Strasbourg, 11.7.2023

COM(2023) 441 final

2023/0266(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 441 final} - {SWD(2023) 440 final} - {SWD(2023) 441 final} - {SWD(2023) 442 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

·Forais agus cuspóirí an togra

Is éard atá i gcuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa beart a úsáidtear in earnálacha éagsúla chun sonraí a ghiniúint maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí sonracha gnólachtaí agus daoine aonair. San earnáil iompair, le faisnéis thrédhearcach maidir le hastaíochtaí GCT seirbhísí iompair, cuirtear ar a gcumas do chustaiméirí roghanna eolacha a dhéanamh agus imrítear tionchar ar chinntí gnó eintiteas a eagraíonn agus a sholáthraíonn na seirbhísí sin ar an margadh. Nuair a chuirtear sonraí iontaofa maidir le hastaíochtaí ar fáil, is féidir leis sin inbhuanaitheacht, nuálaíocht agus athrú iompraíochta i dtreo roghanna iompair inbhuanaithe a spreagadh. Léirítear tairbhí agus breisluach cuntasaíochta astaíochtaí sna torthaí ó scéimeanna faireacháin agus tuairiscithe astaíochtaí atá ann cheana san Aontas agus lasmuigh de 1 .

Chun acmhainneacht na cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil iompair a dhíghlasáil éilítear go mbeadh na ríomhanna foluiteacha inchomparáide agus cruinn, agus go bpléifí saintréithe sonracha seirbhíse iompair faoi leith. Dá bhrí sin, ba cheart astaíochtaí a chainníochtú bunaithe ar chur chuige modheolaíoch mionsonraithe comhchuibhithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de.

Mar sin féin, níl ann d’aon chreat a bhfuil glacadh forleathan aige le haghaidh cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair faoi láthair 2 . Chun na hastaíochtaí sin a chainníochtú, is féidir le páirtithe leasmhara an iompair a rogha a dhéanamh idir caighdeáin, modheolaíochtaí, uirlisí ríofa agus bunachair sonraí agus tacair sonraí luachanna réamhshocraithe astaíochtaí iomadúla éagsúla. De bharr na rogha sin bíonn neamhréireacht shuntasach sna torthaí, rud a chuireann isteach ar inchomparáideacht figiúirí astaíochtaí gás ceaptha teasa ar an margadh, agus soláthraítear faisnéis mhíchruinn agus mhíthreorach maidir le feidhmíocht seirbhíse iompair. Baineann an riosca leis freisin go roghnófaí modh ríofa astaíochtaí agus sonraí réamhshocraithe atá bunaithe ar an rud a mbaineann an tairbhe is mó leis d’eintiteas aonair. Cruthaítear leis sin coinníollacha glas‑snasúcháin 3 , agus d’fhéadfaí na dreasachtaí míchearta a thabhairt d’úsáideoirí. Admhaítear go ginearálta go bhfuil creat caighdeánach in easnamh agus dá bharr sin tá roinnt iarrachtaí déanta ag an tionscal agus rialtais náisiúnta 4 ceann a dhéanamh. Mar sin féin, in ainneoin na n‑iarrachtaí sin ní dhearnadh modhanna cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhchuibhiú ná ní úsáidtear sonraí gás ceaptha teasa go comhsheasmhach ar leibhéal an Aontais.

Tuigeann an earnáil iompair gur fadhb í an easpa faisnéise iontaofa inchomparáide ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair. D’aithin 80 % de fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte leitheadúlacht na faidhbe sin agus measadh go raibh sé mór nó an‑mhór. Tugadh tuairimí den chineál céanna faoi deara nuair a rinneadh anailís ar na freagraí ar ghlao an tionscnaimh seo ar fhianaise, a shuirbhé spriocdhírithe ar pháirtithe leasmhara agus sa phlé ag an gceardlann.

Anuas air sin, d’ainneoin spéis páirtithe leasmhara iompair i sonraí feidhmíochta maidir le gás ceaptha teasa iompair, spéis atá ag dul i méid, tá glacadh foriomlán na cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair an‑teoranta fós. Ní minic a fhaigheann úsáideoirí faisnéis chruinn maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair, agus ní ríomhann eagraithe seirbhísí iompair, lena n‑áirítear oibreoirí, a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa go córasach. Thairis sin, maidir leis an bhformhór sin a ríomhann na hastaíochtaí, is gnách leo na ríomhanna sin a dhéanamh ar leibhéal na cuideachta nó na feithicle agus níl sé de chumas acu sonraí a ghiniúint maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair 5 . Mar sin féin, maidir leis an dara cineál faisnéise sin, is í sin an t‑aon chineál faisnéise atá ábhartha chun tacú le cinntí úsáideoirí seirbhíse iompair agus tionchar a imirt ar na cinntí sin. Meastar go ndéanann beagnach 600,000 eintiteas in earnáil iompair an Aontais a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa (2020) a thomhas, ach ní dhéanann ach 21,660 díobh siúd é ar an leibhéal imdhealaithe a theastaíonn chun sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ghiniúint. Níl san fhigiúir sin ach 1.2 % de thart ar 1.8 milliún eintiteas a dhéanann oibríochtaí iompair ar a mbonn féin 6 . Breathnaítear glacadh íseal cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa i measc micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go príomha 7 , arb ionann iad agus formhór mór na n‑eintiteas a oibríonn i margadh iompair an Aontais.

Cuireadh i dtábhacht glacadh íseal cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair mar fhadhb i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla. Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, dúirt 45 as 56 eagraíocht (80 %), 61 as 70 duine aonair (87 %), agus 60 as 65 chustaiméir ar líne (92 %) nach dtugtar go leor faisnéise dóibh agus turas nó lastas á phleanáil nó á eagrú acu, nó seachadadh pacáiste á roghnú acu. Anuas air sin, mheas 26 as 31 fhreagróir (84 %) ar an suirbhé spriocdhírithe go raibh an leibhéal reatha glactha íseal nó an‑íseal. Maidir le cuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa, léirigh an suirbhé spriocdhírithe go ndéanann 78 % de na freagróirí (29 as 37) a gcuid astaíochtaí a thomhas ar bhealach éigin, ach nach ndéanann ach 35 % (9 as 26) iad a thomhas ar leibhéal na seirbhíse iompair. Mar sin féin, féadfar nach gcuirtear in iúl leis sin cás na n‑eintiteas uile lena mbaineann, toisc go ndealraítear go bhfuil fíorlíon na gcuideachtaí a ríomhann astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair i bhfad níos ísle.

Tá an gá le creat modheolaíoch comhchuibhithe le haghaidh chuntasaíocht na n‑astaíochtaí ó sheirbhísí iompair aitheanta ag an Aontas. Idir 2011 agus 2019, bhí dhá thionscadal as a chéile ann a fuair cistiú ón Aontas – Lorg Carbóin Iompair Lasta (COFRET) 8 , faoin seachtú clár réime (FP7), agus Líonra Cuntasaíochta agus Laghdaithe Astaíochtaí Lóistíochta (LEARN) 9 faoi Fhís 2020. Tugtar aghaidh sna tionscadail sin ar ríomh, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair, agus an aidhm a bhí acu ná modheolaíocht dhomhanda a fhorbairt. Thacaigh na hiarrachtaí sin le bunú agus forbairt creata le haghaidh Comhairle Astaíochtaí Lóistíochta Dhomhanda 10 arna treorú ag an tionscal, agus cuireadh i bhfeidhm gníomhaíocht chomhordaithe chun caighdeán cuimsitheach saincheaptha na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) 11 a tharraingt suas. D’fhoilsigh ISO an caighdeán nua sin, ISO 14083:2023, i Márta 2023. Ina dhiaidh sin, rinne CEN é a thrasuí mar chaighdeán coibhéiseach Eorpach, EN ISO 14083:2023.

Is é is aidhm don tionscnamh seo na bacainní lena gcoisctear comhchuibhiú thomhas agus ríomh na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a shárú, agus a ghlacadh san earnáil iompair a éascú. Leagtar amach leis creat rialála coiteann le haghaidh cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair ar fud an tslabhra iompair ilmhódaigh iomláin, lena gcruthaítear, dá réir sin, cothroime iomaíochta idir modhanna, codanna, agus líonraí náisiúnta an Aontais. Mar gheall ar thrédhearcacht mhéadaithe fheidhmíocht na seirbhísí éagsúla, ba cheart go leanfaidh dreasachtaí do rannpháirtithe sa mhargadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus iompar a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.

Ní fhágann an Rialachán seo go bhfuil tuairisciú astaíochtaí gás ceaptha teasa éigeantach. Deartar é chun tacú le bearta sonracha eile a dhéanann an tionscal agus údaráis phoiblí chun an t‑aistriú glas a éascú. Áirítear ar na bearta sin clásail trédhearcachta maidir le gás ceaptha teasa i gconarthaí iompair, ina soláthraítear faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse áirithe do chustaiméirí, nó ina socraítear critéir a bhaineann leis an aeráid le haghaidh nósanna imeachta soláthair ghlais agus cláir iompair ghlais. Féadfar iad a chur chun feidhme trí shocruithe aonair ar leithligh, go háirithe ó dhearcadh údarás go gnólacht agus gnólacht go gnólacht, ach ní mór dóibh na rialacha sonracha a chomhlíonadh, rialacha a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhís iompair a ríomh, bunús a thabhairt leo agus iad a chur in iúl, mar a leagtar síos sa tionscnamh seo.

Ba cheart a thabhairt faoi deara ag an bpointe seo cé go dtugann an Rialachán seo aghaidh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth a eascraíonn as úsáid feithicle agus soláthar fuinnimh feithicle araon 12 , cruthaítear éifeachtaí díobhálacha eile san earnáil iompair freisin. Áirítear air sin truailliú aeir agus astaíochtaí fuaime agus an tionchar ar an tsláinte agus an tionchar comhshaoil chomh maith. Tá na hiarmhairtí sin lasmuigh de raon feidhme an tionscnaimh mholta.

Chun aghaidh a thabhairt ar a chuspóirí i gceart, rinneadh an tionscnamh a struchtúrú ina sheacht bpríomhréimse beartais, ar a dtugtar tuairisc thíos:

Modheolaíocht – lena mbunaítear modheolaíocht thagartha choiteann lena n‑áirithítear go ndéanfar ríomh astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair ar bhealach caighdeánaithe ar fud na hearnála iompair iomláine.

Is príomhchuid den tionscnamh í an mhodheolaíocht thagartha agus, dá bhrí sin, tugadh aird faoi leith uirthi sa réamhobair. Rinneadh anailís ar roinnt cur chuige, a bhí difriúil i dtéarmaí raon feidhme agus modh ríofa astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháileadh astaíochtaí ar sheirbhísí iompair. Dá thoradh sin, roghnaíodh caighdeán ISO nua 14083:2023 13 mar an rogha is ábhartha agus is comhréirí i ndáil le baint amach na gcuspóirí luaite san am i láthair. Is céim chun cinn é ISO 14083:2023 chun tacar coiteann rialacha agus prionsabail ríofa astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh oibríochtaí iompair a leagan síos, cás ina ndéantar an cainníochtú ón tobar go dtí an roth. Ós rud é go n‑aithnítear an caighdeán sin ar fud an domhain, is féidir é a úsáid chun sonraí a ghiniúint maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh slabhraí iompair idirnáisiúnta, rud lena gcruthaítear an deis le haghaidh ailíniú domhanda dá réir.

Ar an taobh eile, ba cheart don Rialachán an fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaighdeán amach anseo a chur san áireamh agus a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar an tsolúbthacht atá leabaithe i gcodanna áirithe de. Dá bhrí sin, ba cheart faireachán géar a dhéanamh ar athbhreithnithe agus leasuithe ar an gcaighdeán amach anseo, ba cheart mionscrúdú a dhéanamh orthu agus, i gcásanna a bhfuil bunús leis, iad a eisiamh ó raon feidhme an tionscnaimh seo, chun comhsheasmhacht na modheolaíochta tagartha le cuspóirí an Rialacháin seo agus dlí eile is ábhartha den Aontas a áirithiú. Thairis sin, ba cheart an gá le coigeartuithe agus soiléirithe breise a chur san áireamh, go háirithe má chruthaítear le húsáid an chaighdeáin seo riosca a bhaineann le míchothromaíochtaí míchuí mar thoradh ar ríomh astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair i gcodanna iompair sonracha.

Sonraí ionchuir agus foinsí – lena soláthraítear cur chuige comhchuibhithe maidir le sonraí ionchuir, trí dhreasachtaí chun sonraí príomhúla a úsáid a chruthú, sonraí samhaltaithe a cheadú, iontaofacht, inrochtaineacht agus oiriúnacht luachanna réamhshocraithe a mhéadú, agus neamhréireachtaí idir tacair sonraí náisiúnta, réigiúnacha agus earnála a mhaolú.

In éagmais cur chuige coiteann i ndáil le sonraí ionchuir, leanfaidh torthaí ríofa astaíochtaí gás ceaptha teasa de bheith neamhréireach agus neamh‑inchomparáide fiú nuair a úsáidtear an mhodheolaíocht thagartha chéanna. Bhí an tsaincheist sin le brath go láidir ar fud na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin uile le páirtithe leasmhara. Tá gá le cineálacha sonraí ionchuir éagsúla, lena n‑áirítear sonraí príomhúla agus sonraí tánaisteacha, a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh. Nuair a úsáidtear sonraí príomhúla, faightear na torthaí ríofa is iontaofa. Mar sin féin, is minic nach mbíonn an cineál sonraí sin ar fáil nó bíonn siad róchostasach do pháirtithe leasmhara áirithe, go háirithe FBManna, agus, mar sin, ba cheart úsáid sonraí tánaisteacha a chur san áireamh. Chun aschuir ríofa inchomparáide chruinne astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirithiú, ba cheart úsáid sonraí príomhúla a aithint agus ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh, dá bhrí sin, agus ba cheart do na sonraí tánaisteacha a bheith bunaithe ar mheastacháin inchreidte a bhfuil bunús eolaíoch leo agus ar bhunachair sonraí agus ar thacair sonraí iontaofa. Féadfar na sonraí tánaisteacha a chinneadh ag úsáid luachanna réamhshocraithe nó samhlacha.

Nuair a úsáidtear luachanna réamhshocraithe ba cheart faisnéis chruinn agus iontaofa a fháil maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart na luachanna sin a fhorbairt ar bhealach neodrach oibiachtúil, agus ba cheart dóibh teacht ó fhoinsí iontaofa. Faightear luachanna réamhshocraithe ó litríocht agus foilseacháin eile, agus áirítear orthu luachanna déine astaíochtaí gás ceaptha teasa agus fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa (fachtóirí astaíochta fuinnimh nó breosla freisin, ag brath ar an bhfoinse dá ndéantar tagairt).

Déanann luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa nasc idir sonraí feidhmíochta (gníomhaíochta) iompair sonraithe agus astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus úsáidtear iad chun faisnéis a ghiniúint maidir le hastaíochtaí seirbhíse iompair áirithe. Ba cheart do na luachanna sin a bheith bunaithe ar pharaiméadair atá an‑chosúil leo siúd a bhaineann le seirbhís ar leith, dá bhrí sin. Chun torthaí ríofa astaíochtaí inchomparáide a áirithiú, ba cheart bunachar sonraí láir a bhaineann leis an Aontas le haghaidh na luachanna sin. Mar sin féin, i bhfianaise a sainiúlacht ard earnálach, náisiúnta agus réigiúnach, ba cheart bunachair sonraí agus tacair sonraí ábhartha eile a oibríonn tríú páirtithe a cheadú ar an gcoinníoll go ndéantar seiceáil cáilíochta shonrach orthu ar leibhéal an Aontais.

Déanann fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa nasc idir an méid fuinnimh a úsáidtear nuair a dhéantar oibríocht le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth. Is ionchuir riachtanacha iad na fachtóirí seo chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth a bhaineann le seirbhís iompair faoi leith a ríomh. Nuair a chinntear fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa bunaithe ar mhodheolaíocht aonfhoirmeach agus foinsí iontaofa, faightear leibhéal inghlactha athraitheachta. Dá bhrí sin, ba cheart bunachar sonraí lárnach den Aontas le haghaidh fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa a fhorbairt, agus tionscnaimh rialála ábhartha an Aontais agus foinsí iontaofa eile á gcur san áireamh, lena n‑áirítear an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (REDII) 14 (nuair a ghlacfar é), agus ábhar tiomnaithe den chlár Fís Eorpach 15 .

Ba cheart do chomhlacht neodrach inniúil den Aontas bunachair sonraí an Aontais de luachanna réamhshocraithe déine astaíochtaí gás ceaptha teasa agus fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Ba cheart don chomhlacht sin seiceálacha cáilíochta teicniúla a dhéanamh ar bhunachair sonraí agus tacair sonraí sheachtracha tríú páirtithe. Meastar gurb í an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) an comhlacht is iomchuí chun an cúnamh is gá, maidir leis an gcuid seo den Rialachán a chur chun feidhme go hiomchuí, a sholáthar. I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh obair na Gníomhaireachta brath ar rannchuidiú ó chomhlachtaí earnálacha eile an Aontais agus tacaíocht a fhaightear uathu, amhail Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA), a gcuirfear ar a hiontaoibh an lipéad comhshaoil le haghaidh eitiltí i gcomhthéacs an tionscnaimh ‘ReFuelEU Aviation’ a chur chun feidhme 16 .

I sonraí samhaltaithe nasctar sonraí príomhúla le paraiméadair áirithe atá ábhartha ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh oibríocht shonrach iompair nó moil. Ba cheart do na paraiméadair sin a bheith ionadaíoch, cruinn agus bunaithe go dlúth ar cheanglais na modheolaíochta tagartha. Dá thoradh sin gheofar an dearcadh is fearr is féidir a fháil ar astaíochtaí gás ceaptha teasa iarbhír seirbhíse iompair.

Infheidhmeacht – an ionstraim bheartais cheart (idir éigeantach agus roghnach) a chinneadh chun an tionscnamh a chur i bhfeidhm ar bhonn éifeachtach ar mhargadh an Aontais.

Nuair a cuireadh éifeachtacht na hionstraime i gcomparáid leis an ualach riaracháin agus na costais a d’fhéadfadh a bheith i gceist don earnáil iompair, thángthas ar an gconclúid gurb é cur chuige ceangailteach an rogha a bheith páirteach an cur chuige is iomchuí. Forchuirtear leis an gcur chuige sin an ceanglas chun an creat coiteann a úsáid i gcás ina roghnaíonn eintiteas a sholáthraíonn nó a eagraíonn seirbhís iompair, nó cás ina sainordaítear d’eintiteas ar mhodhanna eile 17 na sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a nochtadh don tseirbhís, agus sna cásanna sin amháin. Tá an cur chuige sin ábhartha i ndáil le FBManna arb ionann iad agus formhór mór na gcuideachtaí san earnáil iompair, agus is minic nach mbíonn go leor acmhainneachta acu chun astaíochtaí gás ceaptha teasa óna ngníomhaíochtaí iompair a ríomh. Mar sin féin, ráthaítear leis an gcur chuige sin intuarthacht rialála agus cothroime iomaíochta le haghaidh cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa i measc na gcuideachtaí siúd a fhoilsíonn nó a roinneann faisnéis faoi astaíochtaí. Le himeacht ama ba cheart go leanfaidh brú ón margadh, de réir a chéile, i dtreo glacadh méadaithe an chreata san earnáil iompair.

Sonraí aschuir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus trédhearcacht – méadrachtaí iomchuí a shocrú chun na sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ghiniúint agus a chomhroinnt, agus rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le torthaí cuntasaíochta na n‑astaíochtaí a chur in iúl agus a thrédhearcacht.

Tá gá le méadrachtaí comhchuibhithe le haghaidh sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí chun aonaid tomhais chomhsheasmhacha a áirithiú nuair a nochtar sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair idir na páirtithe uile sa slabhra iompair agus lasmuigh de. Mar gheall ar mhéadrachtaí coiteanna faightear cumarsáid shoiléir ó sholáthraithe sonraí agus faigheann faighteoirí sonraí tuiscint chruinn. Tá sé seo ríthábhachtach chun sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i gcomparáid le chéile go ceart ar an margadh agus chun tacú le roghanna úsáideoirí iompair. Thairis sin, ní mór d’eintitis a ríomhann agus a nochtann sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa fianaise ar na ríomhanna a dhéantar a bhunú agus a choinneáil ar bun. Ba cheart an fhianaise sin a chur ar fáil arna iarraidh sin d’údarás inniúil nó d’aon tríú páirtí bunaithe ar shocruithe aonair ar leithligh, amhail iad siúd a eascraíonn as ceanglais dlí shonracha nó clásail chonarthacha gnólacht le gnólacht. Tá na forálacha sin beartaithe den chuid is mó chun muinín in iontaofacht agus cruinneas na sonraí nochta a áirithiú.

Tacaíocht cur chun feidhme – lena ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme comhchuibhithe an tionscnaimh seo i gcodanna iompair éagsúla.

Áirithítear le tacaíocht cur chun feidhme go léirmhíníonn agus go gcuireann comhlachtaí a oibríonn i gcodanna éagsúla den slabhra iompair ar fud an Aontais rialacha an Rialacháin i bhfeidhm ar an mbealach céanna. Áirítear ar an tacaíocht sin, go sonrach, treoirlínte ginearálta chun codanna áirithe den tionscnamh a shoiléiriú agus a mhíniú do na páirtithe leasmhara éagsúla. Cabhróidh sé seo leo na rialacha a chur chun feidhme ina ngnáthchleachtais ghnó. Is féidir a áireamh air sin treoraíocht maidir le ceanglais sonraí, bainistiú agus roinnt sonraí, próisis ríofa astaíochtaí agus fíorú comhréireachta. Forchoimeádann an Coimisiún a cheart eisiach chun na treoirlínte ginearálta seo a tharraingt suas bunaithe ar a mheasúnú ar riachtanais na hearnála iompair agus an breisluach a thabharfadh an treoraíocht sin don mhargadh.

Comhréireacht – comhchóras fíorúcháin comhréireach iontaofa le haghaidh na sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair agus le haghaidh na mbunphróiseas ríomha.

Riachtanas eile a léiríodh go soiléir le linn na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara ná córas fíorúcháin le haghaidh na sonraí maidir le hastaíochtaí GCT agus na próisis ríofa fholuiteacha. Deimhníodh go raibh an riachtanas sin ann sa mheasúnú tionchair agus léiríodh go bhféadfaidh córas fíorúcháin a dhearfaí i gceart an mhuinín san earnáil iompair i ndáil le sonraí maidir le hastaíochtaí GCT a mhéadú go mór agus glacadh na cuntasaíochta astaíochtaí GCT a fheabhsú go ginearálta. Mar sin féin, is minic a bhíonn costais bhreise agus ualach riaracháin i gceist don earnáil mar gheall ar na ceanglais a bhaineann le próisis fíorúcháin. Dá bhrí sin, ní mór a bheith cúramach gan tuilleadh rómhaorlathais a chruthú, rómhaorlathas lena gcoiscfí úsáid an chreata choitinn le haghaidh cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcleachtais ghnó níos leithne, gníomh a bheadh contrártha do chuspóirí na gceanglas. Is í sin an chúis nach gceanglaítear leis an togra seo ach ar eintitis mhóra a gcomhlíontacht i ndáil leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú, fad a ligtear do FBManna an fíorú a úsáid ar bhonn roghnach.

Bearta comhlántacha – uirlisí ríofa teicniúla a fhorbairt agus a úsáid

Cumasóir úsáideach chun glacadh na modheolaíochta coitinne i ndáil le cuntasaíocht astaíochtaí san earnáil iompair a éascú is ea infhaighteacht uirlisí ríofa teicniúla (amhail feidhmchláir ghréasáin, samhlacha agus bogearraí). Is féidir le huirlisí ríofa breise tráchtála agus neamhthráchtála a tháirgtear lena n‑úsáid ar bhonn níos forleithne ar an margadh tacaíocht a thabhairt do chuspóir an tionscnaimh ar bhonn éifeachtach. Soláthraítear leo gnéithe oiriúnacha chun astaíochtaí a ríomh go huathoibríoch agus tairgtear leo go leor solúbthachta le haghaidh coigeartuithe tapa ar fhoirmlí ríofa agus sonraí más gá. Ní mór d’úsáid na n‑uirlisí sin comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, áfach, go háirithe maidir le húsáid na modheolaíochta tagartha coitinne, úsáid na bparaiméadar samhaltaithe agus úsáid an tacair iomchuí de luachanna réamhshocraithe. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid uirlisí ríofa seachtracha a cheadú, ar an gcoinníoll go ndeimhnítear iad sin go foirmiúil.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Bhain iompar 18 le 26 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile den Aontas in 2020, agus ba ionann iompar ar bóthar agus thart ar 20 % den iomlán 19 . Dá bhrí sin, ní mór an tionscnamh seo a chur i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 20 , agus an Dlí Aeráide Eorpaigh 21 , ina leagtar amach na céimeanna i dtreo aeráidneodrachta faoi 2050.

An Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste 22 , a foilsíodh ar an 9 Nollaig 2020, leagann sé an bunús maidir leis an mbealach ar féidir le córas iompair an Aontais an t‑athrú sin a bhaint amach (lena n‑áirítear gearradh 90 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an iompair faoi 2050) agus é a sheachadadh le córas iompair cliste, iomaíoch, sábháilte, inrochtana agus inacmhainne. Cé is moite de na gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun modhanna iompair a dhéanamh níos inbhuanaithe, tagraítear sa straitéis freisin do dhreasachtaí chun na roghanna iompair is inbhuanaithe a roghnú, laistigh de na modhanna agus tharstu. Féadfaidh na dreasachtaí a bheith eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch, lena n‑áirítear faisnéis níos fearr a sholáthar d’úsáideoirí agus trédhearcacht mhéadaithe i ndáil le feidhmíocht gás ceaptha teasa seirbhísí iompair. Is é sin an fáth gur fógraíodh pleananna 23 sa straitéis chun ‘creat Eorpach a bhunú le haghaidh tomhas comhchuibhithe a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa iompair agus lóistíochta, bunaithe ar chaighdeáin dhomhanda, a d’fhéadfaí a úsáid ansin chun meastachán loirg carbóin a roghanna a sholáthar do ghnólachtaí agus d’úsáideoirí deiridh, agus an t‑éileamh ó úsáideoirí deiridh agus tomhaltóirí a mhéadú chun réitigh iompair agus shoghluaiseachta níos inbhuanaithe a roghnú, agus glas‑snasú a sheachaint. Is freagairt bheartais iomchuí é an Rialachán seo dá bhrí sin.

Rinneadh breithnithe bheartais áirithe maidir le cuntasaíocht astaíochtaí seirbhísí iompair cheana féin. Sa Pháipéar Bán maidir le hiompar 24 ó 2011, chuir an Coimisiún i láthair fís do thodhchaí chóras iompair an Aontais. Leagadh amach ann clár oibre beartais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na todhchaí, go háirithe cothabháil a dhéanamh ar iompar agus é a fhorbairt agus lorg carbóin oibríochtaí iompair agus lóistíochta a laghdú go mór. Ar cheann de na tionscnaimh shonracha a dearadh chun cabhrú leis an iarracht chun na spriocanna sin a bhaint amach bhí forbairt caighdeán coiteann an Aontais chun meastachán a dhéanamh ar lorg carbóin gach paisinéara agus seirbhísí iompair lasta. Bhí sé d’aidhm aige uirlis a sholáthar do chuideachtaí ar mian leo seirbhísí a dhéanfadh níos lú díobhála don chomhshaol a sholáthar agus uirlis do phaisinéirí ar mian leo dul a bheith ag taisteal ar bhealach a bheadh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Mar gheall ar na pleananna sin spreagadh tuilleadh gníomhaíochta sa réimse beartais sin, lena n‑áirítear an tionscadal taighde LEARN, a luaitear thuas.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Toisc gur tionscnamh trasearnála é seo do na modhanna iompair uile, cruthaítear leis an Rialachán seo sineirgí le gníomhaíocht rialála eile ón Aontas maidir le creataí laghdaithe astaíochtaí, caighdeáin breosla agus astaíochtaí, trédhearcacht níos fearr d’úsáideoirí agus cearta níos láidre do thomhaltóirí, agus comhlánaíonn an Rialachán seo an ghníomhaíocht sin freisin. Na naisc sin le beartais eile, baineann siad le húsáid sonraí ionchuir agus modhanna cuntasaíochta astaíochtaí, chomh maith leis na ceanglais le haghaidh cumarsáid shoiléir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair.

Tá idirnaisc mhóra ann le gníomhaíocht rialála maidir le faisnéis i ndáil le hastaíochtaí a bhailiú agus tuairisciú comhshaoil. Faoi chreat an Aontais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh (MRV) 25 , ní mór do shoithí muirí atá os cionn 5 000 GT atá a sheolann go calafoirt an Aontais agus uathu faireachán a dhéanamh ar a gcuid astaíochtaí CO2 agus iad a fhíorú agus a thuairisciú go bliantúil bunaithe ar an mbreosla a dhóitear nuair a dhéantar a ngníomhaíochtaí 26 . Maidir leis an eitlíocht, ceanglaíonn Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) 27 ar aerlínte a gcuid astaíochtaí CO2 a ríomh in aghaidh na heitilte agus tuarascáil ar astaíochtaí a chur isteach gach bliain. Cé go bhfuil cuspóirí éagsúla ag baint le EU MRV agus EU ETS agus nach ndéantar cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí sonrach dá mbarr, d’fhéadfaí féachaint orthu mar ghníomhaíochtaí atá comhlántach i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe maidir le bailiú na sonraí maidir leis an mbreosla iarbhír a dhóitear.

Maidir le comhsheasmhacht na sonraí ionchuir chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú, tugtar aghaidh air sin mar chuid de na tionscnaimh den Aontas atá ag teacht chun cinn maidir le glacadh breoslaí inathnuaite ísealcharbóin agus breoslaí inathnuaite atá saor ó charbóin. Áirítear sa tionscnamh breithniú géar ar phacáiste Oiriúnach do 55 28 , agus déantar tagairt shonrach do thograí an Choimisiúin le haghaidh na Treorach athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED II) agus an tionscnamh nua ‘FuelEU Maritime’ 29 . Maidir le RED II athbhreithnithe agus ‘FuelEU Maritime’, soláthrófar go sonrach tacair luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa (fuinnimh). Meastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheidh iontu seo atá bunaithe ar an méid fuinnimh a úsáidtear chun an cur chuige ón tobar go dtí an roth a chur i bhfeidhm 30 . Tá na gnéithe uile sin an‑ábhartha i ndáil le cur chun feidhme aonfhoirmeach an tionscnaimh seo ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, leis an gcur chun feidhme sin cuirfear san áireamh creataí reachtacha eile freisin, amhail caighdeáin feidhmíochta CO2 le haghaidh feithiclí tromshaothair 31 agus feithiclí saothair éadroim 32 treoraíocht staidrimh Eurostat le haghaidh cuntais eacnamaíocha chomhshaoil 33 , chomh maith le gníomhaíocht phleanáilte ón Aontas maidir le rochtain ar shonraí a ghintear san fheithicil 34 . I ndáil leis sin, d’fhéadfadh baint a bheith ag sineirgí féideartha, mar shampla, le bailiú sonraí maidir le hídiú breosla, agus le bunú comhshaoil choiteann de luachanna réamhshocraithe.

Féadfar faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomhtar agus a bhailítear nuair a chuirtear rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo i bhfeidhm a úsáid le haghaidh tuairisciú corparáideach, amhail faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD) 35 , agus na Caighdeáin Eorpacha um Thuairisciú Inbhuanaitheachta (ESRS) gaolmhara, atá á n‑ullmhú faoi láthair 36 . Tá an CSRD agus an tionscnamh seo comhsheasmhach ina gcur chuige, lena n‑aithnítear astaíochtaí coibhéiseacha CO2 de Raon feidhme 1 (astaíochtaí díreacha ó ghníomhaíochtaí dílse), Raon feidhme 2 (astaíochtaí indíreacha ó ghiniúint leictreachais ceannaithe nó faighte, gal, teas, nó fuarú arna gcaitheamh ag an gcuideachta tuairiscithe), agus Raon feidhme 3 (astaíochtaí indíreacha a tharlaíonn sa slabhra luacha) 37 . Tá na creataí sin éagsúil óna chéile i dtéarmaí ábhair agus leibhéil bheachtais (cumhdaíonn an CSRD astaíochtaí cuideachta iomlán, agus cumhdaíonn an Rialachán sin astaíochtaí seirbhísí iompair). Mar sin féin, d’fhéadfadh faisnéis a ghintear ón tionscnamh seo rannchuidiú le tuarascálacha ginearálta na gcuideachtaí ar inbhuanaitheacht, rud a éascóidh cur chun feidhme an CSRD.

Áirítear le REFuelEU Aviation, tionscnamh eile faoin bpacáiste Oiriúnach do 55, forálacha maidir le lipéad comhshaoil tiomnaithe d’eitiltí 38 chun cuidiú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus taisteal níos glaise a chur chun cinn. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar forbairt na scéime lipéadaithe d’eitiltí a chomhordú i gceart le cur chun feidhme an tionscnaimh seo chun comhsheasmhacht agus iontaofacht aon sonraí iompair maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a áirithiú.

Baineann Rialachán (AE) 2020/1056 maidir le faisnéis faoi iompar lasta leictreonach (eFTI) 39 le malartú faisnéise rialála i bhformáid leictreonach maidir le hiompar earraí de bhóthar, d’iarnród, d’aer agus d’uiscebhealaí intíre. Cuirfidh sé ar a gcumas d’oibreoirí a chruthú go bhfuil roinnt mhaith foirmiúlachtaí tuairiscithe náisiúnta agus de chuid an Aontais atá infheidhme maidir le hiompar earraí á gcomhlíonadh acu. Trí líonra comhroinnte sonraí atá díláraithe go hiomlán ach atá comhchuibhithe agus iontaofa a bhunú, tá coinne leis go dtacóidh eFTI le sonraí astuithe GCT a chomhroinnt i measc comhlachtaí éagsúla agus úsáideoirí aonair, rud a thacóidh le cur chun feidhme an tionscnaimh seo.

Féachtar leis an Rialachán seo freisin le comhlánú a dhéanamh ar an bplean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach 40 agus, faoi scáth an phlean, tionscnaimh shonracha arb é is aidhm dóibh an fhaisnéis cheart a sholáthar do thomhaltóirí. Go háirithe, tá naisc fhéideartha aige leis an tionscnamh maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEF) 41  a bhaineann le ceanglais mhodheolaíochta chun astaíochtaí a chainníochtú. Forbraíodh PEF ar dtús mar chuid den tionscnamh um mhargadh aonair do tháirgí glasa 42 . Soláthraíonn sé modh ginearálta trasearnála chun feidhmíocht chomhshaoil earra nó seirbhíse a thomhas ar feadh a shaolré. Mar sin féin, ní thugann creat ginearálta PEF aghaidh go sonrach ar sheirbhísí iompair, agus dá gcuirfí chun feidhme é chun críocha tagarmharcála astaíochtaí, bheadh gá fós le rialacha mionsonraithe catagóirí a tharraingt suas 43 .

Sainaithníodh sineirgí freisin le: (i) Treoir 2005/29/CE maidir le cleachtais tráchtála éagóracha ó ghnólacht go custaiméir sa mhargadh inmheánach, a bhfuil feidhm aici maidir le maímh chomhshaoil mhíthreoracha; agus (ii) an togra le haghaidh Treorach maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas (lena leasaítear Treoir 2005/29/CE), lena leagtar amach roinnt ceanglas sonrach maidir le maímh chomhshaoil agus lena dtoirmisctear maímh chineálacha chomhshaoil nach bhfuil bunaithe ar fheidhmíocht chomhshaoil aitheanta agus ábhartha a chur in iúl 44 . Baineann na sineirgí sin go príomha leis an ngá atá le faisnéis níos fearr agus níos iontaofa maidir le hinbhuanaitheacht seirbhísí. Áirítear leis sin tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil seirbhís níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ná mar atá sí i ndáiríre. Dhéanfadh an tionscnamh seo gnéithe sonracha de mhaímh chomhshaoil a rialáil trí chreat comhchuibhithe a bheadh infheidhme go huilíoch a sholáthar. D’áiritheofaí leis sin go gcuirfeadh comhlachtaí a dhéanann cuntasaíocht ar astaíochtaí seirbhísí iompair sonraí cruinne agus inchomparáide le fáil do thomhaltóirí.

Tá an togra ón gCoimisiún maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (Treoir maidir le Maímh Ghlasa) 45 deartha mar lex specialis do Threoir 2005/29/CE. Socraítear sa Treoir maidir le Maímh Ghlasa ceanglais mhionsonraithe don mheasúnú lena dtugtar bunús le maímh chomhshaoil shainráite, agus rialacha sonracha maidir le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil chun muinín in inchreidteacht éileamh comhshaoil a fheabhsú agus chun iomadú lipéad comhshaoil a laghdú. Leagann an Rialachán seo amach rialacha modheolaíochta chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair ón tobar go dtí an roth agus, dá bhrí sin, i gcás na maíomh sin tá tosaíocht aige ar na rialacha maidir le bunús, cur in iúl agus fíorú a leagtar amach sa Treoir maidir le Maímh Ghlasa.

Cé go bhfuil astaíochtaí truailleáin lasmuigh de raon feidhme an tionscnaimh, tá coinne leis go nginfidh an Rialachán seo comhthairbhí i bhfoirm truaillithe laghdaithe ó iompar, i gcomhréir le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú an Choimisiúin 46 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Mholfaí an Tionscnamh ar bhonn Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chonradh sin, tá feidhm ag inniúlacht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit i réimse an iompair.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Gné den fhadhb a bhaineann leis an Aontas Eorpach

Trí rialacha comhchuibhithe a sholáthar maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar leibhéal na seirbhíse iompair, tá an tionscnamh seo ábhartha go háirithe maidir le hoibríochtaí trasteorann idir Ballstáit an Aontais. Ní féidir an leibhéal comhchuibhithe sin, a bhaineann go príomha le roghanna modheolaíochta, sonraí ionchuir agus rialacha comhchoiteanna um fhíorú, a bhaint amach go héifeachtach trí ghníomhaíochtaí na mBallstát aonair. Go dtí seo tá creat modheolaíochta comhchuibhithe tiomnaithe bunaithe ag an bhFrainc amháin, lena n‑áirítear bearta chun dreasacht a thabhairt chun é a ghlacadh 47 . Mar sin féin, i gcás ina leanann tuilleadh Ballstát, d’fhéadfadh ceanglais maidir le ríomh nó nochtadh an‑ilghnéitheacha a bheith mar thoradh ar sin d’eagraithe agus d’úsáideoirí iompair, agus costais bhreise agus ualach riaracháin do thionscail a oibríonn thar theorainneacha. Féadfaidh gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta éifeachtacht ghinearálta na cuntasaíochta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ísliú freisin, toisc nach mbeadh sonraí aschuir astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair arna ndéanamh i dtíortha éagsúla inchomparáide, agus go mbeadh baol mór ann go gcruthófaí mearbhall d’úsáideoirí, agus go soláthródh siad sonraí éagsúla, nó dreasachtaí diúltacha fiú, d’eintitis a thairgeann seirbhísí iompair ar an margadh.

Gníomhaíocht bhreisluacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh

Tá gné thrasteorann láidir ag earnáil iompair an Aontais, agus tá ról tábhachtach aici maidir le saorshreabhadh daoine agus earraí ar mhargadh inmheánach an Aontais. Tá seirbhísí éifeachtúla iompair ríthábhachtach chun freastal ar éileamh úsáideoirí iompair, chun tacú le fás gheilleagar an Aontais agus chun stíl mhaireachtála na saoránach a chaomhnú. An tráth céanna, ba cheart aird a dhíriú ar dhúshláin a bhaineann le tionchair chomhshaoil ó iompar, atá fós ag dul i méid go príomha mar gheall ar an méadú ar thrácht lasta agus paisinéirí ar an líonra Eorpach 48 . Dá bhrí sin, ceaptar an tionscnamh seo mar chumasóir don phobal iompair a aistriú glas a éascú. Trí fhoráil a dhéanamh do thrédhearcacht níos fearr maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair, cruthófar dreasachtaí le haghaidh réitigh agus nuálaíocht níos inbhuanaithe, rud a thabharfaidh tuilleadh faisnéise do chustaiméirí maidir lena roghanna féin. Mar a léirítear thuas, bheadh aon chur chuige náisiúnta an‑fhriththáirgiúil chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus bheadh riosca mór ag baint leis go mbeadh ceanglais choinbhleachta agus modheolaíochtaí agus sonraí neamhréireacha ann.

Comhréireacht

Rinneadh roghanna maidir leis na bearta beartais ábhartha agus leis an rogha beartais atá mar struchtúr don tionscnamh seo agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta, agus mar thoradh air sin bhí an cur chuige chomh cothrom agus ab fhéidir. Ar an gcéad dul síos, beartaítear leis an Rialachán go n‑úsáidfear an caighdeán ISO 14083:2023, atá ann cheana agus a aithnítear go forleathan, ina leagan Eorpach EN ISO 14083:2023, mar mhodheolaíocht tagartha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh. Fuair an beart sin tacaíocht shuntasach ó na páirtithe leasmhara a bhí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla, agus dá bhrí sin tá coinne leis go mbeidh inghlacthacht agus infheidhmeacht an‑mhaith ar an margadh iompair mar thoradh air. Ar an dara dul síos, foráiltear leis an tionscnamh do chur chun feidhme díláraithe comhpháirteanna áirithe, go háirithe trína cheadú, faoi choinníollacha áirithe, bunachair sonraí sheachtracha agus tacair sonraí de luachanna réamhshocraithe agus fachtóirí astaíochta a úsáid, chomh maith le huirlisí ríofa astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n‑oibriú ag tríú páirtithe. Ar an tríú dul síos, leagann sé síos ceanglais réasúnacha maidir le sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus próisis ríofa a fhíorú, lena ndíolmhaítear FBManna, mura mian leo an fíorú a dhéanamh ar bhonn deonach. Ar deireadh, trí chur i bhfeidhm ceangailteach an chreata chomhchuibhithe a áireamh, ní fhorchuirtear leis an togra seo na ceanglais ach ar na heintitis sin a chinneann nó a dtugtar sainordú dóibh ar mhodhanna eile chun sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a chomhroinnt. Tá an ghné seo tábhachtach do pháirtithe leasmhara, go háirithe FBManna, nach mbíonn an acmhainneacht acu go minic tús a chur le cuntasaíocht éifeachtach a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar leibhéal na seirbhísí iompair sa ghearrthéarma, agus dá bhrí sin a mbíonn coinne le cur chuige níos céimnithí acu chun aghaidh a thabhairt ar a gcás sonrach, rud a ligeann dóibh an creat coiteann a ghlacadh le himeacht ama.

An rogha ionstraime

Léiríodh sa mheasúnú tionchair go bhfuil gá le bearta rialála chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Is é rialachán an ionstraim is iomchuí chun cur chun feidhme coiteann na mbeart atá beartaithe a áirithiú, agus ag tráth céanna an riosca saobhadh laistigh den mhargadh aonair a laghdú, a d’fhéadfadh teacht as difríochtaí sa chaoi ina ndéanann Ballstáit an Aontais na ceanglais a thrasuíomh sa dlí náisiúnta. Agus cur chuige comhchuibhithe á ghlacadh, ba cheart rialacha aonfhoirmeacha a leanúint chun inchomparáideacht agus cáilíocht agus gráinneacht leordhóthanach na sonraí a tháirgtear a cheadú. Tá sé ríthábhachtach an meascán de réitigh dhifriúla atá ann faoi láthair a réiteach ar an leibhéal náisiúnta nó earnála a sheachaint, rud a bheadh amhlaidh dá gcuirfí chun feidhme iad faoi threoir trasearnála.

Is togra fíor‑theicniúil é an togra, agus tá an chosúlacht ann go gcaithfear é a leasú go tráthrialta chun forbairtí teicniúla agus dlíthiúla a léiriú, go háirithe maidir leis an modheolaíocht choiteann maidir le ríomh tagartha agus na rialacha maidir le sonraí ionchuir, deimhniú agus fíorú. Dá bhrí sin, tá roinnt beart tarmligthe agus beart cur chun feidhme beartaithe freisin. Díreofar iontu sin den chuid is mó ar na sonraíochtaí teicniúla chun na ceanglais fheidhmiúla a chur chun feidhme.

3. Torthaí na meastóireachtaí ex-post, na gcomhairliúchán leis na geallsealbhóirí agus na measúnuithe tionchair

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go gníomhach le páirtithe leasmhara agus rinne sé comhairliúcháin chuimsitheacha le linn phróiseas an mheasúnaithe tionchair.

Tosaíodh ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú mar fhreagra ar fhoilsiú an Ghlao ar Fhianaise (19 Samhain go 17 Nollaig 2021). Fuarthas 64 fhreagra san iomlán, rud a chuidigh leis an gcur chuige a bheachtú agus na bacainní a chuireann isteach ar chuntasaíocht chomhchuibhithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a shainaithint ar bhealach níos fearr.

Mar chuid d’ullmhú an togra, áirítear an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí eile comhairliúcháin:

Comhairliúchán poiblí oscailte, arna eagrú ag an gCoimisiún, a bhí ar siúl ón 25 Iúil go dtí an 20 Deireadh Fómhair 2022. Fuarthas 188 bhfreagra san iomlán agus cuimsíodh grúpaí éagsúla de pháirtithe leasmhara. Tháinig na freagraí ó chuideachtaí agus gnólachtaí (63), comhlachais ghnó (59), saoránaigh den Aontas (26), údaráis phoiblí (26), ENRanna (8), institiúidí acadúla agus taighde (4), eagraíochtaí tomhaltóirí (3), ceardchumainn (2), eagraíochtaí comhshaoil (1) agus eile (10) 49 ;

Agallaimh thaiscéalacha arna n‑eagrú ag an sainchomhairleoir atá freagrach as an staidéar tacaíochta um measúnú tionchair, i mí Iúil 2022 agus atá dírithe ar chomhlachas iompair paisinéirí, ar chomhlachas seoltóirí, ar eagraíocht neamhbhrabúsach atá dírithe ar an gcomhshaol agus ar chlár iompair ghlais;

Comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara arna eagrú ag an sainchomhairleoir atá freagrach as an staidéar tacaíochta um measúnú tionchair, lena n‑áirítear suirbhé agus sraith agallamh. Bhí an suirbhé ar siúl ó Lúnasa go Deireadh Fómhair 2022 agus dhírigh sé ar chuideachtaí aonair (12), comhlachais iompair (9), údaráis phoiblí (4), comhlachais tomhaltóirí agus paisinéirí (2), an saol acadúil agus taighde (1) agus cineálacha eile páirtithe leasmhara (4). Díríodh sna hagallaimh ar ionadaithe páirtithe leasmhara aonair (38), lena n‑áirítear gnólachtaí (22), comhlachais ghnó (7), eagraíochtaí tomhaltóirí (1), údaráis phoiblí (1) agus cineálacha eile páirtithe leasmhara (5);

Ceardlann um pháirtithe leasmhara, arna chomheagrú i gcomhpháirt ag an gCoimisiún agus ag an sainchomhairleoir atá freagrach as an staidéar tacaíochta um measúnú tionchair an 27 Deireadh Fómhair 2022, le 43 rannpháirtí a dhéanann ionadaíocht thar ceann 33 pháirtí leasmhar, agus as sin gnólachtaí, eagraíochtaí gnó, údaráis phoiblí agus saineolaithe aonair.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuair coincheap agus cuspóirí an tionscnaimh tacaíocht láidir ar fud na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin uile. Aithníonn na páirtithe leasmhara go ginearálta go bhfuil gá le creat comhchuibhithe tomhais agus ríomha de réir mar a éiríonn an chuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa leabaithe níos mó san éiceachóras beartais níos leithne agus i bpróisis cinnteoireachta úsáideoirí seirbhísí iompair. Is eol dóibh go mbeadh faisnéis ábhartha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa níos tábhachtaí le himeacht ama chun a n‑iomaíochas (nó a gcaidreamh le hinfheisteoirí) a chaomhnú, agus dá bhrí sin tá siad ag infheistiú i gcórais chun astaíochtaí a ríomh agus chun iad a chur in iúl go héifeachtach. Measann roinnt mhaith daoine freisin go bhfuil tomhas níos fearr ar astaíochtaí ina bhealach chun spriocanna inbhuanaitheachta sonracha a bhunú agus chun faireachán a dhéanamh orthu chun astaíochtaí agus costais a laghdú.

Bhí an fhaisnéis a sholáthair páirtithe leasmhara ríthábhachtach chun ligean don Choimisiún dearadh shainiú na faidhbe a choigeartú, ionchur a fháil le haghaidh forléiriú roghanna beartais, agus measúnú ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a éascú, go háirithe chun a chinneadh cé acu de na roghanna is dócha a ndéanfaidh an cóimheas tairbhí agus costais a uasmhéadú don tsochaí.

A mhéid a bhaineann le sainiú na faidhbe, léirigh an comhairliúchán comhdhearcadh i measc na ngrúpaí páirtithe leasmhara uile maidir le hábharthacht na bhfadhbanna sonracha a bhí réamh‑shainaitheanta sa phróiseas measúnaithe tionchair, i.e. ‘inchomparáideacht theoranta thorthaí na cuntasaíochta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san iompar agus sa lóistíocht’ agus ‘an glacadh teoranta de chuntasaíocht ar astaíochtaí sa ghnáthchleachtas gnó’. Dheimhnigh na páirtithe leasmhara rannpháirteacha freisin ábharthacht ghinearálta na mbunchúiseanna le fadhbanna, ach chuir siad in iúl go bhfuil gá le roinnt eilimintí a choigeartú, go háirithe chun an tábhacht a bhaineann le sonraí ionchuir chun astaíochtaí GÁS CEAPTHA TEASA a ríomh a chur i dtábhacht, agus chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann leis an easpa muiníne i sonraí aschuir astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nochtadh ar an margadh agus leis an drogall ar ghníomhaithe margaidh sonraí oibríochtúla íogaire a chomhroinnt. Tugadh cothrom le dáta an crann fadhbanna dá réir.

Nuair a cuireadh ceist orthu faoi réitigh fhéideartha, sholáthair páirtithe leasmhara ionchur an‑luachmhar chun tacú le forbairt agus measúnú na mbeart agus na roghanna beartais ábhartha. Maidir leis an gcreat modheolaíochta, mhol an tromlach acu glacadh le cineálacha cur chuige cuntasaíochta gás ceaptha teasa atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn, agus b’fhearr iad siúd a thairgeann raon feidhme domhanda chun astaíochtaí a ríomh. Mhol páirtithe leasmhara freisin gur cheart don Aontas úsáid sonraí príomhúla a chur chun cinn, agus comhchóras um luachanna réamhshocraithe a chruthú i gcás nach bhfuil na sonraí príomhúla le fáil. Chuir siad in iúl freisin an gá atá le treoirlínte comhchuibhithe chun an creat a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud codanna sonracha den earnáil iompair, chun a thuiscint agus a úsáid aonfhoirmeach i gcodanna éagsúla den slabhra iompair a áirithiú. Thairis sin, bhí an gá le córas tiomnaithe chun sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú agus próisis ríofa mar ghné shuntasach sna ranníocaíochtaí a fuarthas, fiú i gcás nár nocht na páirtithe leasmhara mórán faisnéise faoin ualach riaracháin a thagann leo agus faoi na costais chomhlachaithe, go háirithe do na FBManna. Maidir leis an infheidhmeacht, cé gur chinn roinnt páirtithe leasmhara go mbeadh ceanglas éigeantach ar an gceann is éifeachtaí chun fíor‑chothroime iomaíochta a bhaint amach ar mhargadh an iompair, measadh go foriomlán go raibh cur chuige ceangailteach an rogha a bheith rannpháirteach an ceann is indéanta agus is éifeachtúla, go háirithe i ngeall ar thionchar díréireach na hionstraime éigeantaí maidir le FBManna, barúil a tháinig chun solais le linn agallamh agus le linn na ceardlainne.

   Bailiú saineolais

Rinne conraitheoir seachtrach staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair is bonn faoin tionscnamh. Seoladh an staidéar sin i mí an Mhárta 2022 agus cuireadh i gcrích é i mí Feabhra 2023. Sholáthair an staidéar léargas luachmhar don Choimisiúin, go háirithe chun na roghanna beartais a dhearadh, chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair lena bhfuil coinne, agus chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a imríodh tionchar díreach orthu a bhailiú.

   Measúnú tionchair

Bhí na bearta beartais atá sa togra seo treoraithe ag torthaí an mheasúnaithe tionchair. Fuair an tuarascáil ar an measúnú tionchair [SWD(2023)XXX] tuairim dhearfach ó Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin [SEC(2023)XXX], ach bhí roinnt agús léi. Sa tuairim a thug an Bord, sholáthair sé roinnt moltaí faoin bhfianaise a soláthraíodh, ar díríodh go cuí orthu; In Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair soláthraítear breac‑chuntas achomair ar an dóigh a ndearnadh é sin.

Breithníodh sé rogha beartais i gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair chun na cuspóirí sainaitheanta a bhaint amach. Rinneadh na roghanna seo a struchtúrú thart ar sheacht réimse beartais, a pléadh thuas cheana: ‘Modheolaíocht’; ‘Sonraí ionchuir agus foinsí’; ‘Infheidhmeacht’; ‘Sonraí aschuir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus trédhearcacht’; ‘Tacaíocht cur chun feidhme’; ‘Comhréireacht’; ‘Bearta comhlántacha’.

Soláthraíodh le roghanna beartais cineálacha cuir chuige mhalartacha chun an creat comhchuibhithe a dhearadh, a bhí éagsúil i bprionsabal maidir le rogha modheolaíochta tagartha, úsáid sonraí ionchuir, an córas fíoraithe is infheidhme maidir le sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus próisis ríofa, úsáid uirlisí ríofa astaíochtaí gás ceaptha teasa, chomh maith leis an mbealach ar cheart an rialachán a fhorchur. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur díríodh ar an mbealach céanna ar eilimintí áirithe a bhaineann le sonraí ionchuir, go háirithe an moladh maidir le sonraí príomhúla a úsáid, bunachar sonraí lárnach an Aontais a bhunú le haghaidh fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus na rialacha maidir le sonraí samhaltaithe, sna bearta beartais malartacha ábhartha agus i ngach rogha beartais.

Ba iad seo a leanas na roghanna beartais a breithníodh:

Beartaíodh le rogha beartais 1 (PO1) go mbeadh an leibhéal is airde lárnaithe agus comhchuibhithe le haghaidh cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair, agus dlús a chur lena nglacadh ar an margadh trí chur i bhfeidhm éigeantach iomlán an Rialacháin seo maidir le gach eintiteas a sholáthraíonn nó a eagraíonn seirbhísí iompair. Áiríodh in PO1 modheolaíocht tagartha chuimsitheach bunaithe ar chaighdeán ISO 14083, ach le heilimintí modheolaíochta breise áirithe a mhéadaigh cruinneas agus inchomparáideacht torthaí ríofa astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus bunaíodh ceanglais maidir le fíorú éigeantach sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus próisis ríomha do na heintitis uile lena mbaineann. Cheadaigh sé freisin luachanna réamhshocraithe do dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa ar an gcoinníoll amháin go bhfaighfí iad sin ó bhunachar sonraí lárnach arna bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ar deireadh, chuir PO1 uirlis choiteann ríofa ar aghaidh le bunú ag an Aontas chun ríomh astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair ar an margadh a éascú.

Glacadh le rogha beartais 2 (PO2), i gcomparáid le PO1, leibhéal lárnaithe chomh hard céanna maidir le láimhseáil sonraí ionchuir agus úsáid na comhuirlise ríomha, ach cuireadh an tionscnamh chun feidhme ar an margadh ar bhealach i bhfad níos barainní. A mhéid a bhaineann leis an dara ceann, mhol an rogha seo cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar bhealach go hiomlán deonach ag páirtithe leasmhara, fíorú deonach ar shonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus próisis ríomha, agus modheolaíocht tagartha níos fabhraí a bunaíodh le caighdeán ISO 14083 a aithnítear go domhanda.

Áiríodh le rogha beartais 3 (PO3), bearta lena gceadaítear cur chuige leathdheonach agus díláraithe maidir le cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. I bprionsabal, thairg an rogha beartais seo infheidhmeacht ‘cheangailteach an rogha a bheith rannpháirteach’ lena bhforchuirtear an ceanglas gan an creat coiteann a úsáid ach amháin maidir le heintitis a roghnaíonn (nó a dtugtar sainordú dóibh ar mhodhanna eile) sonraí ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le seirbhísí iompair a ríomh agus a nochtadh. I dtéarmaí sonraí ionchuir, mhol PO3 bunachar sonraí lárnach de luachanna réamhshocraithe an Aontais maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa, ach, murab ionann agus PO1 agus PO2, cheadaigh sé úsáid a bhaint as tacair sonraí náisiúnta, réigiúnacha nó earnála breise, faoi réir próisis dearbhaithe cáilíochta ar leith. Ina theannta sin, níor thug PO3 sainordú um fhíorú cloí maidir leis an gcreat coiteann cuntasaíochta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ach d’eintitis os cionn méid áirithe amháin, i.e. eagraíochtaí móra, agus uirlisí ríomha seachtracha ceadaithe arna dtairiscint ag an tionscal agus ag údaráis phoiblí ar an margadh, ar an gcoinníoll go ndeimhnítear go bhfuil na huirlisí sin comhréireach le ceanglais an tionscnaimh. A mhéid a bhaineann leis an gcur chuige modheolaíochta, roghnaigh PO3 an mhodheolaíocht chuimsitheach bunaithe ar chaighdeán ISO 14083 le heilimintí breise, comhionann le PO1.

Rinne rogha beartais 4 (PO4) PO3 a mhacasamhlú maidir le comhdhéanamh beagnach gach beart beartais, seachas an ceann maidir leis an modheolaíocht ríomha. A mhéid a bhaineann leis an dara ceann, chuimsigh PO4 an caighdeán domhanda ISO 14083, atá le feiceáil freisin in PO2 agus PO6.

Bhí rogha beartais 5 (PO5) éagsúil le PO3 agus PO4 maidir le dhá ghné, is é sin an rogha modheolaíochta, i.e. na Rialacha Catagóire maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCR) le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair, agus an bunachar sonraí iomlán láraithe de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar an gcaoi chéanna leis an gceann a úsáidtear in PO1 agus PO2.

Beartaíodh le rogha beartais 6 (PO6) sraith de bhearta beartais a bhí beagnach comhionann le PO4, le heisceacht amháin: forchuireann sé infheidhmeacht éigeantach (cosúil le PO1) an Rialacháin ar gach eintiteas a bhfuil baint aige le seirbhísí iompair a sholáthar nó a eagrú.

Ba iad seo a leanas dhá bheart beartais a raibh feidhm acu go comhsheasmhach ar fud gach rogha beartais: bunú méadrachta comhchuibhithe sonraí aschuir gás ceaptha teasa mar aon le rialacha comhchoiteanna maidir le cumarsáid agus trédhearcacht, agus foráil treoirlínte cothrománacha chun an tionscnamh a chur chun feidhme ar mhargadh an iompair.

Tar éis an mheasúnaithe, sainaithníodh PO4 mar an rogha beartais ab fhearr. Léirítear leis an rogha seo an chothromaíocht is fearr idir cuspóirí an tionscnaimh agus na costais fhoriomlána cur chun feidhme, agus dá bhrí sin tá an cóimheas costais agus tairbhe is fearr ann.

Is éard a bheidh i gceist le PO4 ná laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus costais sheachtracha ghaolmhara eile, a eascraíonn as foráil seirbhísí iompair ar mhargadh an Aontais. Is iad na héifeachtaí iompraíochta lena ndreasaítear úsáid níos mó a bhaint as roghanna iompair níos inbhuanaithe agus turais bharrfheabhsaithe a spreagfaidh an laghdú seo go príomha. Meastar gurb ionann an coigilteas gaolmhar i gcostais sheachtracha agus EUR 674 mhilliún le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa, EUR 163.5 mhilliún do thruailliú aeir agus EUR 645 mhilliún do thimpistí, i gcoibhneas leis an mbunlíne agus arna shloinneadh mar ghlanluach láithreach don tréimhse 2025‑2050 i bpraghsanna 2022. Tugadh cuntas ar an gcoigilteas seo go háirithe trí athruithe gníomhaíochta a ghlacadh idir modhanna agus barrfheabhsú turais do phaisinéirí agus d’iompar lasta araon de bharr eolas níos fearr ar fheidhmíocht seirbhísí iompair agus infhaighteacht sonraí. Tá coinne leis go mbainfidh oibreoirí agus paisinéirí coigiltis EUR 2.4 bhilliún amach maidir le húsáid bhreosla arna seachaint mar gheall ar ghníomhaíocht laghdaithe modhanna iompair atá dian ar bhreosla/fhuinneamh. Meastar freisin go dtiocfaidh méadú ar thrédhearcacht, ar inchreidteacht, ar éifeachtaí dearfacha ar chlú agus ar íomhá phoiblí eagraithe agus soláthraithe seirbhísí iompair de bharr na bhfeabhsuithe ar inchomparáideacht sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus leibhéil níos airde muiníne idir comhpháirtithe slabhra an iompair.

Is iad gnólachtaí a íocann na príomhchostais a eascraíonn as an idirghabháil bheartaithe. Áirítear leo costais choigeartuithe a bhaineann le húsáid (oiriúnú nó tosú) creata modheolaíochta nua um ghás ceaptha teasa agus na gníomhaíochtaí fíoraithe ábhartha (EUR 1.5 bhilliún), chomh maith le costais riaracháin a eascraíonn as deimhniú uirlisí ríomha agus seiceáil cáilíochta ar bhunachair sonraí sheachtracha de luachanna réamhshocraithe maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa (EUR 0.5 mhilliún). Sainaithníodh costais riaracháin freisin do chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bheadh freagrach as creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann na gníomhaíochtaí fíorúcháin agus deimhniúcháin (EUR 0.1 mhilliún). Thairis sin, tugadh cuntas ar chostais choigeartaithe bhreise d’oifigí náisiúnta staidrimh, go háirithe as aistriú chuig formáid uathúil i leith luachanna aschuir astaíochtaí gás ceaptha teasa (EUR 0.1 mhilliún), agus i gcás na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, a bhaineann le bunachair sonraí an Aontais a bhunú agus a chothabháil le haghaidh sonraí ionchuir, chomh maith le seiceáil cáilíochta na mbunachar sonraí seachtracha a cheadófar faoin tionscnamh (EUR 3.9 milliún).

Dá bhrí sin, leis an rogha beartais ab fhearr, soláthraítear glansochair EUR 2.4 bhilliún i gcaitheamh thréimhse ama an tionscnaimh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ós togra nua é seo, ní dhearnadh aon mheastóireacht ná seiceáil oiriúnachta.

Cearta bunúsacha

Tá an togra i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Áirítear leis an togra glanchostais reatha EUR 0.6 milliún do bhuiséad an Aontais le linn na tréimhse ó 2025 go 2027, agus acmhainní breise de EUR 6.3 milliún ó 2028 go 2050. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar thionchar buiséadach an togra sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra seo le haghaidh faisnéise.

Is forbhreathnú táscach é an tionchar buiséadach i ndiaidh an CAI atá i bhfeidhm faoi láthair, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Coinneoidh an Coimisiún súil ar chur chun feidhme, torthaí agus tionchair an tionscnaimh seo trí shraith sásraí faireacháin/meastóireachta. Tomhaisfear dul chun cinn i dtreo cuspóirí sonracha an togra a bhaint amach go háirithe trí shonraí a bhailítear ar an líon bunachar sonraí seachtrach maidir le luachanna réamhshocraithe ar a ndearnadh seiceáil cáilíochta, an líon eintiteas ar a ndearnadh fíorúchán, an líon comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar a ndéantar creidiúnú faoin Rialachán seo, an líon uirlisí ríofa atá á ndeimhniú, agus an líon eintiteas a thugann astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair i gcuntas. Déanfar iarrataí ar fhaisnéis (lena n‑áirítear tuarascálacha, suirbhéanna agus fiosrúcháin) a chothromú go cúramach ionas nach gcuirfear ualach breise ar pháirtithe leasmhara.

5 bliana i ndiaidh an Rialachán a bheith infheidhme ina iomláine, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na rialacha chun a sheiceáil ar baineadh cuspóirí an tionscnaimh amach nó nár baineadh.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1 tugtar tuairisc ar ábhar an Rialacháin atá beartaithe.

Le hAirteagal 2 leagtar síos raon feidhme an Rialacháin.

Le hAirteagal 3 leagtar amach roinnt sainmhínithe.

Le hAirteagal 4 bunaítear an modh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh.

Le hAirteagal 5 leagtar síos na rialacha maidir le húsáid sonraí príomhúla agus tánaisteacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh.

Le hAirteagal 6 bunaítear príomhbhunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le luachanna réamhshocraithe.

Le hAirteagal 7 bunaítear rialacha maidir le húsáid bunachar sonraí agus tacar sonraí maidir le luachanna réamhshocraithe arna n‑oibriú ag tríú páirtithe.

Le hAirteagal 8 bunaítear bunachar sonraí lárnach de chuid an Aontais maidir le fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe.

Le hAirteagal 9 leagtar síos ceanglais maidir le sonraí aschuir a eascraíonn as astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh.

Le hAirteagal 10 leagtar amach rialacha maidir le cumarsáid agus trédhearcacht torthaí ríomha astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Le hAirteagal 11 bunaítear rialacha ginearálta chun uirlisí ríomha seachtracha a dheimhniú.

Le hAirteagal 12 bunaítear ceanglas ginearálta chun sonraí aschuir a fhíorú.

Le hAirteagal 13 leagtar síos rialacha maidir leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin agus an próiseas fíorúcháin.

Le hAirteagal 14 leagtar amach ceanglais maidir le Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta.

Le hAirteagal 15 bunaítear nósanna imeachta maidir le creidiúnú na gComhlachtaí um Measúnú Comhréireachta.

Le hAirteagal 16 bunaítear coinníollacha maidir le cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún faoin Rialachán seo.

Le hAirteagal 17 bunaítear an Nós imeachta coiste maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

Le hAirteagal 18 ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo.

Le hAirteagal 19 áirítear forálacha a bhaineann le dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, faoi seach.

2023/0266 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 50 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún 51 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá sé réamhriachtanach tacú le hiarrachtaí i dtreo inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht chóras iompair an Aontais chun conair chobhsaí i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 a choinneáil ar bun, agus an tráth céanna ag tabhairt aird chuí ar an ngá atá le fás leanúnach agus iomaíochas an tionscail Eorpaigh a chaomhnú.

(2)Úsáidtear cuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnálacha éagsúla – lena n‑áirítear iompar – chun sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú ó ghníomhaíochtaí sonracha gnó agus daoine aonair. Is uirlis chumhachtach í faisnéis níos fearr maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair chun dreasachtaí cearta a chruthú le haghaidh úsáideoirí iompair chun roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh, agus chun tionchar a imirt ar chinntí gnó eagraithe agus oibreoirí iompair. Is iad sonraí iontaofa agus inchomparáide maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an ceanglas foluiteach chun na dreasachtaí sin a chruthú, agus mar sin chun athrú iompraíochta i measc tomhaltóirí agus gnóthaí araon a spreagadh, chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 52 le haghaidh iompair, agus le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh.

(3)D’ainneoin spéis páirtithe leasmhara iompair atá ag fás, tá glacadh foriomlán na cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh seirbhísí iompair teoranta fós. I bhformhór na gcásanna, ní fhaigheann úsáideoirí faisnéis chruinn maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair, agus ní ríomhann agus ní nochtann eagraithe agus oibreoirí seirbhísí iompair a n‑astaíochtaí. Breathnaítear glacadh cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa atá íseal go díréireach i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe, arb ionann iad agus formhór mór na ngnóthaí a sholáthraíonn seirbhísí iompair ar mhargadh an Aontais.

(4)In 2011 ghlac an Coimisiún Eorpach an Páipéar Bán maidir le hiompar 53 lenar léiríodh fís do thodhchaí chóras iompair an Aontais agus lenar sainmhíníodh clár oibre beartais chun dul i ngleic leis na dúshláin iompair amach anseo, go háirithe an gá atá le soghluaisteacht a choinneáil ar bun agus a fhorbairt agus an lorg carbóin ó oibríochtaí iompair agus lóistíochta a laghdú go suntasach.

(5)Tagraítear i Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ó Nollaig 2020 54 do dhreasachtaí chun na roghanna iompair is inbhuanaithe a roghnú, laistigh de na modhanna agus tharstu. Áirítear leis na dreasachtaí sin creat Eorpach a chur ar bun chun tomhas comhchuibhithe a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa iompair agus lóistíochta, bunaithe ar chaighdeáin a aithnítear ar fud an domhain, a d’fhéadfaí a úsáid ansin chun meastachán a sholáthar do ghnóthaí agus d’úsáideoirí deiridh ar lorg carbóin a roghanna, agus an t‑éileamh ó úsáideoirí deiridh agus tomhaltóirí a mhéadú chun réitigh iompair agus shoghluaiseachta níos inbhuanaithe a roghnú, agus glas‑snasú a sheachaint.

(6)Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha comhchuibhithe a leagan síos chun cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair lasta agus paisinéara chun figiúirí inchomparáide a bhaint amach le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair agus chun faisnéis mhíthreorach a sheachaint maidir lena bhfeidhmíocht, a eascraíonn as an bhféidearthacht roghnú idir modhanna ríomha astaíochtaí agus sonraí ionchuir éagsúla. Le rialacha den sórt sin, ba cheart cothrom na Féinne a áirithiú idir móid agus deighleoga iompair agus líonraí náisiúnta an Aontais. Ba cheart cuidiú freisin chun dreasachtaí athraithe iompraíochta a chruthú i measc gnóthaí agus custaiméirí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a laghdú trí ghlacadh agus úsáid sonraí inchomparáide agus iontaofa maidir le hastaíochtaí ceaptha teasa.

(7)Leis an Rialachán seo, ba cheart creat tagartha a chur ar fáil le haghaidh bearta laghdaithe astaíochtaí eile a d’fhéadfadh údaráis phoiblí agus an earnáil tionsclaíochta a dhéanamh a thuilleadh, lena n‑áirítear i gcás ina mbunaítear clásail trédhearcachta um ghás ceaptha teasa i gconarthaí iompair, ina soláthraítear faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa rogha taistil nó seachadta do phaisinéirí nó do chustaiméirí, nó ina socraítear critéir a bhaineann leis an aeráid le haghaidh nósanna imeachta soláthair glasa.

(8)D’ainneoin buntáistí a eascraíonn as an trédhearcacht mhéadaithe maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair, bheadh cur i bhfeidhm sainordaitheach an Rialacháin seo ar na heintitis uile a sholáthraíonn seirbhísí iompair ar mhargadh an Aontais díréireach agus bheadh costais agus ualach iomarcach ann dá thoradh. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le heintitis a dhéanann cinneadh nó atá faoi cheangal ag córais reachtacha nó neamh‑reachtacha ábhartha eile faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a nochtadh maidir le seirbhísí iompair lasta nó paisinéara a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais. Dá dheasca sin, áirítear leis sin seirbhísí ag a bhfuil pointí tionscnaimh nó cinn scríbe atá lonnaithe i dtríú tír.

(9)Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hidirghabhálaithe sonraí, amhail iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha le haghaidh soghluaisteacht ilmhódach, i gcás nach ríomhann siad faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair go díreach agus nach nochtann siad ach faisnéis maidir leis na hastaíochtaí siúd a sholáthraíonn eintiteas lena mbaineann nó duine dlíthiúil nó nádúrtha ábhartha eile. Mar sin féin, ba cheart idirghabhálaithe sonraí a bheith faoi cheangal ag na rialacha ábhartha a bhaineann le cumarsáid agus trédhearcacht na sonraí nochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, chun inchomparáideacht na sonraí sin ar an margadh a áirithiú.

(10)Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás ina ndéantar ríomh agus nochtadh astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfoirm chomhiomlánaithe. Áirítear leis sin cásanna ina ndíorthaítear nochtaí sainordaitheacha faisnéise a bhaineann leis an gcomhshaol do thuairisciú inbhuanaitheachta agus bunú cuntas comhshaoil chun críoch staidrimh ó rialacha eile an Aontais, amhail na cinn siúd a shainítear faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach 55 agus faoin Rialachán maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil 56 . Os a choinne sin, is féidir go rannchuideoidh faisnéis a fhaightear ar bhonn an Rialacháin seo chun tuarascálacha astaíochtaí comhdhlúite a fhorbairt a cheanglaítear faoi dhlí eile an Aontais is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil na modheolaíochtaí a úsáidtear agus na sonraí a bhailítear sách comhoiriúnach.

(11)Is príomhghné amháin de chreat comhchuibhithe an Aontais a leagtar amach leis an Rialachán seo é modh ceart chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh. Leis an modh sin, ba cheart a áirithiú go soláthraítear leis na ríomhanna astaíochtaí a dhéantar feadh slabhra iompair sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá inchomparáide agus cruinn, trí shraith aonair céimeanna modheolaíocha a leanúint. Ba cheart riachtanais an mhargaidh iompair a chur san áireamh go leormhaith leis freisin, chun castacht gan ghá, agus ualach agus costais iomarcacha a sheachaint, agus chun go nglacfaidh páirtithe leasmhara leis.

(12)Roghnaíodh caighdeán EN ISO 14083:2023, a d’fhoilsigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú 57 i mí Aibreáin 2023, agus lena trasuitear caighdeán ISO 14083:2023, mar an mhodheolaíocht tagartha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh faoin Rialachán seo. Léiríodh leis an anailís gur cruthaíodh gurb é caighdeán ISO 14083:2023 an modheolaíocht is ábhartha agus is comhréirí chun dul i ngleic le cuspóirí an Rialacháin seo. Déantar cainníochtú na n‑astaíochtaí ar bhonn ón tobar go dtí an roth, lena n‑áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as soláthar fuinnimh agus úsáid feithiclí le linn oibríochtaí iompair agus moil.

(13)Ba cheart aird a thabhairt gan imeacht ó roghanna modheolaíochta bunaidh chaighdeán EN ISO 14083:2023, chun neamhréireachtaí a sheachaint i ríomh astaíochtaí ceaptha teasa seirbhísí iompair ar an margadh, go háirithe i gcomhthéacs na slabhraí iompair idirnáisiúnta. Mar sin féin, ó am go ham, is iomchuí measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le coigeartú féideartha a dhéanamh ar EN ISO 14083:2023 ó pheirspictíocht bheartais an Aontais, chomh maith le leasuithe amach anseo ar an gcaighdeán sin a d’fhéadfadh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú nó comhlacht inniúil eile a dhéanamh. I gcás ina léirítear leis na measúnuithe sin riosca go bhféadfadh cuid áirithe den chaighdeán míchothromaíochtaí míchuí a chruthú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair i ndeighleoga sonracha an mhargaidh á ríomh nó go mbeadh neamhréireachtaí idir an caighdeán sin agus cuspóirí an Rialacháin seo nó dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, d’fhéadfadh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cuimhneamh ar iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú an caighdeán a athbhreithniú dá réir, nó cinneadh a dhéanamh an chuid sin den chaighdeán a chur as an áireamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)Chun cúrsaíocht faisnéise míchruinne ar an margadh a sheachaint, d’fhéadfaí gá a theacht chun cinn an mhodheolaíocht tagartha a shoiléiriú i leith paraiméadair agus toimhdí ábhartha a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a úsáidtear chun astaíochtaí a ríomh sula soláthraítear seirbhís. Tá feidhm ag an méid céanna i leith paraiméadair theicniúla ábhartha eile a bhaineann le leithdháileadh astaíochtaí nó comhiomlánú eilimintí sonraí i gcás nach soiléirítear go sainráite úsáid na bparaiméadar sin sa mhodheolaíocht.

(15)Is féidir cineálacha sonraí ionchuir éagsúla, lena n‑áirítear sonraí príomhúla agus sonraí tánaisteacha, a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh. Tagann na torthaí is iontaofa agus is cruinne ó shonraí príomhúla, agus dá bhrí sin ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun foráil a dhéanamh maidir le glacadh de réir a chéile na sonraí sin i bpróisis ríomha astaíochtaí gás ceaptha teasa. Mar sin féin, d’fhéadfaí nach féidir sonraí príomhúla a bhaint amach nó go mbeadh sé i bhfad róchostasach do pháirtithe leasmhara ar leith, FBManna go háirithe. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid sonraí tánaisteacha a cheadú faoi choinníollacha soiléire.

(16)Maidir le sonraí tánaisteacha, is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a ríomh trí luachanna réamhshocraithe nó sonraí samhaltaithe a úsáid. Mar sin féin, le húsáid luachanna réamhshocraithe agus sonraí samhaltaithe, ba cheart faisnéis chruinn agus iontaofa a sholáthar maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair ar leith agus, dá bhrí sin, ba cheart na luachanna réamhshocraithe sin a shocrú agus na sonraí samhaltaithe a fhorbairt ar bhealach neodrach agus oibiachtúil, bunaithe ar fhoinsí iontaofa agus paraiméadair leormhaithe.

(17)Dá bhrí sin, ba cheart príomhbhunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunú chun inchomparáideacht torthaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhaightear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a fheabhsú. Mar sin féin, i bhfianaise sainiúlachtaí earnálacha, náisiúnta agus réigiúnacha na luachanna réamhshocraithe sin ar fud an Aontais, ba cheart bunachair sonraí agus tacair sonraí ábhartha eile a oibríonn tríú páirtithe a cheadú ar an gcoinníoll go ndéantar seiceáil cáilíochta teicniúla orthu ar leibhéal an Aontais.

(18)Agus déine astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair á bunú, tá gá le fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa d’iompróirí fuinnimh iompair chun meastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhíorthú a léiríonn an méid fuinnimh a úsáidtear i bpeirspictíocht ón tobar go dtí an roth. Dá réir sin, ba cheart bunachar sonraí lárnach de chuid an Aontais maidir le fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa d’iompróirí fuinnimh a chur ar bun chun inchomparáideacht agus cáilíocht na sonraí ionchuir a ráthú.

(19)Ba cheart do chomhlacht neodrach agus inniúil a oibríonn ar leibhéal an Aontais tabhairt faoi fhorbairt agus cothabháil bhunachair sonraí an Aontais maidir le luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochta gás ceaptha teasa agus fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa, chomh maith le seiceáil cáilíochta teicniúla na mbunachar sonraí agus na dtacar sonraí seachtrach a oibríonn tríú páirtithe. I bhfianaise a sainchúraim, is í an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil is fearr chun an cúnamh is gá a sholáthar chun an chuid seo den Rialachán a chur chun feidhme i gceart. I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh an obair seo brath ar ranníocaíocht ó chomhlachtaí earnálacha eile an Aontais agus d’fhéadfadh na comhlachtaí sin tacú léi, i gcomhréir le dlí ar leithligh an Aontais.

(20)Is féidir sonraí samhaltaithe a úsáid má tá siad bunaithe ar shamhail a bhunaítear i gcomhréir leis an modheolaíocht tagartha agus, i gcás inarb ábhartha, forálacha eile maidir le húsáid sonraí tánaisteacha agus uirlisí ríomha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(21)Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/757 58 agus Treoir 2003/87/CE 59 bailiúchán, ríomh agus tuairisciú bliantúil na n‑astaíochtaí CO2 ó longa agus aerárthaí, faoi seach. D’fhéadfadh Rialachán (AE) 2015/757 agus Treoir 2003/87/CE a bheith comhlántach leis na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo go pointe áirithe, go háirithe i dtéarmaí sonraí maidir le breosla dóite a tháirgeadh mar ionchur chun astaíochtaí seirbhísí iompair a chainníochtú. D’fhéadfadh sonraí ionchuir chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ghiniúint a bheith de thionscnamh chur chun feidhme creataí reachtacha eile, amhail Rialachán (AE) 2019/1242 60 agus Rialachán (AE) 2019/631 61 .

(22)Is iomchuí méadracht choiteann a leagan síos chun sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá mar bhonn faoi inchomparáideacht na sonraí sin a léiriú agus chun bheith in ann tagarmharcáil éifeachtach a dhéanamh ar sheirbhísí iompair éagsúla. Le méadracht choiteann, ba cheart cumarsáid shoiléir ó sholáthraí sonraí agus tuiscint chruinn na cumarsáide sin ag faighteoir sonraí a chumasú.

(23)Ba cheart a áireamh go héigeantach agus go feiceálach in aon fhaisnéis dhí‑chomhiomlánaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a nochtar do thríú páirtí chun críoch tráchtála nó rialála i gcomhréir le raon feidhme an Rialacháin seo sonraí aschuir a bhunaítear de bhun na rialacha sonracha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh a leagtar amach leis an Rialachán seo. Is féidir eilimintí sonraí breise, lena mbaineann cuspóirí eile seachas na cuspóirí a shainmhínítear faoin Rialachán seo, a chur leis, i gcás inarb ábhartha.

(24)Chun comhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú, ba cheart d’eintiteas a ríomhann agus a nochtann faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a bheith in ann fianaise a ullmhú chun bunús a thabhairt leis na sonraí aschuir lena mbaineann. Ba cheart an fhianaise a ullmhú de bhun na rialacha maidir le tuairisciú ar leibhéal seirbhíse iompair a leagtar amach le caighdeán EN ISO 14083:2023, agus beidh sí le fáil arna iarraidh sin d’údarás inniúil, amhail cúirt, nó aon tríú páirtí eile más gá faoi shocraithe ar leithligh, lena n‑áirítear sa pheirspictíocht gnólacht le gnólacht.

(25)Mura bhfuil feidhm ag socruithe ar leithligh, níor cheart idirghabhálaí sonraí a bhailíonn faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair ó eintiteas lena mbaineann nó ó dhuine dlíthiúil nó nádúrtha ábhartha eile, agus a nochtann ar an margadh í, a bhreithniú a bheith faoi dhliteanas i gcás ina sáraíonn an fhaisnéis sin aon cheann de na ceanglais a bhaineann le ríomh agus fíorú astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair, agus le deimhniú uirlisí ríomha, a leagtar amach leis an Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart don idirghabhálaí sonraí iarracht a dhéanamh cosc a chur le faisnéis mhíchruinn nó mhícheart a nochtadh, agus ba cheart dó na rialacha a bhaineann le sonraí aschuir, cumarsáid agus trédhearcacht astaíochtaí gás ceaptha teasa a urramú. Ina theannta sin, ba cheart don idirghabhálaí sonraí foinse na faisnéise sin a sholáthar chun gur féidir an soláthraí faisnéise ábhartha a shainaithint.

(26)Féadfaidh uirlisí ríomha seachtracha a sholáthraítear ar an margadh le haghaidh na úsáide níos leithne tráchtála agus neamh‑thráchtála cuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a éascú, agus sa chaoi sin tacú lena glacadh ag na grúpaí páirtithe leasmhara níos leithne. Ba cheart úsáid na n‑uirlisí sin a dheimhniú chun a ráthú go mbíonn siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht tagartha choiteann agus tacar iomchuí sonraí ionchuir a úsáid.

(27)Le córas fíorúcháin a dheartar go cuí le haghaidh chomhréireacht na sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a nochtar ar an margadh agus na próisis ríomha foluiteacha, leis na ceanglais a leagtar amach faoin Rialachán seo, ba cheart muinín as iontaofacht agus cruinneas na sonraí sin a mhéadú go mór. Ba cheart d’eintitis ar a ndearnadh measúnú comhréireachta go rathúil a bheith i dteideal cruthúnas comhlíontachta a fháil, atá le haithint go coiteann ar fud an Aontais. I gcás inar áiríodh sonraí príomhúla, ba cheart iad a aithint sa chruthúnas comhlíontachta, go háirithe chun bailiú agus úsáid sonraí príomhúla ag aon eintiteas lena mbaineann na rialacha a leagtar amach leis an Rialachán seo a dhreasú.

(28)D’fhéadfadh ualach riaracháin nasctha leis an bhfíorúchán a bheith díréireach do chuideachtaí beaga agus dá bhrí sin ba cheart é a sheachaint. Chuige sin, ba cheart FBManna a dhíolmhú ó na ceanglais a bhaineann le fíorúchán, mura mian leis na fiontair sin cruthúnas a fháil faoin gcomhlíontacht lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart d’fhiontair mhóra prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh agus iad ag cuimhneamh ar fhíorú comhréireachta a iarraidh ó chomhpháirtithe sa slabhra luacha, FBManna go háirithe.

(29)I gcás ina n‑eagraítear fíorúchán na faisnéise maidir le sonraí um astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar amach le reachtaíocht eile an Aontais, lena n‑áirítear rialachán maidir le cothrom na Féinne a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe agus a chuireann Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh chun feidhme, caithfear leis na rialacha sin ar bhealach coibhéiseach, faoin gcoinníoll go mbunaítear an measúnú fíorúcháin go comhsheasmhach le ceanglais an Rialacháin seo.

(30)Chun feidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo a cheadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith eilimintí áirithe den mhodheolaíocht tagartha a mheas agus a eisiamh; iarrataí a chur faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú, rialacha a leagan síos chun an tseiceáil cáilíochta teicniúla a dhéanamh ar bhunachair sonraí sheachtracha maidir le luachanna réamhshocraithe, méadracht a oiriúnú le haghaidh sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus tuilleadh modhanna agus critéar a bhunú maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 62 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(31)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le deimhniú uirlisí ríomha agus fíorú sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 .

(32)Ní cuspóirí iad inchomparáideacht sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair ná glacadh níos fearr cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcleachtas gnó a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach go leormhaith gan an riosca a bheith ann rómhaorlathas a thabhairt isteach ar an margadh inmheánach agus costais agus ualach riaracháin breise ann do thionscail. Seachas sin, d’fhéadfaí na cuspóirí sin, de bharr éifeachtaí líonra na mBallstát ag gníomhú le chéile, a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(33)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí, chun an bunchuspóir a bhaineann le hathrú iompraíochta a dhreasú i measc gnóthaí agus custaiméirí d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a laghdú trí shonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá inchomparáide agus iontaofa a ghlacadh agus a úsáid, go leagfar síos rialacha maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon eintiteas a sholáthraíonn nó a eagraíonn seirbhísí lasta agus paisinéara san Aontas a ríomhann astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais agus a nochtann faisnéis dhí‑chomhiomlánaithe maidir leis na hastaíochtaí sin d’aon tríú páirtí chun críoch tráchtála nó rialála.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘gás ceaptha teasa’ comhábhar gásach den atmaisféar, idir nádúrtha agus antrapaigineach, a ionsúnn agus a astaíonn radaíocht ar thonnfhaid shonracha laistigh de speictream na radaíochta infridheirge a astaíonn dromchla an Domhain, an atmaisféar agus néalta;

(2)ciallaíonn ‘astaíocht gás ceaptha teasa’ scaoileadh gáis cheaptha teasa isteach san atmaisféar arna shloinneadh de réir coibhéis maise dé‑ocsaíde carbóin;

(3)ciallaíonn ‘coibhéis dé‑ocsaíde carbóin (CO2e)’ aonad chun fórsáil radantach gáis cheaptha teasa a chur i gcomparáid le fórsáil radantach dé‑ocsaíde carbóin;

(4)ciallaíonn ‘cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa’ na gníomhaíochtaí a dhéantar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú, trí thomhais agus ríomhanna, agus a úsáidtear le haghaidh tuairiscithe;

(5)ciallaíonn ‘seirbhís iompair’ lasta nó paisinéir a iompar ó thionscnamh go ceann scríbe; is féidir le seirbhís iompair eilimint amháin nó níos mó sa slabhra iompair a thabhairt le fios lena gceanglaítear oibríocht/oibríochtaí iompair agus/nó oibríocht/oibríochtaí moil;

(6)ciallaíonn ‘oibríocht iompair’ feithicil a oibriú chun paisinéirí agus/nó lasta a iompar;

(7)ciallaíonn ‘oibríocht mhoil’ oibríocht chun lasta nó paisinéirí a aistriú trí mhol;

(8)ciallaíonn ‘feithicil’ modh chun paisinéirí agus/nó earraí a iompar i ngach mód iompair;

(9)ciallaíonn ‘slabhra iompair’ seicheamh eilimintí iompair a bhaineann le lasta nó paisinéir (grúpa paisinéirí) a chuimsíonn, agus iad á nglacadh le chéile, a ghluaisteacht ó thionscnamh go ceann scríbe;

(10)ciallaíonn ‘eilimint slabhra iompair’ píosa de shlabhra iompair ina n‑iompraíonn feithicil amháin an lasta nó paisinéir (grúpa paisinéirí) nó ina n‑aistrítear trí mhol aonair iad;

(11)ciallaíonn ‘faisnéis a nochtadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair’ faisnéis dhí‑chomhiomlánaithe a chur in iúl maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le seirbhís iompair shonrach ag eintiteas lena mbaineann nó ag idirghabhálaí sonraí chuig aon tríú páirtí, i gcomhthéacs sholáthar, chumarsáid nó mhargú na seirbhíse sin, roimh nó tar éis sholáthar na seirbhíse iompair.

(12)ciallaíonn ‘eintiteas lena mbaineann’ eintiteas a ríomhann astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais agus a nochtann faisnéis maidir leis na hastaíochtaí sin d’aon tríú páirtí, chun críoch tráchtála nó rialála;

(13)ciallaíonn ‘idirghabhálaí sonraí’ duine dlítheanach nó nádúrtha a bhailíonn agus a nochtann faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair ar bhonn socruithe dlíthiúla, conarthacha nó socruithe ábhartha eile ar leithligh;

(14)ciallaíonn ‘gníomhaíocht gás ceaptha teasa’ gníomhaíocht óna dtagann astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(15)ciallaíonn ‘sonraí maidir le gníomhaíocht gás ceaptha teasa’ tomhas cainníochtúil ar ghníomhaíocht gás ceaptha teasa;

(16)ciallaíonn ‘déine astaíochtaí gás ceaptha teasa’ comhéifeacht a nascann sonraí sonraithe maidir le gníomhaíocht gás ceaptha teasa leis an astaíocht gás ceaptha teasa;

(17)ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta gás ceaptha teasa’ comhéifeacht a nascann gníomhaíocht gás ceaptha teasa leis an astaíocht gás ceaptha teasa;

(18)ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth’ astaíochtaí lena léirítear tionchar an gháis cheaptha teasa a thagann ó úsáid feithiclí agus ó sholáthar fuinnimh feithiclí araon;

(19)ciallaíonn ‘astaíochtaí umar go roth’ astaíochtaí a bhaineann le modh tiomáinteachta na feithicle ón úsáid fuinnimh; fothacar d’astaíochtaí ón tobar go dtí an roth;

(20)ciallaíonn ‘iompróir fuinnimh’ substaint nó feiniméan is féidir a úsáid chun obair mheicniúil nó teas a tháirgeadh nó chun próisis cheimiceacha nó fhisiceacha a oibriú;

(21)ciallaíonn ‘sonraí príomhúla’ luach cainníochtaithe próisis nó gníomhaíochta a fhaightear ó thomhas díreach nó ó ríomh atá bunaithe ar thomhais dhíreacha;

(22)ciallaíonn ‘sonraí tánaisteacha’ sonraí samhaltaithe nó luachanna réamhshocraithe nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le sonraí príomhúla, lena n‑áirítear sonraí ó bhunachair sonraí agus litríocht fhoilsithe, fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe ó fhardail náisiúnta, sonraí ríofa, meastacháin nó sonraí ionadaíocha eile agus sonraí a fhaightear ó sheachphróisis nó ó seachmheastacháin;

(23)ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach sonraí tánaisteacha a thagann ó fhoinse fhoilsithe, a ghlactar mar réamhshocrú i gcás easpa sonraí príomhúla nó samhaltaithe;

(24)ciallaíonn ‘sonraí samhaltaithe’ sonraí arna mbunú trí shamhail a úsáid lena gcuirtear san áireamh príomhshonraí agus/nó paraiméadair a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa d’oibríocht iompair nó d’oibríocht mhoil, lena n‑áirítear trí shamhail a úsáid arna soláthar trí uirlis ríomha;

(25)ciallaíonn ‘sonraí aschuir’ sonraí imdhealaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair arna mbunú tríd an modheolaíocht tagartha agus na sonraí ionchuir a leagtar amach leis an Rialachán seo a úsáid;

(26)ciallaíonn ‘méadracht’ tomhas ar mheasúnú cainníochtúil;

(27)ciallaíonn ‘fianaise lena dtugtar bunús le faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair’ tuarascáil a bhunú ar éileamh ar leibhéal seirbhíse iompair, mar a leagtar amach in EN ISO 14083:2023;

(28)ciallaíonn ‘uirlis ríomha’ feidhmchlár, samhail nó bogearraí lena gceadaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a ríomh go huathoibríoch;

(29)ciallaíonn ‘uirlis ríomha sheachtrach’ uirlis ríomha a sholáthraíonn tríú páirtí ar an margadh le haghaidh úsáid tráchtála nó neamhthráchtála níos leithne;

(30)ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 64 .

CAIBIDIL II

MODHEOLAÍOCHT

Airteagal 4

Modh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh

1.Déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh ar bhonn na modheolaíochta a shainítear i gcaighdeán EN ISO 14083:2023, ina leagan cothrom le dáta, agus ar bhonn na rialacha a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán seo.

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le coigeartú a dhéanamh ar aon chomhpháirt den chaighdeán dá dtagraítear i mír 1, tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Féadfaidh an Coimisiún seiceáil comhlíontachta a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar aon leasú ar an gcaighdeán dá dtagraítear i mír 1. Tionscnóidh an Coimisiún an tseiceáil comhlíontachta, agus féadfaidh an Coimisiún gníomhú, i gcás inarb iomchuí, arna iarraidh sin ag Ballstát.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun leasú dá dtagraítear i mír 3 agus comhpháirt dá dtagraítear i mír 2 a chur as an áireamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, más rud é, bunaithe ar a mheasúnú, go gcruthaíonn an leasú nó an chomhpháirt sin riosca follasach go mbeidh neamhréireacht ann le cuspóirí an Rialacháin seo agus le rialacha eile de chuid an Aontais is infheidhme.

5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun a iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 agus ar an tseiceáil comhlíontachta dá dtagraítear i mír 3.

6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh d’fhonn an mhodheolaíocht tagartha dá dtagraítear i mír 1 a shoiléiriú, chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go haonfhoirmeach í ar an margadh a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige chun paraiméadair iomchuí a bhaineann le hastaíochtaí a chinneadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh sula soláthraítear seirbhís, agus, i gcás inarb infheidhme, paraiméadair theicniúla eile a bhaineann le leithdháileadh astaíochtaí nó comhiomlánú eilimintí sonraí nach mínítear go sainráite sa mhodheolaíocht sin.

CAIBIDIL III

SONRAÍ IONCHUIR AGUS FOINSÍ

Airteagal 5

Úsáid sonraí príomhúla agus tánaisteacha

1.Tabharfaidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 tosaíocht d’úsáid príomhshonraí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a ríomh.

2.Ceadófar sonraí tánaisteacha a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a ríomh faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)díorthaítear luachanna réamhshocraithe maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na nithe seo a leanas:

(I)príomhbhunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa, dá dtagraítear in Airteagal 6, mír 1;

(II)bunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n‑oibriú ag tríú páirtithe, i gcomhréir le hAirteagal 7;

(b)díorthaítear fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe d’iompróirí fuinnimh iompair ó bhunachar sonraí lárnach an Aontais maidir le fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe, dá dtagraítear in Airteagal 8;

(c)braitheann sonraí samhaltaithe ar shamhail arna bunú i gcomhréir leis an modh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (b) agus Airteagal 11, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 6

Príomhbhunachar sonraí an Aontais maidir le luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa

1.Bunóidh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, príomhbhunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le luachanna déine astaíochtaí réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a)(i).

2.Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chothabháil, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt go leanúnach, agus forbairt úrscothach staid na teicneolaíochta san earnáil iompair agus cuir chuige modheolaíochta nua chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh á gcur san áireamh.

3.Beidh rochtain ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1, chun luachanna maidir le déine astaíochtaí réamhshocraithe a cheadú nó a úsáid, oscailte don phobal agus saor in aisce.

Airteagal 7

Bunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n‑oibriú ag tríú páirtithe

1.Déanfaidh forbróir bunachair sonraí nó tacair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a)(ii), iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh seiceáil cáilíochta teicniúla ar luachanna réamhshocraithe maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirítear sa bhunachar sonraí sin nó sa tacar sonraí sin. Déanfaidh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, an tseiceáil cáilíochta teicniúla i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 go 8 den Rialachán seo.

2.Ní úsáidfear ach bunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna déine astaíochtaí réamhshocraithe a ndearnadh measúnú dearfach orthu sa tseiceáil cáilíochta teicniúla dá dtagraítear i mír 1 chun sonraí tánaisteacha a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (a)(ii).

3.Tá gá leis an tseiceáil cáilíochta teicniúla ó 24 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar a dhéanaí. Beidh taifead de mheasúnú dearfach ar an tseiceáil cáilíochta sin bailí ar feadh 2 bhliain.

4.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha agus coinníollacha a bhunú chun an tseiceáil cáilíochta teicniúla dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

Airteagal 8

Bunachar sonraí lárnach an Aontais maidir le fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe

1.Bunóidh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, bunachar sonraí lárnach de chuid an Aontais d’fhachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b).

2.Áiritheoidh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, go ndéanfar an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chothabháil, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt go leanúnach, agus forbairt úrscothacht staid na teicneolaíochta san earnáil iompair agus cur chuige modheolaíochta nua chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh á gcur san áireamh.

3.Beidh rochtain ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1, chun fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe a cheadú nó a úsáid do na hiompróirí fuinnimh iompair, oscailte don phobal agus saor in aisce.

CAIBIDIL IV

SONRAÍ ASCHUIR AGUS TRÉDHEARCACHT

Airteagal 9

Lena mbunaítear sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair

1.Bunófar sonraí aschuir tríd an modheolaíocht tagartha agus na sonraí ionchuir a úsáid i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8 den Rialachán seo.

2.Féadfar na sonraí aschuir a bhunú trí uirlisí ríomha a úsáid. Comhlíonfaidh uirlisí ríomha seachtracha na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11.

3.Is éard a bheidh sna sonraí aschuir ar a laghad mais iomlán de choibhéis dé‑ocsaíde carbóin (CO2e) in aghaidh na seirbhíse iompair, agus, i ndáil le cineál seirbhíse iompair lena mbaineann, ceann amháin ar a laghad de na méadrachtaí sonraí seo a leanas:

(a)mais CO2e in aghaidh an chiliméadair tona, nó aonaid choibhéise, le haghaidh iompar lasta;

(b)mais CO2e in aghaidh an tona, nó aonaid choibhéise, le haghaidh tréchur moil lasta;

(c)mais CO2e in aghaidh an chiliméadair paisinéara, nó aonaid choibhéise, le haghaidh iompar paisinéirí;

(d)mais CO2e in aghaidh an phaisinéara, nó aonaid choibhéise, le haghaidh tréchur moil paisinéirí.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an liosta méadrachtaí le haghaidh sonraí aschuir dá dtagraítear i mír 3 a chomhlánú.

Airteagal 10

Cumarsáid agus trédhearcacht

1.Nochtfaidh na heintitis lena mbaineann sonraí aschuir ar bhealach soiléir gan débhrí. Nuair a nochtfaidh na heintitis lena mbaineann sonraí aschuir, sa chumarsáid a ghabhann leis an nochtadh sin, áireoidh siad an ráiteas seo a leanas ‘Astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth arna ríomh i gcomhréir le Rialachán [tagairt don Rialachán seo] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’, i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus i gcás inar féidir, i dteanga oifigiúil de chuid Ballstáit ar ar a chríoch a dhéantar an tseirbhís.

2.I gcás ina bhfaigheann agus ina nochtann idirghabhálaí sonraí sonraí aschuir ar bhonn socruithe ar leithligh, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i mír 1 agus in Airteagal 9(3). Agus sonraí aschuir á nochtadh aige, áireoidh an t‑idirghabhálaí sonraí tagairt d’fhoinse na sonraí sin.

3.I gcás ina n‑úsáidtear sonraí príomhúla de réir bhrí Airteagal 5(1), beidh na heintitis lena mbaineann i dteideal an méid sin a chur in iúl d’aon tríú páirtí má fíoraíodh úsáid na sonraí príomhúla i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13.

4.Beidh na heintitis lena mbaineann in ann fianaise a bhunú lena dtugtar bunús le conas a bunaíodh na sonraí aschuir. Ullmhófar an fhianaise sin de bhun na gceanglas a leagtar amach leis an modheolaíocht tagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), agus:

(a)beidh sí mar bhonn don mheasúnú fíorúcháin i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13;

(b)cuirfear ar fáil í arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó do thríú páirtí eile a mhéid a bheidh feidhm ag socruithe dlíthiúla nó conarthacha ar leithligh;

(c)i gcás ina ndéantar an fíorú i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13, áireofar inti tagairt don chruthúnas comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 13(6), agus faisnéis teagmhála an chomhlachta um measúnú comhréireachta a tharraing suas an cruthúnas comhlíontachta;

(d)i gcás ina mbunaítear na sonraí aschuir trí uirlis ríomha sheachtrach dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a úsáid, áireofar inti tagairt don uirlis ríomha sin.

5.Déanfar na sonraí aschuir agus an fhianaise dá dtagraítear i mír 5 a bhunú ar bhealach soiléir gan débhrí, i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad. I gcás inar féidir, cuirfear ar fáil iad i bhfoirm nasc gréasáin, cód QR nó a choibhéis.

6.Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 .

7.Aon fhaighteoir sonraí aschuir agus fianaise dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh sé bearta chun rúndacht sonraí tráchtála ábhartha a phróiseáiltear agus a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo a áirithiú, agus áiritheoidh sé nach bhféadfar na sonraí sin a rochtain, a phróiseáil agus a nochtadh ach amháin nuair a údaraítear é.

CAIBIDIL V

BEARTA COMHLÁNTACHA

Airteagal 11

Deimhniú uirlisí ríomha

1.Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 na huirlisí ríomha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 9, mír 2 a dheimhniú.

2.Cuirfidh forbróir na huirlise ríomha iarratas faoi bhráid comhlachta um measúnú comhréireachta a dhéanfaidh measúnú ar chomhlíontacht na huirlise ríomha leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 9. I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú ar chomhréireacht na huirlise ríomha leis an Rialachán seo. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.

3.Coimeádfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann liosta cothrom le dáta de na huirlisí ríomha a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a tharraingt siar nó a chur ar fionraí. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

4.Beidh an deimhniú bailí ar feadh 2 bhliain.

5.Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin oifigiúil liosta de na huirlisí ríomha uile a dheimhnítear i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.

6.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 17 chun rialacha a leagan síos maidir le deimhniú na n‑uirlisí ríomha, an deimhniú comhréireachta lena mbaineann, lena n‑áirítear rialacha maidir le deimhniúchán a athnuachan, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar.

CAIBIDIL VI

SONRAÍ AGUS PRÓISIS RÍOMHA MAIDIR LE hASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A FHÍORÚ

Airteagal 12

Raon feidhme an fhíorúcháin

1.Beidh na sonraí aschuir dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi réir fíorúcháin go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 9 den Rialachán seo.

2.Beidh feidhm ag na ceanglais fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na heintitis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 2, cé is moite de mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún 66 . Féadfaidh na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus mheánmhéide tabhairt faoin bhfíorú arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 13

Gníomhaíochtaí fíorúcháin agus an próiseas fíorúcháin

1.Fíoróidh an comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 iontaofacht, inchreidteacht, comhlíonadh agus cruinneas na sonraí aschuir arna nochtadh ag eintiteas lena mbaineann.

2.Déanfar an fíorú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 9, agus beidh sé bunaithe ar an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Leis an bhfíorú sin, tabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas:

(a)an modh ríomha a úsáideadh;

(b)foinse nó foinsí na sonraí ionchuir a úsáideadh chun iad a ríomh;

(c)cruinneas an ríomha a rinneadh;

(d)an mhéadracht a cuireadh i bhfeidhm.

3.I gcás ina n‑úsáidtear uirlisí ríomha seachtracha, déanann an comhlacht um measúnú comhréireachta a ndeimhniú comhréireachta féin dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur san áireamh.

4.I gcás ina sainaithneofar sa mheasúnú fíorúcháin ríomhanna míchearta nó neamhchomhlíonadh Airteagail 4 go 9 den Rialachán seo, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta an t‑eintiteas lena mbaineann ar an eolas faoi sin go tráthúil. Ceartóidh an t‑eintiteas an ríomh nó leigheasfaidh sé neamhréireachtaí ansin chun gur féidir an próiseas fíorúcháin a chur i gcrích.

5.Soláthróidh an t‑eintiteas lena mbaineann aon fhaisnéis bhreise don chomhlacht um measúnú comhréireachta a chuirfidh ar a chumas na nósanna imeachta fíorúcháin a dhéanamh. Féadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta seiceálacha a dhéanamh le linn an phróisis fíorúcháin chun iontaofacht na sonraí agus na ríomhanna a chinneadh.

6.Tar éis an fíorú a chur i gcrích, déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta, i gcás inarb iomchuí, cruthúnas comhlíontachta a tharraingt suas lena ndeimhneofar go gcomhlíonann na sonraí aschuir na ceanglais lena mbaineann a leagtar amach sa Rialachán seo.

7.Déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann liosta cothrom le dáta a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun de na heintitis a ndearnadh an fíorú orthu de bhun mhíreanna 1 go 6. Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta fógra don Choimisiún faoin liosta sin.

8.I gcás ina leagtar síos i reachtaíocht eile an Aontais rialacha sonracha maidir le measúnú fíorúcháin ar shonraí aschuir, caithfear leis na rialacha sin ar bhealach coibhéiseach, ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm an measúnú fíorúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

9.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 17 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fíorú na sonraí aschuir agus an cruthúnas gaolmhar ar chomhlíonadh. Áireofar sna rialacha sin forálacha a bhaineann leis an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(5), agus na cearta cumarsáide a bhaineann le húsáid na sonraí príomhúla dá dtagraítear in Airteagal 10(4).

CAIBIDIL VII

CREIDIÚNÚ

Airteagal 14

Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta

1.Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnaithe chun gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 13 a dhéanamh.

2.Beidh an comhlacht um measúnú comhréireachta neamhspleách ar eintiteas a dhéanann iarratas ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 13.

3.An comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí fíorúcháin a dhéanamh, ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n‑ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin.

4.Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin leis an ard‑ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach agus beidh sé saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a bhreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí fíorúcháin, go háirithe a mhéid a bhaineann le brú agus mealladh ó dhaoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

5.Beidh an saineolas, trealamh agus bonneagar is gá ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin a bhfuil sé creidiúnaithe ina leith a dhéanamh.

6.Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus na cúraimí fíorúcháin agus deimhniúcháin á ndéanamh aige.

7.I gcás ina ndéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta cúraimí sonracha a bhaineann le fíorú nó deimhniú a ligean ar fochonradh, nó ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, glacfaidh sé freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanfaidh na fochonraitheoirí nó na fochuideachtaí cibé áit a mbeidh siad bunaithe, lena n‑áirítear trí mheasúnú agus faireachán a dhéanamh ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus ar an obair a dhéanfaidh siad.

Airteagal 15

Nósanna imeachta creidiúnaithe

1.Creidiúnóidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de bhun Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.Ainmneoidh gach Ballstát údarás a choimeádfaidh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe sin an liosta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil rialtais.

3.Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta fógra don Choimisiún faoi liosta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe, mar aon le gach faisnéis teagmhála ábhartha.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a leagan síos le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

CAIBIDIL VIII

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 9(4) agus Airteagal 15(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 9(4) agus Airteagal 15(4) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 9(4) agus Airteagal 15(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse [2 mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18

Tuairisciú agus athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraíonn sé agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 5 bliana tar éis an dáta a bheidh an Rialachán infheidhme].

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta: 42 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 4(6), Airteagal 7(4), Airteagal 9(4), Airteagal 11(6), Airteagal 13(9) agus Airteagal 15(4) ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Ábhar

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Soghluaisteacht agus Iompar

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 gníomhaíocht nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 67  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo athrú iompraíochta a dhreasú i measc gnóthaí agus custaiméirí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a laghdú trí ghlacadh agus úsáid sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá inchomparáide agus iontaofa. Rannchuideoidh an tionscnamh seo le SDG 13 (‘Gníomhú go práinneach chun t‑athrú aeráide agus a thionchar a chomhrac’), SDG 7 (‘Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua‑aimseartha a áirithiú do chách’) agus SDG 12 (‘Patrúin tomhaltais agus táirgeachta inbhuanaithe a áirithiú’).

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Rialacháin:

Inchomparáideacht na dtorthaí ó chuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a áirithiú;

Glacadh maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair i gcleachtas gnó a éascú.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tá coinne leis go gcuirfidh an togra feabhas ar inchomparáideacht na sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcomhroinnt sa slabhra iompair. Tiocfaidh sé sin as modheolaíocht tagartha choiteann a úsáid, sonraí ionchuir cruinne, agus cumarsáid shoiléir gan débhrí.

Meastar freisin go méadófar leis an togra an chuntasaíocht ar úsáid astaíochtaí gás ceaptha teasa ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag eintitis ábhartha eile i dtreo astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a laghdú.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Cinnfear éifeachtacht an Rialacháin atá beartaithe, maidir le Cuspóir Sonrach 1, bunaithe ar tháscairí a bhaineann le hinchomparáideacht na sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair:

an líon bunachar sonraí um luachanna réamhshocraithe seachtracha atá faoi réir na seiceála cáilíochta,

an líon na eintiteas a bhfuil fíorú na sonraí agus na bpróiseas á dhéanamh orthu.

Cinnfear éifeachtacht an Rialacháin atá beartaithe, maidir le Cuspóir Sonrach 2, bunaithe ar tháscairí a bhaineann le glacadh na cuntasaíochta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh seirbhísí iompair:

an líon cuideachtaí a dhéanann cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair bunaithe ar an Rialachán seo,

an líon eintiteas atá faoi dheimhniú a n‑uirlisí ríomha teicniúla,

an úsáid a bhaintear as bunachair sonraí maidir le luachanna réamhshocraithe (rochtain ar an suíomh gréasáin agus iarrataí),

an líon eintiteas a úsáideann na huirlisí deimhniúcháin.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Leis an tionscnamh, soláthrófar creat rialála comhchuibhithe chun cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair, agus soláthrófar rialacha sonracha lena spreagfar a úsáid ar fud an tslabhra iompair ilmhódaigh ar fad. Áirítear ann:

modheolaíocht tagartha choiteann dá bhforáiltear le caighdeán EN ISO 14083, lena n‑áirithítear go ndéanfar ríomh astaíochtaí gás ceaptha teasa na seirbhísí iompair ar bhealach caighdeánaithe ar fud na hearnála iompair ar fad;

cur chuige comhchuibhithe maidir le sonraí ionchuir, trí úsáid sonraí príomhúla a dhreasú, sonraí samhaltaithe a cheadú, iontaofacht, inrochtaineacht agus leordhóthanacht luachanna réamhshocraithe a mhéadú (luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí agus fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa) agus éagsúlachtaí idir tacair sonraí náisiúnta, réigiúnacha agus earnálacha a mhaolú;

méadrachtaí iomchuí chun na sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ghiniúint agus a chomhroinnt, chomh maith le rialacha chomhchoiteanna maidir le torthaí cuntasaíochta na n‑astaíochtaí a chur in iúl agus a dtrédhearcacht;

tacaíocht chun an tionscnamh seo a chur chun feidhme i ndeighleoga éagsúla iompair;

comhchóras fíorúcháin comhréireach iontaofa le haghaidh na faisnéise faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ó sheirbhísí iompair, agus le haghaidh na bpróiseas ríomha foluiteach;

rialacha a bhaineann le forbairt agus úsáid uirlisí ríomha teicniúla astaíochtaí.

Ba cheart na forálacha sin uile a bheith infheidhme go hiomlán 42 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Baineann an ráiteas airgeadais reachtach seo go sonrach le timpeallacht choiteann um luachanna réamhshocraithe a fhorbairt agus a bhainistiú, mar chuid den chur chuige comhchuibhithe maidir le sonraí ionchuir. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) na cúraimí sin i gcrích, agus tacaíocht á fáil ón gclár Fís Eorpach (HORIZON-CL5-2023-D6-01-08). Déanfar rialacha mionsonraithe maidir le soláthar sonraí a leagan síos sna gníomhartha tarmligthe ábhartha, agus sna comhaontuithe a dhéanfar le EEA amach anseo. Is mar a leanas a bheidh ról EEA:

Príomhbhunachar sonraí maidir le luachanna réamhshocraithe i dtaca le déine astaíochtaí a fhorbairt agus a choinneáil ar bun;

Bunachar sonraí a bhunú maidir leis na fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa;

Seiceáil cáilíochta a dhéanamh ar bhunachair sonraí um fhachtóirí déine astaíochtaí tríú páirtí.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach (ex‑ante):

Trí rialacha comhchuibhithe a sholáthar maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar leibhéal na seirbhíse iompair, tá an tionscnamh seo ábhartha go háirithe maidir le hoibríochtaí trasteorann idir Ballstáit an Aontais. Ní féidir an leibhéal comhchuibhithe sin, a bhaineann le roghanna modheolaíochta, sonraí ionchuir agus rialacha comhchoiteanna maidir le fíorú, a bhaint amach go héifeachtach ar fud an Aontais trí ghníomhaíochtaí na mBallstát aonair.

An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex‑post):

Ar an bhforiomlán, tá gné thrasteorann láidir ag earnáil iompair an Aontais, agus tá ról tábhachtach aici maidir le saorshreabhadh daoine agus earraí ar mhargadh inmheánach an Aontais. Tá seirbhísí éifeachtúla iompair ríthábhachtach chun freastal ar éileamh úsáideoirí iompair, chun tacú le fás gheilleagar an Aontais agus chun stíl mhaireachtála na saoránach a chaomhnú. An tráth céanna, ba cheart aird a dhíriú ar dhúshláin a bhaineann le tionchair chomhshaoil ó iompar, atá fós ag dul i méid go príomha mar gheall ar an méadú ar thrácht lasta agus paisinéirí ar an líonra Eorpach. Dá bhrí sin, ceaptar an Rialachán seo mar chumasóir don phobal iompair chun an t‑aistriú glas a éascú. Rannchuideoidh an tionscnamh chun cothrom na Féinne a chruthú maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa idir gach deighleog agus modh iompair, agus ar fud na ngréasán náisiúnta. Trí fhoráil a dhéanamh maidir le trédhearcacht níos fearr i dtaobh feidhmíocht seirbhísí iompair, agus trí thacú le húsáid sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa chun roghanna iompair sonracha a dhéanamh, is amhlaidh a chruthófar dreasachtaí le haghaidh réitigh agus nuálaíocht níos inbhuanaithe. Bheadh aon chur chuige náisiúnta thar a bheith éadairbheach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus bheadh riosca mór ag baint leis go mbeadh ceanglais choinbhleachta agus modheolaíochtaí agus sonraí neamhréireacha ann. Leis na cuir chuige náisiúnta éagsúla sin, chuirfí costais bhreise ar ghnóthaí agus chruthófaí ualach neamhriachtanach dóibh, ar gnóthaí iad a oibríonn idir Ballstáit éagsúla.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is tionscnamh nua é CountEmissionsEU a chuireann leis na hiarrachtaí éagsúla atá á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach agus ag lucht tionscail araon chun creat modheolaíochta comhchuibhithe a bhaint amach. Idir 2011 agus 2019, dhá thionscadal as a chéile, FP7 ‑ Lorg Carbóin Iompair Lasta (COFRET) agus H2020 ‑ Líonra Cuntasaíochta agus Laghdaithe Astaíochtaí Lóistíochta (LEARN), a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach, thug siad aghaidh ar ríomh, tuairisciú agus fíorú na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair, agus ba é ab aidhm dóibh modh domhanda a fhorbairt. Leis na hiarrachtaí sin, cuireadh tús le gníomhaíocht chomhordaithe chun caighdeán cuimsitheach agus saincheaptha a bhunú ar leibhéal na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO). D’fhoilsigh ISO an caighdeán nua sin, dá ngairtear ISO 14083, i mí an Mhárta 2023 agus d’fhoilsigh CEN é mar chaighdeán coibhéiseach Eorpach EN ISO 14083:2023. Cuireann sé, inter alia, le Caighdeán Eorpach EN 16258:2012 agus le prótacal gáis ceaptha teasa.

Tá modheolaíochtaí sonracha ann freisin maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna deighleoga éagsúla den earnáil iompair, go háirithe san earnáil lasta. I roinnt mhaith cásanna, tá siad mar chuid de chláir iompair ghlais níos leithne nó tionscnaimh eile a chuireann gníomhaíochtaí iompair éifeachtúla agus ísealcharbóin chun cinn. Áirítear orthu sin, mar shampla, creat na Comhairle Astaíochtaí Lóistíochta Domhanda (GLEC), clár poiblí‑príobháideach na Stát Aontaithe SmartWay, agus clár comhair Topsector Logistics idir rialtas na hÍsiltíre agus gnóthaí.

Thairis sin, tá roinnt mhaith modhanna agus ceanglas ann maidir le cuntasaíocht astaíochtaí a bhaineann go sonrach le mód, a d’fhorbair na tionscail iad féin, nó a sheolann údaráis phoiblí mar chodanna de chreataí reachtacha sonracha. Sa tionscal muirí, mar shampla, tá an Mheitheal Clean Cargo ann, ar tionscnamh gnólacht le gnólacht é le haghaidh muiriompar i gcoimeádáin. Ina theannta sin, ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) Córas Bailithe Sonraí Ola Breosla sainordaitheach (DCS) le haghaidh loingseoireacht idirnáisiúnta, lena gceanglaítear ar shoithí sonraí ábhartha a bhailiú agus a thuairisciú i mbunachar sonraí coiteann. Maidir le heitlíocht, leis an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) arna forbairt ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), soláthraítear modh chun astaíochtaí CO2 a ríomh ar leibhéal na heitilte. Tá caighdeáin bunaithe freisin ag ICAO agus ag an gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA) don earnáil eitlíochta lena leagtar síos ar bhealach níos mionsonraithe conas is gá astaíochtaí a thuairisciú in aghaidh an phaisinéara agus in aghaidh an tona lasta.

Ar an leibhéal náisiúnta, ceanglaítear le Cód Iompair na Fraince go ndéanfaidh gach eintiteas a thairgeann seirbhísí iompair ar an margadh (lasta agus paisinéirí, lena n‑áirítear gach mód) astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh do gach seirbhís a imíonn ón bhFrainc agus/nó a chríochnaíonn sa Fhrainc, bunaithe ar mhodheolaíocht shonrach. Foráiltear i gCód Iompair na Fraince freisin gur cheart an fhaisnéis faoi astaíochtaí a thuairisciú do pháirtithe ábhartha, agus is é sin an t‑aon cheanglas sainordaitheach den chineál sin san Aontas é.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is bunsprioc inghnóthaithe é an Rialachán atá beartaithe den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, lena leagtar amach fís an Aontais i dtaca le córas iompair na todhchaí. Fógraíodh sa straitéis go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún creat de chuid an Aontais a bhunú chun astaíochtaí iompair agus lóistíochta a thomhas ar bhealach comhchuibhithe (faoi Shuaitheanta 5 ‑ Carbón a phraghsáil agus dreasachtaí níos fearr a chur ar fáil d’úsáideoirí).

Cruthófar sineirgí leis an Rialachán le píosaí eile de chreat rialála an Aontais a bhaineann le creataí laghdaithe astaíochtaí, caighdeáin bhreosla agus astaíochtaí, trédhearcacht fheabhsaithe d’úsáideoirí agus cearta tomhaltóirí níos láidre. Baineann na caidrimh sin, i bprionsabal, le húsáid sonraí ionchuir agus modhanna cuntasaíochta astaíochtaí, chomh maith leis na ceanglais a bhaineann le cumarsáid shoiléir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair. Áirítear orthu sin, go háirithe: Rialachán (AE) 2015/757, Treoir 2003/87/CE, COM(2021) 550, COM(2022) 222, COM(2021) 561, COM(2021) 562, Rialachán (AE) 2019/1242, Rialachán (AE) 2019/631, agus Treoir 2005/29/CE.

Tá an togra comhoiriúnach le Creat Airgeadais Ilbhliantúil. Chun na cúraimí a leithdháilfear ar EEA a dhéanamh, éileofar comhaontú ranníocaíochta lena gcumhdófar tréimhse thosaigh chur chun feidhme an Rialacháin go dtí 2027, agus leithdháileadh acmhainní fadtéarmach ina dhiaidh sin chun bunachair sonraí na luachanna réamhshocraithe a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta, agus chun an tseiceáil cáilíochta a eagrú do sholáthraithe bunachar sonraí tríú páirtí.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Déileáiltear le formhór mór impleachtaí buiséadacha an togra seo faoin ráiteas airgeadais reachtach seo. Ó thaobh caiteachais de, tá tionchar buiséadach sonrach an tionscnaimh seo teoranta do leithreasuithe le haghaidh acmhainní daonna agus d’fhorbairtí riachtanacha ar an gcóras TF chun tacú le bunachair sonraí a chruthú, a choinneáil ar bun agus chun tacú le seiceálacha cáilíochta bunachar sonraí tríú páirtí. Is iad sin na cúraimí nua de chuid EAA a thiocfaidh chun bheith buan de réir a chéile, ach ní ísleofar na cúraimí atá ann cheana ná ní chuirfear deireadh de réir a chéile leo go páirteach ach oiread. Déanfar an gá atá le hacmhainní breise tar éis na tréimhse bunaithe, ó 2028 ar aghaidh, a mheas i gcomhthéacs an mheasúnaithe atá le teacht ar acmhainní EAA, agus cumhdófar é le fóirdheontas an Aontais don Ghníomhaireacht (trí laghdú cúiteach, más ábhartha, ar chaiteachas réamhshocraithe faoi líne bhuiséid LIFE nó faoi línte buiséid eile is infheidhme chun EAA a mhaoiniú), gan dochar do Chomhaontú CAI a bheidh ann amach anseo.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasú faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2025 go 2027,

agus oibriú ar mórscála ina dhiaidh sin nuair a bheidh na cúraimí san áireamh i sainordú nua EEA.

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 68

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a shainaithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

N/B

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Beidh an Coimisiún freagrach ar an bhforiomlán as an Rialachán atá beartaithe a chur chun feidhme agus as tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh.

Tuairisceoidh EAA ar bhonn tráthrialta ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe ranníocaíochta agus na ngníomhaíochtaí gaolmhara.

Ceanglaítear sonraí a bhailiú ó fhoinsí difriúla, lena n‑áirítear ó údaráis na mBallstát. Is é EAA a dhéanann comhordú ar na gníomhaíochtaí bailithe sonraí.

Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an tionscnaimh seo trí roinnt beart agus trí shraith príomhtháscairí lena dtomhaisfear an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí a bhaint amach. 5 bliana tar éis dháta chur chun feidhme na reachtaíochta, ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin meastóireacht a dhéanamh lena fhíorú a mhéid a baineadh amach cuspóirí an tionscnaimh.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Tabharfaidh EAA cúnamh don Choimisiún chun forálacha an Rialacháin a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le príomhbhunachar sonraí maidir le luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, bunachar sonraí d’fhachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunú, agus an tseiceáil cáilíochta a dhéanamh ar bhunachair sonraí tríú páirtí. Is é EAA is fearr atá in ann na cúraimí sin a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais, toisc go n‑éilítear saineolas láidir leo maidir le bainistiú agus comhchuibhiú sonraí comhshaoil, chomh maith le tuiscint dhomhain ar ábhair chasta theicniúla a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair, rud a thugann údar leis an modh bainistíochta indíreach. Déanfaidh straitéisí rialaithe Ard‑Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin agus ar a thorthaí. Déanfaidh Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, i gcomhthéacs a maoirseachta ar eintitis dhíláraithe, agus EEA a straitéisí rialaithe féin a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas sin.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Cé go mbeidh an Coimisiún freagrach ar an bhforiomlán as an Rialachán atá beartaithe a chur chun feidhme agus as tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh, beidh EEA freagrach as feidhmiú na gcúraimí a shainaithnítear agus as feidhmiú na hoibríochta agus as cur chun feidhme a chreata rialaithe inmheánaigh. Ceanglófar é chun uirlisí agus modúil TF a fhorbairt, chomh maith le seiceálacha cáilíochta a sholáthar ar bhunachair sonraí tríú páirtí.

Tá freagracht ar EEA, ar Comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é, na córais rialaithe iomchuí a bhunú chun comhlíonadh na 5 chuspóir rialaithe inmheánaigh a áirithiú, is iad sin, dlíthiúlacht agus rialtacht, feidhmiú a chuid oibríochtaí, calaois a chosc, sócmhainní a chosaint agus tuairisciú fíor agus cothrom. Cumhdófar na hacmhainní breise a tugadh do EEA le córas rialú inmheánaigh agus bainistíochta riosca EEA atá ailínithe leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus lena n‑áirítear rialuithe sonracha chun cosc a chur ar choinbhleacht leasa agus chun cosaint sceithirí a áirithiú.

Déanfaidh Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil na rialuithe a bhaineann lena maoirseacht ar EEA mar ghníomhaireacht dhíláraithe a chur i bhfeidhm. Ní shainaithnítear aon riosca sonrach i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid breise atá le soláthar do EEA.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Tá coinne leis go bhfanfaidh an riosca earráide tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta faoi bhun 2 %.

Tá freagracht iomlán ar EEA as a mbuiséad a chur chun feidhme, agus tá Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil freagrach as na ranníocaíochtaí arna mbunú ag an Údarás Buiséadach a íoc go tráthrialta. Níl coinne leis go mbeidh rialuithe breise móra ann mar thoradh ar na cúraimí breise a thagann as an Rialachán atá beartaithe. Dá bhrí sin, maidir leis an gcostas rialaithe ar Ard‑Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (a ndearnadh tomhas air in aghaidh luach na gcistí arna mbainistiú) agus ar Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, tá coinne leis go bhfanfaidh sé cobhsaí.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

I dteannta na rialuithe a eascraíonn as na straitéisí rialaithe a liostaítear thuas, tá an ghníomhaíocht faoi réir grinnscrúdú ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, ina cáil mar iniúchóir inmheánach an Choimisiúin agus na ngníomhaireachtaí díláraithe, agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ina cáil mar iniúchóir seachtrach institiúidí an Aontais.

Áireofar sna comhaontuithe ranníocaíochta idir an Coimisiún agus EEA forálacha sonracha chun a áirithiú go mbeidh rochtain gan srian ag iniúchóirí agus, más gá, ag údaráis imscrúdaitheacha (OIPE, OLAF) ar an bhfaisnéis a mbeidh is gá. Áireofar iontu freisin na forálacha is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas go tráthúil maidir le haon saincheist a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí.

Coinníonn an Coimisiún straitéis frithchalaoise láidir ar bun, is é sin CAFS, atá faoi athbhreithniú faoi láthair. Comhlánaíonn Ard‑Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair/Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil é sin trí straitéisí frithchalaoise áitiúla a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí a thagann faoina sainchúram féin.

Tá freagracht ar EEA, ar comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é, Straitéis Frithchalaoise a choinneáil ar bun agus cosaint Leasanna an Aontais a áirithiú.

Tá forálacha sa Rialachán atá beartaithe atá dírithe go sonrach ar chalaois agus neamhrialtachtaí a chosc. Beidh ar na Comhlachtaí Náisiúnta Creidiúnaithe creidiúnú a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá i gceannas ar an bhfíorú. Beidh an fíorú ar shonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar phróisis ríomha bunaithe ar rialacha sonracha maidir le measúnú comhréireachta arna mbunú ag an Aontas tríd an reachtaíocht thánaisteach, agus is fíoraitheoir arna chreidiúnú ag comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe arna gceapadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a dhéanfaidh é.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 69

ó thíortha de chuid CSTE 70

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí féideartha 71

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

1

02 20 04 01

LD

NO

NO

NO

NO

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí féideartha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

1

An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

Ard‑Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 02 20 04 01

Gealltanais

(1a)

0,600

0,600

Íocaíochtaí

(2a)

0,200

0,200

0,200

0,600

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 72  

Líne buiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe 
i gcomhair Ard‑Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair

Gealltanais

=1a+1b +3

0,600

0,600

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0,200

0,2005

0,200

0,600

Déanfar an gá atá le hacmhainní breise ó 2028 go 2050 le haghaidh EEA, a mheastar mar 1 FTE (le fáil le linn na tréimhse a shonraítear) agus EUR 6.3 milliún (lena gcumhdaítear costais le linn na tréimhse a shonraítear), a mheas i gcomhthéacs an mheasúnaithe leanúnaigh ar acmhainní EEA, agus cumhdófar é le fóirdheontas an Aontais don Ghníomhaireacht (trí laghdú cúiteach, más ábhartha, ar chaiteachas réamhshocraithe faoi líne bhuiséid LIFE nó faoi línte buiséid eile is infheidhme chun EEA a mhaoiniú), gan dochar do Chomhaontú CAI a bheidh ann amach anseo.



IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0,600

0,600

Íocaíochtaí

(5)

0,200

0,200

0,200

0,600

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= 4+ 6

0,600

0,600

Íocaíochtaí

= 5+ 6

0,200

0,200

0,200

0,600

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

= 4+ 6

Íocaíochtaí

= 5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

"Caiteachas riaracháin"

Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach ag úsáid na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

0,600

0,600

Íocaíochtaí

0,200

0,200

0,200

0,600

Déanfar an gá atá le hacmhainní breise ó 2028 go 2050 le haghaidh EEA, a mheastar mar 1 FTE (le fáil le linn na tréimhse a shonraítear) agus EUR 6.3 milliún (lena gcumhdaítear costais le linn na tréimhse a shonraítear), a mheas i gcomhthéacs an mheasúnaithe leanúnaigh ar acmhainní EEA agus cumhdófar é le fóirdheontas an Aontais don Ghníomhaireacht (trí laghdú cúiteach, más ábhartha, ar chaiteachas réamhshocraithe faoi líne bhuiséid LIFE nó faoi línte buiséid eile is infheidhme chun EEA a mhaoiniú), gan dochar do Chomhaontú CAI a bheidh ann amach anseo.

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 73

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 74

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 75

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 76  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo‑iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 2027

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus baill foirne shealadacha)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE) 77

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   78

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Maoinítear an ghníomhaíocht sin leis an líne bhuiséid um thacaíocht don bheartas iompair (02 20 04 01) lena dtacaítear, i measc nithe eile, le gníomhaíochtaí chun uirlisí agus bunachair choiteanna TF a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus le bailiú na sonraí is gá don earnáil iompair. Déanfar an gá atá le hacmhainní breise ó 2028 ar aghaidh le haghaidh EEA (1 FTE) a mheas i gcomhthéacs an mheasúnaithe leanúnaigh ar acmhainní EEA, gan dochar do Chomhaontú CAI a bheidh ann amach anseo.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta mar a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ag tríú páirtithe atá measta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 79

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 80

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    San earnáil lasta mar shampla, tá na cláir Lean and Green atá bunaithe san Aontas agus SmartWay atá bunaithe sna Stáit Aontaithe.
(2)    Maidir le staitisticí comhchuibhithe agus cuntais chomhshaoil chomhchuibhithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na n‑earnálacha eacnamaíocha uile, lena n‑áirítear an earnáil iompair, gineann na Ballstáit iad sin agus tuairiscíonn siad don Choimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le Cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil ( IO L 192, 22.7.2011, lch. 1–16 ). Tá fáil ar na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le miondealú ó aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach, agus dá réir sin ní thugtar aghaidh ar ghráinneacht iomchuí sonraí chun an fhadhb a thuairiscítear thuas a mhaolú.
(3)    Is éard atá i nglas‑snasú, an cleachtas a úsáideann cuideachtaí chun léargas bréagdhearfach ar a gcuid tionchar comhshaoil nó tairbhí a thabhairt.
(4)    Thug an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN ) an chéad chaighdeán a bhain leis an tseirbhís iompair go sonrach isteach in 2012. Leagtar amach in CEN EN 16258:2012 modheolaíocht choiteann le haghaidh ríomh agus dhearbhú an ídithe fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le haon seirbhís iompair. Chuir EN 16258:2012 go mór le comhchuibhiú próiseas cuntasaíochta astaíochtaí san earnáil iompair. Mar sin féin, measadh nach raibh sé beacht go leor chun sonraí astaíochtaí a bhí go hiomlán inchomparáide agus comhsheasmhach maidir le seirbhísí iompair éagsúla a sholáthar. Áirítear ar shamplaí eile de thionscnaimh chun cuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a chomhchuibhiú Airteagal L. 1431-3 de Chód Iompair na Fraince agus creat na Comhairle Astaíochtaí Lóistíochta Domhanda .
(5)    Chun sonraí cruinne maidir le feidhmíocht gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a ghiniúint (go háirithe sa slabhra iompair ilmhódaigh), ní mór astaíochtaí gach eilimint slabhra aonair den iompar (céim den iompar) a ríomh. Éilítear leis an leibhéal ríofa seo sonraí sonracha atá níos casta agus níos costasaí d’eagraíocht aonair.
(6)    Thart ar 1.8 milliún san iomlán) Ecorys agus CE Delft (2023), Impact assessment support study [Staidéar tacaíochta um measúnú tionchair]
(7)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú ( IO L 124, 20.5.2003, lch. 36 )
(8)     https://cordis.europa.eu/project/id/265879  
(9)     https://learnproject.net/  
(10)     Smart Freight Centre
(11)     https://www.iso.org/home.html  
(12)    Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag an gcoincheap ón tobar go dtí an roth maidir leis na modhanna iompair uile.
(13)    Chun críche an Rialacháin seo, glacadh leis an leagan Eorpach den chaighdeán seo (EN ISO 14083:2023) mar an modheolaíocht thagartha.
(14)    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn, agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle; COM(2021) 557 final
(15)     Maoiniú & tairiscintí (europa.eu)
(16)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe; COM(2021) 561 final
(17)    Mar shampla, mar gheall ar reachtaíocht eile ón Aontas nó reachtaíocht náisiúnta eile nó caidrimh chonarthacha.
(18)    Lena n‑áirítear eitlíocht idirnáisiúnta agus iompar muirí.
(19)     Leabhar póca staitisticí 2022 (europa.eu)
(20)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; An Comhaontú Glas don Eoraip; COM(2019) 640 final
(21)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1–17 )
(22)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; An Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don am atá le teacht; COM(2020) 789 final
(23)    Gníomhaíocht 33 den Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste
(24)    PÁIPÉAR BÁN ón gCoimisiún dar teideal ‘Treochlár um Limistéar Eorpach Iompair Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní’; COM/2011/0144 final
(25)    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE ( IO L 123, 19.5.2015, lgh. 55–76 )
(26)    Tá sé beartaithe go n‑úsáidfear na sonraí a ndéantar faireachán orthu agus a thuairiscítear do Rialachán MRV an Aontais le haghaidh tionscnaimh eile atá le teacht, amhail áireamh loingseoireachta muirí in EU ETS nó ‘FuelEU Maritime’.
(27)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle ( IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32–46 )
(28)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/IP_21_3541  
(29)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE; COM(2021) 562 final.
(30)    Tá sé seo éagsúil leis an gcur chuige reatha a chuirtear i bhfeidhm i gcreataí MRV an Aontais, IMO DCS, CORSIA agus CTA an Aontais, nach dtugann aghaidh ach ar astaíochtaí a bhaineann le tiomáint feithiclí (‘umar go roth’).
(31)    Rialachán (AE) Uimh. 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) Uimh. 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle ( IO L 198, 25.7.2019 )
(32)    Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (athmhúnlú) ( IO L 111, 25.4.2019, lgh. 13–53 )
(33)     https://ec.europa.eu/eurostat/web/environment/methodology  
(34)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13180-Access‑to-vehicle-data-functions‑and‑resources_en  
(35)    Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach ( IO L 322, 16.12.2022, lgh. 15–80 )
(36)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13765-European‑sustainability-reporting-standards‑first‑set_en  
(37)    A shainmhínítear sa Phrótacal GCT  
(38)    Tá forbairt lipéid chomhshaoil don eitlíocht bunaithe ar Ghníomhaíocht 35 den SSMS. Féadfaidh eilimintí éagsúla a bheith ar an lipéad, lena n‑áirítear measúnú ar astaíochtaí eitilte. Ní bheidh an lipéad faoi ReFuelEU Aviation dírithe ach ar na hastaíochtaí eitilte; d’fhéadfaí lipéid eile a dhíríonn ar aerárthaí nó ar aerlínte a fhorbairt ar leithligh tráth níos déanaí
(39)    Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais ( IO L 249, 31.7.2020, lch. 33 )
(40)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; Plean nua Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche; COM(2020) 98 final
(41)    Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 i ndáil le modhanna maidir le Lorg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl; ( IO L 471, 30.12.2021, lgh. 1–396 )
(42)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Eorpach; An Margadh Aonair do Tháirgí Glasa a Thógáil - Faisnéis níos fearr ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí a éascú; COM/2013/0196 final
(43)    Faoi láthair, tá rialacha na catagóire PEF fós le forbairt do raon leathan táirgí agus seirbhísí
(44)    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr; COM/2022/143 final
(45)    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (Treoir maidir le Maímh Ghlasa); COM/2023/166 final
(46)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; ‘Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’; COM(2021) 400 final
(47)    Cód Iompair na Fraince, féach thuas
(48)     Leabhar póca staitisticí 2022 (europa.eu)
(49)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13217-Count‑your-transport‑emissions‑CountEmissions‑EU/public-consultation_en  
(50)    [IO C , , lch.]
(51)    [IO C , , lch.]
(52)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; An Comhaontú Glas don Eoraip; COM(2019) 640 final
(53)    PÁIPÉAR BÁN ón gCoimisiún dar teideal ‘Treochlár um Limistéar Eorpach Iompair Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní’; COM/2011/0144 final
(54)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; An Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don am atá le teacht; COM(2020) 789 final
(55)    Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach ( IO L 322, 16.12.2022, lgh. 15–80 )
(56)    Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil ( IO L 192, 22.7.2011, lch. 1–16 )
(57)    https:// www.cencenelec.eu  
(58)    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE ( IO L 123, 19.5.2015, lch. 55–76 )
(59)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle ( IO L 275, 25.10.2003, lch. 32–46 )
(60)    Rialachán (AE) Uimh. 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) Uimh. 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle ( IO L 198, 25.7.2019 )
(61)    Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE.) ( IO L 111, 25.4.2019, lch. 13–53 )
(62)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ( IO L 123, 12.5.2016, lch. 1 )
(63)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún ( IO L 55, 28.2.2011, lch. 13 ).
(64)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 ( IO L 218, 13.8.2008 )
(65)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí); ( IO L 119, 4.5.2016, lch. 1 )
(66)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú ( (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36 ).
(67)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(68)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget‑implementation/Pages/implementation‑methods.aspx
(69)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(70)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(71)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(72)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(73)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a maoiníodh, líon km de bhóithre a tógadh, etc.).
(74)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir(í) sonrach(a)...’
(75)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(76)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(77)    AC= Baill Foirne ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(78)    Fo‑uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(79)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(80)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.