Prótacal Kyiv maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán

 

ACHOIMRE AR:

Prótacal maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán

Cinneadh 2006/61/CE — Prótacal NA-ECE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN BPRÓTACAL AGUS LEIS AN GCINNEADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Coinbhinsiún Aarhus

Tá an prótacal ceangailte leis an gCoinbhinsiún Aarhus (féach achoimre). Leis an gcoinbhinsiún agus lena phrótacal, tugtar an ceart do dhaoine (daoine aonair agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu) rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chinntí a dhéantar faoi chúrsaí comhshaoil agus páirt a ghlacadh iontu, agus sásamh a lorg mura dtugtar meas do na cearta sin.

Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán (PRTRanna)

Is fardail truaillithe ó láithreáin thionsclaíocha agus ó fhoinsí eile iad PRTRanna. Leis an bprótacal, ceanglaítear ar gach páirtí PRTR a bhunú:

Ceanglaítear leis an bprótacal freisin ar na páirtithe oibriú i dtreo cóineasaithe ina gcórais PRTR.

Ceanglais tuairiscithe

Ceanglaítear leis an bprótacal go mbeidh PRTR bunaithe ar scéim tuairiscithe atá:

Íosriachtanais

Leagtar síos sa phrótacal ceanglais íosta maidir le truailleáin agus saoráidí, agus tá saoirse ag páirtithe gnéithe breise a chur san áireamh.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an prótacal i bhfeidhm an 8 Deireadh Fómhair 2009.

CÚLRA

Tá a PRTR féin ag an AE (E-PRTR) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh 166/2006 (féach an achoimre).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Prótacal maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán — Dearbhú (IO L 32, 4.2.2006, lgh. 56-79).

Cinneadh 2006/61/CE ón gComhairle an 2 Nollaig 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal UN-ECE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (IO L 32, 4.2.2006, lgh. 54-55).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE (IO L 33, 4.2.2006, lgh. 1–17).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 25.11.2021