Feabhas ar chomhar

Is nós imeachta atá i gcomhar feabhsaithe (Airteagal 20 de Chonradh ar an Aontas Eorpach agus de Theideal III den Chonradh ar Fheidhmiú an AE) trína gceadaítear íosmhéid de 9 mBallstát AE ardchomhtháthú nó ardchomhar a bhunú i réimse áirithe laistigh de AE, nuair is léir nach féidir le AE ina iomláine cuspóirí an chomhair sin a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta.

Cuireann sé sin ar a gcumas bogadh ag luasanna éagsúla agus i dtreo cuspóirí difriúla i gcomparáid leis na Ballstáit a chinneann fanacht lasmuigh de na réimsí comhair fheabhsaithe. Dearadh an nós imeachta chun sáinn a shárú i gcás go gcuireann Ballstát amháin nó níos mó cosc ar thogra áirithe toisc nach mian leis páirt a ghlacadh sa togra sin . Ní cheadaítear leis, áfach, cumhachtaí a shíneadh lasmuigh dóibh sin a cheadaítear le Conarthaí AE.

Bronnann an Chomhairle údarú chun leanúint den chomhar feabhsaithe mar rogha dheiridh, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún Eorpach agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Amhail Feabhra 2013, bhí an nós imeachta sin in úsáid sna réimsí seo a leanas; dlí colscartha, dlí paitinní agus dlí cánach ar idirbhearta airgeadais, agus chun leas airgeadais AE a chosaint trí bhunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).

FÉACH FREISIN