EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1223

Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 a bhaineann le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

ST/10762/2022/INIT

OJ L 188, 15.7.2022, p. 147–149 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1223/oj

15.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/147


CINNEADH (AE) 2022/1223 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2022

a bhaineann le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón gComhphobal a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2008 go 2013, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-CE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh ar na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (1) (an 10ú Comhaontú Inmheánach CEF), agus go háirithe Airteagal 1(5) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh ar na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (2) (an 11ú Comhaontú Inmheánach CEF), agus go háirithe Airteagal 1(4) agus (5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá staid na slándála bia ar domhan ag dul in olcas go tapa agus tá na tíortha is lú forbairt agus tríú tíortha ísealioncaim a bhfuil easpa bia orthu i measc na dtíortha a bhfuil difear á dhéanamh dóibh.

(2)

Tá EUR 3 bhilliún clársceidealaithe cheana féin faoi cholún geografach na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - an Eoraip Dhomhanda a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). As an méid sin, tá EUR 2,3 billiún clársceidealaithe i dtíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) chun gníomhaíochtaí talmhaíochta, cothaithe, uisce agus sláintíochta a mhaoiniú idir 2021 agus 2024. I bhfianaise mhéid na riachtanas agus na n-iarmhairtí a bhfuil coinne leo, ba cheart acmhainní breise a shlógadh chun tacú leis na tíortha comhpháirtíochta is mó a ndéantar difear dóibh.

(3)

Tá an tAontas ar tí an buiséad tosaigh maidir le cabhair dhaonnúil a chur chun feidhme go hiomlán le haghaidh na slándála bia agus na riachtanas gaolmhar i dtíortha ACC a sainaithníodh roimh thús chogadh foghach na Rúise san Úcráin. I bhfianaise dhrochstaid eisceachtúil na slándála bia i dtíortha ACC, ní mór na cistí sin a chomhlánú le hacmhainní iomchuí chun freagairt don ghéarú breise ar na riachtanais dhaonnúla agus chun leanúnachas an chomhair a áirithiú ó dhálaí géarchéime go dálaí seasta le haghaidh forbartha.

(4)

Sna Conclúidí uaithi an 24-25 Márta 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt don obair ar an tslándáil bia agus ar an inacmhainneacht bia ar fud an domhain, go háirithe trí thacú leis an tslándáil bia agus leis an talmhaíocht san Úcráin agus sna tríú tíortha is leochailí agus is neamhchosanta.

(5)

Sna Conclúidí uaithi an 30-31 Bealtaine 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí cúlchistí ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) a shlógadh chun tacú leis na tíortha comhpháirtíochta is mó atá buailte.

(6)

Thacaigh an Chomhairle, sna Conclúidí uaithi an 20 Meitheamh 2022, le freagairt Fhoireann na hEorpa ar neamhshlándáil dhomhanda an tsoláthair bia agus d’iarr sí ar an gCoimisiún, ar an Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt dá dtacaíocht airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil dhomhanda an tsoláthair bia, lena n-áirítear riachtanais dhaonnúla láithreacha, lena gcuimsítear cúnamh airgeadais agus teicniúil do thíortha a allmhairíonn a gcuid bia i gcás inar gá, chomh maith le córais inbhuanaithe bhia sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus táirgeadh áitiúil feabhsaithe ar mhaithe le hathléimneacht níos fearr, féachaint ar na foinsí maoinithe uile atá ar fáil, lena n-áirítear slógadh cúlchistí ón CEF.

(7)

Ina theannta sin, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don Aontas dlúthpháirtíocht láidir a léiriú trí fhreagairt thapa chuimsitheach bunaithe ar iltaobhachas éifeachtach, ag tógáil ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 maidir le ‘Slándáil bia a áirithiú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú’ agus ag tógáil ar na trí cholún – trádáil, dlúthpháirtíocht agus táirgeadh – de Mhisean Athléimneachta Bia agus Talmhaíochta (FARM), ar dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach é agus i gcomhréir go hiomlán le Grúpa Freagartha um Ghéarchéimeanna Domhanda de chuid na Náisiún Aontaithe (GCRG) agus tionscnaimh ábhartha idirnáisiúnta eile, go háirithe, leis an gComhaontas Domhanda don tSlándáil Bia a thionscain an G7.

(8)

I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a imrítear ar thíortha éagsúla ACC, le slógadh eisceachtúil na gcistí arna saoradh ó thionscnaimh faoin 10ú agus ón 11ú CEF ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais agus a Bhallstáit dlús a chur lena bhfreagairt ar an ngéarchéim, aird ar leith á tabhairt acu ar na tíortha ACP is leochailí agus is neamhchosanta.

(9)

Ba cheart go ndéanfaí gníomhaíochtaí a mhaoiniú leis na cistí sin d’fhonn tacaíocht a thabhairt do tháirgeadh bia agus d’athléimneacht na gcóras bia, cabhair dhaonnúil, agus tacaíocht mhaicreacnamaíoch chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a áirithiú, cuidiú le spás fioscach a bhaint amach arís agus cúlchistí idirnáisiúnta a mhéadú go háirithe trí chomhlachtaí iltaobhacha. Ba cheart go n-áireofaí leis na cistí caiteachas tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6 den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF.

(10)

De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4), ní dhéanfar sciar na Ríochta Aontaithe de na cistí sin a athúsáid.

(11)

Ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 14(3) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF go bhfanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm fad a mbeidh gá leis chun na hoibríochtaí uile arna maoiniú faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a chur i gcrích ina n-iomláine, déantar an méid sin a léirmhíniú sa chiall go n-áirítear ann slógadh eisceachtúil na gcistí arna saoradh ón 10ú agus ón 11ú CEF faoi láthair chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena dtabharfar aghaidh ar ghéarchéim slándála an tsoláthair bhia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha ACC tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(12)

Ba cheart na cistí a úsáid i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú CEF, mar a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2015/322 (5), agus (AE) 2018/1877 (6).

(13)

Cistí ón 10ú CEF a athúsáideadh, nár gealladh roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 1(3) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF, nó a saoradh i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Chomhaontú sin, leanfaidh siad de bheith ina n-acmhainn de chuid an 10ú CEF faoi phointe (a) d’Airteagal 1(2) den 10ú Comhaontú Inmheánach CEF.

(14)

Cistí ón 11ú CEF a athúsáideadh, nár gealladh nó a saoradh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2018/1877, leanfaidh siad de bheith fós ina n-acmhainn ón 11ú CEF faoi phointe (a) d’Airteagal 1(2) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfar méid suas le huasmhéid EUR 600 000 000 ó na cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) a leithdháileadh ar bhonn eisceachtúil chun críocha gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha ACC tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

2.   Ba cheart leis na cistí dá dtagraítear i mír 1 gníomhaíochtaí a mhaoiniú d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil mar a leanas:

suas le EUR 350 000 000 le haghaidh táirgeadh bia agus athléimneacht na gcóras bia,

suas le EUR 150 000 000 le haghaidh cúnamh daonnúil, agus

suas le EUR 100 000 000 le haghaidh tacaíocht mhaicreacnamaíoch.

3.   As an méid dá dtagraítear i mír 1, déanfar suas le EUR 488 000 000 ón 10ú CEF agus suas le EUR 112 000 000 ón 11ú CEF a leithdháileadh. As na cistí sin, déanfar suas le huasmhéid EUR 18 000 000 a leithdháileadh le haghaidh caiteachas tacaíochta arna thabhú ag an gCoimisiún.

4.   Ba cheart na cistí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh gealltanais airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú CEF, mar a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2015/322 agus (AE) 2018/1877.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  IO L 247, 9.9.2006, lch. 32

(2)  IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(4)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(5)  Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme (IO L 58, 3.3.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1).


Top