An Bhruiséil,24.3.2025

COM(2025) 116 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/643 i ndáil le hiompar d'iarnród


   1.    RÉAMHRÁ

1.1. AIDHM NA TUARASCÁLA

Sonraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród 1 nach mór don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le forbairtí amach anseo faoin 31 Nollaig 2020 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin. Is í seo an dara tuarascáil a chomhlíonann an ceanglas sin 2 .

Mínítear sa chéad roinn den tuarascáil seo cúlra, comhthéacs beartais, úsáid sonraí agus cumhdach an Rialacháin. Tugtar tuairisc sa dara roinn ar a chur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún (Eurostat), ar ualach agus costais na mBallstát i dtéarmaí bailiú sonraí, saincheisteanna modheolaíochta agus cáilíochta sonraí, agus ar na modhanna éagsúla chun staitisiticí i ndáil le hiompar d’iarnród a fhoilsiú. Tagraíonn an dá roinn dheireanacha d’fhorbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar staitisiticí i ndáil le hiompair d’iarnród agus leagtar amach iontu príomhchonclúidí na tuarascála.

1.2. CÚLRA AN CHREATA DHLÍTHIÚIL

Ceapadh Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 chun sonraí staitistiúla inchomparáide, iontaofa, comhchuibhithe, rialta agus cuimsitheacha maidir le hiompar lasta agus paisinéirí d’iarnród a sholáthar don Choimisiún, d’institiúidí eile an Aontais, do rialtais náisiúnta agus don phobal i gcoitinne.

Féachadh leis na leasuithe a tugadh isteach in 2016 le Rialachán (AE) 2016/2032 an gníomh bunaidh a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú (agus, ar an gcaoi sin, an t‑ualach ar na Ballstáit a laghdú). Bhí sé d’aidhm acu freisin an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcreat dlíthiúil atá ann cheana maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le hiompar d’iarnród agus é a chur i gcomhréir le Conradh Liospóin.

1.3. COMHTHÉACS BEARTAIS agus úsáid sonraí

Chun comhbheartas iompair a fhorbairt san Aontas, ní mór eolas domhain a bheith ann ar mhéid an iompair d’iarnród agus ar an gcaoi ar tháinig athrú air.

Is straitéis fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip 3 arb é is aidhm dó geilleagar an Aontais a dhéanamh inbhuanaithe trí dheiseanna a dhéanamh de dhúshláin aeráide agus chomhshaoil ar fud gach réimse beartais agus tríd an aistriú a dhéanamh cothrom agus cuimsitheach do chách. In 2022, bhain thart ar 28.9 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais le hearnáil an iompair (lena náirítear buncair idirnáisiúnta). Chun aeráidneodracht a bhaint amach, tá gá le laghdú 90 % ar astaíochtaí iompair faoi 2050. Is iompar lasta iarnróid cnámh droma lóistíochta inbhuanaithe an gheilleagair agus rannchuidíonn iompar d’iarnród go mór le spriocanna aeráide a bhaint amach i gcomhréir le fás eacnamaíoch agus fás earnáil an iompair.

I mí na Nollag 2020, chuir an Coimisiún an ‘Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste — iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí’ i láthair freisin 4 , ina leagtar amach na céimeanna atá beartaithe chun córas iompair an Aontais a athrú ó bhonn i gcomhréir le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’. Leis an straitéis soghluaisteachta, saothraítear an fhís maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe, inacmhainne, chuimsitheach, chliste, athléimneach agus iomaíoch, agus éilítear claochlú bunúsach ar earnáil an iompair. Ceann de chuir chuige na Straitéise Soghluaisteachta is ea úsáid modhanna nach bhfuil chomh truaillitheach céanna a mhéadú agus cuid shubstaintiúil den lasta intíre a iompraítear faoi láthair de bhóthar (75 %) a aistriú go hiarnróid agus go huiscebhealaí intíre. Ceann de thosaíochtaí an Choimisiúin do 2024-2029 i réimse an iompair is ea plean a chur ar aghaidh le haghaidh gréasán iarnróid ardluais Eorpach uaillmhianach chun cuidiú le príomhchathracha an Aontais a nascadh, lena náirítear trí thraenacha oíche, agus chun dlús a chur leis an iompar lasta iarnróid.

Le 25 bliana anuas, tá sé beartaithe go gníomhach ag an gCoimisiún earnáil iompair iarnróid na hEorpa a athstruchtúrú chun staid an iarnróid a neartú i gcomparáid le modhanna eile iompair. Dhírigh iarrachtaí an Choimisiúin ar thrí phríomhchuspóir, atá ríthábhachtach chun tionscal iompair iarnróid atá láidir agus iomaíoch a fhorbairt:

·an margadh iompair iarnróid a oscailt don iomaíocht;

·idir-inoibritheacht agus sábháilteacht na ngréasán náisiúnta a mhéadú;

·bonneagar iompair iarnróid a fhorbairt.

Tá ról tábhachtach ag na sonraí a bhailítear faoi Rialachán (AE) 2018/643 i gcinnteoireacht an Aontais agus i gceapadh bheartais an Aontais agus san fhaireachán a dhéantar orthu. Tá torthaí an bhailithe sonraí ríthábhachtach maidir le faireachán a dhéanamh ar an margadh iarnróid san Aontas agus úsáidtear iad go rialta mar thagairt i dteachtaireachtaí ón gCoimisiún, i ndoiciméid inmheánacha oibre agus i measúnuithe tionchair. Cuidíonn eolas domhain ar an margadh le hiomaíochas cuideachtaí san earnáil a mhéadú. Táirgeann an Rialachán staidreamh is féidir a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le hiompar lasta a aistriú ó bhóthar go hiarnród.

Thairis sin, thug na Ballstáit dá n‑aire go bhfuil gá leis na sonraí a bhailítear faoin Rialachán ar an leibhéal náisiúnta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

·forbairt na gníomhaíochta iompair d’iarnród a bhreathnú trí fhaireachán gearrthéarmach (trí shonraí ráithiúla a úsáid) agus trí fhaireachán fadtéarmach (trí shonraí bliantúla a úsáid);

·anailísí ar threochtaí náisiúnta a dhéanamh agus tagarmharcanna a reáchtáil le tíortha eile;

·faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil sciar d’iarnróid i gcúrsaí iompair san Eoraip trí chéile ag athrú i gcomparáid le modhanna eile (cion módach).

Sa chomhthéacs sin, shonraigh na Ballstáit go bhfuil na sonraí á n‑úsáid ag:

·údaráis náisiúnta;

·ollscoileanna, institiúidí taighde agus samhaltaithe;

·institiúidí eacnamaíocha;

·an tionscal iarnróid le haghaidh anailíse agus pleanála;

·eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an Fóram Iompair Idirnáisiúnta agus Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip;

·agus lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta maidir le pleanáil, faireachán spriocdhírithe agus cinnteoireacht.

1.4 CUMHDACH BALLSTÁT AGUS TÍORTHA EILE

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/643 go díreach agus go hiomlán maidir leis na Ballstáit uile a gceanglaítear orthu na sonraí a shonraítear a sholáthar. Is iad Málta agus an Chipir amháin, tíortha nach bhfuil bonneagar iarnróid acu agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon ghníomhaíocht iompair d’iarnród acu, nach gceanglaítear orthu an Rialachán a chur chun feidhme.

Soláthraíonn trí thír i Limistéar Saorthrádála na hEorpa (CSTE) sonraí ar iompar iarnróid freisin — an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin. Soláthraíonn cúig thír is iarrthóirí (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc) sonraí ar bhonn deonach. I mí an Mheithimh 2024, sheol an Úcráin den chéad uair tacar sonraí amháin maidir le hiompar iomlán lasta iarnróid agus iompar iomlán paisinéirí d’iarnród le haghaidh na bliana tagartha 2021. Tá measúnú á dhéanamh ag an Albáin, an tSeoirsia, an Chosaiv 5* agus an Mholdóiv faoi láthair ar an infhaighteacht sonraí agus ar an mbealach is fearr a chomhlíonfaidh siad ceanglais Rialachán (AE) 2018/643.

I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/643, sheol tíortha an méid seo a leanas chuig Eurostat:

(I)staidreamh bliantúil mionsonraithe maidir le hiompar lasta agus paisinéirí;

(II)staidreamh ráithiúil maidir le hiompar lasta agus paisinéirí;

(III)staidreamh réigiúnach maidir le hiompar lasta agus paisinéirí ar 6 leibhéal NUTS 2 (gach 5 bliana, le haghaidh tréimhse thagartha 1 bhliain amháin);

(IV)staidreamh maidir le sreafaí tráchta ar an ngréasán iarnróid (gach 5 bliana le haghaidh tréimhse thagartha 1 bhliain amháin);

(V)staidreamh bliantúil nach bhfuil chomh mionsonraithe maidir le gníomhaíocht iompair lasta agus paisinéirí de chuid gnóthas iarnróid ag a bhfuil toirt iomlán iompair lasta níos lú ná 200 milliún tona-ciliméadar agus níos lú ná 500 000 tona, agus de chuid gnóthas ag a bhfuil toirt iomlán iompair paisinéirí níos lú ná 100 milliún ciliméadar-paisinéara.

   2.         GNÍOMHAÍOCHT LEANTACH AR AN RIALACHÁN A CHUR CHUN FEIDHME

2.1. COMHLÍONADH OIBLEAGÁIDÍ DLÍTHIÚLA

Tá ardleibhéal comhlíontachta leis na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/643 maidir le sonraí a sholáthar, agus na tacair sonraí a iarrtar á soláthar go tráthrialta ag na Ballstáit uile laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos. D’fhéadfadh moilleanna gearra tarlú uaireanta mar gheall ar athruithe ar an leibhéal náisiúnta (e.g. athruithe TF nó athruithe sa mhargadh iarnróid). Mar sin féin, ní raibh tionchar riamh ag na moilleanna sin ar tháirgeadh staidrimh i ndáil le hiompar d’iarnród. Leanann tíortha an mhodheolaíocht chomhaontaithe, lena n‑áirithítear go dtáirgtear staidreamh ardcháilíochta iontaofa maidir le hiompar lasta agus paisinéirí d’iarnród san Eoraip.

Chun an nochtadh díreach nó indíreach faisnéise maidir le gnóthais iarnróid aonair a chosc, marcálann roinnt Ballstát na sonraí iarnróid a sheol siad mar shonraí rúnda. Sna bailiúcháin sonraí is déanaí, caitheadh leis na sonraí mionsonraithe bliantúla faoi phaisinéirí iarnróid arna dtarchur ag an mBeilg, ag an bhFrainc, ag an Ungáir, ag an bPolainn agus ag an Ísiltír mar shonraí rúnda nó mar shonraí rúnda i bpáirt, agus i gcás na Beilge, na Polainne agus na Sualainne, tuairiscíodh na sonraí mionsonraithe bliantúla maidir le lasta iarnróid go hiomlán nó i bpáirt mar shonraí rúnda. Feictear ráta rúndachta níos airde i mbailiú sonraí réigiúnacha gach 5 bliana (Leibhéal NUTS 2). I gcásanna sonraí rúnda, cuireann Eurostat rialacha agus bearta i bhfeidhm chun a nochtadh a chosc.

2.2 MODHANNA BAILITHE SONRAÍ A ÚSÁIDTEAR I mBALLSTÁIT

Bailíonn gnóthais iarnróid sonraí de réir na modhanna arna nglacadh ag gach tír agus seolann siad iad chuig na húdaráis náisiúnta, atá freagrach as na sonraí a phróiseáil. Áirítear i Lámhleabhar Tagartha Eurostat maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród 7  caibidil atá tiomnaithe do mhodheolaíochtaí náisiúnta ina bhfuil fochaibidil maidir le tiomsú sonraí agus bainistiú cáilíochta.

Fuarthas amach i staidéar a rinne Eurostat in 2021 ar ghnóthais eachtracha a oibríonn ar líonraí iarnróid intíre go mbíonn deacrachtaí ag roinnt tíortha sonraí a fháil ó na gnóthais sin, toisc nach féidir oibleagáid tuairiscithe a fhorchur orthu. Moladh sa staidéar bearta áirithe chun na constaicí sin a shárú.

2.3 UALACH RIARACHÁIN agus costais do NA BALLSTÁIT

Tá Rialachán (AE) 2018/643 ceaptha chun an t‑ualach ar na Ballstáit a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ní gá d’fhormhór na mBallstát bearta breise a dhéanamh toisc go bhfuil na próisis atá acu cheana forbartha go maith chun ceanglais an Rialacháin maidir le bailiú sonraí a chomhlíonadh.

De réir na faisnéise sna meiteashonraí náisiúnta lena gcomhlánaítear na sonraí maidir le hiompar d’iarnród, measann formhór na dtíortha tuairiscithe go bhfuil an t‑ualach oibre a bhaineann le soláthar sonraí inghlactha. I bhformhór na dtíortha tuairiscithe, is ar na gnóthais iarnróid nó ar na hoibreoirí iarnróid den chuid is mó atá an t‑ualach freagartha agus coinnítear chomh híseal agus is féidir é. Is féidir leis na freagróirí na sonraí riachtanacha a tharchur trí chomhéadan sonraí nó trí ríomhphost. Ní dhéantar teagmháil le freagróirí ach amháin mura féidir le húdaráis staidrimh náisiúnta earráidí dealraitheachta a réiteach. Tuairiscíonn tíortha ar féidir leo costas agus ualach a mbailithe sonraí iarnróid a chainníochtú éagothromaíochtaí móra. Braitheann na difríochtaí costais agus ualaigh sin ar an líon gnóthas agus ar an méid sonraí a bhailítear, rud atá éagsúil ó thír go tír, chomh maith le córais náisiúnta tiomsaithe sonraí. I gcásanna áirithe, tá méadú tagtha ar líon na ngnóthas iarnróid atá ag freagairt ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm, agus tá tionchar comhfhreagrach aige sin ar na costais ghaolmhara agus ar an ualach gaolmhar. Mar sin féin, tá tairseacha bunaithe sa Rialachán maidir le méid na gníomhaíochta iompair chun an t‑ualach tuairiscithe a theorannú agus cáilíocht an staidrimh a choinneáil ag an am céanna. Mar sin féin, measann tíortha luach mór a bheith ag baint leis na sonraí maidir le hiompar d’iarnród agus is mó tairbhe an staidreamh a eascraíonn as ná an t‑ualach agus an costas ar fhreagróirí agus ar oifigí staidrimh.

Simpliú agus an t‑ualach riaracháin a laghdú

An t‑ualach riaracháin a laghdú is ea ceann de chuspóirí leanúnacha an Choimisiúin. I gcomhar le húdaráis staidrimh náisiúnta, tá gníomhaíochtaí sonracha á gcur chun feidhme ag Eurostat chun an t‑ualach náisiúnta a bhaineann le bailiú agus tuairisciú sonraí a laghdú. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin:

1. Uirlisí a fhorbairt, amhail geo-amharcóir Eurostat, chun tuairisciú sonraí réigiúnacha ar leibhéal NUTS 2 a éascú. Tá feidhm chuardaigh ag geo-amharcóir Eurostat a éascaíonn an cuardach ar chóid NUTS. Is féidir le tíortha tuairiscithe ainm stáisiúin iarnróid, nó ainm pointe imeachta/teacht isteach, a chur isteach agus soláthraíonn an geo-amharcóir an cód NUTS iomchuí. Is féidir le Eurostat liosta de na stáisiúin iarnróid uile leis na cóid NUTS chomhfhreagracha a chur ar fáil freisin.

2. Uirlisí bailíochtaithe nuafhorbartha, lenar féidir le tíortha tuairiscithe a gcuid sonraí a bhailíochtú sula dtarchuireann siad go hoifigiúil iad chuig Eurostat (réamhbhailíochtú) agus aiseolas a fháil maidir le hearráidí i gcás gach tacair sonraí ar leith.

3. Cruinnithe rialta saineolaithe ó na Ballstáit, ó thíortha CSTE, ó thíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha i Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le staidreamh i ndáil le hIompar d’iarnród, chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le sonraí iompair d’iarnród a bhailiú agus a phróiseáil.

Tugadh le fios i gcomhairliúchán leis na Ballstáit i mí an Mheithimh 2024 gur leor an creat a shainítear le Rialachán (AE) 2018/643 chun freastal ar riachtanais úsáideoirí gan ualach iomarcach a chur ar fhreagróirí.

2.4 Seiceálacha bailíochtaithe agus cáilíochta ar na sonraí a FHAIGHTEAR

Is iad na Ballstáit atá freagrach as sonraí a bhailiú agus a tharchur, ach déanann Eurostat gach beart is gá chun staidreamh ardcháilíochta a áirithiú agus chun aon earráid nó aon neamhdhealraitheacht sna sonraí a fhaightear a bhrath. Ó bhí 2023 ann, tá córas TF sofaisticiúil curtha chun feidhme ag Eurostat le haghaidh bainistiú sonraí ina bhfuil dhá chomhpháirt fheabhsaithe: uirlisí nua bailíochtaithe sonraí; agus bogearraí cumhachtacha (Córais Anailíse Staidrimh - CAS) chun sonraí iompair d’iarnród a phróiseáil, a sheiceáil ó thaobh cáilíochta de agus a fhoilsiú.

Tarchuireann tíortha tuairiscithe tacair sonraí chuig Eurostat trí thairseach EDAMIS trí úsáid a bhaint as struchtúr atá comhoiriúnach le caighdeán SDMX (Malartú Sonraí Staidrimh agus Meiteashonraí). Cuirtear próiseas láidir bailíochtaithe dhá chéim i bhfeidhm ansin ar na tacair sonraí a fhaightear:

·Ar an gcéad dul síos, leis an uirlis STRUVAL (‘STRUctural VALidation’), déantar gach tacar sonraí a bhailíochtú i dtéarmaí formáide, iomláine na réimsí éigeantacha agus chruinneas an struchtúir agus na gcód a úsáidtear.

·Ar an dara dul síos, déanann an uirlis CONVAL (CONtent VALidation) inneachar gach tacair sonraí a bhailíochtú ar bhonn rialacha agus tairseacha réamhshainithe. Faigheann tíortha tuairiscithe tuarascáil bhailíochtaithe mhionsonraithe maidir le gach tacar sonraí a tharchuirtear, rud a fhágann go bhfuil sé éasca aon earráid a cheartú. Tá na rialacha bailíochtaithe is infheidhme á dtabhairt cothrom le dáta i gcónaí ag Eurostat chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn agus chun a áirithiú go dtáirgtear staidreamh ardcháilíochta.

Ar an iomlán, tá cáilíocht na sonraí a tharchuirtear an‑mhaith. Mar sin féin, déanann gach tír tuairiscithe athbhreithniú ar a gcuid sonraí má bhraitheann na huirlisí bailíochtaithe STRUVAL agus CONVAL earráidí.

Ina dhiaidh sin, seiceálann Eurostat an chomhsheasmhacht amshraithe agus comhsheasmhacht idir-thacair sonraí na sonraí ráithiúla agus bliantúla maidir le hiompar d’iarnród. Mura mbraitheann aon cheann de na seiceálacha sonraí sin aon fhadhb, nó nuair a dhéanann tíortha athbhreithniú ar a dtacair sonraí nó nuair a mhíníonn siad aon neamhréireacht, stóráiltear na sonraí lena bpróiseáil agus lena bhfoilsiú a thuilleadh i mbunachar sonraí ar líne Eurostat.

2.5 TACAÍOCHT MHODHEOLAÍOCHTA DO NA BALLSTÁIT

Cuireann Eurostat tacaíocht leanúnach ar fáil do thíortha tuairiscithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/643, na sonraí a iarradh maidir le hiompar d’iarnród agus an mhodheolaíocht iomchuí chun é a thiomsú.

Tugann cruinnithe de chuid an tSainghrúpa maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród an deis do na Ballstáit, do thíortha CSTE, do thíortha is iarrthóirí agus d’iarrthóirí ionchasacha cáilíocht sonraí, saincheisteanna modheolaíochta agus tionscadail nua a phlé. Is mír rialta ar an gclár oibre é cur chun feidhme an Rialacháin freisin ag cruinnithe bliantúla an ghrúpa chomhordaithe um staidreamh maidir le hiompar.

Sa Lámhleabhar tagartha maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród, tugtar treoraíocht mhionsonraithe do thíortha tuairiscithe maidir leis an Rialachán a chur chun feidhme. Déantar an lámhleabhar tagartha a thabhairt cothrom le dáta go rialta (ar bhonn bliantúil de ghnáth) chun an fhaisnéis, an doiciméadacht agus na treoirlínte is déanaí a bhaineann le bailiú staidrimh i ndáil le hiompar d’iarnród a chur san áireamh.

In 2019, i ndlúthchomhar le Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip agus leis an bhFóram Idirnáisiúnta Iompair, d’fhoilsigh Eurostat an cúigiú heagrán den Ghluais um staidreamh iompair 8 , lena náirítear roinn cothrom le dáta agus fheabhsaithe maidir le hiompar d’iarnród. Is é is aidhm don ghluais sainmhínithe ar staidreamh iompair a chaighdeánú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá nuashonrú mór ar an ngluais beartaithe ag na trí eagraíocht. Tá sé beartaithe leagan nua a fhoilsiú in 2025.

2.6 SCAIPEADH SONRAÍ

Bunachar sonraí ar líne Eurostat

Eisíonn Eurostat na sonraí a bhailítear faoi Rialachán (AE) 2018/643 trína bhunachar sonraí ar líne atá inrochtana go héasca trí shuíomh gréasáin Eurostat. Tá 26 thábla ann maidir le hiompar d’iarnród, a thugtar cothrom le dáta go rialta agus a chomhlánaítear le comhaid mheiteashonraí mhionsonraithe Eorpacha agus náisiúnta.

Gach 5 bliana, tugann Eurostat cothrom le dáta dhá thacar sonraí ina mbíonn staidreamh réigiúnach (NUTS leibhéal 2) maidir le hiompar lasta agus paisinéirí (Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán); agus cruthaítear thart ar 28 dtacar sonraí (ceann amháin in aghaidh na tíre tuairiscithe) maidir le sreafaí tráchta ar an ngréasán iarnróid (Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán). Is í 2020 an bhliain tagartha is déanaí atá ar fáil le haghaidh an staidrimh sin.

Táirgí scaipthe 

Táirgeann Eurostat dhá airteagal ‘Staidreamh arna Mhíniú’ maidir le hiompar d’iarnród ina dtugtar forléargas do na meáin agus don phobal ar na forbairtí is tábhachtaí agus anailís ar na sonraí a bailíodh faoi Rialachán (AE) 2018/643:

·Staidreamh maidir le hiompar lasta iarnróid 9   

·Staidreamh maidir le hiompar paisinéirí d’iarnród — sonraí ráithiúla agus bliantúla. 10

Déantar na hairteagail sin a thabhairt cothrom le dáta gach bliain a luaithe a thugtar an bailiú sonraí le haghaidh bliain tagartha ar leith chun críche.

Modhanna eile scaipthe

Scaiptear sonraí maidir le hiompar d’iarnród freisin trí asbhaintí sonraí saincheaptha d’úsáideoirí in ailt nuachta Eurostat (e.g. Iompar lasta iarnróid beagán síos in 2022 11 )agus i bhfoilseacháin eile de chuid Eurostat, amhail Príomhfhigiúirí maidir le hiompar Eorpach 12 , Príomhfhigiúirí maidir leis an Eoraip 13 , agus bliainiris réigiúnach Eurostat 14 . Scaiptear na sonraí freisin i bhfoilseacháin ardstiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin, go háirithe foilseacháin Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (e.g. ina leabhar póca Staidrimh 15 ), agus i bhfoilseacháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA). Foilsítear na sonraí uile a áirítear in asbhaintí saincheaptha agus i bhfoilseacháin i mbunachar sonraí ar líne Eurostat freisin.

Áirítear sonraí maidir le hiompar d’iarnród freisin sa Tuarascáil Faireacháin ar an bhForbairt Inbhuanaithe 16 lena ndéantar faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cuspóir beartais an Aontais i dtaca le lasta a aistriú ó bhóthar go hiarnróid agus go huiscebhealaí intíre. Déantar sa tuarascáil seo anailís ar sciar na niarnród agus na nuiscebhealaí intíre mar chuid den iompar lasta intíre de réir tona-ciliméadar ó thaobh forbairt ghearrthéarmach agus forbairt fhadtéarmach de. Príomhtháscaire eile sa bhfoilseachán seo is ea an fhorbairt ghearrthéarmach agus fhadtéarmach ar sciar na mbusanna agus na dtraenacha mar chuid den iompar paisinéirí intíre.

   3.        FORBAIRT BHREISE A DHÉANAMH AR STAIDREAMH I nDÁIL LE hIOMPAR d’IARNRÓD

Cuireadh leis an gComhaontú Glas don Eoraip i láthair sraith beartas claochlaitheach ar fud na n‑earnálacha eacnamaíocha, lena n‑áirítear earnáil an iompair. Is féidir le staidreamh maidir le hiompar lasta agus paisinéirí d’iarnród cuidiú le spriocanna beartais a leagan síos agus faireachfán a dhéanamh orthu trí shonraí a sholáthar maidir leis na méideanna lasta arna n‑iompar, an líon paisinéirí, na ciliméadair arna dtaisteal, agus trealamh agus bonneagar. Bailítear an fhaisnéis sin go príomha faoi Rialachán (AE) 2018/643 agus go páirteach trí bhailiú deonach sonraí — Ceistneoir Coiteann Eurostat/an Fhóraim Iompair Idirnáisiúnta/Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le staidreamh i ndáil le hiompar intíre.

I roinnt tíortha, de bharr rúndacht sonraí, tá teorainn leis an bhféidearthacht na sonraí uile a bhailítear faoi Rialachán (AE) 2018/643 agus faoi roinnt comhiomlán de chuid an Aontais a fhoilsiú. Bíonn Eurostat agus na Ballstáit i gcónaí ag plé conas is féidir na srianta a fhorchuirtear le rúndacht sonraí a mhaolú.

Chun cumhdach níos leithne a bhaint amach maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród, shínigh Eurostat comhaontú riaracháin le ERA chun sonraí a fháil agus a fhoilsiú maidir leis na nithe seo a leanas:

·fad na línte agus na rianta atá feistithe leis an gcóras Eorpach um bainistiú tráchta iarnróid (ERTMS);

·an líon stáisiún iarnróid atá feistithe le saoráidí do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Foilsíodh sonraí ar línte atá feistithe le ERTMS go bliantúil ón tríú ráithe de 2020. Foilseofar an chuid eile de na sonraí thuasluaite nuair a bheidh siad ar fáil ó ERA.

Ó bhí 2022 ann, chomhordaigh ERA agus Eurostat a n‑iarrachtaí chun sonraí níos comhchuibhithe agus níos comhsheasmhaí a fháil maidir le bonneagar iarnróid agus trealamh iompair. Ba chúram mór é comparáid a dhéanamh idir na sonraí geothagartha ar chodanna líne iarnróid arna soláthar ag clár an bhonneagair (RINF) ERA agus na sonraí ar dheighleoga gréasáin arna seoladh le haghaidh Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2018/643. Leis sin, bhíothas in ann difríochtaí sa raon feidhme idir an dá shraith staidrimh a shainaithint agus údar cuí a thabhairt leo agus bhíothas in ann na chéad léarscáileanna ar shreafaí tráchta de réir dheighleog an ghréasáin iarnróid a fhoilsiú in 2023 le haghaidh na bliana tagartha 2020. Sa bhreis ar an gcomhar seanbhunaithe le ERA, éascófar an bailiú sonraí faoi Iarscríbhinn V le haghaidh na bliana tagartha 2025, trí úsáid a bhaint as faisnéis ó RINF (e.g. ainmneacha na stáisiún agus na línte iarnróid agus saintréithe na ndeighleog gréasáin a thaifeadtar in RINF de réir codanna líne).

Tá maitrís achair iarnróid forbartha ag Eurostat chun cuidiú le táscairí deighilte módacha a ríomh de réir aicme faid gan ualach breise a chur ar thíortha tuairiscithe. Tá an mhaitrís achair le haghaidh an iarnróid bunaithe ar aicmiú na réigiún de réir leibhéal NUTS 2 ionas go mbeidh sí ag teacht le bailiú na sonraí réigiúnacha maidir le hiompar d’iarnród faoi Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2018/643. Braitheann forbairt bhreise na maitríse achair féin ar fheabhas a chur ar ghréasáin gheografacha. Mar sin féin, beidh a chur i bhfeidhm ag brath, áfach, den chuid is mó ar infhaighteacht agus ar cháilíocht na sonraí iarnróid a thuairiscítear ar an leibhéal réigiúnach (e.g. tuairisciú laghdaithe ar réigiúin anaithnide ag tíortha).

D’fhéadfaí cumhdach geografach an straidrimh i ndáil le hiompar d’iarnród a leathnú mar thoradh ar mhéaduithe ar an Aontas amach anseo. Tacaíonn Eurostat le hiarrachtaí na dtíortha is iarrthóirí agus na n‑iarrthóirí ionchasacha Rialachán (AE) 2018/643 a chomhlíonadh trí shaincheisteanna modheolaíochta, cáilíocht sonraí agus dul chun cinn amach anseo a phlé.

De réir ceistneoir a seoladh chuig comhaltaí an tSainghrúpa maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród i mí an Mheithimh 2024, ní fheictear do na Ballstáit faoi láthair go bhfuil gá le hathruithe nó feabhsuithe ar Rialachán (AE) 2018/643. Coinneoidh sé sin an t‑ualach ar fhreagróirí ar an leibhéal reatha. Mar sin féin, d’fhéadfadh tionscnaimh bheartais nua náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le hinbhuanaitheacht agus claochlú na gcóras iompair riachtanais nua sonraí a chruthú. A luaithe a shainaithneofar na riachtanais sin, déanfar iad a mheas agus a phlé go tráthúil laistigh den Sainghrúpa maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród.

   4.    CONCLÚIDÍ

Tá an taithí a fuarthas agus na torthaí a fuarthas ó chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/643 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród fós dearfach. Comhlíonann na Ballstáit na hoibleagáidí maidir le sonraí a sholáthar, agus leis na hacmhainní a leithdháiltear ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Choimisiúin araon, táthar in ann torthaí ardcháilíochta a bhaint amach. Tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit an Rialachán a chur chun feidhme agus spreagann sé tíortha is iarrthóirí agus tíortha ionchasacha sonraí maidir le hiompar d’iarnród a fháil agus a thiomsú ó bhainisteoirí bonneagair náisiúnta, ó ghnóthais iarnróid nó óna n‑aireachtaí iompair náisiúnta. Tá nuachóiriú déanta ag an gCoimisiún ar a chóras TF chun sonraí maidir le hiompar d’iarnród a bhailíochtú agus a phróiseáil, rud a éascaíonn obair na n‑údarás staidrimh náisiúnta. Is é Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród an comhlacht fós ina bpléitear go gníomhach cur chun feidhme an Rialacháin agus feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh air.

Tá Rialachán (AE) 2018/643 ina uirlis éifeachtúil agus éifeachtach fós chun staidreamh iontaofa agus inchomparáide i ndáil le hiompar d’iarnród a tháirgeadh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéil náisiúnta araon. Scaiptear an staidreamh a tháirgtear trí bhunachar sonraí ar líne Eurostat, in ailt staidrimh, in ailt nuachta agus in asbhaintí sonraí saincheaptha. Tá staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród luachmhar do lucht déanta beartas, don tionscal iarnróid agus d’eagraíochtaí náisiúnta, agus chun beartais an Aontais a cheapadh agus a mheasúnú arb é is aidhm dóibh iompar inbhuanaithe, glan agus sábháilte a chothú.

(1)

 IO L 112, 2.5.2018, lch. 1. ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2018/643/oj  

(2) Glacadh an chéad tuarascáil an 18 Nollaig 2020 (COM(2020) 838 final).
(3) COM(2019) 640 final
(4) COM(2020) 789 final
(5) Ní dhéanann an t‐ainmniú seo difear do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244(1999) agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj   
(7)

  https://ec.europa.eu/eurostat/documents/29567/3217334/Rail_Reference_Manual_Ver+11.pdf/bd5bf79a-b6d3-be9e-ceb5-779a36cc0a7c?t=1698140752878  (Ar fáil i mBéarla amháin). 

(8)   https://www.doi.org/10.2785/675927  (Ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).
(9)   https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Railway_freight_transport_statistics  (Ar fáil i mBéarla amháin).
(10)   https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Railway_passenger_transport_statistics_-_quarterly_and_annual_data  (Ar fáil i mBéarla amháin).
(11)   https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/w/ddn-20231115-2
(12)   https://doi.org/10.2785/4866  (Ar fáil i mBéarla amháin).
(13)   https://doi.org/10.2785/494153  (Ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).
(14)   https://doi.org/10.2785/606702  (Ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).
(15)

  https://doi.org/10.2832/319371 (Ar fáil i mBéarla amháin).

(16)   https://doi.org/10.2785/98370  (Ar fáil i mBéarla amháin).