Ábhar

I.Treoraíocht le haghaidh na mBallstát maidir le deachleachtais chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh Tionscadail Fuinnimh Inathnuaite

1.Réamhrá

2.Nósanna imeachta um údarú riaracháin atá níos tapúla agus níos giorra

a.Forálacha REDII agus comparáid idir deachleachtais ina dtrasuí

b.Deachleachtais eile chun fad nósanna imeachta um dheonú ceadanna a laghdú lastall de REDII

c.Solúbthacht a mhéadú i sonraíochtaí teicneolaíochta a oiriúnú sa tráthchlár idir iarratas a dhéanamh ar chead agus tionscadail a chur le chéile

3.Comhordú inmheánach agus nósanna imeachta soiléire agus digitithe chun castacht na bpróiseas údarúcháin riaracháin a laghdú

a.Forálacha REDII maidir leis an ionad ilfhreastail agus comparáid idir deachleachtais ina dtrasuí

b.Samplaí de dheachleachtais eile chun castacht nósanna imeachta riaracháin a laghdú lastall de REDII

4.Acmhainní daonna leordhóthanacha agus sciliú eintiteas um dheonú ceadanna

5.Suíomhanna le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite a shainaithint agus a phleanáil ar bhealach níos fearr

a.Srianta úsáide talún/mara agus deachleachtais chun sainaithint limistéar oiriúnach a éascú

b.Ilúsáid spáis

c.Glacacht agus rannpháirtíocht an phobail

d.Cúrsaí comhshaoil

e.Breithnithe cosanta agus eitlíochta

6.Nascadh níos fusa leis an eangach, gléasraí cumhachta teicneolaíochta comhcheangailte, teicneolaíochtaí athchumhachtúcháin agus nuálacha

a.Fadhbanna maidir le nascadh leis an eangach

b.Gléasraí cumhachta teicneolaíochta comhcheangailte

c.Athchumhachtú

d.Hidrigin

e.Tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht

II.Treoraíocht do na Ballstáit maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Fuinnimh Inathnuaite a éascú

1.Réamhrá

2.Saincheisteanna rialála

3.Infhaighteacht comhaontuithe ceannaigh inathnuaite corparáideacha a leathnú chuig fiontair bheaga agus mheánmhéide

4.Comhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite trasteorann a chur chun cinn



I.Treoraíocht le haghaidh na mBallstát maidir le dea‑chleachtais chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh Tionscadail Fuinnimh In‑athnuaite 1

1.Réamhrá

Tá fuinneamh in‑athnuaite i gcroílár an aistrithe chuig fuinneamh glan, aistriú is gá chun cuspóirí Chomhaontú Pháras agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Á mheabhrú sin, leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite (‘REIDII’) a chuir an Coimisiún ar aghaidh i mí Iúil 2021 mar chuid den phacáiste lena gcomhlíontar an Comhaontú Glas don Eoraip, moladh an sciar d’fhuinneamh in‑athnuaite sa mheascán fuinnimh in 2030 a dhúbailt i gcomparáid le 2020, chun 40 % ar a laghad a bhaint amach 2

De thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin, maidir le foinsí fuinnimh in‑athnuaite fuinnimh a chur in úsáid ar an mbealach is gasta agus is féidir, tháinig sin chun bheith ina thosaíocht straitéiseach de chuid an Aontais ós rud é go laghdófar leis sin ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise – a allmhairíodh go príomha – agus go gcuideofar le fuinneamh a dhéanamh inacmhainne arís.

I dteannta na mbeart chun soláthar gáis leordhóthanach a áirithiú agus an phlean um chaomhnú fuinnimh mar ullmhúchán le haghaidh an gheimhridh seo chugainn, trí acmhainneachtaí in‑athnuaite nua a chur isteach a ghasta agus is féidir, rannchuideofar a thuilleadh leis na bearta fadtéarmacha maidir le maolú géarchéime. Leis an Teachtaireacht REPowerEU 3 , a leanann as Teachtaireacht Bosca Uirlisí Dheireadh Fómhair 2021 4 , leagadh amach plean chun go mbeidh an Eoraip neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise, ag tosú le gás, i bhfad roimh dheireadh na deacáide seo. Moladh leis an Teachtaireacht freisin go mbreithneoidh na comhreachtóirí spriocanna níos airde nó níos luaithe le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite agus tagraíodh do thús‑ualú fuinnimh gaoithe agus grianfhuinnimh mar aon le teaschaidéil, agus an meánráta cur in úsáid á mhéadú faoi 20 %, agus acmhainneachtaí breise 80 GW ann faoi 2030 chun freastal ar tháirgeacht níos airde de hidrigin in‑athnuaite.

Fágann sin gur gá dlús suntasach a chur le luas reatha chur in úsáid na dtionscadal fuinnimh in‑athnuaite chun an méadú is gá ar thoilleadh a chomhlíonadh in am.

Tá ardphraghsanna fuinnimh, atá á spreagadh ag ardphraghsanna gáis iontaise den chuid is mó, ina gcúis bhreise le dlús a chur le cur in úsáid na dtionscadal fuinnimh in‑athnuaite, agus le tionchair dhiúltacha ar ár saoránaigh agus ar ár ngnólachtaí a laghdú. Rud atá ag tarlú níos mó ná riamh le tionscadail cumhachta in‑athnuaite is ea go bhfuil costais leictreachais á dtairiscint atá i bhfad faoi bhun na gcostas a bhaineann le gléasraí cumhachta breosla iontaise sa mhargadh mórdhíola. Tá gá le dlús a chur le deonú ceadanna chun iad a thabhairt chuig an margadh go gasta. Le húsáid na gcomhaontuithe ceannaigh fuinnimh in‑athnuaite, cumasaítear don tionscal Eorpach agus do ghnólachtaí Eorpacha rochtain dhíreach a fháil ar chumhacht in‑athnuaite shaor, agus cobhsaíocht á soláthar d’fhorbróirí tionscadal in‑athnuaite gan an gá a bheith ann fanacht le tacaíocht airgeadais na mBallstát, rud lena méadaítear infhaighteacht an fuinnimh inacmhainne, shláin agus inbhuanaithe san Aontas.

Cé acu a fhorbraítear nó nach bhforbraítear tionscadail fuinnimh in‑athnuaite trí thairiscintí poiblí nó trí chomhaontuithe ceannaigh corparáideacha maidir le fuinneamh in‑athnuaite nó ar bhonn ceannaí, le bacainní a bhaineann le nósanna imeachta um dheonú ceadanna 5 agus nósanna imeachta riaracháin eile 6 coinnítear na tionscadail siar, méadaítear an éiginnteacht agus costais agus díspreagtar infheisteoirí, rud a chuireann baint amach spriocanna dícharbónúcháin an Aontais agus an sprioc fuinnimh in‑athnuaite atá beartaithe le haghaidh 2030 i mbaol 7 . Leis na bacainní sin, atá ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil fiú go príomha, áirítear castacht na rialacha is infheidhme maidir le roghnú láithreáin agus údaruithe riaracháin le haghaidh tionscadal, saincheisteanna maidir le nascadh eangaí, srianta maidir le sonraíochtaí teicneolaíochta a oiriúnú le linn an nós imeachta um dheonú ceadanna, nó saincheisteanna sholáthar foirne na n‑údarás um dheonú ceadanna nó na n‑oibreoirí eangaí. Dá thoradh sin, is féidir go dtógfaidh an t‑aga tionscanta le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite suas le 10 mbliana. Tá an cás chun na bacainní sin a shárú níos láidre anois ná riamh.

Le REDII tugadh isteach rialacha in 2018 maidir le heagrú agus uasfhad na coda riaracháin den phróiseas maidir le deonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, lena gcumhdaítear na ceadanna ábhartha uile chun gléasraí a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú, agus lena nascadh leis an eangach. Bhí sé d’oibleagáid ar na Ballstáit REDII a thrasuí, lena n‑áirítear na forálacha nua sin, ina reachtaíocht náisiúnta faoin 30 Meitheamh 2021, ach níor dhearbhaigh aon Bhallstát trasuí iomlán ar REDII laistigh den sprioc‑am sin. Dá thoradh sin, thionscain an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh na mBallstát uile le haghaidh easpa trasuí ar REDII i mí Iúil 2021 chun iallach a chur orthu a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear iad sin a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin. Idir an dá linn, thug formhór na mBallstát fógra don Choimisiún faoi bhearta náisiúnta a glacadh chun REDII a thrasuí, go hiomlán nó go páirteach. Tráth fhoilsiú na treoraíochta seo, ní raibh fógra tugtha ag 10 mBallstát faoi aon bheart náisiúnta lena dtrasuitear na rialacha a tugadh isteach le REDII maidir le heagrú agus fad an phróisis maidir le deonú ceadanna (i.e. Airteagal 16), cé gur thug na cinn a bhí fágtha fógra faoi chuid de na bearta is gá ar a laghad.

Is léir don Choimisiún gurb ann d’athruithe suntasacha faoi láthair idir na Ballstáit sna rialacha náisiúnta nó réigiúnacha maidir le deonú ceadanna ó thaobh fhad agus chastacht a nósanna imeachta riaracháin. Tugtar le tuiscint leis sin go bhféadfaí cuid mhór feabhsuithe a dhéanamh agus cuid mhór a fhoghlaim ó chéile freisin. D’iarr na páirtithe leasmhara ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar fhorálacha REDII maidir le nósanna imeachta riaracháin agus dea‑chleachtais a scaipeadh mar aon leis sin, chun údaráis um dheonú ceadanna a threorú i dtaca lena gcur i bhfeidhm.

Leis an treoraíocht sin cuirtear dea‑chleachtais i láthair arb ann dóibh sna Ballstáit agus a bhfuil sé d’aidhm acu an t‑ualach riaracháin a laghdú agus deimhneacht pleanála a mhéadú le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite 8 . Tá sí ag gabháil le Moladh ón gCoimisiún maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú, a glacadh i dteannta togra le haghaidh leasú spriocdhírithe ar REDII maidir le ceadú. Tá na tionscnaimh sin mar chuid de phacáiste níos leithne de bhearta laistigh de chreat an phlean REPowerEU agus an tSeimeastair Eorpaigh lena dtacaítear le dlús a chur le cur in úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite.

Maidir le dul i ngleic leis na bacainní atá ann cheana roimh an gceadú agus le bacainní nua den sórt sin a shainaithint, ba cheart déileáil leis sin mar phróiseas leanúnach. Sa chomhthéacs sin, tá an Coimisiún ag obair le húdaráis na mBallstát ó mhí an Mhárta 2022 freisin chun deireadh a chur le bacainní a bhaineann le próiseas faoi chuimsiú Thascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair 9 . Ach an Moladh a chur chun feidhme go hiomlán agus go gasta bunaithe ar smaointe coincréiteacha le haghaidh simpliú agus giorrú a áirítear sa treoraíocht seo, cumasófar an t‑aga tionscanta le haghaidh tionscadail in‑athnuaite a ghiorrú agus iad a chur in úsáid go mór ar bhealach níos gasta.

Leis an treoraíocht seo sainaithnítear na príomhréimsí seo a leanas chun feabhas a chur ar cheadú na dtionscadal fuinnimh in‑athnuaite: fad agus castacht nósanna imeachta um údarú riaracháin a laghdú, soláthar foirne agus sciliú leordhóthanach eintiteas agus údarás um dheonú ceadanna atá freagrach as measúnuithe comhshaoil, nósanna imeachta um roghnú láithreáin agus saincheisteanna maidir le nascadh eangaí. Ina theannta sin, i mórán Ballstát is ann do bhacainní freisin a bhaineann leis an easpa tacaíochta ón bpobal nó ó pháirtithe leasmhara ábhartha nó le haghaidh tionscadail áirithe. Leis na caibidlí seo a leanas soláthrófar míniú gearr ar na bacainní, ar na réitigh fhéideartha mar aon le dea‑chleachtais shainaitheanta i measc bearta náisiúnta chun REDII nó bearta a théann thar raon feidhme REDII a thrasuí.

2.Nósanna imeachta um údarú riaracháin atá níos tapúla agus níos giorra 

Maidir le fad agus castacht na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, tá éagsúlacht mhór i gceist idir na teicneolaíochtaí éagsúla fuinnimh in‑athnuaite agus idir na Ballstáit. Le haghaidh tionscadail gaoithe amach ón gcósta, is féidir gur 10 mbliana atá san aga tionscanta 10 , cé gur tháinig feirmeacha gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÍsiltíre a tugadh i gcrích le déanaí, amhail Borssele III agus IV, chun bheith oibríochtúil 4‑5 bliana tar éis na dámhachtana tairisceana. Le haghaidh gaoth ar talamh, tá fad tuairiscithe an phróisis maidir le deonú ceadanna idir 3 bliana go 9 mbliana, agus is ann d’athrú suntasach ní hamháin idir na Ballstáit ach idir na réigiúin éagsúla de thír amháin in amanna freisin. Le haghaidh griantionscadail thalamhshuite, tá an fad tuairiscithe idir thart ar 1 bhliain agus níos mó ná 4.5 bliana 11 .

Mar sin féin, tá na meáin sin bunaithe ar shamplaí nach bhfuil iomlán ionadaíoch, ós rud é go bhfuil easpa sonraí inchomparáide ann ar fud an Aontais maidir le fad iomlán na nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, lena n‑áirítear ullmhú agus tabhairt i gcrích an mheasúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol 12 , an cead nasctha leis an eangach a dheonú agus aghaidh a thabhairt ar aon agóid dhlíthiúil fhéideartha. Thairis sin, bíonn fad na nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite ag brath freisin ar infhaighteacht, agus ar chur in úsáid nó ar threisiú brostaithe na n‑eangach chun nascadh leis na tionscadail sin agus an fuinneamh arna tháirgeadh a chomhtháthú. Ní mór a chur san áireamh freisin gur féidir leis na nósanna imeachta i mBallstáit áirithe a bheith níos tapúla, ach ní gá go mbeidís níos éifeachtaí áfach. Is féidir gurb é a eascraíonn as cineálacha éagsúla bacainní go bhformheastar níos lú tionscadal, d’ainneoin nósanna imeachta níos gasta. Tarraingítear aird leis sin ar an ngá atá le díriú ar bhacainní agus ar dhul i ngleic leo go réamhghníomhach, ar bacainní iad lena gcuirtear isteach ar nósanna imeachta um dheonú ceadanna ar fud na Ballstát uile. Faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tá cúnamh á sholáthar ag an gCoimisiún do 17 mBallstát chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a chéimniú amach 13 , i gcomhréir leis an bplean REPowerEU, lena n‑áirítear maidir le deonú ceadanna níos tapúla le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus rolladh amach gréine dín a fheabhsú. Go sonrach, faoi ghlao na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 2023, tá tacaíocht á tairiscint ag an gCoimisiún do na Ballstáit le tacaíocht theicniúil shuaitheanta maidir le ‘Dlús a chur le ceadú le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite’ 14 .

Is léir go raibh comhar réigiúnach idir na Ballstáit agus tionscadail bonneagair fuinnimh chomhchosúla mhórscála á gcur chun feidhme ina chatalaíoch chun dlús a chur le deonú ceadanna agus le tabhairt i gcrích na dtionscadal sin 15 . Déanann an Coimisiún cathaoirleacht ar cheithre ghrúpa ardleibhéil i réigiúin éagsúla de chuid an Aontais 16 . Leis an ardleibhéal tacaíochta polaitiúla a fhaigheann na grúpaí sin cumasaítear fís réigiúnach choiteann agus déantar foráil maidir le tosaíochtaí réigiúnacha a tharraingt suas agus treoraíocht straitéiseach a sholáthar agus tionscadail leasa choitinn sa bhonneagar fuinnimh á gcur chun feidhme, lena n‑éilítear comhdhearcadh láidir. Ós rud é go bhfuil forbairt gaoithe amach ón gcósta á haithint mar thosaíocht uile‑Eorpach sna Grúpaí Ardleibhéil uile 17 , is féidir tionscadail fuinnimh in‑athnuaite mhóra a shainaithint mar thosaíochtaí i sruthanna oibre na ngrúpaí sin agus tairbhiú de dhlúthfhaireachán agus de chomhar neartaithe ar leibhéil pholaitiúla éagsúla idir na Ballstáit a bhaineann le réigiún ar leith.

a.Forálacha REDII agus comparáid idir dea‑chleachtais ina dtrasuí

Le REDII sonraítear nach faide ná 2 bhliain na nósanna imeachta riaracháin le haghaidh deonú ceadanna le haghaidh gléasraí táirgeachta leictreachais in‑athnuaite agus an bhonneagair eangaí ghaolmhair, lena n‑áirítear na nósanna imeachta ábhartha uile um údarú, deimhniú agus ceadúnú de chuid údaráis inniúla. Áirítear foráil chomhchosúil maidir le simpliú nósanna imeachta um údarú le haghaidh bonneagar hidrigine sa phacáiste atá beartaithe um dhícharbónú na margaí hidrigine agus gáis 18 . Le haghaidh tionscadail faoi bhun 150 kW agus athchumhachtú na ngléasraí fuinnimh in‑athnuaite atá ann cheana, ní faide ná 1 bhliain amháin a bheidh an próiseas riaracháin. Ní áirítear leis na sprioc‑amanna sin an t‑am a thógann sé chun reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chomhlíonadh, ar féidir tamall fada a bheith riachtanach chun é a thabhairt i gcrích, ná fad aon imeachta cúirte, agus is féidir go gcuirfear síneadh 1 bhliana amháin leo in imthosca urghnácha 19 .

I dteannta na bhforálacha is gá a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta, thug Ballstáit áirithe soiléirithe comhlántacha isteach lena sonraítear na coinníollacha lena ndéantar foráil maidir le síneadh a chur leis an sprioc‑am, nó chuir siad de chúram ar na húdaráis ábhartha dlúthchomhar a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na sprioc‑amanna comhaontaithe. A mhéid a bhaineann le síneadh suas le 1 bhliain bhreise amháin a chur leis an sprioc‑am, sonraíonn an tSualainn go bhféadfar síneadh a chur leis an sprioc‑am i gcás ina mbeidh gá le breiseanna am‑íditheacha de thoradh rialacháin, faisnéis nó treoirlínte nua, nó má thagann an mhoill de dheasca imthosca seachtracha nárbh fhéidir a thuar ón tús. Tugann an tSlóivéin foráil isteach lena sonraítear gur gá don fhorbróir tionscadail cinneadh réasúnaithe a fháil roimh dhul in éag an sprioc‑ama shainithe lena ndéantar, in imthosca eisceachtúla a mhínítear sa chinneadh, síneadh 1 bhliana amháin ar a mhéad a chur leis an nós imeachta.

A mhéid a bhaineann lena áirithiú nach mbeidh an nós imeachta um údarú níos faide ná na sprioc‑amanna comhaontaithe i gcásanna ina mbeidh údaráis éagsúla rannpháirteach, le bearta trasuí na Fionlainne áirítear ceanglas gur gá do na húdaráis inniúla fhreagracha dul i gcomhar chun na teorainneacha ama a chomhlíonadh más amhlaidh is gá níos mó ná nós imeachta amháin um údarú nó um fhormheas riaracháin chun gléasra cumhachta fuinnimh in‑athnuaite a thógáil, a uasghrádú, a nascadh leis an eangach agus a oibriú. Cuirtear de chúram ar an bpointe teagmhála aonair le haghaidh tionscnóirí tionscadail 20 cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla chun teacht ar chomhaontú maidir le hamlínte próiseála le haghaidh a nósanna imeachta, i gcás inarb iomchuí. Ina theannta sin, sonraítear leis an reachtaíocht trasuí na pointí ag a dtosaíonn agus ag a gcríochnaíonn ríomh na teorann ama, agus cuirtear de chúram ar an bpointe teagmhála aonair faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na sprioc‑amanna.

A mhéid a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na forálacha náisiúnta, sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta ar dhul chun cinn ó thaobh fuinnimh agus aeráide de, a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Márta 2023, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú ar na bearta sonracha chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 15 go 17 de REDII a chomhlíonadh chun na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a shimpliú, a ghiorrú agus a dhéanamh níos trédhearcaí 21 . Thairis sin, le faireachán agus measúnú comhleanúnach uile‑Aontais ar nósanna imeachta um údarú riaracháin le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, thabharfaí léargas don Choimisiún, do na Ballstáit agus do thionscnóirí tionscadail ar fhad na gcéimeanna éagsúla den údarú tionscadail, ar a raon feidhme, a gceanglais agus na húdaráis rannpháirteacha, agus thabharfaí léargas mar aon leis sin ar ghnéithe coiteanna féideartha na moilleanna agus na scrogall eile ar fud na dteicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite nó na gcéimeanna údarúcháin.

b.Dea‑chleachtais eile chun fad nósanna imeachta um dheonú ceadanna a laghdú lastall de REDII

Tá fad imeachtaí cúirte lasmuigh de raon feidhme na teorann ama a leagtar síos in REDII, ach is féidir leis na Ballstáit bearta a dhéanamh chun laghdú a dhéanamh ar nósanna imeachta atá fadaithe de dheasca agóidí i gcúirteanna. Cé gur gá an ceart rochtana ar cheartas a áirithiú, is féidir leis na Ballstáit a gcórais dhlínsiúla náisiúnta a eagrú ar bhealach lena n‑áirithiú go ndéanfar próiseáil níos tapúla ar chásanna dlíthíochta, amhail nósanna imeachta cáis amháin le haghaidh tionscadail áirithe lena bhfuil tábhacht náisiúnta, sprioc‑amanna a chur ar bun le haghaidh céimeanna áirithe den nós imeachta dlíthíochta de réir imthosca náisiúnta chun fadú gan ghá le nósanna imeachta achomhairc a sheachaint, nó forálacha a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh dlíthíocht mhí‑úsáideach a theorannú. Rinne Ballstáit éagsúla bearta cheana chun fad na n‑imeachtaí cúirte a bhaineann le ceadanna a chuíchóiriú.

Laghdaigh an Fhrainc an líon achomharc féideartha in aghaidh údaruithe comhshaoil le haghaidh tionscadail gaoithe ar talamh ó thrí achomharc go gan ach dhá achomharc. Ón 1 Nollaig 2018 is féidir achomhairc a thaisceadh go díreach leis na Cúirteanna Riaracháin Achomhairc agus ní gá iad a chur faoi bhráid na mBinsí Riaracháin ar dtús a thuilleadh (b’amhlaidh an cás cheana le haghaidh gaoth amach ón gcósta ó glacadh Foraithne in Eanáir 2016).

Chinn an Ísiltír nach féidir achomharc a dhéanamh ach chun na hardchúirte in aghaidh ceadanna le haghaidh tionscadail gaoithe ar talamh is mó ná 100 MW agus tionscadail fótavoltachais gréine is mó ná 50 MW.

I dteannta cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcreat a bhaineann le himeachtaí cúirte, thug Ballstáit áirithe bearta eile isteach freisin lena gceadaítear beartú tosaíochta agus dá réir sin lena gcuirtear dlús le nósanna imeachta um dheonú ceadanna, amhail catagóirí tionscadal straitéiseach a leagan síos. Féadfar tionscadail áirithe lena bhfuil tábhacht náisiúnta a ghlacadh trí nós imeachta reachtach le gníomh sonrach i gcomhréir le hAirteagal 2(5) den Treoir maidir leis an Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC). Leis sin ceadaítear do na Ballstáit an tionscadal sin a dhíolmhú ó na forálacha a bhaineann le comhairliúchán poiblí 22 .

Chruthaigh rialtas réigiúnach na Andalúise sa Spáinn ‘aonad luasghéaraithe’ le haghaidh tionscadail a mheastar a bheith straitéiseach faoi shainchúram na Roinne réigiúnaí Riaracháin Phoiblí agus Gnóthaí Baile. Tugtar le tuiscint leis an aitheantas ar thábhacht straitéiseach go bhfaigheann na tionscadail roghnaithe cóir fhabhrach a mhéid a bhaineann le próiseáil riaracháin a dhéanamh ar na ceadanna agus na húdaruithe is gá chun iad a fhorbairt.

Bealach maith eile chun dlús a chur le deonú ceadanna is ea foráil a dhéanamh maidir le hiarratais iolracha a dhéanamh i gcomhthráth seachas ar bhealach seicheamhach, lena n‑áirítear le haghaidh tionscadail eangaí ghaolmhara.

San Ostair, mar shampla, is féidir le forbróirí iarratas a dhéanamh ar cheadanna iolracha (ceadúnas táirgeachta leictreachais, formheas faoin nós imeachta um an dlí maidir le caomhnú an dúlra, an nós imeachta um an dlí eitlíochta, cead dhlí na foraoiseachta, cead dhlí an uisce, cead an dlí maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, an cead tógála) i gcomhthráth. Is féidir an láithreán a roghnú agus an t‑iarratas ar an nascadh leis an eangach a dhéanamh i gcomhthráth freisin. Sa Fhrainc agus sa Bheilg (Flóndras agus an Vallúin), tugadh isteach nósanna imeachta um ‘cead aonair’. I gcás Fhlóndras agus na Vallúine, leis na ceadanna aonair sin déantar na nósanna imeachta le haghaidh na gceadanna comhshaoil agus uirbeacha a chomhcheangal, i dteannta díolúintí le haghaidh tionscadail mhionscála. Sa Fhrainc, leis an nós imeachta déantar foráil maidir le scrúdú aonair ar cheadanna éagsúla le haghaidh tionscadail ghaoithe, lena n‑áirítear údaruithe comhshaoil, cearta slí aerloingseoireachta agus míleata agus an ceadúnas táirgeachta leictreachais.

A mhéid a bhaineann le foinsí fuinnimh in‑athnuaite mionscála ó theaghlaigh agus pobail fuinnimh, leis an easpa acmhainní, fágtar gur measa fós na bacainní a tháinig roimh rannpháirtithe gairmiúla sa mhargadh cheana féin. Sa Ghréig, faigheann pobail fuinnimh cóireáil tosaíochta in iarratais ar nascadh leis an eangach, ar fhormheas ar dhálaí comhshaoil agus ar cheadúnú táirgeachta i gcomparáid le hiarratais eile sa chríoch chéanna le haghaidh an timthrialla iarratais chéanna. Sa Phortaingéil, tairbhíonn pobail fuinnimh in‑athnuaite de dhíolúintí ó iarcheanglais rialúcháin/chumarsáide, chlárúcháin agus oibriúcháin, de réir an toillte shuiteáilte nó úsáid an líonra phoiblí chun leictreachas a instealladh i gcás uath‑ídiú leictreachais. Ar an mbealach céanna, in Éirinn, ní gá cead pleanála a bheith ag pobail fuinnimh roimh a n‑iarratas eangaí agus cuirtear faoi réir nós imeachta um údarú simplithe iad 23 .

Ina theannta sin, is féidir dlús a chur le deonú ceadanna trí chomhairliúchán poiblí luath agus trí staidéir áirithe a dhéanamh níos luaithe sa phróiseas. Mar shampla, i gcás tionscadail leasa choitinn, trí chomhairliúchán poiblí éigeantach a dhéanamh i dtús an phróisis maidir le deonú ceadanna chun suíomh an tionscadail a bhunú, cuidíodh le saincheisteanna glacachta poiblí a shainaithint agus le haghaidh a thabhairt orthu.

Ar deireadh, is féidir dlús a chur leis na measúnuithe ó na húdaráis um dheonú ceadanna faoi chuimsiú nósanna imeachta comhshaoil trí sprioc‑amanna sonracha a leagan síos. I gcás ina gceanglófar measúnú comhshaoil, ba cheart do na Ballstáit uasteorainn a chur le fad na gcéimeanna éagsúla den nós imeachta um an Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol 24 trí uas‑tráthchláir cheangailteacha a thabhairt isteach, go háirithe le haghaidh an mhéid seo a leanas:

·eisiúint tuairime scóipiúcháin ón údarás inniúil – nach faide ná 1 mhí amháin

·tabhairt i gcrích an mheasúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol agus eisiúint conclúide réasúnaithe – nach faide ná 3 mhí agus féidearthacht ann síneadh 3 mhí bhreise a chur leis sin,

·tabhairt i gcrích na gcomhairliúchán poiblí i dtaca leis an tuarascáil maidir leis an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol – nach faide ná 2 mhí,

·eisiúint toilithe forbraíochta – nach faide ná 6 mhí.

Tá amlínte sonracha leagtha síos ag thart ar leath na mBallstát cheana chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla tionscadail a fhormheas tar éis dóibh an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol arna chur faoina mbráid ag an bhforbróir a fháil. I roinnt cásanna níl siad níos faide ná 1 mhí amháin ná 2 mhí (an Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Ghréig, an Laitvia agus an Rómáin).

Simpliú féideartha eile is ea díolúine choinníollach ó cheadanna tógála arna cur i dteannta ceanglais maidir le fógra le haghaidh córais fótavoltachais mhionscála. I réigiún Fhlóndras na Beilge, tá fótavoltachas gréine díolmhaithe ó chead tógála faoi choinníollacha áirithe 25 .

c.Solúbthacht a mhéadú i sonraíochtaí teicneolaíochta a oiriúnú sa tráthchlár idir iarratas a dhéanamh ar chead agus tionscadail a chur le chéile 

Is féidir go n‑eascróidh suiteáil teicneolaíochta fho‑optamach as fad na nósanna imeachta um dheonú ceadanna nó na moilleanna ar dheonú ceadanna i gcás ina mbeidh sé d’oibleagáid ar fhorbróirí tionscadail sonraíochtaí teicneolaíocha beachta 26 a n‑iarratais tosaigh ar chead a chur chun feidhme. I gcás ina dtógfaidh deonú ceada tréimhse chomh fada sin gur tháinig an réiteach teicneolaíoch formheasta chun bheith as feidhm, ba ghá don tionscnóir tionscadail iarratas a dhéanamh ar chead nua nó measúnú nua ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh chun bheith in ann an teicneolaíocht is déanaí atá ar fáil a úsáid. Cuidíonn níos mó solúbthachta, i.e. a cheadú d’fhorbróirí iarratas a dhéanamh ar réimse de pharaiméadair theicneolaíocha, leis na teicneolaíochtaí is éifeachtúla dá bhfuil ann a chur in úsáid ar bhealach níos tapúla, gan gá go mbeadh baint aige sin le tionchar comhshaoil níos mó.

Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, úsáideann Ballstáit áirithe an ‘tsamhail bhosca’ mar a ghairtear di le haghaidh ceadanna, lena gceadaítear d’fhorbróirí réimse de pharaiméadair theicneolaíochta a leagan amach ina n‑iarratas ar chead (e.g. maidir le hairde bairr tuirbín gaoithe), rud a thugann solúbthacht dóibh teicneolaíocht úrscothach a chur in úsáid agus éifeachtúlacht agus táirgeacht fuinnimh in‑athnuaite a uasmhéadú. Mar shampla, sa tSualainn ceadaítear an tsamhail cheada sin a chur i bhfeidhm cheana le haghaidh tionscadail ghaoithe áirithe. Ní mór d’fhorbróirí tionscadail achar an tionscadail, an t‑uaslíon tuirbíní, uasairde an bhairr, limistéir shrianta laistigh de réimse an tionscadail agus uaslorg an bhonneagair a léiriú. Tá an tsolúbthacht acu an leagan amach a bharrfheabhsú agus méid an rótair agus airde an mhoil a mhéadú nó a laghdú. Ceadaítear d’fhorbróirí freisin an teicneolaíocht tuirbíní is déanaí a úsáid chun an leagan amach a bharrfheabhsú agus an acmhainneacht sa chead a uasmhéadú 27 . Údaraíonn an Rómáin athruithe ar an gcineál tuirbín gaoithe tar éis eisiúint an cheada tógála chríochnaithigh, fad a chomhlíontar príomhpharaiméadair (airde an bhairr agus an rótar). Níl le déanamh ag forbróirí ach fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi na hathruithe sin.

3.Comhordú inmheánach agus nósanna imeachta soiléire agus digitithe chun castacht na bpróiseas údarúcháin riaracháin a laghdú

De réir an Bhallstáit, ní mór do thionscnóirí tionscadail idirghníomhú le riaracháin ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach agus/nó le ranna nó aireachtaí éagsúla. De dheasca leibhéil éagsúla de reachtaíocht agus nósanna imeachta náisiúnta agus réigiúnacha a thagann salach ar a chéile uaireanta, mar aon le heaspa deighilte soiléire inniúlachtaí idir na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus/nó áitiúla, cuirtear castachtaí breise nach gá isteach agus is féidir go n‑eascróidh moilleanna ar an bpróiseas maidir le deonú ceadanna as sin. De réir páirtithe leasmhara, ní léir i gcónaí an amhlaidh gur éigeantach rannpháirtíocht údarás áirithe sa phróiseas údarúcháin riaracháin éigeantach ná gur ceangailteach a dtuairim. Thairis sin, nuair atá comhlachtaí poiblí éagsúla rannpháirteach i ndeonú ceada, is minic a bhíonn easpa trédhearcachta ann maidir le stádas iarratais tionscadail agus leis an gcéim inarb ann do scrogall. Thairis sin, tá rolladh amach uirlisí agus réiteach digiteach míchothrom ar fud na riarachán.

a.Forálacha REDII maidir leis an ionad ilfhreastail agus comparáid idir dea‑chleachtais ina dtrasuí 

Le REDII ceanglaítear ar na Ballstáit pointe teagmhála aonair a ainmniú (‘ionad ilfhreastail’) le haghaidh deonú ceadanna chun sócmhainní giniúna foinsí fuinnimh in‑athnuaite agus bonneagar eangaí gaolmhar a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú 28 , comhchosúil le forálacha Rialachán GTE‑F 29 agus mar a bheartaítear faoin bpacáiste um dhícharbónú na margaí hidrigine agus gáis 30 . Is ann do shamplaí in earnálacha eile freisin inar laghdaíodh, a bhuí le tabhairt isteach na n‑ionad ilfhreastail, an t‑am agus an costas a infheistíodh chun faisnéis a lorg, go háirithe i ndáil le ceanglais cheadúnúcháin agus cheadúcháin 31 . I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, tugtar le REDII an tsolúbthacht do na Ballstáit na rialacha cur chun feidhme is iomchuí a roghnú, ar choinníoll nach gceanglaítear ar iarratasóirí dul i dteagmháil le níos mó ná pointe teagmhála amháin le haghaidh an phróisis iomláin maidir le deonú ceadanna.

Is ann do roghanna éagsúla chun an t‑ionad ilfhreastail a dhearadh. Le hionad ilfhreastail riaracháin amháin seoltar an chumarsáid idir tionscnóir an tionscadail foinsí fuinnimh in‑athnuaite agus na húdaráis ábhartha atá rannpháirteach i ndeonú na gceadanna éagsúla is gá chun gléasra cumhachta a thógáil agus chun é a nascadh leis an eangach. Is féidir síneadh le sainordú an phointe teagmhála riaracháin a bheartú freisin, agus is féidir é a chur ar iontaoibh an phointe teagmhála féin na ceadanna uile is gá a eisiúint. Is féidir ionaid ilfhreastail iomadúla a chur ar bun chun déileáil le méideanna tionscadail, teicneolaíochtaí foinsí fuinnimh in‑athnuaite nó deighiltí riaracháin éagsúla i mBallstát, fad is féidir le gach iarratasóir a bheith ag brath ar phointe teagmhála aonair le haghaidh tionscadal ar leith.

Chuir eintitis atá freagrach as bonneagar eangaí ionaid ilfhreastail ar bun freisin, amhail na ‘údaráis náisiúnta inniúla’ le haghaidh tionscadail leasa choitinn faoi Rialachán GTE‑F, nó Údaráis Rialála Náisiúnta, Oibreoirí Córais Tarchurtha, agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla le haghaidh cineálacha eile eangach. Tá dlúthchomhordú agus ailíniú ar phróisis idir ionaid ilfhreastail REDII agus ‘na húdaráis náisiúnta inniúla’ inmholta i gcás tionscadail leasa choitinn. D’fhéadfadh struchtúir chomhair réigiúnaigh atá ann cheana lena ndéileáiltear le beartas fuinnimh, amhail na grúpaí ardleibhéil polaitiúla thuasluaite, a bheith iomchuí chun an dlúthchomhar sin a fhiosrú agus a leathnú.

A mhéid a bhaineann le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear REDII, i bhformhór na gcásanna, d’ainmnigh na Ballstáit gníomhaireacht fuinnimh náisiúnta atá ann cheana nó gníomhaireacht cur chun feidhme eile mar an pointe teagmhála aonair, agus é de chúram uirthi an próiseas riaracháin maidir le hiarratas a dhéanamh agus le deonú ceada a chuíchóiriú. Trí na húdaráis uile lena n‑áirithíonn an pointe teagmhála aonair cumarsáid agus comhordú a liostú, méadaítear deimhneacht agus trédhearcacht le haghaidh tionscnóirí tionscadail, agus déantar amhlaidh freisin trí thagairt a dhéanamh don reachtaíocht shonrach ar ar féidir leis an bpointe teagmhála comhairle a sholáthar.

I gcás na Danmhairge, ainmníodh Gníomhaireacht Fuinnimh na Danmhairge (DEA) mar an pointe teagmhála, agus soláthraíonn sí treoraíocht fhoriomlán maidir leis an bpróiseas riaracháin, lena n‑áirítear na bearta nach mór a dhéanamh chun saoráidí fuinnimh in‑athnuaite a bhunú agus a oibriú. I gcás gaoth amach ón gcósta, eisíonn DEA féin ceadanna le haghaidh tionscadail laistigh d’uiscí críochacha na Danmhairge agus dá Crios Eacnamaíoch Eisiach. Ullmhaíonn agus eisíonn DEA na ceadúnais trí phróiseas atriallach leis na húdaráis ábhartha agus cuireann sé faisnéis thionscadalsonrach in iúl do na húdaráis chun leasanna coinbhleachta a mhaolú 32 .

I gcás na Sualainne, cuirtear de chúram ar Ghníomhaireacht Fuinnimh na Sualainne pointe teagmhála digiteach a bhunú agus a bheith freagrach as. Ní mór naisc dhíreacha leis na húdaráis a dhéileálann le cás a sholáthar tríd an bpointe teagmhála. Leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear REDII áirítear liosta údarás freisin a thabharfaidh cúnamh don phointe teagmhála, lena n‑áirítear údaráis agus gníomhaireachtaí atá freagrach as saincheisteanna muirí, cosaint an chomhshaoil, an oidhreacht náisiúnta agus an talmhaíocht, mar aon leis na bardais.

Cuirtear de chúram ar phointe teagmhála aonair na Fionlainne comhairle nós imeachta a sholáthar maidir le nósanna imeachta um údarú agus nósanna imeachta riaracháin eile le haghaidh gléasraí táirgeachta fuinnimh in‑athnuaite. Leis na forálacha náisiúnta áirítear liosta eilimintí a bhfuil feidhm ag dualgas comhairle an phointe teagmhála maidir leis, lena n‑áirítear tuairim na bhFórsaí Cosanta maidir le hinghlacthacht na tógála cumhachta gaoithe.

b.Samplaí de dhea‑chleachtais eile chun castacht nósanna imeachta riaracháin a laghdú lastall de REDII

I gcásanna inar gá do riaracháin éagsúla comhordú agus a bhformheas a thabhairt, d’fhéadfaí easpa freagra ó riarachán amháin lena gcuirtear moill ar na chéad bhearta eile a mhaolú trí thost riaracháin dearfach a thabhairt isteach faoi choinníollacha a shainítear go soiléir agus mura rud é go gceanglaítear freagra le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Thug an Spáinn tost riaracháin dearfach isteach le déanaí le haghaidh bearta riaracháin sonracha i bhforaithne 2020 le haghaidh suiteálacha uath‑ídiúcháin leictreachais agus páirceanna gréine. Aon uair is gá do riaracháin éagsúla atá rannpháirteach freagra a thabhairt dá chéile agus nach ndéanann siad amhlaidh laistigh de 30 lá, meastar gur formheasadh an beart riaracháin sonrach.

A mhéid a bhaineann le huirlisí agus réitigh dhigiteacha a úsáid ar bhealach níos leithne le linn na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, ceanglaítear le REDII go gceadaítear do na hiarratasóirí doiciméid ábhartha a chur isteach i bhfoirm dhigiteach freisin 33 . Thairis sin, dá n‑úsáidfí ríomhchumarsáid chun úsáid foirmeacha páipéir a ionadú agus ardáin cumarsáide digití lena n‑aontaítear na próisis iarratais éagsúla, d’fhéadfaí cuidiú leis an bhfoireann freisin sna húdaráis um dheonú ceadanna na hiarratais a láimhseáil, agus d’fhéadfadh sé a bheith ina bhonn mar aon leis sin chun faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta agus feabhas a chur orthu. Leis sin mhéadófaí trédhearcacht le haghaidh tionscnóirí tionscadail freisin i dtaobh stádas reatha a n‑iarratais, agus cheadófaí do na húdaráis éagsúla uile lena mbaineann rochtain a fháil ar an iontráil tionscadail láraithe chéanna freisin.

Maidir leis sin, d’áirigh an Chipir athchóiriú ina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta (RRP) lena gcuirtear ionad ilfhreastail digiteach ar bun chun deonú ceadanna a chuíchóiriú le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite. De réir a Plean Téarnaimh agus Athléimneachta, d’iarr an Chipir cúnamh teicniúil freisin ar Ard‑Stiúrthóireacht an Athchóirithe chun cuidiú léi an mhodheolaíocht is gá le haghaidh fhorbairt an ionaid ilfhreastail a dhearadh. Thug Stát na Sacsaine Íochtaraí sa Ghearmáin foirm iarratais údarúcháin leictreonach isteach le haghaidh iarratais cosanta iontaíochta (ELiA) 34 , rud atá in úsáid ag ocht stát fheidearálacha de chuid na Gearmáine agus lena dtairgtear aighneacht chriptithe ar dhoiciméid iarratais. San Ísiltír, is ann d’ardán ar líne le haghaidh ‘Cead Ilfheidhme le haghaidh Gnéithe Fisiciúla’ le haghaidh gaoth ar talamh agus fótavoltachas talamhshuite. Gan beann ar cé acu is é nó nach é an bardas, an cúige nó an rialtas náisiúnta an t‑údarás freagrach sa nós imeachta um dheonú ceadanna, tá an t‑ardán ar líne inrochtana, le haghaidh an údaráis fhreagraigh agus an fhorbróra tionscadail araon. Ina theannta sin, úsáideann cúigí áirithe an t‑ardán ar líne chun iarratas a dhéanamh ar Chead Dúlra freisin.

Tá pointí faisnéise aonair ábhartha freisin le haghaidh faisnéis fothaithe acmhainneachta, comhairle agus oiliúint le haghaidh saoránach agus pobail fuinnimh in‑athnuaite. Le faisnéis, lena mbaineann údaráis náisiúnta agus áitiúla araon, d’fhéadfaí a áireamh i.a faisnéis maidir le ceanglais nós imeachta chun ceadúnais agus ceadanna a fháil. Is féidir tacaíocht a thabhairt freisin do líonraí pobal fuinnimh chun na pointí faisnéise sin a fhorbairt.

4.Acmhainní daonna leordhóthanacha agus sciliú eintiteas um dheonú ceadanna

Chun próiseáil a dhéanamh ar líon méadaitheach ceadanna tionscadail ceanglófar líon leordhóthanach foirne atá oilte go leormhaith in údaráis um dheonú ceadanna agus in oibreoirí eangaí, mar aon le foireann atá freagrach as measúnuithe comhshaoil agus cúirteanna náisiúnta a dhéileálann le nósanna imeachta achomhairc. Mar a mhínítear sa tuarascáil eatramhach RES Simplify agus mar a deimhníodh leis na comhairliúcháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún le haghaidh an tionscnaimh seo, is bacainn thábhachtach roimh chur in úsáid tionscadail i mórán Ballstát faoi láthair an easpa foirne in údaráis um dheonú ceadanna – níl go leor foirne ann, sin agus/nó níl an saineolas ná na scileanna is gá ag an bhfoireann chun na hiarratais ar thionscadail a phróiseáil. De réir thorthaí na tuarascála, tuairiscítear go bhfuil an ganntanas foirne níos leitheadaí i mBallstáit mhóra, mar is mó an fhadhb ar an leibhéal náisiúnta ná mar atá ar an leibhéal réigiúnach, cé go bhfuil easpa saineolais níos coitinne i margaí nach bhfuil chomh heolach sin ar theicneolaíocht ar leith agus ag a bhfuil níos lú tionscadail tugtha i gcrích. Is minic is ann don easpa saineolais ar an leibhéal áitiúil, áit is annaimhe deiseanna ag an bhfoireann chun speisialtóireacht a dhéanamh, agus/nó baineann sí le ceisteanna teicniúla agus dlíthiúla casta. Tá an méid sin coiteann go háirithe i limistéir thuaithe, ag a bhfuil inniúlachtaí riaracháin beaga, ach ina ndeartar tionscadail fuinnimh in‑athnuaite mhóra. Bíonn tionchar ag saincheisteanna maidir le soláthar foirne ar bhacainní eile ós rud é nach bhfuil an inniúlacht ag na húdaráis a n‑obair a chomhordú le chéile, rud lena bhféadfar próisis riaracháin a fhorghníomhú ar bhealach níos rianúla. Áirítear leis sin cur chun feidhme pointe teagmhála aonair, i gcás inar féidir scrogaill bhreise a chruthú sna nósanna imeachta riaracháin de dheasca easpa foirne nó saineolas ábhartha 35 . Dá réir sin, tá sé ríthábhachtach scileanna iomchuí agus poist tharraingteacha a áirithiú sna hearnálacha lena mbaineann, ar fud na leibhéal riarachán éagsúil, lena n‑áirítear ach gan bheith teoranta d’údaráis um dheonú ceadanna.

Tá gá le cur chuige spriocdhírithe agus réamh‑mheastach chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais foirne ar thaobh amháin, agus ar an mbearna scileanna ar an taobh eile. Mar chuid den chur chuige sin agus i gcomhréir le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh i leith príomhshruthú inscne i ngach réimse 36 , lena n‑áirítear an t‑aistriú glas agus digiteach, ba cheart aird shonrach a thabhairt ar rannpháirtíocht na mban agus ar chomhdheiseanna do chách a mhéadú ar gach leibhéal.

Ina bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna), iarradh ar an Ballstáit faisnéis a sholáthar ar an acmhainneacht giniúna fuinnimh in‑athnuaite suiteáilte beartaithe iomlán ó 2021 go 2030, arna roinnt le hacmhainneacht agus athchumhachtú nua, in aghaidh na teicneolaíochta agus na hearnála in MW. Ceanglaíodh ar na Ballstáit bearta sonracha a shainaithint freisin chun faisnéis agus oiliúint a sholáthar. Leis an acmhainneacht shuiteáilte bheartaithe sin, i dteannta measúnú ar bhreiseanna acmhainneachta arna soláthar leis na leibhéil foirne atá ann cheana, ba cheart na Ballstáit a threorú chun na riachtanais foirne agus buiséadúcháin de chuid údaráis um dheonú ceadanna a mheas.

Cé gurb ann do shonraí fostaíochta teoranta le haghaidh údaráis um dheonú ceadanna, sa Spáinn dhámh réigiún Aragón 1 100 MW de cheadanna feirme gaoithe nua ar talamh in 2018, agus 30 comhalta foirne dírithe go hiomlán ar iarratais ceada gaoithe agus fótavoltachais a phróiseáil 37 . Leithdháil an Fhionlainn EUR 6 mhilliún óna Plean Téarnaimh agus Athléimneachta chun acmhainní daonna a fhostú go sealadach le haghaidh ceadanna agus nósanna imeachta comhshaoil agus próiseáil tionscadail in 2021‑2023, agus chun tacú le teicneolaíochtaí fuinnimh nua, lena n‑áirítear gaoth amach ón gcósta, grianfhuinneamh mórscála agus fuinneamh geoiteirmeach. Úsáidfear an tacaíocht airgeadais le haghaidh costais phearsanra a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar mheasúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol, achomhairc a phróiseáil in aghaidh cinntí ceada comhshaoil agus chun tacú le bardais agus contaetha pleanáil úsáide talún agus deonú ceadanna tógála a áirithiú. Chuir an Iodáil tascfhórsa 40 comhalta ar bun, arna mhaoirsiú ag an Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch, dírithe ar chur chun feidhme a Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus a Plean Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá de chúram air dlús a chur le Measúnuithe ar an Tionchar ar an gComhshaol a phróiseáil. Tá taithí ghairmiúil 5 bliana ar a laghad ag gach comhalta den tascfhórsa agus na scileanna is gá chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe teicniúla, comhshaoil agus tírdhreacha de thionscadail maidir le foinsí fuinnimh in‑athnuaite. Le plean simpliúcháin 18 bpointe na Gearmáine um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail gaoithe ar talamh beartaítear gur gá do na stáit fheidearálacha a áirithiú go mbeidh foireann leordhóthanach leithdháilte ag na húdaráis phleanála agus formheasa agus an trealamh teicniúil is gá acu chun na hiarratais ar cheadanna a phróiseáil. Thairis sin, le comhaontú chomhghuaillíocht na Gearmáine áirítear tagairt d’fhoirne tionscadail seachtracha chun an t‑ualach ar na húdaráis um dheonú ceadanna a mhaolú.

A mhéid a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an saineolas iomchuí ar shaincheisteanna dlíthiúla agus teicniúla ag an bhfoireann ag údaráis atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar cheadanna tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, mar chéadchéim fhéideartha amháin chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí scileanna reatha d’fhéadfaí Comhghuaillíocht Erasmus+ a chur ar bun le haghaidh comhar earnála ar scileanna idir na húdaráis phoiblí, an tionscal, comhpháirtithe sóisialta agus institiúidí oideachais agus oiliúna. In 2021, tharla cruinniú comhchéime ardleibhéil den Chomhshocrú um Scileanna, inar cruinníodh le chéile páirtithe leasmhara ón tionscal fuinnimh in‑athnuaite 38 , mar chuid de shraith cruinnithe comhchéime le héiceachórais thionsclaíocha chun rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a shlógadh sa Chomhshocrú um Scileanna. Is samhail rannpháirteachais nua an Comhshocrú um Scileanna chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin scileanna is gá le haghaidh an téarnaimh eacnamaíoch agus an Straitéis Eorpach maidir le Tionsclaíocht, agus na haistrithe glasa agus digiteacha a chur i gcrích. Is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna ar fud éiceachórais thionsclaíocha trí chuideachtaí, oibrithe, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí tionscail, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, comhlachais tráchtála agus seirbhísí fostaíochta a shlógadh chun infheistiú i ngníomhartha uas‑scilithe agus athscilithe. Mar bheart leantach ar an gcruinniú comhchéime tá an Coimisiún ullamh chun ullmhú comhpháirtíochta scileanna mórscála a éascú le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite ar talamh. Ina theannta sin, tá deiseanna cistiúcháin ábhartha ón Aontas ar fáil (e.g. LIFE, cistí beartais comhtháthaithe, Ionstraimí um Chúnamh Teicniúil). Sa chomhthéacs sin, tá aitheantas frithpháirteach ar dhioplómaí, scileanna agus cáilíochtaí ar fud an Aontais ríthábhachtach freisin agus tá tábhacht ar leith leis sin i réigiúin teorann an Aontais 39 .

Is gá aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá le tionscnaimh oiliúna agus scileanna a spriocdhíriú go sonrach freisin ar fhoireann na n‑údarás réigiúnach agus áitiúil um dheonú ceadanna, agus sonraíochtaí a ról a chur san áireamh. Ina leith sin, spreagtar na Ballstáit chun beart a dhéanamh agus deiseanna oiliúna leordhóthanacha a sholáthar.

Tá Treoirphlean teicneolaíochta muirí um Chomhar Earnála maidir le Scileanna ar bun cheana féin, lena n‑oibrítear ar straitéis scilithe um fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite amach ón gcósta, agus lena ndéantar acmhainneacht na hearnála chun bheith ina spreagadh le haghaidh na n‑aistrithe digiteacha agus glasa a fhiosrú freisin. D’fhéadfadh nascadh riaracháin a bheith ábhartha go háirithe san earnáil amach ón gcósta, ós rud é go bhfuil roinnt Ballstát ar tí tionscadail in‑athnuaite amach ón gcósta a cheadú den chéad uair, cé go bhfuil níos mó taithí faighte ag cinn eile.

D’fhonn malartú faisnéise a éascú, castacht i gcur chun feidhme tionscadal fuinnimh in‑athnuaite mórscála a laghdú agus an gá práinneach le fothú acmhainneachta a mhaolú, d’fhéadfadh na Ballstáit a bheartú ardáin dheonacha a chur ar bun freisin le haghaidh údaráis um dheonú ceadanna. D’fhéadfadh na hardáin sin gníomhú mar stórtha comhroinnte eolais lena soláthraítear dea‑chleachtais, a bhfuil sé d’aidhm acu an éifeachtúlacht a mhéadú nó sineirgí a shainaithint sna próisis éagsúla sna Ballstáit. Ina theannta sin, mar a bhí i gceist le haghaidh tionscadail bhonneagair freisin, d’fhéadfadh tionscnóirí tionscadail tairbhiú de thionscnaimh fothaithe acmhainneachta a bhfuil sé d’aidhm acu deireadh a chur le moilleanna de dheasca cháilíocht íseal na ndoiciméad agus na staidéar a cuireadh faoi bhráid na n‑údarás um dheonú ceadanna.

5.Suíomhanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a shainaithint agus a phleanáil ar bhealach níos fearr

Córas fuinnimh dícharbónaithe atá bunaithe den chuid is mó ar fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite, is iondúil go mbíonn gá le níos mó spáis lena aghaidh ná mar a bhíonn i gceist leis an gcóras fuinnimh traidisiúnta, ar saintréith de gléasraí táirgeachta fuinnimh láraithe a bhíonn níos mó. Ós rud é gur ilchríoch dhlúthdhaonra í an Eoraip i gcodanna móra, is minic a bhíonn coinbhleachtaí úsáide talún ann agus gá le hearraí agus leasanna poiblí éagsúla a chothromú. Tá iomaíocht roimh thionscadail fuinnimh in‑athnuaite chun rochtain a fháil ar limistéir oiriúnacha agus tá srianta úsáide talún/mara rompu freisin a eascraíonn go háirithe as an talmhaíocht/iascaigh, bealaí iompair mhuirí, oidhreacht chultúrtha agus gníomhaíochtaí cosanta. Chun dlús a chur le cur in úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite idir an meántéarma agus an fadtéarma, is príomhionstraimí iad dá bhrí sin an phleanáil spásúil dhea‑dheartha agus staidéir féidearthachta anailíseacha. Déantar idirghabháil leo i gcéim luath, agus an acmhainneacht acu laghdú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil, coinbhleachtaí úsáide talún/mara agus forbróirí tionscadail a chur i dtreo láithreáin oiriúnacha, lena bhféadfar dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna dá réir sin.

a.Srianta úsáide talún/mara agus dea‑chleachtais chun sainaithint limistéar oiriúnach a éascú

Cur chuige níos straitéisí chun láithreáin a ainmniú le haghaidh cur in úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite tríd an bpleanáil spásúil, beidh sé lárnach chun spás leordhóthanach a chur ar fáil chun óstáil a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí fuinnimh in‑athnuaite breise a cheanglaítear chun spriocanna an Aontais a chomhlíonadh. Is le teicneolaíochtaí amach ón gcósta agus ar talamh araon a bhaineann sé sin le haghaidh na giniúna cumhachta in‑athnuaite, mar aon leis an earnáil teasa in‑athnuaite. Féadfaidh an leibhéal riaracháin ábhartha le haghaidh na bpleananna sin a bheith éagsúil de réir na teicneolaíochta – mar shampla, ba ghá láithreáin oiriúnacha le haghaidh suiteálacha gaoithe a shainaithint ar leibhéal níos réigiúnaí, cé gur féidir láithreáin fótavoltachais gréine bheaga a ainmniú ar an leibhéal bardasach. Forbraítear Pleananna Spásúla Muirí ar an leibhéal náisiúnta, níos mó agus níos mó i gcomhar le tíortha comharsanacha laistigh den imchuach farraige céanna. Leis an Straitéis amach ón gCósta 40 soiléiríodh go raibh an Phleanáil Spásúil Mhuirí ina príomhcholún de chur in úsáid na dteicneolaíochtaí sin. Le Rialachán GTE‑F athbhreithnithe ceanglaítear ar na Ballstáit dul i gcomhar chun a spriocanna cur in úsáid a shocrú le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta in 2050, agus bearta idirmheánacha ann in 2030 agus 2040. Leis an Teachtaireacht REPowerEU iarradh ar na Ballstát limistéir talún agus mhara oiriúnacha a shainaithint go gasta le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, i gcomhréir lena bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus a rannchuidiú i leith sprioc fuinnimh in‑athnuaite athbhreithnithe 2030. Mar chuid den phróiseas mapála sin, ba cheart limistéir theoranta atá sainithe go soiléir a ainmniú mar limistéir atá an‑oiriúnach le haghaidh forbairt foinsí fuinnimh in‑athnuaite (sprioclimistéir athnuaiteán), agus an tráth céanna limistéir atá luachmhar ó thaobh an chomhshaoil de a sheachaint a mhéid is féidir agus tosaíocht a thabhairt inter alia do thalamh díghrádaithe nach féidir a úsáid don talmhaíocht.

Maidir leis sin, ba thairbhiúil an fhéidearthacht a bhaineann le húsáid a bhaint as limistéir dhíghrádaithe a fhiosrú, amhail seanchairéil, mianaigh dhúnta, líontaí talún nó seanlimistéir thionsclaíocha, carrchlóis agus limistéir feadh conairí iompair, amhail mórbhealaí agus ráillí traenach. I gcásanna áirithe is féidir tairbhí breise a thairiscint trí láithreáin athfhorbraíochta a fhorbairt le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite, amhail gaireacht do limistéir uirbeacha agus gréasáin bóithre, agus naisc leis an eangach. Ar an taobh eile, cheanglófaí leis sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ghaolmhara amhail éilliú, saincheisteanna úinéireachta nár réitíodh nó easpa dreasachtaí le haghaidh athfhorbairt láithreán athfhorbraíochta.

Rud atá tábhachtach, i gcomhthéacs an aistrithe chóir, mianaigh ghuail atá suite sna réigiúin ghuail i mbun aistrithe, d’fhéadfaidís teacht chun bheith ina suíomhanna tarraingteacha lena dtiontú ina láithreáin ghaoithe agus fótavoltachais gréine, nó ina láithreáin táirgeachta geoiteirmí nó hidrigine fiú, de réir an tsuímh agus an éiceachórais thionsclaíoch mháguaird. Ar bhealach níos ginearálta, tá acmhainneacht thábhachtach ag réigiúin ghuail le haghaidh cur in úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite – rud a mheastar a bheith cothrom le thart ar 1.4 GW de chumhacht ghaoithe agus 2.7 GW de ghrianfhuinneamh 41 . Buntáiste breise atá ag iar‑láithreáin saothraithe breosla iontaise is ea gur minic a bhíonn nascadh maith acu leis an eangach, agus lucht saothair ar fáil ar an láthair. Is ann do shamplaí sa Spáinn, sa Ghréig nó san Ungáir, agus tá bealaí á bhfiosrú ag an nGearmáin chun fótavoltachas snámhach a úsáid ar lochanna a eascraíonn as bearta aisghabhála in iarlimistéir mhianadóireachta ligníte.

Go dtí seo, níl ceanglais shonracha in REDII maidir le roghnú láithreáin ná le réimsí tosaíochta a shainiú le haghaidh forbairt foinsí fuinnimh in‑athnuaite. Mar sin féin, sa reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 15 REDII, leag an Iodáil amach na rialacháin is infheidhme chun limistéir oiriúnacha a shainaithint le haghaidh suiteáil foinsí in‑athnuaite fuinnimh. Ní mór an acmhainneacht iomlán is féidir a shuiteáil sna limistéir shainaitheanta a bheith ar a laghad cothrom leis an acmhainneacht a shainaithnítear sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide mar an acmhainneacht is gá chun na cuspóirí a bhaint amach a mhéid a bhaineann le forbairt foinsí fuinnimh in‑athnuaite. Sonraítear leis na rialacháin sin freisin gur gá an tionchar ar an gcomhshaol, an oidhreacht chultúrtha, an tírdhreach, mar aon le breithnithe ábhartha eile amhail an infhaighteacht acmhainní agus bonneagar eangaí a chur san áireamh agus limistéir atá oiriúnach le haghaidh foinsí fuinnimh in‑athnuaite á sainaithint.

Tá comhordú ar fud leibhéil éagsúla rialtais ríthábhachtach go háirithe i stáit fheidearálacha nó i dtíortha ina bhfuil réigiúin fhéinrialaitheacha. Sa Ghearmáin, ceanglaítear ar na stáit fheidearálacha tuairisciú don rialtas feidearálach ar stádas foinsí fuinnimh in‑athnuaite, lena n‑áirítear ar shuiteálacha foinsí fuinnimh in‑athnuaite ceadaithe, an dul chun cinn maidir le hathchumhachtú, an limistéar talún atá ar fáil le haghaidh cur in úsáid fuinnimh gaoithe breise de réir pleananna réigiúnacha agus uirbeacha um úsáid talún. Leis an gcomhaontú comhghuaillíochta foráiltear go bhfuil dhá faoin gcéad den limistéar talún le bheith ainmnithe le haghaidh fuinneamh gaoithe ar talamh. I stáit fheidearálacha Hessen agus Schleswig‑Holstein, cuireadh an méid sin chun feidhme go rathúil cheana féin.

I dteannta creat tacúil maidir leis an bpleanáil spásúil, le huirlisí digiteacha amhail bunachair sonraí ar líne maidir le córas faisnéise geografaí (GIS) agus cadastair, féadfar sainaithint talún oiriúnaí a éascú freisin (e.g. lena dtaispeántar acmhainneacht de réir teicneolaíochta 42 , limistéir shrianta, talamh díghrádaithe nach bhfuil inúsáidte le haghaidh na talmhaíochta, an infhaighteacht eangaí, tionscadail agus sonraí/staidéir atá ann cheana, réamh‑mheasúnuithe comhshaoil). Ar leibhéal an Aontais, tá cuid de na sonraí sin á samhlú ag an tSaotharlann Tíreolaíochta Fuinnimh agus Tionscail (EIGL) 43 . Tá áireamh tacar sonraí in EIGL díreach tugtha i gcrích ag an gCoimisiún,, rud is féidir a bheith ina chuidiú ag na Ballstáit chun limistéir oiriúnacha a shainaithint le haghaidh tionscadail fuinnimh gaoithe agus grianfhuinnimh. Cé go bhfuil tacair sonraí ábhartha ag brath ar an bhfoinse fuinnimh in‑athnuaite atá á measúnú, áiríodh an méid seo a leanas in EIGL cheana féin: Láithreáin Natura 2000, limistéir atá ainmnithe go náisiúnta, príomhlimistéir bhithéagsúlachta agus limistéir éan thábhachtacha, agus sonraí ithreach 44 .

Cé gurb amhlaidh nach dtugtar isteach aon srian ná teorainn le cur in úsáid bonneagar in‑athnuaite i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha le háireamh na dtacar sonraí sin san uirlis mhapála, éascaítear lena gcur in úsáid agus coinbhleachtaí á n‑íoslaghdú san am céanna. Dá réir sin, beartaítear an uirlis mhapála mar ionstraim chumasúcháin agus chumhachtúcháin chun tacú le roghanna pleanála ó údaráis náisiúnta agus réigiúnacha nach mbeadh rochtain láithreach acu murach sin, b’fhéidir, ar raon iomlán na sonraí atá ar fáil, agus tairbhí ar leith ann le haghaidh tionscadail ar dócha go mbeidh tionchair trasteorann acu. Dá réir sin, ba cheart cinntí infheistíochta ó ghníomhaithe eacnamaíocha a threorú leis sin agus tacú leo ar bhonn na hintuarthachta agus na soiléireachta. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún forbairt bhreise a dhéanamh ar an uirlis mhapála sin trí thacair sonraí agus naisc bhreise a ionchorprú le huirlisí digiteacha pleanála spásúlachta na mBallstát.

Sa Danmhairg, is comhpháirtíocht phoiblí chomhpháirteach é an t‑ardán ar líne Tairseach Chomhshaoil na Danmhairge 45 faoi úinéireacht an stáit, na mbardas agus na réigiún. Cumhdaítear an tír iomlán leis an tairseach agus áirítear léi sonraí sonracha maidir leis an gcomhshaol, le huisce, leis an dúlra agus le húsáid talún. Cumasaítear d’údaráis léi sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus rochtain a fháil orthu ar fud aonaid riaracháin, earnálacha agus limistéir gheografacha. Is féidir le saoránaigh phríobháideacha agus gairmithe an tairseach a úsáid freisin chun rochtain a fháil ar shonraí maidir le srianta úsáide talún éagsúla a bhaineann e.g. le cosaint an dúlra, caomhnú, línte tógála agus pleanáil i limistéir shonracha 46 . Sa Chróit, is ardán sonraí í Tairseach Sonraí Oscailte Phoblacht na Cróite a úsáidtear chun sonraí oscailte arna gcruthú ag an earnáil phoiblí, lena n‑áirítear sonraí geoshuímh, meitéareolaíocha agus comhshaoil, a bhailiú, a chatagóiriú agus a dháileadh. Sa Pholainn, tá an Coimisiún ag tacú le forbairt bunachair sonraí de láithreáin mhianadóireachta a bhí ann roimhe agus atá ann faoi láthair agus atá cúpláilte le GIS, arb é is aidhm dó athúsáid fhéideartha as láithreáin a shainaithint, lena n‑áirítear chun réitigh fuinnimh ghlain a chur in úsáid. Thacaigh an Coimisiún le tionscadal comhchosúil sa Ghréig freisin. I réigiún na Bruiséile sa Bheilg, is féidir leis na saoránaigh acmhainneacht a ndíonta a sheiceáil ó thaobh na giniúna fótavoltachais 47 . Chun ceadúnú agus ceadú a shimpliú le haghaidh suiteálacha teaschaidéil gheoiteirmigh mionscála, tá córais thríchriosacha ‘soilse tráchta’ á n‑oibriú cheana féin i réigiúin áirithe san Ostair, sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus san Iodáil bunaithe ar shuirbhéireachtaí geolaíochta, lena léirítear criosanna ina gceanglaítear fógra simplí, criosanna ina gceanglaítear cead agus criosanna ina bhfuil toirmeasc ar an druileáil.

b.Ilúsáid spáis

Bealach eile chun aghaidh a thabhairt ar shrianta úsáide talún/mara is ea ilúsáid spáis a éascú. Leis an gcur chuige sin sa phleanáil spásúil mhuirí, is féidir tacú le cómhaireachtáil bonneagair fuinnimh agus bealaí loingseoireachta, agus rannchuidiú le cosaint éiceachóras muirí. Le cuir chuige eile, amhail agra‑fhótavoltachas nó fótavoltachas gréine snámhach, is féidir an spás atá ar fáil le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a optamú. Ach srianta a ardú sa reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmeasctar ilúsáid spáis nó creat tiomnaithe le haghaidh ilúsáide a chruthú, d’fhéadfaí níos mó tionscadal a chumasú. Nuálaíocht sa réimse maidir le deonú ceadanna, ar próiseas an‑earnálach é de ghnáth, beidh gá léi freisin chun tacú le tionscadail ilúsáide nua.

Leis an uirlis mhapála EIGL a luaitear thuas, áirítear tacar sonraí anois freisin maidir le gléasraí cóireála fuíolluisce atá ann cheana, lena bhféadfaí tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a óstáil agus a fhorbrófar a thuilleadh chun ilúsáid spáis a éascú.

Tá treoirlínte le haghaidh tionscnaimh agra‑fhótavoltachais á bhfiosrú ag Ballstáit éagsúla (lena n‑áirítear an Ghearmáin, an Iodáil, an Fhrainc, an Spáinn agus an Pholainn), cleachtas a bhaineann le talmhaíocht agus táirgeacht fótavoltachais gréine a chomhcheangal, rud atá tagtha chun bheith níos forleithne le blianta beaga anuas. Le dé‑úsáid tríd an agra‑fhótavoltachas is féidir cuidiú le glacacht phoiblí a fháil agus dul chun tairbhe go díreach d’fheirmeoirí agus pobail tuaithe. Léirítear le taighde eolaíoch gur féidir comhthairbhí teacht as na cuir chuige sin freisin, amhail coinneáil uisce níos fearr i limistéir thura agus táirgiúlacht níos fearr ar an bhforiomlán 48 . Bheadh comhdhearcadh maidir le sainmhínithe agus critéir thionchair tairbhiúil ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Réiteofaí an bealach leis sin chun agra‑fhótavoltachas a cheadú ar bhealach níos córasaí i bpleananna um úsáid talún agus chuideofaí le héifeachtaí diúltacha a sheachaint le haghaidh feirmeoirí.

Tháinig cleachtas comhchosúil chun cinn sa spás muirí, ina bhfuil láithreáin ainmnithe ag an mBeilg ina plean spásúil muirí le haghaidh forbairt chomhuaineach ar ghníomhaíochtaí, i.e. táirgeadh bia (iascaigh, dobharshaothrú) agus fuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta, rud lena gcuirtear sineirgí agus ilúsáid trí dhearadh chun cinn. Is féidir le hilúsáid forbairt freisin trí ghníomhaíochtaí nua a chur le gníomhaíochtaí atá ann cheana 49 . Is féidir gníomhaíocht eacnamaíoch mhuirí a chomhcheangal le cosaint (e.g. i láithreáin Natura 2000) nó athbhunú an dúlra freisin.

c.Glacacht agus rannpháirtíocht an phobail

Is féidir tábhacht a bheith le cur in úsáid a shainítear go lárnach nó spriocanna úsáide spáis de réir an chomhthéacs náisiúnta, ós rud é gur minic a bhreathnaíonn bardais ar fhorbairt fuinnimh in‑athnuaite ón bpeirspictíocht áitiúil agus nach gcuireann siad na spriocanna fuinnimh in‑athnuaite náisiúnta san áireamh i gcónaí. Ar an taobh eile, ba cheart glacadh le forbairt foinsí fuinnimh in‑athnuaite go háitiúil agus níor cheart breathnú uirthi mar fhorbairt a fhorchuirtear ar phobail áitiúla chun aimhleasa dóibh. Dá bhrí sin, tá rannpháirtíocht phoiblí luath i bpleananna spásúla réigiúnacha nó áitiúla a shainiú ríthábhachtach 50 , agus is amhlaidh atá bearta ríthábhachtach freisin chun go bhféadfaidh pobail áitiúla tairbhiú de shuiteálacha fuinnimh in‑athnuaite ina gcomharsanacht, sa pheirspictíocht níos leithne freisin maidir le haistriú glas atá cóir go sóisialta. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí phobail fuinnimh 51 , costais leictreachais laghdaithe nó scéimeanna rannpháirtíochta airgeadais (‘comhúinéireacht’ nó ‘comhthairbhí’) nó pleananna um fhorbairt thionsclaíoch le haghaidh réigiúin.

Is féidir na scéimeanna sin a eagrú i bhfoirmeacha éagsúla, e.g. cistiú ó fhoinsí náisiúnta nó réigiúnacha a bheith á leithdháileadh ar na húdaráis áitiúla le haghaidh soláthar limistéar agus acmhainní, táille nó cáin shonrach a bheith á híoc ag oibreoirí gléasra leis na húdaráis áitiúla, nó íocaíochtaí a bheith á ndéanamh go deonach ag oibreoirí gléasraí le comhlachas réigiúnach chun feabhas a chur ar an staid áitiúil. Ba cheart na híocaíochtaí sin a bheith faoi cheangal ag críocha sonracha chun tairbhí sóisialta saoránach a mhéadú, amhail seirbhísí sóisialta (e.g. naíscoil, seirbhísí sláinte) nó bonneagar (e.g. sráideanna nó iompar poiblí). Le creat rialála soiléir seachnaítear caibidlíocht de réir an cháis, as a bhféadfadh torthaí míchothroma leanúint agus lena bhféadfadh riosca níos airde a bheith ag baint le haghaidh mí‑iompar poiblí.

Ar na samplaí de scéimeanna a tugadh isteach ar an leibhéal náisiúnta tá ‘scéim na gcistí glasa’ le haghaidh bardais a óstálann tionscadail ghaoithe sa Danmhairg, scéim fóirdheontais le haghaidh bardais i Lucsamburg nó íosrátaí rannpháirtíochta cónaitheoirí áitiúla dá bhforáiltear i straitéisí fuinnimh réigiúnacha éagsúla san Ísiltír. San Acht um an Athrú Aeráide de chuid na nOileán Bailéarach sa Spáinn, tá foráil speisialta nach mór 20 % ar a laghad den infheistíocht a oscailt don daonra áitiúil leis na tionscadail foinsí fuinnimh in‑athnuaite uile os cionn 5 MW. Tá roghanna chun infheistíocht a dhéanamh i scaireanna de thionscadail fuinnimh in‑athnuaite ina bhféidearthacht eile le haghaidh rannpháirtíocht eacnamaíoch áitiúil fheabhsaithe, mar a chuirtear chun cinn leis an ‘Lipéad sluachistiúcháin um fhás glas’ sa Fhrainc mar shampla 52 . Mar sin féin, leis na cuir chuige shluachistiúcháin sin, mar aon le scéimeanna rannpháirtíochta airgeadais eile, ní chruthaítear tairbhí ach do na saoránaigh atá in ann infheistíocht a dhéanamh sna tionscadail (‘comhúinéireacht’, i dteannta rannpháirtíocht sa rialachas nó dá huireasa).

Is uirlisí fíorchumhachtacha iad pobail fuinnimh in‑athnuaite chun rannpháirtíocht ghníomhach agus tairbhí an daonra áitiúil a fheabhsú san aistriú fuinnimh. Is féidir leo cuidiú freisin le haghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh. Sa Ghréig, foráiltear leis an sainmhíniú ar phobail fuinnimh go nglacann siad páirt ghníomhach i laghdú a dhéanamh ar an mbochtaineacht fuinnimh agus i ndul chun cinn na táirgeachta, na stórála agus na neamhthuilleamaíochta ar na hoileáin. Chuige sin, tá tomhaltóirí leochaileacha agus saoránaigh a mhaireann faoi thairseach na bochtaineachta i dteideal glanmhéadrú fíorúil freisin agus is féidir leo tairbhiú den fhuinneamh a tháirgeann an pobal gan bheith ina gcuid de (má tá siad gar dá chéile go geografach). Sa Bheilg, d’fhorbair cuideachtaí tithíochta sóisialta samhail ghnó nuálach ina n‑infheistíonn siad i bpainéil ghréine a shocraítear ar dhíonta na dtithe sóisialta, agus áirítear sna cíosanna an costas atá ar úsáid fótavoltachais agus ar an leictreachas a ghintear. Tá an costas cíosa níos saoire ná na praghsanna leictreachais atá ann faoi láthair, a bhuí le scála tábhachtach an tionscadail 53 .

Is féidir ról suntasach a bheith ag pobail fuinnimh trasteorann i réigiúin teorann an Aontais 54 . Tá an bealach á réiteach cheana leis an tionscadal ‘SEREH – Réigiún Fuinnimh Chliste Emmen‑Haren’ 55 , faoin gclár comhair trasteorann Interreg idir an Ghearmáin agus an Ísiltír. Tá margadh leictreachais agus fuinnimh trasteorann díláraithe á fhorbairt leis an tionscadal, agus beidh réigiúin teorann eile in ann tógáil ar a thorthaí agus ar a mholtaí.

A mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht pobal san aistriú fuinnimh, in 2021 sheol EirGrid an tOibreoir Córais Tarchurtha Éireannach, Cairde na Cruinne agus Renewables Grid Initiative tionscadal comhpháirteach 3 bliana 56 chun páirt a thabhairt do phobail in idirphlé maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá bainteach le haistriú fuinnimh na hÉireann.

Is forais le haghaidh chur in aghaidh an phobail i dtaca le tionscadail í gaireacht na dtuirbíní gaoithe don tithíocht i gcásanna áirithe freisin. Sna cásanna sin tarraingíonn na saoránaigh ábhair imní anuas a bhaineann leis na núiseanna a fhulaingíonn siad, amhail torann agus tionchair fhísiúla.

Athraíonn rialacháin maidir le hachar idir tuirbíní gaoithe agus tithíocht ó Bhallstát go chéile 57 – i gcásanna áirithe braitheann an t‑achar slánachair ar an réigiún nó ar an mbardas, nó ar dhlús daonra an limistéir ina bhfuil na tuirbíní suite. I gcásanna eile, cinntear an t‑achar slánachair le hairde bhairr agus trastomhas rótair an tuirbín.

Is féidir nach dtiocfaidh ach miontairbhí breise as achair slánachair an‑ard ó thaobh laghdú torainn agus costais atá bainteach le bóithre freastail agus bonneagar tacaíochta á méadú san am céanna, agus giniúint leictreachais á lonnú níos faide ón éileamh 58 . Le rialacháin shriantacha maidir leis sin is féidir nach mbeidh sciartha móra den talamh ar fáil le haghaidh tionscadail agus/nó go laghdófar an fhéidearthacht chun feirmeacha gaoithe atá ann cheana a athchumhachtú leis an teicneolaíocht is cothroime le dáta. Dá dheasca sin, in amanna bíonn ar fhorbróirí trealamh as dáta a shuiteáil i bhfoirm tuirbíní gaoithe atá níos lú agus nach bhfuil chomh héifeachtúil sin chun na ceanglais achair a chomhlíonadh. Is féidir go roghnóidh forbróirí tionscadail síneadh saolré freisin seachas na láithreáin atá ann cheana a athchumhachtú.

Na rialacha maidir leis an achar chuig tithíocht, ba cheart gurbh iad fíorais a mbunús agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhianaise, i.e. i ndáil le cur isteach torainn agus físiúil agus ba cheart iad a bheith socraithe ag an íosmhéid is gá 59 . Agus na rialacha á socrú, is gá do na Ballstáit cothromaíocht a bhaint amach idir an gá le híoslaghdú a dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha tuirbíní gaoithe agus uasmhéadú a dhéanamh ar infhaighteacht talún le haghaidh forbairt tionscadal, agus srianta eile maidir leis an bpleanáil spásúil á gcur san áireamh freisin. Thairis sin, tá gá le faisnéis shoiléir agus thrédhearcach maidir le srianta a bhaineann leis an achar chuig tithíocht chun deimhneacht infheistíochta a áirithiú le haghaidh forbróirí tionscadail.

d.Cúrsaí comhshaoil

I measc na saincheisteanna is coitinne a bhaineann le roghnú láithreáin agus a mbíonn ar fhorbróirí tionscadail foinsí fuinnimh in‑athnuaite aghaidh a thabhairt orthu tá fad agus castacht na nósanna imeachta chun reachtaíocht chomhshaoil a chomhlíonadh mar aon le coinbhleachtaí le grúpaí leasmhara comhshaoil nó saoránaigh. Is uirlis iad ceadanna agus measúnuithe tionchair gaolmhara chun leasanna sochaíocha éagsúla a chomhardú, ach fágann sin go mbíonn an baol ann go dtabharfar ardleibhéil castachta agus dúshlán isteach i riarachán agus i gcúirteanna breithiúnais freisin dá ndeasca. I gcás inar gá measúnú a dhéanamh ar leasanna sochaíocha éagsúla agus iad a chothromú, tógann an machnamh agus an próiseas cinnteachta am mar is gá. Dá bhrí sin, is gá breithnithe comhshaoil a chomhtháthú sna próisis pleanála fuinnimh in‑athnuaite ón tús. Leis sin, is féidir na héifeachtaí suntasacha dóchúla ar an gcomhshaol a shainaithint mar aon leis na bearta a bheartaítear chun iad a chosc, a laghdú agus a fhritháireamh a mhéid agus is féidir. Thairis sin, tá roghanna ann lena gceadófaí do na Ballstáit na nósanna imeachta a chuíchóiriú chun comhlíontacht leis an reachtaíocht chomhshaoil a áirithiú agus chun roghnú láithreán oiriúnach ó thionscnóirí a éascú. Beidh an méid sin ina chuidiú freisin chun laghdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí is féidir teacht chun cinn le grúpaí comhshaoil éagsúla agus gníomhartha aonair ach le húdaráis phoiblí freisin ar leibhéil éagsúla. Leis na coinbhleachtaí sin déantar difear go háirithe do chumhacht ghaoithe, cumhacht gheoiteirmeach agus hidreachumhacht ach do shuiteálacha fótavoltachais gréine mórscála freisin 60 . Cé gur ceart bunúsach é rochtain ar cheartas, is féidir réiteach níos tapúla a fháil ar na coinbhleachtaí sin trí shásraí malartacha um réiteach díospóidí agus idirghabháil.

I.Ceanglais a eascraíonn as reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus bealaí chun comhlíontacht a chuíchóiriú

Is féidir gurb é a eascróidh as dlí an Aontais go gceanglófar measúnuithe comhshaoil éagsúla a dhéanamh le haghaidh tionscadal aonair. Is minic a thugtar isteach ceanglais bhreise shonracha i bpróisis cheada ar an leibhéal náisiúnta (e.g. maidir le saincheisteanna maoine, pleanáil úsáide talún nó oidhreacht chultúrtha). Is féidir gurb é a eascraíonn as ceanglais dhlíthiúla iomadúla agus as measúnuithe comhthreomhara le haghaidh tionscadal aonair costais riaracháin agus chur chun feidhme agus moilleanna, neamhréireachtaí agus éiginnteacht riaracháin ina gcur i bhfeidhm. Le hAirteagal 2 de Threoir MTC 61 déantar foráil go sainráite go bhféadfar MTC a chomhtháthú le nósanna imeachta eile. Leis sin tairgtear acmhainneacht shuntasach chun simpliú a dhéanamh ar dheonú ceadanna comhshaoil nuair a cheanglaítear measúnuithe comhshaoil éagsúla a eascraíonn as roinnt Treoracha (Treoir MTC, Treoir MSC, an Treoir maidir le Gnáthóga agus Éin, an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, na Treoracha Réime maidir le hUisce, Treoracha Seveso, etc.) agus nuair atá údaráis éagsúla rannpháirteach. Faoin gcur chuige ‘ionad ilfhreastail’, is féidir na measúnuithe thuas agus a bhformheas a ullmhú ar leithligh ach a bheith comhordaithe; is féidir iad a chomhcheangal le chéile freisin mar chuid de phróiseas aonair 62 .

D’fhéadfaí tacú freisin le rolladh amach rianúil ar thionscadail fuinnimh in‑athnuaite le pleanáil thrédhearcach agus straitéiseach 63 . Maidir le ceadanna comhshaoil, d’fhéadfadh na Ballstáit deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a mhéadú tríd an Treoir maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) 64 a chur i bhfeidhm go córasach maidir le doiciméid phleanála, atá ábhartha le haghaidh ceadú tionscadal in‑athnuaite. Le MSC ceadaítear forbairt tionscadal fuinnimh in‑athnuaite a phleanáil go straitéiseach agus níos mó deimhneachta ann, agus oibleagáidí comhshaoil á gcur san áireamh san am céanna. I gcás inarb infheidhme, is féidir leis na húdaráis náisiúnta agus na forbróirí tionscadail a bheith ag brath ar thorthaí MSC agus iad sin a chur san áireamh san fhorbairt tionscadail ina dhiaidh sin, go háirithe chun roghanna malartacha réasúnacha a shainaithint i gcomhthéacs na gcuspóirí maidir le caomhnú agus cosaint an dúlra. Ceadaítear leis sin do na Ballstáit leas a bhaint as acmhainneacht an fhuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite éagsúla agus maolú á dhéanamh ar na tionchair chomhshaoil dhiúltacha ó thionscadail fuinnimh san am céanna. Spreagtar leis sin cur chuige níos comhtháite agus éifeachtúla maidir leis an bpleanáil chríochach i gcás ina gcuirfear breithnithe comhshaoil san áireamh sna céimeanna luatha den phróiseas pleanála agus ar leibhéal i bhfad níos straitéisí. Is é a bhíonn mar thoradh air sin freisin níos lú coinbhleachtaí ar leibhéal an tionscadail aonair, ó thaobh substainte agus ghlacacht an phobail.

Ghlac an Coimisiún le déanaí treoraíocht mhodheolaíoch athbhreithnithe maidir le hAirteagal 6(3) agus (4) den Treoir maidir le Gnáthóga, i.e. maidir le measúnú iomchuí ar phleananna agus tionscadail atá lonnaithe i láithreáin Natura 2000 65 . Leis na treoirlínte sin, i dteannta treoirlínte earnála maidir le fuinneamh gaoithe 66 , traiseoladh fuinnimh 67 agus hidreachumhacht 68 , soláthraítear go leor samplaí praiticiúla den bhealach is féidir formheas tionscadail a éascú, gan riachtanais chosaint an dúlra a chur i mbaol, i measc nithe eile trí phleanáil (spásúil) straitéiseach, úsáid sonraí comhshaoil láidre agus bearta maolúcháin oiriúnacha. Forbraíodh treoraíocht 69 faoin Treoir Réime maidir le hUisce freisin, lena soiléirítear go háirithe roghanna chun nósanna imeachta a chuíchóiriú chun measúnú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil, bearta malartacha comhshaoil níos fearr a shainaithint, údar a thabhairt le leas poiblí sáraitheach agus bearta maolúcháin iomchuí a shainaithint.

Níl tionscadail fuinnimh in‑athnuaite faoi réir MTC éigeantach go huathoibríoch agus ba cheart do na Ballstáit tairseacha soiléire a bhunú maidir leis sin, laistigh de na solúbthachtaí a cheadaítear le Treoir MTC. Sa tSlóvaic, mar shampla, níl feidhm ag forálacha Acht MTC ach maidir le gléasraí fótavoltachais os cionn 5 MW. I gcás gléasraí sa raon cumhachta idir 5 agus 50 MW, leanann próiseas imscrúdúcháin (i.e. scagadh) as sin. Le haghaidh gléasraí fótavoltachais ag a bhfuil 50 MW agus níos airde d’acmhainneacht suiteáilte, tá feidhm ag an measúnú éigeantach.

Is amhlaidh atá critéir shoiléire agus thrédhearcacha le haghaidh measúnuithe comhshaoil arna gcur in iúl don fhorbróir tionscadail i dtús an phróisis ina mbealach eile chun dlús a chur le nósanna imeachta. Faoi Threoir MTC, féadfaidh an forbróir tuairim scóipiúcháin a iarraidh ar an údarás inniúil lena sainaithnítear inneachar agus méid an mheasúnaithe agus lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur san áireamh i dtuarascáil MTC. I roinnt Ballstát, tá an scóipiú sin éigeantach (an Bhulgáir, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, Lucsamburg, Poblacht na Seice, an Rómáin). Léiríonn taithí phraiticiúil go seachnaítear malartuithe iomadúla agus iarrataí nua idir an forbróir agus na húdaráis inniúla ag céim níos déanaí agus go gcuirtear dlús le formheas an tionscadail trí raon feidhme agus leibhéal mionsonra na faisnéise comhshaoil a shoiléiriú ag céim luath.

Chun úsáid na solúbthachtaí atá ann cheana i reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a éascú, ba cheart do na Ballstáit soiléiriú a thabhairt ina reachtaíocht náisiúnta go dtoimhdítear go bhfuil pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite, a nascadh leis an eangach agus an eangach ghaolmhar féin chun leasa phoiblí sháraithigh agus chun leas na sábháilteachta poiblí, i bhfianaise an togra reachtaigh lena leasaítear agus lena neartaítear forálacha Threoir (AE) 2018/2001 a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin. Dá réir sin, ba cheart dóibh cáiliú le haghaidh an nós imeachta is fabhraí dá bhfuil ar fáil ina nósanna imeachta um pleanáil agus deonú ceadanna.

Tagraítear don choincheap maidir le ‘cúis dhianriachtanach leasa phoiblí sháraithigh’ i bpíosaí éagsúla de reachtaíocht chomhshaoil.

Faoi Airteagal 6(4) den Treoir maidir le Gnáthóga tugtar le tuiscint leis an gcoincheap sin nach mór do na húdaráis náisiúnta inniúla a bhformheas ar na pleananna agus na tionscadail i gceist a chur faoi réir an choinníll go meastar go bhfuil cothromaíocht na leasanna idir cuspóirí caomhnaithe láithreán Natura 2000, lena ndéantar difear do na tionscnaimh sin, agus na cúiseanna dianriachtanacha, i bhfabhar na gcúiseanna dianriachtanacha sin. Ceanglaítear measúnú de réir an cháis leis sin.

Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta soiléire agus simplí a bhunú chun tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a scagadh i bhfianaise measúnú a dhéanamh ar cé acu is dócha nó nach dócha go mbeidh tionchair dhiúltacha shuntasacha acu ar láithreáin Natura 2000 astu féin nó i dteannta pleananna nó tionscadail eile. Aon uair nach féidir leis na húdaráis inniúla tionchair shuntasacha a eisiamh, ba cheart measúnú iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga.

Ba cheart scagadh agus measúnú iomchuí araon a dhéanamh i bhfianaise na gcuspóirí caomhnaithe a bhaineann le láithreán go sonrach. Chuige sin ba cheart do na Ballstáit cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le láithreán a bhunú le haghaidh láithreáin Natura 2000 uile gan moilleanna breise. Leis sin beifear in ann measúnú a dhéanamh go cuí agus go pras ar dhóchúlacht na dtionchar ar láithreáin Natura 2000 agus ar na tionchair féin le linn na céime scagtha agus an mheasúnaithe iomchuí, faoi seach. Tá soiléireacht maidir le dóchúlacht tionchar agus na tionchair féin ar láithreáin Natura 2000 chun leasa tionscnóirí tionscadail agus údaráis na mBallstát, ós rud é go gcinntear leis sin go dtugtar an nós imeachta um údarú i gcrích go gasta agus an deimhneacht dhlíthiúil a cheanglaítear ina leith.

Ba cheart do na Ballstáit an próiseas údaraithe a thabhairt i gcrích go gasta trí údarú a thabhairt do na tionscadail uile nach dócha go mbeidh tionchair shuntasacha acu ar láithreáin Natura 2000 i bhfianaise a gcuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le láithreán, astu féin nó i dteannta pleananna nó tionscadail eile.

Ba cheart do na Ballstáit an próiseas údaraithe a thabhairt i gcrích go gasta freisin trí údarú a thabhairt do na tionscadail uile ar a ndéantar measúnú mar thionscadail nach ndéantar difear leo do shláine láithreáin Natura 2000 i bhfianaise a gcuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le láithreán, astu féin nó i dteannta pleananna nó tionscadail eile. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú dá bhrí sin go ndéantar bearta maolúcháin a chomhtháthú i dtionscadail fuinnimh in‑athnuaite chun tionchair dhiúltacha ar na gnáthóga agus ar na speicis chosanta i láithreáin Natura 2000 a chosc nó a laghdú go héifeachtach.

Is féidir tionscadal fuinnimh in‑athnuaite lena ndéantar difear do shláine láithreáin Natura 2000 a údarú mura bhfuil aon réiteach malartach ann agus má mheastar go bhfuil cothromaíocht na leasanna idir cuspóirí caomhnaithe an láithreáin dá ndéantar difear agus leasanna poiblí an tionscadail i bhfabhar na leasanna sin, ar choinníoll go ndéantar na bearta cúiteacha uile is gá chun a áirithiú go gcosnófar comhleanúnachas foriomlán Natura 2000. Is faoi na húdaráis inniúla atá sé an cinneadh sin a dhéanamh, ar bhonn na leasanna atá i gceist i ngach cás sonrach. Ba cheart do na Ballstáit treoraíocht shoiléir a bhunú chun go bhféadfaidh údaráis inniúla na cinntí sin a dhéanamh i gcás tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, lena bhféadfaí údar a thabhairt i ndáil le leasanna poiblí éagsúla, e.g. le haghaidh a rannchuidithe le slándáil fuinnimh (neamhspleáchas fuinnimh ar allmhairí) nó sábháilteacht phoiblí (lena n‑áirithítear riachtanais téimh agus leictreachais) nó mar thionscadail ag a bhfuil iarmhairtí tairbhiúla agus lena bhfuil tábhacht phríomhúil le haghaidh an chomhshaoil (maolú ar athrú aeráide).

Tá an nóisean maidir le leas poiblí sáraitheach ábhartha freisin le haghaidh na bhforálacha cosanta speiceas den Treoir maidir le Gnáthóga 70 . Is é is aidhm do na forálacha sin, go háirithe Airteagal 12, speicis a chosaint trína marú nó trína gcorraí d’aon ghnó a thoirmeasc inter alia aon áit is ann dóibh agus ní hamháin i láithreáin Natura 2000. In Airteagal 16(1) tá clásal maolúcháin lena gceadaítear, inter alia, marú nó corraí a dhéanamh d’aon ghnó ar eiseamal de speiceas cosanta in éagmais rogha mhalartach shásúil agus mura ndéantar dochar leis an maolú do chothabháil na bpobal speiceas lena mbaineann ag stádas caomhnaithe fabhrach ina raon nádúrtha. Le hAirteagal 16(1) liostaítear na forais is féidir a agairt chun údar a thabhairt leis an maolú sin. D’fhéadfaí údar a thabhairt le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite faoi cheann amháin nó níos mó de na forais thuasluaite. Is den tábhacht a chur i dtábhacht go mb’fhéidir nach gá a bheith ag brath ar mhaoluithe ar an gcéad dul síos. Ní bacainn roimh fhorbairt tionscadal fuinnimh in‑athnuaite atá i gceist le marú ná corraí teagmhasach eiseamal aonair aon uair a chomhtháthaítear leis na tionscadail sin bearta maolúcháin chun marú nó corraí a chosc go héifeachtach a mhéid agus is féidir. Dá bhrí sin, sna cásanna sin níor cheart a mheas gur d’aon ghnó a rinneadh marú ná corraí teagmhasach eiseamal aonair de speicis chosanta agus dá réir sin ní thiocfadh an méid sin faoi Airteagal 12(1) den Treoir maidir le Gnáthóga ná faoi Airteagal 5 den Treoir maidir le hÉin. Ba cheart do na Ballstáit córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar mharú nó corraí teagmhasach an speicis lena mbaineann agus, i bhfianaise na faisnéise a bailíodh, bearta breise a dhéanamh mar a cheanglaítear chun a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag marú ná corraí teagmhasach ar an speiceas lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn freisin agus a cheadú gurb amhlaidh a dhéantar faireachán, le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite lena gcomhtháthaítear bearta maolúcháin nuálacha, ar a n‑éifeachtacht chun marú agus corraí éan agus speiceas cosanta eile a chosc agus, i bhfianaise na dtorthaí faireacháin, na bearta sin a oiriúnú mar is gá chun a áirithiú nach mbeidh aon tionchar diúltach suntasach aige sin ar an bpobal speiceas lena mbaineann.

An coincheap maidir le leas poiblí sáraitheach agus leis an ngá chun na buntáistí a mheá le haghaidh forbairt inbhuanaithe in aghaidh an tionchair dhiúltaigh fhéideartha ar an gcomhshaol, tá feidhm aige freisin i gcomhthéacs na Treorach Réime maidir le hUisce. Le hAirteagal 4(7) den Treoir sin ceanglaítear réamhúdarú ar na modhnuithe nó na tionscadail nua uile lena bhféadfar stádas dobharlach a mheathlú, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 71 . Ceanglaítear leis sin ar an gcéad dul síos measúnú ar an tionchar féideartha ar na dobharlaigh uile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh. I gcás ina mbeadh meathlú dóchúil, ceanglaítear leis sin measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

1)Cé acu is féidir nó nach féidir a mheas go sáraíonn na buntáistí le haghaidh forbairt inbhuanaithe an tionchar diúltach féideartha ar stádas an uisce;

2)Cé acu is ann nó nach ann do réitigh mhalartacha chomhshaoil níos fearr chun na tairbhí le haghaidh forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, réitigh nach bhfuil costas díréireach orthu;

3)Cé acu atá nó nach bhfuil na bearta praiticiúla uile á ndéanamh chun an tionchar a mhaolú a mhéid agus is féidir.

Is féidir go rachaidh faisnéis chun tairbhe do na céimeanna nós imeachta sin, ar faisnéis í a gheofar faoi mheasúnuithe atá le déanamh faoi phíosaí éagsúla eile de reachtaíocht chomhshaoil (lena n‑áirítear MSC, MTC, na Treoracha maidir le Gnáthóga), mar a mhínítear i dtreoraíocht le déanaí 72 arna forbairt ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Dá réir sin, rachadh an fhaisnéis a gheofar faoi mheasúnuithe na Treorach Réime maidir le hUisce chun tairbhe do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara sin. Le nósanna imeachta comhordaithe nó, más féidir, comhpháirteacha is féidir údarú tionscadal fuinnimh in‑athnuaite a shimpliú agus a ghiorrú, rud lena bhfuil tábhacht.

II.Cuir chuige náisiúnta lena n‑éascaítear roghnú láithreán oiriúnach nó tionscadail a oiriúnú ó thaobh an chomhshaoil

Soláthar lárnach maidir le staidéir chomhshaoil atá le fáil agus sonraí a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta a bhaineann le réigiún agus teicneolaíocht ar leith, nó measúnuithe comhshaoil arna ndéanamh go gníomhach ag údaráis a bhaineann leis na gnéithe ábhartha le haghaidh coimisiúnú foinsí fuinnimh in‑athnuaite, is uirlis an‑ábhartha é chun an próiseas um roghnú láithreáin a éascú d’fhorbróirí tionscadail nó chun go bhféadfaidh siad tionscadail a dhearadh dá réir sin.

Sa Spáinn, chruthaigh an rialtas uirlis chun cuidiú le cinnteoireacht straitéiseach maidir le suíomh suiteálacha móra gréine agus gaoithe. Leis an uirlis déantar íogaireacht comhshaoil na críche náisiúnta a mhapáil agus sainaithnítear na réimsí lena mbaineann na fachtóirí cóireála comhshaoil is mó chun tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a chur chun feidhme. Cé nach ndéantar tionscadail a dhíolmhú ón bpróiseas MTC ábhartha leis na huirlisí sin, is treoraíocht úsáideach iad chun na fachtóirí cóireála comhshaoil atá bainteach le suíomhanna suiteáilte a fhionnadh ón gcéim luath. Sa Ghearmáin, d’fhorbair Comhlachas Chaomhnú an Dúlra (NABU) agus comhlachas ghrianfhuinneamh na Gearmáine (BSW‑Solar) páipéar comhpháirteach 73 ina bhfuil critéir chun pleanáil atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de a dhéanamh ar thionscadail ghréine thalamhshuite. Sa Bheilg, coinníonn réigiún Fhlóndras léarscáil íogaireachta feirme gaoithe ar bun ar líne 74 le haghaidh éan agus ialtóg a bhfuil sé d’aidhm aici limistéir a shainaithint ina bhféadfaidh riosca a bheith ag baint le lonnú tuirbíní gaoithe le haghaidh éan nó ialtóg, lena dtugtar eolas agus treoir le haghaidh tuilleadh measúnuithe ar leibhéal láithreáin agus pleanáil straitéiseach.

Is ann do shamplaí dea‑chleachtais san Ísiltír agus sa Ghearmáin maidir le réamh‑mheasúnú comhshaoil ar láithreáin ghaoithe amach ón gcósta. Le plean forbraíochta láithreáin Ghníomhaireacht Mhuirí agus Hidreagrafach Fheidearálach na Gearmáine áirítear próisis chomhairliúcháin fhairsinge, imscrúduithe inoiriúnaitheachta luatha ar láithreáin agus measúnuithe comhshaoil straitéiseacha. A bhuí leis na hanailísí allamuigh ar chritéir oiriúnachta ghinearálta amhail gnéithe comhshaoil nó sábháilteacht mhuirí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht, tá an riosca atá bainteach le hiarratas ar údarú i bhfad níos ísle le haghaidh tionscnóirí tionscadail sa réigiún. Tá clár éiceolaíoch gaoithe amach ón gcósta á dhéanamh ag Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide na hÍsiltíre 75 , a bunaíodh chun an bonn eolais a leathnú maidir le conas a dhéantar difear do speicis chosanta le feirmeacha gaoithe. Áirítear a torthaí i gcinneadh suíomhanna todhchaí le haghaidh gaoth amach ón gcósta san Ísiltír. Bheadh sé an‑tairbhiúil d’fhorbróirí tionscadail níos lú agus in earnáil téimh na bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite dá bhforbrófaí cleachtais chomhchosúla ar thalamh.

e.Breithnithe cosanta agus eitlíochta 

Sainaithníodh coinbhleachtaí le heitlíocht agus úsáid mhíleata spáis i measc na mbacainní is coitinne roimh fheirmeacha gaoithe, go háirithe in Oirthuaisceart na hEorpa. Má nochtar le measúnú a dhéanann na fórsaí cosanta náisiúnta go bhféadfadh na feirmeacha gaoithe pleanáilte cur isteach ar chórais cumarsáide raidió agus radair mhíleata, d’fhéadfaidís cosc a chur leis an tionscadal dul ar aghaidh nó a iarraidh go suiteálfaí tuirbíní níos ísle.

Réiteach éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar an mbacainn sin is ea infheistiú i dtrealamh radair bhreise. Maidir leis sin, chinn rialtas na hEastóine infheistiú i radair bhreise, radair a thiocfaidh chun bheith oibríochtúil in 2024 agus lena gcuideofar le haghaidh a thabhairt ar na srianta airde le haghaidh tuirbíní gaoithe sa chuid thoir thuaidh den tír. Chomhaontaigh arm na hEastóine le déanaí srian a chur leis an líon criosanna nach féidir aon suiteáil fuinnimh gaoithe a thógáil iontu. Dá dhroim sin, níl aon srian airde ag 60 % de chríoch na hEastóine anois. Ar an mbealach céanna, cheannaigh an Liotuáin radair a úsáidfear chun na caochspotaí a chruthaíonn tuirbíní gaoithe le haghaidh radair mhíleata a chumhdach.

Baineann bacainn bhreise le cumas údarás míleata agus cosanta agóidí a dhéanamh in aghaidh tionscadail cumhachta gaoithe, lena n‑áirítear ag céim dhéanach d’fhorbairt an tionscadail nuair atá na ceadanna le haghaidh an tionscadail eisithe cheana agus acmhainní suntasacha geallta cheana. D’fhéadfaí an méid sin a mhaolú trí bhealaí cumarsáide tiomnaithe a chur ar bun idir ionadaithe ón earnáil fuinnimh in‑athnuaite agus ón eitlíocht chosanta agus shibhialta chun malartuithe a chumasú le linn fhorbairt an tionscadail agus teacht chun cinn agóidí ag céimeanna déanacha den tionscadal a íoslaghdú. Chuir an Fhionlainn agus an Fhrainc Meitheal thiomnaithe ar bun chun an comhar a fheabhsú idir forbróirí feirme gaoithe agus fórsaí cosanta. Thairis sin, mar bheart leantach ar an Straitéis amach ón gCósta de chuid an Aontais, tá gníomhaíocht chomhpháirteach á cur ar bun ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint chun bacainní roimh fhorbairtí fuinnimh in‑athnuaite amach ón gcósta a shainaithint i limistéir a fhorchoimeádtar le haghaidh gníomhaíochtaí cosanta agus chun feabhas a chur ar chómhaireachtáil. Tá an méid sin á chur chun feidhme faoi chuimsiú an chláir Fís Eorpach.

6.Nascadh níos fusa leis an eangach, gléasraí cumhachta teicneolaíochta comhcheangailte, teicneolaíochtaí athchumhachtúcháin agus nuálacha

Tá eangach leictreachais atá idirnasctha ar bhealach níos fearr ina réamhchoinníoll chun sciartha níos airde d’fhuinneamh in‑athnuaite a chomhtháthú sa chóras cumhachta Eorpach. Le Rialachán GTE‑F athbhreithnithe áirítear forálacha pleanála bonneagair comhtháite neartaithe arb é is aidhm dóibh na réitigh is éifeachtaí agus is éifeachtúla agus is féidir a áirithiú, trí chomhtháthú earnálacha, agus lena gceadaítear d’infheistíochtaí eangaí réamhaíocha freastal ar leathnú todhchaí ar acmhainneachtaí giniúna foinsí fuinnimh in‑athnuaite.

Cé go dtéann na forálacha maidir leis an nós imeachta simplí um fhógra a thabhairt le haghaidh nascadh leis an eangach faoi Airteagal 17 de REDII chun tairbhe do shuiteálacha mionscála, tá cead a fháil chun nascadh leis an eangach ar cheann de na céimeanna próisis a cheanglaítear le haghaidh na dtionscadal uile eile beagnach as a dtagann acmhainneachtaí táirgeachta foinsí fuinnimh in‑athnuaite. Déantar an próiseas maidir le deonú ceadanna le haghaidh sócmhainní i dtaca le nascadh leis an eangach a chumhdach leis an oibleagáid chun pointí teagmhála aonair a bhunú dá dtagraítear in Airteagal 16, arb é is aidhm dó nósanna imeachta um dheonú ceadanna iomadúla a chomhordú agus a shioncronú ar bhealach níos fearr (arna láimhseáil ag oibreoirí córais agus údaráis phoiblí). Maidir le hathchumhachtú na suiteálacha atá ann cheana (mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de REDII) agus hibridiú, i.e. teicneolaíochtaí foinsí fuinnimh in‑athnuaite éagsúla a chomhcheangal ar an láithreán céanna, is bealaí iad chun úsáid réasúnach a bhaint as acmhainneachtaí eangaí agus chun teorainn a chur le riachtanais maidir le leathnú eangaí agus ba cheart dá bhrí sin iad a éascú a mhéid is féidir.

a.Fadhbanna maidir le nascadh leis an eangach

Tá saincheisteanna a bhaineann le nascadh leis an eangach forleathan agus, cé gurb iondúil nach mbíonn siad chomh fadhbach le bacainní riaracháin eile ó thaobh moilleanna a chruthú, is féidir cur in úsáid fuinnimh in‑athnuaite foriomlán a stad leo i mBallstáit áirithe. Is mion minic a thagann na príomh‑shaincheisteanna maidir le nascadh leis an eangach as acmhainneachtaí eangaí atá neamh‑leordhóthanach (is cosúil), lena gceanglaítear caibidlíocht idir an forbróir tionscadail agus an t‑oibreoir córais maidir leis an bhféidearthacht, leis an uainiú agus leis an gcostas a bhaineann le gléasra giniúna in‑athnuaite a nascadh leis an eangach, as a n‑eascraíonn moilleanna tionscadail. I mBallstáit áirithe, leis an easpa trédhearcachta maidir le hinfhaighteacht acmhainneachta eangaí cruthaítear scrogall freisin chun suíomh a shainaithint le haghaidh an tionscadail. Eascraíonn dúshlán eile roimh chur in úsáid fuinnimh in‑athnuaite as coinbhleachtaí le hoibreoirí eangaí dáileacháin agus tarchurtha maidir leis an léirmhíniú ar rialacháin theicniúla, an rochtain ar shonraí nó dáileadh costas nasctha. Thairis sin, tá an treocht a bhaineann le costais nasctha a mhéadú ina bagairt ar an inmharthanacht eacnamaíoch le haghaidh roinnt tionscadal, go háirithe sna Ballstáit inar gá d’fhorbróirí tionscadail na costais a bhaineann le nascadh leis an eangach agus leathnú na heangaí a sheasamh. I mBallstáit áirithe, cuirtear na fadhbanna sin in olcas le hiompraíocht amhantrach ghníomhaithe an mhargaidh ag a bhfuil dreasacht chun ceadanna nasctha leis an eangach a chuileáil agus a dhíol nuair a thagann meath ar acmhainneachtaí eangaí 76

Tá saincheisteanna maidir le nascadh leis an líonra níos práinní fós le haghaidh teas in‑athnuaite, ós rud é nach féidir an teas a tháirgeann siad a iompar ar feadh achair níos faide. Cosúil lena bhfuil bhfeidhm i mBallstáit áirithe le haghaidh suiteálacha leictreachais in‑athnuaite, ba thairbhiúil a áirithiú i gcás suiteálacha teasa in‑athnuaite gur féidir nósanna imeachta meara um nascadh leis an eangach a rochtain.

Chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a luaitear thuas, is dea‑chleachtas é lánúsáid a bhaint as digitiú chun próisis thrédhearcacha a áirithiú, i.e. chun ceadanna nasctha leis an eangach a éascú leis an ríomhchumarsáid agus le gníomhaíochtaí na bpointí teagmhála aonair, bunaithe ar róil agus próisis shoiléire ar a dtugtar tuairisc i dtreoirlínte trédhearcacha. San Eastóin, tá tairseach iarratais leictreonaigh ag an OCT náisiúnta Elering 77 , inar féidir na doiciméid uile is gá a chur isteach chun suiteáil fuinnimh in‑athnuaite a nascadh leis an eangach tarchurtha leictreachais.

Má cheadaítear ceadanna nasctha leis an eangach a iarraidh agus a dheonú i gcomhthráth le húdaruithe uile, amhail san Ostair 78 , is féidir cuidiú freisin le dlús a chur leis an bpróiseas foriomlán maidir le deonú ceadanna. In Éirinn, beartaítear bealaí nasctha pribhléideacha sonracha le haghaidh pobail fuinnimh, lena n‑áirítear an fhéidearthacht chun díolúine a chur i bhfeidhm, tráth ar bith, ón iarcheanglas maidir le cead pleanála, bailíocht an cheada nasctha leis an eangach ar feadh 2 bhliain agus an forchoimeádas bliantúil de 15 thairiscint nasctha le haghaidh pobail fuinnimh.

Ós rud é go bhfuil bonneagar fíor‑riachtanach chun glacadh fuinnimh in‑athnuaite a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit agus d’údaráis rialála náisiúnta breithniú ar bhealaí chun infheistíochtaí réamhaíocha a chumasú agus a éascú le haghaidh tionscadail bonneagair fuinnimh. Ceanglaítear aird shonrach a thabhairt ar rochtain ar an eangach san earnáil amach ón gcósta, ós rud é gurb iondúil a bhíonn páirceanna gaoithe amach ón gcósta i bhfad ón eangach atá ann cheana agus go mb’fhéidir gur ghá treisiú eangaí ar talamh roimh thionscadal amach ón gcósta a nascadh. I bhfianaise agaí tionscanta fada, sriantachtaí spáis ar muir agus dúshláin theicniúla shonracha chun bonneagar fomhuirí a fhorbairt, b’inmholta forbairt a dhéanamh ar eangacha amach ón gcósta d’fhonn méaduithe breise a dhéanamh ar acmhainneachtaí giniúna, nó eangacha arna soláthar agus gnéithe teicneolaíocha acu lena sáraítear a bhfuil gá leis sa ghearrthéarma. Le Rialachán GTE‑F athbhreithnithe soláthraítear rialacha chun a cheadú go rachaidh dreasachtaí rialála chun tairbhe do thionscadail lena dtabhaítear rioscaí níos airde, lena n‑áirítear de dheasca an ghá atá le hinfheistíochtaí réamhaíocha, agus sin chun na rioscaí breise a mhaolú. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis rialála náisiúnta agus le ACER chun creataí soiléire a áirithiú chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí níos airde infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair fuinnimh agus chun a áirithiú go mbunófar cur chuige i ngach Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Maidir leis sin, tacóidh an Coimisiún, na Ballstáit agus ACER le rialtóirí náisiúnta chun modheolaíochtaí a tugadh cothrom le dáta a dhréachtú lena gcumasófar do thionscnóirí tionscadail infheistíochtaí réamhaíocha a dhéanamh lena gceadaítear d’eangacha toirteanna níos airde d’fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite nuálacha ar talamh agus amach ón gcósta a chomhtháthú.

Tá tábhacht ar leith le comhordú trasteorann a mhéid a bhaineann le sócmhainní eangaí agus cumhachta hibrideacha amach ón gcósta, ionas go gceadófar comhordú cheadú agus fhorbairt na sócmhainní bonneagair eangaí le ceadú agus forbairt na sócmhainní giniúna. Trí phointí teagmhála aonair a chur chun feidhme i Rialachán GTE‑F athbhreithnithe, spreagann an Coimisiún na Ballstáit a gcóras ceadúnúcháin a oiriúnú chun foráil a dhéanamh maidir le comhordú trasteorann éifeachtach agus éifeachtúil. Mar bheart íosta, ba cheart do na Ballstáit gealltanas a thabhairt go n‑áiritheoidh siad, sa todhchaí, nach bhfuil aon fhéidearthacht ann chun nósanna imeachta um dheonú ceadanna a fhadú a thuilleadh agus go ndéanfar an stádas a bhfuil an tábhacht náisiúnta is airde leis a chur ar bun agus i bhfeidhm go hiomlán, ar cruthaíodh gur cuireadh dlús leis an bpróiseas maidir le deonú ceadanna leis sin.

 
Chun infheictheacht fhadtéarmach na hacmhainneachta eangaí a chumasú, leis an bpleanáil chomhordaithe ar eangacha agus acmhainneachtaí giniúna in‑athnuaite ba cheart tús áite a thabhairt do chur chuige straitéiseach agus cuimsitheach lena gcuirtear san áireamh teorainneacha a eascraíonn as cur i bhfeidhm reachtaíochta comhshaoil, lena n‑áirítear iad sin a bhaineann le limistéir athbhunaithe dúlra. Sa chás sin, tá comhar neartaithe idir na húdaráis inniúla atá freagrach as sócmhainní eangaí agus giniúna in‑athnuaite ríthábhachtach chun úsáid a bhaint as na huirlisí agus na measúnuithe atá ann cheana, amhail na measúnuithe comhshaoil straitéiseacha, chun tionchair fhéideartha a eascraíonn as cur i bhfeidhm beart cosanta comhshaoil a thuar. Le cur chuige straitéiseach agus comhtháite den sórt sin dhéanfaí foráil maidir le dearadh tairisceana feabhsaithe le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite. Le tairiscintí d’fhéadfaí, mar shampla, suíomhanna féideartha a áirithiú, lena ndéantar foráil maidir leis an infheictheacht is gá maidir le hinfhaighteacht agus forbairt eangaí.

Uirlis eile chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna maidir le nascadh leis an eangach ar a dtugtar tuairisc thuas is ea trédhearcacht a áirithiú maidir le hacmhainneachtaí eangaí, trí oibleagáidí sonraí oscailte go hidéalach agus bunachair sonraí ar líne i bhfoirm Córas Faisnéise Geografaí. Leis an trédhearcacht sin cumasaítear d’fhorbróirí díriú ar shuíomhanna ina bhfuil acmhainneacht eangaí níos infhaighte agus na costais thuartha a bhaineann le nascadh leis an eangach a chur san áireamh ina gcinntí maidir le roghnú láithreáin. Sa Spáinn, tá sé d’oibleagáid ar OCTanna agus OCDanna an acmhainneacht eangaí atá ar fáil a fhoilsiú ar líne. Sa Bheilg, taispeántar na suíomhanna is fearr le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite trí léarscáil maidir le hacmhainneacht eangaí náisiúnta. Níl an méid sin ceangailteach ná níl tionchar aige sin ar cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear tionscadal, ach áirithítear infheictheacht le haghaidh forbróirí leis sin.

Thug an Fhrainc isteach pleananna réigiúnacha um nascadh leis an eangach le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite chun dlús a chur leis an nascadh leis an líonra leictreachais agus, thairis sin, chun na costais a fhrithpháirtiú ar fud na críche. Leis an uirlis phleanála sin cumasaítear do Stiúrthóireachtaí Réigiúnacha le haghaidh an Chomhshaoil, Pleanála agus Tithíochta agus d’fhorbróirí tionscadail dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt an líonra leictreachais ar fud na tíre. Ina theannta sin, leis na pleananna sin soláthraítear pleanáil agus déantar an gá a bheidh le nascadh leis an eangach sa todhchaí a thuar.

Leis na pleananna um fhorbairt limistéir arna n‑ullmhú mar chuid de phróisis pleanála spásúla muirí sa Ghearmáin áirítear freisin na riachtanais faoi seach maidir le forbairt eangaí amach ón gcósta. Dá dhroim sin, is é, go bunúsach, a eascróidh as sin sioncrónú ar fhorbairt páirce gaoithe agus ar fhorbairt eangaí ós rud é go soláthraítear bonn pleanála níos fadtéarmaí d’oibreoirí eangaí.

Is féidir le hoibreoirí córais aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le hacmhainneacht eangaí freisin trí naisc sholúbtha a thairiscint, lena gceadaítear rochtain ar an líonra a shrianadh tráth buaiclóid. De rogha air sin, ba cheart d’oibreoirí eangaí leas a bhaint as ionchas solúbthachta táirgeoirí dáilte, custaiméirí gníomhacha agus pobal fuinnimh trí mhargaí solúbthachta áitiúla a fhorbairt. Ba cheart do na Ballstáit oscailteacht oibreoirí córais a spreagadh i leith na réiteach níos nuálaí sin.

b.Gléasraí cumhachta teicneolaíochta comhcheangailte

Le gléasraí cumhachta teicneolaíochta comhcheangailte, dá ngairtear gléasraí hibrideacha freisin, úsáidtear agus comhcheanglaítear teicneolaíochtaí in‑athnuaite agus gaolmhara éagsúla (e.g. fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh agus/nó sócmhainní stórála) ag an suíomh céanna. Tá sé ábhartha teicneolaíochtaí éagsúla a chomhcheangal ar muir freisin, áit ar féidir páirceanna gaoithe amach ón gcósta a chomhcheangal le fuinneamh aigéin nó suiteálacha gréine snámhacha. Cé go bhfuil líon na ngléasraí cumhachta sin teoranta faoi láthair 79 , de réir mar a mhéadaíonn an sciar d’fhuinneamh in‑athnuaite inathraitheach san eangach leictreachais, baineann roinnt tairbhí leis an hibridiú. I gcomhthéacs acmhainneacht ghann nasctha leis an eangach, ceadaítear leis an hibridiú úsáid eangacha a optamú agus is féidir leis a bheith ina chuidiú chun na costais infheistíochta bonneagair a laghdú. Is féidir go n‑áirithítear leis sin freisin aischur cumhachta níos cobhsaí, lena maolaítear inathraitheacht giniúna fuinnimh in‑athnuaite nuair a chomhcheanglaítear acmhainní fuinnimh in‑athnuaite éagsúla le próifílí giniúna comhlántacha (e.g. fuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh). Dá gcuirfí gaireas stórála isteach d’fhéadfaí stóráil an fhuinnimh a chumasú, rud ba ghá a laghdú murach sin nuair a sháraíonn giniúint an fhuinnimh in‑athnuaite an acmhainneacht cheadaithe maidir le nascadh leis an eangach.

Leis na dúshláin atá ann faoi láthair roimh fhorbairt gléasraí cumhachta teicneolaíochta comhcheangailte áirítear easpa creat rialála soiléir, rochtain ar an eangach agus a hinfhaighteacht. Leis an gcreat rialála ba ghá gnéithe áirithe a shoiléiriú amhail na rialacha is infheidhme maidir deonú ceadanna le haghaidh gléasraí lena gcomhcheanglaítear teicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite éagsúla agus/nó stóráil, lena n‑áirítear maidir le hacmhainneacht eangaí a dhaingniú, agus na rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar na sreabha fuinnimh idir an gaireas stórála agus an eangach.

Is féidir le rochtain ar an eangach agus a hinfhaighteacht a bheith ina mbacainn chun gléasraí cumhachta teicneolaíochta comhcheangailte a fhorbairt más gá feidhm a bheith acu sin maidir le hacmhainneacht eangaí atá cothrom le suim chomhpháirteanna na ngléasraí teicneolaíochta aonair. Is féidir aghaidh a thabhairt ar an mbacainn sin, mar shampla, trína cheadú do na gléasraí cumhachta iarratas a dhéanamh ar acmhainneacht eangaí ar bhonn na huastáirgeachta réamh‑mheasta, seachas suim acmhainneachtaí na dteicneolaíochtaí comhlántacha aonair. Dá réir sin, ba cheart an acmhainneacht nasctha a leithdháileadh ar an tionscadal comhcheangailte seachas amhail is dá mba dhá thionscadal ar leithligh iad lena gceanglaítear dúbláil ar an acmhainneacht.

In 2019 thug an Phortaingéil isteach athruithe ar a córas ceadúnúcháin maidir le táirgeacht leictreachais, lena gcumasaítear ‘hibridiú’ a dhéanamh ar dhá theicneolaíocht sa bhonneagar agus sa phointe nasctha céanna den eangach suas leis an uasacmhainneacht cheadúnaithe. Leis sin ceadaítear aischur na táirgeachta fuinnimh in‑athnuaite a uasmhéadú, gan costais bhreise a thabhú le haghaidh na n‑infheistíochtaí bonneagair eangaí. Tá cur isteach an dara teicneolaíocht faoi réir ceanglais cheadúnúcháin bhreise 80 . Tá athruithe rialála tugtha isteach ag an Spáinn freisin lena gceadaítear do shuiteálacha cumhachta rochtain a fháil ar an eangach agus teicneolaíochtaí giniúna éagsúla á n‑úsáid fad atá sin indéanta go teicniúil. I gcás hibridiú na sócmhainní atá ann cheana, agus ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe maidir le hacmhainneacht agus achar idir na sócmhainní, ní cheanglaítear ach an comhaontú nasctha atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta. Thug an dá thír córais scórála isteach freisin chun tionscadail teicneolaíochta chomhcheangailte a dhreasú trí thosaíocht níos airde a thabhairt dóibh le haghaidh nascadh leis an eangach.

c.Athchumhachtú 

Ciallaíonn “athchumhachtú” gléasraí cumhachta a tháirgeann fuinneamh in‑athnuaite a athnuachan, lena n‑áirítear athsholáthar páirteach nó iomlán a dhéanamh ar shuiteálacha nó ar chórais agus ar threalamh oibríochta ar mhaithe leis an acmhainneacht a athsholáthar nó éifeachtúlacht nó acmhainneacht na suiteála a mhéadú 81 .

Cé gur díríodh an t‑athchumhachtú ar chúpla margadh go dtí seo, faoi dheireadh 2020idí d’fhéadfadh sé teacht chun bheith ina phríomhghníomhaíocht ghnó le haghaidh an tionscail cumhachta gaoithe ar fud na hEorpa 82 . Ar na tairbhí a bhaineann le hathchumhachtú áirítear an nascadh leis an eangach atá ann cheana, eolas ar infhaighteacht acmhainní gaoithe agus na tionchair chomhshaoil fhéideartha, agus ardleibhéil ghlacachta ón bpobal agus sin ar bhonn rialta 83 . Sa Danmhairg, idir 2012 agus 2019, b’ann do neartú 1.3 GW in acmhainneacht ghaoithe, ar tháinig 576.8 MW de sin as athchumhachtú a dhéanamh ar shuiteálacha atá ann cheana, agus b’ann do ghlanlaghdú de 109 dtuirbín gaoithe a bhuí le héifeachtúlacht níos airde na dtuirbíní nua. Ní dhearnadh ach 10 % níos mó d’acmhainneacht a fhorbairt i dtionscadail úrnua ná mar a forbraíodh san athchumhachtú.

Le hanailís WindEurope ar 137 thionscadal atá athchumhachtaithe san Eoraip go dtí seo, taispeántar ar an meán gur tháinig laghdú 27 % ar an líon tuirbíní sna tionscadail ghaoithe athchumhachtaithe sin, cé gur dhúbail an acmhainneacht shuiteáilte agus gur mhéadaigh an t‑aischur leictreachais faoi thrí 84 .

Beidh ról ag an athchumhachtú freisin le haghaidh gléasraí hidreachumhachta móra, ós rud é gur baineadh leas cheana as sciar mór den acmhainneacht hidreachumhachta atá ar fáil 85 . Sroichfidh líon méadaitheach de thionscadail ghréine deireadh a saolré freisin agus beidh siad ina n‑iarrthóirí chun cuid de na comhpháirteanna a ionadú, nó le haghaidh athchumhachtú as a n‑eascróidh méadú ar an acmhainneacht. Is gá treoirlínte soiléire agus nósanna imeachta simplithe a bhunú freisin chun gléasraí gréine a athchumhachtú.

Le REDII ceanglaítear ar na Ballstáit athchumhachtú na ngléasraí atá ann cheana a éascú trí phróiseas simplithe maidir le deonú ceadanna a áirithiú nach faide ná 1 bhliain amháin. Féadfar síneadh suas le 1 bhliain amháin a chur leis sin i gcás ina dtugtar údar leis ar fhorais imthosca urghnácha, amhail cúiseanna sábháilteachta sáraitheacha nó tionchair shubstaintiúla ar an eangach nó acmhainneacht, méid nó feidhmíocht bhunaidh na suiteála 86 . Féadfaidh na Ballstáit nós imeachta simplí a bhunú um fhógra a thabhairt le haghaidh nascadh leis an eangach ar mhaithe le tionscadail athchumhachtúcháin i gcás nach bhfuil coinne le haon tionchar comhshaoil ná sóisialta diúltach suntasach, seachas iarratas nua ar chead a cheangal 87 .

De réir tionscnóirí tionscadail, is amhlaidh is gá d’athchumhachtú dul faoi na nósanna imeachta céanna um iarratais agus deonú ceadanna le tionscadail úrnua i bhformhór na mBallstát faoi láthair, lena n‑áirítear an gá chun Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol a dhéanamh. Sainaithníonn an tionscal freisin fás teaghaisí gar d’fheirmeacha gaoithe atá ann cheana, an méadú ar an méid tuirbín, an méadú ar limistéir faoi chosaint ó thaobh an chomhshaoil nó an méadú ar an achar a cheadaítear idir feirmeacha gaoithe agus radair mhíleata mar fhachtóirí lena laghdaítear na féidearthachtaí chun na tionscadail atá ann cheana a athchumhachtú. Dá thoradh sin, is gnách go roghnaíonn oibreoirí síneadh saolré a chur leis na sócmhainní atá ann cheana chomh fada agus is féidir, agus díchoimisiúnú iomlán ina dhiaidh sin i ndeireadh shaolré na sócmhainní, rud lena gcruthaítear deis chaillte le haghaidh an róil a d’fhéadfadh a bheith ag an athchumhachtú chun spriocanna 2030 a bhaint amach.

Le Treoir MTC liostaítear suiteálacha táirgeachta leictreachais áirithe, amhail feirmeacha gaoithe agus suiteálacha hidrileictreacha 88 , i measc na dtionscadal ar lena n‑aghaidh nach gceanglaítear MTC go huathoibríoch. Ina ionad sin, ní mór do na Ballstáit a chinneadh cé acu is gá nó nach gá don tionscadal a bheith faoi réir measúnú. Déantar amhlaidh trí ‘nós imeachta um scagadh’, lena gcinntear éifeachtaí tionscadail ar bhonn tairseach nó critéar agus/nó scrúdú de réir an cháis, agus na critéir roghnúcháin maidir le scagadh 89 a shainítear i dTreoir MTC á gcur san áireamh. I gcomhréir le Treoir MTC, féadfaidh na Ballstáit tairseacha nó critéir a shocrú chun an tráth nach gá do thionscadail dul faoi nós imeachta um scagadh a chinneadh 90 . Le Treoir MTC soláthraítear solúbthacht bhreise d’údaráis inniúla freisin, a fhéadfaidh a chinneadh nach gceanglaítear measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol ar bhonn tuairisc ar ghnéithe den tionscadal agus/nó bearta a bheartaíonn an forbróir chun éifeachtaí suntasacha ar an gcomhshaol a sheachaint nó a chosc.

I roinnt cásanna, ba é a bheadh i gceist le hathchumhachtú a dhéanamh ar na tionscadail sin athruithe a dhéanamh ar na tionscadail atá ann cheana nó síntí a chur leo. Formhór na n‑athruithe ar na tionscadail atá ann cheana nó formhór na síntí leo tagann siad faoi Iarscríbhinn II de Threoir MTC agus dá bhrí sin tá siad faoi réir an nós imeachta um scagadh agus ní cheanglaítear MTC go huathoibríoch leo. D’eisigh an Coimisiún treoirdhoiciméad i dtaca le Treoir MTC a chur i bhfeidhm maidir le hathruithe a dhéanamh ar thionscadail agus síneadh a chur leo 91 . Mar a mhínigh an Coimisiún sa treoraíocht seo, le hathrú ar thionscadail nó síneadh leo glactar leis gurb ann do rioscaí comhchosúla, ó thaobh a n‑éifeachtaí ar an gcomhshaol, maidir leis an tionscadal bunaidh. Ba cheart measúnú a dhéanamh air sin le linn phróiseas an scagtha nó MTC.

Ceanglaítear measúnú iomchuí freisin le haghaidh na dtionscadal/na bpleananna uile a thagann faoi raon feidhme Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga más dócha go mbeidh tionchar diúltach suntasach acu ar láithreáin Natura 2000 astu féin nó i dteannta pleananna/tionscadail eile. Pleananna agus tionscadail a mheastar nach dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha suntasacha acu ar shláine na láithreán is féidir iad a scagadh amach gan gá a bheith ann measúnú iomchuí a dhéanamh 92 93 . Ba cheart scagadh agus measúnú iomchuí araon a dhéanamh i bhfianaise na gcuspóirí caomhnaithe a bhaineann le láithreán go sonrach. Is féidir nárbh ann do na cuspóirí sin le linn an nós imeachta um dheonú ceadanna de chuid an tionscadail tosaigh nó is féidir gur athmheasadh iad ón tráth a deonaíodh an cead. Roimh údarú, ba cheart do na húdaráis anailís a dhéanamh dá bhrí sin ar thionchar na suiteálacha athchumhachtaithe i bhfianaise na gcuspóirí caomhnaithe ábhartha.

Mar an gcéanna, de réir na Treorach Réime maidir le hUisce, ní féidir tionscadail nua a údarú ach i gcás (1) nach n‑eascraíonn meathlú ar stádas aon dobharlaigh astu ná nach gcuirtear baint amach chuspóir na Treoracha Réime maidir le hUisce i mbaol leo, nó (2) ina gcomhlíontar coinníollacha uile Airteagal 4(7) leo (díolúine ón gcéad phrionsabal). Dá bhrí sin, is iondúil go mbíonn gá le measúnú a dhéanamh ar thionchair fhéideartha tionscadal chun a léiriú go gcomhlíontar ceann amháin den dá choinníoll sin.

Thug Ballstáit áirithe athruithe reachtacha nó nós imeachta isteach lena simplítear an creat maidir le hathchumhachtú. Thug an Iodáil athruithe reachtacha isteach le haghaidh tionscadail athchumhachtúcháin, agus ní cheanglaítear aon údarú chun modhnuithe a dhéanamh ar thuirbíní gaoithe ná ar a gcompháirteanna lena dtugtar le fios modhnú méide nach mó ná 15 % de mhéid tosaigh an tuirbín. Sa Ghearmáin, maidir le hathchumhachtú suiteálacha gaoithe sonraítear le reachtaíocht nach gá measúnú a dhéanamh ach ar athruithe i gcomparáid leis an status quo. Ní cheanglaítear éisteachtaí poiblí ach má iarrann an forbróir tionscadail sin. Thug an Fhrainc isteach ceanglais freisin a bhaineann le MTC ar bhonn tairseacha le haghaidh athruithe ar líon agus ar airde na dtuirbíní. Má thagann méadú nach mó ná 10 % ar an méadú ar an líon tuirbíní agus ar airde an bhairr, ní mheastar gur modhnú suntasach é sin, agus meastar gur leordhóthanach MTC maidir le tionchair ar thorann agus ar an mbithéagsúlacht. I gcás ina sáróidh an méadú ar an líon tuirbíní agus ar airde an bhairr 50 %, meastar gur modhnú substaintiúil é, agus ceanglaítear MTC nua. I gcásanna ina mbeidh an méadú idir 10 % agus 50 %, cuireann na húdaráis inniúla measúnú de réir an cháis i bhfeidhm, ar bhonn e.g. faireachán comhshaoil cuimsitheach agus glacacht áitiúil. Sa Danmhairg roinntear gléasraí táirgeachta fuinnimh in‑athnuaite ina dtrí ghrúpa, bunaithe ar an acmhainneacht – níos lú ná 10 MW, 10‑25 MW agus os cionn 25 MW. I gcásanna athruithe ar an acmhainneacht, lena n‑áirítear le hathchumhachtú, ní mór fógra a thabhairt, nó ceadúnas nua a iarraidh, de réir an ghrúpa acmhainneachta ina dtiteann an gléasra. Gléasraí ag a bhfuil acmhainneacht faoi 10 MW tá siad díolmhaithe ón gceanglas chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua, cé go bhfuil gléasraí ag a bhfuil acmhainneacht idir 10‑25 MW díolmhaithe má thugtar fógra do Ghníomhaireacht Fuinnimh na Danmhairge agus do OCT leo roimh thús na tógála. Le haghaidh gléasraí ag a bhfuil acmhainneacht os cionn 25 MW, ceanglaítear ceadúnas i gcónaí chun athchumhachtú a dhéanamh nó aon athrú eile a dhéanamh ar acmhainneacht an ghléasra.

d.Hidrigin

Tá tábhacht freisin le dlús a chur le giniúint cumhachta athnuaite chun iompróirí fuinnimh dícharbónaithe agus inacmhainne a sholáthar do na hearnálacha sin a leanfaidh de bheith ag brath ar gháis agus ar bhreoslaí. Go háirithe, beidh tiontú leictreachais in‑athnuaite ina hidrigin in‑athnuaite trí leictrealóirí ina chonair thábhachtach le haghaidh ár gcórais fuinnimh sa todhchaí.

Maidir le leictreachas a thiontú ina hidrigin, agus le hidrigin a iompar, a stóráil agus a sheoladh ina dhiaidh sin chuig na tomhaltóirí deiridh, is é is dóichí go mbeidh cuid de na bacainní céanna a shainaithnítear le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite roimhe sin ag baint leis sin, amhail easpa foireann leordhóthanach atá oilte go leormhaith chun iarratais ar chead a phróiseáil agus fad na nósanna imeachta riaracháin. Baineann an méid sin le stádas nuaghinte an tslabhra luacha hidrigine agus an easpa taithí le teicneolaíochtaí gaolmhara nua nuálacha. Is féidir go dtiocfaidh nósanna imeachta mearbhlacha nó neamh‑leordhóthanacha um dheonú ceadanna as reachtaíocht atá as dáta nó nach ann di ar na leibhéil uile den riarachán le haghaidh táirgeadh agus úsáid hidrigine. Is féidir go mbeidh cuid de na próisis sin róchasta, is féidir leo athrú idir tíortha nó réigiúin éagsúla agus is minic a sháraítear leo an t‑uainiú measta le haghaidh freagairt ar chead.

Fágann an líon measartha beag d’eispéiris maidir le tionscadail hidrigine a fhorbairt gur féidir nach eol na bacainní uile, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go mbeadh malartuithe faisnéise trí fhóraim tairbhiúil. Ina theannta sin, dea‑chleachtais chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sonracha sin, is féidir go dtiocfaidh siad chun cinn freisin le himeacht ama agus go gcomhroinnfear iad trí na fóraim sin.

Tá an Chomhghuaillíocht Hidrigine Glaine ag obair faoi láthair ar thuarascáil faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara maidir le bacainní a bhaineann le cead atá roimh thionscadail hidrigine as a ndíorthófar roinnt moltaí agus dea‑chleachtas. Tugtar le fios le measúnú tosaigh ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara ón tuarascáil go bhféadfaí cuid den chastacht a mhaolú ach pointe teagmhála aonair a bheith ann agus go bhféadfaí an nós imeachta um dheonú ceadanna a chuíchóiriú ar an mbealach sin freisin go háirithe nuair atá údaráis inniúla iomadúla rannpháirteach.

Ach tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le hidrigin chuideofaí leis an gcreat rialála agus a infheidhmeacht a shoiléiriú, saineolas a chothú maidir le teicneolaíochtaí hidrigine in‑athnuaite agus feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus comhlíontacht leis an reachtaíocht chomhshaoil atá ann cheana. Thug an Ghearmáin isteach creat lena rialáiltear cé na húdaruithe a cheanglaítear chun athrú cuspóra a dhéanamh ar phíblínte gáis nádúrtha le haghaidh iompar hidrigine. Ina theannta sin, rialáil an Ghearmáin le dlí nach mór cearta úsáide talún conarthacha atá ann cheana le haghaidh bonneagar gáis nádúrtha a léirmhíniú mar chearta lena gceadaítear an t‑athrú ó ghás nádúrtha chuig hidrigin.

Thairis sin, le treoraíocht nó lámhleabhair lena leagtar síos na nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh saoráidí táirgeachta hidrigine in‑athnuaite mhéadófaí intuarthacht agus chuirfí feabhas ar éifeachtúlacht an phróisis fhoriomláin le haghaidh na bpáirtithe rannpháirteacha uile. D’ullmhaigh an Phortaingéil treoir den sórt sin cheana le haghaidh tionscadail hidrigine.

Ar an mbealach céanna le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite, is féidir leis an bpleanáil spásúil a bheith lárnach chun suíomhanna oiriúnacha a shainaithint le haghaidh rolladh amach leictrealóirí. Ar bhonn pleananna líonra comhtháite 94 , d’fhéadfaí limistéir thiomnaithe a ainmniú le haghaidh leictrealóirí. D’fhéadfadh sé gur bealach a bheadh ann chun rolladh amach leictrealóirí a dhreasú ag suíomhanna inar féidir ról a bheith acu chun plódú leictreachais a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt air sin agus inar féidir tairbhe shochaíoch níos airde a dhéanamh leo (e.g. trí mhéadú ar tharaifí líonra leictreachais a sheachaint de dheasca na dtreisithe eangaí a cheanglaítear). Ardaíodh moltaí sa treo sin i gcomhairliúchán a rinne na páirtithe leasmhara le déanaí maidir le rialáil an mhargaidh hidrigine san Ísiltír.

e.Tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear le nósanna imeachta um dheonú ceadanna do chur in úsáid teicneolaíochtaí dícharbónaithe nuálacha sa todhchaí, lena n‑áirítear tionscadail phíolótacha agus tionscadail taispeántais, lena mbeidh gá chun aeráidneodracht a bhaint amach. I bhfianaise chineál nuálach na dteicneolaíochtaí sin, tá níos lú taithí faighte ar na nósanna imeachta um údarú is infheidhme.

Ceann de na bealaí féideartha chun tacú leis an nuálaíocht is ea trí bhoscaí gainimh rialála. Is é atá i gceist le boscaí gainimh rialála creataí lena soláthraítear comhthéacs struchtúrtha chun turgnamh a chur i gcrích chun tástáil ar theicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí nó cuir chuige nuálacha a chumasú ar feadh tréimhse theoranta agus i raon feidhme teoranta faoi mhaoirseacht rialála chun na coimircí iomchuí a áirithiú 95 . Úsáideadh cheana iad sna hearnálacha airgeadais, baincéireachta agus TFC, ach bhí an úsáid in earnáil an fhuinnimh measartha teoranta go dtí seo. Is é an réasúnaíocht atá le bosca gainimh rialála a chur ar bun a cheadú do nuálaithe tástáil a dhéanamh ar theicneolaíochtaí agus ar shamhlacha gnó nua nach bhféadfaidh a bheith comhoiriúnach ach go páirteach leis an gcreat rialála agus dlíthiúil atá ann cheana, agus a cheadú do rialtóirí eolas a chur ar nuálaíochtaí ar leith ionas gur féidir leo an comhshaol rialála a oiriúnú chun freastal orthu 96 .

Sa Fhrainc, rinneadh boscaí gainimh rialála le haghaidh earnáil an fhuinnimh a thabhairt isteach sa reachtaíocht. Leis an mbosca gainimh ceadaítear don údarás rialála náisiúnta CRE díolúintí a dheonú ó na coinníollacha maidir le líonraí a rochtain agus a úsáid le haghaidh cur in úsáid turgnamhach teicneolaíochtaí nó seirbhísí nuálacha lena dtacaítear leis an aistriú fuinnimh, eangacha cliste agus bonneagair 97 . Deonaíodh maolú do roinnt tionscadal faoin scéim sin, lena n‑áirítear tionscadal arb é is aidhm dó acmhainneacht na bhfeirmeacha gaoithe a mhéadú, lena maolaítear ó fhorálacha chód fuinnimh na Fraince lena dteorannaítear acmhainneacht shuiteáilte suiteálacha táirgeachta atá nasctha le líonra dáileacháin leictreachais poiblí ar ardvoltas.

San Ísiltír, d’eisigh an Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha ordú feidhmiúcháin 98 maidir le turgnaimh le táirgeadh leictreachais díláraithe inbhuanaithe, ar ar a mbonn a údaraíodh tionscadail chun bosca gainimh a chur ar bun. Bhí na hairteagail san Acht Leictreachais óna bhféadfaí tionscadail a dhíolmhú réamhshainithe, agus ní raibh ach eintitis bheaga amhail pobail fuinnimh agus comhlachais úinéara tí incháilithe. Moladh ordú feidhmiúcháin leantach lena leathnaítear an raon feidhme, an mhéid agus an raon eintiteas incháilithe le haghaidh boscaí gainimh sa todhchaí.

Tá clár cistiúcháin ‘Energie.Frei.Raum’ 99 á reáchtáil ag Aireacht Chónaidhme na hOstaire um Chosaint na hAeráide, an Comhshaol, Soghluaisteacht, Nuálaíocht agus Teicneolaíocht a fhónann mar chéim ullmhúcháin le haghaidh clásal turgnamhaíochta féideartha chun samhlacha margaidh nua a thástáil le haghaidh an chomhtháthaithe córais teicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite, stórála agus éifeachtúlachta fuinnimh.

*****

Ós rud é gur gá do na Ballstáit dréacht‑nuashonrú a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2023 maidir lena bplean comhtháite náisiúnta aeráide agus fuinnimh is déanaí faoinar tugadh fógra, d’fhéadfadh na dea‑chleachtais a leagtar amach sa treoraíocht seo fónamh chun beartais agus bearta a shainaithint a d’fhéadfadh na Ballstáit a chur ar aghaidh arb é is aidhm dóibh dlús a chur le forbairt fuinnimh in‑athnuaite.



II.Treoraíocht do na Ballstáit maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Fuinnimh In‑athnuaite a éascú 

1.Réamhrá

Tá cur in úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite ag teacht chun bheith cost‑iomaíoch, agus sin ar bhealach méadaitheach, i gcomparáid le fuinneamh iontaise, agus tá giniúint cumhachta in‑athnuaite ó hidreachumhacht, cumhacht gheoiteirmeach, fótavoltachas gréine agus cumhacht ghaoithe amach ón gcósta á táirgeadh ag leibhéil chostais atá níos ísle ná na meánphraghsanna leictreachais Eorpacha le haghaidh tomhaltóirí neamhtheaghlaigh (féach na figiúirí thíos).

Sonraí: IRENA 2021

 

Sonraí: Forbairt praghsanna leictreachais le haghaidh tomhaltóirí neamhtheaghlaigh bunaithe ar Eurostat.

Bunaithe ar an meath gasta ar na costais a bhaineann le fuinneamh in‑athnuaite, sháraigh corparáidí Eorpacha tairseach 1 GW na gcomhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite conraithe in 2016, rud a sheas do thart ar 3.5 % den ídiú leictreachais tionsclaíoch. Ó shin i leith, d’fhás a dtoirt go heaspónantúil – in 2021, bhí sí os cionn cúig huaire déag níos airde ná mar a bhí in 2016.

Ina bhfoirm is simplí, is é is comhaontú ceannaigh cumhachta in‑athnuaite nó teasa in‑athnuaite ann comhaontú ceannaigh idir táirgeoir fuinnimh in‑athnuaite agus ceannaitheoir corparáideach. Geallann an ceannaitheoir corparáideach toirt shonrach d’fhuinneamh in‑athnuaite a cheannach ar phraghas réamhshainithe ar feadh tréimhse níos faide. I bhformhór na gcásanna, gheobhaidh an ceannaitheoir corparáideach an ráthaíocht tionscnaimh freisin a eisítear le haghaidh gach aonaid d’fhuinneamh in‑athnuaite a tháirgtear laistigh den Aontas. Ar an mbealach sin, is féidir leis an gceannaitheoir a thaispeáint go bhfuiltear ag rannchuidiú go díreach le sócmhainn fuinnimh in‑athnuaite shonrach lena chomhaontú cumhachta, ceannaigh teasa nó gáis (lena n‑áirítear hidrigin in‑athnuaite). Formhór mór na gcomhaontuithe go dtí seo maidir le comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite (PPAnna) (féach Fíor 1).

Fíor 1 Fógraí PPA 2013‑2021 (Acmhainn chonarthach GW); Re‑Source (2021) https://resource-platform.eu/buyers-toolkit/  

Is iomaí buntáiste a bhaineann le comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite. Go háirithe:

A.Le haghaidh ceannaitheoirí corparáideacha, le comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite soláthraítear leictreachas cost‑iomaíoch le haghaidh a ngníomhaíochtaí, agus is féidir iad a úsáid mar uirlis fálaithe in aghaidh praghasrioscaí leictreachais ón margadh mórdhíola.

B.Le haghaidh ceannaitheoirí corparáideacha, le comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite taispeántar gealltanas maidir le haistriú glas ar bhealach inchreidte, tacaítear lena gclár freagrachta sóisialta corparáidí, agus cuidítear le hinfheisteoirí a mhealladh ag a bhfuil uaillmhian ghlas.

C.Le haghaidh forbróirí tionscadal in‑athnuaite, le comhaontuithe ceannaigh cumhachta soláthraítear foinse mhalartach agus/nó chomhlántach ioncaim chobhsaí i gcomparáid le scéimeanna tacaíochta poiblí nó margaí ceannaí.

D.Le haghaidh rialtas, le comhaontuithe ceannaigh cumhachta corparáideacha soláthraítear bealach malartach chun cur in úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite a mhaoiniú agus is féidir cistiú poiblí a laghdú le haghaidh foinsí fuinnimh in‑athnuaite faoi scéimeanna tacaíochta.

Cé go bhfuil glacadh comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite ag fás bliain in aghaidh bliana, níl sciar an tionscadail ceannaigh cumhachta in‑athnuaite den mhargadh ach cothrom le 15‑20 % den chur in úsáid bliantúil. Thairis sin, tá comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite teoranta do Bhallstáit áirithe agus cuideachtaí custaiméara móra. Ar deireadh, tá formhór na gcomhaontuithe ceannaigh teoranta don leictreachas in‑athnuaite, cé gur le téamh a bhaineann 70 % den éileamh fuinnimh thionsclaíoch agus tráchtála.

2.Saincheisteanna rialála 

In 2019, rinneadh suirbhé uile‑Aontais 100 mar aon le hanailís mhionsonraithe ar 10 mBallstát 101 chun na príomhbhacainní roimh ghlacadh PPAnna corparáideacha in‑athnuaite a shainaithint. Leis na torthaí sainaithníodh bacainní rialála, bacainní beartais, bacainní eacnamaíocha, mar aon le saincheisteanna feasachta.

Ar na príomhbhacainní rialála áiríodh srianta dlíthiúla chun conarthaí díreacha a shíniú idir gineadóirí agus ceannaitheoirí, bacainní roimh chonarthaí a shíniú le níos mó ná soláthróir amháin, agus bacainní roimh aistriú Ráthaíochtaí Tionscnaimh chuig an gceannaitheoir. Ar an bacainní beartais áiríodh scéimeanna tacaíochta a bhí neamh‑chomhoiriúnach nó a tugadh i gcrích le PPAnna corparáideacha, mar aon le hinfheictheacht theoranta maidir le teacht chun cinn scéimeanna tacaíochta. Le bacainní eacnamaíocha áiríodh acmhainneacht creidmheasa ceannaitheoirí, inathraitheacht leictreachais in‑athnuaite agus na costais ghaolmhara a bhaineann le héagothroime toirte a bhainistiú idir aischur an tionscadail in‑athnuaite agus an t‑éileamh corparáideacha trí ‘conarthaí muinchille’. Thairis sin, tá na costais idirbhirt fós ard agus tá easpa táirgí fálaithe fadtéarmacha ann chun aghaidh a thabhairt ar éagothroime nó mainneachtainí contrapháirtí. Tá feasacht agus leas teoranta fós ann freisin, go háirithe le haghaidh FBManna, mar aon le braistint go bhfuil PPAnna corparáideacha níos costasaí ná praghsanna leictreachais mórdhíola. Sa chomhairliúchán poiblí, d’ardaigh táirgeoirí agus tomhaltóirí araon an tábhacht a bhaineann le Ráthaíochtaí Tionscnaimh a eisiúint le haghaidh na giniúna cumhachta in‑athnuaite uile, beag beann ar cé acu a forbraíodh nó nár forbraíodh an tionscadal faoi scéimeanna tacaíochta poiblí. Thairis sin, d’ardaigh siad an tábhacht a bhaineann le scéimeanna tacaíochta poiblí a dhearadh ar bhealach atá tacúil agus comhlántach le forbairt tionscadal fuinnimh in‑athnuaite faoi PPAnna corparáideacha.

Dá dhroim sin, tá PPAnna corparáideacha teoranta faoi láthair do Bhallstáit shonracha ina bhfuil na coinníollacha cearta chun go ndíolfaidh forbróirí tionscadail cumhachta in‑athnuaite a gcuid leictreachais go díreach le tomhaltóirí deiridh. Ar na coinníollacha tacúla sin tá: 1) margadh bríomhar le haghaidh tionscadail cumhachta in‑athnuaite, 2) margaí cumhachta mórdhíola leachtacha chun bheith in ann ‘conarthaí muinchille’ a shíniú mar aon le táirgí fálaithe fadtéarmacha, 3) gan bacainní dlíthiúla a bheith ann chun conarthaí díreacha a shíniú idir soláthróirí agus tomhaltóirí, agus 4) tairiscintí poiblí atá comhlántach le PPAnna corparáideacha nó atá fabhrach dóibh.

Leis an Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais 2019, leis an Rialachán maidir leis an Margadh Leictreachas agus leis an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite tugtar aghaidh cheana ar roinnt de na bacainní rialála agus beartais. Mar shampla, leis an Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais ceanglaítear gurb amhlaidh is féidir le gineadóirí agus ceannaitheoirí na mBallstát uile conradh a dhéanamh go díreach le chéile agus gur féidir le tomhaltóirí conarthaí soláthair iomadúla a roghnú. Bunaithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, is gá do na Ballstáit sceidil fhadtéarmacha a sholáthar maidir lena dtairiscintí poiblí, agus ceanglaítear orthu aon bhacainn roimh PPAnna corparáideacha a shainaithint ina bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, agus bearta a chur i bhfeidhm chun a nglacadh a éascú. Níor thuairiscigh ach 8 mBallstát ar bhacainní agus bearta atá ann cheana chun tacú le glacadh comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite. Le haghaidh fhormhór na dtíortha, áfach, ní hann do chreat soiléir chun go gcuirfidh forbróirí tionscadail in‑athnuaite nó tomhaltóirí corparáideacha comhaontuithe ceannaigh cumhachta díreacha ar bun.

D’ainneoin na mbacainní atá ann cheana, tá an margadh le haghaidh PPAnna corparáideacha ag leanúint dá fhás. Ó 2020, is í an Spáinn an margadh is mó le haghaidh PPAnna san Aontas, lena bhaineann 23 % den acmhainn chonarthach iomlán 102 agus bhain beagnach 1 % de OTI na tíre leis na hidirbhearta airgeadais mórluacha atá bainteach 103 . I mBallstáit áirithe, mar shampla an Rómáin, níorbh fhéidir PPAnna corparáideacha a shíniú go dtí le déanaí, toisc gur gá an leictreachas uile a dhíol ar mhargadh láraithe. Mar sin féin, agus na féidearthachtaí le haghaidh PPAnna á n‑oscailt le foraithne nua, d’fhéadfadh píblíne na bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite dúbailt i gcomparáid le plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide na Rómáine 104 .

Is dócha go dtiocfaidh PPAnna chun bheith níos tarraingtí mar ‘samhlacha gnó’ le haghaidh suiteálacha foinsí fuinnimh in‑athnuaite lastall de dheireadh a ré tacaíochta. In 2021 le CEER 2nd Paper on Unsupported RES suíodh go bhfuil PPAnna foinsí fuinnimh in‑athnuaite ina roghanna malartacha féideartha le haghaidh gaoth ar talamh agus le haghaidh suiteálacha gréine, bithmhaise agus hidreachumhachta freisin 105 . Tá tábhacht leis sin, mar is amhlaidh i measc na dtíortha a breathnaíodh (comhaltaí de CEER), a shroichfidh 40 % (114 GW) de na foinsí in‑athnuaite fuinnimh lena dtacaítear faoi láthair deireadh a ré tacaíochta faoi 2030 agus a rachaidh siad i dtreo dhálaí an mhargaidh nó a leanfar de thacaíocht a thabhairt dóibh.

Is féidir leis na Ballstáit forbairt PPAnna a éascú trí na gníomhartha seo a leanas:

A.Úsáid a bhaint as Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil an Aontais 106 nó cúnamh comhairleach nó teicniúil eile chun measúnú mionsonraithe a dhéanamh chun tacú le comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite corparáideacha. Rinne an Iodáil, mar shampla, amhlaidh 107 . D’fhéadfadh Ballstáit eile staidéir chomhchosúla a dhéanamh nó torthaí na staidéar a tugadh i gcrích cheana a mhacasamhlú.

B.Toirt tháscach de chur in úsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite a fhógairt, a bhfuil coinne leis go maoineofar é sin trí chomhaontuithe cumhachta ceannaigh. Leis sin soláthraítear infheictheacht d’fhorbróirí tionscadail cumhachta in‑athnuaite maidir leis an luas a bhfuil coinne leis agus le bealaí le haghaidh forbairt tionscadail. Rinne Éire beart den sórt sin 108 .

C.Breithniú a dhéanamh ar an deis a bheith á hoscailt le tairiscintí iomaíocha chun go dtógfaidh forbróirí tionscadail cumhachta in‑athnuaite ‘saoire’ 109 óna scéimeanna tacaíochta poiblí agus a leictreachas a dhíol trí PPAnna. Thug an Pholainn isteach beart nuálach den sórt sin rud a rannchuidíodh lena fhágáil gurbh í an dara margadh is mó le haghaidh PPAnna in 2021.

D.Eisiúint Ráthaíochtaí Tionscnaimh a cheadú i scéimeanna tacaíochta poiblí, ionas go laghdaítear leis an ioncam ó na Ráthaíochtaí Tionscnaimh an gá le maoiniú poiblí.

3.Infhaighteacht comhaontuithe ceannaigh in‑athnuaite corparáideacha a leathnú chuig fiontair bheaga agus mheánmhéide

Tá ceannas ag ceannaitheoirí corparáideacha móra ar mhargaí Eorpacha le haghaidh PPAnna 110 . Tá líon mór de na corparáidí sin eagraithe faoi thionscnamh corparáideach RE100 arb é is aidhm dó foinsí fuinnimh in‑athnuaite 100 % a fhoinsiú, lena n‑áirítear 58 gcuideachta a bhfuil a gceanncheathrú san Aontas. Tá toirteanna intuartha agus móra d’ídiú leictreachais ag formhór na gcuideachtaí sin thar thréimhsí fada, agus tá rátálacha creidmheasa maithe acu. Is minic a bhíonn siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí tomhaltóra freisin, agus úsáideann siad PPAnna in‑athnuaite mar ionstraim thábhachtach chun a dtáirgí a bhrandáil agus tacú leis an bhfreagracht chorparáideach inbhuanaithe, lena n‑áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a n‑ídithe leictreachais a laghdú sa slabhra luacha ina iomláine. Maidir leis sin, le tuairisciú comhlíontach CDP 111 ceadaítear do chuideachtaí tuairisciú ar fhuinneamh in‑athnuaite a tháirgtear le suiteálacha ar an láthair, le suiteálacha lasmuigh den láthair atá nasctha le línte díreacha, agus le PPAnna 112 .

Is deighleog thábhachtach iad tionscail leictridhiana mhóra freisin le haghaidh PPAnna in‑athnuaite corparáideacha. Go stairiúil, tá a leictreachas á fhoinsiú ag bruithneoirí alúmanaim móra san Iorua trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta hidreachumhachta. Níos déanaí fós, shínigh siad PPAnna cumhachta gaoithe fadtéarmacha freisin. Ach mar sin féin, bhí an glacadh i measc an chineáil sin ceannaitheoirí teoranta go dtí seo i mBallstáit an Aontais.

Ar cheann de na bacainní a sainaithníodh tá an easpa intuarthachta maidir leis an gcomhpháirt rialáilte de na praghsanna leictreachais (taraifí eangaí agus cánacha)  113 . Ós rud é go bhfuil na comhpháirteanna rialáilte sin ina gcuid shuntasach den phraghas leictreachais ón gceannaitheoir, laghdaítear leis sin tarraingteacht PPAnna mar uirlis fálaithe fhadtéarmach le haghaidh luaineacht praghais leictreachais. D’eisigh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) tuarascáil mheasúnúcháin ar dhearadh an mhargaidh mhórdhíola, lena n‑áirítear roinn thiomnaithe chun go bpléifear an bealach gur féidir feabhas a chur ar an réamhleachtacht sna margaí leictreachais mhórdhíola chun infhaighteacht táirgí fálaithe éifeachtúla a áirithiú 114 .

Os a choinne sin, tá na bacainní roimh fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun gabháil do PPAnna corparáideacha fós an‑ard. Seasann FBManna do 99 % de ghnólachtaí Eorpacha, 54 % de bhreisluach an Aontais, agus seasann siad do 9‑18 % d’oll‑ídiú intíre in aghaidh an Bhallstáit 115 . Is minic is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide sin a bhilleáiltear de dheasca ídiú leictreachais íseal in aghaidh na saoráide, agus is iad is mó a d’fhéadfaí tairbhiú de chomhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite. Tá ábharthacht ar leith leis sin sa tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2021 nuair a bhí na praghsanna leictreachais ar an margadh leictreachais mórdhíola ag dul i méid.

Thairis sin, tá infheictheacht theoranta acu maidir lena n‑éileamh leictreachais todhchaí, rátálacha creidmheasa níos ísle, agus toirteanna níos ísle d’ídiú leictreachais, rud a fhágann gur deacra éagothroime a bhainistiú. Fágann sin go bhfuil FBManna níos drogallaí conarthaí fadtéarmacha a shíniú, go háirithe murab ann d’aon soiléireacht maidir leis na tionchair fhéideartha más gá conarthaí fadtéarmacha a fhoirceannadh. Ní léir i gcónaí cé na tionchair atá ag síniú PPAnna fadtéarmacha, go fisiciúil nó go fíorúil, ar chlár comhardaithe na cuideachta faoin gcreat cuntasaíochta le haghaidh díorthach faoi na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS). Is bacainn thábhachtach eile an easpa feasachta maidir le PPAnna corparáideacha in‑athnuaite roimh a nglacadh i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, agus gníomhaíonn an chastacht a bhaineann le PPAnna a chaibidliú mar bhacainn bhog roimh na ceannaitheoirí sin nach bhfuil an taithí ná na hacmhainní acu chun déileáil le caibidlíocht chonartha. Go dtí seo, bhí an reachtaíocht Eorpach teoranta d’iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistíochta fuinnimh lena dtugtar aghaidh ar éifeachtúlacht fuinnimh (EED, 2018). Ar deireadh, is minic a bhíonn spás teoranta acu ar an láthair chun réitigh fuinnimh in‑athnuaite a chur in úsáid.

Tá acmhainneacht creidmheasa ceannaitheora ina príomhbhacainn eile (agus ina toisc riosca) ar fud fhormhór na n‑earnálacha. Leanann soláthraithe fiachais de thionscadail foinsí fuinnimh in‑athnuaite de rátáil chreidmheasa láidir a cheangal chun a mheas go bhfuil PPA iontaofa ó thaobh brabúis. Mar sin féin, níl formhór na bhfiontar beag agus meánmhéide rátáilte ag aon phríomhghníomhaireacht rátála creidmheasa. Thairis sin, tá acmhainneacht creidmheasa agus rátáil chreidmheasa ina saincheist freisin le haghaidh cuideachtaí áirithe sa tionscal trom agus sa mhonaraíocht, agus sna geilleagair Eorpacha sin a bhfuil a margaí airgeadais beagfhorbartha a bheag nó a mhór.

Ar thaobh an tsoláthair, is ann do bhacainní comhchosúla. Tá ceannas ag forbróirí tionscadail in‑athnuaite móra, amhail Vattenfall, Eneco, Orsted agus Iberdrola, ar an margadh toisc go bhfuil punann mhór tionscadal acu agus gur féidir leo níos mó PPAnna saincheaptha a sholáthar don tomhaltóir. Sa deighleog sin, is minic a bhíonn dúshlán roimh thionscadail cumhachta in‑athnuaite mhórscála, amhail páirceanna gaoithe amach ón gcósta, toirteanna leordhóthanacha PPAnna a aimsiú roimh a gcinntí infheistíochta críochnaitheacha. Ar an taobh eile, bíonn dúshláin éagsúla roimh thionscadail fuinnimh in‑athnuaite mhionscála chun dul isteach i margadh corparáideach PPA, de dheasca infheictheacht theoranta, punann theoranta tionscadal, agus saineolas teicniúil agus dlíthiúil teoranta a cheanglaítear chun PPAnna a chaibidliú agus a shíniú. Ar an mbealach céanna, is minic a bhíonn pobail fuinnimh in‑athnuaite agus fuinnimh saoránach róbheag chun PPAnna atá tarraingteach go heacnamaíoch a shíniú le ceannaitheoirí móra.

Thosaigh deighleog bheag ach mhéadaitheach de ghnóthais chomhairleoireachta ar réitigh a thairiscint d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, amhail an deis chun an t‑éileamh a chomhiomlánú thar thomhaltóirí iomadúla. Tá sásraí á meas ag an tionscal féin freisin chun a éileamh a chomhiomlánú chun rioscaí agus costais a laghdú. Mar shampla, sa Ghréig tá roinnt tionscail leictridhiana ag obair ar choincheap maidir le ‘Comhthiomsú Glas’, trína ndéanann cuideachtaí iomadúla a n‑éileamh leictreachais a chomhthiomsú. Ina dhiaidh sin, síníonn gach comhpháirtí tionscail PPA amháin nó níos mó chun a éileamh a chomhlíonadh ar an leibhéal comhiomlánaithe. Chun an t‑éileamh leictreachais atá fágtha a mhúnlú agus a dhaingniú, déantar conradh ar leithligh a chaibidliú chun na costais fhoriomlána ar na rannpháirtithe a laghdú. Mar sin féin, cuirtear costais bhreise agus castacht le dúnadh PPAnna freisin trí thionscadail a chomhiomlánú. Thairis sin, tá cuideachtaí áirithe ag a bhfuil iniúchtaí fuinnimh á dtairiscint – mar a cheanglaítear faoin Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh – ag leathnú a seirbhísí cheana chun measúnuithe ar PPAnna in‑athnuaite ‘ar an láthair’, ‘gar don láthair’ nó ‘lasmuigh den láthair’ a áireamh. Tá sé sách saor seirbhísí iniúchta fuinnimh a leathnú chun PPAnna in‑athnuaite a áireamh, ós rud é go mbraitheann siad ar shonraí comhchosúla a bailíodh cheana faoi chórais bainistíochta fuinnimh (ISO 500001).

Leis an tuarascáil is déanaí ó ACER maidir le Dearadh Mhargadh Leictreachais Mórdhíola an Aontais cuirtear i dtábhacht an gá atá le PPAnna a spreagadh mar aon le feabhas a chur ar an rochtain le haghaidh rannpháirtithe níos lú sa mhargadh. Chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní eacnamaíocha, fiosróidh an Coimisiún agus Grúpa BEI cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí sásraí maoiniúcháin agus comhairleacha tiomnaithe a fhorbairt chun tacú le comhaontuithe ceannaigh in‑athnuaite. Is féidir go n‑áireofar sásraí leis sin chun rochtain níos fearr ar chomhaontuithe ceannaigh in‑athnuaite a éascú le haghaidh ceannaitheoirí nua amhail FBManna. Leis an gClár InvestEU 116 is féidir tacú cheana le maoiniú le haghaidh infheistíochtaí PPAnna. D’fhéadfadh na Ballstáit ráthaíochtaí comhchosúla a thionscnamh chun tacú le bainc áitiúla ina n‑iarrachtaí chun tacú le PPAnna.

Ina theannta sin, le creat an Aontais maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, dreasófar comhaontuithe ceannaigh in‑athnuaite agus méadófar mar aon leis sin feasacht agus leas sna comhaontuithe sin i measc gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais, rud a rannchuideoidh le caipiteal a athdhíriú ar infheistíochtaí inbhuanaithe. Lena n‑eilimintí ábhartha áirítear Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht, an chéad Ghníomh Tarmligthe ón Aontas maidir leis an Aeráid Tacsanomaíochta 117 agus an Treoir bheartaithe maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD), agus beidh siad uile ina rannchuidiú le trédhearcacht mhéadaithe i margaí airgeadais agus neamhairgeadais maidir le hinbhuanaitheacht. Le Tacsanomaíocht an Aontais leagtar amach creat chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe go heacnamaíoch a shainiú agus déantar foráil maidir le ceanglais i dtaca le nochtadh feadh príomhtháscairí feidhmíochta áirithe le haghaidh gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais. Le togra CSRD gaolmhar leathnaítear raon feidhme ceanglas tuairisciúcháin gnóthas neamhairgeadais chun na cuideachtaí móra uile a áireamh (cibé acu a liostaítear nó nach liostaítear iad) agus áirítear FBManna liostaithe 118 . Beidh úsáid comhaontuithe ceannaigh in‑athnuaite ina hionstraim thábhachtach chun comhlíontacht a léiriú le critéir scagtha theicniúla ábhartha a shainítear sa Ghníomh Tarmligthe ón Aontas maidir leis an Aeráid Tacsanomaíochta agus d’fhéadfaí an méid sin a léiriú leis na príomhtháscairí feidhmíochta faoi Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht, de réir mar is iomchuí.

Thairis sin, is féidir leis an gCúnant Corparáideach Eorpach a bunaíodh le déanaí a bheith ina bhealach eile chun feasacht a ardú maidir leis na deiseanna atá ann le haghaidh gnólachtaí a shíníonn comhaontuithe ceannaigh fuinnimh in‑athnuaite.

Is féidir leis na Ballstáit forbairt na gcomhaontuithe ceannaigh fuinnimh in‑athnuaite a éascú, go háirithe le haghaidh FBManna, trí na gníomhartha seo a leanas:

A.Ardán poiblí a bhunú chun an trédhearcacht a mhéadú maidir leis an bpraghas, leis an toirt, leis na cineálacha agus leis na páirtithe atá rannpháirteach i gcomhaontuithe ceannaigh in‑athnuaite a shíniú;

B.Cur chun feidhme Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht agus a ghníomhartha tarmligthe a áirithiú agus a chur i bhfeidhm deonach a spreagadh lastall de cheanglais reachtacha 119 .

C.Conrú solúbtha le haghaidh FBManna, lena n‑áirítear treoraíocht shonrach le haghaidh táillí foirceanta conartha le haghaidh fiontair bheaga (Airt. 12 den Treoir Leictreachais);

D.Conarthaí soláthair iomadúla a chumasú, ionas gur féidir le soláthróirí agus ceannaitheoirí conrú go díreach le chéile (Airt. 4 den Treoir Leictreachais)

E.Forbairt tionscadal ar an láthair nó gar don láthair a chumasú, ar tionscadail iad a fhorbraítear faoi chomhaontuithe ceannaigh fuinnimh, go háirithe má fhorbraítear iad ‘laistiar den mhéadar’ nó trí ‘sreanga príobháideacha’;

F.An riosca a bhaint de chomhaontuithe ceannaigh fuinnimh in‑athnuaite trí ráthaíochtaí creidmheasa nó árachais lena dtacaítear le hacmhainní airgeadais poiblí, i gcomhréir leis na treoirlínte státchabhrach.

G.Bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh a spreagadh chun táirgí fiachais a thairiscint le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite mhórscála, lena n‑áirítear gaoth amach ón gcósta, i margaí inar deacair toirteanna leordhóthanacha comhaontuithe ceannaigh in‑athnuaite a chonrú roimh chinntí infheistíochta airgeadais i bhfianaise mhéid na sócmhainní agus fhad na tógála;

H.Coinníollacha rialála a leagan amach chun a cheadú do phobail fuinnimh fuinneamh breise a dhíol trí chomhaontuithe ceannaigh in‑athnuaite

I.Cumasú do pháirceanna gnó beaga nó braislí tionsclaíocha fuinneamh in‑athnuaite a cheannach i gcomhpháirt trí chomhaontuithe ceannaigh fadtéarmacha.

4.Comhaontuithe ceannaigh cumhachta in‑athnuaite trasteorann a chur chun cinn

Maidir leis an nginiúint cumhachta in‑athnuaite, ba é 37 % den ídiú leictreachais uile agus 21.2 % den ídiú leictreachais uile in 2020 a bhí i gceist léi. Mar sin féin, is ann do dhifríochtaí móra ar fud na mBallstát agus sciar na bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite san earnáil leictreachais idir 9 % agus 78 %. Ar an mbealach céanna, tá sciar na bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite san ídiú fuinnimh críochnaitheach idir 10 % agus 60 %.

Chun an córas fuinnimh a chlaochlú i dtreo soláthar fuinnimh bunaithe ar fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite ceanglófar na hacmhainní foinsí fuinnimh in‑athnuaite is fearr a úsáid ar fud an Aontais, agus fuinneamh a iompar chuig an áit a bhfuil an t‑éileamh. Leis an Margadh Aonair ceadaítear do ghnólachtaí leictreachas in‑athnuaite a cheannach ar fud an Aontais, agus tacaíocht á háirithiú le haghaidh tionscadail cumhachta in‑athnuaite bhreise atá le nascadh leis an eangach.

Tá leas á bhaint ag úsáideoirí corparáideacha cheana as foinsí fuinnimh in‑athnuaite tríd an méid seo a leanas a shíniú:

1.PPAnna trasteorann fisiciúla,

2.PPAnna trasteorann fíorúla.

In PPA trasteorann fisiciúil, conraíonn an ceannaitheoir le sócmhainn giniúna cumhachta in‑athnuaite i dtír eile, agus cuireann sé in áirithe cearta inniúlachta fisiciúla nó airgeadais ar na hidirnascairí ábhartha chun nascadh líonra fisiciúil a áirithiú. Baineann riosca agus costais atá bainteach leis na haistrithe trasteorann leis sin. In PPA trasteorann fíorúil, díolann an táirgeoir cumhachta an leictreachas leis an margadh mórdhíola áitiúil, cé go gceannaíonn an ceannaitheoir a leictreachas i margadh mórdhíola áitiúil éagsúil. Is é atá i gceist leis an gconradh idir an táirgeoir cumhachta ar thaobh amháin den teorainn agus leis an gceannaitheoir ar an taobh eile den teorainn ná socraíocht airgeadais, trína bhfaigheann an táirgeoir cumhachta íocaíocht ón margadh leictreachais mórdhíola áitiúil agus glansocraíocht in aghaidh an phraghais PPA a comhaontaíodh leis an gceannaitheoir corparáideach 120 .

Is iad na buntáistí atá ann do cheannaitheoirí rochtain níos mó ar thionscadail cumhachta in‑athnuaite ísealchostais ar fud an Aontais, an cumas chun lóid a chomhiomlánú i suíomhanna éagsúla, agus chun méid níos mó dá leictreachas a chomhlíonadh. Le haghaidh forbróirí tionscadail cumhachta in‑athnuaite, le PPAnna trasteorann ceadaítear rochtain ar mhargaí lena mbaineann praghsanna leictreachais níos airde agus dá bhrí sin toilteanas níos mó chun íoc as cumhacht in‑athnuaite.

Cé is moite de PPAnna trasteorann laistigh den mhargadh leictreachais aonair Eorpach, is ann do dheiseanna freisin chun PPAnna trasteorann a leathnú le tríú tíortha. Sampla sonrach is ea an comhar idir an Fhrainc, an Ghearmáin, an Phortaingéil, an Spáinn agus Maracó, arb é is aidhm dó sin anailís a dhéanamh ar na roghanna maidir le PPAnna trasteorann idir Maracó agus Ballstáit an Aontais faoin Treochlár Trádála um Leictreachas Inbhuanaithe 121 . Is é atá ina phríomhcheanglas maidir leis sin córas ráthaíochtaí tionscnaimh iontaofa, cruinn agus calaoisdíonach a bhunú sna tríú tíortha le comhlachtaí eisiúna atá neamhspleách ar ghníomhaíochtaí táirgeachta, trádála agus soláthair.

D’ainneoin na ndifríochtaí réasúnta mór i bpraghsanna leictreachais mórdhíola agus costais giniúna cumhachta in‑athnuaite ar fud an Aontais, tá an líon PPAnna trasteorann fós teoranta. Ar cheann de na príomhbhacainní tá na rioscaí eacnamaíocha gaolmhara, de dheasca go bhfuil soláthróirí agus tomhaltóirí ag oibriú i margaí éagsúla ina bhfuil forbairtí praghais agus córais chánach éagsúla i bhfeidhm, mar aon leis an ngá atá le riosca an phraghais tarchurtha trasteorann a bhainistiú. Tá castacht na gconarthaí ina bacainn eile, go háirithe más amhlaidh is gá do chonarthaí cloí le rialacháin áitiúla nach bhfuil comhoiriúnach. Is ann do bhacainní riaracháin freisin atá bainteach le ráthaíochtaí tionscnaimh, inarb amhlaidh nach bhfuil na rialacha maidir le heisiúint, úsáid agus cealú ráthaíochtaí tionscnaimh comhchuibhithe ina n‑iomláine ar fud na mBallstát uile. Tá an méid sin ábhartha go háirithe le haghaidh PPAnna trasteorann le tíortha nár chuir creat chun feidhme chun ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint le haghaidh giniúint leictreachais in‑athnuaite thacaithe. Ar deireadh, tá sé níos deacra míniú a thabhairt ar rannchuidiú PPAnna trasteorann chun críoch freagrachta sóisialta corparáidí.

D’ainneoin na mbacainní sin, tá gníomhaíochtaí leanúnacha ar bun chun tacú le PPAnna trasteorann ós rud é go soláthraítear leo deis uathúil agus uirlis luachmhar chun sciartha arda nó an t‑ídiú leictreachais iomlán fiú de cheannaitheoir aonair ó shuiteálacha giniúna cumhachta in‑athnuaite a chumhdach. Leis an Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais 2019 agus le Rialachán Leictreachais méadaíodh solúbthacht an mhargaidh leictreachais agus gráinneacht foirmíochta praghais rud is féidir a bheith ina chuidiú le PPAnna trasteorann a chumasú, agus tá an Gréasán Fuinnimh Tras‑Eorpach ag tacú le forbairt bonneagair tarchurtha trasteorann chun sreabha leictreachais trasteorann a oscailt agus a chumasú.

Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca airgeadais a bhaineann le PPAnna trasteorann, is féidir na Sásraí Maoiniúcháin le haghaidh Fuinneamh In‑athnuaite a úsáid chun rolladh amach níos costéifeachtaí ar fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a éascú ar fud an Aontais. Úsáidfear an maoiniú le haghaidh tairiscintí iomaíocha sna tíortha uile san Aontas atá toilteanach na tionscadail sin a óstáil. Is féidir le hinfheisteoirí príobháideacha, lena n‑áirítear corparáidí, rannchuidiú le maoiniú na dtairiscintí sin, agus féadfaidh siad na ráthaíochtaí tionscnaimh a iarraidh le haghaidh na táirgeachta fuinnimh a chomhfhreagraíonn dá ranníocaíocht.

Ina theannta sin, leis an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite ceanglaítear ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla áitiúla roimh PPAnna, agus na ráthaíochtaí tionscnaimh a chomhchuibhiú ar bhonn chaighdeán athbhreithnithe CEN‑CENELEC 16325, lena gceadófar do PPAnna corparáideacha na Ráthaíochtaí Tionscnaimh iomchuí a chur ag gabháil le conarthaí PPA thar theorainneacha. Ar deireadh, is féidir gníomhaithe nua a spreagadh le dul isteach sa mhargadh chun go soláthrófar réitigh nuálacha chun cúnamh a thabhairt d’fhoinsiú agus conrú PPAnna trasteorann san Eoraip, mar aon le réitigh nua chun an riosca agus na dúshláin bhainistíochta atá bainteach le PPAnna corparáideacha a mhaolú.

Is féidir leis na Ballstáit forbairt PPAnna trasteorann a éascú trí na gníomhartha seo a leanas:

A.I gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir le Rialachán GTE‑F, acmhainneacht idirnascaire a neartú idir Ballstáit an Aontais agus le tríú tíortha mar aon leis sin;

B.Líonraí atá ann cheana a oscailt chuig leithdháileadh acmhainneachta tarchurtha méadaithe;

C.Bacainní rialála lena ndéantar difear d’aistriú ráthaíochtaí tionscnaimh chuig ceannaitheoirí a bhaint agus na rialacha maidir le húsáid ráthaíochtaí tionscnaimh ar fud na dtíortha a chomhchuibhiú a thuilleadh;

D.Tacú le córais ráthaíochtaí tionscnaimh atá iontaofa, cruinn agus calaoisdíonach a fhorbairt i dtríú tíortha.

(1)    Tá an doiciméad seo gan dochar do dhualgas na mBallstát agus gnóthas a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí ábhartha an Aontais. Tá na samplaí a úsáidtear bunaithe ar staidéir agus comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara agus is chun críoch léiriúcháin amháin iad. Tá an staidéar ‘Technical support for RES policy development and implementation – Simplification of permission and administrative procedures for RES installations (RES Simplify)’ [Tacaíocht theicniúil le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme bheartas RES – Simpliú nósanna imeachta ceada agus riaracháin le haghaidh shuiteálacha RES (RES Simplify)] á dhéanamh chun bacainní agus dea‑chleachtais a shainaithint ar fud na mBallstát agus tacaíodh le dréachtú na treoraíochta seo lena thuarascáil eatramhach. Tá sé le fáil ag: https://data.europa.eu/doi/10.2833/239077 . Maidir le cuid de na dea‑chleachtais a chuirtear i láthair, níor cuireadh chun feidhme iad ach le déanaí, agus, dá dheasca sin, níor baineadh torthaí amach leo i ngach cás.
(2)    Má bhaintear an sprioc sin amach tugtar le tuiscint go dtiocfaidh méadú faoi 2.5‑3 ar an acmhainneacht ghréine agus ghaoithe ar talamh faoi 2030 (ó 118 GW agus 167 GW inniu, faoi seach), agus méadú faoi chúig ar an toilleadh amach ón gcósta (ó 16 GW inniu). Is éard is brí leis sin gur gá an acmhainneacht giniúna foinsí fuinnimh in‑athnuaite breise a shuiteáiltear gach bliain a mhéadú ó thart ar 30-35 GW in aghaidh na bliana go thart ar 45-65 GW in aghaidh na bliana sa tréimhse 2020 go 2030.
(3)    REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, COM(2022) 108 final
(4)    Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support [Dul i ngleic le praghsanna fuinnimh atá ag dul in airde: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta agus tacaíochta], COM (2021) 660 final
(5)    Sa treoraíocht seo, úsáidtear an téarma ‘próiseas maidir le deonú ceadanna’ chun tagairt a dhéanamh do na nósanna imeachta uile um údarú, deimhniú agus ceadúnú a cheanglaítear agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le gléasraí agus líonraí tarchurtha agus dáileacháin gaolmhara chun leictreachas, téamh agus fuarú a tháirgeadh ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite.
(6)    Tá ciall níos leithne leis an téarma ‘nósanna imeachta riaracháin’ ná mar atá le próisis maidir le deonú ceadanna agus tagraítear leis e.g. don phleanáil spásúil, rialacháin agus cóid tógála, nósanna imeachta um dheimhniú agus ceadúnú nó nósanna imeachta corparáideacha dlíthiúla fioscacha.
(7)    Thairis sin, tá scrúdú á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisiún ar na bacainní riaracháin inchomparáide i gcás bonneagar córais hidrigine a fhorbairt go gasta. Féach freisin: European Clean Hydrogen Alliance: reports of the alliance roundtables on barriers and mitigation measures [An Chomhghuaillíocht Eorpach le haghaidh Hidrigin Ghlan: tuarascálacha ó chruinnithe comhchéime na comhghuaillíochta maidir le bacainní agus bearta maolúcháin], Deireadh Fómhair 2021.
(8)    Chun críche na treoraíochta seo, tuigtear go gcuimsítear le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite gléasraí táirgeachta le haghaidh giniúint fuinnimh in‑athnuaite mar a shainmhínítear sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite (lena n‑áirítear i bhfoirm hidrigine), na sócmhainní is gá lena nascadh le heangach agus chun an fuinneamh a táirgeadh a stóráil.
(9)     https://ec.europa.eu/growth/single-market/single-market‑enforcement‑taskforce_en  
(10)    Straitéis amach ón gCósta an Aontais, le fáil ag https://energy.ec.europa.eu/topics/renewable-energy/eu-strategy-offshore-renewable-energy_en  
(11)    An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, Tallat‑Kelpšaitė, J., Brückmann, R., Banasiak, J. et al., Technical support for RES policy development and implementation – Simplification of permission and administrative procedures for RES installations (RES Simplify) [Tacaíocht theicniúil le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme bheartas RES – Simpliú nósanna imeachta ceada agus riaracháin le haghaidh shuiteálacha RES (RES Simplify)]. Tuarascáil eatramhach, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2833/239077  
(12)    De réir an mheasúnaithe tionchair ar an athbhreithniú ar Threoir MTC, tógann an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol idir 5 mhí agus 27 mí.
(13)   https://ec.europa.eu/info/news/commissions-technical-support‑instrument‑help-17-member-states-curb-their-reliance-russian‑fossil-fuels-2022-apr-06_en  
(14)     Dlús a chur le ceadú le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite (europa.eu)
(15)    An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, Akkermans, F., Le Den, X., Heidecke, L., et al., Support to the evaluation of Regulation (EU) No 347/2013 on guidelines for trans‑European energy infrastructure : [Tacaíocht leis an meastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar fuinnimh tras‑Eorpach]final report, [an tuarascáil chríochnaitheach] Oifig na bhFoilseachán, 2021,  https://data.europa.eu/doi/10.2833/154438
(16)    Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach, Idirnaisc d'Iardheisceart na hEorpa, an Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa
(17)    Breis faisnéise maidir leis na réimsí comhair arna gcumhdach ag na ceithre Ghrúpa Ardleibhéil: Grúpaí ardleibhéil (europa.eu)  
(18)    Airteagal 7(3) maidir leis an togra le haghaidh Treoir maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in‑athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin.
(19)    Airteagal 16(4), (5) agus (6) de REDII.
(20)    Féach an chaibidil seo a leanas maidir leis an bpointe teagmhála aonair
(21)    Airteagal 20(b)(5) den Rialachán maidir le Rialachas
(22)    Mar sin féin, ní fhágfar na céimeanna uile eile de nós imeachta MTC (go háirithe rochtain ar cheartas) ar lár.
(23)  An Bille um Pleanáil agus Forbairt (Painéil Ghréine le haghaidh Foirgnimh Phoiblí, Scoileanna, Tithe agus Áitreabh Eile) (Leasú), 2021 https://www.oireachtas.ie/en/debates/debate/seanad/2021-06-28/18/ ).
(24) Le Treoir MTC tugtar isteach dhá thráthchlár sheasta maidir le MTC – 90 lá ar a mhéad chun scagchinneadh a dhéanamh le haghaidh thionscadail Iarscríbhinn II agus 30 lá ar a laghad le haghaidh chomhairliúcháin phoiblí thuarascáil MTC le haghaidh tionscadail atá faoi réir MTC; is faoi na Ballstáit atá sé tráthchláir eile a bhunú.
(25)    Ar dhíon cothrom ar choinníoll nach mbeidh an tsuiteáil níos mó ná 1 mhéadar os cionn na sceimhleacha; ar chlaondíon ar choinníoll go bhfuil na painéil comhtháthaithe i ndromchla an chlaondín.
(26)    Amhail an tsamhail tuirbín gaoithe bheacht nó an vatacht painéil fótavoltachais
(27)    Speeding up renewable deployment, RES – Cuideachta Fuinnimh In‑athnuaite Dhomhanda (res‑group.com), le fáil ag : https://www.res-group.com/en/cop/speeding-up-renewable-deployment/
(28)    Airteagal 16(1) REDII.
(29)    Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras‑Eorpaigh fuinnimh
(30)    Airteagal 7(6) maidir leis an togra le haghaidh Treoir maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in‑athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin.
(31) From Red Tape to Smart Tape Administrative Simplification in OECD Countries | Cutting Red Tape | OECD iLibrary https://www.oecd-ilibrary.org/governance/from-red-tape-to-smart‑tape_9789264100688-en  
(32)  Global Offshore Wind Report 2021, Global Wind Energy Council, https://gwec.net/global-offshore-wind-report‑2021/  
(33)    Airteagal 16(2) REDII
(34)    Elektronisches Genehmigungsverfa hren ‑ Version 2.7 | Nds. Gewerbeaufsicht (niedersachsen.de)
(35)    An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, Tallat‑Kelpšaitė, J., Brückmann, R., Banasiak, J. et al., Technical support for RES policy development and implementation – Simplification of permission and administrative procedures for RES installations (RES Simplify) [Tacaíocht theicniúil le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme bheartas RES – Simpliú nósanna imeachta ceada agus riaracháin le haghaidh shuiteálacha RES (RES Simplify)].Tuarascáil eatramhach, 2021,  https://data.europa.eu/doi/10.2833/239077  
(36)    Aontas an Chomhionannais: An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020‑2025, COM/2020/152 final, le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and-fundamental-rights/gender-equality/gender-equality-strategy_ga  
(37)    Foinse: WindEurope
(38)     https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=25042&langId=en  
(39)      Tuarascáil ón gCoimisiún ‘EU Border Regions: Living labs of European integration’ [Réigiúin Teorann an Aontais Eorpaigh: Saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí], COM/2021/393 final.
(40)    An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future [Straitéis de chuid an Aontais chun leas a bhaint as fuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta le haghaidh todhchaí atá aeráidneodrach], COM (2020) 741 final
(41)    Clean energy technologies in coal regions [Teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain i réigiúin ghuail], Kapetaki, Z. eagarthóir(í), Lucsamburg, 2020, doi:10.2760/384605
(42)    Féach mar shampla an uirlis REZoning atá le fáil ag https://rezoning.energydata.info/  
(43)     https://ec.europa.eu/energy-industry-geography-lab  
(44)    Tá nóta míniúcháin ar fáil freisin maidir le teorainneacha sonraí, bearnaí eolais agus an bealach chun na sraitheanna éagsúla a úsáid freisin (e.g. lena soiléirítear gur féidir le tionscadail fuinnimh gaoithe agus grianfhuinnimh a bheith suite i láithreáin Natura 2000 ar choinníoll go n‑urramaítear forálacha na Treorach maidir le Gnáthóga).
(45)     https://miljoeportal.dk  
(46)    Dá réir sin, is é an t‑aon éiginnteacht atá fágtha maidir leis sin fionnachtana seandálaíochta féideartha.
(47)     https://geodata.environnement.brussels/client/solar/?_ga=2.96364508.1780876011.1647281973-1886784996.1647281973  
(48)    Barron‑Gafford, G.A., Pavao‑Zuckerman, M.A., Minor, R.L. et al. Agrivoltaics provide mutual benefits across the food–energy–water nexus in drylands. Nature Sustainability 2, 848–855 (2019). https://doi.org/10.1038/s41893-019-0364-5 ; Hassanpour Adeh E, Selker JS, Higgins CW (2018) Remarkable agrivoltaic influence on soil moisture, micrometeorology and water‑use efficiency. PLoS ONE 13(11): e0203256. https://doi.org/10.1371/journal.pone.0203256  
(49)    Mar shampla, mar a forbraíodh faoin tionscadal EDULIS (2017‑2019), is féidir bonneagar feirme gaoithe amach ón gcósta a úsáid chun dobharshaothrú a fhorbairt amhail feirmeoireacht diúilicíní. Is féidir mionsonraí breise air sin a fháil in Best Practice Guidance in Multi‑Use Issues and Licensing Procedures, Meitheamh 2021, https://maritime-spatial-planning.ec.europa.eu/msp-resources/ec-msp-studies  
(50)    Le rannpháirtíocht phoiblí ar an leibhéal tionscadail, má dheartar go maith í, is féidir inghlacthacht a mhéadú freisin, ach bíonn sí níos éifeachtaí nuair a chomhcheanglaítear le rannpháirtíocht phoiblí í ar chéim phleanála níos luaithe.
(51)    Pobail fuinnimh in‑athnuaite mar a shainmhínítear sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, pobail fuinnimh saoránach mar a shainmhínítear sa Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais, nó cineálacha eile fuinnimh pobail.
(52)     https://www.ecologie.gouv.fr/label-financement-participatif  
(53)     https://aster.vlaanderen/nl/english-summary  
(54)    Leis an Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais agus leis an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite araon leagtar síos na coinníollacha chun go n‑áireoidh na Ballstáit roghanna le haghaidh cur chun feidhme trasteorann pobal fuinnimh ina dtrasuí náisiúnta.
(55)     https://sereh.eu/en/sereh/  
(56)     https://renewables-grid.eu/activities/ird/our-energy-future.html  
(57)     JRC Publications Repository - Wind potentials for EU and neighbouring countries: Input datasets for the JRC‑EU‑TIMES Model (europa.eu) [Stór Fhoilseacháin JRC – Acmhainneachtaí gaoithe le haghaidh an Aontais agus tíortha comharsanacha: Tacair sonraí ionchuir le haghaidh na Samhla JRC‑EU‑TIMES]
(58)    Is setback distance the best criteria for siting wind turbines under crowded conditions? An empirical analysis, Energy Policy 155 (2021) 112346. https://doi.org/10.1016/j.enpol.2021.112346  
(59)    I bhformhór na mBallstát tá íosrialacha achair 500‑1 000 i bhfeidhm.
(60)    An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, Tallat‑Kelpšaitė, J., Brückmann, R., Banasiak, J. et al., Technical support for RES policy development and implementation – Simplification of permission and administrative procedures for RES installations (RES Simplify) [Tacaíocht theicniúil le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme bheartas RES – Simpliú nósanna imeachta ceada agus riaracháin le haghaidh shuiteálacha RES (RES Simplify)].Tuarascáil eatramhach, 2021,  https://data.europa.eu/doi/10.2833/239077  
(61)    Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, IO L 26, 28.1.2012, lch. 1–21, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014, IO L 124, 25.4.2014, lch. 1
(62)    A mhéid a bhaineann le Treoir MTC agus na Treoracha maidir le cosaint an dúlra, ceanglaítear cur chuige an ionaid ilfhreastail faoi Threoir MTC (agus corrlach discréide ann le haghaidh na mBallstát).
(63)      Rud a chuirtear i dtábhacht freisin sa Teachtaireacht ón gCoimisiún An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future [Straitéis de chuid an Aontais chun leas a bhaint as fuinneamh in‑athnuaite amach ón gcósta le haghaidh todhchaí atá aeráidneodrach] (COM/2020/741 final).
(64)      Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol, IO L 197, 21.7.2001, lch. 30
(65)     https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/management/pdf/methodological-guidance_2021-10/EN.pdf  
(66)     https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/management/docs/wind_farms_en.pdf  
(67)   https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/management/pdf/guidance_on_energy_transmission_infrastructure_and_eu_nature_legislation_en.pdf  
(68)     https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/management/docs/hydro_final_june_2018_en.pdf  
(69)      Common Implementation Strategy for the Water Framework Directive and the Floods Directive, Guidance Document No. 36: Exemptions to the Environmental Objectives according to Article 4(7) [Comhstraitéis Cur Chun Feidhme le haghaidh na Treorach Réime maidir le hUisce agus na Treorach maidir le Tuilte, Treoirdhoiciméad Uimh. 36: Díolúintí ó na Cuspóirí Comhshaoil de réir Airteagal 4(7)] https://circabc.europa.eu/sd/a/e0352ec3-9f3b-4d91-bdbb-939185be3e89/CIS_Guidance_Article_4_7_FINAL.PDF  
(70)   https://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/species/guidance/index_en.htm  
(71) C‑346/14, An Coimisiún Eorpach v Poblacht na hOstaire, ECLI:AE:C:2016:322.
(72) Féach fonótaí 65 go 69 thuas.
(73)     https://www.nabu.de/imperia/md/content/nabude/energie/solarenergie/210505-nabu-bsw-kritereien_fuer_naturvertraegliche_solarparks.pdf  
(74)     https://geo.inbo.be/windturbines/  
(75)     https://wozep.nl/  
(76)    An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, Tallat‑Kelpšaitė, J., Brückmann, R., Banasiak, J. et al., Technical support for RES policy development and implementation – Simplification of permission and administrative procedures for RES installations (RES Simplify) [Tacaíocht theicniúil le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme bheartas RES – Simpliú nósanna imeachta ceada agus riaracháin le haghaidh shuiteálacha RES (RES Simplify)].Tuarascáil eatramhach, 2021,  https://data.europa.eu/doi/10.2833/239077  
(77)     www.egle.ee  
(78)    Féach Caibidil 2b.
(79)     https://windeurope.org/about-wind/database-for-wind-and-storage-colocated-projects/  
(80)    Dlí an fhuinnimh in‑athnuaite sa Phortaingéil agus rialáil air sin. Saintreoir CMS. https://cms.law/en/int/expert‑guides/cms-expert‑guide-to-renewable-energy/portugal
(81)    Airteagal 2(10) REDII
(82)    De réir WindEurope, tá 45 GW de pháirceanna gaoithe ag druidim i dtreo dheireadh a ré eacnamaíche in 2022‑2026
(83)    Kitzing, L., Jensen, M.K., Telsnig, T. et al., Multifaceted drivers for onshore wind energy repowering and their implications for energy transition. Nature Energy 5, 1012–1021 (2020). https://doi.org/10.1038/s41560-020-00717-1  
(84)    Why repowering is key to wind power industry’s growth, Windpower Monthly, le fáil ag https://www.windpowermonthly.com/article/1735687/why-repowering-key-wind-power-industrys-growth  
(85)    Hydropower Europe, https://hydropower-europe.eu/about‑hydropower-europe/hydropower-energy/
(86)    Airteagal 16(6) REDII
(87)    Airteagal 16(8) REDII
(88)    Iarscríbhinn II de Threoir MTC
(89)    Iarscríbhinn III de Threoir MTC
(90)      Sna cásanna sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar cuspóir bunúsach Threoir MTC de réir Airt. 2(1).
(91)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.C_.2021.486.01.0001.01.ENG  
(92) https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/management/docs/art6/EN_art_6_guide_jun_2019.pdf  
(93) https://ec.europa.eu/environment/nature/natura2000/management/pdf/methodological-guidance_2021-10/EN.pdf  
(94) Mar a mholtar faoin bpacáiste um dhícharbónú na margaí hidrigine agus gáis
(95)     https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-13026-2020-INIT/ga/pdf (Conclúidí ón gComhairle maidir le boscaí gainimh rialála)
(96)    https://fsr.eui.eu/regulatory-sandboxes-in-the-energy-sector-the-what-the-who-and-the-how/
(97)    https://www.cre.fr/en/Energetic-transition-and-technologic-innovation/regulatory-sandbox
(98)    https://www.rvo.nl/subsidies-financiering/experimenten-elektriciteitswet-2015-2018
(99)    https://www.ffg.at/Energie.Frei.Raum
(100)   Competitiveness of corporate sourcing of renewable energy. Annex C to Part 2 of the Study on the competitiveness of the renewable energy sector, Synopsis report: Online survey and interviews with EU stakeholders – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu) [Iomaíochas foinsithe chorparáidigh fuinnimh in‑athnuaite. Iarscríbhinn C a ghabhann le Cuid 2 den Staidéar maidir le hiomaíochas earnáil an fhuinnimh in‑athnuaite, Tuarascáil Achoimre: Suirbhé ar líne agus agallaimh le páirtithe leasmhara an Aontais]
(101)   Competitiveness of corporate sourcing of renewable energy. Annex B to Part 2 of the Study on the competitiveness of the renewable energy sector, Country overview – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu) [Iomaíochas foinsithe chorparáidigh fuinnimh in‑athnuaite. Iarscríbhinn B a ghabhann le Cuid 2 den Staidéar maidir le hiomaíochas earnáil an fhuinnimh in‑athnuaite, Forbhreathnú tíre]
(102)    De réir RE‑Source (2022), tá acmhainn chonarthach PPA iomlán san Eoraip (lena n‑áirítear an Ríocht Aontaithe, an Iorua) cothrom le 18.5 GW agus is leis an Spáinn a bhaineann 23 % de sin.
(103)  Spain calls on EU to endorse renewable energy contracts for industry, EURACTIV.com, le fáil ag https://www.euractiv.com/section/energy-environment/news/spain‑calls-on‑eu-to-endorse-renewable-energy-contracts-for-industry/
(104) Aurore Energy Research, EEX (an 8 Nollaig 2021) Romanian PPAs – A new growth potential for renewables
(105)    CEER(2021) C21‑RES‑75‑05
(106)    Féach níos mó ag https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/find-funding/eu-funding-programmes/technical-support‑instrument/technical-support‑instrument‑tsi_ga  
(107) REFORM/SC2020/009, Support to elaborate the legislative and regulatory framework to promote Power Purchase Agreements in Italy
(108) Leis an bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide léirítear go bhfuil coinne leis go gcomhlíonfar 15 % den éileamh leictreachais le foinsí in‑athnuaite a conraíodh faoi PPAnna corparáideacha.
(109) Sa scéim, is gá d’fhorbróirí tionscadail a léiriú – mar chuid dá dtairiscint – cé na blianta inar mian leo leas a bhaint as tacaíocht phoiblí, agus cé na blianta inar mhian leo leictreachas a dhíol ar an margadh nó trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta.
(110)    E.g. Amazon, Microsoft, Google nó BASF
(111)   https://www.cdp.net/en
(112)  C8.2f – Reporting on the consumption of purchased or acquired energy.
(113)   Competitiveness of corporate sourcing of renewable energy. Annex A.2 to Part 2 of the Study on the competitiveness of the renewable energy sector, Case study: Primary aluminium Alcoa and Norsk Hydro – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu) [Iarscríbhinn A.2 a ghabhann le Cuid 2 den Staidéar maidir le hiomaíochas earnáil an fhuinnimh in‑athnuaite, Cás‑staidéar: Alúmanam príomhúil Alcoa agus Norsk Hydro]
(114)    ACER’s Final Assessment of the EU Wholesale Electricity Market Design [Measúnú Críochnaitheach ACER ar Dhearadh Mhargadh Leictreachais Mórdhíola an Aontais], Aibreán 2022, le fáil ag https://www.acer.europa.eu/events-and-engagement/news/press-release-acer-publishes-its-final-assessment‑eu-wholesale  
(115)     https://leap4sme.eu/wp-content/uploads/2021/07/LEAP4SME-D2.1-SME-energy-and-economic-mapping-in‑Europe.pdf
(116)    Mar a léirítear go sainráite sna Treoirlínte Infheistíochta le haghaidh an Chiste InvestEU (C(2021)2633 final), lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 (an Rialachán maidir le InvestEU).
(117)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32021R2139  
(118)

 Eisiatar micrifhiontair liostaithe ón gceanglas sin.

(119) Léirítear le hanailís a rinneadh le déanaí nach bhfuil céatadán mór de na cuideachtaí ag tuairisciú ar inbhuaine comhshaoil a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha fós.
(120) WBCSD, 2020. Cross-border renewable PPAs in Europe. Le fáil ag https://www.wbcsd.org/contentwbc/download/10878/160801/1
(121) Rud a síníodh ag COP22 i Maracó, féach an anailís: https://static1.squarespace.com/static/609a53264723031eccc12e99/t/60ec6e66dcef4a49b3a8c8da/1626107520287/Pursuing-Cross-Border-PPAs-Between-Morocco-and-EU.pdf