiún Puglia agus i gCúige Nuoro i Réigiún na Sairdíne. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú mar chriosanna saor ó ionfhabhtú le MTBC i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
(8) |
Maidir le hionfhabhtú le LBE, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gCróit ar chlár díothaithe a bheith formheasta dá críoch. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe le haghaidh LBE a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart an Ballstát sin a liostú dá réir sin i gCuid II d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstáit ag a bhfuil clár díothaithe formheasta le haghaidh LBE. |
(9) |
Maidir le hionfhabhtú BVB, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Danmhairg agus ag an nGearmáin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó BVB a aithint, coinníollacha a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gcríoch iomláin na Danmhairge agus in Landkreis Ravensburg, Erding, Weilheim-Schongau, Oberallgäu agus Fulda sa Ghearmáin, faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart an Ballstát sin agus na criosanna sin a liostú dá réir sin i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstát nó criosanna ag a bhfuil stádas saor ó ghalar le haghaidh BVB. |
(10) |
Maidir le hionfhabhtú le BVB, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Éirinn ar chlár díothaithe a bheith formheasta dá críoch. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe le haghaidh BVB a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart an Ballstát sin a liostú dá réir sin i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstáit ag a bhfuil clár díothaithe formheasta le haghaidh BVB. |
(11) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an nGearmáin lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar le haghaidh BTV a aithint comhlíonta i gcás chríoch iomlán Baden-Württemberg, Hessen agus Nordrhein-Westfalen. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú le haghaidh BTV. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna ag a bhfuil stádas saor ó ghalar le haghaidh BTV. |
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I, II, IV, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir. |
(13) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha d’fhaireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalar agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV, Cuid II: “CUID II Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le LBE
|
(4) |
in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chodanna I agus II: “CUID I Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le BVB
CUID II Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le BVB
|
(5) |
in Iarscríbhinn VIII, i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad a bhaineann leis an nGearmáin:
|
((*)) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.”
((*)) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann”
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/75 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1219 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhnithe caighdeánacha le haghaidh coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe a theacht isteach san Aontas agus iad a chur ar idirthuras tríd
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialacha sonracha sláinteachais a leagadh síos i dtaca le bia de bhunadh ainmhíoch (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointe (a), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (2), agus go háirithe Airteagail 238(3) agus 239(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (3), agus go háirithe Airteagal 90, an chéad mhír, pointí (a) agus (b), agus Airteagal 126(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (4), leagtar síos rialacha maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429, deimhnithe oifigiúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/625, agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla bunaithe ar na Rialacháin sin, a bhfuil gá leo i dtaca le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí áirithe ainmhithe agus earraí (dá ngairtear le chéile “na deimhnithe” anseo feasta). Go háirithe, leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, i measc nithe eile, deimhnithe caighdeánacha maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe a theacht isteach san Aontas agus iad a chur ar idirthuras tríd. |
(2) |
I gCaibidil 50 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, leagtar amach an deimhniú sláinte/oifigiúil caighdeánach chun táirgí ilchodacha nach mbaineann fadré leo agus táirgí fadré ilchodacha a theacht isteach san Aontas, ar táirgí iad ina bhfuil aon chainníocht de tháirgí feola seachas geilitín, collaigin agus táirgí an-mhínphróiseáilte, agus atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (samhail COMP). Leagtar amach i gCaibidil 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach chun táirgí ilchodacha nach mbaineann fadré leo agus táirgí fadré ilchodacha a a chur ar idirthuras tríd an Aontas chuig tríú tír, ar táirgí iad ina bhfuil aon chainníocht de tháirgí feola, agus atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (samhail TRANSIT-COMP). I ngach ceann den dá dheimhniú caighdeánach sin tá fianú sláinte ainmhithe sonrach le haghaidh táirgí déiríochta atá mar chuid de na táirgí ilchodacha. Ba cheart na ceanglais maidir le cóireálacha teasa sna fianuithe sin a ailíniú leis na cóireálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn XXVII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (5). Ina theannta sin, an ceanglas dátaí táirgthe na dtáirgí déiríochta agus na dtáirgí bunaithe ar ghruth buí atá sna táirgí ilchodacha a shonrú, ba cheart é a scriosadh mar cheanglas iomarcach i bhfianaise na tuairisce dá bhforáiltear i bhfonóta (2) a chumhdaíonn na comhábhair uile de bhunadh ainmhíoch. Thairis sin, ba cheart fonótaí áirithe sna Nótaí a ghabhann le Cuid II a ghabhann leis na deimhnithe caighdeánacha sin a fhorlíonadh agus a shoiléiriú. Dá bhrí sin, is gá Caibidlí 50 agus 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a leasú dá réir sin. |
(3) |
Ina theannta sin, i gCaibidil 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, ba cheart an ceanglas maidir le huimhir fhormheasa bhunaíocht tionscnaimh na dtáirgí déiríochta atá sna táirgí ilchodacha atá ar idirthuras tríd an Aontas a scriosadh mar nach ceann scríbe deiridh de na táirgí ilchodacha sin é an tAontas. Dá bhrí sin, is gá Caibidil 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a leasú dá réir sin. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a leasú dá réir. |
(5) |
Chun aon chur isteach ar thrádáil a sheachaint a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe a theacht isteach san Aontas agus iad a chur ar idirthuras tríd an Aontas, ba cheart leanúint le húsáid deimhnithe a eisítear i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, mar ab infheidhme roimh na leasuithe a dhéantar sa Rialachán seo, ba cheart leanúint leis an úsáid sin a údarú ar feadh idirthréimhse faoi réir coinníollacha áirithe. |
(6) |
Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun trádáil a éascú, is práinneach éifeacht a bheith ag na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235. |
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ar feadh idirthréimhse go dtí an 15 Aibreán 2023, maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha áirithe, a bhfuil na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla cuí ag gabháil leo, deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir leis na deimhnithe caighdeánacha a leagtar amach i gCaibidlí 50 agus 52 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar ab infheidhme roimh na leasuithe a rinneadh ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, leanfaidh siad d’údarú a bheith acu i dtaca le teacht isteach san Aontas agus idirthuras tríd an Aontas ar choinníoll gur eisíodh an deimhniú an 15 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.
(2) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(3) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 50: ‘CAIBIDIL 50 DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE/OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH LE hAGHAIDH TEACHT ISTEACH TÁIRGÍ ILCHODACHA NACH mBAINEANN FADRÉ LEO AGUS TÁIRGÍ ILCHODACHA FADRÉ SAN AONTAS, A bhFUIL AON CHAINNÍOCHT DE THÁIRGÍ FEOLA IONTU SEACHAS GEILITÍN, COLLAIGIN AGUS TÁIRGÍ AN-MHÍNPHRÓISEÁILTE, AGUS LENA gCAITHEAMH AG AN DUINE (DEIMHNIÚ CAIGHDEÁNACH COMP)
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 52: ‘CAIBIDIL 52 DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE CAIGHDEÁNACH LE HAGHAIDH IOMPAR TRÍD AN AONTAS CHUIG TRÍÚ TÍR Á N-IOMPAR LÁITHREACH NÓ TAR ÉIS STÓRÁLA SAN AONTAS I GCÁS TÁIRGÍ ILCHODACHA NACH mBAINEANN FADRÉ LEO AGUS TÁIRGÍ ILCHODACHA FADRÉ, INA bhFUIL AON CHAINNÍOCHT DE THÁIRGÍ FEOLA AGUS ATÁ LENA gCAITHEAMH AG AN DUINE (DEIMHNIÚ CAIGHDEÁNACH TRANSIT-COMP)
|
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/98 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1220 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2022
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhformáid nach mór do bhrainsí de ghnólachtaí tríú tír agus d’údaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus (4) den Treoir sin a thuairisciú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 41(6) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is gá a áirithiú go bhfaighidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus na húdaráis inniúla lena mbaineann gach faisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí gnólachtaí tríú tír, agus is gá a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis sin a phróiseáil ar bhealach éifeachtúil agus tapa. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus (4) de Threoir 2014/65/AE a chur isteach i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. |
(2) |
Ceanglaítear le hAirteagal 39(2) de Threoir 2014/65/AE go bhfaighidh brainsí de ghnólachtaí tríú tír ar mian leo seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh i gcríoch Bhallstáit údarú roimh ré ó údarás inniúil an Bhallstáit sin. Ní cheadaítear do bhrainsí den sórt sin seirbhísí infheistíochta a sholáthar ná gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh i mBallstáit eile seachas an Ballstát ina bhfuair na brainsí sin a n-údarú. Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach, áfach, cinneadh coibhéise a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ina luaitear go bhfuil socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin maidir le gnólachtaí infheistíochta coibhéiseach leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. I gcás den sórt sin, leanfadh brainsí údaraithe na ngnólachtaí infheistíochta a thagann faoi raon feidhme an chinnidh coibhéise sin de bheith faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na brainsí sin bunaithe, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí trasteorann á soláthar acu nó cé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann á ndéanamh acu. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil an fhormáid le haghaidh thuairisciú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 41(3) de Threoir 2014/65/AE oiriúnach freisin chun tuairisciú a dhéanamh ar sheirbhísí trasteorann agus ar ghníomhaíochtaí trasteorann den sórt sin de chuid na mbrainsí sin. |
(3) |
De réir Airteagal 41(3) de Threoir 2014/65/AE, tá brainsí de ghnólachtaí tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 41(1) den Treoir sin leis an bhfaisnéis a leagtar síos san Airteagal 41(3) sin a thuairisciú, ar bhonn bliantúil, d’údarás inniúil an Bhallstáit inar deonaíodh an t-údarú sin. Chun comhchuibhiú a dhéanamh ní hamháin ar an bhformáid, ach ar uainiú an tuairiscithe freisin, is gá tráthchlár a áireamh cathain a bheidh an fhaisnéis sin le soláthar d’údaráis inniúla. |
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin. |
(5) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formáid na faisnéise atá le tuairisciú go bliantúil ag brainsí de ghnólachtaí tríú tír d’údaráis inniúla
1. Úsáidfidh an brainse de ghnólacht tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir 2014/65/AE an fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) den Treoir sin a thuairisciú. Mar sin féin, i gcás ina mbeidh an gnólacht tríú tír faoi réir cinneadh coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, úsáidfidh brainse an ghnólachta tríú tír sin an fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear leis an gcinneadh coibhéise sin.
2. Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
3. Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoin 30 Aibreán gach bliain agus cumhdófar léi an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain féilire roimhe sin. Beidh an fhaisnéis a sholáthrófar cruinn ón 31 Nollaig den bhliain roimhe sin.
Airteagal 2
Formáid na faisnéise atá le tuairisciú ag údaráis inniúla don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) arna iarraidh sin
Chun críoch Airteagal 41(4) de Threoir 2014/65/AE, tuairisceoidh na húdaráis inniúla na réimsí seo a leanas ó Iarscríbhinní I agus II do ESMA:
1. |
Tréimhse Tuairiscithe: 1a agus 1b agus, i gcás inarb infheidhme, 19a agus 19b; |
2. |
Ainm an ghnólachta tríú tír agus an bhrainse: 2a agus 2d agus, i gcás inarb infheidhme, 20a agus 20d; |
3. |
Seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha arna soláthar ag an mbrainse: 3a, 3b, 3c, 3d, 3e, 3f, 3g agus 3h agus, i gcás inarb infheidhme, 21a, 21b, 21c, 21d, 21e, 21f, 21g agus 21h; |
4. |
An líon cliant agus contrapháirtithe agus líon foirne an bhrainse: 4a, 4b, 4c, 4d agus, i gcás inarb infheidhme, 22a, 22b agus 22c; |
5. |
Láimhdeachas agus luach comhiomlánaithe shócmhainní an bhrainse: 5a, 5b, 5c agus, i gcás inarb infheidhme, 23a, 23b agus 23c. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN I
An fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus 41(4) de Threoir 2014/65/AE (1) a chur isteach
# |
Réimse |
Foréimsí |
||||||||
1a |
Tréimhse tuairiscithe |
Dáta tosaigh tuairiscithe na bliana féilire (BBBB-MM-LL) |
||||||||
1b |
Dáta deiridh tuairiscithe na bliana féilire (BBBB-MM-LL) |
|||||||||
2a |
Ainm agus sonraí teagmhála an ghnólachta tríú tír, lena n-áirítear sonraí an bhrainse, sonraí an duine atá i gceannas ar an bhfaisnéis a chur isteach, agus sonraí údaráis an tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír |
Ainm corparáideach iomlán an bhrainse agus an cód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) |
||||||||
2b |
Seoladh an bhrainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2c |
Sonraí teagmhála an bhrainse, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus sonraí suímh gréasáin |
|||||||||
2d |
Ainm dlíthiúil iomlán an ghnólachta tríú tír agus, i gcás ina mbeidh fáil air, an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2e |
Seoladh cláraithe le haghaidh cheannoifig an ghnólachta tríú tír (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2f |
Sonraí teagmhála an ghnólachta tríú tír, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus sonraí suímh gréasáin |
|||||||||
2g |
An tír ina bhfuil ceannoifig an ghnólachta tríú tír (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2h |
Ainm, seoladh agus tír an údaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír sa tríú tír. I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír, soláthrófar sonraí agus réimsí inniúlachta gach údaráis faoi seach (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2i |
Ainm iomlán an teagmhálaí |
|||||||||
2j |
Seoladh an teagmhálaí |
|||||||||
2k |
Uimhir ghutháin an teagmhálaí |
|||||||||
2l |
R-phost an teagmhálaí |
|||||||||
2m |
Feidhm/teideal an teagmhálaí |
|||||||||
3a |
Seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthraíonn an brainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Liosta na seirbhísí infheistíochta, na ngníomhaíochtaí infheistíochta agus na seirbhísí coimhdeacha (mar a shonraítear i Ranna A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) arna soláthar ag an mbrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
||||||||
3b |
Liosta na gcatagóirí ionstraimí airgeadais (mar a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) a ndearnadh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin ina leith |
|||||||||
3c |
I gcás ina soláthraíonn an brainse bainistiú punainne, luach iomlán na sócmhainní faoi bhainistíocht do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3d |
I gcás ina soláthraíonn an brainse bainistiú punainne, meánluach na sócmhainní faoi bhainistíocht do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3e |
I gcás ina soláthraíonn an brainse comhairle infheistíochta, luach iomlán na sócmhainní ar cuireadh comhairle infheistíochta ar chliaint ina leith sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3f |
I gcás ina soláthraíonn an brainse comhairle infheistíochta, meánluach na sócmhainní ar cuireadh comhairle infheistíochta ar chliaint ina leith sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe le linn na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3g |
I gcás ina soláthraíonn an brainse an tseirbhís choimhdeach cumhdaigh agus riaracháin i leith ionstraimí airgeadais do chuntas cliant nó i gcás ina bhfuil cistí cliant ina seilbh aige, luach iomlán na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) atá i seilbh an bhrainse do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3h |
I gcás ina soláthraíonn an brainse an tseirbhís choimhdeach cumhdaigh agus riaracháin i leith ionstraimí airgeadais do chuntas cliant nó i gcás ina bhfuil cistí cliant ina seilbh aige, meánluach na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) atá i seilbh an bhrainse do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe le linn na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
4a |
Líon cliant agus contrapháirtithe an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus líon foirne an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Líon iomlán cliant agus contrapháirtithe an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
||||||||
4b |
An miondealú ar líon iomlán cliant agus contrapháirtithe an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe in aghaidh na seirbhíse infheistíochta, na gníomhaíochta infheistíochta nó na seirbhíse coimhdí a sholáthraítear sa Bhallstát sin |
|||||||||
4c |
An líon cliant miondíola, an líon cliant gairmiúil agus an líon contrapháirtithe incháilithe (mar a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE) a bhfuil an brainse ag soláthar seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta nó seirbhísí coimhdeacha dóibh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe. |
|||||||||
4d |
An miondealú ar líon foirne an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe in aghaidh na seirbhíse infheistíochta, na gníomhaíochta infheistíochta nó na seirbhíse coimhdí a sholáthraítear sa Bhallstát. |
|||||||||
5a |
Láimhdeachas agus luach comhiomlán shócmhainní an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, le linn na tréimhse tuairiscithe |
An láimhdeachas arna ghiniúint ag an mbrainse agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí infheistíochta, do na gníomhaíochtaí infheistíochta agus do na seirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||
5b |
An miondealú ar láimhdeachas an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe in aghaidh na seirbhíse infheistíochta, na gníomhaíochta infheistíochta agus na seirbhíse coimhdí a sholáthraítear sa Bhallstát sin |
|||||||||
5c |
An miondealú ar láimhdeachas an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe de réir chatagóir an chliaint mar a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE |
|||||||||
6 |
I gcás ina ndéileálann an brainse ar a chuntas féin, faisnéis faoi neamhchosaint an ghnólachta tríú tír le linn na tréimhse tuairiscithe ar chontrapháirtithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
An neamhchosaint mhíosúil íosta, mheánach agus uasta ar chontrapháirtithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||
7 |
I gcás ina bhfrithgheallann an brainse ionstraimí airgeadais agus/nó ina gcuireann sé ionstraimí airgeadais ar bhonn gealltanas daingean, faisnéis faoi luach na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus a dhéantar a fhrithghealladh nó a chur ar bhonn ceangaltas daingean, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Luach iomlán agus líon iomlán na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus atá frithgheallta nó curtha ar bhonn ceangaltas daingean ag an mbrainse\ |
||||||||
8a |
Comhdhéanamh chomhlacht bainistíochta an ghnólachta tríú tír |
Liosta comhaltaí chomhlacht bainistíochta an ghnólachta tríú tír |
||||||||
8b |
I gcás gach comhalta den chomhlacht bainistíochta, ainm iomlán, tír shainchónaithe agus sonraí teagmhála an chomhalta |
|||||||||
8c |
An post ina gceaptar gach comhalta den chomhlacht bainistíochta |
|||||||||
9a |
Sealbhóirí príomhfheidhme i gcás ghníomhaíochtaí an bhrainse |
An liosta sealbhóirí príomhfheidhme i gcás ghníomhaíochtaí an bhrainse |
||||||||
9b |
I gcás gach sealbhóra príomhfheidhme, ainm iomlán an duine, tír shainchónaithe agus sonraí teagmhála |
|||||||||
9c |
An post ina gceaptar gach sealbhóir príomhfheidhme |
|||||||||
9d |
Na línte tuairiscithe idir na sealbhóirí príomhfheidhme agus comhlacht bainistíochta an ghnólachta tríú tír |
|||||||||
10 |
Faisnéis faoi ghearáin a fuair an brainse nó an gnólacht tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus le linn na tréimhse tuairiscithe |
An líon gearán a fuair an brainse nó an gnólacht tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, maille leis na nithe seo a leanas:
|
||||||||
11a |
Tuairisc ar ghníomhaíochtaí margaíochta an bhrainse nó an ghnólachta tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus le linn na tréimhse tuairiscithe |
Tuairisc ar straitéis mhargaíochta an bhrainse nó an ghnólachta tríú tír a úsáidtear sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse, lena n-áirítear mionsonraí faoina raon feidhme geografach agus faoi na modhanna margaíochta a d’úsáid an gnólacht tríú tír (amhail gníomhairí, seónna bóthair, glaonna gutháin, suíomhanna gréasáin) |
||||||||
11b |
An liosta ainmneacha trádála a úsáideann brainse an ghnólachta tríú tír sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, maille leis na nithe seo a leanas i gcás gach ainm trádála:
|
|||||||||
11c |
I gcás aon ghníomhaire nó eintiteas comhchosúil a úsáideann brainse an ghnólachta tríú tír sa Bhallstát sin, ainm an duine aonair nó an eintitis maille leis an seoladh agus sonraí teagmhála |
|||||||||
11d |
An liosta suíomhanna gréasáin a úsáideann an brainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, maille leis an URL, i gcás gach suímh gréasáin |
|||||||||
12a |
Tuairisc ar shocruithe cosanta infheisteoirí an ghnólachta tríú tír atá ar fáil do chliaint an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, lena n-áirítear cearta na gcliant sin mar thoradh ar an scéim cúitimh d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (f), de Threoir 2014/65/AE (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Faisnéis agus tuairisciú do chliaint |
||||||||
Tuairisc ar na socruithe a chuir an gnólacht tríú tír ar bun a mhéid a bhaineann lena oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe do chliaint agus a bhearta cur chun feidhme le haghaidh oibríochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
||||||||||
12b |
An teanga/na teangacha a úsáidfidh an brainse lena chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
|||||||||
12c |
Oiriúnacht agus iomchuibheas |
|||||||||
Tuairisc ar shocruithe an ghnólachta tríú tír chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht nó iomchuibheas, de réir mar a bheidh, i gcás ina soláthraíonn an brainse seirbhísí do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
||||||||||
12d |
An forghníomhú is fearr |
|||||||||
I gcás ina bhforghníomhaíonn an brainse orduithe dá chliaint sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, tuairisc ar na socruithe a cuireadh ar bun chun orduithe cliant a fhorghníomhú ar na téarmaí is fabhraí do na cliaint |
||||||||||
12e |
Rialacha maidir le horduithe cliant a láimhseáil |
|||||||||
I gcás ina láimhseálann an brainse orduithe cliant, tuairisc ar na socruithe a chuir an brainse ar bun chun orduithe cliant a fhorghníomhú go pras, go cothrom agus go gasta, agus béim á cur ar oibríochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
12f |
Socruithe maidir le rialachas táirgí |
|||||||||
I gcás ina ndéanann an gnólacht tríú tír monarú agus/nó dáileadh, trína bhrainse, ar ionstraimí airgeadais, tuairisc ar na socruithe maidir le rialachas táirgí a chuir an gnólacht tríú tír ar bun le haghaidh oibríochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
12g |
Socruithe an ghnólachta tríú tír chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú |
|||||||||
Tuairisc ar na bearta a chuir an gnólacht tríú tír ar bun, agus é ag gníomhú trína bhrainse, chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc nó a bhainistiú, ar coinbhleachtaí leasa iad a thagann chun cinn le linn dó seirbhísí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthar, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as beartas luacha saothair na ndaoine atá rannpháirteach sa soláthar seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
12h |
Socruithe an ghnólachta tríú tír chun gearáin a láimhseáil |
|||||||||
Tuairisc ar an nós imeachta a chuir an gnólacht tríú tír ar bun, agus é ag gníomhú trína bhrainse, agus a bheidh le leanúint ag cliaint an bhrainse chun gearán a thaisceadh |
||||||||||
12i |
An roinn atá freagrach as gearáin chliaint an bhrainse a láimhseáil |
|||||||||
12j |
An teanga nach mór do chliaint a ngearáin a thaisceadh inti/Na teangacha nach mór do chliaint a ngearáin a thaisceadh iontu |
|||||||||
12k |
Na cúirteanna ábhartha (i gcás dlíthíochta) dá dtagraítear in aon socrú conarthach idir an gnólacht tríú tír atá ag gníomhú trína bhrainse agus a chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
|||||||||
12l |
An t-eintiteas/na heintitis um réiteach malartach díospóidí atá inniúil chun déileáil le díospóidí a bhaineann le cliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus leis an ngnólacht tríú tír |
|||||||||
12m |
Ballraíocht an ghnólachta tríú tír i scéim cúitimh d’infheisteoirí |
|||||||||
An tuairisc ar bhallraíocht an ghnólachta tríú tír i scéim cúitimh d’infheisteoirí, lena n-áirítear cé acu a bheidh nó nach mbeidh cliaint agus contrapháirtithe an bhrainse incháilithe do scéim den sórt sin, a raon feidhme, tuairisc ar na coinníollacha incháilitheachta agus na méideanna agus na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an scéim |
||||||||||
12n |
Socruithe an ghnólachta tríú tír maidir le cistí agus sócmhainní cliant a chosaint agus a bhainistiú |
|||||||||
Tuairisc ar aon chiste cliaint nó ar aon socrú cosanta sócmhainní cliant (go háirithe, i gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais agus cistí i seilbh coimeádaí, ainm an choimeádaí, agus conarthaí gaolmhara) a cuireadh i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
12o |
Socruithe eile |
|||||||||
Tuairisc ar aon socrú eile a mheasfadh an gnólacht tríú tír a bheith ábhartha maidir le soláthar seirbhísí agus feidhmiú ghníomhaíochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil a chuireann leasanna na gcliant chun cinn |
||||||||||
13a |
Faisnéis faoi shocruithe seachfhoinsithe an ghnólachta tríú tír is infheidhme maidir le hoibríochtaí an bhrainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Liosta de na feidhmeanna seachfhoinsithe (nó de na feidhmeanna a bheartaítear a sheachfhoinsiú) agus tuairisc orthu |
||||||||
13b |
Tuairisc ar na hacmhainní (go háirithe na hacmhainní daonna agus na hacmhainní teicniúla, agus an córas rialaithe inmheánaigh) a leithdháiltear ar rialú na bhfeidhmeanna, na seirbhísí nó na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
|||||||||
14 |
Faisnéis maidir leis na socruithe (lena n-áirítear socruithe TF) arna gcur ar bun ag an ngnólacht tríú tír is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse le haghaidh trádáil algartamach, le haghaidh trádáil ardmhinicíochta agus le haghaidh rochtain leictreonach dhíreach (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Tuairisc ar aon socrú agus ar aon acmhainn (go háirithe acmhainní daonna agus acmhainní TF) a d’fhéadfadh a bheith curtha ar bun ag an ngnólacht tríú tír agus/nó a d’fhéadfadh a bheith leithdháilte aige do ghníomhaíochtaí a bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe le haghaidh trádáil algartamach, le haghaidh trádáil ardmhinicíochta agus le haghaidh rochtain leictreonach dhíreach agus chun gníomhaíochtaí den sórt sin a rialú |
||||||||
15a |
Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na feidhme comhlíonta (nó a coibhéis) |
Athruithe rialála |
||||||||
Tuairisc ar bhainistiú agus ar chur chun feidhme athruithe agus forbairtí ábhartha i gceanglais rialála le linn na tréimhse tuairiscithe a mbíonn tionchar acu ar shocruithe cosanta infheisteoirí le haghaidh ghníomhaíochtaí bhrainse an ghnólachta tríú tír |
||||||||||
15b |
Torthaí |
|||||||||
An líon rialuithe a dhéantar ar an láthair agus a sheachfhoinsítear agus achoimre ar mhórthorthaí na feidhme comhlíonta ar oibríochtaí an ghnólachta tríú tír a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse |
||||||||||
15c |
Gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá le déanamh (lena n-áirítear tar éis gearán nó tar éis claonadh ó mholtaí na feidhme comhlíontachta atá dírithe ar an mbainistíocht shinsearach) chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna sainaitheanta nó ar rioscaí teipeanna den ghnólacht tríú tír a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse |
|||||||||
15d |
Eile |
|||||||||
Aon fhaisnéis eile a mheasfadh an brainse gurbh ábhartha í a lua |
||||||||||
16a |
Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na feidhme iniúchóireachta inmheánaí (nó a coibhéis) |
Torthaí |
||||||||
Achoimre ar mhórthorthaí na feidhme iniúchóireachta inmheánaí ar oibríochtaí an ghnólachta tríú tír a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse |
||||||||||
16b |
Gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá le déanamh ar fud an domhain (lena n-áirítear amlíne agus aonaid eagraíochtúla an ghnólachta tríú tír lena mbaineann) chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna sainaitheanta nó ar rioscaí teipeanna den ghnólacht tríú tír a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse |
|||||||||
17a |
Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na feidhme bainistithe riosca (nó a coibhéis) agus faoi bheartas bainistithe riosca an ghnólachta tríú tír |
Beartas bainistithe riosca |
||||||||
Achoimre ar bheartas bainistithe riosca an ghnólachta tríú tír a mhéid a bhaineann sé le hoibríochtaí an bhrainse agus na socruithe a chuireann an brainse i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an brainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
||||||||||
17b |
Torthaí |
|||||||||
Achoimre ar mhórthorthaí na feidhme bainistithe riosca ar oibríochtaí an ghnólachta tríú tír ar fud an domhain agus na gníomhaíochtaí a dhéantar nó atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí sin |
||||||||||
18 |
Aon fhaisnéis eile a mheasfadh an brainse de ghnólacht tríú tír gurbh ábhartha í a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe. |
(1) Cumhdaítear le hIarscríbhinn II aon fhaisnéis maidir le soláthar seirbhísí trasteorann ag brainsí de ghnólachtaí tríú tír.
IARSCRÍBHINN II
An fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus 41(4) de Threoir 2014/65/AE a chur isteach i gcás ina bhfuil cinneadh coibhéise glactha ag an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014
I dteannta na faisnéise a éilítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme reatha, i gcás gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta freisin san Aontas Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 47(3) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 tríd an gcóras coibhéise tríú tír (má aithnítear amhlaidh go héifeachtach faoi Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, déanfaidh siad na réimsí seo a leanas a áireamh freisin ina dtuarascáil don údarás inniúil, mar a éilítear faoi Airteagal 41(3) de Threoir 2014/65/AE:
# |
Réimse |
Foréimsí |
||||||||||
19a |
Tréimhse tuairiscithe |
Dáta tosaigh tuairiscithe na bliana féilire (BBBB-MM-LL) |
||||||||||
19b |
Dáta deiridh tuairiscithe na bliana féilire (BBBB-MM-LL) |
|||||||||||
20a |
Ainm agus sonraí teagmhála an ghnólachta tríú tír, lena n-áirítear sonraí an bhrainse, sonraí an duine atá i gceannas ar an bhfaisnéis a chur isteach, sonraí údaráis an tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír |
Ainm corparáideach iomlán an bhrainse agus an cód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) i gcás ina mbeidh fáil air |
||||||||||
20b |
Seoladh an bhrainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20c |
Sonraí teagmhála an bhrainse, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus sonraí suímh gréasáin |
|||||||||||
20d |
Ainm dlíthiúil iomlán an ghnólachta tríú tír agus an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) i gcás ina mbeidh fáil air (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20e |
Seoladh cláraithe le haghaidh cheannoifig an ghnólachta tríú tír (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20f |
Sonraí teagmhála an ghnólachta tríú tír, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus sonraí suímh gréasáin |
|||||||||||
20g |
An tír ina bhfuil ceannoifig an ghnólachta tríú tír (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20h |
Ainm, seoladh agus tír an údaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír sa tríú tír. I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír, soláthrófar sonraí agus réimsí inniúlachta gach údaráis faoi seach (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20i |
Ainm iomlán an teagmhálaí |
|||||||||||
20j |
Seoladh an teagmhálaí |
|||||||||||
20k |
Uimhir ghutháin an teagmhálaí |
|||||||||||
20l |
Seoladh ríomhphoist an teagmhálaí |
|||||||||||
20m |
Feidhm/teideal an teagmhálaí |
|||||||||||
21a |
Seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthraíonn an brainse i ngach Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Liosta na seirbhísí infheistíochta, na ngníomhaíochtaí infheistíochta agus na seirbhísí coimhdeacha (mar a shonraítear i Ranna A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) a sholáthraítear do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i ngach Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
21b |
Liosta na gcatagóirí ionstraimí airgeadais (mar a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) a ndearnadh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin ina leith |
|||||||||||
21c |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse bainistiú punainne, luach iomlán na sócmhainní faoi bhainistíocht le haghaidh cliant sa Bhallstát ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21d |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse bainistiú punainne, meánluach na sócmhainní faoi bhainistíocht le haghaidh cliant sa Bhallstát i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21e |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse comhairle infheistíochta, luach iomlán na sócmhainní a ndearnadh an tseirbhís sin a sholáthar ina leith le haghaidh cliant sa Bhallstát ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21f |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse comhairle infheistíochta, meánluach na sócmhainní a ndearnadh an tseirbhís sin a sholáthar ina leith le haghaidh cliant sa Bhallstát i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21g |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse an tseirbhís choimhdeach cumhdaigh agus riaracháin i leith ionstraimí airgeadais do chuntas cliant nó i gcás ina bhfuil cistí cliant ina seilbh aige, luach iomlán na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) atá i seilbh an bhrainse do chliaint sa Bhallstát ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21h |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse an tseirbhís choimhdeach cumhdaigh agus riaracháin i leith ionstraimí airgeadais do chuntas cliant nó i gcás ina bhfuil cistí cliant ina seilbh aige, meánluach na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) atá i seilbh an bhrainse do chliaint sa Bhallstát i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
22a |
An líon cliant agus contrapháirtithe atá ag an mbrainse i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ar fud an domhain, le linn na tréimhse tuairiscithe |
An líon iomlán cliant agus contrapháirtithe atá ag an mbrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe). |
||||||||||
22b |
An líon iomlán cliant agus contrapháirtithe atá ag an ngnólacht tríú tír ar fud an domhain |
|||||||||||
22c |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus inar sholáthair an brainse aon seirbhís infheistíochta, aon ghníomhaíocht infheistíochta nó aon seirbhís choimhdeach, an líon iomlán cliant agus contrapháirtithe atá ag an mbrainse sa Bhallstát eile sin, maille leis na nithe seo a leanas:
|
|||||||||||
23a |
Láimhdeachas agus luach comhiomlán shócmhainní an bhrainse i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus láimhdeachas agus luach comhiomlán shócmhainní an ghnólachta tríú tír ar fud an domhain, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Láimhdeachas an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe) agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí agus do na gníomhaíochtaí arna soláthar ag an ngnólacht tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe) |
||||||||||
23b |
Láimhdeachas domhanda an ghnólachta tríú tír |
|||||||||||
23c |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus inar sholáthair an brainse aon seirbhís infheistíochta, aon ghníomhaíocht infheistíochta nó aon seirbhís choimhdeach, láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí infheistíochta, do na gníomhaíochtaí infheistíochta agus do na seirbhísí coimhdeacha sin, maille leis na nithe seo a leanas:
|
|||||||||||
24a |
I gcás ina ndéileálann an brainse ar a chuntas féin, faisnéis faoi neamhchosaint an ghnólachta tríú tír ar chontrapháirtithe san Aontas (seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe), le linn na tréimhse tuairiscithe |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina ndéileálann an brainse ar a chuntas féin, an neamhchosaint mhíosúil íosta, mheánach agus uasta ar chontrapháirtithe sa Bhallstát sin |
||||||||||
24b |
An neamhchosaint mhíosúil íosta, mheánach agus uasta ar chontrapháirtithe san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
25a |
I gcás ina bhfrithgheallann an brainse ionstraimí airgeadais agus/nó ina gcuireann sé ionstraimí airgeadais ar bhonn gealltanas daingean, faisnéis faoi luach na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) agus a dhéantar a fhrithghealladh nó a chur ar bhonn ceangaltas daingean le linn na tréimhse tuairiscithe |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina bhfrithgheallann an brainse ionstraimí airgeadais agus/nó ina gcuireann sé ionstraimí airgeadais ar bhonn gealltanas daingean, luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe sa Bhallstát agus a frithghealladh nó a cuireadh ar bhonn ceangaltas daingean ag an mbrainse |
||||||||||
25b |
Luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) agus atá frithgheallta nó curtha ar bhonn ceangaltas daingean ag an mbrainse |
|||||||||||
26 |
Faisnéis faoi ghearáin a fuair an brainse agus/nó an gnólacht tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), le linn na tréimhse tuairiscithe |
An líon gearán a fuair an brainse agus/nó an gnólacht tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse i mBallstáit seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, maille leis na nithe seo a leanas:
|
||||||||||
27a |
Tuairisc ar ghníomhaíochtaí margaíochta an bhrainse nó an ghnólachta tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), le linn na tréimhse tuairiscithe |
Tuairisc ar straitéis mhargaíochta an ghnólachta tríú tír a úsáidtear san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse, lena n-áirítear mionsonraí faoina raon feidhme geografach agus faoi na modhanna margaíochta a d’úsáid an gnólacht tríú tír (amhail gníomhairí, seónna bóthair, glaonna gutháin, suíomhanna gréasáin) |
||||||||||
27b |
An liosta ainmneacha trádála a úsáideann an gnólacht tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), maille leis na nithe seo a leanas i gcás gach ainm trádála:
|
|||||||||||
27c |
I gcás aon ghníomhaire nó eintiteas comhchosúil a úsáideann an gnólacht tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), ainm an duine aonair nó an eintitis maille leis an seoladh agus sonraí teagmhála |
|||||||||||
27d |
An liosta suíomhanna gréasáin a úsáideann an gnólacht tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), maille leis an URL, i gcás gach suímh gréasáin |
|||||||||||
28a |
Tuairisc ar shocruithe cosanta infheisteoirí an ghnólachta tríú tír atá ar fáil do chliaint an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), lena n-áirítear cearta na gcliant sin mar thoradh ar an scéim cúitimh d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (f), de Threoir 2014/65/AE (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Faisnéis agus tuairisciú do chliaint |
||||||||||
An tuairisc ar shocruithe an ghnólachta tríú tír chun a áirithiú go gcomhlíonann sé a oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe do chliaint faoi Airteagail 24 agus 25 de Threoir 2014/65/AE agus a bhearta cur chun feidhme le haghaidh oibríochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||||
28b |
An teanga/na teangacha a úsáidfidh an brainse lena chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
28c |
Oiriúnacht agus iomchuibheas |
|||||||||||
An tuairisc ar shocruithe an ghnólachta tríú tír chun a áirithiú go gcomhlíonann sé a oibleagáidí measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht nó iomchuibheas, de réir mar a bheidh, i gcás ina soláthraíonn an brainse seirbhísí do chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||||
28d |
An forghníomhú is fearr |
|||||||||||
I gcás ina bhforghníomhaíonn an brainse orduithe dá chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), an tuairisc ar na socruithe chun a áirithiú go bhforghníomhaíonn sé orduithe cliant ar na téarmaí is fabhraí do na cliaint |
||||||||||||
28e |
Rialacha maidir le horduithe cliant a láimhseáil |
|||||||||||
An tuairisc ar shocruithe an ghnólachta tríú tír lena ndéantar foráil maidir le horduithe cliant a fhorghníomhú go pras, go cothrom agus go gasta, agus béim á cur ar oibríochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||||
28f |
Socruithe maidir le rialachas táirgí |
|||||||||||
I gcás ina ndéanann an gnólacht tríú tír ionstraimí airgeadais a mhonarú agus/nó a dháileadh san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), tuairisc ar na socruithe maidir le rialachas táirgí a chuir an gnólacht tríú tír ar bun le haghaidh a oibríochtaí san Aontas. |
||||||||||||
28g |
Socruithe an ghnólachta tríú tír chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú |
|||||||||||
An tuairisc ar na bearta a chuir an gnólacht tríú tír i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc nó a bhainistiú, ar coinbhleachtaí leasa iad a thagann chun cinn le linn dó seirbhísí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthar, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as beartas luacha saothair na ndaoine atá rannpháirteach sa soláthar seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||||
28h |
Socruithe an ghnólachta tríú tír chun gearáin a láimhseáil |
|||||||||||
Tuairisc ar an nós imeachta nach mór do chliaint an ghnólachta tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) cloí leis chun gearán a thaisceadh |
||||||||||||
28j |
An roinn atá freagrach as gearáin chliaint an bhrainse a láimhseáil |
|||||||||||
28k |
An teanga nach mór do chliaint a ngearáin a thaisceadh inti/Na teangacha nach mór do chliaint a ngearáin a thaisceadh iontu |
|||||||||||
28l |
Na cúirteanna ábhartha (i gcás dlíthíochta) dá dtagraítear in aon socrú conarthach idir an gnólacht tríú tír agus a chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
28m |
An t-eintiteas/na heintitis um réiteach malartach díospóidí atá inniúil chun déileáil le díospóidí trasteorann a bhaineann le cliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
28n |
Ballraíocht an ghnólachta tríú tír i scéim cúitimh d’infheisteoirí |
|||||||||||
Tuairisc ar bhallraíocht an ghnólachta tríú tír i scéim cúitimh d’infheisteoirí, lena n-áirítear cé acu a bheidh nó nach mbeidh cliaint agus contrapháirtithe an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) incháilithe do scéim den sórt sin, a raon feidhme, tuairisc ar na coinníollacha incháilitheachta agus na méideanna agus na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an scéim |
||||||||||||
28o |
Socruithe an ghnólachta tríú tír maidir le cistí agus sócmhainní cliant a chosaint agus a bhainistiú |
|||||||||||
Tuairisc ar shocruithe cosanta d’aon chiste cliaint nó d’aon sócmhainn chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) (go háirithe, i gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais agus cistí i seilbh coimeádaí, ainm an choimeádaí, agus conarthaí gaolmhara) |
||||||||||||
28p |
Socruithe eile |
|||||||||||
Tuairisc ar aon socrú eile a mheasfadh an gnólacht tríú tír a bheith ábhartha maidir le soláthar seirbhísí agus feidhmiú ghníomhaíochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil a chuireann leasanna na gcliant chun cinn |
||||||||||||
29a |
Faisnéis faoi shocruithe seachfhoinsithe an ghnólachta tríú tír is infheidhme maidir le hoibríochtaí an bhrainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Liosta de na feidhmeanna seachfhoinsithe (nó de na feidhmeanna a bheartaítear a sheachfhoinsiú) agus tuairisc orthu chun seirbhísí infheistíochta an bhrainse a sholáthar agus chun a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||
29b |
Tuairisc ar na hacmhainní (go háirithe na hacmhainní daonna agus na hacmhainní teicniúla, agus an córas rialaithe inmheánaigh) a leithdháiltear ar rialú na bhfeidhmeanna, na seirbhísí nó na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
30 |
Faisnéis maidir leis na socruithe (lena n-áirítear socruithe TF) arna gcur ar bun ag an ngnólacht tríú tír is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse le haghaidh trádáil algartamach, le haghaidh trádáil ardmhinicíochta agus le haghaidh rochtain leictreonach dhíreach (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Tuairisc ar aon socrú agus ar aon acmhainn (go háirithe acmhainní daonna agus acmhainní TF) a d’fhéadfadh a bheith curtha ar bun ag an ngnólacht tríú tír agus/nó a d’fhéadfadh a bheith leithdháilte aige do ghníomhaíochtaí a bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) le haghaidh trádáil algartamach, le haghaidh trádáil ardmhinicíochta agus le haghaidh rochtain leictreonach dhíreach agus chun gníomhaíochtaí den sórt sin a rialú |
||||||||||
31 |
Aon fhaisnéis eile a bhfuil gá léi dar leis an údarás inniúil chun gur féidir faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an bhrainse san Aontas |
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/114 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1221 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2022
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
(1) |
An 17 Samhain 2021, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí rothar bóthair alúmanaim (“ARW”) áirithe de thionscnamh Mharacó (“an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”). |
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir Comhlachas Mhonaróirí Rothar na hEorpa (“an gearánach” nó “EUWA”) isteach an 4 Deireadh Fómhair 2021. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. An fhianaise a bhí sa ghearán maidir leis an dumpáil agus leis an díobháil ábhartha ba thoradh uirthi, ba leor an fhianaise í chun an t-imscrúdú a thionscnamh. |
1.2. Clárú
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934 ón gCoimisiún (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe (“an Rialachán maidir le clárú”). |
1.3. Páirtithe leasmhara agus iarraidh ar anaithnideacht
(4) |
San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go sonrach don ghearánaí, do tháirgeoirí aitheanta de chuid an Aontais agus d’údaráis Mharacó, agus d’allmhaireoirí, úsáideoirí agus comhlachais arb eol iad a bheith bainteach, gur tionscnaíodh an t-imscrúdú, agus d’iarr sé orthu a bheith páirteach ann. |
(5) |
D’iarr na gearánaigh agus dhá úsáideoir chomhoibríocha go gcoimeádfaí a n-ainm faoi rún ar eagla go bhféadfadh custaiméirí frithbhearta a dhéanamh orthu. Bhí an Coimisiún den tuairim gurbh amhlaidh go raibh riosca tromchúiseach ann go ndéanfaí frithbhearta agus ghlac sé nár cheart ainmneacha na ngearánach agus an dá úsáideoir chomhoibríocha a nochtadh. Chun go mbeadh an anaithnideacht éifeachtúil, coimeádadh ainmneacha na dtáirgeoirí eile de chuid an Aontais faoi rún freisin ionas nach mbeifí ainmneacha na ngearánach a dhéanamh amach. |
1.4. Barúlacha maidir leis an Tionscnamh
(6) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. |
(7) |
D’iarr ceithre pháirtí éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin, rud a tugadh dóibh: Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (“ACEA”), EUWA, Dika Morocco Africa S.A.R.L (“Dika”) agus Hands 8 S.A. (“Hands”). |
(8) |
Mhaígh Dika agus údaráis Mharacó go raibh na figiúirí a tuairiscíodh sa ghearán as dáta toisc go raibh bearta 8 mí nach mór idir a thréimhse imscrúdúcháin agus dáta tionscnaimh an imscrúdaithe. Ina theannta sin, an tréimhse imscrúdúcháin a roghnaigh an gearánach, tháinig sí le chéile go beacht le buaicphointe phaindéim COVID-19. Thairis sin, an tréimhse faoi bhreathnú a bhí ag an gearánach, bhí sé bliain níos faide ná mar a bheadh an tréimhse a bhreathnódh an Coimisiún uirthi de ghnáth, mar a shonraítear sa Treoir ábhartha (4). Mheas Dika go bhféadfaí a mheas gur cinneadh éagóir agus claonta a bhí sa chinneadh sin, agus nach féidir fianaise prima facie maidir le dumpáil, díobháil ná cúisíocht mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a bheith i gceist le figiúirí as dáta. |
(9) |
Luaigh an Coimisiún ar dtús go dtugtar le fios go sainráite sa Treoir a luaigh Dika, nach bhfuil sé ceaptha ach amháin chun treoir ghinearálta chur ar fáil agus nach doiciméad é atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus nach éigeantach iad na hábhair atá ann (5). Thairis sin, níl aon foráil sonrach in Airteagal 5 den bhun-Rialachán maidir leis an mbearna ama idir an gearán agus na sonraí a cuireadh ar fáil. In aon chás, bhí deireadh le tréimhse imscrúdúcháin an ghearáin an 31 Márta 2021 agus taisceadh an gearán an 4 Deireadh Fómhair 2021. Thairis sin, chuir an gearánach sonraí díobhála breise isteach go dtí an 30 Meitheamh 2021 (6). Dá bhrí sin, bhí na sonraí a sholáthair an gearánach cothrom le dáta agus chomh gar agus ab fhéidir don dáta a taisceadh an gearán. Maidir leis an maíomh faoin tréimhse faoi bhreathnú agus faoin tréimhse imscrúdúcháin, bíonn sé de nós ag an gCoimisiún tréimhse imscrúdúcháin bliana amháin a roghnú mar aon le 3 bliana féilire roimhe seo chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar na treochtaí atá ábhartha le haghaidh mheasúnú na díobhála a chumhdaítear. Cé gur sholáthair an gearánach faisnéis le haghaidh bliain bhreise amháin, ní chiallaíonn sé sin gur baineadh úsáid as sonraí as dáta a d’fhágadh go mbeadh an measúnú éagóir nó claonta. Os a choinne sin, sholáthair sé an fhaisnéis a bhí ar fáil le haghaidh na tréimhse is deireanaí, is é sin go dtí an 31 Márta 2021. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
(10) |
Mhaígh Dika nach raibh fianaise ar fáil sa ghearán a thabharfadh údar le gnáthluach ríofa a úsáid mar a iarrtar le hAirteagal 5(2) den bhun-Rialachán. Thairis sin, mhaígh an páirtí go raibh ríomh an ghnáthluacha ríofa lochtach. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún teacht ar an gconclúid nár leor an fhianaise maidir le dumpáil sa ghearán agus ba cheart é a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán. |
(11) |
Shonraigh Dika nár úsáid an gearánach praghas díola intíre ARW i Maracó, cé go mbeadh na praghsanna sin ar eolas aige ó tharla go n-onnmhairíonn tionscal an Aontais ARW chuig Maracó é féin. Sa bhreis air sin, líomhain Dika gur úsáid an gearánach cuntais airgeadais na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ó 2018 agus 2019 chun teacht ar an gconclúid nach raibh aon díolacháin ann sa ghnáthchúrsa trádála, cé gur bhain na cuntais sin le tréimhse a bhí roimh an tréimhse imscrúdúcháin a roghnaíodh sa ghearán. |
(12) |
Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Is é EUWA an gearánach san imscrúdú seo agus ní a gcomhaltaí aonair. Ó tharla nach táirgeoir ná onnmhaireoir é an gearánach, ní raibh aon rochtain aige ar na sonraí sin. Sa bhreis air sin, meastar de ghnáth gur sonraí faoi rún gnó iad sonraisc. Dá bhrí sin, bhí ar an ngearánach brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí maidir le praghsanna díola intíre i Maracó, rud nach raibh ar fáil tráth an ghearánaigh. Maidir le húsáid na gcuntais airgeadais ó 2018 agus 2019 le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid Mharacó, ní raibh ach na cuntais sin ar fáil don ghearánach tráth a taisceadh an gearán. Dá bhrí sin, ní raibh an gearánach in ann ach conclúid a dhéanamh gur ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil go réasúnta, nach raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta de chuid Mharacó i mbun díolacháin intíre le linn an ghnáthchúrsa trádála. Dá bhrí sin, bhí údar leis an ngnáthluach a ríomh Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
(13) |
Rinne Dika argóintí freisin maidir le lochtanna bunúsacha líomhnaithe i leith ríomh an ghnáthluacha. Baineann na hargóintí sin maidir le rogha mhéid an rotha, úsáid na bpraghsanna le haghaidh uingí alúmanaim ar bhonn allmhairí ón tSín, úsáid struchtúr costais an táirgeora de chuid an Aontais, tosca costais áirithe a chur as an áireamh sa ríomh, agus ráta brabúis 6 % a chur leis. |
(14) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis na hargóintí sin. Na tátail a rinne an gearánach chun an gnáthluach a ríomh, bhí siad bunaithe ar thaithí mhargaidh agus ar eolas an ghearánaigh agus ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí freisin. Cé nach n-aontaíonn an páirtí leasmhar leis na tátail sin, ní chiallaíonn sé sin nach tátail bhailí iad chun an gnáthluach a ríomh sa ghearán. Ba leor an fhianaise a chuir treise leis na figiúirí ar ar bunaíodh an gnáthluach, rud a deimhníodh le hanailís an Choimisiúin ar an bhfianaise sin. Fiú agus coigeartuithe áirithe á ndéanamh mar a mhol an páirtí leasmhar, rud a rinne an Coimisiún agus an gearán á mheas aige, ba leor fós an fhianaise maidir le dumpáil. |
(15) |
Mhaígh Dika agus údaráis Mharacó nár chuir an gearánach san áireamh ina anailís díobhála go bhfuil an margadh deighilte idir Monaróirí Buntrealaimh (“OEM”) agus margaí iardhíola (“AM”), agus tá rothaí de chineálacha éagsúla i ngach margadh, i.e. deighleoga íseal-leibhéil agus ardleibhéil. |
(16) |
Thug an Coimisiún faoi deara gur cé go bhfuil cainéil dáileacháin díola éagsúla ag rothaí alúmanaim OEM agus AM, is ionann na saintréithe fisiceacha agus teicniúla atá acu agus tá siad inmhalartaithe. Dá bhrí sin ba cheart a mheas gur cainéil díola éagsúla iad OEM agus AM seachas deighleoga éagsúla. |
(17) |
A mhéid a bhaineann leis an dá chainéal díola, mheas an gearánach go bhfuil seans maith ann gur chuig cliaint OEM amháin a sheachadtar beagnach na hallmhairí go léir ó Mharacó. Deimhníodh é sin leis an anailís a rinne an Coimisiún ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil dó. Ba amhlaidh an cás freisin maidir le táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a dhíol beagnach go heisiach le cliaint OEM (thart ar 99,6 %). |
(18) |
Maidir leis na cineálacha éagsúla rothaí, thug an Coimisiún faoi deara gur cé nach raibh anailís díobhála iomlán sa ghearán de réir chineálacha éagsúla ARW, tugadh ríomhanna sladghearrtha agus tearcdhíola le haghaidh deich gcineál rothaí ionadaíocha. |
(19) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
(20) |
Mhaígh Dika, Hands agus údaráis Mharacó nach féidir le héabhlóid na n-allmhairí ó Mharacó a bheith ina cúis díobhála ná ina bagairt díobhála do thionscal an Aontais, toisc nach raibh ach 2,8 % de mhargadh an Aontais acu le linn na tréimhse ón 1 Aibreán 2020 go dtí an 31 Márta 2021, agus ní raibh siad ina gcúis le hísliú praghsanna ná le srianadh praghsanna. |
(21) |
Léirigh anailís shonrach díobhála an ghearáin gur leor an fhianaise a chuir i bhfios go raibh níos mó allmhairí ó Mharacó ag teacht ar an bhfód ar mhargadh an Aontais (i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta), ar phraghsanna a ghearr faoi phraghsanna thionscal an Aontais féin agus a dhíol fúthu go suntasach freisin. Is cosúil gur bhain díobháil ábhartha do staid thionscal an Aontais i ngeall air sin, mar a léiríonn, mar shampla, an t-ísliú ar a dhíolacháin agus ar a sciar den mhargadh, meath ar thorthaí airgeadais nó leibhéal na bpraghsanna a ghearr tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
(22) |
Maidir le táscairí díobhála áirithe a bhí sa ghearán, amhail acmhainneacht táirgeachta, praghsanna an Aontais agus tomhaltas an Aontais, mhaígh Dika nár thacaigh na táscairí sin leis an gcinneadh go ndearnadh díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, ní rogha ag táirgeoir ARW an lánúsáid acmhainneachta, mar gheall ar na samhlacha slabhra soláthair “díreach-in-am” a chuireann monaróirí gluaisteán san Aontas Eorpach chun feidhme, rud a éilíonn go bhfuil táirgeoirí ARW solúbtha agus go bhfuil acmhainneachtaí ar fáil acu chun freastal ar riachtanais an nóiméid deiridh. |
(23) |
Toradh maidir le díobháil ábhartha, rud is gá chun imscrúdú a thionscnamh, meabhraíonn an Coimisiún go gceanglaítear leis an méid sin scrúdú a dhéanamh, inter alia, ar na fachtóirí ábhartha a shonraítear sa bhun-Rialachán. Mar sin féin, le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán, ní cheanglaítear go sonrach go léireodh na fachtóirí díobhála uile a liostaítear in Airteagal 3(5) meathlú le go ndéanfaí díobháil ábhartha a chruthú go leordhóthanach chun imscrúdú a thionscnamh. Go deimhin sonraítear i bhfoclaíocht Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán go gcuimseoidh an gearán fianaise faoi na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a líomhnaítear gur dumpáladh iad, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghsanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar thionscal an Aontais, faoi mar atá léirithe ag tosca ábhartha (ach ní acu uile, murar gá sin). Bhí an fhaisnéis sin sa ghearán, rud a léirigh go raibh díobháil ann. Dá réir sin, mheas an Coimisiún gur leor an fhianaise maidir le dumpáil a bhí sa ghearán agus dhiúltaigh sé don mhaíomh. |
(24) |
D’áitigh Dika agus Hands nach féidir le forchur na mbeart frithdhumpála a bheith chun leas an Aontais. |
(25) |
Maidir le leas an Aontais, ní critéar ábhartha é chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil údar maith le himeacht frithdhumpála a thionscnamh faoi Airteagal 5 den bhun-Rialachán mar gheall ar ghearán. Dá bhrí sin, níor breithníodh na barúlacha sin maidir le maímh a bhaineann le tionscnamh na n-imeachtaí. |
(26) |
Mhaígh Dika, Hands agus údaráis Mharacó nár mheas an gearánach toscairí eile amhail an easpa iomaíochta a líomhnaítear idir ARW an Aontais agus ARW Mharacó mar gheall ar dheighilt an mhargaidh. allmhairí ó thríú tíortha iarmhairtí ó phaindéim COVID-19. |
(27) |
Deimhníodh le hanailís an Choimisiúin ar an ngéarán nach raibh bunús leis na heilimintí a luadh, sin nó bhí siad mícheart ó thaobh fíoras de, nó nár leor iad chun amhras a chaitheamh ar an gconclúid go raibh fianaise leordhóthanach sa ghéarán a léirigh ar an iomlán go raibh allmhairí an táirge lena mbaineann ag teacht isteach san Aontas ar phraghsanna dumpáilte agus gur cosúil go raibh díobháil ábhartha á déanamh do tháirgeoirí an Aontais dá bharr. Suíodh na gnéithe sin ar bhonn na fianaise ab fhearr a bhí ar fáil don ghearánach an tráth sin, agus bhí siad ionadaíoch agus iontaofa go leor. Thairis sin, maidir leis na maíomh eile arna gcur chun cinn ag Dika, údaráis Mharacó agus ACEA, rinneadh grinnscrúdú orthu le linn an imscrúdaithe, agus pléitear a thuilleadh iad thíos. |
(28) |
Ar bhonn an mhéid thuas, dheimhnigh an Coimisiún gur leor an fhianaise a chuir an gearánach ar fáil faoi dhumpáil, díobháil agus nasc cúisíochta sa chaoi gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán. |
1.5. Sampláil
(29) |
San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
1.5.1. Sampláil na dtáirgeoirí de chuid an Aontais
(30) |
Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún sampla cinntitheach de thrí thairgeoir de chuid an Aontais. De bhun Airteagal 17 den bhun-Rialachán, an critéar a úsáideadh le haghaidh roghnú an tsampla, ba iad na cainníochtaí ionadaíocha is mó de tháirgeacht an táirge chomhchosúil san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i.e. 1 Deireadh Fómhair 2020-30 Meán Fómhair 2021. Bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sealadach sin, agus iad lonnaithe i dtrí Bhallstát éagsúla. Bhí beagnach 20 % de chainníocht táirgeachta iomlán den táirge comhchosúil san Aontas i gceist leis an sampla, agus áirithíonn sé raon maith geografach. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach agus ní bhfuair sé aon bharúil uathu. |
1.5.2. Sampláil na n-allmhaireoirí
(31) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. |
(32) |
Níor sholáthair aon cheann de na hallmhaireoirí neamhghaolmhara amháin an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. |
1.5.3. Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin i Maracó
(33) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, más amhlaidh atá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin i Maracó an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Misean Ríocht Mharacó táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú. |
(34) |
Níor sholáthair ach dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann, a dhéanann beagnach na hallmhairí ARW go léir ó Mharacó, an fhaisnéis a iarradh. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, nach raibh gá le sampláil. |
1.6. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
(35) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig trí tháirgeoir de chuid an Aontais, chuig an ngearánach, chuig dhá úsáideoir aitheanta, agus chuig dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (7) an lá a tionscnaíodh iad. |
(36) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dumpáil, leis an díobháil agus maidir le leas an Aontais. I bhfianaise ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin arna gcur i bhfeidhm ag tíortha éagsúla, níor fhéad an Coimisiún na cuairteanna fíorúcháin go léir a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán.
|
(37) |
Sa bhreis air sin, i gcomhréir lena bhFógra faoi iarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (9), rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda i ndáil le cuideachta ghaolmhar Dika CITIC Dicastal Co., Ltd (“CITIC”) agus táirgeoir amháin de chuid an Aontais. |
1.7. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
(38) |
Cumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 (“an tréimhse imscrúdúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an díobháil, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”). |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge lena mbaineann
(39) |
Is éard atá sa táirge lena mbaineann rothaí bóthair alúmanaim de chuid mótarfheithiclí faoi cheannteidil HS 8701 go 8705, bíodh siad lena n-oiriúintí nó ná bíodh, agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, de thionscnamh Mharacó, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050) (“an táirge lena mbaineann”). |
(40) |
Go hiondúil díoltar rothaí bóthair alúmanaim san Aontas trí dhá chainéal dáileacháin díola: chuig OEM, ar monaróirí gluaisteán iad go príomha, agus chuig an margadh iardhíola, a bhfuil dáileoirí, miondíoltóirí, siopaí deisithe etc. i gceist leis. Díoladh an táirge lena mbaineann ó Mharacó trí chainéal OEM amháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Sa chainéal dáileachán OEM, eagraíonn monaróirí gluaisteán nósanna imeachta tairisceana le haghaidh ARW agus is minic a bhíonn baint acu leis an bpróiseas chun roth nua a fhorbairt, rud a bhaineann lena mbranda. Is féidir le táirgeoirí de chuid an Aontais agus táirgeoirí de chuid Mharacó araon dul san iomaíocht le haghaidh na dtairiscintí céanna. |
2.2. An táirge comhchosúil
(41) |
Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na úsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:
|
(42) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. DUMPÁIL
3.1. Maracó
3.1.1. Comhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin
(43) |
Mar a leagtar amach in aithris (34) thuas, tháinig dhá tháirgeoir onnmhairiúchán ó Mharacó, Dika agus Hands, chun cinn agus thug siad freagraí ar an gceistneoir. Tá cuideachta ghaolmhar ag Dika, CITIC, ar táirgeoir ARW Síneach é. Ceannaíonn CITIC ARW ó Dika agus díolann sé é leis an Aontas, le Maracó agus le tríú tíortha. Le linn na cros-seiceálacha cianda le CITIC, aimsíodh roinnt earráidí a chaith amhras ar iontaofacht na liostuithe díolachán AE agus intíre. Bhain na hearráidí go príomha leis na difríochtaí idir na praghsanna a taifeadadh sna liostuithe díolachán, na praghsanna ar na sonraisc agus na méideanna iarbhír a íocadh. |
(44) |
An 1 Aibreán 2022, le linn an fhíorúcháin ar an láthair ag Dika, tar éis na cros-seiceálacha cianda le CITIC a thabhairt i gcrích, sholáthair an chuideachta leagan athbhreithnithe de na liostuithe díolachán, lena n-áirítear míniú ar na neamhréireachtaí a aimsíodh. An tráth sin, níor fágadh aon deis na liostuithe díolachán athbhreithnithe a fhíorú ná a chros-seiceáil. Sa bhreis air sin, léirigh réamhsheiceáil ar na sonraí nua a cuireadh isteach nár réitigh na hathbhreithnithe a rinne an chuideachta na neamhréireachtaí uile a luadh le linn na cros-seiceálacha cianda, agus go raibh an líon iomlán athbhreithnithe i bhfad ní b’airde ná mar a raibh coinne leis ar bhonn na cros-seiceálacha cianda. I ngeall ar chineál agus líon na mbotún, a raibh cuid acu fós ann tar éis an athbhreithnithe, ní raibh an Coimisiún in ann brath ar iontaofacht na liostuithe díolachán. Dá bhrí sin, an fhaisnéis ba ghá le corrlach dumpála a shocrú le haghaidh na cuideachta, ní raibh an Coimisiún in ann í a fhíorú. |
(45) |
I gcomhréir le hAirteagal 18(4) den bhun-Rialachán, le litir an 5 Bealtaine 2022, cuireadh in iúl do Dika agus a chuideachta ghaolmhar go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil agus tugadh deis dóibh mínithe breise a thabhairt (“litir Airteagal 18”). |
(46) |
Thug an chuideachta freagra ar an litir ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2022. Sa fhreagra uaidh, mhínigh an chuideachta gur thaifead sé a dhíolacháin sna liostaithe díolachán i gcomhréir lena phrionsabail chuntasaíochta. Dá bhrí sin, mhaígh an chuideachta gur, i gcontrárthacht leis na ráitis a rinneadh le linn na cros-seiceálacha cianda agus na cuairte fíorúcháin ar an láthair, ba iomlán agus ba chruinn iad na liostuithe díolachán bunaidh, d’fhéadfaí iad a réiteach le córas cuntasaíochta SAP na cuideachta, ní raibh aon earráid iontu agus ní raibh aon athbhreithniú ag teastáil ina leith. Mar a tharlaíonn sé, na hathbhreithnithe a rinne an chuideachta tar éis na seiceálacha cros-seiceálacha, líomhnaíodh nár cuireadh iad ar fáil don Choimisiún ach amháin chun comhoibriú iomlán CITIC leis an imscrúdú a léiriú. Dá bhrí sin, shonraigh an chuideachta gur cheart don Choimisiún an leagan bunaidh neamh-athbhreithnithe de na liostuithe díolachán a úsáid. De rogha air sin, shonraigh an chuideachta go bhféadfadh an Coimisiún na liostuithe díolachán athbhreithnithe arna soláthar leis an litir a úsáid, ó tharla gur líomhnaíodh nach raibh na heasnaimh chomh mór sin go gcruthódh siad deacracht mhíchuí ó thaobh toradh réasúnta cruinn a shuí. Bhí na liostuithe díolachán sin cosúil leis na liostuithe a soláthraíodh le linn an fhíorúcháin ar an láthair, ach bhí sonraí a bhí in easnamh roimhe seo curtha leo, ceartaíodh roinnt earráidí a bhí iontu agus soláthraíodh mínithe breise ina leith. Mar sin féin, bhí roinnt earráidí fós ann, i gcás roinnt idirbheart, níor soláthraíodh fós an méid iarbhír a fuarthas agus ní raibh sé d’acmhainn ag an gCoimisiún na liostuithe díolachán athbhreithnithe arna soláthar le freagra na cuideachta ar litir Airteagal 18 a chros-seiceáil ná a fhíorú. Shonraigh an chuideachta freisin gur i gcás ina n-éileodh an gCoimisiún go gcuirfí Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm, ba cheart dó ráitis airgeadais CITIC a úsáid mar fíorais pháirteacha atá ar fáil. |
(47) |
Níor aontaigh an Coimisiún leis na hargóintí a thug an chuideachta ina freagra ar a litir Airteagal 18. Ba shoiléir sa cheistneoir frithdhumpála le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúchán gur iarradh na liostuithe díolachán a chur ar fáil de réir idirbhearta ar leith. Léiríonn teimpléid na dtáblaí a soláthraíodh leis an gceistneoir go bhfuil sé lánsoiléir go n-iarrtar na sonraí faoi mar a taifeadadh ar an sonrasc iad (cainníocht sonrasc, luach sonrasc, nótaí creidmheasa gaolmhara etc.). D’admháil an chuideachta féin nár chomhlán siad na liostuithe díolachán de réir na sonrasc. Os a choinne sin, chomhlán siad é ar bhonn a gcuid nósanna imeachta cuntasaíochta féin. Sa bhreis air sin, mhaígh an chuideachta go ndéantar aon difríocht idir an luach sonraisc agus an praghas iarbhír a fuarthas a thaifead go hiondúil mar lascaine, lacáiste, nóta creidmheasa nó ar bhealach eile sna liostuithe díolacháin. Mar sin féin, suíodh nach raibh na difríochtaí sin léirithe go córasach i liostuithe díolacháin na cuideachta. |
(48) |
Mar a luaitear thuas in aithris (44), níorbh fhéidir na liostuithe díolacháin athbhreithnithe a chros-seiceáil nó a fhíorú ar bhealach tráthúil. Mar a mhínítear don chuideachta sa litir a seoladh roimh na cros-seiceálacha cianda agus roimh an litir fíorúcháin a seoladh an 11 Márta 2022 agus i gcomhréir leis an bhFógra ar iarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, (10) ba é cuspóir na cros-seiceálacha cianda dearbhuithe a fháil maidir leis an bhfaisnéis a sholáthair an chuideachta ina freagra ar an gceistneoir. Ní bhfuarthas na dearbhuithe sin le linn na cros-seiceálacha cianda maidir leis na liostuithe díolacháin. Cros-seiceáil chianda bhreise le CITIC, mar a mhol an chuideachta ina fhreagra ar litir Airteagal 18, níor cheart é sin a úsáid mar bhealach chun an easpa tráthúlachta nó na hearráidí a suíodh le linn na cros-seiceálacha cianda a tharla le linn na teorainneacha ama socraithe a leigheas. |
(49) |
Sa bhreis air sin, roinnt athruithe a pléadh le linn na cros-seiceálacha cianda, níor cuireadh san áireamh iad sna táblaí athbhreithnithe. Ina freagra ar litir Airteagal 18, sholáthair an chuideachta liostú díolachán athbhreithnithe nua ina ndearnadh athruithe breise nach bhféadfaí a chros-seiceáil nó a fhíorú ach oiread. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár sholáthair an chuideachta an fhaisnéis a iarraidh le linn teorainneacha ama an imscrúdaithe. An rogha mhalartach a mhol an chuideachta, chuid ráitis airgeadais CITIC a úsáid mar fhíorais pháirteacha atá ar fáil, ní raibh sí inghlactha. Úsáid na ráiteas airgeadais, ní rud é sin a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a shuí de réir an leibhéil mhionsonraithe agus an chruinnis a cheanglaítear leis an mbun-Rialachán, toisc nach ligfidís anailís a dhéanamh ar bhonn táirge ná idirbhirt. |
(50) |
Ó tharla nár sholáthair Dika agus a chuideachta ghaolmhar CITIC an fhaisnéis a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún teacht ar thoradh réasúnta cruinn, sin agus nár cuireadh isteach an fhaisnéis infhíoraithe a d’fhéadfadh an toradh sin a chumasú, chinn an Coimisiún neamhaird a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuir an chuideachta isteach i ndáil leis na liostuithe díolacháin AE agus intíre. Ós rud e go bhfuil an fhaisnéis sin ríthábhachtach ó thaobh gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin a chinneadh, ní raibh sé d’acmhainn ag an gCoimisiún corrlach dumpála aonair a ríomh le haghaidh na cuideachta. |
(51) |
Dá réir sin, rinne an Coimisiún neamhaird go sealadach ar an bhfaisnéis a sholáthair an táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus dheimhnigh sé úsáid na bhfíoras atá ar fáil i ndáil leis an táirgeoir onnmhairiúcháin sin ar bhonn Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán. |
3.1.2. Gnáthluach
(52) |
Mar gheall ar chur i bhfeidhm Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán mar a shonraítear i Roinn 3.1.1 thuas, níor bhain an tuairisc ar ríomh an chorrlaigh dumpála thíos ach amháin leis an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid Mharacó a bhí fágtha, is é sin Hands. |
(53) |
in Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, sonraítear go mbeidh an gnáthluach bunaithe de ghnáth ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir. Mar sin féin, chinn an Coimisiún nach raibh aon díolacháin intíre ag an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch. An líon beag de dhíolacháin ARW le custaiméirí i Maracó le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rinneadh iad le monaróir gluaisteán amháin atá suite i gcrios eacnamaíoch atá saor ó dhleacht (“zone d’accélération industrielle”, ar a dtugadh “zone franche” nó “zone franche d’exportation” roimhe seo), atá cosúil leis an crios eacnamaíoch ina raibh an táirgeoir comhoibríoch lonnaithe. Cheannaigh an monaróir gluaisteán sin ARW lena úsáid chun gluaisteán a chóimeáil. Ina dhiaidh sin, ba é an gluaisteán seachas an ARW a seoladh ón limistéar saor ó dhleacht lena dhíol go hintíre, sin nó lena n-onnmhairiú. Is dóichí nach é an margadh intíre ceann scríbe deiridh an ghluaisteáin áfach. Léirigh staidéar in 2020 go bhfuil an margadh onnmhairiúcháin i ndán do 90 % de na gluaisteáin a mhonaraítear i Maracó (11), rud a bhí comhthacaithe freisin le faisnéis ó mhonaróirí gluaisteán de chuid Mharacó (12). Sa bhreis air sin, faoi Dhlí 19-94 lena rialaítear criosanna saorthrádála, ní mór do chuideachtaí atá lonnaithe sna criosanna sin ar a laghad 70 % de láimhdeachas a fháil ó onnmhairí (13). |
(54) |
Mar a mhínítear thuas, an ARW a dhíol an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch leis an gcustaiméir sin in Maracó, ba dhíol é ó chrios eacnamaíoch amháin go crios eacnamaíoch eile. Tá na cuideachtaí atá lonnaithe sna criosanna sin i Maracó díolmhaithe ó na dleachtanna agus rialacháin chustaim a mbíonn feidhm acu de ghnáth ar chríoch Mharacó, agus meastar gur onnmhairí iad na hearraí a thagann isteach sa chrios eacnamaíoch (14). Ós rud é go dtáirgtear an ARW i gcrios eacnamaíoch, agus go ndéantar é a dhíol agus a sheoladh ina dhiaidh sin chuig crios eacnamaíoch eile, níor tháinig an ARW isteach ar chríoch Mharacó riamh agus dá bhrí sin ní fhéadfaí a mheas gur díol intíre a bhí i gceist. |
(55) |
In aon chás, fiú má measadh gur díolacháin intíre iad na díolacháin leis an gcrios eacnamaíoch saor ó dhleacht i Maracó, ní raibh siad ionadaíoch agus ní dhearnadh iad le linn an ghnáthchúrsa trádála mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán. |
(56) |
I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús féachaint an raibh méid iomlán na ndíolachán intíre don táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch go hiomlán ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Is díolacháin ionadaíocha iad na díolacháin intíre más comhionann é méid iomlán na ndíolachán den táirge comhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre agus ar a laghad 5 % de mhéid iomlán na ndíolachán onnmhairiúcháin a bhí aige den táirge lena mbaineann leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an mbonn sin, na díolacháin a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch i Maracó, ní díolacháin ionadaíocha a bhí iontu. |
(57) |
Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún cion na ndíolachán brabúsach le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh baile le haghaidh gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe chun cinneadh a dhéanamh cé acu na fíor-dhíolacháin bhaile a úsáid nó gan iad a úsáid chun gnáthluach gach cineáil táirge a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. Léirigh an anailís ar dhíolacháin intíre nach raibh brabús ag baint le haon cheann de na díolacháin intíre agus dá bhrí sin ní dhearnadh iad linn an ghnáthchúrsa trádála. |
(58) |
Ó tharla nach raibh aon díolachán den táirge comhchosúil le linn an ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán. |
(59) |
In Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán, sonraítear nuair nach ann d’aon díolachán intíre le linn an ghnáthchúrsa trádála, déanfar gnáthluach an táirge chomhchosúil a ríomh ar bhonn an chostais táirgthe sa tír thionscnamh agus beidh méid réasúnta le haghaidh costais díola, riaracháin agus ghinearálta (“costais SGA”) agus le haghaidh brabúis curtha leis. Luaitear go soiléir in Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán go mbeidh an brabús bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus le díolachán an táirge chomhchosúil, le linn an ghnáthchúrsa trádála, ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú. Mar sin féin, ó tharla nach ndearna Hands aon díolachán an táirge chomhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála, mar a mhínítear thuas, foráiltear le hAirteagal 2(6) den bhun-Rialachán maidir le trí mhodh mhalartacha:
|
(60) |
Maidir le hAirteagal 2(6), pointe (a), ní raibh ach aon táirgeoir onnmhairiúcháin ARW amháin eile in Maracó, Dika. Dhíol Dika a ARW go léir i Maracó freisin le monaróirí a bhí lonnaithe i gcriosanna eacnamaíocha. Mar a mhínítear thuas in aithrisí (53) agus (54), níor measadh gur díolacháin intíre a bhí sna díolacháin sin. Sa bhreis air sin, an meán dá dtagraítear in Airteagal 2(6), pointe (a), ní mór gur meán ualaithe de ar a laghad dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin atá ann (15). Dá bhrí sin, níorbh fhéidir sonraí Dika a úsáid, fiú dá measfaí go raibh a dhíolacháin iontaofa. Da bhrí sin, níorbh fhéidir Airteagal 2(6), pointe (a), a chur i bhfeidhm. |
(61) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(6), pointe (b), táirgeadh agus díolacháin na dtáirgí den chatagóir ghinearálta chéanna, le linn an ghnáthchúrsa trádála, i gcás an onnmhaireora nó an táirgeora i dtrácht, ar an margadh intíre. Níor tháirg Hands ach ARW amháin áfach, agus ní dhearnadh aon cheann dá gcuid díolachán le linn na gnáthchúrsa trádála. Da bhrí sin, níorbh fhéidir Airteagal 2(6), pointe (b), a chur i bhfeidhm ach oiread. |
(62) |
Tagraíonn Airteagal 2(6), pointe (c), do “aon mhodh réasúnta eile” chun costais SGA agus brabús a shuí. In éagmais aon táirgeoir eile ARW i Maracó, mheas an Coimisiún go raibh sé réasúnta na costais SGA agus brabús arna suí le haghaidh táirgeoirí ARW sa Bhrasaíl a chur i bhfeidhm. Moladh an Bhrasaíl mar thír ionadaíoch iomchuí san iarraidh ar athbhreithniú a bhí mar bhonn leis an imscrúdú athbhreithniúcháin éaga maidir le ARW ón tSín atá ar siúl faoi láthair (16). Ba é 11,49 % na meánchostais SGA ualaithe a suíodh, agus ba é 4,89 % an meánbhrabús ualaithe |
(63) |
Le hAirteagal 2(6), pointe (c), tá sé d’oibleagáid freisin uasteorainn a chur leis an mbrabús a úsáidtear faoin modheolaíocht seo chun a áirithiú nach mó an brabús a úsáidtear ná an brabús a bhaineann onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile amach de ghnáth ó dhíolacháin táirgí den chatagóir ghinearálta chéanna ar margadh intíre na tíre tionscnaimh. Ní raibh aon táirgeoirí ARW eile de chuid Mharacó seachas Dika agus Hands, nárbh fhéidir a mbrabús a úsáid toisc nach raibh aon díolachán acu ar mhargadh intíre Mharacó. Sa bhreis air sin, ní raibh aon faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir leis an mbrabús a fhaigheann táirgeoirí nó onnmhaireoirí féideartha i mbun páirteanna alúmanaim gluaisteán nó aon táirge alúmanaim a bhaineann leis an tionscal gluaisteán i Maracó. |
(64) |
Mheas an Coimisiún go raibh ARW sa chatagóir ghinearálta chéanna agus táirgí alúmanaim eile amhail easbhrúnna alúmanaim nó próifílí alúmanaim. Úsáideann na táirgí den chineál sin an príomh-amhábhar céanna (alúmanam), a bhfuil an phríomhchuid de chostais táirgthe na dtáirgí sin i gceist leis. Sa bhreis air sin, is éard atá i gceist leis na próisis táirgthe éagsúla, an t-alúmanam a leá nó a théamh chun é a mhúnlú san fhoirm atá ag teastáil. Bhí 4,16 % i gceist leis an meánbhrabús ualaithe a bhain na seacht dtáirgeoir ó Mharacó a tháirgeann táirgí alúmanaim amach, táirgeoirí a raibh sonraí airgeadais le haghaidh 2020 ar fáil ina leith. Úsáideadh an céatadán sin mar uasteorainn don bhrabús le haghaidh tháirgeoirí ARW na Brasaíle. |
(65) |
Ríomhadh an gnáthluach ansin trí chostais SGA agus brabús na Brasaíle dá dtagraítear in aithris (62) a chur le costais táirgthe Hands, ach uasteorainn 4,16 % curtha leo. |
3.1.3. An praghas onnmhairiúcháin
(66) |
D’onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha, sin nó trí chuideachta ghaolmhar a bhí ag feidhmiú mar allmhaireoir. |
(67) |
Maidir le díolacháin a dhéantar go díreach le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
(68) |
I gcás na ndíolachán a onnmhairíodh chuig an Aontas trí chuideachta ghaolmhar bhí ag gníomhú mar allmhaireoir, is ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas a suíodh an praghas onnmhairiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas maidir le gach costas a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus brabúis a fabhraíodh. Bunaidh na brabúis ar na cinn a bhain allmhaireoirí neamhghaolmhara amach de ghnáth, ó tharla gur measadh nach iontaofa é brabús iarbhír an allmhaireora ghaolmhara mar gheall ar an gcaidreamh idir an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch agus an t-allmhaireoir gaolmhar. Ós rud é nár chomhoibrigh aon onnmhaireoir neamhghaolmhar leis an gCoimisiún san imscrúdú seo, d’úsáid an Coimisiún an brabús a suíodh san imscrúdú athbhreithniúcháin éaga is deireanaí a rinneadh maidir le ARW ón tSín (17). |
3.1.4. Comparáid
(69) |
Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus na praghsanna onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. |
(70) |
I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin de réir na ndifríochtaí a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den Bhunrialachán. Rinneadh coigeartuithe ar iompar, árachas, láimhseáil agus luchtú, speansais phacála, costais chreidmheasa, lacáistí agus liúntais eile. |
3.1.5. Corrlach dumpála
(71) |
Maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe ar chineál comhfhreagrach an táirge lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
(72) |
I gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin eile sa tSín, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus cainníocht onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh ina chion de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, a suíodh ar bhonn bhunachar sonraí Eurostat Comext. |
(73) |
Mar a mhínítear i Roinn 3.1.1 thuas, ní raibh ach aon táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch de chuid Mharacó ann. Ós rud é gur lú 50 % d’allmhairí iomlán ARW an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin onnmhairí ARW na cuideachta sin, measadh o raibh leibhéal an chomhair íseal sa chás seo. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún go raibh sé iomchuí an corrlach dumpála iarmharach a shuí ar leibhéal an chorrlaigh dumpála is airde a fuarthas le haghaidh cineálacha táirgí arna ndíol i gcainníochtaí ionadaíocha ag an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch. Díolacháin onnmhairiúcháin na gcineálacha táirgí sin, bhí thart ar 50 % de mhéid iomlán na n-allmhairí a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch leis an Aontais i gceist leo. |
(74) |
Is mar seo a leanas atá na corrlaigh shealadacha dumpála, arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, an dleacht neamhíoctha:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
(75) |
Rinne thart ar 30 táirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
(76) |
Measadh go raibh thart ar 64,3 milliún ítim i gceist le táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir leis an tionscal de chuid an Aontais, amhail an freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch a sholáthair an gearánach. Mar a léirítear in aithris (30), is éard a bhí i gceist leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, 20 % de chainníocht táirgeachta iomlán tháirgeoirí aitheanta an Aontais a dhéanann an táirge comhchosúil. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
(77) |
Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar seo a leanas: Tábla 1 Tomhaltas an Aontais (ítimí)
|
(78) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn dhíolacháin iomlán thionscal an Aontais san Aontas, móide allmhairí ó thríú tíortha isteach san Aontas. Fuarthas díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais ón ngearán, agus rinneadh iad a choigeartú ar bhonn na sonraí a soláthraíodh sna freagraí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin. I gcás allmhairí, bhraith an Coimisiún ar bhunachar sonraí Eurostat Comext. Mar sin féin, ó tharla nach soláthraíonn bunachar Sonraí Eurostat Comext ach meáchan na n-allmhairí seachas líon na n-ítimí ARW a allmhairíodh, ba ghá an meáchan a thiontú ina n-ítimí. Sa ghearán, bhain an gearánach feidhm as an gcóimheas comhshó a úsáideadh sa imscrúdú deireanach ar an táirge céanna (18) (i.e. 10,9 kg in aghaidh na hítime). Fíoraíodh bailíocht an chóimheasa comhshó sin ar bhonn na bhfreagraí a thug táirgeoirí Mharacó agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Léirigh an t-imscrúdú gur 11,3 kg atá sa mheánmheáchan ualaithe in aghaidh na hítime is infheidhme faoi láthair toisc go bhfuil treocht an mhargaidh ag dul i dtreo trastomhas rotha níos mó, rud a fhágann go bhfuil méadú ar an meáchan in aghaidh an rotha. Dá bhrí sin, úsáideadh an cóimheas sin nuair a bhí tomhaltas an Aontais in aghaidh na hítime á shuí. |
(79) |
Mar a mhínítear in aithris (16) thuas, tá margadh an Aontais roinnte go míchothrom idir dhá chainéal dáileacháin, i.e. OEM agus AM. Baineann formhór na ndíolachán le cainéal OEM a bhfuil 90 % den sciar den mhargadh aige. Dá bhrí sin, an cainéal AM a bhfuil thart ar 10 % de na díolacháin aige, níl tionchar mór aige ar an measúnú foriomlán ar mhargadh an Aontais. Tá a thionchar teoranta thairis sin toisc go raibh táirgeoirí Mharacó ag díol trí chainéal OEM amháin, rud ab amhlaidh freisin i gcás na dtrí thairgeoir shampláilte de chuid an Aontais. Dhíol na táirgeoirí sin beagnach go heisiach trí chainéal OEM (thart ar 99,6 % dá gcuid díolachán). Dá thoradh sin, ní raibh aon tionchar aige sin ar anailís ar chomparáid praghsanna sa chás i dtrácht, rud a dhéantar ar leibhéal maicreacnamaíoch ar bhonn na sonraí a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Dá réir sin, chinn an Coimisiún go sealadach gan an tomhaltas a roinnt idir an dhá chainéal díolacháin chun críoch an imscrúdaithe seo. |
(80) |
Tháinig laghdú 5 % ar thomhaltas aon Aontais idir 2018 agus 2019 agus tháinig laghdú 19 % air idir 2019 agus 2020. In 2020, bhí laghdú 4,2 milliún feithicil i gceist le táirgeacht an tionscail gluaisteán i ngeall ar phaindéim COVID-19, agus dá bhrí sin bhí tionchar díreach ar sholáthróirí réamhtheachtach toisc go raibh laghdú 14 mhilliún ar dhíolacháin ARW in 2020 i gcomparáid le 2019. Ba mhór an t-ísliú sa táirgeacht sa dara ráithe de 2020, ach théarnaigh an margadh sna míonna ina dhiaidh sin. D’aisghabháil an margadh 5 mhilliún roth ó 59 in 2020 go dtí 64 mhilliún le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níor shroich an tomhaltas leibhéal 2019 áfach mar gheall ar an nganntanas leathsheoltóirí a úsáideann déantóirí gluaisteán. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Cainníocht agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
(81) |
Shuigh an Coimisiún cainníocht na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí Eurostat Comext. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn an sciar de thomhaltas iomlán an Aontais a léirigh na hallmhairí sin. |
(82) |
Seo a leanas mar a bhí forbairt na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 2 Cainníocht na n-allmhairí (ítimí) agus an sciar den mhargadh
|
(83) |
Cé gur onnmhairigh Maracó cúpla míle ítim in 2019, cuireadh dlús leis na honnmhairí in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ó 1 mhilliún go dtí 2,5 milliún ítim. Cuireadh in iúl sa Rialachán maidir gur sna míonna tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin, bhí an fás fós ag an ráta céanna agus a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin. Mar a mhínítear in aithris (79) thuas, bhain na díolacháin sin le cainéal díolachán OEM amháin. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann: sladghearradh praghais agus srianadh praghsanna
(84) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí Eurostat Comext. Bunaíodh gearradh praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha agus ó tháirgeoirí comhoibríocha an Aontais. |
(85) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 3 Meánphraghsanna onnmhairiúcháin ó Mharacó
|
(86) |
Tháinig méadú thart ar EUR 2 ar an meánphraghas allmhairiúcháin in aghaidh na hítime ó Mharacó idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, tá cuid den phraghas díola innéacsaithe leis an bpraghas alúmanaim ar Mhalartán Miotail Londan (“LME”) ar tháinig méadú suntasach air, is é sin 25 %, le linn na tréimhse sin. |
(87) |
Rinne an Coimisiún amach an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdaithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid: |
(88) |
na meánphraghsanna díolachán ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh go díreach ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir an leibhéil díreach ón monarcha; agus |
(89) |
meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh chineál táirge na n-allmhairí ó Hands amháin chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna suí ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), mar aon le coigeartuithe iomchuí de bharr dleachtanna custaim agus chostais iar-allmhairiúcháin. |
(90) |
Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineál ar chineál maidir le hidirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirigh sé go raibh meánchorrlach sladghearrtha ualaigh 26,9 % ag na hallmhairí ar mhargadh an Aontais. |
(91) |
Sa bhreis air sin, shuigh an Coimisiún go raibh ann do shochtadh praghsanna. Go deimhin, mar a léirítear i dTábla 7, bhí tionscal an Aontais ag díol de réir costais táirgthe in 2020 agus faoi bhun costais táirgthe sa tréimhse imscrúdúcháin. Sin na blianta a tháinig na hallmhairí dumpáilte go mór ar an bhfód agus nuair a chaill tionscal an Aontais cuid dá sciar den mhargadh. Ar an gcaoi sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann a bpraghsanna díola a mhéadú mar gheall ar praghsanna allmhairiúcháin ísle na n-allmhairí dumpáilte, rud a d’fhág go raibh caillteanais acu le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.4.1. Barúlacha ginearálta
(92) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, chuimsigh an scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
(93) |
Mar a luaitear in aithris (30), baineadh úsáid as sampláil chun a dheimhniú ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais. |
(94) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sa fhreagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch. Na sonraí a bhaineann leis na táirgeoirí uile de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Suíodh go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
(95) |
Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, cainníocht na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana. |
(96) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna na n-ítimí, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú. |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.4.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
(97) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 4 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(98) |
Ar an iomlán, tháinig laghdú ar chainníocht táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú beag 4 % uirthi le linn 2018 agus 2019. Le paindéim COVID-19, tháinig laghdú 12,3 milliún ítim uirthi in 2020 agus théarnaigh sí faoi 4 mhilliún ítim sa tréimhse imscrúdúcháin. |
(99) |
Cé gur tháinig laghdú 2 % ar acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais, lean an acmhainneacht úsáidte an treocht dhiúltach chéanna a bhí ag an táirgeacht agus ba é 15 % an laghdú a tháinig air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.4.2.2. Cainníocht na ndíolachán agus an sciar den mhargadh
(100) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar chainníocht díolachán thionscal an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 Cainníocht na ndíolachán agus an sciar den mhargadh
|
(101) |
Tháinig laghdú 21 % ar chainníocht dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 3 % uirthi idir 2018 agus 2019 agus tháinig ísliú 12 mhilliún ítim uirthi in 2020. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, théarnaigh na díolacháin faoi 2,2 milliún ítim. |
(102) |
Tháinig méadú beag ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais idir 2018-2019, tháinig laghdú air in 2020, agus laghdaigh sé fós sa tréimhse imscrúdúcháin. |
4.4.2.3. Fostaíocht agus táirgiúlacht
(103) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(104) |
Cé gur tháinig méadú 6 % ar an líon fostaithe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 13 % ar tháirgiúlacht. Is é an laghdú ar chainníocht na táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú is cúis leis an meath ar tháirgiúlacht den chuid is mó. Léiríonn an meath ar tháirgiúlacht go bhfuil costais saothair in aghaidh na hítime ARW a tháirgtear ag dul i méid. |
4.4.2.4. Fás
(105) |
Mar a mhínítear i Ranna 4.4.2.1 go 4.4.2.3 a luaitear thuas, tháinig laghdú 18 % agus 16 % faoi seach ar chainníocht na táirgeachta agus ar úsáid acmhainneachta ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, as ar eascair costais sheasta níos airde in aghaidh an aonaid táirgthe agus táirgiúlacht níos ísle. Tháinig méadú 1,7 €/ítim (+ 3,4 %) ar chostais iomlána an tionscail le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, tháinig laghdú 3,3 €/ítim (– 6,1 %) ar meánphraghas díola an Aontais. |
(106) |
Thairis sin, tháinig laghdú 21 % ar an gcainníocht díolachán ar mhargadh an Aontais agus laghdú 5 % ar an sciar den mhargadh idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Ar an gcaoi sin, tháinig meath ar fheidhmíocht airgeadais thionscal an Aontais. Mar a mhínítear i Roinn 4.4.3.1 thíos, bhí costas níos airde táirgthe i ndán dó agus ní raibh sé in ann a phraghsanna díolachán a choigeartú dá réir. |
(107) |
Dá bhrí sin, tá peirspictíochtaí fáis thionscal an Aontais i mbaol. |
4.4.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana
(108) |
Bhí gach corrlach dumpála i bhfad níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba shubstaintiúil an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar an tionscal de chuid an Aontais, i bhfianaise chainníocht agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann. |
(109) |
Tá ARW faoi réir bearta frithdhumpála in aghaidh na Síne a forchuireadh in 2010 (19). San athbhreithniú éaga deireanach (20), ba é conclúid an Choimisiún nach raibh díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais a thuilleadh agus ar an gcaoi sin gur théarnaigh sé ón dumpáil a rinneadh roimhe sin. Deimhnítear é sin in 2018 agus 2019 nuair a tháinig feabhas suntasach ar staid airgeadais thionscal an Aontais, sin sular thosaigh na hallmhairí ó Mharacó ag teacht agus sular tháinig méadú suntasach orthu ina dhiaidh sin, |
(110) |
Dá réir sin, dheimhnigh an Coimisiún gur théarnaigh tionscal an Aontais ón dumpáil a rinneadh roimhe sin mar gheall ar allmhairí ón tSín sular tháinig na hallmhairí dumpáilte ó Mharacó isteach i margadh an Aontais. |
4.4.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.4.3.1. Praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna
(111) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh na hítime ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Praghsanna díola san Aontas
|
(112) |
Tháinig laghdú 6 % ar meánphraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú cé gur tháinig méadú 4 % ar an meánchostas táirgthe idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna díola a mhéadú chun costas méadaithe an táirgthe a chumhdach. |
(113) |
Díolacháin an táirge chomhchosúil a rinne tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, bhí siad bunaithe ar conarthaí ilbhliantúla le custaiméirí na monaróirí gluaisteán a shocraigh na cainníochtaí agus na praghsanna. Eagraíonn na monaróirí gluaisteán dianiomaíocht idir na soláthróirí trí bhíthin tairiscintí, agus roghnaíonn siad an dá sholáthróir a tháirgeann na coinníollacha is fearr tar éis roinnt babhtaí iomaíochta ar lena linn nach mór do tháirgeoirí an Aontais iad féin a ailíniú le táirgeoirí Mharacó, i measc táirgeoirí eile, a thairgeann praghsanna ísle. Dá thoradh sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann an méadú ar chostais táirgthe a chur ar aghaidh. Cé go bhfuil corrlach íosta ag tionscal an Aontais chun praghsanna díolacháin a mhéadú i gcomhthéacs praghsanna amhábhar a mhéadú le linn chur i bhfeidhm an chonartha bhliantúil, ba cheart, i bprionsabal, a bheith in ann a phraghsanna díolacháin a mhéadú nuair a dhéanann sé na conarthaí a chaibidliú don bhliain dar gcionn. Mar sin féin, níor éirigh le tionscal an Aontais é sin a dhéanamh le linn na tréimhse a measadh de bharr brú praghsanna ó allmhairí. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, mar a mhínítear i Roinn 4.4.3.4 thíos. |
4.4.3.2. Costais saothair
(114) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
(115) |
Tháinig méadú beag 2 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí de chuid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú beag air in 2019 agus tháinig laghdú 6 % air in 2020, go príomha mar gheall ar an múchadh táirgeachta i ngeall ar phaindéim COVID-19. |
4.4.3.3. Fardail
(116) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Fardail
|
(117) |
Tháinig méadú is mó ná 40 % ar fhardail le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 21 % orthu in 2019, laghdú 12 % in 2020 agus théarnaigh siad faoi + 57 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mar a mhínítear in aithris (113), tá creatchonarthaí bliantúla idir táirgeoirí agus custaiméirí lena socraítear na cainníochtaí agus na praghsanna ina saintréithe ag tionscal ARW san Aontas. Cuirtear na creatchonarthaí i bhfeidhm trí orduithe ceannaigh de réir riachtanais an chustaiméara. Mar thoradh air sin, is féidir le tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a fhardail a phleanáil. Dá bhrí sin, ní príomhtháscaire iad fardail chun feidhmíocht thionscal an Aontais a mheasúnú. |
4.4.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú
(118) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar thoradh ar infheistíochtaí na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Brabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
(119) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. |
(120) |
Tháinig méadú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais idir 2018 agus 2019 ó 7,5 % go dtí 8,2 % ach ansin tháinig laghdú géar air idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin nuair a tuairiscíodh caillteanais (– 1,6 %). Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna díola a mhéadú chun costas méadaithe an táirgthe a chumhdach, agus dá bhrí sin bhí caillteanais aige. |
(121) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus an cumas atá ag táirgeoirí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig laghdú anuas ar threocht an ghlansreafa airgid agus tháinig laghdú mór 72 % uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, bhí deacrachtaí ag tionscal an Aontais a chuid gníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú, ar léiriú breise é ar a staid airgeadais atá imithe in olcas. |
(122) |
Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Lean sé treocht dhiúltach cosúil le brabúsacht agus sreabhadh airgid glan. Laghdaigh an toradh ar infheistíocht go suntasach idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin, agus bhí sé diúltach sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann dóthain brabúis a ghiniúint chun a chuid infheistíochtaí a chumhdach. Go deimhin, choinnigh tionscal an Aontais a infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar gheall den chuid is mó ar an ngá ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus ní raibh sé in ann toradh a fháil ar na hinfheistíochtaí sin. Léirigh forbairt dhiúltach an toraidh ar infheistíocht le linn na tréimhse a measadh tuilleadh gur chuaigh staid airgeadais fhoriomlán thionscal an Aontais in olcas ar bhealach suntasach. |
(123) |
Bhí tionchar ag an staid airgeadais meathlaithe ar chumas tháirgeoirí an Aontais caipiteal a thiomsú. Léirigh an laghdú suntasach ar bhrabúsacht agus ar ghlansreabhadh an airgid thirim go bhfuil ábhair mhóra imní ann a mhéid a bhaineann le staid leachtachta thionscal an Aontais agus maidir lena chumas caipiteal a thiomsú chun a ghníomhaíocht oibriúcháin agus infheistíochtaí riachtanacha a mhaoiniú. |
4.4.4. Conclúid faoi dhíobháil
(124) |
Tháinig meath ginearálta ar tháscairí eacnamaíocha ar an macraileibhéal agus ar an micrileibhéal araon le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
(125) |
Cé gur fhan acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais cobhsaí, tháinig laghdú 16 % ar úsáid acmhainneachta idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin, rud a d’fhág gur airde an costas seasta in aghaidh an tona ARW. De réir na treochta céanna, meastar gur bhfuil meath ar chainníocht díola agus sciar den mhargadh de chuid thionscal an Aontais sa tréimhse faoi bhreathnú. |
(126) |
Chuaigh staid airgeadais thionscal an Aontais in olcas go príomha mar gheall ar chostas méadaithe an táirgthe, rud nach bhféadfaí a chumhdach le méadú comhfhreagrach ar a bpraghsanna díola. |
(127) |
Tháinig laghdú 6 % ar meánphraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cé gur tháinig méadú 9 % ar an meánchostas táirgthe sa tréimhse chéanna. D’fhág an brú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte ar phraghsanna ísle go raibh caillteanais ann ó 2020 i leith, agus bhí sé níos measa le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Cé gur tháinig laghdú 42 % ar ghlaninfheistíochtaí, bhí toradh diúltach ar infheistíochtaí ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí treocht an tsreafa airgid diúltach freisin, rud a chuir isteach ar chumas thionscal an Aontais a chuid oibríochtaí féin a fhéinmhaoiniú. Tháinig laghdú 6 % ar an líon fostaithe le linn na tréimhse céanna; tháinig laghdú 13 % ar an táirgiúlacht, áfach, rud a d’fhág gur airde an costas saothair in aghaidh an tona ARW. |
(128) |
Mar a leagtar amach thuas, tháinig meath suntasach ar tháscairí eacnamaíocha amhail brabúsacht, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíocht le linn na tréimhse atá san áireamh. D’imir sé sin tionchar diúltach ar chumas thionscal an Aontais oibríochtaí féinmhaoinithe a dhéanamh, na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh agus caipiteal a thiomsú, rud a chuir bac ar an bhfás agus fiú bagairt ar a mharthanas. |
(129) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
5. CÚISÍOCHT
(130) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an staid lena fháil amach an ndearnadh díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an cheist arbh fhéidir go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha, arbh fhachtóirí eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, i leith na n-allmhairí dumpáilte. Seo a leanas na fachtóirí sin: allmhairí ó thríú tíortha eile, paindéim COVID-19, éabhlóid chostas an táirgthe, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais agus éifeacht na gconarthaí ilbhliantúla. |
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
5.1.1. Cainníocht agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
(131) |
Scrúdaigh an Coimisiún éabhlóid chainníocht na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus a dtionchar ar thionscal an Aontais mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(2) den bhun-Rialachán. |
(132) |
Lean cainníochtaí na n-allmhairí ón tír lena mbaineann de bheith ag méadú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cainníochtaí ó 16 376 ítim in 2019 go dtí 1 mhilliún ítim in 2020 agus 2,5 milliún ítim sa tréimhse imscrúdúcháin. Lean an méadú suntasach sin le linn phaindéim COVID-19 fiú. |
(133) |
Tháinig méadú ó 0,0 % in 2018 go 3,9 % sa tréimhse imscrúdúcháin ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ó Mharacó. Dá bhrí sin, tá méadú suntasach tagtha ar allmhairí dumpáilte de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán. |
5.1.2. Praghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus éifeachtaí praghais
(134) |
Tháinig méadú 14 % ar meánphraghas allmhairiúcháin na n-allmhairí ó Mharacó idir 2019 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach bhfuil sa mhéid sin ach léiriú páirteach ar mhéadú ar phraghas alúmanaim LME thar an tréimhse chéanna, arb é príomh-amhábhar ARW é. Mar a mhínítear in aithris (90), ba é 8,0 % an méid a ghearr na hallmhairí ó Mharacó faoi phraghsanna thionscal an Aontais. In aon chás, bhrúigh na cainníochtaí móra na n-allmhairí ar phraghsanna ísle praghsanna thionscal an Aontais freisin, toisc go raibh orthu a bpraghsanna a ísliú chun go mbeidís fós iomaíoch, mar a mhínítear in (113), go dtí an pointe nár chumhdaigh na praghsanna na costais táirgthe a thuilleadh. |
5.1.3. Nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó Mharacó agus an díobháil ábhartha a rinneadh do thionscal an Aontais
(135) |
Bhí tionchar diúltach ar staid airgeadais thionscal an Aontais ag cainníochtaí méadaithe na n-allmhairí ó Mharacó mar aon lena meánphraghsanna díola ísle. Thairis sin, brúdh anuas na praghsanna margaidh foriomlána mar gheall ar rannpháirtíochta tháirgeoirí Mharacó sna tairiscintí a d’eagraigh na monaróirí gluaisteán. Ní raibh tionscal an Aontais in ann a bpraghsanna díolacháin a mhéadú d’fhonn costas méadaitheach na n-amhábhar a chur ar aghaidh chuig custaiméirí toisc go raibh iomaíocht éagórach ó allmhairí an táirge lena mbaineann os a chomhair. Ba é straitéis thionscal an Aontais cainníochta táirgeachta agus an sciar an mhargaidh a choinneáil chun na costais sheasta arda a chumhdach chun dochair dá bhrabúsacht. Dá bhrí sin, chuir na hallmhairí ar phraghas íseal ó Mharacó cosc ar mhéaduithe praghsanna i dtionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin ba chúis le srianadh praghsanna. |
(136) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún go sealadach go raibh na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann ina gcúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais, de réir bhrí Airteagal 3(6) den bhun-Rialachán. |
5.2. Tionchair fachtóirí eile
5.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
(137) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar chainníocht na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn a tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Allmhairí ó thríú tíortha
|
(138) |
26,2 % a bhí sa sciar den mhargadh a bhí ag cainníochtaí allmhairiúcháin ó thríú tíortha in 2018 agus 25,5 % a bhí ann sa tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig laghdú 19 % ar chainníocht na n-allmhairí sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus lean a sciar den mhargadh an treocht chéanna go páirteach agus 3 % an laghdú a bhí air. Tháinig méadú 1 % ar mheánphraghas allmhairiúcháin na n-allmhairí sin agus bhí sé ní b’airde i gcomparáid le meánphraghas thionscal an Aontais (+ 12 %) agus i bhfad ní b’airde i gcomparáid leis an meánphraghas allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann (+ 26 %). Ba é an Tuirc an t-aon tír amháin a mhéadaigh a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, is é sin ó 10,3 % go dtí 13,0 %. Mar sin féin, bhí meánphraghsanna na Tuirce beagán níos airde i gcomparáid le praghsanna thionscal an Aontais (+ 1,0 %) agus i bhfad níos airde i gcomparáid le praghsanna allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann (+ 14 %). |
(139) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nár chuir allmhairí ó thríú tíortha eile leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
5.2.2. Paindéim COVID-19
(140) |
In 2020, bhí laghdú 4,2 milliún feithicil i gceist le táirgeacht an tionscail gluaisteán i ngeall ar phaindéim COVID-19, agus dá bhrí sin bhí tionchar díreach ar sholáthróirí réamhtheachtach. Dá réir sin, bhí laghdú 14 mhilliún ar dhíolacháin ARW in 2020 i gcomparáid le 2019. Ba mhór an t-ísliú sa táirgeacht sa dara ráithe de 2020, ach théarnaigh an margadh sna míonna ina dhiaidh sin. D’aisghabháil an margadh 5 mhilliún roth ó 60 in 2020 go dtí 65 mhilliún le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níor shroich an tomhaltas leibhéal 2019 áfach mar gheall ar an nganntanas leathsheoltóirí a úsáideann déantóirí gluaisteán. Ní chun tairbhe do thionscal an Aontais a chuaigh an méadú ar éileamh sa tréimhse imscrúdúcháin, ach d’allmhairí Mharacó go príomha (2,6 milliún allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin agus 4 % den sciar den mhargadh). I dteannta forghabháil ar chainníochtaí díola, chuir allmhairí ó Mharacó brú anuas ar phraghsanna agus chuir siad cosc ar tháirgeoirí de chuid an Aontais an méadú a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, rud a d’fhág go raibh láimhdeachas i bhfad níos lú ann agus níos mó caillteanas fós i gcomparáid le 2020. |
(141) |
I ndáil leis sin, go deimhin, bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar thionscal an Aontais, go háirithe in 2020 nuair a bhí ar láithreáin táirgthe thionscal an Aontais dúnadh ar bhonn sealadach. Mar sin féin, nuair a théarnaigh an margadh tar éis COVID, níor thairbhigh tionscal an Aontais de de bharr na n-allmhairí méadaithe ón tír lena mbaineann ar phraghsanna dumpáilte. |
(142) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nár laghdaigh paindéim COVID-19 an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. |
5.2.3. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
(143) |
Seo a leanas mar a forbraíodh chainníocht na n-onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais
|
(144) |
Bhí 5,6 % den mhéid iomlán táirgeachta a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le díolacháin onnmhairiúcháin le custaiméirí neamhghaolmhar. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, luainigh cainníochtaí na n-allmhairí — tháinig laghdú 38 % orthu i dtús idir 2018 agus 2020 agus mhéadaigh siad ansin le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, tháinig laghdú 21 % ar dhíolacháin onnmhairiúcháin le linn na tréimhse sin. Bhí an praghas onnmhairiúcháin in aghaidh na hítime i bhfad ní b’airde i gcomparáid le praghsanna an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
(145) |
Sa tréimhse imscrúdúcháin, dhíol tionscal an Aontais níos mó ná 95 % dá tháirgeacht ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh an meath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin a bheith ina chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach, i bhfianaise an sciar ard de dhíolacháin an Aontais i gcomparáid le díolacháin onnmhairiúcháin, níor mhaolaigh an éabhlóid sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
5.2.4. Éifeacht na gconarthaí ilbhliantúla agus éabhlóid an chostais táirgthe
(146) |
Díolacháin an táirge chomhchosúil a rinne tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, bhí siad bunaithe ar conarthaí ilbhliantúla le custaiméirí na monaróirí gluaisteán a shocraíonn na praghsanna fad a bheidh cineál áirithe gluaisteáin á tháirgeadh. Tá corrlach íosta ag tionscal an Aontais chun praghsanna díolacháin a mhéadú i gcomhthéacs praghsanna amhábhar a mhéadú le linn chur i bhfeidhm an chonartha bhliantúil. I bprionsabal, ba cheart do thionscal an Aontais a bheith in ann a phraghsanna díola a mhéadú áfach nuair a dhéanann sé na conarthaí a chaibidliú don bhliain dar gcionn. Mar a mhínítear i Roinn 4.4.3.1 thuas, cé gur tháinig méadú 9 % ar mheánchostas táirgthe thionscal an Aontais idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin, d’fhan meánphraghas díola thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais cobhsaí. |
(147) |
Mar a léirítear i dTábla 7 thuas, in ainneoin na gconarthaí bliantúla, níor dheacair do thionscal an Aontais díol ar phraghsanna a chumhdaigh a chostas táirgthe in 2018 agus 2019 nuair nárbh ann do na hallmhairí ó Mharacó. Mar sin féin, nuair a thosaigh na hallmhairí ag teacht isteach in 2020, agus nuair a tháinig méadú suntasach orthu sa tréimhse imscrúdúcháin, i ngeall ar an mbrú a chuir siad ar phraghsanna, ní raibh tionscal an Aontais in ann a bpraghsanna díola a choigeartú a thuilleadh sna conarthaí bliantúla ba dheireanaí ionas go gcumhdófaí na costais táirgthe a bhí ag dul i méid. Dá thoradh sin, níor ghnóthaigh tionscal an Aontais ach brabúis an-íseal in 2020, agus bhí caillteanais acu le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
(148) |
Dá bhrí sin, an t-aga moille idir an méadú ar chostas na n-amhábhar agus an méadú ar na praghsanna díola mar gheall ar na conarthaí bliantúla, ní cosúil go gcuirfeadh sé cosc ar thionscal an Aontais a phraghsanna díola a chur in oiriúint do chostas méadaitheach an táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún go sealadach nach ndearnadh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a rinneadh a mhaolú trí na praghsanna díolacháin a shocrú i gconarthaí bliantúla. |
5.2.5. Tomhaltas
(149) |
Mhaígh úsáideoirí go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais mar gheall ar chúngú mhargadh ARW an Aontais. |
(150) |
Mar a luaitear in aithris (139), tháinig laghdú 13 mhilliún tona ar thomhaltas an Aontais, is é sin 17 %, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léirigh figiúirí díolacháin an Aontais treocht thomhaltas an Aontais. Mar sin féin, nuair a théarnaigh an tomhaltas sa tréimhse imscrúdúcháin agus nuair a mhéadaigh sé 8 % i gcomparáid le 2020, ní raibh tionscal an Aontais in ann tairbhe a bhaint as mar gheall ar an hallmhairí ó Mharacó. Go deimhin, tháinig laghdú 2,9 pointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, ó 71,7 % in 2020 go dtí 68,8 % sa tréimhse imscrúdúcháin, agus mhéadaigh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ó Mharacó 129 %, ó 1,7 % in 2020 go dtí 3,9 % sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ba é an srianadh praghsanna a chuir na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal i bhfeidhm seachas caillteanas cainníochtaí mar gheall ar laghdú ar thomhaltas a bhí mar chúis le díobháil do thionscal an Aontais. |
(151) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go sealadach nach bhféadfaí cúngú 17 % ar éileamh an mhargaidh a mheas mar chúis díobhála chun an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a rinneadh a mhaolú. |
5.3. An chonclúid maidir le cúisíocht
(152) |
Tharla meath staid airgeadais thionscal an Aontais san am céanna leis an méadú ar chainníochtaí allmhairí ARW ón tír lena mbaineann, iad déanta ar phraghsanna dumpáilte. |
(153) |
Rinne an Coimisiún idirdhealú idir éifeachtaí na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte agus rinne sé iad a scaradh. Breithníodh éifeacht na n-allmhairí ó thríú tíortha eile, paindéim COVID-19, an laghdú ar an éileamh, éabhlóid an chostais táirgthe, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, agus éifeacht na gconarthaí ilbhliantúla. |
(154) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de bharr na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
(155) |
Chun leibhéal na mbeart a dhéanamh amach, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte. |
6.1. Corrlach díobhála
(156) |
Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a fháil trí dhíol ar spriocphraghas de bhrí Airteagal 7(2c) agus (2d) den bhun-Rialachán. |
(157) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a dhéanamh amach, chuir an Coimisiún na fachtóirí seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart don chorrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %. |
(158) |
Mar chéad chéim, bhunaigh an Coimisiún bunbhrabús lena gcumhdaítear na costais iomlána faoi na gnáthdhálaí iomaíochta. Ghlac an Coimisiún an brabús a ghnóthaigh táirgeoirí samplacha an Aontais sular tháinig dlús le hallmhairí éagóracha ó Mharacó agus sular thosaigh na hallmhairí sin ag déanamh díobhála do thionscal an Aontais. Socraíodh an corrlach brabúis sin ar 7,9 %, leibhéal a chomhfhreagraíonn do mheán an bhrabúis a ghnóthaigh tionscal an Aontais sna blianta 2018-2019. |
(159) |
Sholáthair tionscal an Aontais fianaise lena léiriú go mbeadh an leibhéal infheistíochtaí, taighde agus forbartha (T&F) agus an nuálaíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú ní b’airde faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta. Go deimhin, bhí údar maith le maímh thionscal an Aontais. Chun é sin a léiriú sa spriocbhrabús, ríomh an Coimisiún an difríocht idir na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí, T&F agus nuálaíochta (“costais IRI”) faoi ghnáthdhálaí iomaíochta arna soláthar ag tionscal an Aontais agus arna bhfíorú ag an gCoimisiún ar thaobh amháin, agus costais IRI iarbhír le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar an taobh eile. 0,4 % a bhí sa difríocht sin, arna sloinneadh mar chéatadán den láimhdeachais. |
(160) |
An céatadán 0,4 % sin, cuireadh leis an mbunbrabús arna lua in aithris (158) é, is é sin 7,9 %, rud a d’fhág gur 8,3 % a bhís sa spriocbhrabús. |
(161) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascraíonn as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus na Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, go dtabhóidh an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Ar bhonn na bhfianaise a bhí ar fáil, shuigh an Coimisiún costas breise 0,5 EUR/ítim. Cuireadh an costas breise sin leis an bpraghas neamhdhíobhálach a luaitear san aithris thuas. |
(162) |
Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún meánphraghas neamhdhíobhálach ualaithe 55,9 EUR/ítim le haghaidh an táirge chomhchosúil de chuid thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite a chur le costas táirgthe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus ansin na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2d) a chur leis ar bhonn cineál ar chineál. |
(163) |
Rinne an Coimisiún amach ansin leibhéal an chorrlaigh díobhála trí chomparáid a dhéanamh idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, mar atá déanta amach i leith ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhalach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Rinneadh aon difríocht a d’eascair as an gcomparáid sin a shloinneadh mar chéatadán den mheánluach allmhairiúcháin ualaithe maidir le CAL. |
(164) |
Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh “gach cuideachta eile” ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin (féach aithris (73)).
|
7. LEAS AN AONTAIS
7.1. Leas thionscal an Aontais
(165) |
Beidh tionchar dearfach ag bearta frithdhumpála ar tháirgeoirí an Aontais, ós rud é go gcuirfidh bearta ar chumas thionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin a oiriúnú chun costas méadaithe na táirgeachta a chumhdach. Dá bhrí sin, d‘fhillfeadh tionscal an Aontais ar staid inbhuanaithe, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh sé infheistíochtaí a dhéanamh amach anseo, go háirithe chun ceanglais chomhshaoil agus shóisialta a chomhlíonadh. |
(166) |
In éagmais beart, leanfaidh tionscal an Aontais de bheith thíos le díobháil ábhartha agus agus meastar go rachaidh a staid airgeadais in olcas, go háirithe ó thaobh brabúsachta, toradh ar infheistíochtaí agus sreabhadh airgid de, go háirithe ó tharla gur lean an méadú ar allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann tar éis na tréimhse imscrúdúcháin, rud a chuir a inmharthanacht i mbaol. |
7.2. Leas na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí neamhghaolmhara
(167) |
Tráth an tionscnaimh, chuathas i dteagmháil le hallmhaireoirí. Níor chomhoibrigh aon cheann acu leis an imscrúdú seo áfach. |
(168) |
Maidir leis na húsáideoirí, chomhoibrigh dhá mhonaróir gluaisteán agus a gcomhlachas, i.e. na monaróirí gluaisteán (“ACEA”). |
(169) |
Is custaiméirí thionscal ARW an Aontais iad na monaróirí gluaisteán. Is ó thionscal an Aontais cheana féin a fhaigheann siad thart ar 70 % dá riachtanais ARW. Maidir le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann, bhí sciar margaidh 3,9 % acu ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí sciar margaigh 25,5 % ag allmhairí ó thríú tíortha eile, agus bhí praghsanna níos airde acu ná mar bhí ag tionscal an Aontais. Dá réir sin, tá foinsí eile soláthair ag monaróirí gluaisteán sa bhreis ar thionscal an Aontais agus ar Mharacó. Deimhníodh é sin ós rud é go raibh thart ar 30 % den mhéid iomlán ARW a cheannaigh an dá úsáideoir le linn na tréimhse imscrúdúcháin a bhí sna ceannacháin ARW ó Mharacó. Thairis sin, ar bhonn shonraí an dá úsáideoir a thug freagraí ar an gceistneoir, bhain ARW le thart ar 0,5 % dá gcostas táirgthe. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nach bhfuil tionchar mór ag na beart ar ARW i gcás na monaróirí gluaisteán. |
(170) |
Mhaígh ACEA gur fhreastal allmhairí ó Mharacó ar riachtanais straitéiseacha mhonaróirí gluaisteán an Aontais rud nach féidir le táirgeoirí ARW an Aontais a shásamh ós rud é go roghnaíonn siad d’aon ghnó gan a n-acmhainneachtaí táirgeachta a mhéadú. Dá bhrí sin, níl aon rogha ag monaróirí gluaisteán ach a soláthar a éagsúlú, lena n-áirítear brath ar fhoinsí éagsúla allmhairí. |
(171) |
Mar a mhínítear in aithris (40), is soláthróir le haghaidh na monaróirí gluaisteán é tionscal ARW an Aontais agus go mbraitheann a gcuid gníomhaíochta ar na tairiscintí a dheonaíonn na cuideachtaí móra sin. Ainmniú na soláthróirí ARW agus, ar an gcaoi sin, seachadtaí iarbhír na rothaí, sin rud a tharlaíonn blianta roimh tháirgeadh na ngluaisteán, rud a thugann am do thionscal ARW a aschur tionsclaíoch a choigeartú. Más gá, d’fhéadfadh tionscal ARW an Aontais a acmhainneacht a mhéadú ar fhógra réasúnta gearr, toisc nach mbaineann an infheistíocht a iarradh leis na foirnéisí ná leis na bothanna péintéireachta, ach le meaisíní teilgin ar féidir iad a shuiteáil go héasca. Dá bhrí sin, más rud é nach ndearna táirgeoirí ARW an Aontais infheistíocht in acmhainneacht táirgeachta bhreise, easpa conarthaí leordhóthanacha amach anseo ó na monaróirí gluaisteán ba chúis leis sin. Dá bhrí sin, ní raibh dreasacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht bhreise in éagmais méadú intuartha ar an éileamh ar a tháirgeacht. Sa bhreis air sin, 64,31 milliún ítim a bhí i dtomhaltas an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin. 61,29 milliún ítim a bhí in acmhainneach iomlán an Aontais, 48,75 milliún ítim a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin, agus 2,71 milliún ítim a bhí in onnmhairí an Aontais. Dá réir sin, tá acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach ag tionscal an Aontais cheana féin chun éileamh iomlán ARW an Aontais a chumhdach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
(172) |
Mhaígh ACEA nár chomhlíon tionscal ARW an Aontais riachtanais na hacmhainneacht breise a shocraigh na monaróirí gluaisteán (thuairiscigh tionscal an Aontais ardleibhéal úsáide acmhainneachtaí os cionn 95 %) agus go raibh oibleagáid ar mhonaróirí gluaisteán a bhfoinsiú a éagsúlú, go háirithe ó Mharacó. |
(173) |
Luaigh an Coimisiún nár soláthraíodh aon fhianaise a léirigh gur chaill tionscal ARW an Aontais tairiscintí mar gheall ar fhadhb lena acmhainneacht táirgeachta, sin nó nár sholáthair tionscal ARW an Aontais ARW de réir orduithe tráchtála na monaróirí gluaisteán. Sa bhreis air sin, ba é 80 % an acmhainneacht úsáide a suíodh le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
(174) |
Mháigh ACEA gur chuir éifeachtaí phaindéim COVID-19 isteach ar na slabhraí soláthair agus bhí monaróirí gluaisteán buailte go hiomlán ag paindéim COVID-19 agus caillteanas 4,2 milliún feithicle acu, a raibh 22,9 % de tháirgeacht an Aontais in 2019 i gceist leo. Brúdh síos brabúsacht na monaróirí gluaisteán. Bhí tionchar aige sin ar sholáthróirí mótarfheithiclí ar an mbealach céanna. |
(175) |
Luaigh an Coimisiún gur thuairiscigh formhór na monaróirí gluaisteán brabúis le haghaidh na bliana airgeadais 2021, a sháraigh an gnáthchéatadán a tuairiscíodh le linn na mblianta roimhe sin (21). |
(176) |
Níl aon fhaisnéis eile ar comhad a léiríonn go mbeadh tionchar diúltach suntasach ag bearta ar na húsáideoirí ar mó é ná an tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais. |
7.3. Conclúid maidir le leas an Aontais
(177) |
Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nach bhfuil údar láidir ann le ceapadh nach é leas an Aontais é bearta sealadacha a fhorchur ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim de thionscnamh Mharacó le linn na céime seo den imscrúdú. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA
(178) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht, le leibhéal na mbeart agus le leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur ionas nach ndéanfaidh na hallmhairí dumpáilte tuilleadh díobhála do thionscal de chuid an Aontais. |
(179) |
I bhfianaise an mhéid thuas ba cheart na rátaí dleachta frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht chustaim neamhíoctha, a bheith mar a leanas:
|
(180) |
Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú é ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis an gcuideachta sin. Tá an ráta dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag an eintiteas dlítheanach ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
(181) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú sin, ach, chomh maith leis sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
(182) |
Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. |
(183) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
(184) |
Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin. |
(185) |
Is minic a shloinntear staitisticí faoi rothaí bóthair alúmanaim de réir líon na n-ítimí. Mar sin féin, ní shainmhínítear aon aonad forlíontach den chineál sin le haghaidh rothaí bóthair alúmanaim san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (22) maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá ní hamháin an meáchan i gcileagraim nó i dtonaí a chur isteach sa dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta, ach an líon ítimí le haghaidh allmhairí an táirge lena mbaineann freisin. |
9. CLÁRÚ
(186) |
Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an deis ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. |
(187) |
I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart deireadh a chur le clárú na n-allmhairí. |
(188) |
Ní dhearnadh aon chinneadh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le bearta frithdhumpála ag an gcéim seo den nós imeachta. |
10. FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH
(189) |
I gcomhréir le Airteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. Ní bhfuarthas aon bharúil. Barúlacha a thugtar tar éis an réamhnochta maidir le gnéithe eile den imscrúdú, nach bhfuil bainteach le cruinneas na ríomhanna, déanfar iad a mheas ag céim chinntitheach an imscrúdaithe. |
11. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
(190) |
Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún laistigh de sprioc-am seasta. Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. |
(191) |
Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur dleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim faoi cheannteidil 8701 go 8705, bíodh siad lena n-oiriúintí nó ná bíodh, agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050) agus ar de thionscnamh Mharacó iad.
2. Rátaí na dleachta frithdhumpála sealadaí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh siad:
Tír |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála shealadach |
Cód breise TARIC |
Maracó |
HANDS 8 S.A. |
8,0 % |
C873 |
Gach tír eile |
16,5 % |
C999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm an dleachtráta aonair a sonraíodh le haghaidh na cuideachta a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i Maracó. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo”. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Beidh scaoileadh an táirge, dá dtagraítear i mír 1, chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta atá coibhéiseach le méid na dleachta sealadaí a sholáthar.
5. I gcás ina gcuirfear dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta i isteach i ndáil leis an táirge dá dtagraítear i mír 1, cuirfear líon na dtáirgí allmhairithe isteach i réimse ábhartha an dearbhaithe sin, gan dochar don aonad forlíontach atá sainithe san Ainmníocht Chomhcheangailte.
6. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
1. Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin Rialachán seo i scríbhinn faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Scrúdóidh an tOifigeach Éisteachta iarrataí a chuirfear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus féadfaidh an t-oifigeach sin cinneadh a dhéanamh cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar leis na hiarrataí sin, más iomchuí.
Airteagal 3
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934.
2. Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí an tráth a thiocfaidh bearta cinntitheacha féideartha i bhfeidhm, nó go bhfoirceannfar na himeachtaí seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh Airteagal 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí rothar bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó (IO C 464, 17.11.2021, lch. 19).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2022 lena gcuirtear allmhairí de rothaí bóthair alúmanaim áirithe faoi réir clárú (IO L 162, 17.6.2022, lch. 27).
(4) An Coimisiún, How to Make an Anti-Dumping Complaint, A Guide, [Treoir maidir le Conas Gearán Frithdhumpála a Dhéanamh], lgh. 7-8, ach freisin lch. 13, lch. 27, lch. 29, lch. 52, lch. 59 agus lch. 67, atá ar fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2006/december/tradoc_112295.pdf
(5) Idem, lch. 3.
(6) Féach mír 108 den ghearán agus Iarscríbhinn D2 a ghabhann leis.
(7) https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2563.
(8) Mar a mhínítear in aithris (5) thuas, ní thugtar ainmneacha na dtáirgeoirí de chuid an Aontais agus an dá úsáideoir ar chúiseanna rúndachta.
(9) IO C 86, 16.3.2020, lch. 6.
(10) IO C 86, 16.3.2020, lch. 6.
(11) Henri-Louis Vedie, “L’automobile: une filière marocaine stratégique, leader du secteur en Afrique”, An tIonad Beartais le haghaidh an Deiscirt Nua, Páipéar Beartais 20/34, Samhain 2020 (le fáil ar https://www.policycenter.ma/sites/default/files/2021-01/PP%20-%2020-34%20%28Henri-louis%20Vedie%29_0.pdf).
(12) Mar shampla, d’onnmhairigh Group Renault breis agus 95 % dá chuid táirgeachta ag a shuíomh in Tangier (féach https://www.tac.ma/news/english-1m-vehicles-exported-from-tangermed/).
(13) Féach “LA LOI N° 19-94 RELATIVE AUX ZONES FRANCHES D’EXPORTATION”, Bulletin Officiel, 1995-02-15, uimh. 4294, lgh. 117-121.
(14) Féach “LA LOI N° 19-94 RELATIVE AUX ZONES FRANCHES D’EXPORTATION”, Bulletin Officiel, 1995-02-15, uimh. 4294, lgh. 117-121, arna leasú ina dhiaidh sin le dlí 14.21 chun an téarma “zone franche” a athrú go “zone d’accélération industrielle”. Féach freisin “Code des douanes et impôts indirects relevant de l’administration des douanes et impôts indirects approuvé par le dahir portant loi n° 1-77-339 du 25 chaoual 1397 (9 octobre 1977), tel qu’il a été modifié et complete”.
(15) CE — Dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí línéadaigh leapa de chineál cadáis de thionscnamh na hIndia (WT/DS141/R, 30.10.2000, míreanna 74 go 77).
(16) Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 29, 20.1.2022, lch. 34).
(17) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/109 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 24.1.2017, lch. 1.)
(18) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/109.
(19) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 964/2010 ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 282, 28.10.2010, lch. 1).
(20) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/109, aithris (169).
(21) Nóta le haghaidh an chomhaid ar thuarascálacha bliantúla le haghaidh 2021 arna bhfoilsiú ag monaróirí gluaisteán áirithe.
(22) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
CINNTÍ
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/142 |
CINNEADH (AE) 2022/1222 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Iúil 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i dTionól Aontas Speisialta Liospóin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is Páirtí Conarthach é an tAontas Eorpach (“an tAontas”) in Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1) (“Acht na Ginéive”), a tháinig i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020. De bhun Airteagal 21 d’Acht na Ginéive, is comhaltaí iad na Páirtithe Conarthacha ann den Aontas Speisialta (“an tAontas Liospóin”) a bunaíodh le Comhaontú Liospóin maidir le hAinmniúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus maidir lena gClárú go hIdirnáisiúnta (“an Comhaontú Liospóin”). De bhun Airteagal 22(2)(a)(iii) d’Acht na Ginéive, tá na Rialacháin faoi Acht na Ginéive le leasú ag Tionól Aontas Liospóin. |
(2) |
Le teacht i bhfeidhm Acht na Ginéive, léiríodh gur gá féachaint ar leasuithe a dhéanamh ar na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus Acht na Ginéive (“na Comhrialacháin”) chun na nósanna imeachta faoi Chóras Liospóin um Chlárú Idirnáisiúnta Ainmniúcháin Tionscnaimh agus Tásc Geografach (“an Córas Liospóin”) a shimpliú agus a shruthlíniú, lena n-áirítear é d’aidhm aige soiléireacht níos mó a thabhairt d’úsáideoirí Chóras Liospóin. |
(3) |
Le linn Thionóil Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) ón 14 go dtí an 22 Iúil 2022, iarrfar ar Thionól Aontas Liospóin leasuithe a ghlacadh ar na Comhrialacháin. |
(4) |
Sa cheathrú seisiún aici, a bhí ar siúl sa Ghinéiv ón 14 go dtí an 16 Meitheamh 2022, mhol an Mheitheal um Fhorbairt Chóras Liospóin (“an Mheitheal Liospóin”) do Thionól Aontas Liospóin go nglacfaí leasuithe éagsúla ar na Comhrialacháin, mar a mhol Rúnaíocht EDMI agus arna modhnú ag Meitheal Liospóin. |
(5) |
Áirithítear le leasú atá beartaithe ar Riail 7(4)(a) de na Comhrialacháin nach mbeidh ach modhnuithe a bhaineann le Riail 5(2) faoi réir íocaíocht na táille a shonraítear i Riail 8(1)(ii) i ndáil le hainmniúchán tionscnaimh a aistriú ó Chomhaontú Liospóin chuig Acht na Ginéive. D’éascódh an t-oiriúnú sin aontachas stát atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin le hAcht na Ginéive. |
(6) |
Le leasú atá beartaithe ar Riail 8(1)(ii) de na Comhrialacháin chuirfí teorainn leis na táillí i gcás roinnt modhnuithe a cuireadh isteach san iarraidh chéanna go 800 CHF. Chuirfeadh sé sin le mealltacht Chóras Liospóin, agus inbhuanaitheacht airgeadais an chórais á caomhnú ag an am céanna. |
(7) |
Le leasú atá beartaithe ar Riail 9(1)(c) de na Comhrialacháin, shoiléireofaí go bhfuil feidhm ag an bprionsabal ginearálta a leagtar amach inti maidir le gach diúltú a fhaightear i gcomhréir le Riail 9(1)(b), ar ceart é a léamh in éineacht le Riail 9(1)(c). |
(8) |
Leis na leasuithe atá beartaithe ar Riail 15(1)(i) agus (ii) de na Comhrialacháin, chuíchóireofaí an nós imeachta maidir leis an iarraidh ar mhodhnú a iontráil arna cur faoi bhráid Bhiúró Idirnáisiúnta EDMI. |
(9) |
Leis an moladh Riail 15(1)(vi) a scriosadh agus leis an leasú atá beartaithe ar Riail 16(2) de na Comhrialacháin, d’áiritheofaí, sa chás ina ndéanfar tréigean a mhéid a bhaineann le Riail 6(1)(d) a tharraingt siar, a bhaineann le neamhrialtacht i ndáil le ceanglas atá bunaithe ar fhógra arna thabhairt faoi Riail 5(3) nó (4), nó maidir le dearbhú arna dhéanamh faoi Airteagal 7(4) d’Acht na Ginéive, nach gá a thuilleadh táille a íoc le haghaidh modhnú. I gcás tréigean faoi Riail 6(1)(d), beidh tarraingt siar an tréigin faoi réir an neamhrialtacht a cheartú. |
(10) |
Ba cheart do na leasuithe atá beartaithe ar na Comhrialacháin teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023, agus ba cheart dóibh na nósanna imeachta faoi Chóras Liospóin a shimpliú agus a chuíchóiriú agus soiléireacht níos mó a thabhairt dá úsáideoirí, rud a rachaidh le leas úsáideoirí, thairbhithe agus gheallsealbhóirí Chóras Liospóin san Aontas Eorpach. |
(11) |
Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, tacú le glacadh na leasuithe sin. |
(12) |
Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar na seasaimh a chuir na toscaireachtaí in iúl ag an gceathrú seisiún de Mheitheal Liospóin a mhéid a bhaineann le Riail 5(4) de na Comhrialacháin, agus mar chuid de na conclúidí ó chruinniú na Meithle, d’iarr an Cathaoirleach ar thoscaireacht an Aontais togra i scríbhinn a chur faoi bhráid na Meithle in am trátha lena bhreithniú ag an gcéad seisiún eile den Mheitheal. |
(13) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dTionól Aontas Liospóin a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinniú Thionól Aontas Liospóin faoi chuimsiú Thionóil Ghinearálta EDMI ón 14 go dtí an 22 Iúil 2022 tacaíocht a thabhairt do ghlacadh na leasuithe ar na Comhrialacháin mar a leagtar amach i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais teacht ar chomhaontú freisin maidir le modhnuithe ar na leasuithe atá beartaithe, ar choinníoll nach n-athróidh siad an tsubstaint go mór.
Le linn ullmhúcháin don chéad seisiún eile de Mheitheal Liospóin, cuirfidh an tAontas togra i scríbhinn faoi bhráid Rúnaíocht EDMI ina molfar leasuithe ar Riail 5 de na Comhrialacháin, mar a leagtar amach i roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
(1) Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 12).
IARSCRÍBHINN
Roinn 1:
LEASUITHE ATÁ BEARTAITHE ar na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin maidir le hAinmniúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus maidir lena gClárú go hIdirnáisiúnta agus Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Ainmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha
mar a mhol Meitheal EDMI um Chóras Liospóin a Fhorbairt lena ghlacadh ag Aontas Liospóin faoi chuimsiú Thionóil Ghinearálta EDMI 2022:
Sa cheannteideal, cuirtear “mar atá i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023 ” in ionad “mar atá i bhfeidhm an 8 Nollaig 2021 ”.
Caibidil II
Iarratas agus Clárú Idirnáisiúnta
Riail 7
Iontráil sa Chlár Idirnáisiúnta
Airteagail 29(4) agus 31(1) d’Acht na Ginéive a chur chun feidhme
I Riail 7(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (a):
“(a) |
I gcás dhaingniú Acht na Ginéive, nó aontachas leis, ag Stát is páirtí in Acht 1967, beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialacha 5(2) go (4) maidir le cláruithe idirnáisiúnta nó le hainmniúcháin tionscnaimh le héifeacht faoi Acht 1967 i leith an Stáit sin. Déanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta aon mhodhnú a bheidh le déanamh a fhíorú leis an Údarás Inniúil lena mbaineann, i bhfianaise cheanglais Rialacha 3(1) agus 5(2) go (4), chun críoch a gcláraithe faoi Acht na Ginéive agus tabharfaidh sé fógra faoi chláruithe idirnáisiúnta arna ndéanamh do gach Páirtí Conarthach is páirtí in Acht na Ginéive. Beidh modhnuithe a bhaineann le Riail 5(2) faoi réir íoc na táille a shonraítear i Riail 8(1)(ii).”. |
Riail 8
Táillí
Méid na dtáillí
I Riail 8(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):
“(ii) |
táille ar iarraidh ar mhodhnú amháin ar chlárú idirnáisiúnta3 500 táille chomhlántach ar mhodhnú breise nó ar mhodhnuithe breise a cuireadh isteach san iarraidh chéanna 300” |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 3:
“3 |
I gcás clárú idirnáisiúnta a thagraíonn do limistéar geografach atá suite i gceann de na tíortha is lú forbairt (TLF), i gcomhréir leis na liostaí arna mbunú ag na Náisiúin Aontaithe, laghdaítear an táille go 50 faoin gcéad den mhéid forordaithe (arna shlánú go dtí an figiúr iomlán is gaire). Sa chás sin, is é a bheidh sa táille 500 franc Eilvéiseach ar chlárú idirnáisiúnta a thagraíonn do limistéar geografach tionscnaimh atá suite in TLF, 250 franc Eilvéiseach ar mhodhnú amháin ar chlárú idirnáisiúnta a thagraíonn do limistéar geografach tionscnaimh atá lonnaithe in TLF, agus 150 franc Eilvéiseach ar tháille chomhlántach do mhodhnú breise nó do mhodhnuithe breise arna gcur isteach san iarraidh chéanna. Tiocfaidh na laghduithe sin ar tháillí i bhfeidhm 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm Acht na Ginéive.”. |
Caibidil III
Diúltú agus Gníomhaíochtaí Eile i leith Clárú Idirnáisiúnta
Riail 9
Diúltú
Fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta
I Riail 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (c):
“(c) |
Mura léiríonn an tÚdarás Inniúil dá dtagraítear i fomhír (a) a mhalairt, measfar go mbeidh an fógra maidir le clárú idirnáisiúnta dá dtagraítear i bhfomhír (b) faighte ag an Údarás Inniúil 20 lá tar éis an dáta a léirítear san fhógra.”. |
Riail 15
Modhnuithe
Modhnuithe incheadaithe
Leasaítear Riail 15(1) mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
|
2. |
Scriostar pointe (ii). |
3. |
Scriostar pointe (vi). |
Riail 16
Cosaint a Thréigean
Tréigean a tharraingt siar
Leasaítear Riail 16(2) mar a leanas:
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (a):
“(a) |
Maidir le haon tréigean, lena n-áirítear tréigean faoi Riail 6(1)(d), féadfaidh Údarás Inniúil an Pháirtí Chonarthaigh Tionscnaimh nó, i gcás Airteagal 5(3) d’Acht na Ginéive, na tairbhithe nó an duine nádúrtha nó an t-eintiteas dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(ii) den Acht sin nó Údarás Inniúil an Pháirtí Chonarthaigh Tionscnaimh, é a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach, tráth ar bith, faoi réir cheartú na neamhrialtachta i gcás ina ndéanfar tréigean faoi Riail 6(1)(d).” |
Roinn 2:
Seasamh le glacadh sa togra i scríbhinn ina moltar leasuithe ar Riail 5 de na Comhrialacháin:
Caibidil II
Iarratas agus Clárú Idirnáisiúnta
Riail 5
Ceanglais a bhaineann leis an iarratas
I Riail 5, scriostar mír (4).
Réasúnú:
Tá údar leis an scriosadh atá beartaithe a dhéanamh ar Riail 5(4) de na Comhrialacháin (Cur i bhFeidhm a Rialaítear le hAcht na Ginéive – Síniú agus/nó Beartú lena Úsáid) ós rud é go gcomhlíontar agus go bhfíoraítear an ceanglas maidir le síniú cheana tráth an iarratais tosaigh ar chlárú. Sáraíonn na ceanglais a dhearbhú go bhfuil sé beartaithe é a úsáid agus rialú a fheidhmiú ar an úsáid sin na heilimintí lena gcomhdhéantar na hainmniúcháin tionscnaimh nó na tásca geografacha. Cosnaítear ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha ar aon úsáid a sháraíonn na sonraíochtaí a shainaithnítear, fiú mura ndéantar na táirgí lena mbaineann a mhargú sa tír ina mbraitear na húsáidí calaoiseacha. Thairis sin, mar gheall ar a gclárú idirnáisiúnta, ní mór a thoimhdiú go rialófar a n-úsáid laistigh den Pháirtí Conarthach ina dtionscnaíonn siad.
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/147 |
CINNEADH (AE) 2022/1223 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Iúil 2022
a bhaineann le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón gComhphobal a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2008 go 2013, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-CE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh ar na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (1) (an 10ú Comhaontú Inmheánach CEF), agus go háirithe Airteagal 1(5) de,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh ar na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (2) (an 11ú Comhaontú Inmheánach CEF), agus go háirithe Airteagal 1(4) agus (5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá staid na slándála bia ar domhan ag dul in olcas go tapa agus tá na tíortha is lú forbairt agus tríú tíortha ísealioncaim a bhfuil easpa bia orthu i measc na dtíortha a bhfuil difear á dhéanamh dóibh. |
(2) |
Tá EUR 3 bhilliún clársceidealaithe cheana féin faoi cholún geografach na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - an Eoraip Dhomhanda a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). As an méid sin, tá EUR 2,3 billiún clársceidealaithe i dtíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) chun gníomhaíochtaí talmhaíochta, cothaithe, uisce agus sláintíochta a mhaoiniú idir 2021 agus 2024. I bhfianaise mhéid na riachtanas agus na n-iarmhairtí a bhfuil coinne leo, ba cheart acmhainní breise a shlógadh chun tacú leis na tíortha comhpháirtíochta is mó a ndéantar difear dóibh. |
(3) |
Tá an tAontas ar tí an buiséad tosaigh maidir le cabhair dhaonnúil a chur chun feidhme go hiomlán le haghaidh na slándála bia agus na riachtanas gaolmhar i dtíortha ACC a sainaithníodh roimh thús chogadh foghach na Rúise san Úcráin. I bhfianaise dhrochstaid eisceachtúil na slándála bia i dtíortha ACC, ní mór na cistí sin a chomhlánú le hacmhainní iomchuí chun freagairt don ghéarú breise ar na riachtanais dhaonnúla agus chun leanúnachas an chomhair a áirithiú ó dhálaí géarchéime go dálaí seasta le haghaidh forbartha. |
(4) |
Sna Conclúidí uaithi an 24-25 Márta 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt don obair ar an tslándáil bia agus ar an inacmhainneacht bia ar fud an domhain, go háirithe trí thacú leis an tslándáil bia agus leis an talmhaíocht san Úcráin agus sna tríú tíortha is leochailí agus is neamhchosanta. |
(5) |
Sna Conclúidí uaithi an 30-31 Bealtaine 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí cúlchistí ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) a shlógadh chun tacú leis na tíortha comhpháirtíochta is mó atá buailte. |
(6) |
Thacaigh an Chomhairle, sna Conclúidí uaithi an 20 Meitheamh 2022, le freagairt Fhoireann na hEorpa ar neamhshlándáil dhomhanda an tsoláthair bia agus d’iarr sí ar an gCoimisiún, ar an Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt dá dtacaíocht airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil dhomhanda an tsoláthair bia, lena n-áirítear riachtanais dhaonnúla láithreacha, lena gcuimsítear cúnamh airgeadais agus teicniúil do thíortha a allmhairíonn a gcuid bia i gcás inar gá, chomh maith le córais inbhuanaithe bhia sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus táirgeadh áitiúil feabhsaithe ar mhaithe le hathléimneacht níos fearr, féachaint ar na foinsí maoinithe uile atá ar fáil, lena n-áirítear slógadh cúlchistí ón CEF. |
(7) |
Ina theannta sin, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don Aontas dlúthpháirtíocht láidir a léiriú trí fhreagairt thapa chuimsitheach bunaithe ar iltaobhachas éifeachtach, ag tógáil ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 maidir le ‘Slándáil bia a áirithiú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú’ agus ag tógáil ar na trí cholún – trádáil, dlúthpháirtíocht agus táirgeadh – de Mhisean Athléimneachta Bia agus Talmhaíochta (FARM), ar dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach é agus i gcomhréir go hiomlán le Grúpa Freagartha um Ghéarchéimeanna Domhanda de chuid na Náisiún Aontaithe (GCRG) agus tionscnaimh ábhartha idirnáisiúnta eile, go háirithe, leis an gComhaontas Domhanda don tSlándáil Bia a thionscain an G7. |
(8) |
I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a imrítear ar thíortha éagsúla ACC, le slógadh eisceachtúil na gcistí arna saoradh ó thionscnaimh faoin 10ú agus ón 11ú CEF ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais agus a Bhallstáit dlús a chur lena bhfreagairt ar an ngéarchéim, aird ar leith á tabhairt acu ar na tíortha ACP is leochailí agus is neamhchosanta. |
(9) |
Ba cheart go ndéanfaí gníomhaíochtaí a mhaoiniú leis na cistí sin d’fhonn tacaíocht a thabhairt do tháirgeadh bia agus d’athléimneacht na gcóras bia, cabhair dhaonnúil, agus tacaíocht mhaicreacnamaíoch chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a áirithiú, cuidiú le spás fioscach a bhaint amach arís agus cúlchistí idirnáisiúnta a mhéadú go háirithe trí chomhlachtaí iltaobhacha. Ba cheart go n-áireofaí leis na cistí caiteachas tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6 den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF. |
(10) |
De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4), ní dhéanfar sciar na Ríochta Aontaithe de na cistí sin a athúsáid. |
(11) |
Ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 14(3) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF go bhfanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm fad a mbeidh gá leis chun na hoibríochtaí uile arna maoiniú faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a chur i gcrích ina n-iomláine, déantar an méid sin a léirmhíniú sa chiall go n-áirítear ann slógadh eisceachtúil na gcistí arna saoradh ón 10ú agus ón 11ú CEF faoi láthair chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena dtabharfar aghaidh ar ghéarchéim slándála an tsoláthair bhia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha ACC tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. |
(12) |
Ba cheart na cistí a úsáid i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú CEF, mar a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2015/322 (5), agus (AE) 2018/1877 (6). |
(13) |
Cistí ón 10ú CEF a athúsáideadh, nár gealladh roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 1(3) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF, nó a saoradh i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Chomhaontú sin, leanfaidh siad de bheith ina n-acmhainn de chuid an 10ú CEF faoi phointe (a) d’Airteagal 1(2) den 10ú Comhaontú Inmheánach CEF. |
(14) |
Cistí ón 11ú CEF a athúsáideadh, nár gealladh nó a saoradh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2018/1877, leanfaidh siad de bheith fós ina n-acmhainn ón 11ú CEF faoi phointe (a) d’Airteagal 1(2) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Déanfar méid suas le huasmhéid EUR 600 000 000 ó na cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) a leithdháileadh ar bhonn eisceachtúil chun críocha gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha ACC tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.
2. Ba cheart leis na cistí dá dtagraítear i mír 1 gníomhaíochtaí a mhaoiniú d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil mar a leanas:
— |
suas le EUR 350 000 000 le haghaidh táirgeadh bia agus athléimneacht na gcóras bia, |
— |
suas le EUR 150 000 000 le haghaidh cúnamh daonnúil, agus |
— |
suas le EUR 100 000 000 le haghaidh tacaíocht mhaicreacnamaíoch. |
3. As an méid dá dtagraítear i mír 1, déanfar suas le EUR 488 000 000 ón 10ú CEF agus suas le EUR 112 000 000 ón 11ú CEF a leithdháileadh. As na cistí sin, déanfar suas le huasmhéid EUR 18 000 000 a leithdháileadh le haghaidh caiteachas tacaíochta arna thabhú ag an gCoimisiún.
4. Ba cheart na cistí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh gealltanais airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú CEF, mar a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2015/322 agus (AE) 2018/1877.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
(1) IO L 247, 9.9.2006, lch. 32
(2) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(4) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(5) Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme (IO L 58, 3.3.2015, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1).
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/150 |
CINNEADH (CBES) 2022/1224 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 13 Iúil 2022
maidir le ceapachán Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh d’oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosca chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1179 (ATALANTA/5/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile (1), agus iad a chur faoi chois, agus go háirithe Airteagal 6(1) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) (“Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh”). |
(2) |
An 7 Iúil 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/1179 (2) lena gceaptar an Seachaimiréal Riccardo MARCHIÓ ina Cheannasaí ar Fhórsa an Aontais Eorpaigh. |
(3) |
An 2 Meitheamh 2022, mhol Ceannasaí Oibríochtúil an Aontais Eorpaigh go ndéanfaí an Captaen (Cabhlach) Rui Miguel Marcelo CORREIA a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa nua an Aontais Eorpaigh amhail ón 4 Lúnasa 2022. Tá sé curtha in iúl ag údaráis na Portaingéile go dtabharfar ardú céime don Chaptaen (Cabhlach) Rui Miguel Marcelo CORREIA go Ceannasóir nuair a cheapfar é ina Cheannasaí ar Fhórsa an Aontais Eorpaigh. |
(4) |
An 9 Meitheamh 2022, chomhaontaigh Coiste Míleata an Aontais ar an moladh sin. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/1179 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Ceannasóir Rui Miguel Marcelo CORREIA mar Cheannasaí Fórsa an Aontas Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) ón 4 Lúnasa 2022.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2022/1179 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 4 Lúnasa 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.
(2) Cinneadh (CBES) 2022/1179 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 7 Iúil 2022 maidir le ceapachán Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh d’oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaighchun cuidiú le bac agus cosca chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Oibríocht Atalanta), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/217 (ATALANTA/4/2022) (IO L 183, 8.7.2022, lch. 83).
Ceartúcháin
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/152 |
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/913 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 maidir le méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla agus ar bhearta éigeandála lena rialaítear earraí áirithe ó thríú tíortha áirithe teacht isteach san Aontas lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/625 agus (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 158 an 13 Meitheamh 2022 )
Ar leathanach 13, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 18:
Ar leathanach 18, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6:
Ar leathanach 19, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 10:
Ar leathanach 22, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 13:
Ar leathanach 25, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 19: