Coincheap is ea seirbhís uilíoch arna fhorbairt ag an Aontas Eorpach. Tagraíonn sé do shraith éilimh leasa ghinearálta ar cheart seirbhísí amhail teileachumarsáid agus an post bheith faoina réir ar fud an Aontais Eorpaigh. Is é an aidhm a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach úsáideoir ar sheirbhísí ardchaighdeáin ar phraghas réasúnta.