An Bhruiséil,9.6.2023

COM(2023) 321 final

2023/0185(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) i dtaca le Cinneadh ón gComhchoiste atá beartaithe a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor 1 , cinneadh ar dhlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Creat Windsor

Leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar na socruithe maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom. Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. An 27 Feabhra 2023, tháinig an Coimisiún Eorpach agus rialtas na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil i bprionsabal maidir le Creat Windsor. An Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a tionóladh i Londain an 24 Márta 2023, ghlac an Comhchiste sin na socruithe nua a bhaineann le Creat Windsor agus chomhaontaigh an dá Pháirtí oibriú go dlúth agus go dílis le chéile chun gach gné de Chreat Windsor a chur chun feidhme.

2.2.An Comhchoiste

Ar an gComhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste. In Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar leagtar síos rialacha nós imeachta an Chomhchoiste. Tagann an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad nó arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe agus socraíonn sé a sceideal cruinnithe agus a chlár oibre de chomhthoil.

Leagtar síos cúraimí an Chomhchoiste in Airteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus ar na cúraimí sin tá an méid seo a leanas go príomha:

·maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe go díreach nó trí obair na gcoistí speisialaithe a thuairiscíonn dó;

·cinntí agus moltaí a ghlacadh, lena n‑áirítear leasuithe ar an gComhaontú sna cásanna dá bhforáiltear ann;

·fadhbanna a chosc agus díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a réiteach.

2.3.Gníomh beartaithe an Chomhchoiste

Ag an gcéad chruinniú eile a thionólfar, glacfaidh an Comhchoiste cinneadh lena ndéanfar dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor, a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor (‘an gníomh atá beartaithe’), de bhun Airteagal 13(4) de.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar. I gcomhréir le Riail 9 de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste agus na gCoistí Speisialaithe, sonrófar sna cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste an dáta a thiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.    Iarscríbhinn 2 (‘Forálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(4)’) a ghabhann le Creat Windsor

Is in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor atá forálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de.

An 30 Bealtaine 2023, ghlac an tAontas dhá Rialachán lena leagtar síos rialacha nua maidir leis an méid seo a leanas:

·simpliú a dhéanamh ar cheanglais agus ar nósanna imeachta maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola agraibhia, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, agus innealra agus feithiclí a oibríodh chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe, mar atá peataí madraí, cat agus firéad, a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Tá na coimircí is gá ag gabháil leis na simplithe nua chun sláine mhargadh inmheánach an Aontais a chosaint, agus chun cosaint a thabhairt don tsláinte phoiblí, sláinte na n‑ainmhithe, agus sláinte na bplandaí agus do thomhaltóirí san Aontas;

·rialacha a bhaineann le táirgí íocshláinte lena núsáid ag an duine a bheartaítear a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE. A luaithe a bheidh feidhm ag na rialacha nua áiritheofar leo go ndéanfar cógais núíosacha a údarú agus a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le rialacha na Ríochta Aontaithe agus le nós imeachta údaraithe na Ríochta Aontaithe, agus leo sin amháin. Ina theannta sin, níor cheart gnéithe sábháilteachta an Aontais (aitheantóir uathúil/gaireas frithchrioscaíola) atá éigeantach san Aontas a bheith ag gabháil le cógais ar oideas a chuirtear ar mhargadh Thuaisceart Éireann chun cúrsaíocht bhreise ar mhargadh an Aontais a chosc. Tá coimircí ag gabháil leis na rialacha nua chun a áirithiú nach naistreofar cógais atá údaraithe ag an Ríocht Aontaithe go dtí Ballstát.

Baineann na gníomhartha nuaghlactha sin de chuid an Aontais leis an margadh inmheánach le haghaidh earraí agus dá bhrí sin tagann siad faoi raon feidhme Chreat Windsor agus ba cheart iad a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 2 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Comhaontú um Tharraingt Siar.

An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 166(2) den Comhaontú um Tharraingt Siar.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós don imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is é is cuspóir aonair don ghníomh atá beartaithe, agus ábhar an gnímh sin, dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

Is ar Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a bunaíodh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

Dá bhrí sin, agus i gcomhréir leis an mbunphrionsabal nach féidir gníomh a leasú ach amháin le gníomh den chineál céanna, is é Airteagal 50(2) CAE an bunús dlí substainteach maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 50(2) CAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go ndéanfar, le gníomh an Chomhchoiste, Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor a leasú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0185 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle 3 an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)De bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor 4 , ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste cinntí a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor a leasú trí ghníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis, gníomhartha nach ndéanann gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Creat Windsor a leasú ná a ionadú.

(3)Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann 5 agus Rialachán (AE) 2023/... ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le rialacha sonracha a bhaineann le táirgí íocshláinte lena núsáid ag an duine a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE 6 , sa mhéid nach ndéantar leis Treoir 2001/83/CE a leasú, is rialacháin gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais iad a bhaineann leis an margadh inmheánach le haghaidh earraí agus dá bhrí sin tagann siad faoi raon feidhme Chreat Windsor.

(4)Ba cheart don Chomhchoiste, le linn an chéad chruinnithe eile a thionólfar, cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor, lena gcuirfear an dá ghníomh nuaghlactha sin de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a shocrú.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar é.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87 .
(2)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)     IO L 29, 31.1.2020, lch. 1.  
(4)    Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87 .
(5)    Cuir isteach tagairt IO
(6)    Cuir isteach tagairt IO

An Bhruiséil,9.6.2023

COM(2023) 321 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor












IARSCRÍBHINN

CINNEADH Uimh. […]/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an …

lena gcuirtear dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 1 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor 2 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Na cinntí sin a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme.

(2)Ba cheart dhá ghníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann 3 , ba cheart an Rialachán sin a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 44 ‘Sláintíocht agus fíteashláintíocht - Eile’;

(2)Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le rialacha sonracha a bhaineann le táirgí íocshláinte lena núsáid ag an duine a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh Thuaisceart Éireann agus lena leasaítear Treoir 2001/83/EC 4 , sa mhéid nach ndéantar leis Treoir 2001/83/CE a leasú, cuirfear an Rialachán sin le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 20 ‘Táirgí Íocshláinte’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh …,

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

(1)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(2)    Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87.
(3)    Cuir isteach tagairt IO
(4)    Cuir isteach tagairt IO