Plean le haghaidh géarchéimeanna bia/beathaithe a bhainistiú

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2004/478/CE - plean ginearálta a ghlacadh le haghaidh géarchéimeanna bia/beathaithe a bhainistiú

Ceartúchán

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Trí reachtaíocht AE lena leagtar amach prionsabail ghinearálta agus riachtanais an dlí faoi bhia agus lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia, soláthraítear an bunús dlí don phlean le haghaidh géarchéimeanna bia/beathaithe a bhainistiú.

Is é aidhm phlean an AE le haghaidh géarchéimeanna bia/beathaithe a bhainistiú iarmhairt eacnamaíoch géarchéimeanna féideartha a sheachaint nó a íoslaghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Laistigh den chinneadh tá plean maidir le nósanna imeachta praiticiúla atá riachtanach d’fhonn géarchéimeanna bia nó beathaithe a bhainistiú — lena n-áirítear prionsabail na follasachta agus straitéis cumarsáide le leanúint. Bunaítear líonra de chomhordaitheoirí géarchéime leis freisin.

Cuirtear ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh leis aonad géarchéime a bhunú má tharlaíonn géarchéim. Cuireann an Coimisiún in iúl do na tíortha AE atá i gceist láithreach bonn. Déanann an t-aonad sonraí a bhailiú agus a mheasúnú agus sainaithníonn sé na roghanna le haghaidh an ghéarchéim a bhainistiú chomh maith leis na dóigheanna is fearr chun eolas a thabhairt don phobal.

Ullmhaíonn an Coimisiún na bearta a bhíonn le glacadh nuair is gá. D’fhéadfadh sé iarraidh ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia freisin tuairim eolaíochta phráinneach a sholáthar.

Ar feadh na géarchéime, tionólann an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha cruinnithe rialta chun a chinntiú go ndéantar gach faisnéis a chomhroinnt, agus go gcuirtear na bearta riachtanacha i bhfeidhm. Bíonn tíortha AE freagrach as seiceálacha rialta.

Nuair a bhíonn an riosca faoi smacht, déantar an t-aonad géarchéime a dhíscaoileadh.

I gcásanna nuair a bhíonn riosca “ionchasach” ann agus nuair a d’fhéadfadh sé fabhrú, bíonn plean bainistíochta éifeachtaí laistigh den chinneadh. Ní dhéanfaí aonad géarchéime a bhunú mura bhfásann an riosca.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 1 Bealtaine 2004.

CÚLRA

Cé go bhfuil sé mar aidhm ag reachtaíocht AE ráigeanna galar bia-iompartha a chosc trí chaighdeáin maidir le sláinteachas maith, teorainneacha maidir le fuíll substaintí leigheasachalotnaidicídí arna n-úsáid sa slabhra bia, agus rialuithe oifigiúla, etc, tarlaíonn géarchéimeanna ó am go ham. Bhí géarchéimeanna bia agus beathaithe roimhe seo, amhail an ghéarchéim um einceifealapaite spúinseach bhólachta (ESB) sna 1990idí, ina gcúis le hangar daonna agus bhí iarmhairt thromchúiseach acu ar an ngeilleagar.

D’fhéadfadh faisnéis faoi ghéarchéim teacht ón gCóras Mear-rabhaidh Eorpach um Bia don Duine agus d’Ainmhithe; ó údaráis náisiúnta, ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia, ón FVO (an Oifig Bia agus Tréidliachta), ó thíortha eile, na meáin, grúpaí tomhaltóirí, etc.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2004/478/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 maidir le plean ginearálta a ghlacadh le haghaidh géarchéimeanna bia/beathaithe a bhainistiú (IO L 160, 30.4.2004, lgh 98-110). Téacs arna athfhoilsiú mar cheartúchán (IO L 212, 12.6.2004, lgh. 60-68)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus riachtanais an dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht bhia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 16/2011 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2011 lena leagtar síos na bearta cur chun feidhme don Chóras mear-rabhaidh um bia agus beatha (IO L 6, 11.1.2011, lgh. 7-10)

Nuashonraithe 23.04.2018