Imircigh neamhdhleathacha a fhilleadh — caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/115/CE — caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna maidir le náisiúnaigh neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Deireadh a chur le fanacht neamhdhleathach

Cuirtear deireadh leis an bhfanacht neamhdhleathach le nós imeachta dhá chéim:

  1. ar dtús, “cinneadh fillidh” trína n–osclaítear tréimhse “imeachta dheonaigh”;
  2. ansin, más gá, “cinneadh aistrithe”, agus coinneáil, b’fhéidir, ag críochnú le “díbirt”.

Cinneadh fillidh

Aistriú

Mura ndeonaítear tréimhse ar bith, nó murar chloígh an náisiúnach AE leis an gcinneadh fillidh laistigh den tréimhse a deonaíodh le haghaidh imeacht deonach, ní mór do Bhallstát an AE a aistriú/haistriú a fhorfheidhmiú, ach amháin i gcúinsí faoi leith go bhféadfaí an t–aistriú a chur siar. Ní mór aistriú náisiúnaigh neamh-AE a chur siar má chuirtear a mbeatha i gcontúirt leis (prionsabal an neamh-refoulement1) nó má cuireadh an cinneadh fillidh ar fionraí ar bhonn sealadach.

Féadfar bearta comhéigneacha atá comhréireach agus nach sáraíonn forneart réasúnach a úsáid mar réiteach deiridh chun náisiúnaigh neamh-AE a aistriú.

Coinneáil chun críche aistrithe

Coimircí nós imeachta

Leagtar amach leis an treoir líon coimircí nós imeachta:

Ina theannta sin, ní mór do Bhallstáit an ceart um aontacht teaghlaigh a urramú, agus oideachas bunaidh a sholáthar do mhionlaigh agus cúram leighis éigeandála a sholáthar, agus aird chuí a thabhairt ar riachtanais speisialta daoine leochaileacha atá ag feitheamh ar a bhfilleadh deonach nó ar a n–aistriú.

Mionaoisigh Neamhthionlactha

Rialacha ginearálta

D’fhéadfaí catagóirí áirithe um náisiúnaigh neamh-AE a eisiamh ó raon feidhme na treorach, amhail iad siúd a ghabhtar i dtaca le trasnú teorann neamhdhleathach. Ní mór do Bhallstát, áfach, a áirithiú go bhfuil cóir agus leibhéal cosanta na ndaoine sin ag teacht le rialacha áirithe AE, ar a laghad, maidir le bearta comhéigneacha, aistriú, cúram sláinte agus coinneáil. I ngach cás, ní mór do Bhallstáit:

Cad iad na tíortha a bhfuil feidhm ag an treoir maidir leo?

Tá feidhm ag an treoir maidir le gach Ballstát ach amháin Éire agus na tíortha neamh-AE seo a leanas i limistéar Schengen: An Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.

Cur chun feidhme agus gníomhartha gaolmhara

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’ éigean na rialacha sa treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin , ach amháin na rialacha maidir le cúnamh dlí agus/nó ionadaíocht saor in aisce, arbh é an an spriocdháta ina leith.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Refoulement. Refoulement a thugtar ar dhídeanaithe nó ar iarratasóirí ar thearmann filleadh ar thír inar dóigh go dtarlóidh géarleanúint dóibh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh ó thíortha neamh–AE atá ag fanacht go mídhleathach a sheoladh ar ais (IO L 348, , lgh. 98–107).

nuashonrú is deireanaí