Buiséad AE — An Córas Luathbhraite agus Luatheisiaimh (EDES)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 — an córas luathbhraite agus luatheisiaimh chun bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú.
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leasaítear leis bunrialacha airgeadais AE agus bunaítear leis córas luathbhraite agus luatheisiaimh, arna oibriú ag an gCoimisiún Eorpach, chun leasanna airgeadais AE a chosaint i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha (i.e. gnólachtaí, cuideachtaí agus eagraíochtaí neamhthráchtála) neamhiontaofa.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Is é is aidhm leis an gcóras an méid seo a leanas a chinntiú:
-
luathbhraith rioscaí a chuireann leasanna airgeadais AE faoi bhagairt;
-
eisiamh oibreora eacnamaíoch ó chistí AE a fháil;
-
pionós airgeadais a ghearradh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhriseann rialacha AE.
-
Ní mór don Choimisiún nó d’údarás conarthach eile oibreoirí eacnamaíocha a eisiamh ó chistí AE a fháil trí, mar shampla, nósanna imeachta deontais nó soláthair AE le haghaidh:
-
a bheith féimheach, faoi réir nósanna imeachta dócmhainneachta nó má tá a ngníomhaíochtaí gnó curtha ar fionraí;
-
neamhíoc cánacha nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta;
-
mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, amhail sárú a dhéanamh ar chearta maoine intleachtúla nó dul isteach i gcomhaontú le hoibreoirí eile chun iomaíocht a shaobhadh;
-
calaois, éillitheacht, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid, cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht, saothar leanaí agus gáinneáil ar dhaoine;
-
sárú tromchúiseach ar chonradh nó mírialtacht.
-
Chun oibriú comhleanúnach an chórais a chinntiú, déantar na cinntí maidir le heisiaimh agus pionóis airgeadais ar bhonn mholadh ó phainéal neamhspleách. Soláthraíonn an painéal réamhaicmiú faoin dlí d’uireasa breithiúnas deiridh nó cinneadh riaracháin deiridh agus i gcásanna a bhaineann le sárú tromchúiseach ar chonradh.
-
Tá cinntí maidir le cibé acu oibreoirí eacnamaíocha a eisiamh nó pionóis a ghearradh orthu bunaithe ar:
-
Bunaítear aon chinneadh maidir leis an bpionós ar:
-
prionsabal na comhréireachta;
-
tromchúise an cháis;
-
an tionchar ar airgead agus íomhá AE;
-
an tréimhse ón iompar ábhartha, an fad a mhair sé agus a athdhéanamh;
-
rún nó méid na faillí;
-
imthosca maolaitheacha, amhail an méid ar chomhoibrigh an t-oibreoir eacnamaíoch.
-
D’fhéadfadh sé nach n-eisiafaí oibreoirí eacnamaíocha ó pháirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair má:
-
tá bearta ceartaitheacha déanta acu, ag taispeáint a n-iontaofachta dá réir sin;
-
tá gá le leanúnachas seirbhíse a chinntiú ar feadh tréimhse teoranta;
-
bheadh eisiamh neamhréireach.
-
Is féidir le pionóis airgeadais bheith idir 2 % agus 10 % de mhéid iomlán an chonartha agus is féidir le tréimhse an eisiaimh a bheith idir 3 agus 5 bliana.
-
Cuirtear an fhaisnéis a bhaineann le córas luathbhraite agus luatheisiaimh isteach i mbunachar sonraí láraithe de chuid an Choimisiúin.
-
Cinneann an Coimisiún, nó an t-údarás conarthach ábhartha, an ngearrfar nó nach ngearrfar pionós airgeadais as calaois nó míghníomhartha ar bith.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016.
CÚLRA
Tá an Córas Luathbhraite agus Luatheisiaimh (EDES) ceaptha chun leasanna airgeadais AE a chosaint agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú. Cuireadh in ionad an Chórais Réamhrabhaidh agus an Bhunachair Sonraí Lárnaigh maidir le hEisiamh a bhí ann roimhe seo é ó 1 Eanáir 2016.
Bunaíodh é le Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 lenar leasaíodh Rialachán Airgeadais AE.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 286, 30.10.2015, lgh. 1-29)
Nuashonraithe 05.10.2016