An Bhruiséil,25.4.2025

COM(2025) 166 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

Tuarascáil bhliantúil maidir le Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha)


I.RÉAMHRÁ

(1)Is chuig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a dhírítear an tuarascáil seo. Leagtar amach ann na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ thíos) i dtaca le Rialachán (AE) 2022/1925 1 (an Gníomh um Margaí Digiteacha,) in 2024, mar a leagtar amach in Airteagal 35 den Ghníomh um Margaí Digiteacha 2 .

(2)Glacadh an chéad tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin i dtaca leis an nGníomh um Margaí Digiteacha an 6 Márta 2024 3 . Sa chéad tuarascáil bhliantúil uaidh, thuairiscigh an Coimisiún go príomha ar na cinntí lenar ainmníodh Alphabet, Amazon, Apple, ByteDance, Meta agus Microsoft mar gheatóirí i mí Mheán Fómhair 2023.

(3)In 2024, d’ainmnigh an Coimisiún Booking dá sheirbhís idirghabhála ar líne Booking.com i mí na Bealtaine, agus chuir sé croísheirbhís ardáin eile le hainmniú Apple, a chóras oibriúcháin iPadOS, i mí Aibreáin.

(4)Chuir an Coimisiún ceithre imscrúdú margaidh i gcrích freisin, ar cuireadh tús le cuid acu in 2023 cheana. Baineann na himscrúduithe a tionscnaíodh in 2023 le frisnéisí a chuir gnóthais isteach in éineacht lena bhfógraí ina maítear, cé go gcomhlíonann siad na tairseacha ainmniúcháin, nach gcomhlíonann siad na ceanglais chun iad a ainmniú mar gheatóirí. Is éard a bhí i gceist leis na himscrúduithe sin, chomh maith le hainmniú cáilíochtúil iPadOS, sainchomhairle a lorg ó Choiste Comhairleach na Margaí Digiteacha (‘CCMD’) 4 .

(5)In 2024, cuireadh tús le céim cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin an Ghnímh um Margaí Digiteacha, agus is é an 7 Márta 2024 an spriocdháta maidir le comhlíonadh le haghaidh ainmniúchán ón 5 Meán Fómhair 2023. Chuaigh an Coimisiún i mbun idirphlé rialála leis na geatóirí ainmnithe uile agus chuir sé tús le sé imscrúdú neamhchomhlíonta maidir le trí gheatóir: Alphabet, Apple agus Meta. In dhá cheann de na himeachtaí, d’eisigh an Coimisiún réamhchinntí 5 . Thairis sin, d’fhógair an Coimisiún réamhchéimeanna imscrúdaitheacha maidir le Amazon 6 .

(6)Thionscain an Coimisiún dhá imeacht freisin chun oibleagáidí idir-inoibritheachta Apple faoin nGníomh um Margaí Digiteacha a shonrú agus d’eisigh sé réamhchinntí, inar iarradh aiseolas ó thríú páirtithe maidir leis na bearta ba cheart do Apple a dhéanamh chun idir-inoibritheacht éifeachtach a áirithiú 7 .

(7)I gcomhthráth lena ghníomhaíocht faireacháin agus forfheidhmiúcháin, d’óstáil an Coimisiún cruinnithe éagsúla le geatóirí agus le réimse leathan tríú páirtithe leasmhara, lena náirítear úsáideoirí gnó, forbróirí, iad siúd a thugann dúshlán do gheatóirí, comhlachais trádála, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ionadaithe custaiméirí. D’eagraigh an Coimisiún roinnt ceardlann maidir le comhlíonadh freisin, rud a thug deis do pháirtithe leasmhara léargas a fháil ar réitigh chomhlíontachta na ngeatóirí. Ina theannta sin, chinn an Grúpa Ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (‘an Grúpa Ardleibhéil’) trí fhoghrúpa théamacha a chruthú maidir le sonraí, idir-inoibritheacht agus intleacht shaorga, agus thionóil sé roinnt cruinnithe le linn 2024. D’éascaigh sé sin comhar agus chothaigh sé idirphlé comhoibríoch le pobal na rialtóirí Eorpacha 8 .

(8)Tugtar forbhreathnú cuimsitheach sna ranna seo a leanas ar chur chun feidhme an Ghnímh um Margaí Digiteacha ag an gCoimisiún agus ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo a chuspóirí a bhaint amach in 2024. Tuairiscítear i Roinn II ar ainmniúcháin agus gníomhaíochtaí eile nach mbaineann le faireachán. Leagtar amach i Roinn III an faireachán ar chomhlíonadh na ngeatóirí. Tugtar aghaidh i Roinn IV ar na ceanglais tuairiscithe atá ar gheatóirí maidir le cleachtais próifílithe tomhaltóirí. Sonraítear i Roinn V an comhar agus an comhordú idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta. Ar deireadh, tugtar tuairisc i Roinn VI ar an obair arna déanamh ag an nGrúpa Ardleibhéil.

II.AINMNIÚCHÁIN AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE NACH mBAINEANN LE FAIREACHÁN

1.Fógraí, ainmniúcháin agus imscrúduithe margaidh

(9)Faoi Airteagal 3(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ní mór do ghnóthais fógra a thabhairt don Choimisiún nuair a chomhlíonann na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn siad na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Faoi Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha áfach, is féidir le gnóthais a chomhlíonann na tairseacha sin argóintí cuíréasúnaithe leordhóthanacha a chur i láthair maidir leis an gcúis nár cheart iad a ainmniú mar gheatóir.

(10)In 2024, fuair an Coimisiún fógraí ó Booking, ByteDance agus X de bhun Airteagal 3(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha 9 .

(11)An 1 Márta 2024, thug ByteDance fógra don Choimisiún gur chomhlíon sé na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha i ndáil lena sheirbhís idirghabhála ar líne, Booking.com. Mar thoradh air sin, an 13 Bealtaine 2024, d’ainmnigh an Coimisiún Booking mar gheatóir i ndáil leis an gcroísheirbhís ardáin sin 10 . Thosaigh oibleagáid Booking an Gníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh an 14 Samhain 2024, 6 mhí tar éis a ainmnithe 11 .

(12)An 1 Márta 2024, thug ByteDance fógra don Choimisiún gur chomhlíon sé na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha i ndáil lena sheirbhís fógraíochta ar líne, TikTok Ads. Chuir ByteDance iarraidh ar fhrisnéis isteach freisin, de bhun Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, inar maíodh nach tairseach thábhachtach é TikTok Ads d’úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh. An 13 Bealtaine 2024, ghlac an Coimisiún leis an bhfrisnéis a chuir TikTok ar aghaidh i ndáil lena sheirbhís fógraíochta ar líne, TikTok Ads. Glacadh leis an bhfrisnéis go díreach laistigh de 45 lá oibre, toisc gur léirigh an gnóthas nach gcomhlíonann a sheirbhís ceanglais Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha 12 .

(13)An 1 Márta 2024, chuir X fógra isteach i ndáil lena sheirbhís líonraithe shóisialta ar líne, X, agus lena sheirbhís fógraíochta ar líne, X Ads, agus frisnéisí ag gabháil leo araon inar áitíodh, fiú dá gcomhlíonfaí na tairseacha ábhartha, nach tairseach thábhachtach é X idir úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh 13 . An 13 Bealtaine 2024, ghlac an Coimisiún cinneadh lenar glacadh go díreach leis an bhfrisnéis i ndáil le X Ads 14 , agus chuir sé tús le himscrúdú margaidh faoi Airteagal 17(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha i gcinneadh ar leith chun a mheas ar cheart an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne X a ainmniú 15 . I ndiaidh imscrúdú margaidh domhain, 16 tháinig an Coimisiún ar an gconclúid an 16 Deireadh Fómhair 2024 nach tairseach thábhachtach í an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne X d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún glacadh leis an bhfrisnéis agus gan X a ainmniú 17 . Glacadh an cinneadh i ndiaidh chruinniú CCMD, inar tugadh tuairim dhearfach, an 4 Deireadh Fómhair 2024.

(14)In 2024, thug an Coimisiún chun críche freisin na himscrúduithe margaidh frisnéise a thionscain sé an 5 Meán Fómhair 2023 chun a chinneadh ar cheart Apple a ainmniú mar gheatóir i ndáil le iMessage, agus ar cheart Microsoft a ainmniú i ndáil le Bing, Edge agus Microsoft Advertising. Tar éis dó imscrúduithe margaidh doimhne a dhéanamh, chinn an Coimisiún gan Apple 18 agus Microsoft 19 a ainmniú mar gheatóirí do na seirbhísí sin. Glacadh na cinntí i ndiaidh cruinniú de chuid DMAC, inar tugadh tuairim dhearfach ar na cinntí, an 1 Feabhra 2024.

(15)Ina theannta sin, bunaithe ar imscrúdú margaidh domhain a tionscnaíodh i mí Mheán Fómhair 2023, d’ainmnigh an Coimisiún Apple mar gheatóir i ndáil lena chroísheirbhís ardáin iPadOS, an 29 Aibreán 2024 20 . Glacadh an cinneadh i ndiaidh cruinniú de chuid DMAC, inar tugadh tuairim dhearfach ar an gcinneadh, an 20 Márta 2024. Thosaigh oibleagáid Apple an Gníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh 6 mhí tar éis an ainmnithe.

(16)Nuair a ainmníodh Booking mar gheatóir dá sheirbhís idirghabhála ar líne (Booking.com) agus Apple dá chóras oibriúcháin (iPadOS), tháinig méadú ar an líon iomlán geatóirí ainmnithe, in 2024, ó sé ghnóthas go seacht ngnóthas, agus shroich an líon croísheirbhísí ardáin ainmnithe 24, ó na 21 22 ghnóthas roimhe sin.

(17)In 2024, bhí an Coimisiún ina pháirtí i dtrí chaingean leanúnacha le haghaidh neamhniú a chomhdaigh ByteDance, Meta, agus Apple i mí na Samhna 2023 in aghaidh a gcinntí ainmniúcháin faoi seach. Maidir le hachomharc ByteDance, i mí Feabhra 2024, dhíbh Uachtarán na Cúirte Ginearálta iarratas ByteDance ar fhaoiseamh eatramhach, agus, i mí Iúil 2024, sheas an Chúirt Ghinearálta le cinneadh an Choimisiúin ByteDance a ainmniú tar éis nós imeachta brostaithe 22 . I mí Mheán Fómhair 2024, chomhdaigh ByteDance achomharc in aghaidh chinneadh na Cúirte Ginearálta seasamh lena ainmniú 23 .

(18)Ina theannta sin, tá an Coimisiún gníomhach mar chosantóir in dhá imeacht bhreithiúnacha eile atá ar siúl: (i) caingean a chomhdaigh abhcóide ByteDance ina ainm féin i mí Lúnasa 2024, lena ndearnadh agóid in aghaidh chinneadh an Choimisiúin diúltú don iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid a bhaineann le hainmniú ByteDance 24 agus (ii) caingean a thug Opera os comhair na Cúirte Ginearálta i mí Iúil 2024 in aghaidh neamhainmniú Microsoft mar gheatóir maidir lena bhrabhsálaí gréasáin, Edge 25 .

2.Gníomhaíochtaí eile nach mbaineann le faireachán

(19)Tá anbhéim curtha ag an gCoimisiún ar fheabhas a chur ar a uirlisí imscrúdaithe faoin nGníomh um Margaí Digiteacha ó glacadh é. An 30 Aibreán 2024, sheol an Coimisiún uirlis an Ghnímh um Margaí Digiteacha le haghaidh sceithireachta 26 , atá cosúil leis an uirlis atá ar fáil chun forfheidhmiú in aghaidh trustaí agus le haghaidh Rialachán (AE) 2022/2065 (‘an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha’). Leis an uirlis sin, is féidir le daoine aonair faisnéis a sholáthar, go príobháideach agus faoi rún, ar faisnéis í a bhaineann le haon neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith déanta ag geatóirí ar a noibleagáidí faoin nGníomh um Margaí Digiteacha 27 . In 2024, fuair an Coimisiún 20 aighneacht tríd an uirlis sin.

(20)Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail de, déanann an Coimisiún suíomh gréasáin an Ghnímh um Margaí Digiteacha a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta 28 . Cuirtear cúlra ar fáil maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha ar an suíomh gréasáin sin, cuirtear feidhm chuardaigh ar fáil le haghaidh gníomhartha oifigiúla an Choimisiúin a bhaineann leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, tá rannán Ceisteanna agus Freagraí ann a thugtar cothrom le dáta go minic 29 , agus tá na preaseisiúintí ábhartha uile ann. Déanann an Coimisiún cumarsáid freisin maidir le forbairtí a bhaineann leis an nGníomh um Margaí Digiteacha trína chuntais meán sóisialta 30 .

(21)In 2024, chuir an Coimisiún naoi staidéar ar conradh a bhain leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, seirbhísí sainchomhairleoireachta, nó treoirthionscadail.

III.FAIREACHÁN AR CHOMHLÍONADH NA nGEATÓIRÍ

1.Gníomhaíocht faireacháin

(22)Ní mór do gheatóirí na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6, 7, 14 agus 15 den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh. Cuirtear tús leis an gceanglas maidir le comhlíonadh díreach tar éis ainmniú i dtaca leis an oibleagáid an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chomhchruinnithe (Airteagal 14 den Ghníomh um Margaí Digiteacha), agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis ainmniú i dtaca leis na hoibleagáidí agus na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6, 7 (de bhun Airteagal 3(10) den Ghníomh um Margaí Digiteacha), agus Airteagal 15 den Ghníomh um Margaí Digiteacha. I gcás na ngnóthas a ainmníodh an 5 Meán Fómhair 2023, tháinig deireadh leis an tréimhse 6 mhí sin an 7 Márta 2024. I bhfianaise ainmniú iPadOS ina dhiaidh sin an 29 Aibreán 2024, bhí ar Apple an Gníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh maidir leis an gcroísheirbhís ardáin sin faoin 4 Samhain 2024, agus bhí ar Booking, a ainmníodh an 13 Bealtaine 2024, é a chomhlíonadh faoin 14 Samhain 2024 maidir le Booking.com.

(23)6 mhí tar éis ainmniú, chuir na geatóirí uile tuarascálacha ar chomhlíonadh isteach, mar a cheanglaítear le hAirteagal 11 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, chomh maith le tuairiscí arna niniúchadh go neamhspleách ar aon teicníc chun tomhaltóirí a phróifíliú a cuireadh i bhfeidhm ina gcroísheirbhísí ardáin nó ar fud a gcroísheirbhísí ardáin, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Foilsíodh naisc chuig na leaganacha neamhrúnda de na doiciméid sin ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha 31 . Bhí an chéad leagan eile de thuarascálacha na ngeatóirí ar chomhlíonadh le foilsiú faoin 7 Márta 2025 32 . Ba cheart an teolas is déanaí ó na geatóirí maidir lena mbearta comhlíonta a áireamh sna tuarascálacha sin.

(24)Rinne an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha uile ar chomhlíonadh a fuarthas in 2024 agus rinne sé obair leantach le geatóirí maidir lena nábhar. I mí an Mhárta 2024, d’eagraigh an Coimisiún sé cheardlann maidir le comhlíonadh le páirtithe leasmhara, ceardlann amháin le haghaidh gach geatóra a ainmníodh an 5 Meán Fómhair 2023. Eagraíodh ceardlann eile i mí na Samhna 2024 le haghaidh Booking, tar éis a ainmnithe i mí na Bealtaine 2024. Bhí sé d’aidhm ag na ceardlanna deis a thabhairt do thríú páirtithe soiléirithe a lorg ó gheatóirí agus aiseolas a thabhairt dóibh maidir lena réitigh chomhlíontachta. Bhí cead freastail ag an bpobal ar na ceardlanna uile, agus tugadh tús áite d’úsáideoirí gnó, don tsochaí shibhialta agus do chomhlachais ghnó maidir le freastal ar an láthair. Cuireadh na ceardlanna ar fáil ar líne freisin. Tá taifeadtaí ar na ceardlanna uile a reáchtáladh in 2024 ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha 33 .

(25)Chomh maith leis na ceardlanna maidir le comhlíonadh agus an obair ar na tuarascálacha ar chomhlíonadh 34 , chuaigh an Coimisiún i dteagmháil i gcónaí le geatóirí agus le tríú páirtithe leasmhara trí bhealaí éagsúla chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh. Áiríodh leis sin cruinnithe déthaobhacha agus ceardlanna teicniúla inar tugadh le chéile ionadaithe ó na geatóirí agus ó thríú páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún iarrataí ar fhaisnéis chuig geatóirí agus chuig tríú páirtithe. Spreag sé geatóirí go comhsheasmhach freisin dul i dteagmháil le gníomhaithe sa mhargadh go díreach trína chur i dtábhacht gur cuid thábhachtach í an rannpháirtíocht sin chun comhlíonadh éifeachtach a léiriú do gheatóirí.

(26)Rinne an Coimisiún faireachán ar an gcaoi ar chuir geatóirí ceanglais Airteagal 28 den Ghníomh um Margaí Digiteacha chun feidhme chun feidhm chomhlíontachta a thabhairt isteach nach mór a bheith neamhspleách ar fheidhmeanna oibríochtúla an gheatóra agus nach mór oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó a bheith inti ag a bhfuil údarás leordhóthanach, stádas leordhóthanach, agus acmhainní leordhóthanacha chun a chur ar a gcumas dóibh faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an gheatóra maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha agus comhairle a thabhairt dóibh ina leith. Cheap na geatóirí ainmnithe uile oifigigh chomhlíontachta i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 28 den Ghníomh um Margaí Digiteacha agus chuir siad na sonraí in iúl don Choimisiún. Bhí dhá chruinniú ar an láthair ag an gCoimisiún le hoifigigh chomhlíontachta gach geatóra in 2024. Ba é cuspóir na gcruinnithe sin go dtuigfeadh an Coimisiún conas a bunaíodh agus a eagraíodh an fheidhm chomhlíontachta agus an tidirphlé rialála leanúnach a mheas. Ar deireadh, chun tacú le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin féideartha, ghlac an Coimisiún, in 2024, orduithe coinneála lena niarrtar ar shé gheatóir – Alphabet, Amazon, Apple, Meta, Microsoft agus Booking – doiciméid a choinneáil a d’fhéadfaí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar a gcomhlíonadh le hoibleagáidí sonracha an Ghnímh um Margaí Digiteacha 35 .

2.Cinntí maidir le comhlíonadh Airteagail 5, 6 agus 7 den Ghníomh um Margaí Digiteacha 36

(27)Tuairiscítear sa roinn seo ar chinntí an Choimisiúin maidir leis na téamaí a chumhdaítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Ghníomh um Margaí Digiteacha agus ar na gníomhaíochtaí a rinne sé. Ní samplaí uileghabhálacha iad na samplaí thíos ach tugtar tuairisc iontu ar phríomhchásanna ghníomhaíochtaí an Choimisiúin ó thaobh chomhlíonadh an Ghnímh um Margaí Digiteacha de.

a)Smacht a bheith ag úsáideoirí ar a gcuid sonraí

(28)Aithnítear sa Ghníomh um Margaí Digiteacha an tábhacht a bhaineann le sonraí i margaí digiteacha, agus á chur i dtábhacht go bhféadfadh carnadh sonraí ag an ngeatóir, agus rochtain theoranta ar shonraí ag a niomaitheoirí, a bheith ina gcúis le níos lú inchoimhlinteachta, níos lú rogha d’úsáideoirí deiridh ar a gcuid sonraí féin, agus níos lú nuálaíochta. I ndáil le hinchoimhlinteacht go háirithe, mínítear sa Ghníomh um Margaí Digiteacha go bhféadfadh carnadh sonraí ag geatóirí trína seirbhísí ardáin a bheith ina chúis le bacainní iontrála i margaí ina bhfuil na geatóirí sin i láthair. I bhfocail eile, is féidir a bheith níos deacra do ghníomhaithe nua a gcuid seirbhísí a thairiscint ar na margaí sin mar gheall ar charnadh sonraí.

(29)Ar an gcaoi chéanna, is féidir le geatóir a chuireann srian le hathrú nó ilfhrithing an bonn a bhaint d’inchoimhlinteacht, mar shampla trí gan ligean d’úsáideoirí deiridh a gcuid sonraí a phortáil. Mar gheall ar shrianta den sórt sin, d’fhéadfadh sé, mar shampla, a bheith deacair d’úsáideoirí deiridh athrú ó líonra meán sóisialta seanbhunaithe go líonra atá ag teacht chun cinn, ar eagla go gcaillfí teagmhálacha nó ábhar dá gcuid féin sa phróiseas. Féachtar leis an nGníomh um Margaí Digiteacha aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí níos mó rogha a thabhairt d’úsáideoirí deiridh maidir leis an gcaoi a núsáidtear a gcuid sonraí agus an chaoi ar mian leo iad a úsáid, agus a áirithiú san am céanna go mbeidh rochtain níos fearr ag úsáideoirí gnó ar na sonraí a ghineann siad tríd an úsáid a bhaineann siad as croísheirbhísí ardáin.

(30)De bhun Airteagal 5(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ní mór do gheatóirí bearta a chur chun feidhme a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh rogha a dhéanamh cé acu a thoilíonn siad nó nach dtoilíonn siad lena gcuid sonraí a chomhcheangal agus/nó a thrasúsáid ar fud sheirbhísí na ngeatóirí. An 25 Márta 2024, chinn an Coimisiún imscrúdú neamhchomhlíonta a thionscnamh in aghaidh Meta i dtaca leis an oibleagáid sin 37 . Déantar measúnú san imscrúdú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann samhail ghnó Meta ‘íoc nó toiligh’ atá bunaithe ar fhógraíocht a oibleagáid toiliú a fháil ó úsáideoirí cibé uair a bheartaíonn Meta sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh a chomhcheangal nó a thrasúsáid ar fud a sheirbhísí éagsúla. Ina réamhchinntí a eisíodh an 1 Iúil 2024, leag an Coimisiún an tábhar imní a bhí aige amach go bhféadfadh sé nach mbeadh an rogha dhénártha a fhorchuirtear le samhail Meta ‘íoc nó toiligh’ ina fíor-rogha mhalartach d’úsáideoirí nach mian leo toiliú lena gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil. I mí Lúnasa 2024, ghlac an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (‘EDPB’) Tuairim faoi Airteagal 64(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) maidir le húsáid samhlacha ‘íoc nó toiligh’ ag ardáin mhóra ar líne. An 13 Samhain 2024, nuashonraigh Meta a shamhail ‘íoc nó toiligh’ trí ‘rogha mhalartach nach bhfuil chomh pearsantaithe’, mar a thug sé air, a sholáthar. Chomh maith lena imscrúdú ar chomhlíonadh Meta sa tréimhse roimh an 13 Samhain 2024, tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair freisin ar réiteach comhlíontachta athbhreithnithe Meta. Maidir le hiniomparthacht agus rochtain sonraí, in 2024, thosaigh geatóirí ag cur feabhas ar a réitigh iniomparthachta sonraí chun a bheith níos gaire d’iniomparthacht agus rochtain sonraí fíor-ama, leanúnach a chumasú ionas gur féidir le húsáideoirí deiridh a gcuid sonraí a phortáil go héasca, agus go mbeidh rochtain éasca ag úsáideoirí gnó ar a gcuid sonraí. Chuir na geatóirí ainmnithe uile réitigh chun feidhme le linn 2024. Áirítear leis sin réitigh aistrithe sonraí lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh, amhail Google Search nó Facebook nó TikTok, rochtain a thabhairt do thríú páirtithe údaraithe ar a gcuid sonraí stairiúla agus sonraí amach anseo, ar féidir leis na tríú páirtithe sin iad a úsáid chun seirbhísí iomaíocha nó nuálacha a thairiscint. Ina theannta sin, le réitigh aistrithe sonraí a cuireadh chun feidhme cheana féin agus ar cuireadh feabhas orthu go mór, cuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí gnó na seirbhísí ainmnithe éagsúla (e.g. Amazon Marketplace, Booking.com, nó YouTube) rochtain a fháil ar na sonraí a ghineann siad ar na seirbhísí sin.

(31)Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar fheidhmiú na nuirlisí nua sin, i gcomhairle le geatóirí agus le réimse leathan tríú páirtithe leasmhara. Chuaigh an Coimisiún i mbun dianidirphlé rialála leis na geatóirí uile chun iad a spreagadh feabhas a chur, i gcás inarb ábhartha, ar a réitigh comhlíontachta bunaithe ar aiseolas ó thríú páirtithe. Ba cheart go léireofar sna chéad tuarascálacha eile ar chomhlíonadh ó na geatóirí, a bhí le foilsiú i mí an Mhárta 2025, cuid de na feabhsuithe sin chomh maith leis an obair leanúnach. Leanfaidh an Coimisiún d’aiseolas margaidh a bhailiú maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na réitigh a cuireadh chun feidhme éifeachtach chun cuspóirí an Ghnímh um Margaí Digiteacha a bhaint amach.

b)Éiceachórais mhóibíleacha a oscailt

(32)Is éard atá i gceist le cuspóirí na hinchoimhlinteachta agus na cothroime in éiceachórais na ngeatóirí rogha na dtomhaltóirí a chumasú trí ligean d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar tháirgí agus seirbhísí éagsúla agus nuálacha a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas, agus gur féidir leo athrú go héasca idir táirgí agus seirbhísí malartacha. I measc fhorálacha an Ghnímh um Margaí Digiteacha a bhfuil ról lárnach acu maidir le héiceachórais mhóibíleacha a oscailt, tá na forálacha sin lena dtugtar aghaidh ar an bhféidearthacht d’fhorbróirí aipeanna a dháileadh trí fhoinsí malartacha 38 agus na forálacha sin lena dtugtar sainordú maidir le hidir-inoibritheacht éifeachtach, réamhshocraithe a athrú go héasca, díshuiteáil, nó scáileán roghanna a thaispeáint (go háirithe Airteagail 6(3), (4), agus (7) den Ghníomh um Margaí Digiteacha).

Réamhshocruithe, scáileáin roghanna agus díshuiteáil

(33)Ar cheann de thosaíochtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin tá cosc a chur ar gheatóirí leas a bhaint as claontachtaí iompraíochta tomhaltóirí trí mheán réamhshocruithe, agus úsáideoirí deiridh a chumhachtú athrú go héasca idir réitigh dhigiteacha éagsúla ar chóras oibriúcháin nó ar bhrabhsálaí gréasáin na ngeatóirí, dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Trí theorainn a chur le cumas na ngeatóirí daoine a stiúradh chuig a dtáirgí nó a seirbhísí, tugtar deis d’úsáideoirí gnó, amhail brabhsálaithe gréasáin malartacha agus soláthraithe inneall cuardaigh, a ninfheictheacht a mhéadú agus feabhas a chur ar na táirgí agus na seirbhísí a thairgeann siad. De bharr inchoimhlinteacht mhéadaithe sheirbhísí na ngeatóirí, bíonn réimse níos mó roghanna ann d’úsáideoirí deiridh.

(34)Rinne an Coimisiún gníomhaíocht chinntitheach chun a áirithiú go gcuirfidh geatóirí rogha níos leithne ar fáil d’úsáideoirí go tapa. Thionscain an Coimisiún imeachtaí in aghaidh Apple an 25 Márta 2024, mar fhreagairt ar fhianaise nach raibh an geatóir ag comhlíonadh a oibleagáidí go héifeachtach chun a chur ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh réamhshocruithe ar iOS a athrú go héasca (lena náirítear trí scáileán roghanna an bhrabhsálaí gréasáin) nó feidhmchláir bogearraí Apple féin a dhíshuiteáil ar iOS. Chuaigh an Coimisiún i mbun dianmhalartuithe rialála le Alphabet agus Microsoft freisin nach mór dóibh deis a thabhairt d’úsáideoirí deiridh réamhshocraithe a athrú go héasca agus feidhmchláir bogearraí a dhíshuiteáil.

(35)Mar thoradh ar iarrachtaí an Choimisiúin, tá torthaí soiléire follasacha ann. D’fhógair Apple sraith athruithe i mí Lúnasa 2024: bhain sé roinnt pointí achrannach in aistear an úsáideora chun brabhsálaí gréasáin a roghnú ar an scáileán roghanna agus mhéadaigh sé an líon feidhmchlár bogearraí ar féidir le húsáideoirí deiridh an réamhshocrú a athrú nó díshuiteáil ina leith. Tá rannán nua socruithe aipeanna réamhshocraithe ann freisin, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca réamhshocruithe a athrú. Tá na hathruithe seo curtha chun feidhme anois ar iOS agus iPadOS. Tá sé beartaithe ag Apple tuilleadh nuashonruithe a thabhairt isteach in Earrach 2025. Leanfaidh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar na bearta arna gcur chun feidhme ag Apple agus ar cé acu atá nó nach bhfuil an geatóir ag comhlíonadh an Gníomh um Margaí Digiteacha go héifeachtach.

(36)Taispeánann Alphabet scáileán roghanna feabhsaithe anois d’innill chuardaigh agus do bhrabhsálaithe gréasáin ar Chrome agus Pixel, atá á rolladh amach de réir a chéile ar gach gaireas Android. Leis an scáileán feabhsaithe, taispeántar liosta iomlán randamaithe de sheirbhísí malartacha atá ar fáil d’úsáideoirí. Leanann an Coimisiún de bheith i mbun idirphlé rialála le Alphabet maidir le scáileáin roghanna a rolladh amach agus na bearta a cuireadh chun feidhme i ndáil le réamhshocrú a athrú go héasca agus aipeanna a dhíshuiteáil.

(37)D’athraigh Microsoft a bhrabhsálaí gréasáin agus feidhmchláir innill cuardaigh ar líne ionas gur féidir iad a dhíshuiteáil ar a chóras oibriúcháin Windows. Chuir sé deireadh freisin le moltaí in eispéiris éagsúla Windows chun Edge a shocrú mar an brabhsálaí gréasáin réamhshocraithe d’úsáideoirí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar phlean comhlíontachta Microsoft, chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na gnéithe uile dá oibleagáidí go héifeachtach.

(38)Mar thoradh foriomlán air sin, tá níos mó deiseanna margaidh á gcruthú toisc gur féidir le húsáideoirí deiridh in LEE roghanna malartacha a aimsiú agus a shuiteáil ar bhealach níos éifeachtaí agus iad a shocrú mar a rogha réamhshocraithe más mian leo. Thairis sin, leanann an Coimisiún de mheasúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le tuilleadh feabhsuithe chun fíor-rogha a chumasú.

   Stiúradh

(39)An 25 Márta 2024, sheol an Coimisiún dhá imscrúdú maidir le Apple agus le Alphabet, a sholáthraíonn na príomhbhealaí dáileacháin le haghaidh feidhmchláir bogearraí (aipeanna) ar ghairis mhóibíleacha in LEE. Seoladh na himscrúduithe chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an dá gheatóir an oibleagáid, de bhun Airteagal 5(4) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, lena gceanglaítear orthu ligean d’fhorbróirí aipeanna – ar fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha cuid mhór acu – tomhaltóirí a ‘stiúradh’ saor in aisce chuig tairiscintí lasmuigh de shiopaí feidhmchlár na ngeatóirí (siopaí aipeanna).

(40)An 24 Meitheamh 2024, chuir an Coimisiún Apple ar an eolas faoina réamhthuairim gur sháraigh a pholasaithe App Store an Gníomh um Margaí Digiteacha mar gheall ar shrianta ar fhorbróirí aipeanna a chuireann tairiscintí agus ábhar seachtrach chun cinn do thomhaltóirí, agus ar an gcaoi sin ceiltear ar úsáideoirí deiridh féidearthachtaí ceannaigh malartacha, féadarthachtaí a d’fhéadfadh a bheith níos saoire freisin.

   Idir-inoibritheacht

(41)Tá margaí cothroma inchoimhlinte ag brath freisin ar idir-inoibritheacht chun go mbeidh rath orthu, ionas nach féidir le geatóirí leas a bhaint as a róil dhúbailte 39 , arna spreagadh ag comhtháthú táirgí, chun srian a chur leis an iomaíocht. Trí rochtain ar fheidhmiúlachtaí criticiúla geatóirí a éascú do sholáthraithe malartacha, féachann an Coimisiún le cumas na soláthraithe malartacha sin a bheith in iomaíocht a chosaint trí leanúint de bheith nuálach.

(42)An 19 Meán Fómhair 2024, chuir an Coimisiún tús le dhá imeacht sonraíochta chun cúnamh a thabhairt do Apple a oibleagáidí idir-inoibritheachta a chomhlíonadh faoin nGníomh um Margaí Digiteacha faoi Airteagal 6(7) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Díríonn an chéad imeacht ar roinnt gnéithe agus feidhmiúlachtaí nascachta iOS, a úsáidtear go príomha le gairis nasctha agus lena naghaidh (e.g. uaireadóirí cliste nó cluasáin). Díríonn an dara himeacht ar an bpróiseas atá curtha ar bun ag Apple chun iarrataí idir-inoibritheachta arna gcur isteach ag forbróirí agus tríú páirtithe le haghaidh iOS agus iPadOS a phróiseáil. An 19 Nollaig 2024, sheol an Coimisiún réamhchinntí chuig Apple i dtaca leis an dá imeacht sonraíochta, agus an tráth céanna sheol sé dhá chomhairliúchán phoiblí chomhfhreagracha.

(43)Ligeann easpa idir-inoibritheachta do gheatóirí a sholáthraíonn seirbhísí teachtaireachtaí tairbhiú d’éifeachtaí láidre líonra, a fheidhmíonn mar bhac ar mhalartú agus a chuireann teorainn le rogha agus inchoimhlinteacht tomhaltóirí. Sa chomhthéacs sin, tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar dhul chun cinn Meta maidir le WhatsApp agus Messenger a dhéanamh idir-inoibritheach de bhun a oibleagáide faoin Ghníomh um Margaí Digiteacha. Tar éis aiseolas a fháil ón gCoimisiún agus ó thríú páirtithe, tá roinnt athruithe déanta ag Meta ar a réiteach. Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na forbairtí sin chun a áirithiú gur féidir le tríú páirtithe leasmhara idiroibriú go héifeachtach le WhatsApp agus Messenger.

Bealaí dáileacháin malartacha

(44)Trí inchoimhlinteacht maidir le dáileadh aipeanna agus siopaí aipeanna a áirithiú, tugtar an tsaoirse d’úsáideoirí gnó cinneadh a dhéanamh maidir leis na bealaí is mian leo a úsáid chun a naipeanna a dháileadh, agus tugtar an tsaoirse d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar na haipeanna nó ar na siopaí aipeanna sin lasmuigh de chroísheirbhísí ardáin geatóra. Chun inchoimhlinteacht a áirithiú, rud lena dtugtar níos mó roghanna d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh araon agus lena spreagtar nuálaíocht, ní mór cosc a chur ar gheatóirí srianta a chur ar úsáideoirí deiridh maidir leis na haipeanna nó na siopaí aipeanna ar féidir leo rochtain a fháil orthu.

(45)Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin nach mór do Apple ligean d’úsáideoirí deiridh gaireas iPhone aipeanna a shuiteáil seachas trí App Store Apple féin, mar shampla trí shuiteáil agus úsáid siopaí aipeanna tríú páirtí agus aipeanna a íoslódáil go díreach ón ngréasán a chumasú. Mar thoradh ar oibleagáidí an Ghnímh um Margaí Digiteacha, atá infheidhme maidir le Apple ó mhí an Mhárta 2024, seoladh roinnt siopaí aipeanna tríú páirtí san Aontas Eorpach, amhail AltStore, Aptoide, agus Epic.

(46)Cé gur forbairtí dearfacha iad sin, agus inchoimhlinteacht éifeachtach á saothrú, thionscain an Coimisiún imscrúdú an 24 Meitheamh 2024 i ndáil le comhlíonadh Apple leis an nGníomh um Margaí Digiteacha maidir leis na téarmaí conarthacha a d’fhorchuir Apple ar fhorbróirí ar mian leo siopaí aipeanna tríú páirtí a sholáthar nó a naipeanna a thairiscint trí na siopaí aipeanna sin. Go háirithe, tá fiosrúchán á dhéanamh san imscrúdú maidir leis an méid seo a leanas: An Táille Croítheicneolaíochta atá beartaithe ag Apple, faoinar gá d’fhorbróirí siopaí aipeanna tríú páirtí agus aipeanna tríú páirtí táille EUR 0,50 a íoc in aghaidh aip shuiteáilte; aistear ilchéime an úsáideora a d’fhorchuir Apple chun siopaí aipeanna nó aipeanna malartacha a íoslódáil agus a shuiteáil ar iOS; agus na ceanglais incháilitheachta d’fhorbróirí chun go mbeidh siad in ann siopaí aipeanna malartacha a thairiscint nó aipeanna a dháileadh go díreach ón ngréasán ar iOS.

(47)Fearacht Apple, ní mór do Alphabet a áirithiú go bhfuil foinsí dáileacháin aipeanna malartacha cumasaithe go héifeachtach ar a chóras oibriúcháin Android. Leanann an Coimisiún de bheith i dteagmháil le Alphabet agus le tríú páirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhlíonadh éifeachtach théarmaí Android Alphabet leis an nGníomh um Margaí Digiteacha.

c)Cuardach cothromar líne

(48)I measc na réamhriachtanas le haghaidh margaí cuardaigh ar líne atá cothrom agus inchoimhlinte, tá cóir chomhionann a áirithiú agus cosaint in aghaidh cleachtais idirdhealaitheacha. I bhfianaise an mhéid sin, tá sé d’aidhm ag an nGníomh um Margaí Digiteacha úsáideoirí gnó a chosaint ar iomaíocht éagórach ó sheirbhísí na ngeatóirí, agus níos mó deiseanna a chur ar fáil do sholáthraithe eile inneall cuardaigh ar líne chun roghanna cuardaigh nua a fhorbairt.

(49)Tá an toirmeasc ar fhéintosaíocht arna déanamh ag geatóirí, a leagtar amach in Airteagal 6(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, fadréimseach agus tugtar aghaidh leis ar na cineálacha féintosaíochta uile. A mhéid a bhaineann le Alphabet, cumhdaíonn sé a sheirbhísí cuardaigh ingearaigh féin atá rangaithe nó leabaithe i dtorthaí Google Search. Cumhdaíonn sé sin freisin cásanna ina gcaitheann Alphabet lena sheirbhísí ábhair féin níos fabhraí ná soláthraithe ábhair eile atá rangaithe ar Google Search freisin. Thionscain an Coimisiún imeachtaí in aghaidh Alphabet an 25 Márta 2024 mar gheall ar ábhair imní go bhfuil tosaíocht á tabhairt ag an ngeatóir dá chuardach ingearach féin nó dá sheirbhísí ábhair féin ar chéilí comhraic comhchosúla atá gníomhach i réimsí amhail fáilteachas, taisteal, ríomhthráchtáil, nó cruthú inneachair, de shárú ar Airteagal 6(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

(50)Ina theannta sin, le hAirteagal 6(11) den Ghníomh um Margaí Digiteacha tugtar sainordú go gcomhroinntear sonraí cliceála agus fiosraithe na ninneall cuardaigh ainmnithe le soláthraithe inneall cuardaigh malartacha. Tá sé i gceist leis an oibleagáid seo inchoimhlinteacht ó innill chuardaigh tríú páirtí a chothú.

(51)I mí an Mhárta 2024, bheartaigh Alphabet réiteach ceadúnúcháin sonraí chun oibleagáid an Ghnímh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh maidir le sonraí rangaithe, fiosraithe, cliceála agus amhairc a chomhroinnt. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chomhlíonadh an réitigh ceadúnúcháin sin le hAirteagal 6(11) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Bhí an Coimisiún i dteagmháil le Alphabet agus le tairbhithe féideartha maidir leis an ábhar sin. Tá plé á dhéanamh aige freisin ar na coinníollacha maidir le sonraí a chomhroinnt go héifeachtach faoi Airteagal 6(11) den Ghníomh um Margaí Digiteacha le húdaráis um chosaint sonraí, go háirithe i gcomhthéacs an Ghrúpa Ardleibhéil.

d)Margaí ar líne

(52)Saothraítear an cuspóir maidir le timpeallacht ghnó atá cothrom agus inchoimhlinte do mhargaí ar líne agus d’idirghabháil ar líne le roinnt forálacha an Ghnímh um Margaí Digiteacha, amhail na forálacha sin lena gcuirtear cosc ar chlásail phaireachta, lena gcuirtear toirmeasc ar fhéintosaíocht maidir le rangú, lena maolaítear buntáistí sonraí éagóracha, agus lena gcothaítear rochtain agus iniomparthacht sonraí d’úsáideoirí.

(53)Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, cuirtear toirmeasc ar aon chineál paireachta (cúng nó leathan), lena gcumhdaítear cleachtais tráchtála seachas praghas agus lena náirítear aon bheart a mbeadh an éifeacht chéanna aige agus atá ag clásal paireachta. Bunaítear leis, dá bhrí sin, an fhéidearthacht d’úsáideoirí gnó idirdhealú a dhéanamh idir téarmaí tráchtála ar fud bealaí dáileacháin éagsúla. Mar thoradh air sin, is é is aidhm don Ghníomh um Margaí Digiteacha deireadh a chur le bacainní paireachta a bhaineann le roghanna úsáideoirí gnó earraí nó seirbhísí a thairiscint trí ardáin mhalartacha agus trí bhealaí díolacháin díreacha. Tá feidhm ag srian den sórt sin maidir le haon bheart ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach le clásail phaireachta, amhail rátaí coimisiúin méadaithe nó tairiscintí úsáideoirí gnó a dhíliostú.

(54)I ndáil leis sin, thug Booking le fios 40 , chun an Gníomh um Margaí Digiteacha a chomhlíonadh, ar an gcéad dul síos, gur bhain sé LEE de liosta na gcríoch atá faoi réir ceanglais phaireachta ina théarmaí agus coinníollacha ginearálta agus, ar an dara dul síos, thug sé isteach leagan de na téarmaí sin a tugadh cothrom le dáta nach dtagraíonn do phaireacht a thuilleadh 41 . Thug Booking le fios freisin gur stop sé praghas seachtrach a úsáid mar ionchur dá Chláir Préimhe.

(55)Thuairiscigh Amazon, de réir a fhéinmheasúnaithe féin, nár úsáid sé clásail phaireachta nach mbeadh i gcomhréir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha. Thuairiscigh geatóirí eile sásraí réamhbhreathnaitheacha um chomhlíonadh ar cheart dóibh cosc a chur ar oibleagáidí paireachta a thabhairt isteach d’úsáideoirí gnó amach anseo 42 . Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus de mheasúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáidí ábhartha an Ghnímh um Margaí Digiteacha á gcomhlíonadh go héifeachtach, ar cé acu atá nó nach bhfuil aon riosca ann maidir le himchéimniú, agus ar cé acu atá nó nach bhfuil bearta malartacha ag a bhfuil éifeacht chomhchosúil á núsáid ag geatóirí.

(56)Ar an gcaoi chéanna leis an toirmeasc is infheidhme maidir le cuardach ar líne, tá seirbhísí idirghabhála ar líne faoi réir thoirmeasc an Ghnímh um Margaí Digiteacha ar fhéintosaíocht freisin. Déantar é sin chun margaí ar líne atá cothrom agus inchoimhlinte a áirithiú do na mílte úsáideoirí gnó atá in iomaíocht dhíreach le táirgí agus seirbhísí na ngeatóirí ar ardáin na ngeatóirí féin. Dá réir sin, téann sé sin chun tairbhe d’úsáideoirí deiridh freisin ar féidir leo, dá bhrí sin, rogha níos leithne táirgí agus seirbhísí a aimsiú ar ardáin na ngeatóirí. Mar a fógraíodh an 25 Márta 2024, tá réamhchéimeanna imscrúdaitheacha á ndéanamh ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Amazon leis an nGníomh um Margaí Digiteacha i ndáil le cleachtais féintosaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann.

3. Faisnéis maidir le comhchruinnithe

(57)Faoi Airteagal 14 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ceanglaítear ar gheatóirí an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon chomhchruinniú a bheartaíonn siad a dhéanamh, i gcás ina soláthraíonn na heintitis atá ag cumasc nó sprioc an chomhchruinnithe croísheirbhísí ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach, nó i gcás ina gcumasaíonn siad bailiú sonraí.

(58)In 2024, fuair an Coimisiún 15 aighneacht maidir le comhchruinnithe a bhí beartaithe ag geatóirí. Foilsíodh achoimrí neamhrúnda ar an bhfaisnéis a chuir geatóirí isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 den Ghníomh um Margaí Digiteacha ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin le haghaidh naoi gcinn de na haighneachtaí sin 43 , mar aon le dáta an fhógra agus aitheantas na ngnóthas.

(59)Go háirithe, bhain roinnt aighneachtaí, a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 14 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, le comhaontuithe a bhaineann le tallann a fháil, cleachtas ar a dtugtar ‘acqui-hiring’ i mBéarla freisin (éadáil ar mhaithe le tallann a fháil) 44 . Is féidir le hidirbhearta den sórt sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla. Bíonn comhaontuithe fostaithe i gceist leo de ghnáth do phríomhfhoireann sa sprioc-chuideachta ach ní bhíonn scaireanna ná sócmhainní na sprioc-chuideachta a fháil i gceist leo i gcónaí. Maidir le cé acu atá nó nach bhfuil comhchruinniú i gceist le hidirbheart ‘acqui-hiring’ de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) 139/2004, ní bhíonn sé soiléir i gcónaí agus d’fhéadfadh anailís chríochnúil ar bhonn cás ar chás a bheith ag teastáil ina leith 45 .

(60)Le hAirteagal 14 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, cuirtear feabhas ar thrédhearcacht maidir le héadálacha na ngeatóirí agus ligtear don Choimisiún treochtaí fála níos leithne san earnáil dhigiteach a shainaithint. Ina theannta sin, comhroinneann an Coimisiún faisnéis maidir le héadálacha leis na Ballstáit. Féadfaidh siad, dá réir sin, an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch rialaithe cumasc náisiúnta. I gcás ina bhfuil dlínse náisiúnta ag na Ballstáit, is féidir le húdaráis inniúla náisiúnta (‘ÚINanna’) comhchruinnithe a tharchur chuig an gCoimisiún fós.

IV.MEASÚNÚ AR AN TUAIRISC INIÚCHTA AR THEICNÍCÍ CHUN TOMHALTÓIRÍ A PHRÓIFÍLIÚ

(61)Faoi Airteagal 15 den Ghníomh um Margaí Digiteach, ceanglaítear ar gheatóirí tuairisc, arna hiniúchadh go neamhspleách, a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le haon teicníc chun tomhaltóirí a phróifíliú a chuireann siad i bhfeidhm maidir le haon cheann de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear ina gcinntí ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 3(9) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Ba cheart dóibh forbhreathnú ar an tuairisc a fhoilsiú freisin. Is é 6 mhí tar éis an chinnidh ainmniúcháin an sprioc-am chun na tuairiscí iniúchta a chur isteach agus an forbhreathnú a fhoilsiú. Ceanglaítear ar gheatóirí freisin na doiciméid sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil amach anseo.

(62)Bhí an Coimisiún sásta treoraíocht a thabhairt agus comhairle a chur ar fáil do gheatóirí mar ullmhúchán dá noibleagáidí tuairiscithe, mar chuid den phlé réamhchomhlíontachta.

(63)Ba ghá do na sé gheatóir a ainmníodh an 5 Meán Fómhair 2023 an tuairisc iniúchta ar a dtuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na forbhreathnaithe poiblí comhfhreagracha a fhoilsiú faoin 7 Márta 2024. Faoin dáta sin, bhí tuairiscí iniúchta ar thuarascálacha den sórt sin faighte ag an gCoimisiún ó Alphabet, Amazon, Apple, Meta, agus Microsoft. Tháinig tuairisc iniúchta ByteDance ina dhiaidh sin tar éis moill áirithe, ar cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi roimhe sin, an 9 Aibreán 2024. Chuir Booking Holdings, a ainmníodh an 13 Bealtaine 2024, a thuairisc iniúchta isteach agus d’fhoilsigh sé an forbhreathnú poiblí comhfhreagrach an 13 Samhain 2024. Mar a cheanglaítear le hAirteagal 15(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, chuir an Coimisiún na tuairiscí iniúchta chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (‘EDPB’).

(64)Chuir an Coimisiún aiseolas ar fáil do gheatóirí maidir lena dtuarascálacha iniúchta agus leanfaidh sé d’anailís a dhéanamh ar an ábhar ar fad a chuir geatóirí faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 15 den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Measfaidh an Coimisiún bearta leantacha i gcás inarb iomchuí, amhail an teimpléad a thabhairt cothrom le dáta 46 . Leanfaidh sé freisin de bheith i dteagmháil le EDPB agus leis an nGrúpa Ardleibhéil maidir le hAirteagal 15 den Ghníomh um Margaí Digiteacha mar réimse leasa a d’fhéadfadh a bheith ann d’údaráis Eorpacha agus náisiúnta um chosaint sonraí agus d’údaráis forfheidhmithe maidir le cosaint tomhaltóirí, i measc nithe eile.

V.COMHAR IDIR AN COIMISIÚN AGUS ÚDARÁIS NÁISIÚNTA

(65)Leagtar síos leis an nGníomh um Margaí Digiteacha na prionsabail ghinearálta lena rialaítear a idirghníomhú le hionstraimí dlí ábhartha eile an Aontais, amhail dlí na hiomaíochta, an dlí maidir le cosaint sonraí agus an dlí um chosaint tomhaltóirí. Leagtar amach na prionsabail sin in Airteagail 1(5) agus 1(6) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Thairis sin, foráiltear le hAirteagail 37 agus 38 gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar agus go ndéanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin chun forfheidhmiú comhleanúnach, éifeachtach agus comhlántach a áirithiú. Le hAirteagal 38 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ceanglaítear ar an gCoimisiún agus ar ÚINanna a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta dul i gcomhar tríd an nGréasán Eorpach Iomaíochta (‘ECN’).

(66)I gcomhréir le hAirteagal 38 den Ghníomh um Margaí Digiteacha, chomhordaigh agus chuaigh an Coimisiún i ndlúthchomhar le ÚINanna trí ECN, ag leanúint leis an dlúthchomhar fada stairiúil tríd an gcreat sin a théann siar níos mó ná 20 bliain. Go háirithe, choinnigh an Coimisiún agus ÚINanna a chéile ar an eolas go córasach faoina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi seach, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. A bhuí leis an malartú faisnéise sin agus le hobair ECN, chomhordaigh agus chuaigh an Coimisiún agus ÚINanna i gcomhar go maith agus go héifeachtach in 2024.

(67)In 2024, fuair an Coimisiún fógra amháin ó ÚINanna, de bhun Airteagal 38(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, maidir le rún imscrúdú a sheoladh ar gheatóir bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, agus dhá fhógra, de bhun Airteagal 38(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, maidir le rún oibleagáidí a fhorchur ar gheatóirí bunaithe ar na dlíthe céanna. Cuireadh na fógraí sin isteach sa bhreis ar na fógraí ó ÚINanna faoi Rialachán 1/2003.

VI.AN GRÚPA ARDLEIBHÉIL LE HAGHAIDH AN GHNÍMH UM MARGAÍ DIGITEACHA 47

(68)Bunaíodh an Grúpa Ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (‘an Grúpa Ardleibhéil’) le Cinneadh ón gCoimisiún an 23 Márta 2023 bunaithe ar Airteagal 40 den Ghníomh um Margaí Digiteacha 48 . Tá an Grúpa Ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtaí agus líonraí Eorpacha a sainaithníodh sa Ghníomh um Margaí Digiteacha agus bunaíodh é mar ghrúpa saineolaithe, i gcomhréir leis an gCinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin 49 . Is é an Coimisiún a dhéanann cathaoirleacht ar an nGrúpa Ardleibhéil agus cuireann an Coimisiún tacaíocht rúnaíochta ar fáil freisin. Is é is aidhm don Ghrúpa Ardleibhéil tacú le cur chun feidhme comhleanúnach agus éifeachtach an Ghnímh um Margaí Digiteacha agus rialacháin eile a bhaineann go sonrach leis an earnáil is infheidhme maidir le geatóirí.

(69)Tá ról ábhartha ag an nGrúpa Ardleibhéil freisin maidir le sainaithint agus meastóireacht ar idirghníomhaíochtaí idir an Gníomh um Margaí Digiteacha agus rialacha a bhaineann go sonrach leis an earnáil. Thairis sin, is féidir leis an gCoimisiún úsáid a bhaint as saineolas atá ag comhlachtaí agus líonraí earnála ábhartha le linn imscrúduithe margaidh a d’fhéadfadh a bheith ar sheirbhísí agus cleachtais nua 50 .

(70)In 2024, bunaíodh trí fhoghrúpa théamacha a bhí dírithe ar oibleagáidí a bhaineann le sonraí, Airteagal 7 den Ghníomh um Margaí Digiteacha (idir-inoibritheacht), agus an intleacht shaorga (‘IS’) 51 . Ar an iomlán, thionóil na trí fhoghrúpa seacht gcruinniú, sa bhreis ar an seisiún iomlánach a bhí ar siúl i mí an Mhárta 52 .

(71)Maidir le hobair an chruinnithe iomlánaigh, d’fhormhuinigh comhaltaí an Ghrúpa Ardleibhéil a gcéad ráiteas comhpháirteach, agus seasamh an Ghrúpa Ardleibhéil maidir le IS á chur i dtábhacht. Soiléirítear sa ráiteas, a mhéid a chomhtháthaítear córais IS i gcroísheirbhísí ardáin ainmnithe, go mbeidh feidhm ag oibleagáidí an Ghnímh um Margaí Digiteacha maidir leo 53 .

(72)Spreag forbairtí móra i réimse IS bunú an fhoghrúpa a bhaineann le IS, ar thionóil a chéad chruinniú i mí Dheireadh Fómhair 2024. Thug sé sin deis cuireadh a thabhairt do gheatóirí a dtionscnaimh IS a chur i láthair agus ceisteanna ó chomhaltaí an Ghrúpa Ardleibhéil a fhreagairt 54 . Deis a bhí ann freisin d’Oifig an Aontais um Intleacht Shaorga an Gníomh um an Intleacht Shaorga agus an Bord Eorpach um an Intleacht Shaorga a chur i láthair, agus phléigh comhaltaí an Ghrúpa Ardleibhéil an obair leanúnach atá á déanamh ar IS laistigh dá líonraí nó comhlachtaí.

(73)Thionóil an foghrúpa maidir le hoibleagáidí a bhaineann le sonraí ceithre chruinniú in 2024 55 . Áirítear i bpríomhréimsí fócais an oibleagáid toiliú a fháil chun sonraí a chomhcheangal idir seirbhísí ainmnithe agus seirbhísí ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, lena náirítear cur chun feidhme Meta agus an tidirghníomhú idir an fhoráil sin agus RGCS 56 . Tar éis do chomhaltaí an Ghrúpa Ardleibhéil síneadh a chur leis an sainordú, leathnaigh an foghrúpa áirithe sin a shainordú ó bhí an dara cruinniú aige 57 . Cumhdaítear leis an sainordú anois freisin obair an Choimisiúin maidir le rochtain ar shonraí agus iniomparthacht sonraí, chomh maith le sonraí rangaithe, fiosraithe, cliceála agus amhairc a chomhroinnt ag innill chuardaigh ar líne. Rinneadh tuilleadh plé ar na tuarascálacha maidir le tomhaltóirí a phróifíliú a chuir geatóirí isteach faoin nGníomh um Margaí Digiteacha agus EDPB – Treoir Chomhpháirteach ón gCoimisiún maidir leis an idirghníomhú idir RGCS agus an Gníomh um Margaí Digiteacha, agus cuireadh an ceann deireanach sin i láthair i bhfoghrúpa Airteagal 7 freisin.

(74)Ina theannta sin, tháinig foghrúpa Airteagal 7 le chéile i mí Aibreáin agus i mí Mheán Fómhair 2024, ina raibh an plé dírithe ar na forbairtí is déanaí maidir le comhlíonadh ag seirbhísí ainmnithe cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir 58 , lena náirítear an tairiscint tagartha agus sásraí éifeachtacha aimsithe úsáideoirí.

(75)Príomhchonclúid a cuireadh i dtábhacht ar leibhéal an chruinnithe iomlánaigh agus ar leibhéal an fhoghrúpa araon is ea an gá atá le comhar rianúil a áirithiú ar fud ionstraimí beartais éagsúla agus cosc a chur ar gheatóirí leas a bhaint as beartas amháin chun beartas eile a sheachaint. Ag féachaint chun cinn, éascóidh formáidí an Ghrúpa Ardleibhéil an comhar agus an comhordú is gá chun a áirithiú go mbeidh forfheidhmiú an Ghnímh um Margaí Digiteacha láidir agus intuartha i gcónaí.

(1)

IO L 265, 12.10.2022, lgh. 166.

(2)

Le hAirteagal 35 den Ghníomh um Margaí Digiteacha ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a chur isteach ar chur chun feidhme an Ghnímh um Margaí Digiteacha agus an dul chun cinn atá déanta i dtreo a chuspóirí a bhaint amach. Is í seo an dara tuarascáil den chineál sin, lena gcumhdaítear an dara bliain a chuirtear an Gníomh um Margaí Digiteacha i bhfeidhm.

(3)

Tuarascáil chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: Tuarascáil Bhliantúil ar an nGníomh um Margaí Digiteacha (2022/1925), COM(2024) 106 final.

(4)

Tacaíonn CCMD leis an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin nGníomh um Margaí Digiteacha. Aicmítear é mar choiste faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus feidhmíonn sé i gcomhréir lena Rialacha Nós Imeachta. Bhí baint ag CCMD le gach ceann de na ceithre imscrúdú margaidh agus tháinig siad le chéile an 1 Feabhra, an 20 Márta agus an 4 Deireadh Fómhair 2024.

(5)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/commission-sends-preliminary-findings-meta-over-its-pay-or-consent-model-breach-digital-markets-act-2024-07-01_ga agus https://digital-markets-act.ec.europa.eu/commission-sends-preliminary-findings-apple-and-opens-additional-non-compliance-investigation-2024-06-24_ga .

(6)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/commission-opens-non-compliance-investigations-against-alphabet-apple-and-meta-under-digital-markets-2024-03-25_ga

(7)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/commission-starts-first-proceedings-specify-apples-interoperability-obligations-under-digital-2024-09-19_ga agus https://digital-markets-act.ec.europa.eu/commission-seeks-feedback-measures-apple-should-take-ensure-interoperability-under-digital-markets-2024-12-19_ga .

(8)

  an Grúpa Ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha comhdhéanta de na comhlachtaí agus na líonraí rialtóirí seo a leanas: Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS/EDPB), an Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN), an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CPC), agus Grúpa Eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc (ERGA).

(9)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/latest-news_ga

(10)

Cinneadh ón gCoimisiún, Cás DMA.100019 – Booking - Online Intermediation Services – Verticals: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/4360/oj.

(11)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/booking-must-comply-all-relevant-obligations-under-digital-markets-act-2024-11-14_ga

(12)

  Cás DMA.100042 ByteDance – Seirbhísí fógraíochta ar líne: https://ec.europa.eu/competition/digital_markets_act/cases/202441/DMA_100042_134.pdf .

(13)

Sa chéad roinn eile de Thuarascáil Bhliantúil an Ghnímh um Margaí Digiteacha, déantar scrúdú ar an gcaoi ar fhreagair an Coimisiún don aighneacht frisnéise. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach: Imscrúduithe margaidh agus frisnéisí.

(14)

Cás DMA.100232 X – Seirbhísí fógraíochta ar líne: https://ec.europa.eu/competition/digital_markets_act/cases/202441/DMA_100232_44.pdf .

(15)

Cás DMA.100041 - X - Seirbhís líonraithe shóisialta ar líne: https://ec.europa.eu/competition/digital_markets_act/cases/202441/DMA_100041_631.pdf .

(16)

  Lena n-áirítear ionchur ó úsáideoirí gnó X agus ó sholáthraithe eile seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne.

(17)

Níor foilsíodh an cinneadh seo go fóill .

(18)

  Cás DMA.100022 Apple – seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir: https://ec.europa.eu/competition/digital_markets_act/cases/202416/DMA_100022_2757.pdf .

(19)

  Cásanna DMA.100015 Innill chuardaigh ar líne Microsoft; DMA.100028 Brabhsálaithe Gréasáin Microsoft ; DMA.100034 Seirbhísí fógraíochta ar líne Microsoft: https://ec.europa.eu/competition/digital_markets_act/cases/202416/DMA_100015_700.pdf .

(20)

  Cinneadh ón gCoimisiún, Cás an DMA.100047 - Apple – iPadOS: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/4374/oj .

(21)

Chun mapáil scéimreach na ngeatóirí agus na gcroísheirbhísí ardáin ábhartha, féach an nasc seo chuig suíomh gréasáin den Ghníomh um Margaí Digiteacha: https://digital-markets-act.ec.europa.eu/gatekeepers_ga .

(22)

Cás T-1077/23 R Bytedance v an Coimisiún, IO C, C/2024/476, 3.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2317/oj agus Cás T-1077/23, Bytedance v an Coimisiún, IO C, C/2024/476, 3.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/476/oj .

(23)

Cás C-627/24 P, Bytedance v an Coimisiún, IO C, C/2024/6639, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6639/oj .

(24)

Cás T-433/24, Batchelor v an Coimisiún, IO C, C/2024/6103, 21.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6103/oj .

(25)

Cás T-357/24 Opera Norway v an Coimisiún IO C, C/2024/5640, 30.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5640/oj .

(26)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/whistleblower-tool_ga

(27)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/commission-launches-whistleblower-tools-digital-services-act-and-digital-markets-act-2024-04-30_ga

(28)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/index_ga

(29)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/about-dma/questions-and-answers_ga

(30)

Is féidir nuacht agus tuarascálacha an Choimisiúin maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha a leanúint trí roinnt cuntas: https://www.instagram.com/DigitalEU/ ; https://www.linkedin.com/showcase/digital-eu/ ; https://twitter.com/DigitalEU ; https://www.youtube.com/c/DigitalEU ; https://www.facebook.com/DigitalEU ; https://www.linkedin.com/showcase/dg-competition ; https://twitter.com/EU_Competition ; https://www.youtube.com/@dgcompetition44 .

(31)

  https://digital-markets-act-cases.ec.europa.eu/reports/compliance-reports agus https://digital-markets-act-cases.ec.europa.eu/reports/consumer-profiling-reports

(32)

Ní chumhdóidh sé sin Booking, a mbeadh sé sin le foilsiú ina leith an 14 Samhain 2024.

(33)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/events/workshops_ga

(34)

  https://digital-markets-act-cases.ec.europa.eu/reports/compliance-reports

(35)

  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_24_1689

(36)

  Ní thacaíonn aon ní sa tuarascáil seo leis go gcomhlíonann na bearta comhlíontachta a rinne na geatóirí an Gníomh um Margaí Digiteacha go hiomlán ná go páirteach.

(37)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhar leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn, a bhfuil imscrúdú á dhéanamh aige freisin ar shamhail Meta ‘íoc nó toiligh’ faoi RGCS, chun comhleanúnachas iomlán a áirithiú maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm.

(38)

Amhail siopaí aipeanna tríú páirtí.

(39)

Is féidir le geatóirí dhá ról nasctha a bheith acu, amhail a bheith ina soláthraí seirbhíse criticiúla agus ina n-iomaitheoir sa mhargadh céanna. I gcás ‘ról dúbailte’, is féidir leis an ngeatóir a smacht ar fheidhmiúlachtaí fíor-riachtanach a úsáid chun buntáiste a thabhairt dá tháirgí nó dá sheirbhísí féin, agus an iomaíocht ó sholáthraithe malartacha a phlúchadh.

(40)

  bookingholdings.com/wp-content/uploads/2024/11/DMA-Compliance-Report.pdf

(41)

Cuireadh an leagan sin in iúl d’úsáideoirí gnó agus fógraíodh é le linn na ceardlainne maidir le comhlíonadh i mí na Samhna 2024.

(42)

  Rud eile atá nasctha le comhlíonadh Airteagal 5(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, shainaithin Alphabet conarthaí ábhartha i ndáil le Play Store agus Maps a bhféadfadh clásail phaireachta a bheith iontu. I gcás conarthaí den sórt sin, sheol sé tarscaoiltí go luath in 2024. Mheas Apple gur chomhlíon sé Airteagal 5(3) cheana féin maidir lena App Store roimh an 7 Márta 2024.

(43)

  Foilseofar na haighneachtaí eile ó 2024 in 2025 ar bhonn rollach agus tráth nach luaithe ná 4 mhí tar éis an fhaisnéis a fháil.

(44)

Féach, mar shampla, Microsoft / Inflection AI, Inc., a tuairiscíodh faoi Airteagal 14 den Ghníomh um Margaí Digiteacha an 17 Deireadh Fómhair 2024.

(45)

Mar shampla, in Microsoft / Inflection, mheas an Coimisiún go raibh na sócmhainní uile ba ghá i gceist leis an idirbheart chun suíomh margaidh Inflection a aistriú chuig Microsoft agus tháinig sé ar an gconclúid gurb ionann an t-idirbheart agus comhchruinniú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) 139/2004. Féach: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_24_4727 .

(46)

  https://digital-markets-act.ec.europa.eu/system/files/2023-12/Article%2015%20DMA%20Template%20%28consumer%20profiling%20report%29.pdf

(47)

I gcomhthéacs an Ghnímh um Margaí Digiteacha, is ionann an Grúpa Ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha agus Grúpa Ardleibhéil na Rialtóirí Digiteacha.

(48)

  https://competition-policy.ec.europa.eu/system/files/2023-03/High_Level_Group_on_the_DMA_0.pdf

(49)

Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún final lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin.

(50)

Ibid. Airteagal 40(7).

(51)

Tá obair na bhfoghrúpaí bunaithe ar théarmaí tagartha aonair.

(52)

Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi gach cruinniú iomlánach nó cruinniú foghrúpa de chuid an Ghrúpa Ardleibhéil, lena n-áirítear cláir oibre agus miontuairiscí cruinnithe, féach: https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=ga&groupId=3904&fromMembers=true&memberType=5&memberId=111640 .

(53)

Thairis sin, sainaithnítear sa doiciméad treoracha le haghaidh comhair chomh maith le príomhréimsí a bhaineann le IS ar gá faireachán comhlántach agus forfheidhmiú comhordaithe a dhéanamh orthu.

(54)

Bhí Apple, Microsoft, agus Meta i láthair, ach sheol Alphabet nóta faisnéise a roinneadh le comhaltaí an Ghrúpa Ardleibhéil.

(55)

I mí Feabhra, mí Aibreáin, mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair 2024.

(56)

I ndáil leis sin, chuir EDPB i láthair Tuairim 08/2024 maidir le Toiliú Bailí i gComhthéacs Shamhlacha ‘Íoc nó toiligh’ arna gcur chun feidhme ag Ardáin Mhóra ar Líne, a glacadh an 17 Aibreán 2024.

(57)

Lena n-áirítear Airteagail 6(9), 6(10), agus 6(11), mar aon le hAirteagal 5(2).

(58)

‘Seirbhísí teachtaireachtaí ar líne (OTT)’ nó go simplí ‘aipeanna teachtaireachtaí’.