An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2018/1475 — rialacha maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Bunaítear leis an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhfuil sé mar aidhm leis dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i sochaí na hEorpa, ina mbíonn daoine óga agus eagraíochtaí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí inrochtana ar ardchaighdeán.
Tugann an Cór deiseanna do dhaoine óga cúinsí dúshlánacha a réiteach ar fud na hEorpa agus a dtiomantas a thaispeáint do phobail agus taithí, scileanna agus inniúlachtaí úsáideacha á bhfáil acu dá bhforbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá sé mar aidhm leis an gCór
- Dlúthpháirtíochta Eorpach:
- deiseanna a thabhairt do dhaoine óga cabhrú leis an tsochaí i gcoitinne, agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna pearsanta agus ar a ndeiseanna fostaíochta
- gníomhaíochtaí ardchaighdeáin atá bailíochtaithe go cuí a sholáthar
- daonlathas, saoránacht agus rannpháirtíocht a chur chun cinn, le béim ar leith ar chuimsiú sóisialta agus comhdheiseanna
- comhar a spreagadh i measc Eorpach óg;
- cuireann sé deiseanna ar fáil do ghníomhaíochtaí intíre agus trasteorann
- saorálaíocht*
- socrúcháin oibre* agus poist*
- tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe
- bearta cáilíochta agus tacaíochta, lena n–áirítear oiliúint, tacaíocht teanga agus árachas comhlántach;
- baineann
- buiséad EUR 375.6 milliún leis don tréimhse an 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020. As sin, leithdháiltear 90% i leith tionscadail saorálaíochta agus dlúthpháirtíochta agus 10% i leith socrúcháin oibre nó post.
Tá an rannpháirtíocht oscailte do:
- daoine óga idir 18 agus 30 agus caithfidh siad clárú ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh sula dtosaítear ar ghníomhaíocht saorálaíochta, ar shocrúchán oibre, ar phost nó ar thionscadal dlúthpháirtíochta;
- eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha, neamhbhrabúis nó brabúis a chomhlíonann na ceanglais is gá ó:
- tíortha AE (maidir le saorálaíocht, socrúcháin oibre, poist, tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe)
- tíortha is iarrthóirí (an Albáin, iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia, an Tuirc) agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv*), baill an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin), an Eilvéis agus 16 thír comharsanachta*, agus an Rúis (maidir le saorálaíocht, tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe).
Ceanglaítear leis an rialachán ar an gCoimisiún Eorpach an méid a leanas a dhéanamh:
- faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh go rialta, i gcomhar le húdaráis náisiúnta, le gníomhaireachtaí agus le heagraíochtaí;
- tuarascáil breithnithe a fhoilsiú in 2020;
- an reachtaíocht atá ann faoi láthair a mheas agus moltaí a dhéanamh faoin 6 Deireadh Fómhair 2022 ar thodhchaí an chláir;
- faisnéis a scaipeadh agus poiblíocht a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
Ní mór do na tíortha rannpháirteacha gníomhaireacht náisiúnta a ainmniú chun gníomhaíochtaí an Chóir a bhainistiú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm léi ón 5 Deireadh Fómhair 2018.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Saorálaíocht: gníomhaíocht dheonach gan phá a mhaireann suas le 12 mhí.
Socrúchán oibre: taithí oibre íoctha ar feadh 2 go 6 mhí, ar féidir í a athnuachan uair amháin ar feadh 12 mhí ar a mhéad.
Post: obair íoctha ar feadh 3 go 12 mhí ar chonradh scríofa fostaíochta.
Tíortha comharsanachta: cuimsítear iontu sin 16 de na comharsana is gaire sa taobh thoir agus sa taobh theas de AE:
- san oirthear: An Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin;
- sa deisceart: An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Liobáin, Maracó, an Phalaistín**, an tSiria agus an Túinéis.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE (IO L 250, 4.10.2018, lgh. 1-20)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 50–73)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a chorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 185-208)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 924-947)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 11.01.2019