AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.6.2025
COM(2025) 267 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir leis an meastóireacht ex post ar chlár um cheartas 2014-2020 agus maidir leis an meastóireacht eatramhach ar chlár um cheartas 2021-2027
{SWD(2025) 134 final}
1. Réamhrá
Cuirtear i láthair leis an tuarascáil seo torthaí na meastóireachta ar an gclár um cheartas a rinne an Coimisiún Eorpach. Tá dhá chomhpháirt sa mheastóireacht. Is í an chéad chomhpháirt an mheastóireacht ex post ar
chlár um cheartas 2014-2020
, lena ndéantar measúnú ar a thionchar níos fadtéarmaí agus ar a éifeachtaí inbhuanaitheachta, bunaithe ar thorthaí na chéad choda den mheastóireacht ex post a cuireadh i gcrích in 2022. Is í an dara comhpháirt an mheastóireacht eatramhach ar
chlár um cheartas 2021-2027
, lena ndéantar measúnú ar a bhfuil bainte amach leis go dtí seo. I gcomhréir leis na treoirlínte maidir le ‘rialáil níos fearr’, déantar measúnú leis an meastóireacht ar an dá chlár de réir chritéir na héifeachtachta, na héifeachtúlachta, an chomhleanúnachais, bhreisluach AE, agus na hábharthachta.
Ó bhí 2014 ann, tá an clár um cheartas ag rannchuidiú le limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt atá bunaithe ar an smacht reachta. Ó 2014 go 2020, rannchuidigh an clár um cheartas le limistéar ceartais de chuid an Aontais Eorpaigh a fhorbairt a thuilleadh, ar limistéar é atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach agus ar iontaoibh fhrithpháirteach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a chur chun cinn; agus (ii) cuidiú le hoiliúint a chur ar bhreithiúna agus ar chleachtóirí dlí eile. Ó bhí 2021 ann, tá an clár um cheartas ag leanúint de bheith ag rannchuidiú le limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt a thuilleadh ar limistéar é atá bunaithe ar an smacht reachta, lena n-áirítear neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna, ar aitheantas frithpháirteach agus ar iontaoibh fhrithpháirteach, agus ar chomhar breithiúnach. Is é is aidhm dó an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint na gceart bunúsach a neartú.
Tá an mheastóireacht bunaithe ar fhianaise a bailíodh trí staidéar tacaíochta a rinne saineolaithe seachtracha. Leis an meastóireacht: (i) déantar breithniú ar mheasúnú tionchair a rinneadh roimhe seo chun anailís a dhéanamh ar thogra le haghaidh clár Eorpach maidir le cultúr, cearta agus luachanna; agus (ii) aithnítear an mheastóireacht eatramhach ar chlár 2014-2020 agus an chéad chuid den mheastóireacht ex post ar chlár 2014-2020. Leis an meastóireacht eatramhach ar chlár um cheartas 2021-2027, baintear leas as torthaí na chéad choda agus an dara cuid den mheastóireacht ex post ar chlár 2014-2020.
Cumhdaítear leis an meastóireacht ex post cur chun feidhme chlár um cheartas 2014-2020 ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, agus gníomhaíochtaí uile an chláir a bhí ar siúl sna tíortha rannpháirteacha uile le linn an ama sin. Cumhdaítear leis an meastóireacht eatramhach cur chun feidhme chlár um cheartas 2021-2027 ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, agus na gníomhaíochtaí uile a bhí ar siúl sna tíortha rannpháirteacha uile le linn an ama sin.
Chuathas i gcomhairle le raon leathan páirtithe leasmhara chun an mheastóireacht seo a ullmhú, lena n-áirítear ionadaithe ó na páirtithe seo a leanas: (i) Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí de choistí ábhartha na gclár; (ii) iarratasóirí ar chláir agus tairbhithe; (iii) gníomhaireachtaí; (iv) eagraíochtaí sochaí sibhialta; agus (v) an pobal i gcoitinne.
Déantar achoimre leis an tuarascáil seo ar phríomhthorthaí na meastóireachta, agus áirítear léi measúnú ar na sineirgí idir an dá chlár (i.e. clár 2014-2020 agus clár 2021-2027). Dírítear aird léi ar bharúlacha agus ar réimsí le haghaidh feabhais a d’fhéadfadh an Coimisiún a mheas don chlárthréimhse 2021-2027 agus don chéad timthriall cistiúcháin eile.
2. Príomhthorthaí na meastóireachta
Déantar na príomhthorthaí meastóireachta a chuirtear i láthair sna ranna seo a leanas a struchtúrú de réir na gcúig chritéar meastóireachta, agus foranna ag gabháil leo le haghaidh gach cláir.
2.1. Éifeachtacht
An Clár um Cheartas 2014-2020
Deimhníodh leis an meastóireacht ex post gur tháinig na torthaí a raibh coinne leo as cur chun feidhme an chláir ar fud a chuspóirí sonracha uile.
Socraíodh an líon agus céatadán den bhreithiúnacht agus den fhoireann bhreithiúnach a bhí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oiliúna arna gcistiú ag an gclár mar tháscaire ar an gcuspóir sonrach a bhaineann le hoiliúint bhreithiúnach. Sroicheadh an tairseach de 16 000 oiliúnaí cheana féin in 2017, agus sroicheadh an tairseach 13 % in 2020, is dócha mar gheall ar fhorleathnú spriocghrúpa an chláir um cheartas agus an comhthéacs dlíthiúil atá ag athrú. Dá bhrí sin, bhí cistiú leanúnach an chláir um cheartas 2014-2020 sa réimse sin éifeachtach, toisc gur chuidigh sé le cleachtóirí dlí páirt a ghlacadh in oiliúint leanúnach.
Ar an iomlán, rannchuidigh an clár leis an líon carnach 800 000 cleachtóir dlí a fuair oiliúint ar dhlí an Aontais faoi 2020 roimh an sprioc. Cé nach féidir an bhaint amach sin a chur go hiomlán síos don chlár um cheartas, deimhníodh leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara gurbh í an oiliúint an ghníomhaíocht ba mhinice a luadh a bhain le tionscadail chistithe. Thug beagnach gach tairbhí a ndearnadh suirbhé orthu (96 %) le fios go bhfuarthas scileanna agus eolas nua mar thoradh ar oiliúint.
Chomhlíon clár 2014-2020 líon mór spriocanna, cé nach raibh baint ag na spriocanna sin uile le cur chun cinn an chomhair bhreithiúnaigh. Cé nach féidir an méid atá bainte amach sa réimse seo a chur go hiomlán síos don chlár um cheartas, soláthraíodh fianaise láidir leis na sonraí cáilíochtúla chun a éifeachtacht a dheimhniú.
Chomhlíon clár 2014-2020 a sprioc freisin maidir leis an líon iomlán malartuithe faisnéise a rinneadh tríd an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), , . Léiríodh le fianaise cháilíochtúil ón meastóireacht ex post go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir comhaltaí den bhreithiúnacht i dtíortha éagsúla an Aontais agus cur chun feidhme comhsheasmhach dhlí an Aontais araon ríthábhachtach d’éifeachtacht an chláir. Dúirt páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo maidir leis an meastóireacht gur chuir infheistíochtaí i gcomhar breithiúnach cur chun feidhme éifeachtach agus cuimsitheach dhlí an Aontais chun cinn. Tá sé cruthaithe go n-oireann tionscadail lena gcuirtear tacaíocht chúirtbhunaithe do chleachtóirí breithiúnacha agus do chleachtais phromhaidh chun cinn go háirithe don fhoghlaim a éascú. Léiríodh leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin go raibh an clár éifeachtach maidir le dea-chleachtais a scaipeadh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ríthábhachtacha amhail foréigean inscnebhunaithe agus meabhairshláinte i gcórais cheartais choiriúil. Mar sin féin, níor comhlíonadh sprioc amháin. Ba é sin an sprioc chun an meán-am a thógann sé chun duine a bhfuiltear sa tóir air a thabhairt suas do thír iarrthach faoin mbarántas gabhála Eorpach a laghdú go 10 lá faoi 2020. Níor comhlíonadh an sprioc sin le farasbarr 11 lá (i.e. tógann an nós imeachta sin 21 lá ar an meán fós). Is dócha gur mínithe ar an treocht sin iad an claonadh inbhraite ó Bhallstát go chéile an t‑am a thógann sé don nós imeachta um thabhairt suas a mhéadú, mar aon le héifeachtaí phaindéim COVID‑19.
Sháraigh clár 2014-2020 a sprioc go mór maidir leis an líon ‘amas’ (i.e. cuairteanna aonair ar shuíomh gréasáin) ar thairseach r-cheartais an Aontais freisin, arbh é an critéar é a socraíodh leis an gclár maidir le rochtain ar an gceartas. Mar a deimhníodh leis an anailís, mheas páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo gur uirlis thábhachtach í an tairseach r-cheartais chun faisnéis a chur ar fáil. Thairis sin, cuireadh i dtábhacht leis an aiseolas ó ghníomhaíochtaí comhairliúcháin gur músclaíodh feasacht go héifeachtach le clár 2014-2020 maidir leis an ról tábhachtach atá ag gairmithe a thacaíonn le híospartaigh na coireachta. Chuidigh na tionscadail a chuir an clár chun feidhme le ról na ngairmithe sin mar chompánaigh iontaofa d’íospartaigh na coireachta le linn imeachtaí cúirte a chur i dtábhacht.
Maidir le cuspóir sonrach an chláir tacú le tionscnaimh i réimse an bheartais drugaí a mhéid a bhaineann le comhar breithiúnach agus gnéithe a bhaineann le cosc ar an gcoireacht, áfach, níor chomhlíon an clár a sprioc maidir le measúnú a dhéanamh ar líon socraithe substaintí sícighníomhacha nua. De réir Ghníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh, is neamhchinnte an chúis atá leis an meath breathnaithe ar an líon substaintí a ndearnadh measúnú orthu. Is iad na mínithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an meath rialuithe agus idirghabhálacha méadaithe chun díol agus tomhaltas na substaintí sin a laghdú.
Le dearadh an chláir, bhíothas in ann an tsolúbthacht ba ghá a fháil chun tionscadail a reáchtáil a chumhdaigh tíortha éagsúla. Bhí tionscadail éifeachtach freisin maidir le heolas agus dea-chleachtais a scaipeadh ar fud na dtíortha rannpháirteacha. Lean líonraí trastíre de rannpháirtithe tionscadail a cruthaíodh le cuidiú ó chistiú an chláir de bheith ag oibriú tar éis dheireadh na dtionscadal. Mhéadaigh comhpháirtíochtaí fadtréimhseacha a cruthaíodh leis an gclár an fhoghlaim fhrithpháirteach agus, ar an gcaoi sin, méadaíodh acmhainn oibríochtúil na n-eagraíochtaí cistithe agus inbhuanaitheacht na dtorthaí araon. Dáileadh cistiú ar fud na mBallstát uile, agus ba iad eagraíochtaí san Iodáil, sa Bheilg agus sa Spáinn ba mhinice a bhí páirteach i dtionscadail chistithe.
Rud nach beag, bhí clár um cheartas 2014-2020 éifeachtach freisin maidir leis an digitiú a chur chun cinn. Cé nach cuspóir cláir é an digitiú a chur chun cinn, nuair a bhí aghaidh á tabhairt ar phaindéim COVID‑19, ardaíodh leis na srianta gaolmhara a tháinig chun cinn an gá atá le bealaí malartacha a aimsiú chun oiliúint a dhéanamh agus chun oibriú i gcomhar laistigh de chuibhreannais tionscadal. Dá bhrí sin, chuir an clár dlús leis an digitiú trí chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a chistiú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le teicneolaíocht faisnéise (TF) a tháinig faoina shainchúram. Mar sin féin, léiríodh le fianaise ó thionscadail go raibh glacadh na n-uirlisí digiteacha míchothrom. Chuir leibhéil éagsúla litearthachta digití na rannpháirtithe, mar aon le difríochtaí sa bhonneagar digiteach sna Ballstáit, bacainní ar chleachtóirí dlí.
Ar deireadh, cuireadh i dtábhacht leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara go bhféadfadh an clár um cheartas 2014-2020 níos mó tacaíochta a sholáthar do dhaoine den phobal chun cuidiú leo rochtain a fháil ar sheirbhísí tacaíochta sóisialta a chuireann eagraíochtaí sochaí sibhialta (ESSanna) ar fáil. Dúshlán eile ba ea rannpháirtíocht theoranta na mbreithiúna mar spriocghrúpa de na tionscadail. D’fhéadfaí é sin a mhíniú go príomha leis an tréimhse theoranta ama a bhíonn ag breithiúna de ghnáth chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sa bhreis ar a ndualgais sa chúirt.
An Clár um Cheartas 2021-2027
Léiríodh leis an meastóireacht eatramhach ar chlár um cheartas 2021-2027 go raibh an clár éifeachtach go dtí seo maidir lena chuspóirí a bhaint amach. Mar shampla, na spriocanna a bhí aige maidir le hoiliúint bhreithiúnach agus comhar breithiúnach, bhain sé na spriocanna sin amach agus tuilleadh fós, d’ainneoin thionchar diúltach tosca seachtracha amhail paindéim COVID‑19 agus an staid pholaitiúil i roinnt Ballstát. Ar an iomlán, tugann na torthaí a bailíodh don mheastóireacht eatramhach seo le fios go bhfuil ag éirí go maith leis an gclár, agus léirigh formhór na bpáirtithe leasmhara muinín as an gclár ó thaobh ratha de agus ó thaobh é a bheith ag teacht le spriocanna uileghabhálacha chlár oibre ceartais an Aontais.
I gcomparáid lena réamhtheachtaí, agus i bhfianaise thorthaí na meastóireachta ex post, ionchorpraíodh an méid seo a leanas i gclár um cheartas 2021-2027: (i) nósanna imeachta níos fearr ó thaobh bainistíocht cláir de agus ó thaobh riaracháin de; agus (ii) sásraí faireacháin agus uirlisí bailithe sonraí níos fearr chun éifeachtacht na dtionscadal cistithe a rianú.
Cuireadh i dtábhacht leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara freisin gur chreid tairbhithe chlár um cheartas 2021-2027 gur rannchuidigh a dtionscadail le cuspóirí an chláir níos mó ná mar a rannchuidigh tionscadail roimhe seo faoi chlár 2014-2020. Bhí na réimsí céanna fós tábhachtach sa dá chlár (i.e. feabhas a chur ar chur chun feidhme dhlí an Aontais, oiliúint, agus feasacht an phobail a mhúscailt). Mar sin féin, thuairiscigh tairbhithe chlár um cheartas 2021-2027 gur rannchuidigh a ngníomhaíochtaí níos mó fós le feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí ESS agus le córais trasteorann a dhéanamh níos idir-inoibrithí ná tionscadail agus gníomhaíochtaí sa chlár a bhí ann roimhe seo. Tugtar le fios leis sin go ndearnadh dul chun cinn i réimsí a measadh roimhe seo a bheith níos dúshlánaí. Ar an iomlán, trína chur chuige cuimsitheach agus trína thionscnaimh spriocdhírithe, chothaigh clár um cheartas 2021-2027 feabhas mór ar eolas, scileanna agus iompraíocht a spriocghrúpaí, rud a thugann le fios go bhfuil acmhainneacht láidir ann d’éifeachtaí fadtéarmacha. Tugadh le fios le suirbhéanna a rinneadh leis na tairbhithe gur mhúscail clár um cheartas 2021-2027 feasacht maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an smacht reachta agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais i measc rannpháirtithe, agus go bhfuil difríocht mhór idir na leibhéil eolais i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne. Tugann sé sin le fios go gcuireann na daoine sin a shroichtear le gníomhaíochtaí an chláir leis an eolas agus an tuiscint atá acu ar dhlí an Aontais agus ar an smacht reachta araon. Tá méadú leanúnach tagtha ar thábhacht ghnéithe an smachta reachta a dtugtar aghaidh orthu le tionscadail, ag tógáil ar bhonn a leagadh síos sa chlárthréimhse roimhe seo.
Chuir páirtithe leasmhara agus tairbhithe in iúl go raibh muinín acu as inbhuanaitheacht thorthaí an chláir. Tá tionchar chlár um cheartas 2021-2027 le feiceáil cheana féin trí na naisc agus na líonraí atá tógtha aige, rud a thugann dóchúlacht láidir le fios go mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha ann. Tá tionchar níos mó fós ag infhaighteacht ábhar oiliúna i dteangacha éagsúla, lena n-áirithítear go bhfuil rochtain ag pobal níos leithne ar thairbhí an chláir agus go mbainfear úsáid mharthanach astu san earnáil cheartais. Chreid tromlach mór de na tairbhithe go bhfuil sé d’acmhainn ag a dtionscadail an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo a mhúnlú (amhail i réimse na gceart íospartach); (ii) feabhas a chur ar chleachtais bhreithiúnacha; agus (iii) caighdeáin nua de chuid an Aontais a shocrú maidir le comhar breithiúnach agus rochtain ar an gceartas. An tráth céanna, chuir roinnt tairbhithe in iúl freisin go raibh imní orthu faoina spleáchas ar chistiú ón Aontas chun leanúint dá dtionscnaimh. D’fhéadfadh an spleáchas sin teorainn a chur le rannchuidiú na dtairbhithe sin leis an scrúdú ar thopaicí atá ag teacht chun cinn agus lena gcumas freagairt d’athruithe a tharla le déanaí, rud a chuirfeadh teorainn le tionchar níos fadtéarmaí an chláir.
Léirigh na gníomhaíochtaí cumarsáide a cistíodh tríd an gclár a gcumas mór chun páirtithe leasmhara a chur ar an eolas agus dul i dteagmháil leo, mar is léir ón líon mór daoine a sroicheadh trí thionscnaimh éagsúla. Tháinig méadú 76 % ar chuairteanna idir 2021 agus 2022 ar leathanaigh ghréasáin na tairsí r-cheartais a dhéileálann le hábhair choiriúla, agus bhí 2.25 milliún amas ann in 2022, rud a léiríonn spéis mhéadaitheach sa chóras ceartais ó Bhallstát go chéile. Is í tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ an Aontais an fhoinse phríomhúil faisnéise fós maidir leis an gclár um cheartas agus na deiseanna cistiúcháin a bhaineann leis. Bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh trí chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, ba chosúil go bhfuil laghdú tagtha ar ghníomhaíochtaí cumarsáide chun feasacht a mhúscailt faoin gclár a eascraíonn as rialtais náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla ó 8.7 % sa tréimhse chistiúcháin roimhe seo go 3.7 % sa tréimhse chistiúcháin atá ann faoi láthair. Mar sin féin, dúirt 71.6 % d’iarratasóirí rathúla agus mírathúla araon go raibh aithne mhaith ar chlár um cheartas 2021-2027 i measc iarratasóirí féideartha, rud a bhí ar aon dul leis na torthaí ón tréimhse chistiúcháin roimhe seo ó 2014-2020. Mar sin féin, cuireadh i dtábhacht le fianaise a bailíodh don mheastóireacht seo éagothromaíocht feasachta i measc grúpaí páirtithe leasmhara éagsúla. Thuairiscigh páirtithe leasmhara san ardoideachas agus údaráis phoiblí feasacht níos mó ar an gclár ná mar a thuairiscigh ESSanna. Tugann sé sin le fios, cé go bhfuil gníomhaíochtaí cumarsáide an chláir éifeachtach, go bhféadfadh sé nach bhfuil siad ag sroicheadh gach earnáil go cothrom. Féadfar é sin a mhíniú le cineál teicniúil an chláir, a dhíríonn go príomha ar riachtanais speisialaithe na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hiarrachtaí cumarsáide a mhéadú i roinnt réigiún den Aontas chun éifeachtacht fhoriomlán an chláir agus éagsúlacht na gcomhpháirtíochtaí ó Bhallstát go chéile a mhéadú a thuilleadh. Go deimhin, cé nach cuspóir de chuid an chláir í an chothromaíocht gheografach per se, léiríodh leis na sonraí, go dtí deireadh 2023, go ndearna eagraíochtaí atá bunaithe i roinnt Ballstát cistí a chur i bhfeidhm agus a fháil níos minice ná eagraíochtaí atá bunaithe i mBallstáit eile.
Ó bhí paindéim COVID‑19 ann, tá níos mó béime curtha ag an gclár ar an digitiú. Tá méadú tagtha ar an úsáid a bhaineann tairbhithe as uirlisí digiteacha ina gcuid gníomhaíochtaí, rud a chuireann lena n-éifeachtacht. An tráth céanna, ó bhí an phaindéim ann, tá an clár ag díriú níos mó agus níos mó ar phríomhshruthú inscne freisin. Áirítear leis an bhfócas sin: (i) modheolaíocht a chur chun feidhme chun sonraí a rianú maidir leis an gcaoi a ndéanann gníomhaíochtaí cistithe difear don chomhionannas inscne; (ii) ceanglais níos sainráite maidir le comhionannas inscne i ndoiciméid glaonna agus i gcritéir mheastóireachta; agus (iii) anailís thiomnaithe ar ghné inscne na dtograí tionscadail. Leis an gceanglas maidir le fócas níos tiomnaithe ar phríomhshruthú inscne a chomhtháthú sna tionscadail a chomhchistítear leis an gclár um cheartas, cuireadh feabhas ar éifeachtacht an chláir, ós rud é go raibh na hidirghabhálacha ailínithe ar bhealach níos fearr le riachtanais na spriocghrúpaí. Rinne os cionn 80 % de na tionscadail a cistíodh bearta a ionchorprú chun comhionannas inscne a chur chun cinn, agus bhí siad in ann comhionannas inscne a phríomhshruthú go héifeachtach ina dtograí. Mar sin féin, leis an bhfianaise a bailíodh don mheastóireacht seo, cuireadh i dtábhacht go dtairbheodh roinnt iarratasóirí fós de thuilleadh treoraíochta, amhail níos mó samplaí dea-chleachtais a chuirtear in oiriúint do chuspóirí sonracha an chláir um cheartas.
Ar an iomlán, tá méadú tagtha ar iarrachtaí chlár um cheartas 2021-2027 cuimsitheacht a áirithiú, idirdhealú a chomhrac, agus tacú le grúpaí leochaileacha. Tugtar le fios leis sin go bhfuil cur chuige réamhbhreathnaitheach glactha ag an gclár maidir le córas ceartais cothrom agus comhionann a chruthú ar fud an Aontais. Is gné nua den chlár atá ann faoi láthair é rochtain neamh‑idirdhealaitheach ar an gceartas a áirithiú do chách, a bhfuil dul chun cinn maith á léiriú aige cheana féin, i bpáirt trí thacú le príomhshruthú inscne agus trí neamh‑idirdhealú a phríomhshruthú ina ghníomhaíochtaí uile mar a cheanglaítear le bunús dlí an chláir.
2.2. Éifeachtúlacht
An Clár um Cheartas 2014-2020
Ar an iomlán, fuarthas amach leis an meastóireacht go raibh clár um cheartas 2014-2020 costéifeachtach maidir lena chuspóirí a bhaint amach.
Deimhníodh den chuid is mó leis an aiseolas ó thairbhithe gur mhó na tairbhí a bhaineann le páirt a ghlacadh sa chlár ná na costais ghaolmhara. Baineann na tairbhí go príomha le comhpháirtíochtaí nua a chruthú lena gcuirtear chun cinn na nithe seo a leanas: (i) iontaoibh fhrithpháirteach idir gníomhaithe breithiúnacha; (ii) cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais; agus (iii) feasacht ar chosaint na gceart bunúsach agus an chosaint sin a chur chun cinn.
D’ainneoin measúnú dearfach foriomlán a rinne páirtithe leasmhara ar an gclár, is dúshlán mór acmhainní agus ama d’iarratasóirí, agus d’iarratasóirí céaduaire go háirithe, é an próiseas iarratais agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar thionscadail a chistítear leis an gclár. Mheas iarratasóirí a bhfuil níos mó taithí acu fós go raibh ualach ag baint leis an bpróiseas, ach ní a oiread céanna le hiarratasóirí céaduaire. Luaigh páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo go minic freisin gur fadhb é an t‑ualach riaracháin de bharr na gceanglas forleathan tuairiscithe, agus cuireadh na costais foirne is airde i leith gníomhaíochtaí riaracháin.
D’ainneoin na ndúshlán sin, ba mhór ag páirtithe leasmhara gníomhaíochtaí an Choimisiúin chun an próiseas riaracháin a shimpliú. Mheas na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo gurb é digitiú an phróisis iarratais, rud a rinneadh nuair a tugadh isteach tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ an Aontais, an simpliú is tábhachtaí a rinne an Coimisiún.
Socraítear le Rialachán (AE) 1382/2013 buiséad EUR 377 604 000 le haghaidh na tréimhse 2014-2020, agus socraítear méideanna bliantúla sna cláir oibre. Bunaithe ar shonraí a bailíodh le haghaidh na meastóireachta seo, gealladh os cionn 90 % (i.e. níos mó ná EUR 304 000 000) den bhuiséad a beartaíodh le haghaidh deontas agus soláthair (i.e. EUR 332 125 700).
Ar leibhéal na gcuspóirí sonracha, bhí an cistiú a cuireadh chun feidhme faoi na cuspóirí sonracha maidir le rochtain ar an gceartas agus ar oiliúint bhreithiúnach beagán os cionn an mheánráta tomhaltais (is é an ‘ráta tomhaltais’ nó an ‘ráta úsáide’ céatadán an chistithe bheartaithe a leithdháileadh ar chlár a dámhadh iarbhír do ghníomhaíochtaí faoin gclár sin). Os a choinne sin, bhí rátaí tomhaltais faoi bhun an mheáin ag cistí a cuireadh chun feidhme faoin gcomhar breithiúnach agus faoin mbeartas drugaí.
Fíor 1: Ráta tomhaltais na mbuiséad atá ar fáil in aghaidh an chuspóra shonraigh
Foinse: Mionsaothrú sonraí cláir (AS JUST). Tagraíonn acrainmneacha do chuspóirí sonracha chlár um cheartas 2014-2020: (1) an comhar breithiúnach a éascú agus tacú leis in ábhair shibhialta agus choiriúla (COMB); (2) tacaíocht d’oiliúint bhreithiúnach agus cur chun cinn na hoiliúna sin (OILB); (3) rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú do chách (ROCB); (4) tacaíocht do thionscnaimh i réimse an bheartais drugaí maidir le comhar breithiúnach agus gnéithe de chosc na coireachta (DRUB).
Tá léargas níos caolchúisí ann mar thoradh ar an ráta tomhaltais cistithe coibhneasta a chur i gcomparáid leis na buiséid phleanáilte.
Fíor 2: Buiséid bheartaithe in aghaidh an chuspóra shonraigh
Foinse: Mionsaothrú sonraí cláir (AS JUST)
Bhí an clár um cheartas 2014-2020 éifeachtach maidir lena chuspóirí a bhaint amach, agus léiríonn an ráta tomhaltais go raibh sé éifeachtach maidir le beagnach gach ciste beartaithe a úsáid. Ar thaobh amháin, chuidigh an ráta ard tomhaltais sin lena áirithiú gur cuireadh an cistiú in úsáid go forleathan. Ar an taobh eile, d’fhéadfaí an buiséad nár úsáideadh, cé nach buiséad sách mór é, a úsáid chun cuspóirí an chláir a chur chun cinn a thuilleadh. Deimhníodh le hagallaimh a rinneadh don mheastóireacht seo go ndearna tairbhithe céaduaire go háirithe gannmheastachán ar na hacmhainní a bhí ag teastáil uathu chun a dtionscadal a chur chun feidhme, rud a d’fhág go raibh iarrataí ar chistiú níos ísle ná mar a bhí beartaithe ar leibhéal an chláir. Tá an toradh sin i gcomhréir leis an bhfianaise ón gcéad chuid den mheastóireacht ex post ar chlár 2014-2020 inar sainaithníodh gannmheastachán ar chostais tionscadail mar phríomhchúis nár úsáideadh buiséad iomlán an chláir.
Rinneadh measúnú freisin ar chritéar meastóireachta na héifeachtúlachta trí chóimheasa costéifeachtachta, lenar tomhaiseadh na costais bhliantúla iomlána i ndáil le haschuir faoi chuspóir sonrach cláir. Mar shampla, rinneadh grinnscrúdú leis an meastóireacht ar infheistíochtaí an chláir i ngníomhaíochtaí oiliúna agus in dhá chóras TF mhóra thábhachtacha, lena rianaítear le chéile feidhmíocht an chláir sa chomhar breithiúnach, rochtain ar an gceartas agus oiliúint bhreithiúnach. Dá bhrí sin, tá na hinfheistíochtaí sin sa dá chóras TF mhóra thábhachtacha agus i ngníomhaíochtaí oiliúna ina n-athróga ionadacha maithe ar chostéifeachtacht an chláir.
Ar an gcéad dul síos, rinneadh anailís leis an meastóireacht ar na seisiúin oiliúna agus cruthaíodh cóimheas costéifeachtachta bunaithe ar an anailís sin. Thaispeáin an cóimheas bliantúil costéifeachtachta treocht laghdaitheach go dtí 2018, agus ansin thit sé níos mó fós, agus sroicheadh an leibhéal is ísle in 2020. Bhí an líon daoine a cuireadh faoi oiliúint ag an leibhéal is ísle in 2019 agus ag an leibhéal is airde in 2020. Is féidir an t‑athrú tapa ar an líon daoine ar cuireadh oiliúint orthu, agus an t‑athrú comhfhreagrach ar chostais ghaolmhara, a mhíniú den chuid is mó le tionchar phaindéim COVID‑19. De bharr thús na paindéime in 2020, tháinig méadú ar dhigitiú na gcúrsaí oiliúna. Trí oiliúint chianeagraithe a chistiú, chuir an clár feabhas ar a chostéifeachtacht. Mar sin féin, ba cheart na figiúirí sin a chur i gcomhthéacs, mar a léirítear le hobair an Ghréasáin Eorpaigh um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB), lena ndírítear ar mhalartuithe i láthair go pearsanta. Bhí líonrú agus malartuithe i láthair go pearsanta fós ina ngnéithe tábhachtacha a rannchuidíonn le cáilíocht na gcúrsaí oiliúna breithiúnaí.
Fíor 3: Cóimheasa costéifeachtachta maidir leis an líon comhaltaí den bhreithiúnacht a cuireadh faoi oiliúint (2014-2020)
Foinse: Mionsaothrú sonraí cláir (AS JUST)
Fachtóir eile a rannchuidigh le costéifeachtacht an chláir ba ea gníomhaíochtaí GEOB ar an leibhéal Eorpach a chruthaigh barainneachtaí scála. Bhunaigh GEOB timpeallacht chumasúcháin le haghaidh oiliúint bhreithiúnach ar mhórscála a bhfuil tionchar aici. Mar thoradh air sin, bhí an clár in ann tacú le seisiúin oiliúna ar chostas níos ísle.
Bhí an líon malartuithe in ECRIS ar cheann eile de na táscairí a úsáideadh chun tomhas a dhéanamh ar an gcaoi ar chuir an clár comhar breithiúnach chun cinn. Dá bhrí sin, is bealach maith é chun costéifeachtacht a mheas. Tháinig laghdú leanúnach ar chostas gach malairte ó 2014 go dtí 2019. Tháinig méadú freisin ar an líon malartuithe trí ECRIS thar na blianta agus, ar an gcaoi sin, rannchuidigh sé leis an gcóimheas maith costais‑aschuir. Bhí tionchar ag an bpaindéim freisin ar an líon malartuithe trí ECRIS (a mhéadaigh costais beagán), cé go raibh sé an-bheag.
Fíor 4: Cóimheasa costéifeachtachta maidir le malartuithe ECRIS (2014-2020)
Foinse: Mionsaothrú sonraí ECRIS (AS JUST)
Is féidir an méadú beag ar chostais in 2020 a chur i leith ghníomhaíocht laghdaithe na n-údarás inniúil náisiúnta go príomha. I measc tosca eile, ba iad an teilea-obair agus easpa foirne oilte na tosca foluiteacha. Tar éis idirthréimhse ghearr, áfach, d’fhill gníomhaíochtaí ar an ngnáthleibhéal. Mar thoradh air sin, níor mhéadaigh an ghníomhaíocht laghdaithe ach beagán an costas a bhaineann le ECRIS a oibriú. Ó thaobh fadaimseartha de, tháinig laghdú mór ar an gcostas imeallach (i.e. an costas le haghaidh malartú breise amháin) idir 2014 agus 2020. Léiríonn an laghdú mór ar chostais imeallacha a úsáidí atá ECRIS — agus, dá réir sin, a chostéifeachtacht.
Baineadh úsáid as an líon amas ar an tairseach r-cheartais mar athróg ionadach i measúnú tionchair an chláir chun tomhas a dhéanamh ar an gcaoi ar sholáthair an clár rochtain ar an gceartas. Amhail infheistíochtaí in ECRIS, tháinig laghdú ar chostas na n-amas ar an tairseach r-cheartais le linn na tréimhse ina raibh an clár á chur chun feidhme. D’infheistigh an clár i leathnú agus cothabháil na tairsí r-cheartais agus i bhfeasacht a mhúscailt fúithi. Léirítear tionchar na ngníomhaíochtaí sin leis an líon méadaithe amas ar an tairseach. Dá bhrí sin, léirigh úsáid mhéadaithe na tairsí r-cheartais an chostéifeachtacht a bhaineann le struchtúr digiteach níos mó a thógáil.
Fíor 5: Cóimheasa costéifeachtachta maidir le hamais ar an tairseach r-cheartais (2014-2020)
Foinse: Mionsaothrú sonraí na tairsí r-cheartais (AS JUST)
Mar fhocal scoir, léirítear leis na trí mheasúnú ar chostéifeachtacht costéifeachtacht fhadtéarmach an chláir trí oiliúint agus trí mhéaduithe ar úsáid córas TF seanbhunaithe.
An Clár um Cheartas 2021-2027
Léirigh an fhianaise a bailíodh le haghaidh na meastóireachta go raibh clár um cheartas 2021-2027 costéifeachtach ar an iomlán go dtí seo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na torthaí is fearr á mbaint amach ag an gclár don infheistíocht a rinneadh. Comhthacaíonn aiseolas ó pháirtithe leasmhara leis an tuairim sin freisin, toisc gur dheimhnigh formhór na bhfreagróirí gur mó na tairbhí a bhaineann le clár um cheartas 2021-2027 ná na costais a bhaineann leis. Maidir le clár um cheartas 2014-2020, bhí roinnt príomhthairbhí ann do spriocghrúpaí mar thoradh ar chomhar agus comhpháirtíochtaí fadtéarmacha, amhail: (i) feasacht agus eolas méadaithe ar na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa chlár; (ii) scileanna méadaithe; agus (iii) comhar níos fearr.
Tá feabhas tagtha ar nósanna imeachta bainistíochta cláir agus riaracháin thar na blianta i gcás chlár 2021-2027 i gcomparáid le clár 2014-2020. Tá dúshláin fós ann do thairbhithe agus d’iarratasóirí maidir le cur i gcrích na gcúraimí riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas iarratais agus leis an tuairisciú. Tá na cúraimí riaracháin sin fós costasach agus fadálach. Mar sin féin, d’aithin go leor páirtithe leasmhara freisin na feabhsuithe a tháinig as na nósanna imeachta simplithe a thug an Coimisiún isteach.
Ar an iomlán, agus fiú má tá sé róluath teacht ar chonclúidí cinntitheacha, dúirt páirtithe leasmhara go raibh na bearta simpliúcháin a tugadh isteach i gclárthréimhse 2021-2027 dearfach agus gur laghdaigh siad an t‑ualach riaracháin den chuid is mó i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe sin. Ar na nósanna imeachta simplithe sin tá úsáid ranníocaíochtaí cnapshuime, próiseas tuairiscithe níos simplí agus tabhairt isteach chóras na ríomhdheontas. Leis na hathruithe sin, simplíodh na nósanna imeachta riaracháin agus iarratais.
Trí chnapshuimeanna a thabhairt isteach, ba cheart go gcuideofaí le tuairisciú críochnaitheach a shimpliú freisin — agus le cáilíocht an tuairiscithe chríochnaithigh a mhéadú — rud atá fós dúshlánach do roinnt tairbhithe. Mar sin féin, rinne páirtithe leasmhara measúnú nach raibh chomh dearfach céanna ar thabhairt isteach costas aonaid caighdeánaithe le haghaidh taistil agus cóiríochta ar leibhéal corparáideach an Choimisiúin. Bhí sin amhlaidh toisc gur minic nach léiríonn na costais aonaid sin rátaí iarbhír an mhargaidh. Thairis sin, i gcás tuairisciú airgeadais, is deacair fós dhá thaifead leabharchoimeádta ar leith a choinneáil ar bun (i.e. ceann amháin bunaithe ar chostais iarbhír agus ceann eile ar chostais aonaid chaighdeánaithe). Fágann sé sin go bhfuil tuilleadh castachta ann, go háirithe i gcás údaráis phoiblí.
Thairis sin, a bhuí le cur chuige níos struchtúrtha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na ngníomhaíochtaí cistithe, is fearr an cumas atá sa chlár atá ann faoi láthair ná an cumas a bhí gclár 2014-2020 a áirithiú go n-úsáidfear cistí go héifeachtúil. Is feabhas mór é sin i gcomparáid leis an tréimhse chistiúcháin roimhe seo. Leis an gcreat faireacháin feidhmíochta do chlár 2021-2027, tacaítear le hiarrachtaí chun a áirithiú go leanfaidh an clár de bheith ag freagairt do riachtanais na dtairbhithe agus do dhúshláin atá ag teacht chun cinn.
Leis an gcomhar leis na líonraí atá ann cheana, amhail GEOB, léiríodh i gcónaí go bhféadfaí feabhas a chur ar chostéifeachtacht an chláir. Mar a cuireadh i dtábhacht leis an meastóireacht ex post ar chlár 2014-2020, cuireann na líonraí sin é ar a gcumas do thairbhithe imeachtaí mórscála a eagrú a bhfuil for-rochtain fhairsing acu ar chostais laghdaithe, agus ar an gcaoi sin barainneachtaí scála a bhaint amach.
Bhí roinnt tosca seachtracha ann freisin a raibh tionchar acu ar éifeachtúlacht an chláir. Chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht go háirithe tosca eacnamaíocha agus polaitiúla (e.g. brúnna boilscitheacha arb é cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine is cúis leo). Níor measadh a thuilleadh gur saincheist iad na dúshláin a bhain le paindéim COVID‑19 tar éis thús 2022, ós rud é go raibh an clár tapa agus solúbtha maidir le bearta maolaithe a ghlacadh. Go fadtréimhseach, mhéadaigh COVID‑19 éifeachtúlacht na dtionscadal a chistítear faoin gclár um cheartas fiú trí dhlús a chur le glacadh an digitithe.
Maidir leis an líon foirne breithiúnaí a cuireadh faoi oiliúint faoin gclár um cheartas atá ann faoi láthair, tugtar le fios leis na torthaí gur tháinig feabhas, ar an iomlán, ar chostéifeachtacht idir 2021 agus 2022.
Fíor 6: Cóimheas costéifeachtachta maidir leis an líon comhaltaí den bhreithiúnacht ar cuireadh oiliúint orthu (2021-2027)
Foinse: Mionsaothrú sonraí cláir (AS JUST). Tabhair faoi deara: Ní raibh sonraí 2023 ar fáil go fóill tráth a rinneadh an anailís
Maidir le malartuithe faisnéise in ECRIS, léirigh sonraí méaduithe ar chostéifeachtacht le linn na tréimhse 2021-2023. Leis na sonraí comhcheangailte ó 2014 go 2023, léiríodh príomhthreocht de mhéadú ar chostéifeachtacht, i bhfianaise an laghdaithe sheasta ar an gcostas in aghaidh an mhalartaithe faisnéise ar ECRIS.
Fíor 7: Cóimheas costéifeachtachta maidir le malartuithe ECRIS (2021-2027)
Foinse: Mionsaothrú sonraí ECRIS (AS JUST)
Ar deireadh, ag féachaint ar an líon amas ar an tairseach r-cheartais, d’ainneoin méadú gairid ar chostais in 2021, léirigh an clár cumas láidir chun feabhas a chur ar a chostéifeachtacht don táscaire sin sna blianta ina dhiaidh sin, arb é an toradh a bhí air laghdú mór ar chostais in aghaidh an amais faoi 2023. Tugann sé sin le fios gur éirigh an clár níos éifeachtúla maidir leis na torthaí a beartaíodh leis a bhaint amach le himeacht ama, agus gur tháinig laghdú substaintiúil ar an gcostas in aghaidh an amais ar an tairseach r-cheartais.
Fíor 8: Cóimheas costéifeachtachta maidir le hamais ar an tairseach r-cheartais (2021-2027)
Foinse: Mionsaothrú sonraí na tairsí r-cheartais (AS JUST)
2.3. Comhleanúnachas
An Clár um Cheartas 2014-2020
Léiríodh leis an meastóireacht ex post gur bhain clár 2014-2020 a spriocanna amach ar an iomlán agus ar bhealach comhleanúnach. Go háirithe, d’éirigh leis an gclár an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) cosaint na gceart bunúsach a fheabhsú; (ii) leigheasanna éifeachtacha a áirithiú; (iii) oiliúint bhreithiúnach a chur chun cinn; agus (iv) comhar a chur chun cinn gan cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais a dhúbláil. Tugadh le fios le torthaí suirbhé go raibh an clár uathúil ó thaobh cistiú a thairiscint lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha na bpáirtithe leasmhara. Dúirt 70 % de thairbhithe a ndearnadh suirbhé orthu nach mbeidís in ann cistiú eile ón Aontas a fháil gan an clár um cheartas.
Ar leibhéal an chlársceidealaithe, deimhníodh leis an meastóireacht ar straitéis drugaí an Aontais comhlántacht an chláir um cheartas 2014-2020 i réimse bheartas drugaí an Aontais. Le hidirghabhálacha a chistigh an clár um cheartas, díríodh go sonrach ar chomhar breithiúnach agus ar chosc ar an gcoireacht, agus ar an gcaoi sin tugadh aghaidh ar réimsí nach raibh cumhdaithe ag ciste slándála inmheánaí an Aontais . Mar sin féin, cé nach raibh forluí idir idirghabhálacha a cistíodh tríd an gclár agus tionscnaimh a cistíodh le ciste slándála inmheánaí an Aontais, dheimhnigh páirtithe leasmhara an chláir um cheartas gur oir idirghabhálacha a bhaineann le beartas drugaí an Aontais i bhfad níos fearr laistigh de shainchúram an chiste slándála inmheánaí (rud a bhailíochtaíonn fóntacht a n-aistrithe ansin faoin gclár um cheartas 2021-2027).
Thairis sin, chuir tionscadail a dhíríonn ar dhigitiú an cheartais go héifeachtach le tionscnaimh náisiúnta digitithe. Sainaithníodh leis an meastóireacht sineirgí sa réimse seo leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE): rinneadh cistiú do thionscadail bonneagair dhigitigh faoi SCE a ailíniú le tionscadail lena gcuirtear oiliúint bhreithiúnach ar líne chun cinn a cistíodh faoin gclár um cheartas.
Ar deireadh, bhí sineirgí suntasacha ann freisin idir an clár um cheartas agus clár an Aontais um chearta, comhionannas agus saoránacht, a bhuí i bpáirt leis an dlúthchomhar idir ranna an Choimisiúin atá freagrach as an dá chlár. Chuidigh an dlúthchomhar sin le cuir chuige an chláir um cheartas agus an chláir um chearta, comhionannas agus saoránacht a ailíniú agus meastóireacht á déanamh ar thograí cistiúcháin.
An Clár um Cheartas 2021-2027
Léiríodh go bhfuil na gníomhaíochtaí a chistítear faoi chlár um cheartas 2021-2027 agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin comhleanúnach le beartais an Aontais i réimse an cheartais. Tá fócas níos láidre ag na gníomhaíochtaí a chistítear faoin gclár atá ann faoi láthair ar r-cheartas, digitiú na gcóras breithiúnach agus uirlisí malartaithe faisnéise trasteorann ná gníomhaíochtaí a cistíodh faoin gclár roimhe seo do 2014-2020. Deimhníodh leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara go bhfuil an clár atá ann faoi láthair ag ailíniú go maith, go dtí seo, le beartais náisiúnta sna réimsí sin freisin.
A bhuí i bpáirt leis an bhfócas atá aige ar thrí chuspóir shonracha, tá clár um cheartas 2021-2027 comhleanúnach agus chruthaigh sé sineirgí le cláir chistiúcháin eile, amhail an clár um shaoránacht, comhionannas, cearta agus luachanna, go háirithe i ndáil le tacaíocht a sholáthraítear d’íospartaigh na coireachta agus do ghrúpaí leochaileacha eile. Thairis sin, ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag an gclár atá ann faoi láthair maidir le cuidiú leis na Ballstáit idirnascadh le hionstraimí agus córais TF an Aontais atá ann cheana, tá comhlántacht agus sineirgí idir clár um cheartas 2021-2027 agus cláir a dhéileálann le córais TF ar leibhéal an Aontais agus le digitiú na gcóras breithiúnach náisiúnta (amhail an clár don Eoraip Dhigiteach, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta).
Tá clár um cheartas 2021-2027 comhleanúnach freisin le gealltanais agus cuspóirí idirnáisiúnta an Aontais, amhail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, go sonrach sprioc 16.
Ar deireadh, ní dúirt ach céatadán beag de na tairbhithe gur chreid siad go bhféadfaidís cistiú malartach ón Aontas a fháil mura mbeadh an clár um cheartas ar fáil — is iad na húdaráis phoiblí agus na hinstitiúidí ardoideachais is dóchasaí faoin bhféidearthacht sin. Dúirt ESSanna nár dhócha go dtiocfaidís ar fhoinsí malartacha cistiúcháin dá gcuirfí deireadh leis an gclár.
2.4. Breisluach AE
An Clár um Cheartas 2014-2020
Tugadh le fios leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara nach mbeadh tairbhithe in ann a dtionscadail a chur chun feidhme in éagmais an chláir um cheartas. Dhírigh tairbhithe aird go sonrach ar raon feidhme geografach na dtionscadal, rud a bheadh níos lú dá mbeidís bunaithe ar chistiú náisiúnta. Bheadh raon feidhme téamach na dtionscadal teoranta freisin dá mbeadh sé ag brath ar chistiú náisiúnta amháin. De réir na dtairbhithe, is iondúil go ndéantar cistiú náisiúnta a chur in oiriúint do ghrúpaí sonracha, amhail íospartaigh de chineál sonrach coireachta. Os a choinne sin, measadh go raibh an clár um cheartas níos solúbtha. Ar deireadh, dúirt na heagraíochtaí is tairbhithe nár leordhóthanach a gcumas tionscadail a bhfuil raon feidhme níos mó acu a chur chun feidhme mura mbeadh rochtain acu ar chistiú ón Aontas.
Bhí údaráis phoiblí amhail cúirteanna, aireachtaí agus institiúidí ardoideachais i measc na bpáirtithe leasmhara is minice a thuairiscigh go mbeidís in ann cistiú náisiúnta a fháil in éagmais cistiú ón gclár um cheartas. Os a choinne sin, ní raibh ESSanna chomh muiníneach céanna go mbeidís in ann foinsí cistiúcháin malartacha a aimsiú. I measc na gcúiseanna foluiteacha a bhí ag tairbhithe le bheith ag brath ar chistiú ón Aontas ón gclár um cheartas 2014-2020 bhí sainiúlacht na n-ionstraimí cistiúcháin náisiúnta, rud a bhí róshriantach i dtuairim na bpáirtithe leasmhara.
Chuir aiseolas ó chomhaltaí choiste an chláir na teorainneacha sin i gcomhthéacs trí dhá réimse a shainaithint inar chuidigh clár um cheartas 2014-2020 le cothrom iomaíochta a bhaint amach i measc na mBallstát. Is é an chéad cheann an breisluach ó sheisiúin oiliúna arna gcomhchistiú ag an gclár, ar measadh go raibh siad an-luachmhar agus go raibh tionchar acu ar pháirtithe leasmhara an chláir. Is é an dara ceann rannchuidiú an chláir le córais cheartais a dhigitiú agus iad a dhéanamh idir-inoibritheach le córais cheartais na mBallstát eile. Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an digitiú chun na saincheisteanna a tháinig chun cinn de bharr phaindéim COVID‑19 a shárú.
An Clár um Cheartas 2021-2027
Leanann clár um cheartas 2021-2027 de bhreisluach uathúil a sholáthar atá deacair a mhacasamhlú ar an leibhéal náisiúnta. Cuireann an clár breisluach ar fáil de bhreis ar an luach a chruthaíonn na Ballstáit agus iad ag gníomhú ina n-aonar. Creideann tairbhithe fós, cé gurb ann d’fhoinsí malartacha cistiúcháin, nach bhfuil sárú na tacaíochta a chuirtear ar fáil leis an gclár um cheartas ann ó thaobh raon feidhme agus tionchair de. Go dtí seo, chuir an clár é ar a gcumas d’eagraíochtaí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí fairsinge a thógfadh blianta orthu a bhaint amach murach sin nó a bheadh laghdaithe go mór. I bhformhór na gcásanna, ní raibh aon chistiú náisiúnta ar fáil chun an cineál céanna tacaíochta a sholáthar do bheartais cheartais an Aontais, amhail digitiú trasteorann nó gníomhaíochtaí atá trasnáisiúnta go bunúsach. D’aithin tairbhithe ról an chláir maidir le dlús a chur le próisis agus tionscadail trasteorann a éascú, rud a bheadh teoranta ó thaobh raon feidhme agus scála de gan tacaíocht a fháil uaidh. Dá bhrí sin, líonann clár um cheartas 2021-2027 bearna ríthábhachtach cistithe, go háirithe i réimsí ina n-éilítear an méid seo a leanas: (i) comhar idirnáisiúnta; agus (2) tacaíocht d’íospartaigh.
Gné den chlár um cheartas is díol sásaimh ar leith do pháirtithe leasmhara agus do rannpháirtithe is ea go gcothaíonn sé cruthú líonraí ar leibhéal an Aontais agus feasacht ar na líonraí céanna, agus go gcuireann sé ar a gcumas do Bhallstáit bheaga tabhairt faoi thionscadail a bheadh thar a n-acmhainneacht murach sin. Tháinig méadú ar an gcomhar trasteorann ó 69 % de na tionscadail chistithe uile sa tréimhse 2014-2020 go 78 % sa tréimhse 2021-2023, rud a léiríonn fócas leanúnach ar chomhar a mhéadú i measc gairmithe dlí éagsúla ar fud Bhallstáit an Aontais. Tháinig méadú freisin ar rannpháirtíocht institiúideach toisc go raibh ollscoileanna, acadaimh oiliúna náisiúnta agus údaráis bhreithiúnacha rannpháirteach i 69 % de thionscadail an chláir um cheartas in 2014-2020, i gcomparáid le 78 % in 2021-2023. Tugtar le fios leis sin gur dócha go laghdófaí raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an gceartas go mór dá gcuirfí deireadh leis an gclár, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a bhaineann le tionscnaimh trasteorann.
Tá na hargóintí atá bunaithe ar phrionsabal na coimhdeachta, a cuireadh chun cinn mar chuid de mheasúnú tionchair 2018, fós bailí. Is fearr fós a thugtar aghaidh ar na cuspóirí a leagtar amach sa mheasúnú tionchair ar leibhéal an Aontais de bharr an mhéid seo a leanas: (i) cineál leanúnach na ndeacrachtaí a bhaineann le comhar trasteorann i réimse an cheartais; (ii) an t‑aistriú paraidíme is gá chun fíorathrú a dhéanamh ar chultúir dhlíthiúla na mBallstát chun oibriú i gcomhar le córais bhreithiúnacha a chéile agus (iii) an gá atá le dlí an Aontais a bheith á chur i bhfeidhm go comhleanúnach ag cúirteanna náisiúnta.
Tá breisluach chlár um cheartas 2021-2027 ag baint freisin lena chur chuige níos spriocdhírithe, le fócas níos mó ar dhigitiú, agus le húsáid córas faireacháin feabhsaithe. Fágann na feabhsuithe sin go bhfuil an clár atá ann faoi láthair níos éifeachtaí fós chun na riachtanais atá ag teacht chun cinn maidir le ceartas an Aontais agus a chuid saoránach a chomhlíonadh.
2.5. Ábharthacht
An Clár um Cheartas 2014-2020
Deimhníodh leis an meastóireacht ábharthacht chlár um cheartas 2014-2020 a sainaithníodh roimhe seo sa mheastóireacht eatramhach ar chlár 2014-2020 agus sa chéad chuid de mheastóireacht ex post ar chlár 2014-2020 araon. Deimhníodh leis na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara gur chomhlíon an clár riachtanais a spriocghrúpaí go leordhóthanach. D’aontaigh iarratasóirí rathúla agus iarratasóirí mírathúla araon i suirbhéanna go raibh an clár ábhartha, gan aon nasc suntasach ó thaobh staidrimh de idir braistintí agus suíomh geografach nó cineál eagraíochtúil an iarratasóra. Dheimhnigh tairbhithe freisin gur chuidigh an clár le haghaidh a thabhairt ar riachtanais ar an leibhéal náisiúnta.
Ghlac aon trian de na tairbhithe uile páirt i dtionscadal leantach nó i dtionscadal difriúil, lena dtugtar le fios ábharthacht an chláir dá pháirtithe leasmhara le himeacht ama. Tá an ábharthacht fhadtréimhseach sin a bhuí i bpáirt le cumas an chláir a thosaíochtaí a choigeartú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais atá ag teacht chun cinn, agus tar éis an clár um cheartas sibhialta, an clár um cheartas coiriúil agus an clár um chosc agus faisnéis i leith drugaí a chumasc a bhí ar leithligh roimhe seo.
Rinneadh solúbthacht an chláir a chruthú a thuilleadh le linn phaindéim COVID‑19. Trí shíneadh ar thuairisciú, cistí a athdháileadh, agus aistriú ó ghníomhaíochtaí tionscadail i láthair go pearsanta go gníomhaíochtaí tionscadail ar líne agus hibrideacha, bhíothas in ann tionscadail a chur chun feidhme le linn na paindéime.
D’ainneoin a n-aiseolais dhearfaigh agus a n-ardleibhéil rannpháirtíochta, dúirt páirtithe leasmhara go mba mhór acu tacaíocht bhreise chun torthaí tionscadail a scaipeadh.
Leis an gcéad chuid den mheastóireacht ex post, sainaithníodh gur gá spriocghrúpa an chláir um cheartas a leathnú, go háirithe trí thacú go gníomhach le ESSanna atá ag obair ar chearta íospartach. Mar sin féin, níor aimsíodh fianaise láidir don ghá sin leis an meastóireacht seo, ós rud é nár tugadh le fios ach le haiseolas scaipthe gur ghá seirbhísí ceartúcháin agus foireann príosúin a áireamh ar bhealach níos fearr leis na spriocghrúpaí. Tugtar le fios leis na torthaí measctha sin gur cheart don chlár um cheartas atá ann faoi láthair dlúthfhaireachán a dhéanamh ar a ábharthacht do ESSanna atá ag obair ar chearta íospartach.
An Clár um Cheartas 2021-2027
Tá cuid de na riachtanais agus na dúshláin a sainaithníodh i loighic idirghabhála an chláir um cheartas 2021-2027 fós ann agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu. Is amhlaidh atá d’ainneoin cuid den dul chun cinn a rinneadh le déanaí sa réimse seo. Mar shampla, le léargais ó Scórchlár Ceartais AE agus sonraí a bailíodh trí shuirbhéanna Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí, cuireadh i dtábhacht an dul chun cinn atá déanta maidir le hiarrachtaí na mBallstát córais cheartais náisiúnta éifeachtacha a sholáthar, ach tugtar le fios leis na léargais sin freisin go bhfuil gá leanúnach le feabhsú. Tá roinnt dúshlán fós ann amhail éagsúlachtaí in éifeachtúlacht bhreithiúnach, cur chun feidhme míchothrom athchóirithe breithiúnacha agus bacainní ar rochtain na saoránach ar an gceartas. Thairis sin, ní mór aird mharthanach a thabhairt ar shaincheisteanna amhail comhar breithiúnach trasteorann agus comhsheasmhacht san oiliúint bhreithiúnach. Cruthaíonn na riachtanais atá ann faoi láthair agus na riachtanais atá ag teacht chun cinn ábharthacht leanúnach chuspóirí an chláir ar fud an Aontais maidir le comhar breithiúnach, oiliúint bhreithiúnach agus rochtain ar an gceartas a chur chun cinn.
Mar a bhí faoi chlár 2014-2020, deimhníodh leis an bhfianaise a bailíodh le haghaidh na meastóireachta seo go bhfuil clár um cheartas 2021-2027 ag comhlíonadh riachtanais a phríomhpháirtithe leasmhara, i.e. tairbhithe agus tairbhithe féideartha. Ní hamháin go n-ailíníonn an clár na hionchais, ach tá ról ríthábhachtach aige freisin maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais na hearnála ceartais ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, dheimhnigh tairbhithe go gcomhfhreagraíonn aschuir a dtionscadail do riachtanais na spriocghrúpaí ábhartha laistigh den earnáil ceartais agus do riachtanais na sochaí i gcoitinne.
Cuirtear i dtábhacht leis sin uile ábharthacht leanúnach chuspóirí sonracha an chláir um cheartas. Maidir leis an méid sin, fágann leagan amach an chláir atá ann faoi láthair go bhfuil breisluach mór ag baint leis i gcomparáid leis an gclár a bhí ann roimhe seo, agus is éard a fhágann go bhfuil sin amhlaidh, thar aon ní eile, an clár sin a bheith deartha ar bhealach níos cuíchóirithe agus níos dírithe. Go deimhin, mar thoradh ar an mbeartas drugaí a bheith bainte de chlár um cheartas 2021-2027, tá fócas níos géire ag an gclár anois agus trí chuspóir shonracha ag baint le clár um cheartas 2021-2027, ar cuspóirí iad atá ríthábhachtach maidir le réimse an cheartais, agus a fhágann gur mó anois an tionchar atá á imirt sna príomhréimsí lena mbaineann an clár.
Príomhghné eile de chumas an chláir a bheith ábhartha i gcaitheamh an ama maidir lena thairbhithe agus lena spriocghrúpaí le blianta beaga anuas is ea an acmhainn atá ann leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha.Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i bhfianaise an dul chun cinn mhíchothroim agus an chur chuige ilroinnte a fheictear in iarrachtaí na mBallstát a gcórais cheartais náisiúnta a dhigitiú. Cé nach bhfuil digitiú na gcóras ceartais náisiúnta san Aontas ar cheann de chuspóirí sonracha na gclár um cheartas, cuireann digitiú an cheartais bonn eolais faoi na trí chuspóir shonracha ar bhealach trasearnálach agus cumasaíonn sé próisis bhreithiúnacha atá níos inrochtana, níos éifeachtúla agus níos idirnasctha ar fud an Aontais.
D’fhéadfadh digitiú na gcóras ceartais éiceachórais cheartais a chruthú atá níos athléimní, níos inoiriúnaithe agus níos ailínithe le spriocanna níos leithne an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach. Ar deireadh, neartóidh sé sin iontaoibh an phobail sa chóras breithiúnach agus tacóidh sé le limistéar Eorpach ceartais níos comhtháite. Tá idir dheiseanna agus dúshláin nua i réimse an cheartais ag teacht chun cinn mar gheall ar an digitiú, agus tá riachtanais sa réimse sin ag teacht chun cinn mar gheall ar an aistriú digiteach. Go háirithe, mar gheall ar an spleáchas méadaitheach ar uirlisí digiteacha, is gá aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an gcibearshlándáil, le cosaint sonraí, le feidhmchláir intleachta saorga, agus leis na himpleachtaí eiticiúla a bhaineann le huirlisí ceartais dhigitigh.
Thug páirtithe leasmhara agus tairbhithe dá n-aire go bhfuil roinnt réimsí ann cheana ina mbeadh cistiú do dhigitiú an cheartais an-ábhartha, i dtéarmaí réimsí téamacha (rialachán na hintleachta saorga, sárú cóipchirt, cibearbhulaíocht a chomhrac agus trédhearcacht a áirithiú sa spás digiteach) agus cineálacha gníomhaíochtaí amhail oiliúint i scileanna digiteacha do ghairmithe ceartais.
Tá deis ann fós cur chuige níos straitéisí agus níos dírithe a áirithiú chun aghaidh a thabhairt ar: (i) na dúshláin a bhaineann le leibhéal míchothrom de dhigitiú an cheartais sna Ballstáit, agus (ii) na deiseanna uile a eascraíonn as an tírdhreach digiteach atá ag athrú go tapa.
3. Conclúidí agus ceachtanna a foghlaimíodh
Ar an iomlán, bhain clár um cheartas 2014-2020 a chuspóirí amach. Bunaithe ar thorthaí comhcheangailte na meastóireachta seo, tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag clár 2021-2027 i dtreo a chuspóirí a bhaint amach freisin.
D’éirigh leis an dá chlár go dtí seo tacú le haitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha ó Bhallstát go chéile agus feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann. Chuidigh rannchuidiú na gclár le tionchar fadtéarmach a chruthú maidir le limistéar Eorpach comhtháite ceartais a fhorbairt a thuilleadh, ar limistéar é atá bunaithe ar iontaoibh fhrithpháirteach agus ar chomhar idir na Ballstáit. Cruthaíonn fócas comhpháirteach na gclár ar oiliúint bhreithiúnach sineirgí. Le clár 2014-2020 cothaíodh cultúr dlíthiúil comhroinnte ó Bhallstát go chéile trí oiliúint a chur ar na mílte breitheamh, dlíodóir agus ball foirne cúirte sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais araon. Cuireann clár 2021-2027 leis an méid sin a baineadh amach chun an tírdhreach dlíthiúil ar fud an Aontais a fhorbairt agus a aontú a thuilleadh. Is cuspóir bunúsach den dá chlár é rochtain ar an gceartas a áirithiú, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha. Sa tréimhse chistiúcháin 2014-2020, rinneadh iarrachtaí substaintiúla chun bacainní ar rochtain ar an gceartas a laghdú, rud a d’fhág go raibh creataí feabhsaithe agus cosaintí méadaithe ann do dhaoine aonair imeallaithe. Tá an dul chun cinn sin mar bhonn eolais do chur chuige chlár 2021-2027, lena n-áirithítear go leanfaidh na ceachtanna a foghlaimíodh de chóras dlí AE níos cothroime agus níos cuimsithí a chur chun cinn. Is réimse é digitiú na gcóras ceartais freisin ina bhfuil an dá chlár comhlántach le chéile. Le linn na tréimhse 2014-2020, tháinig tuilleadh feabhais ar uirlisí digiteacha amhail an tairseach Eorpach don r-cheartas, a leanann ar aghaidh i gclár 2021-2027. Éascaíonn sé sin rochtain níos éasca ar fhaisnéis dhlíthiúil agus ar chomhar trasteorann. Cuireann clár 2021-2027 leis an mbonn sin, ag leanúint de thionscnaimh dhigiteacha a leathnú agus de shásraí comhair bhreithiúnaigh a nuachóiriú. Leis an leanúnachas sin, tacaítear le spriocanna níos leithne an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach, rud a fhágann go bhfuil an córas ceartais níos éifeachtúla agus níos inrochtana.
Rannchuidigh an dá chlár le cur i bhfeidhm ceart, comhleanúnach agus comhsheasmhach dhlí an Aontais a bhaint amach. Trí mhalartuithe dea-chleachtas a éascú, chothaigh clár 2014-2020 comhar i measc na mBallstát, rud a d’fhág go raibh dlí an Aontais á chur i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí ag cleachtóirí breithiúnacha. Leis an tsineirge leanúnach sin, méadaítear sláine reachtaíocht an Aontais agus cuirtear comhleanúnachas dlíthiúil thar theorainneacha chun cinn, cur chuige a chuirtear chun cinn sa chlár reatha. Ar deireadh, leantar den tacaíocht do líonraí Eorpacha agus don tsochaí shibhialta i réimse an cheartais sa dá chlár. Trí chistiú a sholáthar do líonraí amhail GEOB, féadtar comhar marthanach agus fothú acmhainneachta a bhaint amach ar fud an Aontais. Áirithítear leis sin go mbeidh tionchar fadtéarmach ag tionscadail agus neartaítear an comhar idir na Ballstáit. Cuidíonn an tacaíocht leanúnach sin lena áirithiú gur féidir le gairmithe agus eagraíochtaí dlí páirt a ghlacadh i gcomhar marthanach ardcháilíochta maidir le hábhair cheartais ar fud an Aontais.
Bunaithe ar mheasúnú ar a éifeachtúlacht, ba mhó tairbhí na gclár ná a gcostais. Mar thoradh ar chistiú díreach do thairbhithe, bhí tairbhí láithreacha follasacha ann do spriocghrúpaí ghníomhaíochtaí na dtionscadal.
Trí phróisis riaracháin a chuíchóiriú trí thairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ an Aontais agus an córas ríomhdheontas a thabhairt isteach do chlár um cheartas 2014-2020, rinneadh an próiseas iarratais agus bainistithe deontas níos éasca d’iarratasóirí. Leis na bearta simplithe nua a cuireadh i bhfeidhm i gclár um cheartas 2021-2027, léirítear torthaí a bhfuil gealladh fúthu, cé go bhfuil sé róluath measúnú a dhéanamh ar a dtionchar iomlán agus go bhfuil lamháil le haghaidh feabhais fós ann. Tá sé tábhachtach go gcoinneodh an Coimisiún an leibhéal tacaíochta agus treoraíochta atá ann faoi láthair ar bun agus go méadódh sé infheictheacht na n-ábhar oiliúna atá ann cheana sula bhforbróidh sé cinn nua. D’fhéadfaí machnamh a dhéanamh freisin ar thacaíocht spriocdhírithe bhreise a sholáthar.
Chuir paindéim COVID‑19 glacadh teicneolaíochtaí digiteacha chun cinn chun tionscadail a chur chun feidhme. Leis an úsáid mhéadaithe a baineadh as uirlisí digiteacha, cuidíodh leis na cláir pobal níos leithne a shroicheadh trína ngníomhaíochtaí cistithe. Ar an gcaoi sin, bhí barainneachtaí scála ann a d’fhág go raibh gníomhaíochtaí cistithe in ann a spriocghrúpaí a shroicheadh ar bhealach níos fearr agus ar chostas níos ísle.
Bhí cuspóirí an chláir comhleanúnach le beartais agus tosaíochtaí an Aontais le linn chlárthréimhse 2014-2020, agus tá na cuspóirí sin fós comhleanúnach sa lá atá inniu ann, agus béim níos mó á leagan ar an digitiú. Tá na gníomhaíochtaí a chistítear comhleanúnach freisin le beartais ar an leibhéal náisiúnta agus le gealltanais agus cuspóirí idirnáisiúnta eile de chuid an Aontais, amhail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Áirithítear leis an gclár um cheartas ardleibhéal comhleanúnachais i measc na n-ionstraimí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais atá ar fáil. Tá comhleanúnachas níos fearr ann freisin de bharr fhócas an chláir atá ann faoi láthair ar thrí chuspóir shonracha. Ar bhreathnú siar, agus bunaithe ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara, ba bheart iomchuí é an cuspóir sonrach a bhaineann leis an mbeartas drugaí a aistriú ón gclár um cheartas go dtí an ciste slándála inmheánaí.
Tá ról tábhachtach ag clár 2021-2027 maidir le cuidiú leis na Ballstáit uirlisí náisiúnta a fhorbairt chun na comhéadain is gá a chruthú idir córais uile-Aontais agus córais náisiúnta. I ndáil leis sin, ba iad na sineirgí ba mhó a leathnaíodh a sainaithníodh iad siúd idir an clár um cheartas ar thaobh amháin agus an clár don Eoraip dhigiteach agus infheistíochtaí an Chiste Téarnaimh agus Athléimneachta i réimse an digitithe ar an taobh eile. D’fhéadfadh cistiú do thionscadail dhigiteacha tairbhiú de shainaithint shoiléir riachtanas ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil i dtéarmaí bonneagair agus oiliúna TF chun a áirithiú go mbainfear amach acmhainneacht iomlán na n-infheistíochtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.
Ní chreideann ach céatadán beag de na tairbhithe go bhféadfaidís cistiú malartach ón Aontas a fháil mura mbeadh an clár um cheartas ar fáil. Ní dócha in aon chor go n-aimseodh ESSanna foinsí malartacha cistiúcháin dá gcuirfí deireadh leis an gclár.
Le clár um cheartas 2014-2020, soláthraíodh cistiú do ghníomhaíochtaí a raibh tionchar mar thoradh orthu nach mbeadh bainte amach ag na Ballstáit ina n-aonar. Faoin gclárthréimhse atá ann faoi láthair, agus trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna agus ar riachtanais ar leibhéal an Aontais, soláthraítear leis an gclár um cheartas breisluach uathúil a bheadh deacair a mhacasamhlú ar an leibhéal náisiúnta.
Ba léir breisluach AE an chláir um cheartas 2014-2020 i raon feidhme geografach, ábhar agus méid na ngníomhaíochtaí. Gan cistiú ón gclár, bheadh i bhfad níos mó ama agus iarrachta ag teastáil ó pháirtithe leasmhara chun a gcumais a thógáil agus a fhorbairt. D’éirigh leis an gclár rannchuidiú le cothrom iomaíochta níos fearr a bhaint amach i réimsí na hoiliúna breithiúnaí, idir-inoibritheacht na gcóras TF agus an digitithe. Thairbhigh foireann bhreithiúnach agus breithiúna náisiúnta den chuid is mó d’oiliúint agus infheistíochtaí in acmhainní digiteacha.
Sa lá atá inniu ann, tá ról tábhachtach ag clár 2021-2027 maidir le dlús a chur le próisis agus tionscadail trasteorann a éascú. De réir roinnt tairbhithe, bheadh na tionscadail trasteorann sin teoranta ó thaobh raon feidhme agus scála de gan tacaíocht ón gclár, agus i gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé nach mbeadh siad ann fiú. Tá meas ar leith ar an gclár um cheartas freisin as cuidiú le líonraí a thógáil ar leibhéal an Aontais — agus feasacht ar na líonraí sin a mhúscailt — agus as é a chur ar a gcumas do na Ballstáit bheaga tabhairt faoi thionscadail nach bhféadfaidís a dhéanamh murach sin.
Dá gcuirfí deireadh leis an gclár, is dócha go dtiocfadh laghdú mór ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an gceartas san Aontas, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a bhaineann le tionscnaimh trasteorann, ós rud é go bhfuil bearna ríthábhachtach cistithe á líonadh ag an gclár. Tá breisluach chlár um cheartas 2021-2027 ag baint freisin lena chur chuige níos spriocdhírithe, le fócas níos mó ar dhigitiú, agus le córas faireacháin feabhsaithe. Cuireann na feabhsuithe sin é ar a chumas don chlár atá ann faoi láthair a bheith éifeachtach chun riachtanais ceartais an Aontais agus a chuid saoránach atá ag teacht chun cinn a chomhlíonadh.
A bhuí i bpáirt lena dhearadh níos cuíchóirithe agus níos dírithe, tá leibhéal ard ábharthachta á choinneáil ar bun ag clár um cheartas 2021-2027, conclúid atá ag teacht leis na torthaí ón meastóireacht eatramhach agus ón meastóireacht ex post ar an gclár roimhe seo. Tá cuspóirí sonracha an chláir fós an-ábhartha maidir le riachtanais a thairbhithe agus a spriocghrúpaí san earnáil ceartais i gcoitinne.
D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag an gclár maidir leis na bearnaí atá fós ann sa chéad tréimhse chistiúcháin eile a shárú trína bhreisluach AE a mhéadú a thuilleadh.