An Bhruiséil,26.4.2023

COM(2023) 241 final

2023/0137(CNS)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an togra seo ina chuid de phacáiste a bhfuil mar aidhm aige leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air 1 (an ghéag cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis). Tá togra ag gabháil leis chun ionadú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 2 (an chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis), chomh maith le togra chun Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát 3 a leasú. Tá sé mar aidhm ag an bpacáiste dá bhrí sin creat fioscach an Aontais a athchóiriú.

In 2011, chun ceachtanna na géarchéime airgeadais domhanda agus ghéarchéim fiachais cheannasaigh an limistéir euro a chur san áireamh, agus mar chuid den phacáiste ar a dtugtar an ‘Sé‑phaca’, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 le Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 4 , leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 le Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 5 , agus glacadh Treoir 2011/85/AE.

Áirítear le hAirteagal 17a de Rialachán Uimh. 1467/97 clásal athbhreithnithe lena gceanglaítear ar an gCoimisiún, gach 5 bliana, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin, chun meastóireacht a dhéanamh ar: (i) éifeachtacht an Rialacháin; (ii) an dul chun cinn chun comhordú níos dlúithe ar bheartas eacnamaíocha na mBallstát agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE, in éineacht le, i gcás inarb iomchuí, togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán mar chuid den athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, rud a seoladh i mí Feabhra 2020 6 . 

Bhí athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais ar bhonn comhairliúchán fairsing le réimse leathan páirtithe leasmhara (institiúidí an Aontais, saoránaigh, rialtais agus parlaimintí náisiúnta, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí neamhrialtasacha agus lucht acadúil). Tugadh le fios leis roinnt láidreachtaí, ach sraith easnamh maidir leis an gcreat freisin, go háirithe castacht mhéadaithe, an gá le bheith níos éifeachtaí maidir le fiachas a laghdú i gcás ina bhfuil sé ard agus maolánacha a thógáil in aghaidh suaití amach anseo, agus an gá le roinnt ionstraimí agus nósanna imeachta a thabhairt cothrom le dáta chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó na freagairtí beartais ar shuaití eacnamaíocha a chomhtháthú, lena n‑áirítear an idirghníomhaíocht idir athchóirithe agus infheistíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Is é is aidhm don phacáiste atá beartaithe lena n‑áirítear an togra seo dul i ngleic leis na heasnaimh sin agus na ceachtanna sin a chomhtháthú.

Ina Theachtaireacht an 9 Samhain 2022 chuir an Coimisiún ar aghaidh a threoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais 7 arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht fiachais agus fás inbhuanaithe agus ionchuimsitheach a chur chun cinn i ngach Ballstát. Leis na treoirlínte beartaíodh úinéireacht náisiúnta níos láidre, creat simplithe agus aistriú i dtreo fócas níos meántéarmaí, in éineacht le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí. Léiríodh leis na treoirlínte seo freisin barúlacha a tháinig amach ón gcomhairliúchán poiblí a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2021, lenar tugadh cuireadh d’institiúidí eile an Aontais agus do na príomhpháirtithe leasmhara go léir dul i ngleic leis an topaic 8 .

Bunaithe ar thorthaí den athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch agus den chomhairliúchán poiblí a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus ar bhonn na dtreoirlínte a cuireadh ar aghaidh sa Teachtaireacht an 9 Samhain 2022, tá sé mar aidhm leis an bpacáiste, lena n‑áirítear an togra reachtach seo creat rialachais an Aontais a dhéanamh níos simplí, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí, le húinéireacht náisiúnta agus forfheidhmiú níos fearr, agus deis a thabhairt ag an am céanna athchóiriú agus infheistíocht a dhéanamh agus ardchóimheasa fiachais phoiblí a laghdú ar bhealach réalaíoch, marthanach agus de réir a chéile. Ar an mbealach sin, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, ba cheart go gcuideodh an creat athchóirithe geilleagar glas, digiteach agus athléimneach na todhchaíochta a thógáil, agus, ag an am céanna inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí i ngach Ballstát a áirithiú. Forfheidhmiú níos láidre ex-post a bheadh mar an chontrapháirt a bhfuil gá léi de chreat faireachais riosca‑bhunaithe a sholáthraíonn tuilleadh spáis do na Ballstáit chun a gconair choigeartaithe féin a shocrú.

Múnlaítear na tograí athchóirithe dá bhrí sin leis na leibhéil fiachais phoiblí níos airde agus níos éagsúlaí, an gá chun leibhéil arda infheistíochta a chothú don dá aistriú chothroma (glas agus digiteach), an gá le slándáil fuinnimh a áirithiú, neamhspleáchas oscailte straitéiseach, chomh maith le hathléimneacht sóisialta agus eacnamaíoch, agus an gá le compás straitéiseach um shlándáil agus cosaint.

Go háirithe, mar is dócha go dtabharfaí le tuiscint leis an tagarmharc um laghdú fiachais atá ann faoi láthair dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1467/97 le haghaidh Ballstáit a bhfuil cóimheas fiachais níos mó ná an luach tagartha de 60 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) acu (an “riail 1/20ú” mar a thugtaí air) sna himthosca reatha easnaimh aird agus ardchóimheasa fiachais tar éis COVID, bheadh tionchar an-diúltach ar fhás agus dá bhrí sin ar inbhuanaitheacht fiachais féin ag iarracht fhioscach thús-ualaithe ró‑éilitheach, moltar gluaiseacht chuig creat faireachais a bheadh bunaithe níos mó ar riosca, a chuirfeadh inbhuanaitheacht fiachais ag a lár agus a dhéanfadh níos mó idirdhealaithe idir Ballstáit trína gcuid dúshlán maidir le fiachas poiblí a chur san áireamh, fad a gcloífí le creat comhchoiteann agus trédhearcach an Aontais a bheadh comhsheasmhach leis na luachanna tagartha 3 % de OTI agus 60 % de Phrótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis na Conarthaí.

Bheadh na rialacha maidir le hoscailt agus druidim nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) mar gheall ar sháruithe ar an luach tagartha easnaimh 3 % de OTI (‘EDP easnamh‑bhunaithe’, mar a thugtar air) gan athrú, le roinnt coigeartuithe chun comhsheasmhacht leis an EDP a áirithiú maidir le sáruithe ar an gcritéar fiachais, chun aitheantas a thabhairt do ról na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha agus chun cásanna de shleabhcadh eacnamaíoch tromchúiseach san Aontas nó sa limistéar euro ina iomláine a shoiléiriú. Is gné sheanbhunaithe d’fhaireachas fioscach an Aontais é, atá éifeachtach ó thaobh tionchar a imirt ar iompraíocht fhioscach agus a bhfuil tuiscint mhaith ag lucht ceaptha beartas agus ag an bpobal i gcoitinne air, a bhuí dá shimplíocht.

Dhéanfaí EDP le haghaidh sáruithe ar an gcritéar fiachais (EDP ‘fiachasbhunaithe’, mar a thugtar air) a neartú le haghaidh gníomhachtú agus aisghairme araon. Dhíreodh sé ar imeachtaí Ballstát a bhfuil fiachas acu os cionn 60 % de OTI ón gconair fhioscach a bhfuil gealltanas ina leith tugtha ag an mBallstát agus a raibh formhuinithe ag an gComhairle faoin Rialachán atá beartaithe le dul in ionad na coda coiscthí den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF).

Ba cheart dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil a leagadh síos de réir an Fhaireacháin ar Inbhuanaitheacht Fiachais is déanaí a mheas gur príomhthoisc é as ar eascair oscailt EDP mar riail. Bheadh an chonair faoi EDP i bprionsabal ar an gceann a d’fhormhuinigh an Chomhairle ar dtús. I gcás nach bhfuil an chonair bhunaidh sin inúsáidte mar gheall ar chúinsí oibiachtúla, féadfaidh an Coimisiún conair leasaithe a mholadh don Chomhairle faoi EDP.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is cuid de phacáiste tograí níos leithne é an togra i ndiaidh threoirlínte an Choimisiúin an 9 Samhain 2022 le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Áirítear leis an bpacáiste freisin togra le haghaidh Rialachán le dul in ionad na coda coiscthí de CCF agus togra lena leasaítear Treoir 2011/85/AE ón gComhairle. Is é is aidhm don phacáiste creat athchóirithe a bhunú a bhraitheann ar threoshuíomh meántéarmach agus úinéireacht náisiúnta arb é is aidhm dó leibhéil arda fiachais a laghdú go hinchreidte agus go substaintiúil agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn. Leis an gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe coinnítear, dá bhrí sin, na cuspóirí bunúsacha maidir le smacht buiséadach agus cur chun cinn fáis CCF agus a fhorálacha fothaithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

An tráth céanna, agus airgeadais phoiblí atá fónta agus inbhuanaithe mar aidhm aige chomh maith le fás a spreagadh, leis an gcreat athchóirithe comhlíontar freisin príomhchuspóirí an Chomhshocraithe Fhioscaigh atá mar Theideal III den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG) 9 . Ina theannta sin, coinnítear substaint an Chomhshocraithe Fhioscaigh le heilimintí eile na reachtaíochta atá beartaithe. Agus treoshuíomh meántéarmach fréamhaithe i ndúshláin maidir le fiachas a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, léirítear go páirteach leis an togra seo le haghaidh Rialachán le dul in ionad na coda coiscthí de CCF ceanglas cóineasaithe an Chomhshocraithe Fhioscaigh chuig suíomhanna meántéarmacha atá le moladh agus rioscaí inbhuanaitheachta a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a chur san áireamh (Airteagal 3(1), pointe b de TSCG). Agus béim á cur ar an gcomhardú struchtúrach, ceanglaítear leis an gComhshocrú Fioscach freisin anailís ar chaiteachas atá glan ar bhearta ioncaim lán‑roghnacha don mheasúnú foriomlán ar chomhlíontacht (Airteagal 3(1), pointe b, de TSCG), agus seastar leis an anailís sin sa togra le haghaidh Rialachán a théann in ionad na coda coiscthí de CCF. Ní ligfí leis an gComhshocrú Fioscach do dhialltaí sealadacha ón gcuspóir meántéarmach nó ón gconair coigeartaithe ina threo ach amháin in imthosca eisceachtúla (Airteagal 3(1), pointe c, de TSCG), mar a bheartaítear sa togra le haghaidh Rialachán le dul in ionad na coda coiscthí de CCF. Sonraítear sa Chomhshocrú Fioscach, i gcás ina mbíonn dialltaí suntasacha breathnaithe ón gcuspóir meántéarmach nó ón gconair coigeartaithe ina threo, nach mór bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a choigeartú thar thréimhse ama shainithe (Airteagal 3(1), pointe e, de TSCG). Sa bhealach céanna, ceanglaítear leis an gcreat athchóirithe ceartúcháin ar dhialltaí ón gconair ghlan‑chaiteachais leagtha síos ag an gComhairle. Thairis sin, nuair a bhíonn easnamh sa bhreis ar 3 % de OTI, is féidir go gcuirfear an Ballstát faoin nós imeachta um easnamh iomarcach. Dhéanfaí EDP atá fiachasbhunaithe a neartú i gcás Ballstát a bhfuil fiachas ós cionn 60 % de OTI aige: dhíreodh sé ar imeachtaí ón gconair ghlan‑chaiteachais, ag dul in ionad an “riail 1/20ú”, a fhorchuir iarracht fhioscach ró‑éilitheach le haghaidh roinnt de na Ballstáit. Sanntar leis an gComhshocrú Fioscach ról faireacháin ar na comhlíontachtaí lena chuid rialacha d’institiúidí fioscacha neamhspleácha náisiúnta, agus tá na forálacha maidir le ról agus neamhspleáchas na ninstitiúidí faireacháin sin, ar ghá iad a mhionsonrú i bprionsabail choiteanna arna moladh ag an gCoimisiún 10 i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de TSCG, comhtháite go hiomlán anois sa togra lena leasaítear Treoir 2011/85. Foráiltear leis an gComhshocrú Fioscach go mbíonn ról ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle sa phróiseas forfheidhmithe (Airteagal 5 de TSCG), mar a luaitear sa togra atá ann faoi láthair le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle.

Comóntachtaí idir an Comhshocrú Fioscach agus an creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe, eascraíonn siad freisin as cur chun feidhme an Chomhshocraithe Fhioscaigh sna dlíchórais náisiúnta. Rinne an chuid is mó de na Páirtithe Conarthacha na forálacha TSCG a thrasuí isteach i ndlíthe náisiúnta ag cur isteach nasc díreach le dlíthe comhfhreagracha an Aontais 11 . Tá feidhm aige sin maidir leis an gcuspóir meántéarmach agus leis an gconair chóineasaithe agus leis an measúnú ar dhiall suntasach chomh maith leis sin nó forálacha lena gceanglaítear na moltaí arna nglacadh ag an gComhairle a leanúint (agus iad uile tarraingthe ó Rialachán Uimh. 1466/97).

I bhfianaise na gcomóntachtaí sin, is féidir a mheas maidir leis an gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe go ndéantar substaint fhorálacha fioscacha TSCG a ionchorprú leis i gcreat dlíthiúil an Aontais, de réir Airteagal 16 de TSCG.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra ina chuid de phacáiste a bhfuil mar aidhm aige bogadh chuig creat faireacháin riosca-bhunaithe comhchoiteann an Aontais lena ndéantar idirdhealú idir na Ballstáit trína ndúshláin fiachais phoiblí a chur san áireamh. Déanann sé athbhreithniú ar chreat fioscach an Aontais trí chuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta a chomhtháthú in aon phlean fioscach struchtúrach meántéarmach iomlánaíoch amháin a bheidh mar bhunchloch an chreata nua. Áireofar sa phlean na hathchóirithe agus na gealltanais infheistíochta uile a ghlac Ballstáit chun dul i ngleic leis na dúshláin a shainaithnítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena náirítear na moltaí a bhaineann le tíortha ar leith. Cheadófaí le sraith de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta seo síneadh ar an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir áirithe amhail go mbíonn siad ag cur leis an bhfás (áirítear ar na samplaí d’athchóirithe den sórt sin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haosú an daonra, feidhmiú an mhargaidh saothair a fheabhsú agus soláthar saothair a mhéadú, nuálaíocht a spreagadh agus scileanna a neartú, feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó 12 , bacainní ar an margadh aonair a bhaint agus aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha), inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú agus a bheith comhsheasmhach le comh-thosaíochtaí an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é bunús dlí na hionstraime seo an dara fomhír d’Airteagal 126(14) CFAE, cosúil leis an rialachán leasaithe.

Coimhdeacht

Is é is cuspóir don ghéag cheartaitheach den CCF oll-earráidí i mbeartais bhuiséadacha a sheachaint, a d’fhéadfadh inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí a chur i mbaol agus b’fhéidir AEA a chur i mbaol. Bíonn mar thoradh air sin an oibleagáid Chonartha ar na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint, a shainítear i gcomhthéacs tairsí uimhriúla le haghaidh easnaimh (3 % de OTI) agus fiachais (60 % de OTI nó ag meathlú go leordhóthanach ina treo). Foráiltear leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chuireann chun feidhme an toirmeasc ar easnaimh iomarcacha seicheamh beart, lena n‑áirítear, le haghaidh tíortha sa limistéar euro, forchur smachtbhannaí airgeadais ar deireadh. Cuireadh an nós imeachta um easnamh iomarcach i bhfeidhm go tráthrialta i gcomhréir leis na forálacha ábhartha, ag cur, dá bhrí sin le hionchais maidir lena réiteach ordúil a dhaingniú.

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Maidir lena chuspóir, is é sin comhlíontacht aonfhoirmeach le smacht buiséadach mar a cheanglaítear le CFAE, ní féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Urramaítear leis an togra prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a lorgaítear leis an ionstraim a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Is é is aidhm don togra Rialachán ón gComhairle a leasú, agus dá bhrí sin tá sé i bhfoirm togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Foilsíodh measúnaithe siarbhreathnaitheacha maidir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais i mí Feabhra 2020 13 agus i mí Dheireadh Fómhair 2021 14 .

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tharla comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara. Is é a bhí iontu:

·Comhairliúchán ar líne chun tuairimí páirtithe leasmhara, na sochaí sibhialta agus saoránach a bhailiú. Foilsíodh tuarascáil achomair ar thoradh an chomhairliúcháin sin i mí an Mhárta 2022 15 .

·Bhí pléití doimhne téamacha leis na Ballstáit sa Chomhairle (ECOFIN), sa Ghrúpa Euro, sa Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus sa Choiste um Beartas Eacnamaíoch.

Tugadh na torthaí san áireamh i dTeachtaireacht an 9 Samhain 2022 ón gCoimisiún maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais 16 , agus sa togra atá ann faoi láthair.

Tar éis ghlacadh na Teachtaireachta an 9 Samhain 2022 tharla pléití breise le Ballstáit sa Chomhairle agus le Parlaimint na hEorpa, atá curtha san áireamh sa togra atá ann faoi láthair:

·Ghlac Parlaimint na hEorpa a tuarascálacha bliantúla maidir leis an Seimeastar Eorpach an 15 Márta 2023 a bhí dírithe freisin ar athchóiriú chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus ar thodhchaí an tSeimeastair Eorpaigh.

·Ghlac an Chomhairle (ECOFIN) Conclúidí maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais 14 Márta 2023, a d’fhormhuinigh Comhairle na hEorpa an 23-24 Márta 2023.

Measúnú tionchair

Deonaíodh maolú ó mheasúnú tionchair don togra ar fhoras (i) easpa roghanna mar go leagtar síos teorainneacha an athbhreithnithe le creat fioscach an Aontais agus (ii) díriú ar athruithe spriocdhírithe (iii) nach mbíonn méadú ar cheanglais tuairiscithe do Bhallstáit mar thoradh orthu agus (iv) a mbíonn gníomhaíochtaí bailithe fianaise a rinneadh le déanaí mar bhonn dóibh (doiciméad inmheánach oibre agus Teachtaireachtaí ón gCoimisiún a dréachtaíodh idir 2020 agus 2022).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Má fhorchuirtear fíneálacha ar Bhallstáit ag an gComhairle, rachaidh an tioncam comhfhreagrach chuig buiséad an Aontais mar ioncam eile. Beidh gá le leasú ar Airteagal 21(2) den Rialachán Airgeadais chuige sin freisin 17 .

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear leis an Rialachán leasaithe clásal athbhreithnithe faoina bhfoilseoidh an Coimisiún tuarascáil gach 5 bliana maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin. Déanfaidh an tuarascáil athbhreithniú ar: (i) éifeachtacht an Rialacháin; (ii) an dul chun cinn chun comhordú níos dlúithe ar bheartas eacnamaíocha na mBallstát agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.

6.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá na modhnuithe atá beartaithe ar Rialachán Uimh. 1467/97 in Airteagal 1 den togra.

Cuirtear le mír (1) sainmhínithe nua le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 1467/97 i gcomhréir leis an Rialachán atá beartaithe le dul in ionad na coda coiscthí de CCF. Athraítear leis foclaíocht Airteagal 2 ar imeachtaí neamhghnácha go dtí imthosca eisceachtúla agus cuireann sé crostagairtí leis an Rialachán atá beartaithe le dul in ionad na coda coiscthí de CCF. Athraítear leis oibríochtú chritéir fiachais an Chonartha, ag tréigean an “riail 1/20ú” agus ag díriú ar urraim don chonair ghlan‑chaiteachais leagtha síos ag an gComhairle faoin Rialachán atá beartaithe le dul in ionad na coda coiscthí de CCF. Baintear leis an tagairt do thuairisc chainníochtúil maidir le mórshleabhcadh eacnamaíoch agus déanann sé tagairt ina áit don Rialachán atá beartaithe le dul in ionad na coda coiscthí de CCF. Déantar an liosta tosca ábhartha chun cinneadh a dhéanamh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a chuíchóiriú. Beidh méid dhúshláin fhiachais an Bhallstáit ina phríomhthoisc ábhartha agus tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE á hullmhú. Go háirithe, déanfar dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil a bunaíodh de réir an Fhaireacháin ar Inbhuanaitheacht Fiachais is déanaí a mheas gur príomhthoisc é as ar eascair oscailt nós imeachta um easnamh iomarcach mar riail. I gcás mórshleabhcadh eacnamaíoch, is féidir go ndéanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle cinneadh, ina measúnú, gan teacht ar chonclúid gur ann d’easnamh iomarcach, i gcomhréir leis an gcur chuige a leanadh le linn ghníomhachtú an chlásail éalaithe ghinearálta le linn ghéarchéim COVID-19. Ar deireadh, baintear na forálacha ina ndéantar tagairt do thabhairt isteach córas ilcholúnach pinsin.

Déanann mír (2) tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 126(4) CFAE, agus cinntí agus moltaí ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal Airteagal 126(6) agus Airteagal 126(7) CFAE poiblí. Leagtar amach leis na ceanglais de chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais a socraíodh i moladh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE, chun an t‑easnamh atá fós ann nó a tugadh agus a coinníodh faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI agus chun an fiachas a chur ar chonair shochreidte síos agus é a choinneáil ar leibhéal stuama. Le linn na blianta ina bhfuil coinne le go mbeidh an t‑easnamh ginearálta rialtais níos mó ná an luach tagartha, coinnítear ar bun íosmhéid coigeartaithe bhliantúil 0.5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc. Cuireann sé oibleagáid leis ar Bhallstáit tuairim a n‑institiúide fioscaí neamhspleáiche a chur ina dtuarascáil maidir le gníomhaíocht éifeachtach. Ar deireadh, sonraítear inti go gceadaítear le himthosca eisceachtúla agus le mórshleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine don Chomhairle an sprioc-am do cheartú a fhadú.

Baintear le mír (3) na forálacha maidir le moltaí na Comhairle a d’fhéadfaí a fhoilsiú faoi Airteagal 126(7) CFAE, mar, i gcomhréir le mír (2), beidh an foilseachán seo uathoibríoch. Deirtear ansin freisin ní amháin gur cheart go bhfógrófaí cinntí an rialtais go poiblí ach gur cheart freisin go mbeadh na cinntí sin mionsonraithe go leor chun iad a áireamh sa mheasúnú ar ghníomhaíocht éifeachtach.

Leagtar amach i mír (4) ceanglais den chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais a socraíodh i gcinneadh ón Chomhairle chun foláireamh a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE, chun an t‑easnamh atá fós ann nó a tugadh agus a coinníodh faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI agus chun an fiachas a chur ar chonair shochreidte síos agus é a choinneáil ar leibhéal stuama. Le linn na blianta ina bhfuil coinne le go mbeidh an t‑easnamh ginearálta rialtais níos mó ná an luach tagartha, coinnítear ar bun íosmhéid coigeartaithe bhliantúil 0.5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc. Sonraítear inti freisin go gceadaítear le himthosca eisceachtúla agus le mórshleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine don Chomhairle an sprioc-am do cheartú a fhadú.

Deirtear i mír (5) freisin ní amháin gur cheart go bhfógrófaí cinntí an rialtais go poiblí ach gur cheart freisin go mbeadh na cinntí sin mionsonraithe go leor chun iad a áireamh sa mheasúnú ar ghníomhaíocht éifeachtach tar éis fógra arna thabhairt ag an gComhairle faoi Airteagal 126(9) CFAE.

Le mír (6) cuirtear na coinníollacha leis don Chomhairle chun an nós imeachta um easnamh iomarcach a aisghairm faoi Airteagal 126(12) CFAE. Faoin gcreat fioscach atá ann faoi láthair, ní shonraítear iad siúd ach i gCód Iompair.

Le mír (7) agus mír (8) críochnaítear na tagairtí atá ann faoi láthair do na hairteagail ábhartha de CFAE.

Foráiltear le mír (9) go gceadaítear leis na misin arna ndéanamh ag an gCoimisiún i mBallstáit do mhalartú freisin le páirtithe leasmhara ábhartha seachas na húdaráis náisiúnta, lena n‑áirítear institiúidí fioscacha neamhspleácha. Ceanglaítear leis ar an gCoimisiún freisin misin faireachais tiomnaithe a dhéanamh do Bhallstáit a tugadh forógra dóibh ón gComhairle faoi Airteagal 126(9) CFAE, agus foráiltear leis, sa chomhthéacs sin agus ar cuireadh ón bparlaimint an Bhallstáit lena mbaineann, gur féidir leis an gCoimisiún a mheasúnú ar an staid eacnamaíoch agus fhioscach a chur i láthair sa Bhallstát.

Baintear le mír (10) an t‑íosmhéid le haghaidh fíneálacha agus beartaítear go gcarntar iad gach 6 mí go dtí go bhfuil beart éifeachtach déanta, suas go dtí uasmhéid 0,5 % de OTI.

Le mír (11) tugtar chun críche na tagairtí atá ann cheana d’airteagail ábhartha an CFAE.

Baintear le mír (12) an t‑airteagal lena sanntar ioncaim na fíneálacha don tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais. Má dhéantar fíneálacha a fhorchur, rachaidh a n‑ioncaim chuig buiséad an Aontais, mar ioncam eile. Beidh gá le leasú chuige sin freisin ar Airteagal 21(2) den Rialachán Airgeadais. Baintear le mír (12) freisin forálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe tar éis tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

Déantar le mír (13) leasú ar an gclásal athbhreithniúcháin.

Cuirtear le mír (14) forálacha idirthréimhseacha leis.

Baintear le mír (15) an iarscríbhinn le forálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe.

Sonraítear le hAirteagal 2 teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht an Rialacháin leasaithigh.

2023/0137 (CNS)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(14), an dara fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 18 ,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát laistigh den Aontas, mar a fhoráiltear dó leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is é atá i gceist leis comhlíonadh na dtreoirphrionsabal a bhaineann le praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta, agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí.

(2)Creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, ina bhfuil córas mionléirithe maidir le comhordú beartais agus faireachas ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát, threoraigh sé na Ballstáit chun a gcuspóirí maidir le beartas eacnamaíoch agus fioscach a bhaint amach. Ó tháinig Conradh Maastricht ar an bhfód in 1992, chuidigh an creat le cóineasú maicreacnamaíoch a bhaint amach, le hairgeadas fónta poiblí a chosaint agus le dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. In éineacht le comhbheartas airgeadaíochta agus airgeadra comhchoiteann sa limistéar Euro, tá dálaí le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus ionchuimsitheach agus fostaíocht níos airde do shaoránaigh den Aontas cruthaithe ag an gcreat.

(3)Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ina raibh Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 19 , Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 20 agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 maidir leis an CCF 21 , bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás inbhuanaithe láidir agus ionchuimsitheach a bhfuil cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, agus ar an gcaoi sin tacú le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.

(4)Ag an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA), tá na Ballstáit, de réir Airteagal 126(1) CFAE, faoi oibleagáid easnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint.

(5)Ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun ilchineálacht suíomhanna fioscacha atá ag fás, rioscaí inbhuanaitheachta, agus leochaileachtaí eile ar fud na mBallstát a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Bhí an fhreagairt láidir bheartais ar an bpaindéim COVID-19 éifeachtach maidir le dochar eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime a mhaolú, ach tháinig méadú suntasach ar chóimheasa fiachais sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí mar thoradh uirthi, rud a léirigh an tábhacht a bhaineann le cóimheasa fiachais a laghdú go dtí leibhéil stuama ar bhealach marthanach lena gcothófaí an fás de réir a chéile agus dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus aird chuí á tabhairt ar chuspóirí fostaíochta agus sóisialta. An tráth céanna, ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun cuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha atá roimh an Aontas, lena náirítear aistriú cothrom digiteach agus glas a bhaint amach, an Dlí Aeráide san áireamh 22 , slándáil fuinnimh a áirithiú, neamhspleáchas straitéiseach oscailte, ag dul i ngleic leis an athrú déimeagrafach, athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a neartú, agus an compás straitéiseach um shlándáil agus cosaint a chur chun feidhme, a bhfuil gá ag gach ceann acu le hathchóirithe agus ardleibhéil sheasmhacha infheistíochta sna blianta amach romhainn.

(6)Ba cheart go gcuirfeadh creat rialachais eacnamaíoch an Aontais inbhuanaitheacht fiachais agus fás inbhuanaithe ag a lár agus dá bhrí sin idirdhealú a dhéanamh idir Ballstáit trína ndúshláin fiachais phoiblí a chur san áireamh agus conairí fioscacha tír‑shonracha a cheadú.

(7)An tráth céanna, chun creat Aontais trédhearcach agus coiteann bunaithe ar na luachanna tagartha dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal le CFAE agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a áirithiú, ba cheart forfheidhmiú níos láidre a bheith mar bhonn taca faoi fhaireachas iltaobhach mar an chontrapháirt a bhfuil gá léi de chreat faireachais riosca-bhunaithe lena gceadaítear conairí fioscacha tír‑shonracha.

(8)D’fhonn creat fioscach an Aontais a shimpliú agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart go bhfeidhmeodh táscaire oibriúcháin aonair a bheadh bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais mar bhonn leis an gconair fhioscach a leagan amach agus le faireachas fioscach bliantúil a dhéanamh do gach Ballstát. Ba cheart an táscaire aonair sin a bheith bunaithe ar phríomhchaiteachas glan maoinithe go náisiúnta, is é sin le rá caiteachas glan ar bhearta ioncaim lán‑roghnaigh agus gan caiteachas úis chomh maith le caiteachas dífhostaíochta timthriallaí agus caiteachas ar chláir an Aontais meaitseáilte go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais. Cumasaítear leis an táscaire seo cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch toisc nach ndéantar difear dó le cobhsaitheoirí uathoibríocha a oibriú, lena n‑áirítear luaineachtaí ioncaim agus caiteachais nach bhfuil faoi rialú díreach an rialtais.

(9)Is gné sheanbhunaithe den chreat um fhaireachas fioscach an Aontais é an nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) le haghaidh sáruithe ar an luach tagartha easnaimh 3 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) (‘EDP easnamh‑bhunaithe’), dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 atá éifeachtach ó thaobh tionchar a imirt ar bheartas fioscach sna Ballstáit.

(10)Chun an EDP a neartú maidir le sáruithe ar an gcritéar fiachais de 60 % de OTI (‘EDP fiachasbhunaithe’), dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 ba cheart díriú ar imeachtaí ón gconair fhioscach atá leagtha síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE)) […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 .

(11)Ar bhonn Airteagal 126(2) CFAE comhlíontar an critéar easnaimh freisin i gcás nuair nach mbíonn an farasbarr thar an luach tagartha 3 % de OTI ach eisceachtúil agus sealadach agus nuair a fhanann an cóimheas gar don luach tagartha. Dá bhrí sin níor cheart go neascródh oscailt EDP easnamh‑bhunaithe as sárú sealadach a fhanann gar don luach tagartha má tharlaíonn sé mar gheall ar imthosca eisceachtúla nach bhfuil neart ag an rialtas orthu agus tionchar mór aige ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, mórshleabhcadh eacnamaíoch sa Bhallstát lena mbaineann san áireamh.

(12)Thairis sin, i gcás mórshleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine, agus tar éis chur i bhfeidhm Airteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], is féidir go ndéanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle cinneadh gan teacht ar chonclúid gur ann d’easnamh iomarcach.

(13)I gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], is féidir leis an gComhairle, tar éis moladh ón gCoimisiún, a cheadú do Bhallstáit imeacht ón gconair ghlan‑chaiteachais leagtha síos ag an gComhairle faoin Rialachán sin i gcás mórshleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine, nó i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil neart ag an rialtas orthu agus tionchar mór aige ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, ar choinníoll nach gcuireann sé inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma. Dá thoradh sin, níor cheart go neascródh oscailt EDP fiachasbhunaithe as diall den sórt sin.

(14)Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé acu is ann d’easnamh iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, mar phríomhthoisc ábhartha, leibhéal de dhúshlán fiachais sa Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil a leagadh síos de réir an Fhaireacháin ar Inbhuanaitheacht Fiachais is déanaí a mheas gur príomhthoisc é as ar eascair oscailt EDP mar riail. Ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE, go bhfuil ar an gCoimisiún gach toisc ábhartha eile a chur san áireamh, a mhéid a dhéanann siad difear suntasach ar mheasúnú comhlíontachta maidir leis na critéir easnaimh agus fiachais ag an mBallstát lena mbaineann, ba cheart a áireamh leis sin go háirithe na forbairtí sa staid mheántéarmach eacnamaíoch agus na forbairtí sa staid mheántéarmach bhuiséadach, agus an cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha agus infheistíochta. Chun úinéireacht náisiúnta a mhéadú, ba cheart do na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 8 den Treoir ón gComhairle [maidir le creataí buiséadacha náisiúnta] 24 , tuairim a sholáthar maidir le tosca ábhartha.

(15)Chun taifead a choinneáil ar dhialltaí bliantúla iarbhír agus pleanáilte ón gconair ghlan‑chaiteachais mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], ba cheart don Choimisiún cuntas rialaithe a bhunú do gach Ballstát chun na dialltaí sin a shuimeáil le himeacht ama. Ba cheart an fhaisnéis sa chuntas rialaithe a bheith mar bhonn le gníomhaíochtaí forfheidhmithe, go háirithe le tuarascáil de bhun Airteagal 126(3) CFAE tar éis diallta ón gconair ghlan‑chaiteachais. An tráth céanna, ba cheart leibhéal uaillmhéine na conaire glan‑chaiteachais sa phlean fioscach struchtúrach meántéarmach náisiúnta dá dtagraítear i Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] a mheas agus cinneadh á dhéanamh ar oscailt EDP fiachasbhunaithe. Go háirithe, má tá conair ghlan‑chaiteachais an Bhallstáit leagtha síos ag an gComhairle níos uaillmhianaí ná an treo meántéarmach a chuir an Coimisiún ar aghaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] agus mura bhfuil an diall ón gconair suntasach nuair a thomhaistear é in aghaidh an treo seo, ba cheart oscailt nós imeachta um easnamh iomarcach a sheachaint.

(16)Ba cheart go dtabharfadh nó go gcoinneodh an chonair ghlan‑chaiteachais coigeartaithe faoi EDP an teasnamh ginearálta rialtais go marthanach faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 faoin sprioc‑am arna bhunú ag an gComhairle. Ba cheart don chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais faoi EDP dul chun cinn leordhóthanach a áirithiú freisin le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an moladh maidir leis an gcóimheas fiachais réamh-mheasta a chur ar chonair shochreidte síos nó a fhanacht ar leibhéal stuama. Agus an chonair ghlan‑chaiteachais choigeartaithe faoi EDP a leagan síos, ba cheart don Chomhairle a áirithiú freisin nach bhfuil aon chúl-ualú maidir leis a iarracht fhioscach coigeartaithe a éilítear. Bheadh an chonair ghlan‑chaiteachais choigeartaithe faoi EDP i bprionsabal ar an gceann a leagadh síos ag an gComhairle ar dtús, agus an gá chun an diall ón gconair sin a choigeartú a chur san áireamh. I gcás nach bhfuil an chonair bhunaidh sin inúsáidte mar gheall ar chúinsí oibiachtúla, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann conair dhifriúil a leagan síos faoi EDP.

(17)Maidir leis na Ballstáit faoi EDP, ba cheart an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, a bheith fós in ann síneadh a chur leis an sprioc-am maidir le coigeartú an easnaimh iomarcaigh i gcás ina suíonn sí gurb ann do mhórshleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], nó i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil neart ag an rialtas orthu agus tionchar mór aige ar airgeadas poiblí de chuid Ballstáit aonair agus ar choinníoll nach gcuireann sé inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma. Ba cheart go néileofaí le síneadh mar sin go rachadh méid uile an tsuaite thar raon normalach; mar shampla ba cheart smaoineamh ar chostais na dtubaistí nádúrtha laistigh de bhandaleithid.

(18)Ba cheart forálacha sonracha de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a bhaineann leis na ranníocaíochtaí le córais phinsin dara colúin a scriosadh ós rud é gur cheart go gcuirtear an caillteanas ioncaim a ghabhann leis na ranníocaíochtaí sin san áireamh cheana féin leis an gconair ghlan‑chaiteachais leagtha síos ag an gComhairle.

(19)Is léir an inniúlacht atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha smacht fioscach a chothú agus creidiúnacht airgeadais phoiblí na mBallstát a neartú. D’fhonn úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, ba cheart an ról atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha, ar tugadh sainordú dóibh go traidisiúnta faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an gcreat náisiúnta, a leathnú chuig creat rialachais eacnamaíoch an Aontais.

(20)Ba cheart coinníollacha soiléire a leagan síos chun nósanna imeachta um easnamh iomarcach a aisghairm. Ba cheart d’aisghairm a cheangal go bhfanfadh an teasnamh ar bhealach inchreidte faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 agus, le haghaidh EDP fiachasbhunaithe, go léiríonn an Ballstát comhlíontacht leis an gconair ghlan‑chaiteachais faoi EDP.

(21)Níor cheart na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 126(11) CFAE foráil a dhéanamh le híosmhéid ach ba cheart iad a charnadh go dtí go ndéanfar gníomhaíocht éifeachtach, chun bheith ina fhíordhreasacht le haghaidh comhlíontachta agus na forógraí tugtha do Bhallstáit faoi EDP i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.

(22)Ba cheart forálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a scriosadh.

(23)Tá an Rialachán seo ina chuid de phacáiste in éineacht le Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] agus Treoir (AE) […] lena leasaítear 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát. Le chéile, bunaítear leo creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais a ionchorpraíonn i ndlí an Aontais substaint de Theideal III ‘Comhshocrú Fioscach’ den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG) san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta 25 , i gcomhréir le hAirteagal 16 de. Trí chur le taithí na mBallstát le cur chun feidhme TSCG, coinníonn an pacáiste treoirlíne mheántéarmach an Chomhshocraithe Fhioscaigh mar uirlis chun smacht buiséadach agus cur chun cinn fáis a bhaint amach. Leis an bpacáiste áirítear gné thírshonrach neartaithe arb é is aidhm di úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, lena n‑áirítear trí bhíthin ról níos láidre le haghaidh institiúidí fioscacha neamhspleácha, lena dtarraingítear ar phrionsabail choiteanna an Chomhshocraithe Fhioscaigh arna mbeartú ag an gCoimisiún 26 i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de TSCG. Tá an anailís ar chaiteachas atá glan ar bhearta ioncaim lán‑roghnacha don mheasúnú foriomlán ar chomhlíontacht a cheanglaítear leis an gComhshocrú Fioscach leagtha amach i Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach]. Mar atá sa Chomhshocrú Fioscach, ní cheadaítear dialltaí sealadacha ón bplean meántéarmach ach amháin in imthosca eisceachtúla i Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach]. Mar an gcéanna, i gcás dialltaí suntasacha ón bplean meántéarmach, ba cheart bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a cheartú thar thréimhse ama shainithe. Leis an bpacáiste neartaítear faireachas fioscach agus nósanna imeachta forfheidhmithe chun an gealltanas a chomhlíonadh maidir le hairgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe a chur chun cinn. Coinnítear leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch dá réir sin, na cuspóirí bunúsacha smachta bhuiséadaigh agus inbhuanaitheachta fiachais leagtha amach sa TSCG.

(24)Tá gá le forálacha idirthréimhseacha le haghaidh Ballstáit atá faoi EDP nuair a thagann an creat athchóirithe i bhfeidhm. Is gá moltaí faoi Airteagal 126(7) CFAE agus fógraí faoi Airteagal 126(9) CFAE ar glacadh iad sular tháinig an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm a athbhreithniú chun iad a ailíniú leis na forálacha d’Airteagal 3(4) agus d’Airteagal 5(1) leasaithe. Chuirfeadh sé sin ar chumas na Comhairle conair ghlan‑chaiteachais coigeartaithe i gcomhréir leis na forálacha nua do Bhallstáit a bhfuil gníomhaíocht déanta acu a shocrú, gan an nós imeachta um easnamh iomarcach a mhéadú.

(25)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:

‘Airteagal 1

1.Leagtar síos leis an Rialachán seo na forálacha maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air. Is é is cuspóir don nós imeachta um easnamh iomarcach easnaimh rialtais iomarcacha a dhíspreagadh agus, má tharlaíonn siad, a gceartúchán a chur chun cinn a thuilleadh, i gcás ina ndéantar scrúdú ar chomhlíontacht leis an smacht buiséadach ar bhonn an easnaimh rialtais agus chritéir an fhiachais rialtais.

2.Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘Ballstáit rannpháirteacha’ na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra iontu;

(b)ciallaíonn ‘glan‑chaiteachas’ caiteachas rialtais glan de chaiteachas úis, bearta lánroghnacha ioncaim agus athróga buiséadacha eile lasmuigh de rialú an rialtais, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, pointe (a) de Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir leis an gcuid choisctheach]*;

(c)ciallaíonn ‘treo teicniúil’ an treo glan‑chaiteachais a chuireann an Coimisiún ar aghaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach];

(d)ciallaíonn ‘conair ghlan‑chaiteachais’ an treo ilbhliantúil do ghlan‑chaiteachas an Bhallstáit a shocraíonn an Chomhairle i gcomhréir le Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach];

(e)ciallaíonn ‘cuntas rialaithe’ taifead ar dhialltaí carntha an Bhallstáit den ghlan‑chaiteachas iarbhír ón gconair ghlan‑chaiteachais.

Airteagal 2

1.Measfar go mbeidh an farasbarr easnaimh rialtais, atá thar an luach tagartha, eisceachtúil, i gcomhréir le hAirteagal 126(2), an dara fleasc, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcás ina suíonn an Chomhairle gur ann do mhór-shleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], nó i gcás imthosca eisceachtúla atá lasmuigh de rialú an rialtais agus a bhfuil tionchar mór acu ar airgeadas poiblí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach].

Sa bhreis air sin, measfar go mbeidh an farasbarr, atá thar an luach tagartha, sealadach i gcás ina léiríonn réamhaisnéisí buiséadacha, dá bhforáiltear ag an gCoimisiún, go dtitfidh an t‑easnamh faoi bhun an luacha tagartha tar éis dheireadh an mhór-shleabhctha eacnamaíoch nó tar éis dheireadh na n‑imthosca eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

1a. Nuair is mó é ná an luach tagartha, measfar go mbeidh an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre (OTI) ag laghdú go leordhóthanach agus ag druidim leis an luach tagartha ar luas sásúil i gcomhréir le hAirteagal 126(2), pointe (b), CFAE má urramaíonn an Ballstát lena mbaineann a chonair ghlan‑chaiteachais.

2.D’fhéadfadh go measfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle, nuair a bheidh measúnú agus cinneadh á ndéanamh acu ar easnamh iomarcach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 126(3) go (6) CFAE, go mbeidh farasbarr atá thar an luach tagartha mar thoradh ar mhór-shleabhcadh eacnamaíoch eisceachtúil de réir bhrí Airteagal 126(2), an dara fleasc, pointe (a), CFAE nuair a shuíonn an Chomhairle gur ann d’imthosca eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach].

3.Nuair a bheidh tuarascáil á hullmhú ag an gCoimisiún faoi Airteagal 126(3) CFAE, cuirfidh sé méid dhúshláin fiachais an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh mar phríomhthoisc ábhartha. Go háirithe, nuair atá dúshláin fiachais phoiblí shubstaintiúla roimh an Ballstát de réir an Fhaireacháin ar Inbhuanaitheacht Fiachais is déanaí, déanfar iad a mheas mar phríomhthoisc as ar eascair oscailt nós imeachta um easnamh iomarcach mar riail.

Cuirfidh an Coimisiún gach toisc ábhartha eile san áireamh, mar a léirítear in Airteagal 126(3) CFAE, a mhéid a dhéanann siad difear suntasach ar mheasúnú comhlíontachta maidir leis na critéir easnaimh agus fiachais ag an mBallstát lena mbaineann.

Léireofar sa tuarascáil, de réir mar is iomchuí:

(a)na forbairtí sa staid mheántéarmach eacnamaíoch, go háirithe forbairtí boilscithe agus forbairtí timthriallacha i gcomparáid le toimhdí bunúsacha na conaire glan‑chaiteachais;

(b)na forbairtí sna riochtaí buiséadacha meántéarmacha, lena n‑áirítear, go háirithe méid an diallta iarbhír ón gconair ghlan‑chaiteachais, i dtéarmaí bliantúla agus carnacha mar a thomhaistear leis an gcuntas rialaithe, agus cuid den diall atá mar gheall ar mhór-shleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine nó ar imthosca eisceachtúla lasmuigh de rialú an rialtais a bhfuil tionchar mór acu ar airgeadas poiblí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach]. I gcás inarb ábhartha, cuirfear an diall agus é i gcomparáid leis an treo teicniúil san áireamh chomh maith nuair a dhéantar méid an diallta a mheas;

(c)éabhlóid staid fiachais an rialtais agus a maoiniú, agus na tosca riosca a bhaineann léi, go háirithe an struchtúr aibíochta, ainmníocht airgeadra an fhiachais agus dliteanais theagmhasacha;

(d)cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena n‑áirítear, go háirithe beartais chun míchothromaíochtaí iomarcacha maicreacnamaíocha a sheachaint agus a cheartú agus beartais chun straitéis an Aontais um fhás agus um fhostaíocht chomhchoiteann a chur chun feidhme lena n‑áirítear na cinn atá tacaithe ag NextGenerationEU, agus cáilíocht fhoriomlán an airgeadais phoiblí, go háirithe éifeachtacht na gcreataí buiséadacha náisiúnta.

Déanfaidh an Coimisiún aon toisc eile a bhreithniú go cuí atá ábhartha, de réir thuairim an Bhallstáit lena mbaineann, chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíontacht le critéir easnaimh agus fiachais agus ar chuir an Ballstát iad ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Sa comhthéacs sin, tabharfar aird ar leith do ranníocaíochtaí airgeadais chun dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta a chothú agus chun spriocanna beartais an Aontais a bhaint amach. Áireofar sa tuairim a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin í tuairim óna institiúid fhioscach neamhspleách náisiúnta faoi thosca ábhartha.

4. Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún measúnú foriomlán cothrom ar na tosca ábhartha go léir, go sonrach, a mhéid a dhéanann siad difear don mheasúnú ar chomhlíontacht le critéir easnaimh agus/nó fiachais mar thosca géaraitheacha nó maolaitheacha. 

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir easnaimh, má tá an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an OTI thar an luach tagartha, ní chuirfear na tosca sin san áireamh sna céimeanna a bhaineann leis an gcinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann dá ndéantar foráil in Airteagal 126(4), (5) agus (6) CFAE ach amháin má chomhlíonfar coinníoll dhúbailte an phrionsabail uileghabhálaigh ina hiomlán — go bhfanann an t‑easnamh ginearálta rialtais, sula gcuirtear na tosca ábhartha sin san áireamh, gar don luach tagartha agus go bhfuil a fharasbarr thar an luath tagartha sealadach.

Cuirfear na tosca sin san áireamh, áfach, sna céimeanna a bhaineann leis an gcinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann nuair a bheidh measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir fiachais.

5. Nuair a cheadaítear do Bhallstáit imeacht óna gconair ghlan‑chaiteachais i gcás mór-shleabhctha eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], is féidir go ndéanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle, agus measúnú á dhéanamh acu, cinneadh gan teacht ar chonclúid gur ann d’easnamh iomarcach.

6. Má dhéanann an Chomhairle, ag gníomhú faoi Airteagal 126(6) CFAE, an cinneadh go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát, cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún, sna céimeanna nós imeachta ina dhiaidh d’Airteagal sin den CFAE, na tosca ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo san áireamh, toisc go ndéanann siad difear do staid an Bhallstáit lena mbaineann, lena n‑áirítear mar a shonraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán seo, go háirithe maidir le sprioc‑am a bhunú do cheartú an easnaimh iomarcaigh agus síneadh a chur leis an sprioc‑am sin ar deireadh. Ní chuirfear na tosca ábhartha sin san áireamh, áfach, do chinneadh na Comhairle faoi Airteagal 126(12) CFAE maidir le cuid dá cinntí nó le hiad uile a aisghairm faoi Airteagal 126(6) go (9) agus (11) CFAE.’;

--------------------------

*Rialachán (AE) [...] ó [cuir isteach an dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L ..).

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

1.Laistigh de dhá sheachtain tar éis don Choimisiún tuarascáil arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE a ghlacadh, déanfaidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim a fhoirmiú i gcomhréir le hAirteagal 126(4) CFAE. Poibleofar an tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.

2.Agus an tuairim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á cur san áireamh go hiomlán aige, déanfaidh an Coimisiún, más rud é go measann sé go bhfuil easnamh iomarcach ann, tuairim agus togra a dhíriú chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(5) agus (6) CFAE agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas fúthu.

3.Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 126(6) CFAE, mar riail laistigh de cheithre mhí ó na dátaí tuairiscithe a bhunaítear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 479/2009. Nuair a dhéanann sí an cinneadh go bhfuil easnamh iomarcach ann, déanfaidh an Chomhairle, ag an am céanna, moltaí don Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE. Poibleoidh an Chomhairle a cinntí agus a moltaí.

4. Leis an moladh ón gComhairle arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE, bunófar sprioc‑am de sé mhí ar a mhéad maidir le gníomhaíocht éifeachtach a bheith déanta ag an mBallstát lena mbaineann. Nuair a bhaineann údar cuí le tromchúis an cháis, féadfar trí mhí a thabhairt mar sprioc‑am le haghaidh gníomhaíochta éifeachtaí. Leis an moladh ón gComhairle, bunófar sprioc‑am chomh maith maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú. Ina moladh, iarrfaidh an Chomhairle chomh maith go gcuireann an Ballstát conair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais chun feidhme, rud a áirithíonn go bhfanann an t‑easnamh ginearálta rialtais faoin luach tagartha, nó go nglactar agus go gcoinnítear faoin luach tagartha é, laistigh den sprioc‑am a shonraítear sa mholadh. Le linn na mblianta nuair a mheastar go mbeidh an t‑easnamh ginearálta rialtais is mó ná an luach tagartha, beidh an chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais i gcomhréir le híosmhéid coigeartaithe bhliantúil 0.5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc.

Laghdóidh an chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais cóimheas an fhiachais de réir a chéile nó coinneoidh sí ar leibhéal stuama é ag féachaint do na critéir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach]. Áiritheofar leis an gconair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais go mbeidh an mheániarracht coigeartaithe fhioscaigh bhliantúil sa chéad trí bliana chomh hard ar a laghad leis an meániarracht coigeartaithe fhioscaigh den tréimhse coigeartaithe iomlán.

5. Laistigh den sprioc‑am dá ndéantar foráil i mír 4 den Airteagal seo, tuairisceoidh an Ballstát lena mbaineann don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le gníomhaíocht arna déanamh mar fhreagairt ar mholadh na Comhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE. Cuimseofar sa tuarascáil na spriocanna do chaiteachas agus d’ioncam rialtais agus do na bearta lánroghnacha ó thaobh an chaiteachais agus an ioncaim de i gcomhréir le moladh na Comhairle, chomh maith le faisnéis maidir leis na bearta arna nglacadh agus cineál na mbeart atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach. Cuimseofar sa tuarascáil an tuairim ó institiúid fhioscach neamhspleách an Bhallstáit lena mbaineann chomh maith ar leordhóthanacht na mbeart arna nglacadh agus na gcinn atá beartaithe maidir leis na spriocanna. Poibleoidh an Ballstát an tuarascáil.

6. I gcás ina ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach i gcomhréir le moladh faoi Airteagal 126(7) CFAE nó i gcás ina dtarlaíonn imthosca eisceachtúla atá lasmuigh de smacht an rialtais agus a bhfuil tionchar mór acu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, lena n‑áirítear i leith na conaire ceartaithí glan‑chaiteachais arna moladh ag an gComhairle de bhun mír 4 den Airteagal seo, tar éis an moladh sin a ghlacadh, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(7) CFAE. D’fhéadfadh an moladh athbhreithnithe, agus na tosca ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) den Rialachán seo á gcur san áireamh, go háirithe, síneadh aon bhliain amháin a chur leis an sprioc‑am do cheartú an easnaimh iomarcaigh mar riail. I gcás gur shuigh an Chomhairle gur ann do mhór-shleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], féadfaidh an Chomhairle a chinneadh freisin, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(7) CFAE ar choinníoll nach gcuireann sé sin an inbhuanaitheacht fhioscach i gcontúirt sa mheántéarma. D’fhéadfadh an moladh athbhreithnithe, go háirithe, síneadh aon bhliain amháin a chur leis an sprioc‑am do cheartú an easnaimh iomarcaigh mar riail.’;

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Déanfaidh an Chomhairle, agus í ag meas an ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar a moltaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE, a cinneadh a bhunú ar an tuarascáil arna cur isteach ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Rialachán seo agus ar a cur chun feidhme, chomh maith le haon chinntí poiblithe atá mionsonraithe go leordhóthanach ó rialtas an Bhallstáit lena mbaineann.

I gcás ina suíonn an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 126(8) CFAE, gur theip ar an mBallstát lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh, tuairisceoidh sí don Chomhairle Eorpach dá réir sin.’;

(4)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Glacfar aon chinneadh ón gComhairle maidir le fógra a thabhairt don Bhallstát atá rannpháirteach lena mbaineann chun bearta a dhéanamh chun an t‑easnamh a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE laistigh de dhá mhí den chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(8) CFAE lena suitear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach. San fhógra, iarrfaidh an Chomhairle go gcuireann an Ballstát conair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais chun feidhme, rud a áirithíonn go bhfanann an t‑easnamh ginearálta rialtais faoin luach tagartha, nó go nglactar agus go gcoinnítear faoin luach tagartha é, laistigh den sprioc‑am a shonraítear san fhógra. Le linn na mblianta ina meastar go mbeidh an t‑easnamh ginearálta rialtais is mó ná an luach tagartha, beidh an chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais i gcomhréir le híosmhéid coigeartaithe bhliantúil 0.5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc.

Laghdóidh an chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais cóimheas an fhiachais de réir a chéile nó coinneoidh sí ar leibhéal stuama é ag féachaint do na critéir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach]. Áiritheofar leis an gconair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais go mbeidh an mheániarracht coigeartaithe fhioscaigh bhliantúil sa chéad trí bliana chomh hard ar a laghad leis an meániarracht coigeartaithe fhioscaigh den tréimhse coigeartaithe iomlán. Cuirfidh an Chomhairle bearta atá fabhrach don chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais a bhaint amach in iúl chomh maith.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. I gcás ina ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach i gcomhréir le fógra faoi Airteagal 126(9) CFAE nó i gcás ina dtarlaíonn imthosca eisceachtúla atá lasmuigh de smacht an rialtais agus a bhfuil tionchar mór acu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, lena n‑áirítear i leith na conaire ceartaithí glan‑chaiteachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tar éis an fógra sin a ghlacadh, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar mholadh ón gCoimisiún, fógra athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(9) CFAE. D’fhéadfadh an fógra athbhreithnithe, agus na tosca ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) den Rialachán seo á gcur san áireamh, go háirithe, síneadh aon bhliain amháin a chur leis an sprioc‑am do cheartú an easnaimh iomarcaigh mar riail. I gcás gur shuigh an Chomhairle gur ann do mhórshleabhcadh eacnamaíoch i limistéar an euro nó san Aontas ina iomláine i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], féadfaidh an Chomhairle a chinneadh freisin, ar mholadh ón gCoimisiún, fógra athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(9) CFAE ar choinníoll nach gcuireann sé an inbhuanaitheacht fhioscach i gcontúirt sa mheántéarma. D’fhéadfadh an fógra athbhreithnithe, go háirithe, síneadh aon bhliain amháin a chur leis an sprioc‑am do cheartú an easnaimh iomarcaigh mar riail.’;

(5)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfaidh an Chomhairle, agus í ag meas an ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar a fógra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE, a cinneadh a bhunú ar an tuarascáil arna cur isteach ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 5(1a) den Rialachán seo agus ar a cur chun feidhme, chomh maith le haon chinntí poiblithe atá mionsonraithe go leordhóthanach ó rialtas an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfear toradh an mhisin faireachais arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10a den Rialachán seo san áireamh.’;

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1. Glacfar aon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(11) CFAE chun smachtbhannaí a threisiú tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis na ndátaí tuairiscithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009.

2. Glacfar aon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(12) CFAE chun gach cinneadh nó roinnt dá cinntí a aisghairm chomh luath agus is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis na ndátaí tuairiscithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009.

3. Ní dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh ach amháin, de bhun Airteagal 126(12) CFAE, i gcás ina léiríonn réamhaisnéisí buiséadacha a sholáthair an Coimisiún gur glacadh an t‑easnamh go marthanach faoin luach tagartha agus, i gcás inar osclaíodh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir fiachais, gur urramaigh an Ballstát lena mbaineann an chonair cheartaitheach ghlan‑chaiteachais arna socrú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 3(4) nó le hAirteagal 5(1) den Rialachán seo le linn an 2 bhliain roimhe sin agus go réamh‑mheastar go leanfaidh sé ar aghaidh le sin a dhéanamh sa bhliain reatha ar bhonn réamhaisnéis an Choimisiúin.’;

(7)in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Beidh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad:

(a)i gcás ina ngníomhaíonn an Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le moltaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE;

(b)i gcás ina ngníomhaíonn an Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le fógraí arna dtabhairt i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.’;

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

1.Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún agus faireachán go tráthrialta ar chur chun feidhme na gníomhaíochta arna déanamh:

- ag an mBallstát lena mbaineann mar fhreagairt ar mholtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE;

- ag an mBallstát atá rannpháirteach lena mbaineann mar fhreagairt ar fhógraí arna dtabhairt i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.

2.I gcás nach bhfuil gníomhaíocht arna déanamh ag Ballstát atá rannpháirteach á cur chun feidhme nó i gcás nach bhfuil sí leormhaith, dar leis an gComhairle, déanfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh láithreach faoi Airteagal 126(9) nó Airteagal 126(11) CFAE faoi seach.

3.I gcás ina léirítear le sonraí iarbhír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 nár cheartaigh Ballstát atá rannpháirteach easnamh iomarcach laistigh de na teorainneacha ama mar a shonraítear sna moltaí arna n‑eisiúint faoi Airteagal 126(7) CFAE ná sna fógraí arna n‑eisiúint faoi Airteagal 126(9) CFAE, déanfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh láithreach faoi Airteagal 126(9) CFAE nó Airteagal 126(11) CFAE faoi seach.’;

(9)Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh idirphlé buan ann le húdaráis na mBallstát, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, misin chun críocha an mheasúnaithe ar an staid eacnamaíoch iarbhír sa Bhallstát agus chun aon rioscaí nó aon deacrachtaí a shainaithint i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus malartú le páirtithe leasmhara ábhartha eile a cheadú, lena n‑áirítear na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha náisiúnta.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Tar éis don Chomhairle fógra faoi Airteagal 126(9) CFAE a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún misean faireachais tiomnaithe ar an mBallstát lena mbaineann chun plé a dhéanamh ar na bearta a bhfuil sé i gceist ag an mBallstát tabhairt fúthu mar fhreagairt ar na bearta a meastar gur riachtanach iad i ndiaidh fógra faoi Airteagal 126(9) CFAE. Ar chuireadh ó pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann, d’fhéadfadh an Coimisiún a mheasúnú ar an staid eacnamaíoch agus fhioscach sa Bhallstát a chur i láthair. D’fhéadfaí faireachas feabhsaithe a dhéanamh i gcás na mBallstát atá faoi réir moltaí agus fógraí arna n‑eisiúint i ndiaidh cinnidh faoi bhun Airteagal 126(8) CFAE agus cinntí faoi Airteagal 126(11) CFAE chun críocha an fhaireacháin ar an láthair. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis go léir is gá ar fáil chun an misean faireachais a ullmhú agus a dhéanamh.’;

(10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

Airteagal 12

1.Is é suas le 0,05 % de OTI a bheidh san fhíneáil do thréimhse 6 mhí agus a bheidh le híoc gach 6 mhí go dtí go measann an Chomhairle go ndearna an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an bhfógra arna eisiúint faoi Airteagal 126(9) CFAE.

2.I ngach tréimhse 6 mhí ina dhiaidh sin, ina ngearrtar fíneáil, go dtí go n‑aisghairfear an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann, déanfaidh an Chomhairle measúnú i dtaobh an ndearna an Ballstát atá rannpháirteach lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an bhfógra ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE. Sa mheasúnú leathbhliantúil sin, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 126(11) CFAE, chun na smachtbhannaí a threisiú, seachas i gcás inar chomhlíon an Ballstát atá rannpháirteach lena mbaineann an fógra ón gComhairle.

3. Ní rachaidh méid carntha na bhfíneálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 thar 0.5 % de OTI.’;

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14 agus Airteagal 15:

‘Airteagal 14

1.I gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE, déanfaidh an Chomhairle na smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 126(11), an chéad agus an dara fleasc, CFAE a aisghairm, ag brath ar shuntas an dul chun cinn arna dhéanamh ag an mBallstát atá rannpháirteach lena mbaineann maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú.

Airteagal 15

Más rud é go n‑aisghairfear an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann, déanfaidh an Chomhairle gach smachtbhanna atá fós le réiteach a aisghairm, i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE. Ní dhéanfar fíneálacha arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo a chúiteamh don Bhallstát atá rannpháirteach lena mbaineann.’;

(12)Scriostar Airteagail 16 agus 17.

(13)in Airteagal 17a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Faoin 31 Nollaig 2030 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Déanfar athbhreithniú ar na nithe seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil sin:

(a) ar éifeachtacht an Rialacháin seo;

(b) an dul chun cinn chun comhordú níos dlúithe ar bheartas eacnamaíocha na mBallstát agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.

2.I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

3. Cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.’;

(14)cuirtear an tAirteagal 17b seo a leanas isteach:

‘Airteagal 17b

Glacfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe faoi Airteagal 126(7) CFAE nó fógra athbhreithnithe faoi Airteagal 126(9) CFAE do Bhallstáit atá faoi réir molta faoi Airteagal 126(7) CFAE nó faoi réir fógra faoi Airteagal 126(9) CFAE ar [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh], agus a bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta acu.

Glacfaidh sí an moladh nó an fógra athbhreithnithe in éineacht le glacadh an mholta de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] lena socraítear an chonair ghlan‑chaiteachais,’;

(15)scriostar an Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     IO L 209, 2.8.1997, lch. 6 .
(2)     IO L 209, 2.8.1997, lch. 1 .
(3)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 41.
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú ( IO L 306, 23.11.2011, lch. 12 ).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 ón gComhairle an 8 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air ( IO L 306, 23.11.2011, lch. 33 ).
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM (2020) 55 final an 5 Feabhra 2020 ‘Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch, Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 agus 473/2013 agus ar oiriúnacht Threoir 2011/85/AE ón gComhairle’.
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM (2022)583 final an 9 Samhain 2022 ‘maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais’.
(8)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2022) 104 final an 28 Márta 2022 ‘Online public consultation on the review of the EU economic governance framework’ [Comhairliúchán poiblí ar líne maidir leis an athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais - Achoimre ar fhreagraí - Tuarascáil Chríochnaitheach].
(9)    Agus smacht buiséadach ar fud an timthrialla eacnamaíoch mar aidhm, dhaingnigh 25 Bhallstát TSCG idir-rialtasach an 2 Márta 2012. Ina chéad mhír, meabhraítear le hAirteagal 2 de TSCG go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha i bhfeidhm é ‘agus déanfaidh siad é a léiriú, i gcomhréir leis na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, go háirithe Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus le dlí an Aontais Eorpaigh, lena náirítear dlí nóis imeachta aon uair is gá reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh’. Ina dara mír, meabhraítear le hAirteagal 2 de TSCG go ‘mbeidh feidhm aige a mhéid atá sé comhoiriúnach leis na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas bunaithe agus le dlí an Aontais. Ní dhéanfaidh sé cúngrú ar inniúlacht an Aontais gníomhú i réimse an aontais eacnamaíoch’. Tá Teideal III de TSCG, an ‘Comhshocrú Fioscach’, ceangailteach ar na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra iontu agus, ar bhonn deonach, ar Bhallstáit eile (TSCG, Airteagal 1(2) agus Airteagal 14(5)). Foráiltear le hAirteagal 16 de TSCG, ‘faoi cheann cúig bliana ar a mhéid tar éis don Chonradh seo teacht i bhfeidhm, ar bhonn measúnú ar an taithí a fuarthas óna chur chun feidhme, déanfar na bearta is gá, de réir an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus é d’aidhm leo substaint an Chonartha seo a chorprú i gcreat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh’.
(10)    Féach an Teachtaireacht COM(2012) 342 final an 20 Meitheamh 2012 ón gCoimisiún ‘Prionsabail choiteanna maidir le sásraí ceartaithe fioscacha náisiúnta’.
(11)    Tuarascáil C(2017) 1201 final an 22 Feabhra 2017 ón gCoimisiún arna chur i láthair faoi Airteagal 8 de TSCG.
(12)    Dea-rialachas agus urraim don smacht reachta, go háirithe córais cheartais neamhspleácha, ardcháilíochta agus éifeachtúla, córais chánach fheidhmiúla agus éifeachtacha, chomh maith le creataí éifeachtacha dócmhainneachta agus creataí láidre frithéillithe agus frithchalaoise, tá siad sin ar na príomhchinntithigh sa chomhthéacs seo.
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM (2020) 55 final an 5 Feabhra 2020 ‘Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch, Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 agus 473/2013 agus ar oiriúnacht Threoir 2011/85/AE ón gComhairle’.
(14)    Teachtaireacht COM(2021) 662 final an 19 Deireadh Fómhair 2021 ón gCoimisiún ‘Geilleagar an Aontais tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch’.
(15)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2022) 104 final an 28 Márta 2022 ‘Online public consultation on the review of the EU economic governance framework - Summary of responses - Final Report’ [Comhairliúchán poiblí ar líne maidir leis an athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais - Achoimre ar fhreagraí - Tuarascáil Chríochnaitheach].
(16)    Teachtaireacht COM (2022)583 final an 9 Samhain 2022 ón gCoimisiún ‘maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais’.
(17)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1). 
(18)    IO C , , lch. .
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).
(21)    Rún ón gComhairle Eorpach maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis Amstardam, 17 Meitheamh 1997 (IO C 236, 2.8.1997, lch. 1).
(22)    Socraítear leis an Dlí Aeráide Eorpach cuspóir aeráidneodrachta ar fud an Aontais faoi 2050 agus ceanglaítear ar institiúidí an Aontais agus Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh maidir le hacmhainneacht oiriúnúcháin a fheabhsú, ar gá infheistíocht shuntasach phoiblí chun tionchair dhiúltacha shocheacnamaíocha an athraithe aeráide a laghdú ar an Aontas agus a mBallstáit, lena n‑áirítear tionchair dhiúltacha maidir le fás agus inbhuanaitheacht fhioscach.
(23)    Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] [maidir le comhordú éifeachtach beartas eacnamaíoch agus faireachas buiséadach iltaobhach] (IO L […], […], lch. ...).
(24)    Treoir ón gComhairle […] an […] [lena leasaítear Treoir 2011/85/AE ón gComhairle maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát] (IO L […], […], lch….).
(25)    Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta 2 Márta 2012.
(26)    Teachtaireacht COM(2012) 342 final an 20 Meitheamh 2012 ón gCoimisiún ‘Prionsabail choiteanna maidir le sásraí ceartaithe fioscacha náisiúnta’.