An creat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

Leagtar amach i CAI an Aontais na huasteorainneacha bliantúla caiteachais is féidir a chaitheamh ar réimsí beartais éagsúla. Beidh feidhm leis an gcreat reatha don tréimhse 2021-2027.

Glactar CAInna an Aontais ar feadh tréimhsí ilbhliantúla (7 mbliana de ghnáth, mar atá sa chás seo). Áirithítear leo go gcaifear airgead AE ar bhonn intuartha agus nach sárófar teorainneacha comhaontaithe. Cuireann siad ar chumas an Aontais pleanáil mheántéarmach a dhéanamh, seachas pleanáil ó bhliain go bliain, rud a mbeidh beartais agus caiteachas níos éifeachtaí mar thoradh air. Tá sin chomh tábhachtach céanna don Aontas Eorpach agus atá sé do thairbhithe an chaiteachais freisin.

Sainmhínítear le CAIanna meicníochtaí solúbthachta freisin a cheadaíonn caiteachas breise in imthosca eisceachtúla, amhail tubaistí nádúrtha.

Is léiriú é CAI ar thosaíochtaí polaitíochta an Aontais agus is uirlis um pleanáil bhuiséadach é freisin. Ní mór cloí leis na huasteorainneacha arna gcomhaontú sa CAI agus buiséad bliantúil AE á leagan amach.

Déanann an Coimisiún Eorpach CAInna a mholadh agus ansin déantar iad a phlé sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa. Teastaíonn toiliú agus aontoilíocht na Parlaiminte sa Chomhairle chun é a ghlacadh.

Gabhann comhaontú idir institiúidí AE maidir le smacht buiséadach a chur chun feidhme agus chun comhoibriú lena chéile ar ábhair bhuiséadacha le CAInna.

FÉACH FREISIN