EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1288

Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 347, 20.12.2013, p. 50–73 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32021R0817

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1288/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

50


RIALACHÁN (AE) Uimh 1288/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 "Buiséad don Eoraip" éilítear clár aonair i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, lena n-áirítear gnéithe idirnáisiúnta an ardoideachais, ina dtabharfar le chéile an clár gníomhaíochta san earnáil um fhoghlaim ar feadh an tsaoil ("Foghlaim le haghaidh an tSaoil") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (4), agus clár um an Aos Óg i mBun Gníomhaíochta ("an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (5), clár gníomhaíochta Erasmus Mundus ("Erasmus Mundus") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (6), an clár ALFA III a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1905/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), cláir Tempus agus Edulink chun a áirithiú go mbainfear amach éifeachtúlacht níos mó, fócas straitéiseach níos láidre agus sineirgí a bhainfear leas astu idir na gnéithe éagsúla den chlár aonair. Ina theannta sin tá sé beartaithe spórt a chuimsiú mar chuid den chlár aonair sin (an "Clár").

(2)

Sna tuarascálacha eatramhacha measúnaithe ar an gclár Foghlama ar feadh an tSaoil, ar an gclár "An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta" agus ar chlár Erasmus Mundus, agus sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh faoi ghníomhaíocht an Aontais a dhéanfar amach anseo san oideachas, san oiliúint, san óige agus san ardoideachas, léiríodh go bhfuil gá mór agus, ar bhealach, gá atá ag éirí níos mó, le leanúint den chomhar agus den tsoghluaisteacht sna réimsí sin ar an leibhéal Eorpach. Sna tuarascálacha measúnaithe, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé na naisc idir cláir an Aontais agus forbairtí beartais san oideachas, san oiliúint agus san óige a dhéanamh níos dlúithe, iarradh go ndéanfaí gníomhaíocht an Aontais a struchtúrú sa chaoi is go bhfreagróidh sí níos fearr do pharaidím na foghlama ar feadh an tsaoil, agus éilíodh cur chuige níos simplí, níos áisiúla agus níos solúbtha maidir leis an ngníomhaíocht sin a chur chun feidhme, agus éilíodh deireadh a chur le hilroinnt na gclár um chomhar idirnáisiúnta ardoideachais.

(3)

Ba cheart don Chlár díriú ar inrochtaineacht an mhaoinithe agus trédhearcacht na nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna) agus digitiú. Tá sruthlíniú agus simpliú na heagraíochta agus na bainistíochta, agus fócas leanúnach ar chaiteachas riaracháin a laghdú, ríthábhachtach chomh maith do rath an Chláir.

(4)

Sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh maidir le roghanna straitéiseach an Aontais chun inniúlacht nua an Aontais a chur chun feidhme i réimse an spóirt agus i dtuarascáil mheasúnaithe an Choimisiúin maidir le gníomhaíochtaí ullmhúcháin i réimse an spóirt, cuireadh táscairí áisiúla ar fáil maidir leis na réimsí tosaíochta le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais, agus léiríodh an breisluach a d'fhéadfadh an tAontas a sholáthar ó thaobh tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar thaithí agus ar eolas faoi cheisteanna éagsúla a bhaineann leis an spórt ar an leibhéal Eorpach a ghiniúint, a chomhroinnt agus a scaipeadh, ar choinníoll go bhfuil siad dírithe go háirithe ar leibhéal an phobail.

(5)

Le straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, sainítear straitéis fáis an Aontais le haghaidh na ndeich mbliana atá amach romhainn chun fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach den sórt sin a chothú. Leagtar amach inti cúig chuspóir uaillmhianacha atá le baint amach faoin mbliain 2020, go háirithe i réimse an oideachais, chun rátaí luathfhágála na scoile a laghdú faoi bhun 10 % agus le cur ar chumas 40 % ar a laghad de dhaoine idir 30 agus 34 bliain d'aois oideachas tríu leibhéal nó a chomhionann a chríochnú. Áirítear inti freisin a tionscnamh suaitheanta, go háirithe "An Óige ag Bogadh" agus an Clár do Phoist agus do Scileanna Nua.

(6)

Ina conclúidí an 12 Bealtaine 2009, d'iarr an Chomhairle go mbunófaí creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint (ET 2020), lena mbunófaí ceithre chuspóir straitéiseacha d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann i gcónaí maidir le hEoraip eolasbhunaithe a chruthú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur ar fáil do chách.

(7)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Chonradh ar Fheidhmiú ar an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus de bhun Airteagal 21 agus Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cuirtear chun cinn leis an gclár inter alia comhionannas idir fir agus mná agus bearta chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach. Tá gá le rochtain ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus ó ghrúpaí leochaileacha a leathnú agus aghaidh a thabhairt go gníomhach ar riachtanais speisialta foghlama na ndaoine faoi mhíchumas i gcur chun feidhme an Chláir.

(8)

Ba cheart a áireamh sa chlár gné láidir idirnáisiúnta go háirithe maidir leis an ardoideachas, ní amháin chun caighdeán an ardoideachais Eorpaigh a fheabhsú d'fhonn cuspóirí ET 2020 a bhaint amach agus chun an tAontas a dhéanamh níos mealltaí mar cheann scríbe staidéir, ach chun an chomhthuiscint idir daoine a chur chun cinn agus chun cur le forbairt inbhuanaithe an ardoideachais sna tíortha comhpháirtíochta freisin, chomh maith lena bhforbairt shocheacnamaíoch is leithne, inter alia trí scaipeadh lucht éirime a spreagadh trí ghníomhartha soghluaisteachta le náisiúnaigh tíortha comhpháirtíochta. Chun na críche sin, ba cheart maoiniú a chur ar fáil ón Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt (ICF), ón Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IEC), ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) agus ón Ionstraim um Chomhpháirtíocht maidir le comhar le tríú tíortha (IC). Féadfar cistí a chur ar fáil ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) i gcomhréir leis na nósanna imeachta a rialaíonn é. Ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le húsáid na gcistí sin, agus comhréir á háirithiú leis na Rialacháin faoi seach lena mbunaítear na hionstraimí sin agus an ciste sin.

(9)

Ina rún an 27 Samhain 2009 maidir le creat athnuaite um chomhar Eorpach i réimse na hóige (2010-2018) leag an Chomhairle béim ar an ngá atá ann breathnú ar gach duine óg mar acmhainn sa tsochaí agus féachadh lena rannpháirtíocht a éascú i bhforbairt na mbeartas a dhéanfaidh difear dóibh trí idirphlé leanúnach struchtúrtha idir cinnteoirí agus daoine óga agus eagraíochtaí óige ar gach leibhéal.

(10)

Trí fhoghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a thabhairt le chéile in aon chlár amháin, ba cheart go gcruthófaí sineirgí agus go gcothófaí comhoibriú trasna na n-earnálacha éagsúla oideachais, oiliúna agus óige. Le linn an Clár a chur i bhfeidhm, ba cheart riachtanais shonracha na n-earnálacha éagsúla agus, i gcás inarb iomchuí, ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur i gcuntas go cuí.

(11)

Chun an tsoghluaisteacht, an cothromas agus barr feabhais sa staidéar a chothú, ba cheart don Aontas, ar bhonn píolótach, Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn le cur ar chumas mac léinn, beag beann ar a dtosca sóisialta, a gcéim mháistreachta a dhéanamh i dtír eile ina bhfuil rannpháirtíocht sa chlár ar oscailt (an "tír de chuid an Chláir"). Ba cheart do Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn a bheith ar fáil d'institiúidí airgeadais atá sásta iasachtaí a thairiscint chun staidéar máistreachta a dhéanamh i dtíortha eile de chuid an Chláir i dtéarmaí atá fabhrach do mhic léinn. Níor cheart go ngabhfadh an uirlis bhreise nuálach seo le haghaidh soghluaisteacht foghlama in ionad aon chóras deontais ná iasachta reatha a thacaíonn le soghluaisteacht mac léinn ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, ná forbairt an chórais sa todhchaí a bhac. Ba cheart do Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn a bheith faoi réir dlúthfhaireacháin agus dlúthmheastóireachta, go háirithe maidir le glacadh sa mhargadh i dtíortha éagsúla. I gcomhréir le hAirteagal 21(2) agus (3), ba cheart tuarascáil mheastóireachta lár téarma a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná deireadh 2017, d'fhonn treoir pholaitiúil a fháil maidir le leanúint ar aghaidh Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit féachaint le gach beart iomchuí a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis seo, más féidir, saincheisteanna riaracháin a réiteach a chruthaíonn deacrachtaí i víosaí agus i gceadanna cónaithe a fháil. I gcomhréir le Treoir 2004/114/CE ón gComhairle (8), spreagtar na Ballstáit chun nósanna imeachta brostaithe um ligean isteach a bhunú.

(13)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2011 dar teideal "Ag tacú le fás agus poist – clár oibre chun córais ardoideachais na hEorpa a nuachóiriú", tá creat leagtha amach trína bhféadfaidh an tAontas, na Ballstáit agus na hinstitiúidí ardoideachais comhoibriú le líon na gcéimithe a ardú, caighdeán an oideachais a fheabhsú agus féachaint chuige go rannchuideoidh an t-ardoideachas agus an taighde a mhéid is féidir chun cabhrú le geilleagair na mBallstát agus le sochaithe na mBallstát teacht slán ón ngéarchéim eacnamaíochta domhanda agus iad níos láidre fós.

(14)

D'fhonn aghaidh a thabhairt ar dhífhostaíochta óige san Aontas ar shlí níos fearr, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhar trasnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais agus gairmoideachais agus gnóthaí, d'fhonn infhostaitheacht na mac léinn a fheabhsú agus scileanna fiontraíochta a fhorbairt.

(15)

Le Dearbhú Bologna, a shínigh na hAirí Oideachais ó 29 tír Eorpach an 19 Meitheamh 1999, bunaíodh próiseas idir-rialtasach arb é is aidhm dó limistéar Eorpach um ardoideachais a chruthú óna dteastaíonn tacaíocht leanúnach ar leibhéal an Aontais.

(16)

Aithnítear go forleathan an ról ríthábhachtach a bhí ag gairmoideachas agus gairmoiliúint (GG) chun roinnt spriocanna a leagtar amach i straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach agus mar a shainítear i bpróiseas athnuaite Chóbanhávan (2011-2020), go háirithe a poitéinseal á chur i gcuntas le linn aghaidh a thabhairt ar leibhéal ard dífhostaíochta na hEorpa, go háirithe dífhostaíocht óige agus dífhostaíocht fhadtéarmach, cultúr foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, dul i ngleic le heisiamh sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn. Tá cúrsaí oiliúna agus printíseachtaí ar ardchaighdeán, lena n-áirítear i micreafhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, de dhíth chun an bhearna idir an t-eolas a fuarthas trí oideachas agus oiliúint agus na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá i saol na hoibre, chomh maith le feabhas a chur ar infhostaitheacht daoine óga.

(17)

Is gá an comhar Eorpach idir scoileanna, agus soghluaisteacht na bhfoirne scoile agus na bhfoghlaimeoirí a neartú agus a dhéanamh níos líonmhaire d'fhonn dul i ngleic leis na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Chlár Oibre le haghaidh Comhair Eorpaigh maidir le scoileanna i gcomhair an 21ú haois, eadhon feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais scoile san Aontas i réimsí na forbartha inniúlachtaí agus d'fhonn an cothromas agus cuimsiú sna córais agus sna hinstitiúidí scoile a fheabhsú, agus chun gairm na múinteoireachta agus ceannasaíocht na scoileanna a threisiú agus tacaíocht a sholáthar dóibh. Sa chomhthéacs seo, ba cheart tosaíocht a thabhairt do na spriocanna straitéiseacha maidir le ráta luathfhágála na scoile a laghdú, le feidhmíocht i mbunscileanna a fheabhsú, le rannpháirtíocht agus le caighdeán an oideachais agus an chúraim luath-óige a fheabhsú, agus mar aon leis na spriocanna chun inniúlachtaí gairmiúla na múinteoirí scoile agus na gceannairí scoile a láidriú, agus feabhas a chur ar na deiseanna oideachais do leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo agus na leanaí sin atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.

(18)

Is é is aidhm don Chlár Oibre Eorpach athnuaite d'Fhoghlaim Aosach atá ar áireamh i Rún ón gComhairle an 28 Samhain 2011 a chur ar chumas gach aosaigh a gcuid scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú i rith a saoil, Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fheabhas a chur ar dheiseanna foghlama don líon ard Eorpach atá ar bheagán oiliúna, go háirithe trí fheabhas a chur ar litearthacht agus ar uimhearthacht agus trí chonairí foghlama solúbtha agus bearta athdheise a chur chun cinn.

(19)

Fóram Eorpach na hÓige, na Lárionaid Faisnéise Náisiúnta um Aitheantas Acadúil (NARIC), na líonraí Eurydice, Euroguidance agus Eurodesk, mar aon leis na Seirbhísí Tacaíochta Náisiúnta um Ríomhnascadh, Lárionaid Náisiúnta Europass, agus na hOifigí Faisnéise Náisiúnta sna tíortha comharsanachta, is fíor-riachtanach go ndéanfaidh siad siúd gníomhaíocht d'fhonn cuspóirí an chláir a bhaint amach, go háirithe trí fhaisnéis nuashonraithe a sholáthar don Choimisiúin ar bhonn rialta maidir lena réimsí éagsúla gníomhaíochta agus trí thorthaí an Chláir a scaipeadh san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta.

(20)

Ba cheart comhar faoin gClár agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, go háirithe i gcomhpháirt le Comhairle na hEorpa, a neartú.

(21)

D'fhonn rannchuidiú le barr feabhais a fhorbairt i staidéir um lánpháirtíocht Eorpach ar fud an domhain agus chun freagairt don ghá atá ag méadú le haghaidh eolais, agus idirphlé ar an bpróiseas lánpháirtíochta Eorpaí agus ar a fhorbairt, tá sé tábhachtach chun sármhaitheas a spreagadh sa teagasc, sa taighde agus sa mhachnamh sa réimse seo trí thacú le hinstitiúidí acadúla nó le cumainn atá gníomhach i réimse na lánpháirtíochta Eorpaí, agus comhlachais ag a mbeidh aidhm leasa Eorpaigh, trí Ghníomh Jean Monnet.

(22)

Tá comhoibriú faoin gClár agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais fíorthábhachtach chun mothú úinéireachta leithne a chruthú i daca le straitéisí agus faoi bheartais foghlama ar feadh an tsaoil agus chun tuairimí agus ábhair imní geallsealbhóirí a chur san áireamh ar gach leibhéal.

(23)

Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún "An Ghné Eorpach den Spórt a Fhorbairt" an 18 Eanáir 2011, tá leagtha amach smaointe an Choimisiúin maidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i réimse an spóirt tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, agus moltar ann liosta de ghníomhaíochtaí tairbhiúla a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun céannacht spórt na hEorpa a mhéadú i dtrí chaibidil leathana: ról an spóirt sa tsochaí, an ghné eacnamaíoch a bhaineann leis an spórt agus eagrúchán an spóirt. Is gá a chur i gcuntas freisin luach breise an spóirt, lena n-áirítear spórt dúchasach, agus a rannchuidiú le hoidhreacht chultúrtha agus stairiúil an Aontais.

(24)

Tá gá le díriú go háirithe ar spórt an phobail agus obair dheonach i spórt i ngeall ar an ról tábhachtach a imríonn siad i gcur chun cinn cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus gníomhaíocht fhisiciúil chun sláinte a fheabhsú.

(25)

Trí bhíthin cáilíochtaí agus inniúlachtaí a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos aitheanta agus a mhéid a ghlactar le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a leathnú, ba cheart go gcuirfí le héascú na soghluaisteachta, rud a chuideoidh chun oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeáin a fhorbairt, agus a éascóidh an tsoghluaisteacht ar fud na hEorpa chun críocha foghlama ar feadh an tsaoil agus chun críocha gairme, idir tíortha agus thar earnálacha araon. Trí bhíthin rochtain a thabhairt ar na modhanna, ar na cleachtais agus ar na teicneolaíochtaí a úsáidtear i dtíortha eile, cabhrófar le hinfhostaitheacht a fheabhsú.

(26)

Chuige sin, moltar leathnú a dhéanamh ar úsáid chreata aonair an Aontais do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) arna bunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (9), an Chláir Eorpaigh um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR) agus an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA) arna bhunú de bhun Mholadh 2006/143/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10),an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (CEC) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 (11), an Chórais Creidmheasa Eorpaigh don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (12) agus an Chreata Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (13) agus an Chórais Eorpaigh d'Aistriú Creidmheasa (ECTS).

(27)

D'fhonn an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus d'fhonn treisiú leis na sineirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, ba cheart go rannchuideodh na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhartha cumarsáide faoin Rialachán seo le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a chumhdach, ar an gcoinníoll go bhfuil siad sin bainteach le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

(28)

Is gá breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar faoi chuimsiú an Chláir a áirithiú, mar aon le comhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát i gcomhlíonadh Airteagal 167(4) CFAE agus comhlántacht le gníomhaíochtaí eile, go háirithe i réimsí an chultúir, na meán, na fostaíochta, an taighde agus na nuálaíochta, an tionscail agus an fhiontair, an bheartais chomhtháthaithe agus forbartha, chomh maith le beartas méadaithe agus tionscnaimh, ionstraimí agus straitéisí i réimse an bheartais réigiúnaigh agus an chaidrimh sheachtraigh.

(29)

Tá an Clár deartha chun tionchar dearfach agus inbhuanaithe a bheith aige ar bheartais agus ar chleachtais an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Ba cheart an tionchar sistéamach sin a bhaint amach trí na gníomhaíochtaí éagsúla agus na gníomhaíochtaí atáthar ag brath a dhéanamh leis an gClár, a dhíríonn ar athruithe a chothú ar an leibhéal institiúideach agus, i gcás inarb iomchuí, gurb é a bheidh mar thoradh air nuálaíocht ar leibhéal an chórais. Ní cheanglaítear ar thionscadail aonair a bhfuil tacaíocht airgeadais á lorg ina leith ón gClár go mbeidh aon tionchar sistéamach mar sin. Is é toradh carnach na dtionscadal sin ba cheart a chur leis an tionchar sistéamach a bhaint amach.

(30)

D'fhonn an fheidhmíocht a bhainistiú go héifeachtach, lena n-áirítear meastóireacht agus faireachán a dhéanamh, ní mór táscairí sonracha, intomhaiste agus réadúla feidhmíochta a fhorbairt ar féidir iad a thomhas le himeacht ama, agus a léiríonn loighic na hidirghabhála.

(31)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit úsáid TFCanna agus teicneolaíochtaí nua a optamú d'fhonn rochtain ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas, le hoiliúint, le hóige agus le spórt a éascú. D'fhéadfadh soghluaisteacht fhíorúil a bheith ar áireamh anseo, ar cheart di soghluaisteacht foghlama a chomhlánú, ach gan í a ionadú.

(32)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir. arb éard a bheidh ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar um chúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (14), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(33)

D'fhonn leanúnachas a áirithiú sa tacaíocht airgeadais a chuiretear ar fáil faoin gClár d'fheidhmiú comhlachtaí, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún, le linn chéim tosaigh an C hláir, a cheapeadh gur incháilithe le haghaidh maoinithe iad na costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a thacaítear leo, fiú más rud é gur tabhaíodh iad ag an tairbhí sular tíolacadh an t-iarratas ar mhaoiniú.

(34)

Tá gá le critéir feidhmíochta a bhunú ar cheart leithdháileadh cistí buiséid idir na Ballstáit le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a bheith bunaithe orthu.

(35)

Féadfaidh na tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus na tíortha sin de chuid Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar chuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais ar bhonn comhaontuithe réime, cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó comhaontuithe eile dá samhail.

(36)

Féadfaidh Cónaidhm na hEilvéise páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais i gcomhréir le comhaontú atá le síniú idir an tAontas agus an tír sin.

(37)

Féadfaidh daoine ó thír nó ó chríoch thar lear (TCT) agus le comhlachtaí agus le hinstitiúidí inniúla poiblí agus/nó príobháideacha ó TCT páirt a ghlacadh sna cláir i gcomhréir le Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (15). Ba cheart na srianta a fhorchuirtear le hiargúltacht na réigiún is forimeallaí den Aontas agus na TCTanna a chur i gcuntas nuair a chuirfear an Clár chun feidhme.

(38)

Ina gComh-Theachtaireacht dar teideal "Freagairt nua ar chomharsanacht atá ag athrú" an 25 Bealtaine 2011 leag Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach, amach, inter alia, aidhm rannpháirtíocht na dTíortha comharsanachta i ngníomhaíochtaí an Aontais maidir le soghluaisteacht agus forbairt acmhainní san ardoideachas a éascú tuilleadh agus an chéad chlár eile oideachais a oscailt do thíortha comharsanachta.

(39)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, gnóthú cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis. Cé go dteastaíonn níos mó maoinithe ó chúnamh seachtrach an Aontais, tá na hacmhainní atá ar fáil don tacaíocht sin teoranta mar gheall ar chás eacnamaíoch agus buiséadach an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, féachaint leis an úsáid is éifeachtúla agus inbhuanaithe is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, go háirithe trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais a bhfuil éifeacht ghiarála acu.

(40)

D'fhonn rochtain ar an gClár a fheabhsú, ba cheart na deontais chun tacú le soghluaisteacht an duine aonair a choigeartú ar chostais mhaireachtála agus chothaithe na tíre aíochta. I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chomh maith chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta. Beidh feidhm ag an díolúine chéanna maidir le comhlachtaí poiblí nó príobháideach a dhámhann tacaíocht airgeadais den sórt sin do na daoine aonair lena mbaineann.

(41)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), féadfar am deonach a aithint mar chómhaoiniú i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil.

(42)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal "Buiséad don Eoraip 2020", leagann an Coimisiún béim ar a ghealltanas do chistiú an Aontais a shimpliú. Trí bhíthin clár aonair a chruthú maidir le hoideachas, le hoiliúint, leis an óige agus leis an spórt, ba cheart go ndéanfaí foráil do shimpliú mór, do chuíchóiriú agus do shineirgí i mbainistiú an Chláir. Ba cheart cur chun feidhme an Chláir a shimpliú níos mó fós trí bhíthin cistiú cnapshuime, cistiú de réir costais aonaid nó cistiú ráta chomhréidh a úsáid, chomh maith leis na ceanglais fhoirmiúla agus mhaorlathacha atá ar na tairbhithe agus ar na Ballstáit a laghdú.

(43)

Ba cheart gurb iad na bprionsabail threoracha chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach ná feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar chaighdeán na gcaiteachas, fad a áirithítear úsáid optamach na n-acmhainní airgeadais.

(44)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheofar bainistíocht fhónta airgeadais an Chláir agus a cur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir, agus deimhneacht dhlíthiúil agus inrochtaineacht an Chláir do gach rannpháirtí á n-áirithiú ag an am céanna.

(45)

D'fhonn a áirithiú go bhféadfar freagairt go sciobtha do riachtanais athraithe le linn fhad tréimhse an Chláir, ba cheart cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil le forálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí breise a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(46)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(47)

Ba cheart go gcumhdófaí leis an gClár trí réimse dhifriúla, agus ba cheart go ndéileálfadh an coiste a bhunaítear faoin Rialachán seo le saincheisteanna cothrománacha agus earnála araon. Is faoi na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh siad na hionadaithe ábhartha chun freastal ar chruinnithe an choiste sin i gcomhréir leis na hábhair a bheidh ar chlár an choiste, agus is faoi chathaoirleach an choiste a áirithiú go gcuirfear in iúl go soiléir ar chlár na gcruinnithe an earnáil, nó na hearnálacha, a bheidh i gceist agus na hábhair, de réir earnála, a bheidh le plé le linn gach cruinnithe. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le rialacha nós imeachta an choiste agus ar bhonn ad hoc, ba cheart go bhféadfaí cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha, lena n-áirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun a bheith rannpháirteach i gcruinnithe coiste i gcáil breathnóirí.

(48)

Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear deireadh ceart leis an gClár, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla maidir le bainistiú an Chláir, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Ón 1 Eanáir 2014 amach, ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofaí na gníomhaíochtaí nach bhfuil tugtha chun críche faoi na cláir ba réamhtheachtaithe faoi dheireadh 2013.

(49)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an Clár a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstát ach gur fearr, dá bhrí sin, i ngeall ar a scála agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, amhail a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, amhail a leagtar amach san Airteagal sin é, ní rachaidh an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(50)

Ba cheart, mar sin, Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2009/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE a aisghairm.

(51)

D'fhonn leanúnachas a áirithiú i dtaca leis an tacaíocht chistiúcháin a chuirtear ar fáil faoin gClár, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014. Ar chúiseanna práinne, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a luath agus is féidir tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Raon feidhme an Chláir

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo clár maidir le gníomhaíocht an Aontais i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt ar a dtugtar "Erasmus +" (an "Clár").

2.   Cuirfear an Clár chun feidhme le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Cumhdófar leis an gClár na réimsí seo a leanas, fad a urramófar struchtúir agus riachtanais shonracha na n-earnálacha éagsúla sna Ballstáit:

(a)

oideachas agus oiliúint ar gach leibhéal, maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear oideachas scoile (Comenius), ardoideachas (Erasmus), ardoideachas idirnáisiúnta (Erasmus Mundus), gairmoideachas agus gairmoiliúint (Leonardo da Vinci) agus foghlaim aosach (Grundtvig);

(b)

óige (An Óige i mBun Gníomhaíochta), go háirithe i gcomhthéacs na foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta;

(c)

spórt, go háirithe spórt an phobail.

4.   Áireofar leis an gClár gné idirnáisiúnta atá dírithe ar ghníomhaíocht eachtrach an Aontais a thacú, lena n-áirítear a chuspóirí forbraíochta, trí chomhar idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta.

Airteagal 2

Mínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn "foghlaim ar feadh an tsaoil" an t-oideachas ginearálta, an gairmoideachas nó an ghairmoiliúint, foghlaim neamhfhoirmiúil nó an fhoghlaim neamhfhoirmiúil ar fad a dhéantar i rith an tsaoil, arb é an toradh atá uirthi, scileanna nó inniúlachtaí nó rannpháirtíocht sa tsochaí a fheabhsú ó thaobh cúrsaí pearsanta, cúrsaí sibhialta, cúrsaí cultúrtha, cúrsaí sóisialta agus/nó ó thaobh na fostaíochta de, lena n-áirítear soláthar seirbhísí comhairliúcháin nó treorach;

(2)

ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmiúil" foghlaim a bhíonn ar siúl trí ghníomhaíochtaí pleanáilte (i dtéarmaí cuspóirí foghlama agus am foghlama) i gcás ina bhfuil foirm éigin de thacaíocht foghlama i láthair (e.g. caidreamh mac léinn-múinteoir), ach nach bhfuil mar chuid den oideachas foirmiúil agus den chóras oiliúna;

(3)

ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmiúil" foghlaim mar thoradh ar ghníomhaíochtaí laethúla a bhaineann le hobair, le teaghlach nó le fóillíocht agus nach bhfuil eagraithe ná struchtúraithe i dtéarmaí cuspóirí, ama nó tacaíochta foghlama; d'fhéadfadh sé a bheith neamhbheartaithe ó thaobh an fhoghlaimeora;

(4)

ciallaíonn "idirphlé struchtúrtha" an t-idirphlé struchtúrtha le daoine óga agus le heagraíochtaí óige, is fóram do mhachnamh leanúnach frithpháirteach ar thosaíochtaí, ar chur chun feidhme agus ar an obair leantach a bhaineann le comhar Eorpach i réimse na hóige.

(5)

baineann "trasnáisiúnta", mura léirítear a mhalairt, le haon ghníomh lena mbaineann dhá thír de chuid an Chláir ar a laghad amhail dá dtagraítear in Airteagal 24(1);

(6)

baineann "idirnáisiúnta" le haon ghníomhaíocht lena ngabhfaidh tír amháin de chuid an Chláir ar a laghad agus tríú tír amháin ("tír comhpháirtíochta") ar a laghad;

(7)

ciallaíonn "soghluaisteacht foghlama" bogadh go fisiceach go tír eile nach í an tír chónaithe í, d'fhonn staidéar, oiliúint nó foghlaim neamhfhoirmiúil nó neamhfhoirmeálta a ghabháil ar láimh; féadfaidh sé a bheith i bhfoirm tréimhsí oiliúna, printíseachtaí, malartuithe ógra, obair dheonach, teagasc nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghairmiúil forbraíochta. d'fhéadfadh sí gníomhaíochtaí ullmhúcháin, amhail oiliúint sa teanga aíochta a chuimsiú, mar aon le gníomhaíochtaí seolta, óstála agus gníomhaíochtaí a leanann ón méid sin.

(8)

Ciallaíonn "comhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais a mhalartú" tionscadail um chomhar trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta a mbíonn eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus/nó na hóige páirteach iontu, agus d'fhéadfadh eagraíochtaí eile a bheith ar áireamh ann;

(9)

Ciallaíonn "tacaíocht d'athchóiriú beartas" aon chineál gníomhaíochta arb é is aidhm di nuachóiriú na gcóras oideachais agus oiliúna a éascú, chomh maith le tacaíocht do bheartas Eorpach um an óige a fhorbairt trí bhíthin phróiseas an chomhair bheartais idir na Ballstáit, go háirithe Modh Oscailte Comhordúcháin agus an t-idirphlé struchtúraithe le daoine óga;

(10)

ciallaíonn "soghluaisteacht fhíorúil" agus tacar gníomhaíochtaí a dtacaíonn teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide leo, lena n-áirítear ríomhfhoghlaim, arna n-eagrú ar leibhéal institiúideach, a bhaineann amach nó a éascaíonn taithí chomhoibritheach trasnáisiúnta agus/nó idirnáisiúnta i gcomhthéacs an teagaisc agus/nó na foghlama;

(11)

ciallaíonn "baill foirne" daoine atá páirteach san oideachas, san oiliúint nó san fhoghlaim neamhfhoirmiúil don aos óg, bíodh sé ar bhonn gairmiúil nó deonach. agusféadfaidh ollúna, múinteoirí, oiliúnóirí, ceannairí scoile, oibrithe don ógra agus baill foirne nach mbíonn ag plé go díreach leis an oideachas a bheith ar áireamh inti;

(12)

ciallaíonn "oibrí don ógra" gairmí nó saorálaí atá páirteach san fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus tacú le daoine óga maidir lena bhforbairt shochoideachasúil agus ghairmiúil phearsanta;

(13)

ciallaíonn "daoine óga" daoine atá idir trí bliana déag d'aois agus tríocha bliain d'aois;

(14)

ciallaíonn "institiúid ardoideachais":

(a)

aon sórt institiúide ardoideachais, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, a chuireann céimeanna aitheanta nó cáilíochtaí aitheanta eile tríú leibhéal ar fáil, is cuma cad a ghairtear de na hinstitiúidí sin;

(b)

aon institiúid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, a chuireann gairmoideachas nó gairmoiliúint tríú leibhéal ar fáil;

(15)

ciallaíonn "comhchéimeanna" clár comhtháite staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ar fáil a bhfuil teastas céime amháin mar thoradh air arna eisiúint agus arna shíniú ag gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha le chéile agus a aithnítear go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí rannpháirteacha;

(16)

ciallaíonn "céim dhúbailte/ilchéim" clár staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad (céim dhúbailte) nó níos mó institiúidí ardoideachais (ilchéim) ar fáil ina bhfaigheann an mac léinn teastas céime ar leith ó gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha ar an gclár staidéir a bheith críochnaithe;

(17)

ciallaíonn "gníomhaíocht óige" gníomhaíocht a dhéanann daoine óga, ina n-aonair nó mar chuid de ghrúpa, lasmuigh d'uaireanta scoile (amhail malartuithe ógra nó obair dheonach nó oiliúint óige), go háirithe trí eagraíochtaí óige, agus arb é a príomhthréith cur chuige neamhfhoirmiúil maidir leis an bhfoghlaim;

(18)

ciallaíonn "comhpháirtíocht" comhaontú idir grúpa institiúidí agus/nó eagraíochtaí i dtíortha éagsúla de chuid an Chláir chun comhghníomhaíochtaí Eorpacha a dhéanamh i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt nó chun gréasán neamhfhoirmiúil a bhunú i réimse ábhartha amhail comhthionscadail foghlama do dhaltaí agus dá múinteoirí i bhfoirm malartuithe ranga agus soghluaisteachta fadtéarmaí aonair, dianchlár san ardoideachas agus comhoibriú idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla chun an comhar idir-réigiúnach, lena n-áirítear trasteorann, a chothú; féadfar é a leathnú chun institiúidí agus/nó eagraíochtaí ó thíortha comhpháirtíochta d'fhonn cáilíocht na comhpháirtíochta a neartú;

(19)

ciallaíonn "inniúlachtaí lárnacha" an tacar bunúsach sin d'eolas, de scileanna agus de mheonta a theastaíonn ó gach duine ar mhaithe le féinchomhlíonadh agus féinfhorbairt, saoránacht ghníomhach, cuimsiú sóisialta agus fostaíocht, mar a thuairiscítear i Moladh 2006/962/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(20)

ciallaíonn "Modh Oscailte Comhordúcháin"(MOC) modh idir-rialtasach lena gcuirtear creat ar fáil le haghaidh comhair idir na Ballstáit, ar féidir a mbeartais náisiúnta a dhíriú ar chuspóirí comhchoiteanna áirithe ar an gcaoi sin. Faoi raon feidhme an Chláir seo, tá feidhm ag an Modh Oscailte Comhordúcháin maidir leis an oideachas, leis an oiliúint agus leis an óige;

(21)

ciallaíonn "uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais" ionstraimí a chuidíonn le geallsealbhóirí torthaí foghlama agus cáilíochtaí a thuiscint, a léirthuiscint agus, más iomchuí, a aithint ar fud an Aontais;

(22)

ciallaíonn "tíortha comharsanachta" na tíortha agus na críocha atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. …/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (19).:

(23)

ciallaíonn "déghairm" traenáil spóirt ar ardleibhéal a chónascadh le hoideachas ginearálta nó le hobair.

(24)

ciallaíonn "spórt an phobail" spórt eagraithe a imríonn an lucht spóirt amaitéarach go háitiúil agus spórt do chách.

Airteagal 3

Breisluach Eorpach

1.   Ní thacóidh an Clár ach leis na gníomhartha agus leis na gníomhaíochtaí sin a d'fhéadfadh breisluach Eorpach a chur ar fáil agus a rannchuidíonn leis an gcuspóir ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4 a bhaint amach.

2.   Áiritheofar breisluach Eorpach ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir go háirithe trí na nithe seo a leanas:

(a)

an ghné thrasnáisiúnta atá acu, go háirithe maidir le soghluaisteacht agus comhar atá dírithe ar thionchar sistéamach inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)

comhlántacht agus sineirge le cláir agus le beartais eile ag leibhéal náisiúnta, an Aontais agus idirnáisiúnta;

(c)

an méid a rannchuidíonn siad le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach.

Airteagal 4

Cuspóir ginearálta an Chláir

Rannchuideoidh an clár leis an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)

cuspóirí na straitéise Eoraip 2020, lena n-áirítear an phríomhsprioc oideachais;

(b)

cuspóirí don chreat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint ("ET 2020"), lena n-áirítear na tagarmharcanna;

(c)

forbairt inbhuanaithe tíortha comhpháirtíochta i réimse an ardoideachais;

(d)

na cuspóirí foriomlána atá ag an gcreat athnuaite le haghaidh comhair Eorpaigh i réimse na hóige (2010-2018)

(e)

cuspóir an ghné Eorpach den spórt a fhorbairt, go háirithe spórt don phobal, a bheadh ag teacht le plean oibre an Aontais don spórt; agus

(f)

luachanna Eorpacha a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

CAIBIDIL II

An t-oideachas agus an oiliúint

Airteagal 5

Cuspóirí sonracha

1.   I gcomhréir le cuspóir ginearálta an Chláir amhail a shainítear in Airteagal 4, go háirithe cuspóirí ET 2020, chomh maith le tacú le forbairt inbhuanaithe tíortha comhpháirtíochta i réimse an ardoideachais, saothrófar leis an gClár na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

leibhéal na n-inniúlachtaí agus na scileanna lárnacha a fheabhsú go háirithe i ndáil le hábharthacht na n-inniúlachtaí agus na scileanna sin maidir le margadh an tsaothair agus le rannchuidiú le sochaí chomhtháite, go háirithe trí dheiseanna soghluaisteachta foghlama a mhéadú, agus trí chomhar idir saol an oideachais agus na hoiliúna chomh maith le saol na hoibre a neartú;

(b)

feabhsuithe ar ardchaighdeán, barr feabhais i nuálaíocht agus idirnáisiúnú ar leibhéal na n-institiúidí oideachais agus oiliúna a chothú, go háirithe trí chomhar trasnáisiúnta idir soláthraithe oideachais agus oiliúna agus geallsealbhóirí eile a fheabhsú;

(c)

teacht chun cinn limistéir Eorpaigh um fhoghlaim ar feadh an tsaoil a spreagadh agus feasachta faoi a ardú ar limistéar é a bheidh deartha chun athchóirithe beartas a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta agus chun tacú le nuachóiriú ar chórais oideachais agus oiliúna, go háirithe trí chomhar maidir le beartas a fheabhsú, trí úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais, agus trí dhea-chleachtais a scaipeadh;

(d)

Gné idirnáisiúnta an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú, go háirithe trí chomhar idir institiúidí an Aontais agus institiúidí tír comhpháirtíochta i réimse VET agus san ardoideachas, trí bhíthin institiúidí ardoideachais Eorpacha a dhéanamh níos tarraingtí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear a chuid cuspóirí forbartha tríd an tsoghluaisteacht agus comhar idir institiúidí ardoideachais an Aontais agus tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn agus trí fhorbairt spriocdhírithe acmhainní i dtíortha comhpháirtíochta;

(e)

Teagasc agus foghlaim teangacha a fheabhsú agus éagsúlacht leathan teangacha an Aontais agus feasacht idirchultúrtha a chur chun cinn;

(f)

barr feabhais i ngníomhaíochtaí teagaisc agus taighde maidir leis an lánpháirtíocht Eorpach a chur chun cinn trí bhíthin ghníomhaíochtaí Jean Monnet ar fud an domhain, faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 10.

2.   Chun críocha measúnú a dhéanamh ar an gClár, leagtar amach in Iarscríbhinn I táscairí intomhaiste agus ábhartha i ndáil leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí an Chláir

1.   I réimsí an oideachais agus na hoiliúna, saothrófar na cuspóirí seo a leanas leis an gClár trí bhíthin na gcineálacha gníomhaíochta seo a leanas:

(a)

soghluaisteacht foghlama daoine aonair;

(b)

comhar um an nuáil agus um dhea-chleachtais; agus

(c)

tacaíocht d'athchóiriú beartas.

2.   Déantar cur síos ar ghníomhaíochtaí sonracha Jean Monnet in Airteagal 10.

Airteagal 7

Soghluaisteacht foghlama daoine aonair

1.   Trí ghníomhaíocht maidir le soghluaisteacht foghlama daoine aonair cothófar na gníomhaíochtaí seo a leanas laistigh de thíortha an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 24(1):

(a)

soghluaisteacht na mac léinn i ngach timthriall an ardoideachais agus na mac léinn, na bprintíseach agus na ndaltaí i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint. D'fhéadfadh tréimhse staidéir in institiúid chomhpháirtíochta a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht sin, nó tréimhse oiliúna nó taithí a fháil mar phrintíseacht, cúntóir nó duine faoi oiliúint thar lear. Féadfar soghluaisteacht céime a chothú ar leibhéal Máistreachta trí Sháoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn dá dtagraítear in Airteagal 20.

(b)

soghluaisteacht foirne, sna tíortha de chuid an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 24(1). D'fhéadfadh teagasc nó cúntóireachtaí nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha gairmiúla thar lear a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht seo.

2.   Chomh maith leis sin, leis an ngníomhaíocht seo, cothófar soghluaisteacht idirnáisiúnta mac léinn, daoine óga agus ball foirne chuig tíortha comhpháirtíochta agus ó thríú tíortha i ndáil le hardoideachas, lena n-áirítear soghluaisteacht atá eagraithe ar bhonn comhchéimeanna, céimeanna dúbailte nó ilchéimeanna glaonna ardchaighdeáin nó comhghlaonna.

Airteagal 8

Comhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas;

1.   Cothóidh comhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas:

(a)

comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir eagraíochtaí agus/nó institiúidí a bhfuil baint acu le hoideachas agus le hoiliúint nó le hearnálacha ábhartha eile, arb aidhm leo comhthionscnaimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus an phiarfhoghlaim agus idirmhalartú na taithí a chur chun cinn;

(b)

comhpháirtíochtaí idir saol na hoibre agus institiúidí oideachais agus oiliúna mar seo a leanas:

comhaontais eolais idir institiúidí ardoideachais agus saol na hoibre, go háirithe, a chuireann an chruthaitheacht, an nuáil, an fhoghlaim obair-bhunaithe agus an fhiontraíocht chun cinn trí dheiseanna foghlama ábhartha a thairiscint, lena n-áirítear curaclaim nua agus cur chuige oideolaíoch a fhorbairt;

comhaontais scileanna earnála idir soláthraithe oideachais agus oiliúna agus saol na hoibre a chuireann an infhostaitheacht chun cinn, a rannchuidíonn le curaclaim nua atá dírithe ar earnálacha ar leith nó curaclaim nua tras-earnála, ina fhorbraítear bealaí nuálacha gairmtheagaisc agus gairmoiliúna agus a chuireann uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais i bhfeidhm.

(c)

Ardáin tacaíochta TF, ina gcúmhdaítear na hearnálacha oiliúna agus oideachais uile, lena n-áirítear Ríomhnascadh lena gceadaítear an phiarfhoghlaim, an tsoghluaisteacht fhíorúil agus malartuithe an dea-chleachtais, agus lena dtugtar rochtain do rannpháirtithe ó thíortha comharsanachta.

2.   Cothófar forbairt, forbairt acmhainní, lánpháirtiú réigiúnach, malartuithe eolais agus próisis nuachóirithe leis an ngníomhaíocht seo chomh maith trí bhíthin comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais san Aontais agus i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe maidir le piarfhoghlaim agus comhthionscadail oideachais, agus trí chomhar réigiúnach chuirfidh a chun cinn agus Oifigí Náisiúnta Faisnéise, go háirithe le tíortha comharsanachta.

Airteagal 9

Tacaíocht d'athchóiriú beartas

1.   Áireofar ar ghníomhaíocht maidir le tacaíocht d'athchóiriú beartas gníomhaíochtaí arna dtionscnamh ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme chlár oibre an Aontais maidir le hoideachas, agus le hoiliúint i gcomhthéacs MOC, agus le próisis Bologna agus Chóbanhávan;

(b)

uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a chur chun feidhme i dtíortha de chuid an Chláir - go háirithe creat aonair an Aontais do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass), an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), an Córas Eorpach d'Aistriú Creidmheasa (ECTS, an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET), agus an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET), an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR) agus an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA) agus tacaíocht a sholáthar do Líonraí ar fud an Aontais agus d'eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) Eorpacha atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

(c)

an t-idirphlé maidir le beartas le geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

(d)

NARIC, na líonraí Eurydice agus Euroguidance, agus na Lárionaid Náisiúnta Europass.

2.   Cothófar freisin, leis an ngníomhaíocht seo, an t-idirphlé maidir le beartas le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 10

Gníomhaíochtaí Jean Monnet

Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíochtaí Jean Monnet:

(a)

teagasc agus taighde a chur chun cinn maidir le lánpháirtíocht Eorpach ar fud an domhain i measc sain-acadóirí, foghlaimeoirí agus saoránach, go háirithe trí bhíthin Chathaoireacha Jean Monnet a chruthú agus gníomhaíochtaí acadúla eile, agus trí chabhair a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha eolais eile in institiúidí ardoideachais;

(b)

tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí institiúidí acadúla nó cumann acadúil atá gníomhach sa réimse staidéir um lánpháirtíocht Eorpach agus tacaíocht a thabhairt do lipéad Jean Monnet maidir le barr feabhais.

(c)

tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí seo a leanas a bhfuil aidhm leasa Eorpaigh á saothrú acu:

(i)

Institiúid Ollscoile Eorpach Fhlórans;

(ii)

Coláiste na hEorpa (campais Bhrugge agus Natolin);

(iii)

an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí (IERP), Maastricht;

(iv)

Acadamh an Dlí Eorpaigh, Trier;

(v)

an Ghníomhaireacht Eorpach don Fhorbairt san Oideachas um Riachtanais Speisialta, Odense;

(vi)

an tIonad Idirnáisiúnta d'Oiliúint Eorpach (IIOE), Nice.

(d)

díospóireacht beartais agus malartuithe idir an saol acadúil agus lucht ceaptha beartas a chur chun cinn maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais.

CAIBIDIL IIa

An Óige

Airteagal 11

Cuspóirí sonracha

1.   I gcomhréir le cuspóir ginearálta an Chláir amhail a shonraítear in Airteagal 4, go háirithe cuspóirí an chreata athnuaite don chomhoibriú Eorpach i réimse na hóige (2010-2018) saothrófar, leis an gClár, na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

leibhéal príomhinniúlachtaí agus príomhscileanna daoine óga a fheabhsú, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deiseanna níos lú acu, mar aon lena rannpháirtíocht sa saol daonlathach san Eoraip agus i margadh an tsaothair, a saoránacht ghníomhach, a n-idirphlé idirchultúrtha, a gcuimsiú sóisialta agus a ndlúthpháirtíocht a chur chun cinn, go háirithe trí dheiseanna soghluaisteachta foghlama a mhéadú do dhaoine óga, dóibh siúd atá gníomhach in obair leis an óige nó in eagraíochtaí don óige agus do cheannairí ógra, agus trí naisc idir réimse na hóige agus margadh an tsaothair a neartú;

(b)

feabhsú na cáilíochta a chothú san obair leis an óige, go háirithe trí fheabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí don óige agus/nó geallsealbhóirí eile;

(c)

athchóirithe beartais a chomhlánú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, tacú le beartas don ógra a fhorbairt a bheidh bunaithe ar eolas agus ar fhianaise mar aon leis an bhfoghlaim neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil a aithint, go háirithe trí chomhar beartais a fheabhsú, trí leas níos fearr a bhaint as uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais agus trí dhea-chleachtais a scaipeadh;

(d)

feabhas a chur ar ghné idirnáisiúnta gníomhaíochtaí óige agus ról oibrithe agus eagraíochtaí óige mar struchtúir tacaíochta do dhaoine óga i gcomhlántacht le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe tríd an tsoghluaisteacht agus an comhar a chur chun cinn idir geallsealbhóirí an Aontais agus geallsealbhóirí tíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus trí acmhainní a thógáil ar bhealach spriocdhírithe i dtíortha comhpháirtíochta.

2.   Chun measúnú a dhéanamh ar an gClár, leagtar amach in Iarscríbhinn I táscairí intomhaiste agus ábhartha i ndáil leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí an Chláir

Saothrófar na cuspóirí seo a leanas leis an gClár trí bhíthin na gcineálacha gníomhaíochta seo a leanas:

(a)

soghluaisteacht foghlama daoine aonair;

(b)

comhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas;

(c)

tacaíocht d'athchóiriú beartas.

Airteagal 13

Soghluaisteacht foghlama daoine aonair

1.   Trí ghníomhaíocht soghluaisteachta foghlama do dhaoine aonair cothófar:

(a)

soghluaisteacht daoine óga i ngníomhaíochtaí neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla idir tíortha an Chláir; d'fhéadfadh malartuithe óige agus obair dheonach tríd an tSeirbhís Dheonach Eorpach a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht seo, chomh maith le gníomhaíochtaí nuálaíocha ag tógáil ar fhorálacha atá ann cheana maidir le soghluaisteacht;

(b)

soghluaisteacht na ndaoine sin atá gníomhach in obair leis an óige nó in eagraíochtaí don óige agus soghluaisteacht ceannairí ógra; féadfaidh oiliúint agus gníomhaíochtaí líonraithe a bheith i gceist le soghluaisteacht den sórt sin;

2.   Leis an ngníomhaíocht sin, tacófar le soghluaisteacht daoine óga, daoine atá gníomhach in obair leis an óige nó in eagraíochtaí don óige agus ceannairí ógra, chuig tíortha comhpháirtíochta agus ó na tíortha sin, go háirithe tíortha comharsanachta.

Airteagal 14

Comhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas

1.   Trí chomhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas cothófar:

(a)

comhpháirtíochtaí straitéiseacha arb é is aidhm dóibh tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear tionscnaimh don óige agus tionscadail saoránachta, a chuireann chun cinn an tsaoránacht ghníomhach, an nuáil shóisialta, an rannpháirtíocht sa saol daonlathach agus an fhiontraíocht, tríd an bpiarfhoghlaim agus trí idirmhalartú na taithí;

(b)

ardáin tacaíochta TF lena gceadaítear an phiarfhoghlaim, obair eolasbhunaithe leis an óige agus malartú dea-chleachtas.

2.   Cothófar forbairt, forbairt acmhainní agus malartuithe eolais trí bhíthin comhpháirtíochtaí idir eagraíochtaí i dtíortha de chuid an Chláir agus i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe trí phiarfhoghlaim leis an ngníomhaíocht seo.

Airteagal 15

Tacaíocht d'athchóiriú beartas

1.   Le tacaíocht d'athchóiriú beartais, áireofar gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

clár oibre bheartas an Aontais a chur chun feidhme maidir leis an óige trí MOC;

(b)

uirlisí trédhearchachta agus aitheantais an Aontais a chur chun feidhme i dtíortha an Chláir, go háirithe an tÓgphas, agus tacaíocht do líonraí ar fud an Aontais agus do ENRanna Eorpacha um an óige;

(c)

idirphlé maidir le beartas le geallsealbhóirí ábhartha Eorpacha, agus an t-idirphlé struchtúrtha le daoine óga;

(d)

Fóram Eorpach na hÓige, ionaid acmhainní chun obair leis an óige a fhorbairt agus líonra Eurodesk.

2.   Cothófar freisin, leis an ngníomhaíocht seo, idirphlé maidir le beartas le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

CAIBIDIL IV

An Spórt

Airteagal 16

Cuspóirí sonracha

1.   I gcomhréir le cuspóir ginearálta an Chláir, amhail a shonraítear in Airteagal 4, agus le plean oibre an Aontais don spórt, díreofar, leis an gClár, go háirithe ar spórt an phobail agus saothrófar na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

dul i ngleic le bagairtí trasteorann ar ionracas an spóirt, amhail dópáil, cluichí a fheallsocrú agus foréigean, mar aon le gach saghas éadulaingthe agus idirdhealaithe;

(b)

dea-rialachas i spórt agus déghairmeacha na lúthchleasaithe a chur chun cinn agus a thacú;

(c)

gníomhaíochtaí deonacha sa spórt, mar aon le cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus feasacht ar thábhacht gníomhaíocht choirp a fheabhsaíonn an tsláinte a chur chun cinn trí bhíthin rannpháirtíochta méadaithe sa spórt agus rochtain chomhionann air do chách.

2.   Chun críocha measúnú a dhéanamh ar an gClár, leagtar amach in Iarscríbhinn I táscairí intomhaiste agus ábhartha i ndáil leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 17

Gníomhaíochtaí

1.   Leanfar cuspóirí an chomhair trí na gníomhaíochtaí trasnáisiúnta seo a leanas, agus a dhíreoidh go háirithe ar spórt an phobail:

(a)

tacaíocht do chomhpháirtíochtaí comhoibríocha;

(b)

tacaíocht d'imeachtaí spóirt Eorpacha neamhbhrabúis lena mbaineann roinnt tíortha de chuid an Chláir agus rannchuidiú leis an gcuspóir a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 16(1);

(c)

tacaíocht maidir leis an mbonn fianaise faoi bheartas a cheapadh a neartú;

(d)

idirphlé le geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha.

2.   Leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfar cistiú forlíontach a ghiaráil ó thríú páirtithe, amhail gnóthais phríobháideacha.

CAIBIDIL IV

Forálacha airgeadais

Airteagal 18

Buiséad

1.   Socraítear gurb é EUR 14 774 524 000 i bpraghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais chun an Clár seo a chur chun feidhme amhail ón 1 Eanáir 2014.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí an Chláir mar a leanas, le corrlach solúbthachta nach mó ná 5 % de gach ceann de na méideanna leithdháilte:

(a)

77,5 % ar an oideachas agus ar an oiliúint, as a sannfar na leithdháiltí íosta seo a leanas:

(i)

43 % ar an ardoideachas, a sheasann do 33,3 % den bhuiséad iomlán;

(ii)

22 % ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint, a sheasann do 17 % den bhuiséad iomlán;

(iii)

15 % ar an oideachas scoile, a sheasann do 11,6 % den bhuiséad iomlán;

(iv)

5 % ar fhoghlaim aosach, a sheasann do 3,9 % den bhuiséad iomlán;

(b)

10 % ar an óige;

(c)

3,5 % ar Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn;

(d)

1,9 % ar Jean Monnet;

(e)

1,8 % ar an spórt, nach leithdháiltear níos mó ná 10 % de ar an ngníomhaíocht a luaitear faoi phointe (b) d'Airteagal 12(1);

(f)

3,4 % mar dheontais oibriúcháin do ghníomhaireachtaí náisiúnta; agus

(g)

1,9 % chun an caiteachas riaracháin a chlúdach.

3.   Maidir leis na leithdháiltí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2, 63 % déanfar ar a laghad a leithdháileadh ar shoghluaisteacht foghlama daoine aonair, 28 % ar a laghad ar chomhar um nuáil agus um malartú dea-chleachtas agus 4,2 % chun tacú le hathchóiriú beartas.

4.   De bhreis ar an imchlúdach airgeadais mar atá léirithe i mír 1, agus d'fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn, déanfar cistiú breise, amhail dá bhforáiltear sna hionstraimí seachtracha éagsúla (an Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt (DCI), an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI), an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (PI) agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht (IPA), a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí maidir le soghluaisteacht foghlama chuig tíortha nó ó thíortha comhpháirtíochta agus ar idirphlé comhair agus beartais le húdaráis/le hinstitiúidí/le heagraíochtaí ó na tíortha sin. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le húsáid na gcistí sin, agus comhréir leis na Rialacháin faoi seach lena rialaítear na hionstraimí seachtracha sin á háirithiú agus, i gcás DCI, a chomhlíonann don Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, na critéir le haghaidh Cúnaimh Oifigiúil Forbartha arna bhunú ag Coiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar Eacnamaíochta agus Forbartha.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla lena gcuimseofar na chéad cheithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Cinnfear leidháileadh an chistithe sin i gclárú táscach ilbhliantúil na n-ionstraimí seachtracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. Féadfaidh comhar le tíortha comhpháirtíochta a bheith bunaithe, i gcás inarb ábhartha, ar leithreasaí breise ó na tíortha sin a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le comhaontú leo.

Díreoidh gníomhaíocht shoghluaisteacht na mac léinn agus na foirne idir tíortha an Chláir agus tíortha comhpháirtíochta a mhaoinítear tríd an leithdháileadh ón DCI ar réimsí a bhaineann le forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe tíortha atá ag forbairt.

5.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhachta, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a cheanglaítear chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid is a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, speansais atá nasctha le TF a bhfuil béim acu ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, agus le gach speansas maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Clár a bhainistiú.

6.   Dá bhrí sin, féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, ar speansais iad a bhfuil gá leo chun an trasdul a áirithiú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus faoi Chinneadh Uimh. 1298/2008/CE. Dá mbeadh gá leis sin, d'fhéadfaí leithreasaí a chur isteach sa bhuiséad i ndiaidh 2020 chun costais amhail sin a chumhdach, d'fhonn bainistiú na ngníomhartha agus na ngníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020 a chumasú.

7.   Déanfar na cistí do shoghluaisteacht foghlama daoine aonair dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 12 atá le bainistiú ag gníomhaireacht nó ag gníomhaireachtaí náisiúnta ('gníomhaireact násiúnta') a leithdháileadh ar bhonn an daonra agus an chostais mhaireachtála sa Bhallstát, an fhaid idir príomhchathracha na mBallstát agus feidhmíochta. Is ionann paraiméadar na feidhmíochta agus 25 % d'iomlán na gcistí de réir na gcritéar dá dtagraítear i mír 8 agus i mír 9. Maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 8(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 14 (1) a roghnóidh gníomhaireacht náisiúnta agus a ndéanfaidh an ghníomhaireacht sin bainistiú orthu, leithdháilfear na cistí ar bhonn critéar a shaineoidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3). Beidh na foirmlí sin, a mhéid is féidir, neodrach maidir le córais éagsúla oideachais agus oiliúna na mBallstát, déanfar laghduithe móra ar an mbuiséad bliantúil a leithdháiltear ar na Ballstáit ó bhliain go chéile a sheachaint leo agus déanfar neamhchothromaíochtaí iomarcacha i leibhéal na ndeontas a leithdháiltear a íoslaghdú leo.

8.   Beidh feidhm agLeithdháileadh na gcistí bunaithe ar fheidhmíocht d'fhonn úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní a chur chun cinn. Is ar na sonraí is déanaí atá ar fáil a bhunófar na critéir as a mbaintear feidhm chun feidhmíocht a thomhas agus beidh siad dírithe go háirithe ar an méid seo a leanas:

(a)

leibhéal na táirgeachta réadaithe bliantúla; agus

(b)

leibhéal na n-íocaíochtaí bliantúla arna réadú.

9.   Beidh leithdháileadh na gcistí don bhliain 2014 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le gníomhaíochtaí a rinneadh agus maidir le glacadh an bhuiséid faoi na cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil, An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus Erasmus Mundus suas go dtí a agus lena n-áirítear an 31 Nollaig 2013.

10.   Féadfar tacaíocht a chur ar fáil sa Chlár trí bhíthin módúlachtaí cistithe nuálacha sonracha, go háirithe na cinn atá leagtha amach in Airteagal 20.

Airteagal 19

Módúlachtaí cistithe sonracha

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh tacaíocht airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012.

2.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta nó lena gcuid eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a sheoladh chun tionscadail a mhaoiniú ar bhonn cistí comhfhreagracha. Féadfar tionscadail a luacháil agus a roghnú trí nósanna imeachta luachála agus roghnaithe a bheidh le comhaontú ag na gníomhaireachtaí cistí lena mbainfidh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012.

3.   Comhlachtaí poiblí, mar aon le scoileanna, le hinstitiúidí ardoideachais agus le heagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt a bhfuil os cionn 50 % dá n-ioncam bliantúil faighte acu ó fhoinsí poiblí le dhá bhliain anuas, measfar go bhfuil an cumas airgeadais, gairmiúil agus riaracháin riachtanach acu chun gníomhaíochtaí faoin gClár a chur i gcrích. Ní bheidh sé de cheangal orthu doiciméid eile a chur ar fáil chun an cumas sin a léiriú.

4.   De mhaolú ar Airteagal 130(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a cheapadh gur costais atá incháilithe le haghaidh maoinithe iad na costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a thacaítear leo agus a thabhaítear le linn na chéad sé mhí de 2014, fiú más rud é gur tabhaíodh ag an tairbhí iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

5.   Ní bheidh feidhm ag an tsuim dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 137(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 ar an tacaíocht airgeadais don tsoghluaisteacht foghlama arna ndeonú ar dhaoine aonair.

Airteagal 20.

Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn

1.   Soláthróidh Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn páirteacha d'idirghabhálaithe airgeadais le haghaidh iasachtaí arna ndeonú ar na téarmaí is fabhraí is féidir, do mhic léinn a thugann faoi chéim dara timthriall, amhail céim Mháistreachta, ag institiúid ardoideachais aitheanta i dtír de chuid an Chláir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24(1) nach í a dtír chónaithe ná an áit a bhfuair siad a gcáilíocht arna deonú rochtain ar chlár na Máistreachta í.

2.   Déanfaidh ráthaíochtaí a eiseofar trí Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinniasachtaí incháilithe nua mac léinn a chlúdach suas go huasmhéid de EUR 12 000 do chlár bliana agus suas le EUR 18 000 do chlár a mhaireann suas le dhá bhliain, nó a gcoibhéis in airgeadra áitiúil.

3.   Déanfar bainistiú Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn ar leibhéal an Aontais a chur ar iontaoibh an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI) i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 ar bhonn comhaontaithe tarmligin leis an gCoimisiún, ina leagfar amach na rialacha mionsonraithe agus na ceanglais mhionsonraithe lena rialaítear cur chun feidhme Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn le hoibleagáidí na bpáirtithe faoi seach. Ar an mbonn seo, déanfaidh an CEI comhaontuithe le hidirghabhálaithe airgeadais, a chur i gcrích: amhail bainc, institiúidí náisiúnta agus/nó réigiúnacha iasachtaí mac léinn nó institiúidí eile aitheanta airgeadais, agus déanfaidh sé gach iarracht a áirithiú go roghnófar idirghabhálaí airgeadais ó gach tír de chuid an Chláir, d'fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag mic léinn ó thíortha uile an Chláir ar an Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn agus i modh comhsheasmhach agus neamh-idirdhealaitheach.

4.   Soláthraítear faisnéis theicniúil maidir le feidhmiú Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn in Iarscríbhinn II.

CAIBIDIL VI

Torthaí feidhmíochta agus scaipeadh

Airteagal 21

Faireachán agus luacháil a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faireachán rialta ar fheidhmíocht agus ar thorthaí an Chláir le hais chuspóirí an Chláir agus tuairisceoidh sé air sin, maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

an breisluach Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 3;

(b)

dáileadh na gcistí a bhaineann leis na hearnálacha oideachais oiliúna, agus óige, d'fhonn a áirithiú go mbeidh leithdháileadh cistithe ann lena dtugtar ráthaíocht i ndáil le tionchar sistéamach inbhuanaithe nuair a thiocfaidh an Clár chun deiridh;

(c)

úsáid a bhaint as na cistí a fuarthas ó na hionstraimí seachtracha, dá dtagraítear in Airteagal 18(4) agus a rannchuidiú le cuspóirí agus prionsabail na n-ionstraimí sin faoi seach.

2.   I dteannta a ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha a dhéanamh, taiscfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lár téarma tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017 d'fhonn measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus chun, éifeachtúlacht an Chláir agus a bhreisluach Eorpach a mheas, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil léi. Díreofar sa tuarascáil mheastóireachta lár téarma ar an scóip chun an Clár a shimpliú, ar chomhchuibheas inmheánach agus seachtrach na mbeart, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile agus an chaoi ina rannchuidíonn na bearta arna nglacadh le straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Cuirfear san áireamh freisin torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach na gclár ba réamhtheachtaithe chomh maith (Foghlaim ar feadh an tSaoil, an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta, Erasmus Mundus agus cláir ardoideachais idirnáisiúnta eile).

3.   Cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht lár téarma dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún:

4.   Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil VII agus do dhualgais na ngníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 28, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2017 maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha faoi seach.

5.   Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún faoin 30 Meitheamh 2022.

Airteagal 22

Cumarsáid agus scaipeadh

1.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, go n-eiseofar faisnéis, go ndéanfar poiblíocht agus go mbeidh athleanúint ann maidir leis na gníomhartha uile agus na gníomhaíochtaí uile a fhaigheann tacaíocht faoin gClár, chomh maith le heisiúint na dtorthaí a bhí ar na cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil, An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus Erasmus Mundus a bhí ann roimhe.

2.   Ba cheart dóibh siúd a bhaineann tairbhe as na tionscadail tacaíochta de bharr gníomhartha agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 10, Airteagal 12, 17 agus in Airteagal 20 na torthaí a fhaightear sna tionscadail sin agus na tionchair a imrítear leo a chraobhscaoileadh agus a eisiúint go cuí. Féadfar foráil gníomhaíochtaí faisnéise piar go piar maidir le deiseanna soghluaisteachta a áireamh sa mhéid seo.

3.   Ba cheart do na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 28 beartas comhsheasmhach a dhéanamh maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na gníomhartha a ndéanann siad bainistiú orthu laistigh den Chlár a eisiúint agus a shaothrú go héifeachtach agus ba cheart dóibh cabhrú leis an gCoimisiún sa chúram ginearálta um fhaisnéis faoin gClár agus a chuid torthaí a eisiúint, lena n-áirítear gníomhartha agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus trí fhaisnéis a thabhairt do spriocghrúpaí ábhartha faoi na ngníomhaíochtaí ina dtír.

4.   Is é "Erasmus+" an t-ainm branda a mbainfidh na comhlachtaí poiblí agus príobháideacha sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gClár feidhm astu chun críche an fháisnéis a bhaineann leis an gClár a chur in iúl agus a eisiúint. Maidir leis na hearnálacha éagsúla den Chlár, úsáidfear na hainmneacha branda seo a leanas:

"Comenius", a bhaineann le hoideachas ar scoil;

"Erasmus" a bhaineann le gach cineál ardoideachais, laistigh de thíortha an Chláir;

"Erasmus Mundus" a bhaineann le gach cineál gníomhaíochtaí ardoideachais, idir tíortha an Chláir agus tíortha comhpháirtíochta;

"Leonardo da Vinci", a bhaineann le gairmoideachas agus gairmoiliúint;

"Grundtvig", a bhaineann le foghlaim aosach;

"An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta", a bhaineann le foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta i réimse na hóige.;

"Spóirt", a bhaineann le gníomhaíochtaí i réimse an spóirt.

5.   Rannchuideoidh gníomhaíochtaí cumarsáide freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ar choinníoll go bhfuil baint acu sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

CAIBIDIL VI

Rochtain ar an gClár

Airteagal 23

Rochtain

1.   Féadfaidh aon chomhlacht príobháideach nó poiblí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna nó spórt an phobail iarratas a chur isteach ar maoiniú i ndáil leis an gClár. Déanfaidh an Clár, i gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagail 13 (1) agus pointe (a) d'Airteagal 14 (1), tacú le grúpaí daoine óga atá gníomhach in obair leis an óige, ach ní gá an obair sin a bheith ar siúl i gcomhthéacs eagraíocht óige.

2.   Tráth a bheidh an Clár á gcur i bhfeidhm, inter alia maidir le roghnú na rannpháirtithe agus dámhachtain na scoláireachtaí, ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go ndéanfar iarrachtaí ar leith chun cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht daoine a bhfuil riachtanais speisialta nó a bhfuil níos lú deiseanna acu a chur chun cinn.

Airteagal 24

Rannpháirtíocht tíortha

1.   Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár ("tíortha an Chláir"):

(a)

na Ballstáit:

(b)

na tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirteachas na dtíortha sin i gcláir Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime, sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe dá samhail;

(c)

na tíortha sin de chuid CSTE ar páirtithe iad i gComhaontú LEE, i gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe sin;

(d)

Cónaidhm na hEilvéise, ar bhonn comhaontaithe dhéthaobhaigh a bheidh le cur i gcrích leis an tír sin;

(e)

na tíortha sin atá cumhdaithe ag beartas comharsanachta na hEorpa a bhfuil comhaontaithe curtha i gcrích acu leis an Aontas lena bhforáiltear go bhféadfaí páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais, faoi réir chur i gcrích comhaontaithe dhéthaobhaigh leis an Aontas maidir leis na coinníollacha a bhaineann lena rannpháirtíocht sa Chlár.

2.   Beidh tíortha an Chláir faoi réir na ndualgas uile agus comhlíonfaidh siad na cúraim uile a bhaineann leis na Ballstáit agus a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.   Leis an gClár, tabharfar tacaíocht do chomhar le tíortha comhpháirtíochta, go háirithe tíortha comharsanachta, i ngníomhaíochtaí agus i ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 10 agus in Airteagal 12.

CAIBIDIL VII

Córas bainistíochta agus iniúchóireachta

Airteagal 25

Comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht an Chláir a áirithiú leis na nithe seo a leanas:

(a)

na beartais agus na cláir ábhartha, go háirithe na cinn sin a bhaineann leis an gcultúr agus leis na meáin, leis an bhfostaíocht, leis an taighde agus leis an nuáil, leis an tionscal agus leis an bhfiontraíocht, leis an mbeartas comhtháthaithe agus forbartha chomh maith le beartas agus tionscnaimh méadaithe, ionstraimí agus straitéisí i réimse an bheartais réigiúnaigh agus an chaidrimh sheachtraigh;

(b)

na foinsí Eorpacha cistithe eile is ábhartha do bheartais oideachais, oiliúna, óige, agus spóirt, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa agus na hionstraimí airgeadais eile a bhaineann le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus "Fís 2020" -an Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais a bhaineann leis an gceartas agus le saoránacht, sláinte, cláir um chomhar seachtrach agus cúnamh réamhaontachais.

Airteagal 26

Na comhlachtaí cur chun feidhme

Is iad na comhlachtaí seo a leanas a chuirfidh an Clár chun feidhme ar mhodh comhsheasmhach:

(a)

an Coimisiún, ar leibhéal an Aontais;

(b)

na gníomhaireachtaí náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta i dtíortha an Chláir.

Airteagal 27

An t-údarás náisiúnta

1.   Tagraíonn an téarma "údarás náisiúnta" d'údarás náisiúnta amháin nó níos mó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

2.   Laistigh de 22 Eanáir 2014, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún trí fhógra fhoirmiúil arna sheachadadh ag a mBuanionadaíocht an duine (na daoine) atá údaraithe de réir an dlí chun gníomhú thar a gceann mar an údarás náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo. I gcás chur in ionad an údaráis náisiúnta le linn ré an Chláir, cuirfidh an Ballstát ábhartha an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

3.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin, bearta atá dírithe ar réiteach saincheisteanna as a n-eascraíonn deacrachtaí chun víosaí a fháil.

4.   Faoin 22 Márta 2014, ainmneoidh an t-údarás náisiúnta gníomhaireacht náisiúnta nó gníomhaireachtaí náisiúnta. I gcásanna gurb ann do níos mó ná gníomhaireacht náisiúnta amháin, bunóidh na Ballstáit sásra cuí chun cur chun feidhme an Chláir ar an leibhéal náisiúnta a bhainistiú ar bhealach comhordaithe, go háirithe d'fhonn cur chun feidhme an Chláir a bheadh comhtháite agus éifeachtúil ó thaobh costas de a áirithiú agus teagmháil éifeachtach leis an gCoimisiún a áirithiú maidir leis sin, agus d'fhonn a éascú go bhféadfaí cistí a aistriú idir gníomhaireachtaí, agus ar an gcaoi sin foráil do sholúbthacht agus d'úsáid níos fearr a bhaint as na cistí a leithdháiltear ar na Ballstáit. Gan dochar d'Airteagal 29(3), cinnfidh gach Ballstát conas a eagróidh sé an caidreamh atá aige idir a údarás náisiúnta agus an ghníomhaireacht náisiúnta, lena n-áirítear cúraimí amhail clár oibre bliantúil na gníomhaireachta náisiúnta a bhunú.

Cuirfidh an t-údarás náisiúnta measúnú ex-ante comhlíonta oiriúnach ar fáil don Choimisiún lena gcuirfear in iúl go gcomhlíonann an t-údarás náisiúnta pointí (c)(v) agus (vi) d'Airteagal 58(1) agus Airteagal 60(1), (2) agus (3) de Rialachán Uimh. 966/2012 agus le hAirteagal 38 dá Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (20) chomh maith le ceanglais an Aontais i ndáil le caighdeáin rialála inmheánacha do ghníomhaireachtaí náisiúnta agus rialacha le haghaidh bhainistiú cistí an Chláir do thacaíocht deontais.

5.   Ainmneoidh an t-údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 30.

6.   Bunóidh an t-údarás náisiúnta a mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante ar a seiceálacha agus a iniúchtaí féin, agus/nó ar seiceálacha agus iniúchtaí arna ndéanamh ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 30.

7.   Sa chás sin is ionann an t-údarás náisiúnta atá sannta don Chlár agus an t-údarás náisiúnta atá sannta do na Cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil nó An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bhí ann roimhe seo, d'fhéadfaí raon feidhme na seiceálacha agus na hiniúchtaí i ndáil leis an measúnú comhlíonta ex-ante a theorannú do cheanglais atá nua agus sonrach maidir leis an gClár.

8.   Déanfaidh an t-údarás náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar bhainistíocht an Chláir ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas agus rachaidh sé i mbun comhairle leis in am trátha sula nglacfaidh sé aon chinneadh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar bhainistiú an Chláir, go háirithe maidir lena ghníomhaireacht náisiúnta.

9.   Soláthróidh an t-údarás náisiúnta cómhaoiniú leormhaith i gcomhair oibríochtaí a ghníomhaireachta náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar an Clár a bhainistiú i dtaca leis na rialacha Aontais is infheidhme.

10.   Sa chás ina ndiúltaíonn an Coimisiún do shainiú an údaráis náisiúnta de bharr na meastóireachta arna déanamh aige ar an measúnú comhlíonta ex-ante, áiritheoidh an t-údarás náisiúnta go ndéanfar na céimeanna feabhais is gá le chun a chumasú don údarás náisiúnta na ceanglais íosta a leagann an Coimisiún síos a chomhlíonadh, nó go ndéanfaidh sé comhlacht eile a shainiú mar údarás náisiúnta.

11.   Bunaithe ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta, ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh agus ar anailís an Choimisiúin ar chomhlíonadh agus ar fheidhmíocht an údaráis náisiúnta, soláthróidh an t-údarás náisiúnta faisnéis maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i dtaca leis na gClár don Choimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.

12.   Glacfaidh an t-údarás náisiúnta freagracht as bainistíocht chuí chistí an Aontais a aistríonn an Coimisiún chuig an ngníomhaireacht náisiúnta trí bhíthin tacaíocht deontais a dhámhachtain faoin gClár.

13.   I gcás aon neamhrialtachta, faillí nó calaoise atá inchurtha i leith na gníomhaireachta náisiúnta d'aon easnamh tromchúiseach nó thearcfheidhmíocht ar pháirt na gníomhaireachta náisiúnta, agus sa chás ina ndéanann an Coimisiún éilimh i gcoinne na gníomhaireachta náisiúnta dá bharr sin, beidh an t-údarás náisiúnta faoi dhliteanais na cistí nár gnóthaíodh a aisíoc leis an gCoimisiúin.

14.   Sna a thuairiscítear i mír 13, féadfaidh an t-údarás náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, an ghníomhaireachta náisiúnta a chúlghairm. I gcás inar mian leis an údarás náisiúnta an sainordú sin a chúlghairm ar aon chúis a bhfuil údar maith leo, cuirfidh sé an chúlghairm in iúl don Choimisiún sé mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe sainordú na gníomhaireachta náisiúnta a fhoirceannadh. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás náisiúnta agus an Coimisiún bearta sainiúla agus uainithe maidir le trasdul a chomhaontú go foirmiúil.

15.   I gcás cúlghairme, déanfaidh an t-údarás náisiúnta na rialuithe riachtanacha maidir le cistí an Aontais a bhí curtha de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe agus áiritheoidh sé go n-aistreofar gan bhacainn go dtí an ghníomhaireacht náisiúnta nua na cistí sin agus na doiciméid agus na huirlisí bainistíochta uile a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú. Soláthróidh an t-údarás náisiúnta an tacaíocht airgeadais riachtanach don ghníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe chun leanúint dá hoibleagáidí conartha vis-à-vis tairbhithe an Chláir agus vis-à-vis an Coimisiún a dhéanamh go dtí go n-aistreofar na hoibleagáidí sin go dtí gníomhaireacht náisiúnta nua.

16.   Má iarrann an Coimisiún air amhlaidh, ainmneoidh an t-údarás náisiúnta na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí, nó cineálacha na n-institiúidí nó na n-eagraíochtaí sin, chun bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sonracha de chuid an Chláir ina gcríocha faoi seach.

Airteagal 28

An ghníomhaireacht náisiúnta

1.   Tagraíonn an téarma "údarás náisiúnta" d'údarás náisiúnta amháin nó níos mó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

2.   Maidir leis an ngníomhaireacht náisiúnta:

(a)

beidh pearsantacht dhlítheanach aici nó beidh sí mar chuid d'eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, agus rialófar í de réir dhlí an Bhallstáit lena mbaineann; ní fhéadfar aireacht a ainmniú mar ghníomhaireacht náisiúnta;

(b)

beidh cumas bainistíochta, foireann agus bonneagar leormhaith aici chun a cúraimí a chomhlíonadh go sásúil, lena n-áiritheofar bainistíocht éifeachtúil agus éifeachtach ar an gClár agus bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais;

(c)

beidh sé de chumas dlíthiúil agus oibríochtúil aici na rialacha riaracháin, conarthacha agus airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme;

(d)

cuirfidh sí ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha ar fáil, arna n-eisiúint más féidir ag údarás poiblí, a fhreagraíonn do leibhéal cistí an Aontais a n-iarrfar uirthi a bhainistiú;

(e)

beidh sí ainmnithe d'fhad tréimhse an Chláir.

3.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as gach céim de shaolré thionscadal na ngníomhaíochtaí seo a leanas de chuid an Chláir a bhainistiú, i gcomhréir le pointí (v) agus (vi) de phointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus le hAirteagal 44 de dá Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012:

(a)

foghlaim soghluaisteachta daoine aonair cé is moite den tsoghluaisteacht arna heagrú ar bhonn comhchéimeanna nó céimeanna dúbailte/ilchéimeanna, tionscadail saorálaíochais ar mhórscála agus Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn;

(b)

comhpháirtíochtaí straitéiseacha laistigh den ghníomhaíocht "comhar maidir le nuálaíocht agus le malartú dea-chleachtas";

(c)

gníomhaíochtaí ar mhionscála lena dtacaítear le comhrá struchtúraithe i réimse na hóige a bhainistiú laistigh den ghníomhaíocht "tacaíocht d'athchóiriú beartas".

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfar na cinntí roghnúcháin agus dámhachtana do na comhpháirtíochtaí straitéiseacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a bhainistiú ar leibhéal an Aontais, má dhéantar cinneadh chun na críche sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3) agus i gcásanna sonracha amháin ina bhfuil forais shoiléire ann do lárú den sórt sin.

5.   Eiseoidh an ghníomhaireacht náisiúnta tacaíocht deontais do thairbhithe trí chomhaontú deontais nó trí chinneadh deontais, arna shonrú ag an gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann de chuid an Chláir.

6.   Tuairisceoidh an ghníomhaireacht náisiúnta gach bliain don Choimisiún agus don údarás náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 60(5) de Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar chur chun feidhme na mbarúlacha arna n-eisiúint ag an gCoimisiún tar éis dó anailís a dhéanamh ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta, agus ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh.

7.   Ní fhéadfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta aon chúram a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir ná an bhuiséid a tugadh di a tharmligean do thríú páirtí gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás náisiúnta agus ón gCoimisiún. Is í an ghníomhaireacht náisiúnta agus ise amháin a bheidh freagrach as na cúraimí arna dtarmligean chuig tríú páirtí.

8.   I gcás ina ndéantar sainordú gníomhaireachta náisiúnta a cúlghairm, beidh an ghníomhaireacht náisiúnta sin fós freagrach ó thaobh an dlí de as a hoibleagáidí conartha a chomhlíonadh i leith tairbhithe an Chláir agus maidir leis an gCoimisiún go dtí go n-aistreofar na hoibleagáidí sin chuig gníomhaireacht náisiúnta nua.

9.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar bhainistiú agus ar fhoirceannadh na gcomhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na cláir is réamhtheachtaí eadhon na cláir Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bheidh fós oscailte ag tús an Chláir.

Airteagal 29

An Coimisiún Eorpach

1.   Laistigh de dhá mhí tar éis dó an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante dá dtagraítear in Airteagal 27(4) a fháil ón údarás náisiúnta, glacfaidh an Coimisiún le hainmniú na gníomhaireachta náisiúnta, glacfaidh sé leis go coinníollach nó diúltóidh sé don ainmniú sin. Ní rachaidh an Coimisiún i ngaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta go dtí go nglacfar leis an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante. I gcás ina nglactar leis go coinníollach, féadfaidh an Coimisiún bearta réamhchúraim comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir lena ghaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta.

2.   Nuair a ghlacfaidh sé leis an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante maidir leis an ngníomhaireacht náisiúnta atá ainmnithe don Chlár, déanfaidh an Coimisiún na freagrachtaí dlíthiúla maidir leis na comhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na cláir réamhtheachtaí eadhon an clár Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus atá fós oscailte ag tús an Chláir a chur ar bhonn foirmiúil.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 27(4), déanfar an méid seo a leanas leis an doiciméad lena rialaítear an gaol conarthach idir an Coimisiún agus an ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)

leagfar síos ann na caighdeáin rialaithe inmheánaigh le haghaidh na ngníomhaireachtaí náisiúnta agus na rialacha maidir le bainistiú chistí an Aontais i gcomhair tacaíochta deontais ag na gníomhaireachtaí náisiúnta;

(b)

áireofar ann clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta ina bhfuil cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta dá bhfuil tacaíocht ón Aontas á cur ar fáil;

(c)

sonrófar ann na ceanglais tuairiscithe le haghaidh na gníomhaireachta náisiúnta.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas de chuid an Chláir ar fáil gach bliain don ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)

cistí maidir le tacaíocht deontais sa Bhallstát lena mbaineann do ghníomhaíochtaí an Chláir ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú.

(b)

ranníocaíocht airgeadais chun tacú le cúraimí bainistíochta an Chláir atá curtha ar an ngníomhaireacht náisiúnta. Cuirfear an ranníocaíocht sin ar fáil i bhfoirm ranníocaíochta ráta chomhréidh le costais oibríochtúla na gníomhaireachta náisiúnta agus socrófar í ar bhonn mhéid na gcistí den Aontas do thacaíocht deontais atá curtha faoi chúram na gníomhaireachta náisiúnta.

5.   Socróidh an Coimisiún na ceanglais maidir le clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chláir ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta go dtí go mbeidh an clár oibre ábhartha den ghníomhaireacht náisiúnta formheasta go foirmiúil ag an gCoimisiún.

6.   Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27(4), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, go háirithe bunaithe ar mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante an údaráis náisiúnta, ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis bhliantúil ón údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClár á cur i gcuntas go cuí.

7.   Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bhainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha ina leith in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

8.   I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

9.   Eagróidh an Coimisiún cruinnithe rialta le gréasán na ngníomhaireachtaí náisiúnta d'fhonn cur chun feidhme comhtháite an Chláir a áirithiú ar fud tíortha uile an Chláir.

Airteagal 30

Comhlacht iniúchóireachta neamhspleách

1.   Eiseoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

(a)

beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

(b)

áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí;

(c)

ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de. Beidh sé, go háirithe, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ón eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de.

3.   Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil i dtaca leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

CAIBIDIL IX

An Córas rialaithe

Airteagal 31

Prionsabail an chórais rialaithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí rialuithe éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

2.   Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta maidir le gníomhartha agus gníomhaíochtaí an Chláir a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

3.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as rialuithe príomhúla na dtairbhithe deontais i gcomhair ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir, dá dtagraítear in Airteagal 28(3). Tabharfaidh na rialuithe sin urrús réasúnach go mbaintear úsáid as na deontais arna mbronnadh de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh rialacha an Aontais is infheidhme.

4.   Maidir le cistí an Chláir arna n-aistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú ceart ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Ní bhaineann an fhoráil sin le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Airteagal 32

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún iniúchtaí a dhéanamh nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir, ar gach fochonraitheoir agus tríú páirtithe eile a fuair cistí de chuid an Aontais. Féadfaidh siad iniúchtaí agus seiceálacha a dhéanamh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta freisin.

2.   Féadfaidh OLAF seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (21) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú ón Aontas.

3.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí deontais a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

CAIBIDIL IX

Tarmligean cumhachtaí agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 33

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

D'fhonn bainistiú na gcúraimí a chur ar an leibhéal is iomchuí, ní chumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 maidir le leasú a dhéanamh ar Airteagal 28(3), ach amháin i dtaca le foráil a dhéanamh do ghníomhaíochtaí breise a bheidh le bainistiú ag na gníomhaireachtaí náisiúnta.

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33, déanfar í a thabhairt don Choimisiún ar feadh ré an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 33 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh leis le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 33 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35

An Clár a chur chun feidhme

D'fhonn an Clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3). Áiritheofar le gach clár oibre bliantúil go gcuirfear chun feidhme na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 4, 5, 11 agus 16 ar mhodh comhsheasmhach agus tabharfaidh siad breac-chuntas ar na torthaí ionchasacha, ar an modh cur chun feidhme agus ar a méid iomlán. Cuimseofar sna cláir oibre bliantúla freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, agus dáileadh na gcistí idir na Ballstáit i gcomhair na ngníomhaíochtaí arna mbainistiú trí na gníomhaireachtaí náisiúnta, agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. Maidir le deontais, áireofar iontu an t-uasráta cómhaoinithe, a chuirfidh i gcuntas sainiúlachtaí na spriocghrúpaí, go háirithe a gcumas cómhaoinithe agus an bhféadfaí maoiniú a mhealladh ó thriú páirtithe. Maidir le gníomhaíochtaí a bheidh ag díriú ar eagraíochtaí ag a bhfuil cumais theoranta airgeadais, is ag 50 % ar a laghad a bheidh an ráta cómhaoinithe socraithe.

Airteagal 36

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Féadfaidh an coiste teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna earnála. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus ar bhonn ad hoc, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha, lena n-áirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun a bheith rannpháirteach i gcruinnithe i gcáil breathnóirí.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL X

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 37

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Déanfar Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Déanfar gníomhaíochtaí a thionscnófar ar an 31 Nollaig 2013 nó roimhe ar bhonn Chinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Chinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Chinneadh Uimh 1298/2008/CE a riar, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhthéacs na gclár roimhe seo i réimsí na foghlama ar feadh an tsaoil, na hóige agus an chomhair idirnáisiúnta san ardoideachas agus na gníomhaíochtaí sin atá le cur chun feidhme faoin gClár.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 11 Nollaig 2013

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 154.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 200.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Nollaig 2013.

(4)  Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 lena mbunaítear clár gníomhaíochta san earnáil um fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 327, 24.11.2006, lch. 45).

(5)  Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 maidir leis an gClár "An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta" don tréimhse 2007 go 2013 (IO L 327, 24.11.2006, lch. 30).

(6)  Cinneadh Uimh 1298/2008/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Erasmus Mundus 2009-2013 d'fheabhsú na cáilíochta in ardoideachas agus do chur chun cinn tuiscint idirchultúrtha trí chomhoibriú le tríú tíortha (IO L 340, 19.12.2008, lch. 83).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair um Fhorbairt (IO L 378, 27.12.2006, lch. 41).

(8)  Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lch. 12).

(9)  Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le creat aonair Comhphobail do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) (IO L 390, 31.12.2004, lch. 6).

(10)  Treoir 2006/143/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le breis comhair Eorpaigh i ndearbhú cáilíochta san ardoideachas (IO L 64, 4.3.2006, lch. 60).

(11)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le bunú an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 111, 6.5.2008, lch. 1).

(12)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le bunú Córais Eorpaigh um Chreidmheas do Ghairmoideachas agus do Ghairmoiliúint (ECVET) (IO L 155, 8.7.2009, lch. 11).

(13)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le bunú Córais Eorpaigh um Chreidmheas do Ghairmoideachas agus do Ghairmoiliúint (IO C 155, 8.7.2009, lch. 1).

(14)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1

(15)  Cinneadh 2001/822/EC ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le comhlachas na dtíortha thar lear agus na gcríoch leis an gComhphobal Eorpach ("Cinneadh Cumann Thar Lear") (IO L 314, 30.11.2001, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 ar inniúlachtaí lárnacha d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 394, 30.12.2006, lch. 10).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. …/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an … 2013 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IO L …)

(20)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(21)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún ar mhaithe le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

TÁSCAIRÍ CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR AN GCLÁR

Déanfar dlúthfhaireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí atá beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach agus d'fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis an tsraith seo a leanas de tháscairí fíorthábhachtacha.

Eoraip 2020 príomhspriocanna oideachais

Céatadán na ndaoine idir 18-24 bliana d'aois nach bhfuil acu ach oideachas meánscoile agus nach bhfuil cláraithe in oideachas ná in oiliúint.

Céatadán na ndaoine idir 30-34 bliana d'aois a bhfuil oideachas treasach nó a chomhionann bainte amach acu

Tagarmharc soghluaisteachta, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir le tagarmharc le haghaidh soghluaisteacht foghlama

Céatadán na gcéimithe ardoideachais ag a raibh tréimhse staidéir nó oiliúna thar lear a bhaineann le hardoideachas (lena n-áirítear socrúcháin oibre).

Céatadán na ndaoine idir 18-34 bliana d'aois ag a bhfuil cáilíocht ghairmoiliúna nó ghairmoideachais tosaigh agus ag a raibh tréimhse staidéir nó oiliúna thar lear a bhaineann le gairmoiliúint agus gairmoiliúint tosaigh.

Cáinníochtúil (ginearálta)

Líon na foirne arna thacú ag an gclár, de réir tíre agus earnála

Líon na rannpháirtithe a bhfuil riachtanais speisialta nó níos lú deiseanna acu.

Líon agus cineál na n-eagraíochtaí agus na dtionscadal, de réir tíre agus de réir gníomhaíochta

An t-oideachas agus an oiliúint

Líon na ndaltaí, na mac léinn agus na n-oiliúnaithe atá rannpháirteach sa chlár de réir tíre, earnála, gníomhaíochta agus inscne

Líon na mac léinn ardoideachais a fhaigheann tacaíocht chun staidéar a dhéanamh i dtír comhpháirtíochta, chomh maith le líon na mac léinn ó thír comhpháirtíochta a thagann chun staidéar a dhéanamh i dtír de chuid an Chláir

Líon na n-institiúidí ardoideachais ó thíortha comhpháirtíochta a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair

Líon úsáideoirí Euroguidance

Céatadán na rannpháirtithe a fuair teastas, dioplóma nó cineál eile aitheantais fhoirmiúil as a rannpháirtíocht sa Chlár.

Céatadán na rannpháirtithe a dhearbhaíonn a bpríomhinniúlachtaí a bheith feabhsaithe acu

Céatadán na rannpháirtithe atá faoi ghluaiseacht fhadtéarmach a dhearbhaíonn go bhfuil a scileanna teanga feabhsaithe acu

Jean Monnet

Líon na mac léinn atá ag fáil oiliúna trí ghníomhaíochtaí Jean Monnet.

An Óige

Líon na ndaoine óga atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a dtacaíonn an Clár leo, de réir tíre, gníomhaíochta agus inscne

Líon na n-eagraíochtaí óige ó thíortha de chuid an Chláir agus ó thíortha comhpháirtíochta araon atá rannpháirteach i ngíomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta agus comhair

Líon úsáideoirí líonra Eurodesk

Céatadán na rannpháirtithe a fuair teastas, mar shampla an tÓgphas, dioplóma nó cineál eile aitheantais fhoirmiúil as a rannpháirtíocht sa Chlár.

Céatadán na rannpháirtithe a dhearbhaíonn a bpríomhinniúlachtaí a bheith feabhsaithe acu

Céatadán na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí deonacha a dhearbhaíonn a scileanna teanga a bheith feabhsaithe acu

An Spórt

Méid bhallraíocht eagraíochtaí spóirt a dhéanann iarratas ar an gClár, agus a ghlacann páirt ann, de réir tíre

Céatadán na rannpháirtithe a bhain úsáid as torthaí na dtionscadal trasteorann chun:

(a)

bagairtí don spórt a chomhrac;

(b)

dea-rialachas agus déghairmeacha a fheabhsú;

(c)

cuimsiú sóisialta, comhionannas deiseanna agus rátaí rannpháirtíochta a fheabhsú


IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS THEICNIÚIL MAIDIR LE SÁORÁID RÁTHAÍOCHTA NA NIASACHTAÍ DO MHIC LÉINN

1.   Roghnú idirghabhálaithe airgeadais

Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnófar idirghabhálaithe airgeadais i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr sa mhargadh i dtaobh, inter alia, an méid seo a leanas:

(a)

an méid maoiniúcháin a chuirfear ar fáil do mhic léinn;

(b)

na téarmaí is fearr is féidir arna dtairiscint do mhic léinn, faoi réir na caighdeáin íosta maidir le hiasachtú mar a leagtar amach i mír 2 a bheith á gcomhlíonadh acu;

(c)

rochtain ar airgeadas ag gach cónaitheoir thíortha an Chláir amhail dá dtagraítear in Airteagal 24(1);

(d)

bearta chun calaois a chosc; agus

(e)

a bheith ag cloí le Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

2.   Cosaint d'iasachtaithe

Is iad na coimircí seo a leanas na téarmaí íosta nach mór a bheith á soláthar ag na hidirghabhálaithe airgeadais ar mian leo iasachtaí mac léinn, arna ráthú ag Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn, a sholáthar.

(a)

ní iarrfar aon chomhthaobhacht ná ráthaíocht tuismitheora;

(b)

deonófar iasachtaí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach;

(c)

mar chuid den phróiseas measúnaithe, déanfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais riosca an mhic léinn maidir le dócmhainneacht a mheas, agus na leibhéil fiachais fhabhraithe agus aon bhreith dhlíthiúil le haghaidh fiach neamhíoctha á gcur i gcuntas; agus

(d)

beidh aisíocaíocht bunaithe ar shamhail hibrideach, a cheanglaíonn íocaíochtaí caighdeánaithe morgáiste-bhunaithe le coimircí sóisialta, go háirithe:

(i)

ráta úis atá i bhfad níos ísle ná rátaí an mhargaidh;

(ii)

tréimhse cairde tosaigh roimh thús na n-aisíocaíochtaí, ar tréimhse í a mhairfidh 12 mhí ar a laghad tar éis chríoch an chláir staidéir, nó, i gcás nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta do mhoilleanna den sórt sin, foráil a bheith ann chun aisíocaíochtaí ainmniúla a dhéanamh i rith na tréimhse 12 mhí sin;

(iii)

foráil a bheith ann do "shaoire ó aisíocaíochtaí" ar feadh íostréimhse 12 mhí thar shaolré na hiasachta, a fhéadfar a agairt arna iarraidh sin ag an gcéimí, nó, i gcás nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta do mhoilleanna den sórt sin, foráil a bheith ann íocaíochtaí ainmniúla a dhéanamh i rith na tréimhse 12 mhí sin;

(iv)

an rogha a bheith ann íocaíocht an úis a iarchur le linn na tréimhse staidéir;

(v)

árachas in aghaidh an bháis nó in aghaidh míchumais; agus

(vi)

gan aon phionóis le haghaidh íocaíocht a dhéanamh go luath, bíodh sé go hiomlán nó go páirteach.

Féadfaidh idirghabhálaithe airgeadais aisíocaíochtaí a bheadh ag brath ar ioncam a thairiscint, chomh maith le téarmaí níos fearr amhail tréimhsí cairde níos faide, "saoire ó aisíocaíochtaí" níos faide nó aibíocht níos déanaí, chun riachtanais shainiúla na gcéimithe a chur i gcuntas, amhail iad siúd a thugann faoi staidéir dochtúireachta, nó níos mó ama a cheadú do chéimithe fostaíocht a fháil. Cuirfear san áireamh na coinníollacha feabhsaithe sin a bheith á soláthar sa nós imeachta chun na hidirghabhálaithe airgeadais á roghnú

3.   Faireachán agus meastóireacht

Beidh Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn faoi réir faireacháin agus meastóireachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo, agus ar bhonn Airteagal 140(8) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Mar chuid den phróiseas seo, tuairisceoidh an Coimisiún ar éifeachtaí Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn ar na tairbhithe agus ar na córais ardoideachais. Áireofar, inter alia, i dtuarascáil an Choimisiúin sonraí maidir le hábhair imní chomh maith le bearta arna mbeartú chun déileáil leo i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na mac léinn atá ag fáil iasachtaí atá á dtacú ag Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn, lena n-áirítear sonraí maidir lena rátaí comhlíonta;

(b)

méid na n-iasachtaí atá faoi chonradh ag na hidirghabhálaithe airgeadais;

(c)

leibhéal na rátaí uis;

(d)

fiacha gan íoc agus na leibhéil réamhshocraithe, lena n-áirítear aon bhearta arna nglacadh ag idirghabhálaithe i gcoinne iad siúd a dhéanann mainneachtain maidir lena n-iasachtaí;

(e)

bearta chun calaois a chosc arna nglacadh ag idirghabhálaithe airgeadais;

(f)

próifíl na mac léinn a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh, lena n-áirítear a gcúlra socheacnamaíoch, a dtír thionscnaimh agus a dtír chinn scríbe, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta um chosaint sonraí;

(g)

cothromaíocht gheografach an roghnúcháin; agus

(h)

cumhdach geografach na n-idirghabhálaithe airgeadais.

In ainneoin na gcumhachtaí arna dtabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag Airteagal 140(9) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, breithneoidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé athruithe rialála iomchuí a mholadh, lena n-áirítear athruithe reachtacha, mura sásúil an glacadh sa mhargadh tuartha nó rannpháirtíocht na n-idirghabhálaithe.

4.   Buiséad

Cumhdóidh an leithdháileadh buiséadach costas iomlán Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn, lena n-áirítear na hoibleagáidí airgeadais i leith na n-idirghabhálaithe rannpháirteacha airgeadais agus glaoch á dhéanamh acu ar ráthaíochtaí páirteacha agus ar na táillí bainistíochta ón CEI.

Maidir leis an mbuiséad a shanntar don tSaoráid, dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 18(2), ní mó ná 3,5 % a bheidh ann de bhuiséad iomlán an Chláir.

5.   Infheictheacht agus múscailt feasachta

Rannchuideoidh gach idirghabhálaí airgeadais le cur chun cinn Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn trí fhaisnéis a sholáthar do mhic léinn ionchasacha. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, inter alia, an fhaisnéis is gá a thabhairt do na gníomhaireachtaí náisiúnta i dtíortha an Chláir chun a chumasú dóibh gníomhú mar idirghabhálaithe d'fhaisnéis maidir leis Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn.


(1)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).


Top