An próiseas um dhaingniú

Is éard is daingniú ann an chéim dheireanach sa phróiseas maidir le comhaontú a fhaomhadh trína léiríonn na páirtithe a rún a bheith faoi cheangal an chomhaontaithe. Nuair a bheidh an daingniú curtha i gcrích, féadfar comhaontú a thabhairt i gcrích agus tiocfaidh sé i bhfeidhm go foirmiúil (nóta: go minic, d’fhéadfadh comhaontú a bheith i bhfeidhm ar bhonn sealadach sula gcuirfear an nós imeachta um dhaingniú i gcrích).

Tá nósanna imeachta maidir le daingniú comhaontuithe idirnáisiúnta arna n–idirbheartú ag an gCoimisiún Eorpach thar ceann AE leagtha síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Cumhdaítear sna comhaontuithe sin raon leathan ceisteanna, lena n–áirítear:

Tá airteagail chonartha faoi leith ann chomh maith ina ndéileáiltear le comhaontuithe le tíortha ar mian leo

Le hAirteagal 47 de CAE tugtar pearsantacht dhlítheanach do AE. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an chumhacht aige comhaontuithe idirnáisiúnta a idirbheartú agus a thabhairt i gcrích faoi

I gcás go dtagann comhaontú idirnáisiúnta faoi inniúlacht eisiach AE, ní gá do thíortha AE é a dhaingniú. Sa chás sin, teastaíonn toiliú ó Pharlaimint na hEorpa chun é a dhaingniú sular féidir leis an gComhairle an comhaontú a thabhairt i gcrích ar deireadh.

I gcás go dtagann comhaontú laistigh d’inniúlacht chomhroinnte (ar a dtugtar “comhreathach” chomh maith) idir AE agus tíortha AE (comhaontú “measctha” mar a deirtear), ní mór do na parlaimintí náisiúnta é a dhaingniú ar leibhéal AE agus ar leibhéal thír AE. Braitheann daingniú ar an leibhéal náisiúnta ar ghnéithe amhail cibé

FÉACH FREISIN