AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.5.2022
JOIN(2022) 16 final
TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Sainréigiún Riaracháin Hong Cong:
Tuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2021
TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
SAINRÉIGIÚN RIARACHÁIN HONG CONG:
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL LE HAGHAIDH 2021
Achoimre
Ón tráth a aistríodh Hong Cong go dtí Daon‑Phoblacht na Síne (PRC) in 1997, lean an tAontas Eorpach (an tAontas) agus a Bhallstáit forbairtí polaitiúla agus eacnamaíocha i Sainréigiún Riaracháin Hong Cong (SAR).
I gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh do Pharlaimint na hEorpa in 1997, eisíonn an Coimisiún agus an tArdionadaí tuarascáil bhliantúil maidir leis na forbairtí i Hong Cong. I gcaitheamh na mblianta, tugadh aghaidh ar leith ar an bprionsabal ‘tír amháin, dhá chóras’ a chur chun feidhme agus ar neamhspleáchas Hong Cong mar a luaitear sa Bhundlí.
Is é seo an 24ú tuarascáil, lena gcumhdaítear 2021. I mbliana, chonacthas níos mó dochair don phrionsabal ‘tír amháin, dhá chóras’, cur chun feidhme Dhlí na Slándála Náisiúnta (NSL), ollchóiriú toghchánach, laghdú ar shaoirse an phreasa, díscaoileadh go leor grúpaí den tsochaí sibhialta ar son an daonlathais, lena n‑áirítear ceardchumainn, agus níos mó srianta ar dhul go críocha Hong Cong mar gheall ar phaindéim COVID‑19.
Tá méadú tapa tagtha ar ídiú ardleibhéal neamhspleáchas Hong Cong agus ar ídiú na gceart agus na saoirsí a raibh an Dearbhú Comhpháirteach Sín‑Briotanach ceaptha lena gcosaint go dtí 2047 ar a laghad. Ag tús 2021, rinneadh 55 duine ar son an daonlathais a ollghabháil i mí Eanáir agus ag deireadh na bliana cuireadh toghcháin na Comhairle Reachtaí nach raibh aon fhreasúra inti ar bun an 19 Nollaig. In 2021, cuireadh tús leis na chéad trialacha faoi Dhlí na Slándála Náisiúnta agus rinneadh ollchóiriú toghchánach a treisíodh le reacht maidir le mionn a ghlacadh arbh é ba chuspóir dó comhairleoirí ceantair ar son an daonlathais a toghadh in 2019 a dhíscaoileadh.
D’éirigh Hong Cong forlámhach: tá formhór na bpolaiteoirí daonlathacha i bpríosún nó ar deoraíocht; díscaoileadh eagraíochtaí iomadúla na sochaí sibhialta agus dhún roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha a n‑oifigí i Hong Cong. Bhí cur chun feidhme Dhlí na Slándála Náisiúnta ní ba láidre ná mar a rabhthas ag súil leis. Is ábhar imní mór é cineál leathan na gcionta faoi Dhlí na Slándála Náisiúnta agus déine na bpionós a fhorordaítear leis an dlí agus bhí tionchar diúltach acu ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a cosnaíodh roimhe seo. Tá méadú tagtha ar an treocht i dtreo na féinchinsireachta sna meáin, sa saol acadúil agus sa tsochaí shibhialta.
Cé gur bhuail Oifig an Aontais Eorpaigh le raon leathan teagmhálaithe agus ionadaithe polaitiúla den tsochaí shibhialta ag tús na bliana, níorbh amhlaidh a bhí i dtreo dheireadh na bliana. Tá drogall ar go leor acu teagmháil a bheith acu le taidhleoirí eachtracha, toisc go bhfuil siad airdeallach ar na forálacha a bhaineann le ‘claonpháirteachas le fórsaí eachtracha’ faoi Dhlí na Slándála Náisiúnta, a bhféadfaí cur le tréimhsí príosúnachta fada leo.
Threisigh údaráis na mórthíre formhaoirseacht ar ghnóthaí Hong Cong ar go leor bealaí. I mBéising, chruthaigh Oifig Ghnóthaí Hong Cong agus Macao dhá roinn nua a dhéanann formhaoirseacht ar an tslándáil náisiúnta agus ar an mbolscaireacht. I Hong Cong, d’éirigh Oifig Idirchaidrimh Dhaon‑Phoblacht na Síne ní ba fheiceálaí agus iad ag dul i bhfeidhm ar shaoránaigh Hong Cong.
Is coimirce fhíor‑riachtanach fós é neamhspleáchas na mbreithiúna maidir le príomhchearta agus príomhshaoirsí a chur i bhfeidhm ach le cur chun feidhme Dhlí na Slándála Náisiúnta, rinneadh dochar do ról an smachta reachta maidir le saoirsí sibhialta a chosaint. Cé go mbíonn imeachtaí cúirte agus argóintí dlíthiúla i gcomhréir le gnáthchleachtais an dlí don chuid is mó, níl an bhreithiúnacht chomh liobrálach ná chomh caoinfhulangach anois i gcásanna a bhaineann le feidhmiú saoirsí polaitiúla. Bhí leibhéal áirithe muiníne fós in inniúlacht agus in ionracas na mbreitheamh agus ina n‑ullmhacht an smacht reachta a chur i bhfeidhm.
D’ardaigh an tAontas ábhair imní go príobháideach agus go poiblí faoi na forbairtí i Hong Cong.
D’eisigh an tArdionadaí na dearbhuithe a leanas maidir le Hong Cong thar ceann an Aontais:
üan 7 Eanáir – Dearbhú maidir le hollghabháil na ndaoine a bhí páirteach sna toghcháin thosaigh ar son an daonlathais i mí Iúil 2020
üan 11 Márta - Dearbhú maidir leis an gcóras toghcháin
üan 9 Meitheamh - Ráiteas maidir leis na hathruithe ar chóras toghcháin Hong Cong
üan 20 Nollaig - Ráiteas maidir le Toghchán na Comhairle Reachtaí arna reáchtáil an 19 Nollaig 2021
Cumhdaíodh an méid a leanas i ráitis urlabhraí an Aontais maidir le Hong Cong:
ü5 Márta: Ráiteas maidir le hathchóiriú toghchánach féideartha
ü16 Aibreán: Ráiteas maidir le pionós a chur ar ghníomhaithe ar son an daonlathais
üAn 23 Meitheamh – Ráiteas maidir le deireadh oibríochtaí Apple Daily i Hong Cong
üAn 21 Deireadh Fómhair - Ráiteas maidir le díbirt comhairleoirí ceantair a toghadh go daonlathach agus an laghdú ar an spás le haghaidh na sochaí sibhialta
Pléadh meathlú an cháis i Hong Cong roinnt uaireanta ag Comhairle Ghnóthaí Eachtracha an Aontais freisin. Chuir an tAontas dlús le comhordú le comhpháirtithe a bhfuil an dearcadh céanna acu mar chuid dá fhreagairt maidir le Hong Cong, mar a léirítear sa ráiteas G7 maidir le hathchóiriú toghchánach an 12 Márta.
Le linn 2021, bhí COVID‑19 faoi smacht den chuid is mó i Hong Cong agus bhí roinnt srianta i bhfeidhm, amhail cosc ar thionóil phoiblí. D’éirigh na srianta rochtana ar chríocha Hong Cong níos géire arís, agus faoi dheireadh na bliana, bhí na srianta sin ar aon dul leis na srianta rochtana ar mhórthír na Síne. Níor athosclaíodh an teorainn le mórthír na Síne faoi dheireadh na bliana.
D’éirigh go maith le Hong Cong ó thaobh an gheilleagair in 2021. Ba é Hong Cong an tríú ceann scríbe infheistíochta ba mhó ar domhan agus ba é an séú geilleagar trádála ba mhó. Cé go raibh foireann eachtrach ag fágáil, tháinig méadú 3.5 % ar láithreacht chuideachtaí an Aontais le linn na 12 mhí a tháinig chun deiridh i mí an Mheithimh ó thaobh líon na gcuideachtaí (1614 chuideachta), agus, dá réir sin, lean sé de bheith ar an bpobal gnó ba mhó nach de thionscnamh na Síne é i Hong Cong. Ba é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála in earraí ba mhó a bhí ag Hong Cong in 2021, tar éis mhórthír na Síne agus an Téaváin.
Tháinig téarnamh 7.0 % in aghaidh na bliana ar gheilleagar Hong Cong sna chéad 9 mí de 2021
. Tacaíodh leis an ngeilleagar le feidhmíocht láidir sna hearnálacha trádála agus na lóistíochta agus sa tionscal airgeadais cé raibh dúshláin roimh an réimse miondíola, an réimse iompair agus an réimse tógála fós. Mar sin féin, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do stádas Hong Cong mar mhol gnó idirnáisiúnta dá leanfaí de chuideachtaí eachtracha nach de thionscnamh na Síne iad a laghdú. Leis sin, chruthófaí dúshláin nua maidir le hiomaíochas domhanda, infhaighteacht tallainne agus ganntanais sa mhargadh saothair (léiríodh le suirbhé le déanaí gur tháinig laghdú 4 % nó 20 000 ball foirne le linn thréimhse 2 bhliain ar an líon foirne a bhí fostaithe ag cuideachtaí eachtracha i Hong Cong).
I. Forbairtí polaitiúla agus sóisialta
Le linn 2021, chonacthas céimeanna ar gcúl ó thaobh an daonlathais agus cur i bhfeidhm níos sriantaí an phrionsabail ‘tír amháin, dhá chóras’ agus dochar don phrionsabal sin le cúnamh ó Dhlí na Slándála Náisiúnta (NSL).
Sna chéad laethanta de 2021, rinneadh 55 duine a raibh baint acu leis an ngluaiseacht ar son an daonlathais a ollghabháil, lena n‑áirítear pearsana polaitiúla mór le rá. Coimeádadh iad as treascairt a dhéanamh faoi Dhlí na Slándála Náisiúnta, tar éis iad a bheith páirteach sna príomhthoghcháin neamhfhoirmiúla ar son an daonlathais in 2020. Cúisíodh 47 acu as ‘comhcheilg chun treascairt a dhéanamh’. An 7 Eanáir d’eisigh an tArdionadaí Dearbhú, thar ceann an Aontais, maidir le hollghabháil na ndaoine a bhí páirteach sna toghcháin tosaigh ar son an daonlathais i mí Iúil 2020.
An 30 Márta, leasaigh an Daon‑Chomhdháil Náisiúnta na hiarscríbhinní a ghabhann leis an mBundlí chun ollchóiriú a dhéanamh ar chóras toghcháin Hong Cong. Leis sin, tá gnéithe daonlathacha an chórais toghcháin a bhí réasúnta beag cheana níos laige agus áirithíodh go bhféadfadh daoine ar son na bunaíochta smacht a bheith acu ar gach leibhéal den rialtas - an Rialtas, an Chomhairle Reachtach (LegCo) agus an Coiste Toghcháin. Rinne an tArdionadaí ráiteas maidir leis na hathruithe ar chóras toghcháin Hong Cong an 9 Meitheamh.
Méadaíodh an Coiste Toghcháin ó 1200 comhalta go dtí 1500 comhalta (sa chleachtas tá 1448 gcomhalta aige atá ar son na bunaíochta don chuid is mó). I mí Mheán Fómhair, thogh 4389 duine an coiste sin, rud a fhágann gur chaith 89.77 % de na daoine vóta. Thogh na vótálaithe ach polaiteoir amháin ‘nach bhfuil ar son na bunaíochta’ dar leis. Athraíodh comhdhéanamh agus ról an choiste. Fuarthas réidh leis na 117 suíochán a coinníodh le haghaidh Comhairleoirí Ceantair. Cruthaíodh suíocháin nua le haghaidh chomhaltaí Chomhdháil Chomhairleach Pholaitiúil Mhuintir na Síne agus le haghaidh chomhaltaí Hong Cong d’eagraíochtaí náisiúnta roghnaithe. Tugadh cumhachtaí grinnscrúdaithe nua don Choiste Toghcháin, go háirithe bhí cead aighnis acu i mbeagnach leath de chomhaltaí na Comhairle Reachtaí.
Leis an ollchóiriú toghchánach, modhnaíodh méid agus comhdhéanamh na Comhairle Reachtaí freisin. Méadaíodh líon iomlán na suíochán sa reachtas ó 70 suíochán go dtí 90 suíochán, agus ní bhfuarthas ach 20 suíochán trí thoghcháin dhíreacha (toghcheantair gheografacha). Líon an Coiste Toghcháin daichead suíochán. Bhí tríocha suíochán fós ann le haghaidh toghcheantair feidhme agus ba ghnách gur líon daoine ar son na bunaíochta iad. Cealaíodh na cúig shár‑shuíochán a bhí sa Chomhairle Reachtach, rud a d’fhág gur foirceannadh an t‑aon athchóiriú polaitíochta amháin ar éirigh leis ó tharla an t‑aistriú.
Ba é toghchán na Comhairle Reachtaí an 19 Nollaig chéad toghchán na Comhairle Reachtaí ó fhorchur Dhlí na Slándála Náisiúnta agus an ollchóirithe thoghchánaigh. Sheas 153 iarrthóir san iomlán i dtrí ghrúpa leathan toghcheantar. Chláraigh 219 254 vótálaí chun vóta a chaitheamh sna toghcheantair feidhme agus chláraigh 4 472 863 vótálaí sna toghcheantair gheografacha].
Reáchtáladh an seachtú Toghchán den Chomhairle Reachtach, a bhí sceidealaithe le haghaidh mhí Mheán Fómhair 2020 ar dtús, an 19 Nollaig 2021. Ba é sin an chéad toghchán den sórt sin ó fhorchur Dhlí na Slándála Náisiúnta agus ó chur chun feidhme athruithe ó bhonn sa chóras toghchánach.
Sna Toghcheantair Gheografacha arna dtoghadh go díreach, chaith 1 350 680 vótálaí san iomlán a bpáipéir bhallóide, rud a fhágann gur chaith 30.2 % de na daoine vóta - an ráta ab ísle riamh. Sna Toghcheantair Feidhme arna dtoghadh go hindíreach agus i dToghcheantar nua an Choiste Toghcháin, chaith 70 490 vótálaí agus 1 426 vótálaí faoi seach a bpáipéir bhallóide, rud a léiríonn gur chaith 32.22 % agus 96.28 % de na daoine vóta.
Sheas 153 iarrthóir san iomlán i dtrí ghrúpa leathan toghcheantar. Níor éirigh ach le reachtóir amháin ‘nach bhfuil ar son na bunaíochta’ dar leis, a dhóthain vótaí a fháil chun suíochán a fháil. Idir an dá linn, leis na hollghabhálacha i ndáil le príomhthoghcháin mhí Iúil 2020, cuireadh cosc ar 47 duine ar son an daonlathais, lena n‑áirítear iar‑reachtóirí an fhreasúra agus ionadaithe na sochaí sibhialta, seasamh sa toghchán sin toisc gur cuireadh faoi choimeád iad ar chúiseanna de bhun Dhlí na Slándála Náisiúnta.
Ina theannta sin, sainordaíodh leis an ollchóiriú toghchánach bunú an Choiste um Athbhreithniú a dhéanamh ar Incháilitheacht Iarrthóirí chun iomaitheoirí a mheastar iad a bheith ‘neamh‑thírghrách’ sa Choiste Toghcháin, sa Chomhairle Reachtach agus i dtoghcháin an Phríomhfheidhmeannaigh a dhícháiliú. Ní bheadh cinntí a rinneadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Slándála Náisiúnta faoi réir dhúshláin bhreithiúnacha. Leis an ollchóiriú, bhí sé neamhdhleathach iarradh ar dhaoine vótaí millte a chaitheamh freisin.
Leis an mBille um Mionn a Ghlacadh, cuireadh gné amháin eile leis an ollchóiriú toghchánach: An 23 Feabhra, thug an rialtas an Bille um Oifigí Poiblí (Iarrthóireacht agus Ag Dul i mBun Oifigí) (Leasuithe Ilghnéitheacha) 2021 isteach, lena sonraítear an ceanglas atá ar chomhaltaí reatha na gcomhairlí ceantair agus ar chomhaltaí na gcomhairlí ceantair amach anseo mionn a ghlacadh nuair a théann siad i mbun oifige. Tháinig an dlí i bhfeidhm an 21 Bealtaine. Mar thoradh air sin, d’éirigh an chéad ghrúpa de 214 chomhairleoir ceantair as a bpoist i mí Iúil tar éis gur thosaigh na meáin ag tuairisciú go bhféadfadh an rialtas éilimh chúlghabhálacha a shaothrú le haghaidh thuarastail agus liúntais na ndaoine a dícháilíodh. Ag tosú i mí Mheán Fómhair, dhícháiligh na húdaráis 49 gcomhairleoir ceantair ar son an daonlathais, agus rinne siad a mionnaí an Bundlí a chur i bhfeidhm agus a bheith dílis don Sainréigiún Riaracháin neamhbhailí agus dúirt siad ‘nach raibh siad ionraic’, ar bhonn tuairimí a chuir siad in iúl roimhe sin, de réir na dtuairiscí, agus cineál cúlghabhálach an Reachta á dheimhniú acu. Leis an ngníomh sin, séanadh torthaí thoghcháin na gcomhairlí ceantair a reáchtáladh i mí na Samhna 2019, ina bhfuair iarrthóirí ar son an daonlathais os cionn 80 % de na suíocháin agus ina bhfuair siad tromlaigh ghlana i 17 gcomhairle ceantair as 18. D’eisigh Urlabhraí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí ráiteas maidir le díbirt comhairleoirí ceantair a toghadh go daonlathach agus an laghdú ar an spás le haghaidh na sochaí sibhialta an 21 Deireadh Fómhair.
In 2021, tháinig deireadh le freasúra polaitiúil éifeachtach i Hong Cong. Bhí an Páirtí Daonlathach, an Páirtí Sibhialta agus cúpla páirtí eile fós ann, ach ba laige a staid, toisc gur ceistíodh an fáth a raibh siad ann ach amháin i gcás inar ghlac siad ról ‘an fhreasúra dhílis’. Níor chuir na páirtithe sin iarrthóirí chun tosaigh le haghaidh thoghcháin na Comhairle Reachtaí, áfach, agus cuireadh cosc ar fhormhór na bpríomhpholaiteoirí daonlathacha seasamh sna toghcháin. Civic Passion, arbh é an t‑aon pháirtí ‘nach raibh ar son na bunaíochta’ é a bhí fágtha sa Chomhairle Reachtach in 2021, díscaoileadh i mí Mheán Fómhair é. Lánscoireadh Comhaontas an Fhíordhaonlathais i mí Lúnasa, agus díscaoileadh na NuaDhaonlathaithe i mí an Mheithimh.
Tharla athruithe móra i sochaí shibhialta Hong Cong in 2021 freisin. Díscaoileadh gach eagraíocht den tsochaí shibhialta nach raibh ar son na bunaíochta le heagla roimh Dhlí na Slándála Náisiúnta, agus luaigh roinnt gníomhaithe go ndearnadh bagairtí ar a sábháilteacht phearsanta. Díscaoileadh an Fronta Sibhialta um Chearta an Duine, Grúpa Ábhair Imní Dhlíodóirí na Síne ar son Chearta an Duine, Cónaidhm Hong Cong ag Tacú le Gluaiseachtaí Daonlathacha Tírghrácha na Síne, an Chónaidhm Dhaonlathach, craobh áitiúil Amnesty International, ach anuas orthu sin, aontais mac léinn, ceardchumainn, grúpaí na meán agus grúpaí a bhaineann le heaglaisí. Díscaoileadh níos mó ná 50 eagraíocht san iomlán. Gabhadh go leor dá gceannairí.
Rinneadh athbhreithniú ar an gcód cánach ionas go sonrófaí ann nach n‑aithneofaí mar eagraíochtaí carthanacha aon ghrúpa a thacaíonn le gníomhaíochtaí a dhéanfadh dochar don tslándáil náisiúnta nó a chuireann na gníomhaíochtaí sin chun cinn nó a bhíonn páirteach iontu. Mar atá i mórthír na Síne, níor ceadaíodh ach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil baint acu le réimsí nach gceistítear an rialtas leo leanúint ar aghaidh ag feidhmiú.
Dheimhnigh rialtas Shainréigiún Riaracháin Hong Cong gur gabhadh níos mó ná 10 000 duine ó chorraíl shóisialta 2019, lena n‑áirítear go leor ógánach. Meastar go bhféadfadh na trialacha leanúint ar aghaidh ar feadh 3 bliana. Dheimhnigh an Príomhfheidhmeannach Carrie Lam ina hAitheasc Beartais bliantúil an 6 Deireadh Fómhair go dtógfaí ‘seomra cúirte ollmhór’ chun déileáil le cásanna ina bhfuil líon mór cosantóirí.
Ó mhí an Mheithimh 2020 i leith, gabhadh thart ar 162 duine aonair lena n‑áirítear gníomhaithe ar son an daonlathais, reachtóirí an fhreasúra, iriseoirí agus acadóirí faoi Dhlí na Slándála Náisiúnta agus faoi reachtaíocht ghaolmhar eile faoin 31 Nollaig. Cúisíodh 99 duine díobh.
B’ábhar imní fós iad forálacha seach‑chríche Dhlí na Slándála Náisiúnta. Tuairiscíodh go raibh thart ar 30 gníomhaí a bhí lonnaithe ar an gcoigríoch ar liosta daoine a bhfuil fórsaí fhorfheidhmiú an dlí sa tóir orthu. Áiríodh leo roinnt náisiúnaigh nárbh as an tSín iad.
Gearradh an chéad phionós i leith an chéad chiontaithe de chás faoi Dhlí na Slándála Náisiúnta i mí Iúil 2021. Ghearr an chúirt téarma príosúnachta 9 mbliana as ‘dealú a ghríosú’ agus as ‘bheith páirteach i ngníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta’. Chuir cúirteanna Hong Cong Dlí na Slándála Náisiúnta i bhfeidhm go dian, cé gur luadh leis an dlí go léireofaí meas ar chearta daonna agus go gcosnófaí iad agus an tslándáil náisiúnta á cosaint. Ba rud eisceachtúil seachas gnách é daoine a ligean ar bannaí in ainneoin bhreithiúnas na Cúirte um Achomharc Críochnaitheach lenar soláthraíodh solúbthacht áirithe do na cúirteanna níos ísle agus cinneadh á dhéanamh cibé acu a choinneofaí nó nach gcoinneofaí cosantóirí faoi choimeád. Mar shampla, i gcás 47 ngníomhaí ar son an daonlathais a ionchúisíodh i ndáil leis na príomhthoghcháin, níor ligeadh ach 14 acu amach ar bannaí faoi dheireadh 2021. B’ábhar imní níos mó iad na tréimhsí fada athchurtha faoi choimeád, a bhí ar leithlis uaireanta.
I mbreithiúnas dar dáta an 14 Nollaig, dheimhnigh an Chúirt um Achomharc Críochnaitheach go bhféadfaí feidhm a bheith ag an gcaighdeán i ndáil le daoine atá faoi dhrochamhras i leith na slándála náisiúnta a ligean ar bannaí maidir leis na daoine sin a cúisíodh faoi dhlíthe eile – ar choinníoll go meastar an tslándáil náisiúnta a bheith i gcontúirt leis na gníomhartha líomhnaithe. D’fhéadfaí cionta a liostaítear in Airteagal 23 den Bhundlí a áireamh leo sin.
Rinneadh dochar don chóras oideachais ar gach leibhéal le Dlí na Slándála Náisiúnta freisin. D’eisigh an Biúró Oideachais ciorclán i mí Dheireadh Fómhair, lena sholáthraítear treoirlínte um an tslándáil náisiúnta le haghaidh riarachán scoile agus le haghaidh an oideachais chun cuidiú le scoileanna ‘bearta a chur i bhfeidhm chun timpeallacht foghlama shábháilte agus ordúil a choinneáil ar bun i scoileanna agus chun oideachas slándála náisiúnta a chur chun cinn’.
Le Dlí na Slándála Náisiúnta, cuireadh ceanglas ar na húdaráis maoirseacht agus rialú ar an tslándáil náisiúnta a threisiú in eagraíochtaí sóisialta, sna meáin agus ar an idirlíon freisin.
Chuir líon níos mó gnólachtaí eachtracha ábhair imní in iúl faoi chomhtháthú níos mó Hong Cong le mórthír na Síne. Bhí tionchar ag forbairtí polaitiúla ar an intuarthacht agus ar na cúinsí gnó san iomlán, rud a dhéanann dochar d’inniúlacht na gcuideachtaí gnó a dhéanamh. Chuaigh sé sin in olcas mar gheall ar an mbrú ar shaoirse faisnéise agus an riosca go bhforchuirfeadh an tSín níos mó dlíthe ar Hong Cong, lena n‑áirítear, mar shampla, reachtaíocht maidir le frithdhocsáil, frith‑smachtbhannaí, an chibearshlándáil, sonraí.
I bhfianaise na bhforbairtí polaitiúla leanúnacha, tháinig méadú ar an imirce. Léiríodh le figiúirí oifigiúla na Roinne Staidrimh a foilsíodh i mí Lúnasa glan‑eis‑sreabhadh arbh ionann é agus thart ar 89 200 cónaitheoir ó lár 2020. I mí Mheán Fómhair, léiríodh le staidreamh oifigiúil go raibh 81 rang bunscoile a haon níos lú ná mar a bhí an bhliain roimhe sin. D’fhág go leor de shaoránaigh Hong Cong agus chuaigh siad go dtí an Ríocht Aontaithe, a chuir cearta imirce ar fáil an 31 Eanáir chun bealach chun saoránacht a fháil a sholáthar do na daoine sin a bhfuil an stádas Náisiúnach Briotanach (Thar Lear), nó BN(O) acu. De réir staidreamh oifigiúil na Ríochta Aontaithe, rinneadh 88 900 iarratais BN(O) ar víosaí idir an 31 Eanáir agus an 30 Lúnasa 2021 - gan víosaí staidéir a chur san áireamh. I measc na gceann scríbe eile a bhfuil an‑tóir orthu, bhí an Astráil, a thug víosaí buanchónaithe isteach le haghaidh shaoránaigh Hong Cong, agus Ceanada, na Stáit Aontaithe agus an Téaváin. Bhí an ráta beireatais ag dul i laghad i Hong Cong freisin. De réir na Roinne Daonáirimh agus Staidrimh, bhí an ráta iomlán torthúlachta ní ba ísle ná an ráta athsholáthair daonra.
Thug an Príomhfheidhmeannach Carrie Lam a cúigiú haitheasc beartais don Chomhairle Reachtach an 6 Deireadh Fómhair. Bhí an tslándáil náisiúnta agus comhtháthú le mórthír na Síne mar thosaíochtaí ag an rialtas. D’fhógair sí cur chun feidhme Airteagal 23 den Bhundlí, lena shonraítear go n‑achtóidh Sainréigiún Riaracháin Hong Cong dlíthe ina aonair (i) chun aon ghníomh tréasa, dealaithe, ceannairce, treascartha in aghaidh an Rialtais Phobail Láir, nó goid rúin stáit a thoirmeasc, (ii) chun eagraíochtaí nó comhlachtaí polaitiúla eachtracha a thoirmeasc gníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanamh sa Réigiún, agus (iii) chun eagraíochtaí nó comhlachtaí polaitiúla an Réigiúin a thoirmeasc ceangail a dhéanamh le heagraíochtaí nó comhlachtaí polaitiúla eachtracha. Chuir an Príomhfheidhmeannach béim ar an tábhacht a bhaineann leis an bprionsabal ‘Hong Cong á rialú ag tírghráthóirí’. D’fhógair sí go mbunófar biúró ar leithligh le haghaidh an chultúir agus na spórt agus dúirt sí go nglacfar reachtaíocht maidir le bréagnuacht agus cibearshlándáil.
Faoin 31 Nollaig, thuairiscigh Hong Cong 12 631 chás COVID‑19, agus fuair 213 dhuine bás dá bharr. Bhí tús mall ag anbhfeachtas vacsaínithe. Faoin 31 Nollaig, bhí dhá dháileog vacsaíne faighte ag 4 662 013 dhuine agus bhí trí dháileog faighte ag 387 074 dhuine. Laghdaíodh na srianta de réir a chéile, ach bhí an teorainn ar an líon daoine a ceadaíodh teacht le chéile in aon ghrúpa amháin fós i bhfeidhm.
Ba iad cur chuige ‘COVID nialasach’ a choinneáil ar bun agus an teorainn le mórthír na Síne a athoscailt na tosaíochtaí polaitiúla. Chuir an rialtas láir ceangal ar Hong Cong beartais dhiana a ghlacadh mar choinníoll chun an teorainn a athoscailt. Ag deireadh mhí na Samhna, fógraíodh go seolfaí córas rianaithe digiteach i Hong Cong atá cosúil leis an gcóras atá in úsáid ar an mórthír.
I gcodarsnacht leis sin, bhí sé ag éirí níos deacra dul go Hong Cong ó thíortha eachtracha. Chuir sé sin le leithlisiú coibhneasta Hong Cong agus tarraingíodh ceisteanna faoina stádas mar mhol idirnáisiúnta go fadtéarmach. Ní raibh pléite Hong Cong maidir le ‘bolgáin taisteal’ fhéideartha dochloíte. I mí an Mheithimh, chuir an tAontas Hong Cong le liosta na dtíortha agus na gcríocha ina bhféadfaí taisteal neamhriachtanach a dhéanamh.
Na bearta a rinne an tAontas agus na Ballstáit chun dul i ngleic le Dlí na Slándála Náisiúnta sna Conclúidí ón gComhairle a glacadh i mí Iúil 2020, tá siad fós i bhfeidhm. Áiríodh an méid a leanas sa phacáiste beart sin:
·athbhreithniú ar an mbeartas tearmainn, imirce, víosaí agus cónaitheachta, agus ar chomhaontuithe eiseachadta;
·grinnscrúdú agus teorannú ar onnmhairí trealamh íogair;
·breathnóireacht ar thrialacha; tacaíocht don tsochaí shibhialta;
·féidearthacht maidir le níos mó scoláireachtaí agus malartuithe acadúla a bheith ann;
·faireachán ar thionchar seach‑chríche an dlí; agus
·an staonadh ó thús a chur le haon idirbheartaíocht nua le Hong Cong.
Cuireadh na bearta sin chun feidhme le linn na bliana.
D’ardaigh an tAontas a n‑ábhair imní faoi Hong Cong ag Idirphlé Stiúrthóirí Polaitiúla an Aontais‑na Síne i mí Eanáir 2021, ag an Idirphlé Straitéiseach an 28 Meán Fómhair, agus sa ghlao idir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, agus Uachtarán na Síne, Xi Jinping, an 15 Deireadh Fómhair.
Cearta, saoirsí agus comhdheiseanna
Le meath na gcearta, na saoirsí agus na gcomhdheiseanna, rinneadh dochar díreach do go leor earnálacha sa tsochaí. Tá laghdú ag teacht ar phobal na n‑iriseoirí agus na n‑acadóirí eachtracha. Bhí drogall ar fhormhór na bpolaiteoirí agus na gcomhaltaí den tsochaí shibhialta bualadh le taidhleoirí eachtracha, go páirteach mar gheall ar chúisimh i leith claonpháirteachas eachtrach, nó mar gheall ar a gcoinníollacha maidir le daoine a ligean amach ar bannaí.
Tharla an dara bliain as a chéile inar dhiúltaigh na húdaráis imeachtaí cuimhneacháin ar bheart dianteannta Chearnóg Tiananmen in 1989 a cheadú, agus ábhair imní i leith na sláinte poiblí a bhaineann leis an bpaindéim á lua acu. Cúisíodh 24 gníomhaí a bhí páirteach sa bhigil in 2020 as ‘a bheith páirteach i dtionól neamhúdaraithe.’ Gearradh téarmaí príosúnachta idir 4 mhí agus 24 mhí ar 21 de na gníomhaithe sin, gearradh pionós ar fionraí ar na gníomhaithe eile.
An 4 Meitheamh, ghabh na póilíní ceannaire den Chónaidhm go réamhghabhálach. Roinnt saoránaigh a tháinig go Páirc Victoria, inar reáchtáladh an bhigil sna blianta roimhe seo, gabhadh iad freisin. Iarsmalann an 4 Meitheamh, arna rith ag an gCónaidhm ar feadh 10 mbliana, dúnadh i mí an Mheithimh í tar éis go ndúirt an Roinn Sláinteachais Bia agus Comhshaoil nach raibh ceadúnas ionaid le haghaidh siamsaíocht phoiblí aici. Rinne na póilíní ruathar ar an iarsmalann i mí Mheán Fómhair go luath tar éis a coimeádadh ceannairí na Cónaidhme. Ghlac údaráis Hong Cong bearta cuimsitheacha chun cuimhneachán ar an mbeart dianteannta an 4 Meitheamh a chosc in áiteanna eile. Piléar an Náire, ar dealbh é a dearadh chun cuimhneachán a dhéanamh ar bheart dianteannta Chearnóg Tiananmen, baineadh den áit ina bhfuil sé faoi láthair in Ollscoil Hong Cong tar éis gur iarr an Ollscoil go mbainfí í. Rinne Ollscoil Shíneach Hong Cong, Ollscoil Lingnan agus Ollscoil Chathair Hong Cong an rud céanna agus bhain siad saothair ealaíne ghaolmhara den champas. Baineadh leabhair faoin mbeart dianteannta de leabharlanna freisin.
I gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle, go dtí seo rinne Oifig an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit faireachán ar 81 éisteacht chúirte, lena n‑áirítear triail leanúnach 15 gníomhaí atá ar son an daonlathais maidir le cúisimh i leith tionól neamhdhleathach.
Faoin Dearbhú Comhpháirteach Sín‑Briotanach, choimeád Hong Cong córas dlí an Dlí Choitinn atá i bhfeidhm ann agus is páirtí den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR) é. Leagtar síos sa Bhundlí go leanfaidh an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a bhfuil feidhm aige maidir le Hong Cong de bheith i bhfeidhm agus go gcuirfear chun feidhme trí dhlíthe Hong Cong é. Le dúnadh oifigí áitiúla agus réigiúnacha Amnesty International i mí Dheireadh Fómhair 2021, deimhníodh nach tearmann é Hong Cong a thuilleadh le haghaidh gníomhaíochas ar son chearta an duine.
Rinneadh dochar do raon leathan cearta sibhialta agus saoirsí bunúsacha in 2021:
Chuaigh saoirse na meán ar gcúl. I mí Eanáir, thug póilíní cuairt ar sheomraí nuachta Stand News agus Apple Daily agus barántais chuardaigh acu inar éilíodh doiciméid a bhaineann le príomhthoghcháin dhaonlathacha 2020 a fháil. Dúnadh Apple Daily i mí an Mheithimh. Iarfheidhmeannaigh agus iareagarthóirí Apple Daily, in éineacht le trí chuideachta a bhí bainteach leis an nuachtán roimhe sin, cúisíodh iad as claonpháirteachas eachtrach faoi Dhlí na Slándála Náisiúnta. Na dúshláin a bhí roimh Next Digital – arbh é máthairchuideachta Apple Daily é – bhí siad fós ann i bhfad tar éis gur cuireadh deireadh leis an nuachtán a chló.
I mí na Nollag, rinne na póilíní ruathar ar sheomra nuachta an tsoláthraí neamhspleách ar líne, Stand News, agus ghabh siad seachtar daoine aonair a raibh baint acu leis an bhfoilseachán as ábhair cheannairceacha a fhoilsiú. Tugadh beirt iar‑phríomheagarthóirí os comhair na cúirte agus níor ligeadh ar bannaí iad.
Le hathsholáthar pearsanra ag Radio Television Hong Kong (RTHK) agus I‑Cable, léiríodh an méadú ar an bhféinchinsireacht tuilleadh. Rinneadh grinnscrúdú géar ar obair Chumann Iriseoirí Hong Cong.
Anuas ar na meáin áitiúla, rinneadh dochar do láithreacht na n‑iriseoirí agus na soláthraithe eachtracha i Hong Cong. Le suirbhé maidir le saoirse an phreasa a eisíodh i mí na Samhna 2021, léiríodh ardleibhéil imní i leith an dlí bheartaithe maidir le bréagnuacht agus i leith na féinchinsireachta. Leis na diúltaithe leanúnacha gan míniú ar víosaí le haghaidh iriseoirí eachtracha, léiríodh go bhfuil a ndálaí oibre níos sriantaí. Chuir roinnt iriseoirí, tráchtairí agus craoltóirí mór le rá deireadh lena gcláir nó d’fhág siad Hong Cong. Scríobh oifigigh rialtais chuig na meáin idirnáisiúnta freisin, agus iad á gcúiseamh acu as “ábhair ghríosaithe” a fhoilsiú agus bhagair siad ‘bearta is gá’ a dhéanamh.
Le foclaíocht éiginnte agus cur chun feidhme dian Dhlí na Slándála Náisiúnta, rinneadh dochar don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. In 2021, d’éirigh an fhéinchinsireacht níos forleithne. Leis sin, rinneadh dochar don cheart rochtana ar chultúr, de réir mar a d’éirigh an chinsireacht ní ba choitianta i léirithe cultúrtha, i scannáin, i leabhair agus sna meáin go ginearálta. Baineadh thart ar 70 foilseachán de leabharlanna poiblí. An ghníomhaireacht rialtais a raibh Aontas Leabhair Hong Cong á eagrú aici, d’eisigh sí rabhaidh i ndáil le Dlí na Slándála Náisiúnta maidir le cúig leabhar a bhí ar taispeáint.
Bhí grinnscrúdú níos géire á dhéanamh ar an tionscal scannáin. I mí an Mheithimh, chuir pictiúrlann teilgean clár faisnéise faoi agóidí 2019 ar ceal agus níor tugadh cistiú poiblí do dháileoir an scannáin. Ghlac an Chomhairle Reachtach dlí maidir le cinsireacht scannáin lena chuirtear ar chumas an Phríomh‑Rúnaí scannáin a ‘sháraíonn leasanna slándála náisiúnta na Síne’ a chosc go díreach, lena n‑áirítear scannáin a ceadaíodh iad a thaispeáint i Hong Cong roimhe seo.
Maidir le saoirse idirlín, an ‘dlí frithdhocsála, is é sin an Reacht um Phríobháideachas Sonraí Pearsanta 2021, a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair, ardaíodh ábhair imní i leith a chumas díriú ar an tsochaí shibhialta. Bhí imní ar phríomhchuideachtaí idirlín i leith raon feidhme na gcumhachtaí a tugadh do na húdaráis leis an dlí. Cuireadh cosc ar rochtain ar shuíomh gréasáin ar a raibh sonraí faoi agóidí 2019 ar iarraidh na bpóilíní ar fhorais ‘dhocsála’.
I mí na Samhna, d’fhógair an Príomhfheidhmeannach go rabhthas mar rún ‘deireadh a chur le bealaí éalaithe’ san idirlíon trí úsáid a bhaint as Dlí na Slándála Náisiúnta. Mar chuid de na hiarrachtaí sin, moladh reachtaíocht cibearshlándála nua san Aitheasc Beartais i mí Dheireadh Fómhair.
Bhí saoirse comhthionóil faoi réir srianta i bhfianaise Dhlí na Slándála Náisiúnta agus ráig COVID‑19. Diúltaíodh iarratais ar thionóil phoiblí ó mhí Iúil 2020 i leith. Tá cosc ar thionóil phoiblí de níos mó ná ceathrar ó mhí an Mhárta 2020 i leith. Chinn Fronta na gCeart Daonna Sibhialta gan a mhórshiúl bliantúil an 1 Iúil a eagrú cothrom lá an aistrithe. Bigil an 4 Meitheamh, arna heagrú ag Cónaidhm Hong Cong chun Tacú le Gluaiseachtaí Daonlathacha Tírghrácha na Síne le níos mó ná 20 bliain anuas, cuireadh cosc uirthi ar bhonn ábhair imní i leith na sláinte poiblí.
Tháinig laghdú arshaoirse comhlachais toisc gur díscaoileadh an dá ghrúpa a raibh an dlúthbhaint ba mhó acu leis an dá léirsiú polaitiúla bliantúla is mó cáil orthu i Hong Cong i mbliana. Sular díscaoileadh iad, cuireadh i leith an dá ghrúpa sin go bhfuair siad ‘tacaíocht eachtrach’. I mí Lúnasa, iarradh ar an gCónaidhm doiciméid a chur isteach faoi Airteagal 43 de Dhlí na Slándála Náisiúnta agus cuireadh ina leith gur ‘ghníomhaire eachtrach’ í.
Tá go leor ceannairí ceardchumainn i bpríosún nó ag feitheamh lena dtriail agus díscaoileadh gach ceardchumann ‘nach raibh ar son na bunaíochta’ in 2021. Díscaoileadh ceardchumainn ó earnálacha éagsúla, ag tosú le hAontas na Múinteoirí Gairmiúla (PTU), arbh é an t‑aontas múinteoirí gairmiúla ba mhó é agus Cónaidhm na gCeardchumann (CTU), arbh é an chomhghuaillíocht ceardchumann ba mhó ar son an daonlathais é. I measc na n‑aontas eile a díscaoileadh in 2021, tá an tAontas um Phearsanra Seirbhísí Gairmiúla na Teicneolaíochta Airgeadais, an tAontas Ginearálta um Fhostaithe Thionscail na Cógaisíochta agus na nGaireas Leighis, Ceardchumann Thionscal na Seirbhísí Muiriompair, Ceardchumann na Meán Nua, Aontas na nDochtúirí Túslíne, an tAontas um Státseirbhísigh Nua agus an tAontas Ginearálta um Theiripeoirí Urlabhra Hong Cong. Tarraingíodh aird ar leith ar an Aontas Ginearálta um Theiripeoirí Urlabhra Hong Cong toisc gur cuireadh ina leith gur spreag siad fuath i leith an rialtais le leabhair pictiúr do pháistí. Gabhadh cúig cheannaire den aontas sin.
B’ionann an líon daoine a athchuireadh faoi choinneáil in ionaid choinneála in 2020 agus an líon ab airde a bhí ann le 10 mbliana anuas, agus méadú 37 % tagtha air ó 1 436 duine go dtí 1 962 duine de réir thuarascáil bhliantúil na Roinne Seirbhísí Ceartúcháin. Is minic a sáraíodh cearta na bpríosúnach mar gheall ar phlódú go háirithe sna saoráidí coinneála réamhthrialacha. Díscaoileadh an príomhghrúpa abhcóideachta ar son chearta na bpríosúnach, Wall-fare, i mí Mheán Fómhair 2021. Comhlachas lárnach eile a thacaíonn le príosúnaithe, Ciste 612 um Faoiseamh Daonnúil, chuir sé deireadh lena oibríochtaí agus tá imscrúdú á dhéanamh ag Roinn Slándála Náisiúnta na bpóilíní air maidir le ‘sárú amhrasta ar Dhlí Shlándáil Náisiúnta Hong Cong nó ar dhlíthe eile Hong Cong’.
Níor aithníodh póstaí comhghnéis nó páirtnéireachtaí cláraithe idir beirt den ghnéas chéanna i Hong Cong fós, ach rinneadh roinnt dul chun cinnó thaobh cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha (LGBTI). I mí an Mheithimh, rialaigh an Chúirt Chéadchéime gurbh ionann an beartas rialtais lena shéantar ceart lánúnacha comhghnéis áititheoirí a thabhairt isteach agus úinéireacht tithíocht fóirdheonaithe a aistriú agus idirdhealú neamhdhleathach ar fhorais an treoshuímh ghnéasaigh. I mí Dheireadh Fómhair, in imeachtaí sibhialta a ndearna baintreach fir aerach iarratas orthu, dheimhnigh an rialtas nach raibh aon bheartas ná aon treoirlíne ag ranna éagsúla lena dtoirmeasctar seirbhísí maidir le socruithe báis a sholáthar do chéilí comhghnéis na ndaoine éagtha agus séanadh céile comhghnéis an duine éagtha iarratas a dhéanamh ar dheimhniú báis. D’éirigh gnáth‑ionadaíocht dhearfach sna meáin ar LGBTI forleathan, agus an chéad gnáthdhráma teilifíse a bhí ag Hong Cong, lena chumhdaítear caidrimh idir daoine aeracha agus pósadh comhghnéis, The Gay Games, a sceidealadh le haghaidh mhí na Samhna 2022 ar dtús ach a cuireadh ar athló mar gheall ar ábhair imní maidir le srianta taistil COVID‑19. Chuir an Príomhfheidhmeannach agus polaiteoirí eile atá ar son na bunaíochta a dtacaíocht i leith na gcluichí in iúl. Reáchtáladh na himeachtaí bliantúla Pink Dot agus Paráid Bhród na nAerach taobh istigh.
B’ionann mionlaigh eitneacha agus 4 % de chónaitheoirí buana Hong Cong. Rinneadh idirdhealú orthu go háirithe maidir le rochtain a bheith acu ar thithíocht, ar chúram sláinte agus ar oideachas ar ardchaighdeán. Ós rud é gur mhinic a raibh poist ar bheagán oiliúna acu, rinneadh an‑dochar dóibh le tionchar sóisialta na paindéime. Meastar go bhfuil 1 chomhalta amháin as gach 3 chomhalta den phobal sin beo bocht.
Lean Hong Cong gan a bheith ina shínitheoir leis an gCoinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe 1951. Tá beartas ag an rialtas gan stádas dídeanaí aon duine a chinneadh nó gan tearmann a dheonú d’aon duine, ach go nglacfadh sé le héilimh ar chosaint non‑refoulement ar dhíbirt, ar fhilleadh nó ar eiseachadadh ó Hong Cong faoin Sásra um Scagadh Aontaithe. In 2021, bhí 13 000 éilitheoir is dídeanaithe i Hong Cong, dar leis an rialtas. Ba é 1 % an meánráta glactha le 11 bhliain anuas, de réir roinnt meastachán. Leis na dlíthe atá ann faoi láthair, cuirtear cosc ar éilitheoirí cosanta obair a dhéanamh.
Leasaigh an rialtas dlí imirce nua i mí Aibreáin a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa. Leis an dlí, tugadh cumhachtaí gan teorainn do na húdaráis chun cosc a chur ar chónaitheoirí agus ar dhaoine eile dul isteach sa Sainréigiún Riaracháin nó é a fhágáil gan ordú Cúirte a bheith acu. Gheall an Biúró Slándála go gcuirfeadh sé fo‑reachtaíocht síos chun teorainn a chur leis an gcumhacht d’eitiltí isteach agus é ag díriú ar imircigh a thrasnaíonn an teorainn go neamhdhleathach gan amlíne a chur ar fáil.
Bhí cúram do pháistí agus do dhaoine aosta fós ag brath ar oibrithe baile eachtracha, ar minic gurb as na hOileáin Fhilipíneacha agus an Indinéis iad. Ba fhadhb iad a ndálaí oibre fós, toisc go raibh ceangal dlí orthu cur fúthu lena bhfostaithe, rud a d’fhág go raibh sé deacair iad a chosaint ar mhí‑úsáid uaireanta. Bhí easpa cúntóirí baile mar gheall ar na srianta ar dhul go Hong Cong. Chun dul i ngleic leis an easpa sin, d’oscail an rialtas óstáin coraintín shonracha le haghaidh cúntóirí baile, ach choinnigh sé a n‑íosphá mar a bhí.
Tar éis dhearbhú Rialtas na Síne tráth a aontaithe, níl feidhm ag an bPrótacal ó na Náisiúin Aontaithe chun gáinneáil ar dhaoine, a chosc, a chur faoi chois agus pionós a ghearradh ina leith maidir le Hong Cong.
Bhí an córas frithéillithe fós athléimneach. Aithníonn na húdaráis agus na pearsana polaitiúla agus gnó go bhfuil an trédhearcacht ríthábhachtach ó thaobh seasamh láidir Hong Cong mar lárionad gnó idirnáisiúnta a choinneáil.
II. Forbairtí eacnamaíocha
Lean Hong Cong de gheilleagar an‑oscailte a bheith aige (agus trádáil in earraí thart ar 300 % den OTI). D’éirigh an comhtháthú polaitiúil agus eacnamaíoch le mórthír na Síne ní ba dhoimhne, go háirithe trí Mhórcheantar an Chuain agus trí naisc níos dlúithe leis an margadh airgeadais. Tá roinnt difríochtaí eacnamaíocha fós i gceist, áfach, amhail saorthrádáil agus trádáil oscailte, bacainní taraifí nó neamhtharaifí diomaibhseacha, cearta úinéireachta maoine agus cearta maoine intleachtúla dea‑chosanta.
Bhí údarás neamhspleách á fheidhmiú ag Hong Cong fós trí chomhaontuithe tráchtála a chur chun feidhme, trí bheartas airgeadaíochta a leagan síos go neamhspleách ar mhórthír na Síne agus trí bheith páirteach ar leithligh é féin in go leor eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis iltaobhacha, lena n‑áirítear an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais, agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). Ba dhlínse dlíthiúil ar leithligh ó mhórthír na Síne é Hong Cong fós, agus choimeád sé airgeadra ar leithligh nach bhfuil teoranta ag teorainneacha caipitil, agus struchtúir rialála ar leithligh chun maoirseacht a dhéanamh ar chuideachtaí a bhíonn ag feidhmiú sa chríocha. Bhí comhtháthú eacnamaíoch leis an mórthír agus le hArdchathair an Tuaiscirt a fógraíodh le déanaí ar phríomhthosaíochtaí an rialtais. Ó thaobh an airgeadais, bhí Hong Cong ar cheann de na margaí caipitil ba mhó ar domhan, agus é mar aidhm aige a ról sa mhaoiniú glas agus sa rialachas comhshaoil, sóisialta agus corparáideach a mhéadú agus baint níos dlúithe a bheith aige le margadh airgeadais na Síne.
D’éirigh go maith le Hong Cong ó thaobh an gheilleagair in 2021. Ba é Hong Cong an tríú ceann scríbe infheistíochta ba mhó ar domhan agus ba é an séú geilleagar trádála ba mhó. Cé go raibh go leor fostaithe eachtracha ag fágáil (tháinig laghdú 4.1 % le linn 2 bhliain ar fhoireann arna fostú ag gnólachtaí eachtracha, arb ionann é sin agus laghdú de 20 000 duine), bhí níos mó cuideachtaí nua nárbh as Hong Cong iad (lena n‑áirítear cuideachtaí arbh as mórthír na Síne iad) agus gnólachtaí nuathionscanta ná riamh ann.
Tháinig forbairt ar sheasamh Hong Cong mar mhol le haghaidh infheistíocht dhíreach eachtrach (FDI) in 2020. De réir Thuarascáil Infheistíochta Domhanda 2021 ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Trádáil agus Forbairt (mí an Mheithimh), ba é Hong Cong an tríú mol infheistíochta ba mhó ar fud an domhain.
Glacadh príomhreachtaíocht comhshaoil (bainistíocht dramhaíola, gáinneáil ar ainmhithe) in 2021. Le plean Hong Cong um ghníomhú ar son na haeráide a leagtar an sprioc amach maidir le neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050; leis an bplean, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú 50 % ar astaíochtaí carbóin roimh 2035 i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann in 2005 agus leagtar sprioc idirmheánach amach ann deireadh a chur le gual a úsáid chun leictreachas a ghineadh go laethúil faoi 2035.
Tar éis 2 bhliain de chrapadh (-1.7 % in 2019; -6.1 % in 2020), tháinig téarnamh 7.0 % in aghaidh na bliana ar gheilleagar Hong Cong sna chéad 9 mí de 2021
. Tacaíodh leis an ngeilleagar le feidhmíocht láidir sna hearnálacha trádála agus lóistíochta agus sa tionscal airgeadais, cé raibh dúshláin roimh an réimse miondíola, an réimse iompair agus an réimse tógála fós. Bhí an geilleagar fós faoi bhun an leibhéil a bhí ann in 2018, agus bhí roinnt earnálacha ag tearcfheidhmiú fós. Ba mheasartha an boilsciú, agus tháinig méadú bliantúil 1.5 % ar an bpraghasinnéacs tomhaltóirí sna chéad 10 mí den bhliain
.
Tháinig feabhas ar an margadh poist, agus laghdaíodh na rátaí dífhostaíochta go dtí 4.1 % i mí na Samhna 2021, ó 7.2 % ag tús 2021
. Bhí na rátaí sin fós ní ba airde ná na rátaí dífhostaíochta a bhí ann roimh ghéarchéim COVID‑19, áfach.
Chuir an earnáil trádála agus lóistíochta – arbh ionann í agus thart ar 20 % den OTI Hong Cong – go mór leis an téarnamh. Tháinig méadú 20.8 % in aghaidh na bliana ar an OTI ó ghníomhaíochtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin sa chéad leath de 2021. Tacaíodh leis an bhfeidhmíocht láidir le méadú suntasach ar luach thrádáil sheachtrach earraí Hong Cong. B’ionann an trádáil sheachtrach agus HKD 8.3 trilliún (EUR 921 billiún)
sna chéad 10 mí de 2021, arbh ionann é sin agus méadú 26 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020
– agus an téarnamh domhanda ar thrádáil á shárú léi.
Ba phríomhthionscnóir forbartha é an tionscal airgeadais, agus méadú 6.8 % tagtha ar ghníomhaíochtaí maoinithe agus árachais sa chéad leath de 2021– ar luathú é sin i gcomparáid leis na tréimhsí céanna in 2020 (2.6 % in aghaidh na bliana) agus in 2019 (3.3 % in aghaidh na bliana)
.
Tacaíodh le gníomhaíochtaí airgeadais le tairiscintí tosaigh don phobal (IPOanna). Le linn na chéad 10 mí de 2021, bhí líon níos lú tairiscintí tosaigh don phobail ar stocmhalartán Hong Cong ach bhí na tairiscintí sin ní ba mhó: 76 thairiscint thosaigh don phobal agus HKD 291 billiún (EUR 32 billiún) san iomlán bailithe – i gcomparáid le 120 tairiscint thosaigh don phobal agus HKD 251 billiún in 2020. Ba é Hong Cong an dara mol ba mhó ar domhan le haghaidh tairiscintí tosaigh don phobal in 2020 (tar éis é a bheith sa chéad áit ó 2009 i leith). Bhí ról ag grinnscrúdú ní ba ghéire ar na gnólachtaí Síneacha a liostaítear sna Stáit Aontaithe maidir leis an méadú a tháinig ar an líon tairiscintí tosaigh don phobal i Hong Cong, mar thoradh ar ghnóthais a bheith á n‑aistriú go Liosta Hong Cong.
B’ionann an caipitliú margaidh ar stocmhalartán Hong Cong agus HKD 45.3 trilliún (EUR 5 trilliún) ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2021 (méadú 4.5 % in aghaidh na bliana). Ó dheireadh mhí Mheán Fómhair 2021, ba é Hong Cong an seachtú stocmhargadh ba mhó ar domhan agus ba é an ceathrú stocmhargadh ba mhó san Áise (de réir an chaipitlithe mhargaidh) agus ba é an mol gnó Renmimbi eischósta ba mhó freisin. Ba é HKD 175.8 billiún (EUR 19.5 billiún) an meánláimhdeachas laethúil le linn na chéad 10 mí de 2021, arbh ionann é sin agus méadú 41 % in aghaidh na bliana
. Mar sin féin, bhí luaineacht sa stocmhargadh, agus cláraíodh caillteanas 8.4 % faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2021 in Innéacs Hong Cong Hang Seng – rud a d’fhág go raibh Hang Seng ar cheann de na hinnéacsanna ba mheasa feidhmíochta ar fud an domhain. Tharla sé sin mar gheall ar mheascán ábhair imní ar fud gheilleagar an domhain agus mar gheall ar an bpaindéim (lena n‑áirítear mórthír na Síne), teannais gheopholaitiúla, ardleibhéal fiach corparáide ar mhórthír na Síne agus an géarú rialála i roinnt tionscal ar mhórthír na Síne (teicneolaíochtaí, cluichíocht ar líne, oideachas, réadmhaoin), go háirithe ós rud é go raibh stocmhargadh Hong Cong fós faoi smacht cuideachtaí arb as mórthír na Síne iad.
I mí an Mheithimh, dúirt an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)
go raibh earnáil baincéireachta Hong Cong fós dea‑chaipitlithe, brabúsach agus go raibh cóimheasa iasachta neamhthuillmhí ísle aici. Bhí sócmhainneacht na mbanc athléimneach ar thurraingí macrairgeadais diana, a bhuí le hardchaipiteal maolánach agus brabúsacht. Lean an sásra ráta malairte, an Córas Nasctha Ráta Malairte (LERS), de bheith dea‑dhaingnithe agus athléimneach ar thurraingí, agus bhí cúlchistí airgeadra eachtraigh móra mar bhonn taca leis. Thug an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta faoi deara, áfach, gur bhain leochaileachtaí macrairgeadais an chórais baincéireachta le naisc fhairsinge le mórthír na Síne, luachálacha réadmhaoine lúbtha, agus neamhchosaint ar athruithe sa mhargadh domhanda agus ar mheonta riosca intíre.
Bhí cás an‑dúshlánach fós roimh thionscail a bhí neamhchosanta ar chaiteachas turasóirí (an réimse miondíola, an réimse bia agus dí, an réimse iompair, an réimse taistil, an réimse fáilteachais) in 2021, toisc go raibh an turasóireacht isteach fós an‑íseal. In 2018, tháinig 65 milliún cuairteoir go Hong Cong (arbh as mórthír na Síne iad 78 % acu, arbh ionann é sin agus méid measta 40 % de dhíolacháin miondíola na cathrach) ach laghdaíodh an figiúr sin go dtí 72 458 le linn na chéad 10 mí de 2021
. D’ainneoin téarnamh 4.9 % in aghaidh na bliana sa chéad leath de 2021, bhí an OTI sna tionscail seirbhísí cóiríochta agus bia fós i bhfad ní ba ísle ná mar a bhí sé in 2018 (43 % i gcomparáid leis an gcéad leath de 2018). Le linn na chéad 9 mí de 2021, tháinig méadú 8 % in aghaidh na bliana ar thrádáil miondíola ach bhí sí fós 28.5 % ní ba ísle ná an leibhéal a bhí ann in 2018, agus tháinig téarnamh 12.9 % in aghaidh na bliana ar admhálacha bialainne ach bhí siad 24.2 % ní ba ísle ná an leibhéal a bhí ann in 2018. Le linn na tréimhse céanna, b’ionann an ráta áitíochta seomraí óstáin agus 60 % (vs. 90 % in 2018), leis le ceanglais choraintín éigeantacha le haghaidh taistealaithe isteach. B’ionann an dífhostaíocht sna hearnálacha seirbhísí miondíola, cóiríochta agus bia agus 6.9 % i mí Dheireadh Fómhair 2021 – arbh fheabhsú é sin (11.3 % ag tús 2021).
Rinneadh an‑dochar don tionscal eitlíochta (agus do thionscail ghaolmhara). Le linn na chéad 10 mí de 2021, b’ionann líon na n‑eitiltí ag Aerfort Idirnáisiúnta Hong Cong agus 67.5 % faoi bhun an leibhéal a bhí ann in 2018 agus laghdaíodh an líon paisinéirí ina chuid bheag den leibhéal a bhí ann roimhe seo (laghdú 98.3 % i gcomparáid le 2018). D’éirigh níos fearr le lasta, agus téarnamh 13.7 % in aghaidh na bliana tagtha air, arbh ionann é sin nach mór agus an leibhéal a bhí ann in 2018
. Chuir aerlínte ábhair imní in iúl maidir le srianta taistil diana COVID‑19 a raibh sé deacair eitiltí a sceidealú leo. Chinn roinnt aerlínte stop a chur lena n‑oibríochtaí, agus thug aerlínte eile bristeacha turais in áiteanna eile isteach ionas nár ghá don chriú fanacht thar oíche i Hong Cong.
Tháinig laghdú 2.0 % in aghaidh na bliana ar an OTI sa tionscal tógála sa chéad leath, agus tháinig téarnamh 2.3 % in aghaidh na bliana ar ghníomhaíochtaí réadmhaoine sa tréimhse chéanna.
Timpeallacht an ghnó
Le suirbhé bliantúil 2021 maidir le cuideachtaí eachtracha i Hong Cong,
léiríodh gur tháinig laghdú ar an líon cuideachtaí eachtracha (gan cuideachtaí de thionscnamh mhórthír na Síne a chur san áireamh) le 2 bhliain anuas (laghdú 3.8 %). Spreagadh an laghdú leis an laghdú ar an líon ceanncheathrúna réigiúnacha eachtracha bunaithe i Hong Cong (faoi 9.1 %) – rud a léiríonn go bhféadfaí go mbeadh an chathair ag éirí níos lú ábhartha mar mhol gnó réigiúnach. Deimhníodh leis na figiúirí sin fianaise starógach go raibh cuideachtaí ag laghdú a ngníomhaíochtaí i Hong Cong nó go raibh a ngníomhaíochtaí á n‑athshocrú acu i gcathracha eile san Áise. Cé gur tháinig laghdú ar chuideachtaí eachtracha nach de thionscnamh na Síne iad sa suirbhé, tháinig méadú 15.6 % ar chuideachtaí de thionscnamh mhórthír na Síne le 2 bhliain anuas. Tá dochar á dhéanamh do sheasamh Hong Cong mar mhol gnó idirnáisiúnta anois mar gheall ar an laghdú ar an líon cuideachtaí eachtracha nach de thionscnamh na Síne iad. Bhain sé sin le hinfhaighteacht tallainne agus saothar speisialaithe freisin (de réir an tsuirbhé a luaitear thuas, tháinig laghdú 4 % le linn 2 bhliain – nó 20 000 fostaí ar an líon foirne a bhí fostaithe ag cuideachtaí eachtracha i Hong Cong).
Smaoinigh roinnt cuideachtaí ar Hong Cong a fhágáil. Cuideachtaí idirnáisiúnta a raibh a gceanncheathrúna i Hong Cong nó a raibh príomhoifigigh feidhmiúcháin réigiúnacha acu i Hong Cong, chonaic siad go raibh sé níos casta feidhmiú i Hong Cong mar gheall ar bhearta COVID agus mar gheall ar shaincheisteanna díchill chuí agus comhlíontachta. Bhí roinnt oifigí, lena n‑áirítear bainc, á n‑athshocrú i gcathracha eile sa réigiún. Seoladh litreacha oscailte ó chomhlachais ghnó chuig rialtas Hong Cong chun ábhar imní a chur in iúl maidir le bearta diana COVID‑19 lena spreagfaí gnólachtaí smaoineamh ar a n‑athshocrú lasmuigh de Hong Cong. Na forbairtí polaitiúla a luaitear thuas, lena n‑áirítear rioscaí maidir le saoirse faisnéise, forchur Dhlí na Slándála Náisiúnta, príobháideachas sonraí agus smachtbhannaí, rinneadh an‑dochar don timpeallacht ghnó leo.
Rinneadh dochar suntasach do chuideachtaí le srianta taistil diana COVID‑19. D’éirigh sé ní ba dhúshlánaí oibríochtaí réigiúnacha sa réigiún agus/nó a ngnó leis an tSín a reáchtáil ar bhonn píolótach agus taisteal gnó tráthrialta a dhéanamh freisin. D’éirigh sé ní ba dhúshlánaí foireann a thabhairt go Hong Cong agus /nó gnáthoibríochtaí gnó a dhéanamh. Chaill cuideachtaí a bhí neamhchosanta ar chaiteachas turasóirí foinse ioncaim freisin. Cuireadh srianta taistil diana agus coraintíní óstáin éigeantacha fada i bhfeidhm le haghaidh fhormhór na dtaistealaithe isteach le linn 2021. Cuireadh cosc ar neamhchónaitheoirí eachtrach teacht isteach i Hong Cong den chuid is mó freisin. Fuarthas réidh le cúpla díolúine a bhí ann cheana i mí na Samhna 2021, lena n‑áirítear le haghaidh fhormhór na dtaidhleoirí. Tá na srianta taistil fós i bhfeidhm ionas go mbeifear in ann na teorainneacha leis an mórthír a athoscailt. Bhí na teorainneacha fós dúnta, áfach, agus bhí Hong Cong scoite ón tSín agus ón domhan araon den chuid is mó.
Tacaíocht ón rialtas agus an staid fhioscach
Lean an rialtas de thacú leis an ngeilleagar a ndearnadh dochar dó leis an bpaindéim. Bhí thart ar HKD 81 billiún (EUR 9 billiún) i bhfoirm bearta faoisimh aonuaire i mbuiséad 2021-2022, a ndeachaigh síos ó HKD 122 billiún sa bhuiséad a bhí ann roimhe sin agus HKD 300 billiún (EUR 33 billiún, 11 % den OTI) nuair atá pacáistí breise arna rolladh amach freisin á n‑áireamh. Áiríodh leis na bearta a fógraíodh cánacha níos ísle ar bhrabúis agus ar phá, tarscaoileadh táillí gnó áirithe, lamháltais chíosa ar mhaoine rialtais agus ar scéimeanna rialtais um ráthaíochtaí iasachta (le haghaidh cuideachtaí agus daoine dífhostaithe). Dáileadh dearbháin chaiteachais leictreonacha arbh fhiú HKD 5 000 iad (EUR 555) ar gach cónaitheoir gan beann ar a staid airgeadais.
Táthar ag súil go mbeidh an tríú heasnamh fioscach as a chéile ag Hong Cong
sa bhliain fhioscach 2021-2022 a chríochnófar i mí an Mhárta 2022. B’ionann an t‑easnamh agus HKD 112 billiún (EUR 12.42 billiún) sna chéad 7 mí de mhí Dheireadh Fómhair 2021. Ba fheabhsú suntasach é sin tar éis easnamh HKD 250 billiún (thart ar 10 % den OTI) sa bhliain fhioscach roimhe sin ach ba neamhghnách an rud é fós i ngeilleagar inarb iondúil barrachas fioscach a bheith ann (ba é an t‑easnamh sa bhliain fhioscach 2019-2020 an chéad easnamh le 15 bliana anuas).
Cistíodh an t‑easnamh go príomha trí tharraingt as an bhfuílleach de chúlchistí fioscacha na cathrach
. Mar thoradh air sin, laghdaíodh na cúlchistí ó HKD 1 160 billiún i mí an Mhárta 2020 go dtí HKD 816 billiún (EUR 90.49 billiún) faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2021. I mbuiséad 2021-2022, thuar an rialtas go mbeadh easnaimh fhioscacha ann go dtí 2025 nó níos déanaí ná sin agus go bhféadfaí go laghdófaí cúlchistí go dtí HKD 775 billiún (EUR 86 billiún) in 2025. B’ionann é sin agus tréimhse mheasta 15 mhí caiteachais ar na leibhéil atá ann faoi láthair, arbh ionann é sin agus laghdú 10 mí i gcomparáid le 2018.
In 2021, ardaíodh dleachtanna stampála ar aistrithe stoic ó 0.1 % go dtí 0.13 %, agus cuireadh méadú ar an gcéad cháin chláraithe agus ar an gcéad táille deimhnithe clárúcháin feithicle le haghaidh carranna príobháideacha, rud a thug ioncaim bhreise isteach. Ó thaobh an chaiteachais, bhí caiteachas iomlán an rialtais i mbuiséad 2021-2022 10.3 % ní ba ísle in aghaidh na bliana.
Beartas trádála
In 2021, tháinig an Comhaontú Saorthrádála (FTA) agus an Comhaontú Tionscnaimh agus Cosanta Infheistíochta (IPPA) le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (arna síniú in 2017) i bhfeidhm leis an gCambóid. Faoi dheireadh na bliana, bhí feidhm iomlán ag an gcomhaontú leis na 10 gcomhalta de Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas. Tháinig Comhaontú Tionscnaimh agus Cosanta Infheistíochta i bhfeidhm le Meicsiceo i mí an Mheithimh. Léirigh Hong Cong spéis dul isteach sa Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch Cuimsitheach Réigiúnach (RCEP) a luaithe is féidir. I mí na Bealtaine, rinne Hong Cong oibriú a Oifige Eacnamaíche, Trádála agus Cultúir sa Téaváin a fhionraí, cé gurbh í an Téaváin an dara comhpháirtí trádála ba mhó a bhí aige. Mhínigh an rialtas go ndearnadh an cinneadh mar gheall ar chur isteach ón Téaváin i ngnóthaí Hong Cong.
Mhol an Príomhfheidhmeannach Carrie Lam roinnt beartas le haghaidh gheilleagar an tSainréigiúin Riaracháin ina aitheasc beartais is déanaí, lena n‑áirítear tuilleadh feabhas a chur ar ról Hong Cong maidir le maoiniú. Bhí sé mar aidhm ag Hong Cong a bheith ina lárionad idirnáisiúnta um maoiniú glas, agus é mar sprioc aige bheith ina mhargadh carbóin i gcomhar le Malartú Todhchaíochtaí Guangzhou. Cuirfear gairmithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais chorparáide le Liosta Tallainne Hong Cong. Leis sin, bheadh gairmithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais chorparáide incháilithe le haghaidh éascú imirce faoin Scéim um Imircigh Ardchaighdeáin a Ligean Isteach (QMAS).
Comhtháthú réigiúnach
Chuir an Príomhfheidhmeannach Carrie Lam coincheap Ardchathair an Tuaiscirt i láthair, ar cheantar é a chuimsíonn 300 ciliméadar cearnach, arbh é ‘an ceantar ba thábhachtaí’ sa chathair é chun comhtháthú le Shenzhen a éascú agus chun nascadh le Mórcheantar an Chuain (GBA). Freastalóidh Ardchathair an Tuaiscirt ar dhaonra thart ar 2.5 milliún, agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an líon poist foriomlán ó 116 000 post faoi láthair go dtí 650 000 post, lena n‑áirítear 150 000 post a bhaineann leis an bhFaisnéis agus an Teicneolaíocht.
Tacaítear le comhtháthú le Mórcheantar an Chuain le roinnt tionscnamh: an 14ú Plean Cúig Bliana de mhórthír na Síne (lena n‑áirítear Mórcheantar an Chuain de Guangdong‑Hong Cong‑Macao), Athchóiriú Doimhnithe Cuimsitheach agus Oscailt Limistéar Comhair Thionscal na Seirbhísí Nua‑Aimseartha de Qianhai Shenzhen‑Hong Cong, an fhorbairt eacnamaíoch le haghaidh déchúrsaíocht intíre agus idirnáisiúnta, agus an Tionscnamh Creasa agus Bóthair. Is príomhchuspóirí iad nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochta faoi na tionscnaimh sin.
Chomh maith leis sin, mhol an Príomhfheidhmeannach Carrie Lam go n‑ainmneofaí stoic arna dtrádáil tríd an trádáil ó dheas faoin scéim Stock Connect i yuan na Síne. Thacaigh an rialtas le Stocmhalartán Hong Cong chun comhar le Malartú Todhchaíochtaí Guangzhou a chur chun cinn maidir le táirgí airgeadais astaíochtaí carbóin a bhaineann le trádáil a fhorbairt agus rinne sé measúnú ar fhéidearthacht Hong Cong a fhorbairt ina lárionad trádála carbóin réigiúnach. Dhírigh Hong Cong ar thrádáil trasteorann RMB a fhorbairt tuilleadh, ar tháirgí eischósta RMB a fhorbairt agus ar theicneolaíochtaí airgeadais (Fintech) trasteorann a chur chun cinn.
Glacadh beartais chomhshaoil thábhachtacha in 2021 amhail an Treoirphlean Dramhaíola, an Treochlár um Feithiclí Leictreacha, agus an Plean um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2050. Maidir leis an athrú aeráide, d’fhógair an Príomhfheidhmeannach Carrie Lam go laghdódh Hong Kong, agus é ina chathair idirnáisiúnta den tSín agus mar chuid de ghealltanas foriomlán na Síne, astaíochtaí carbóin faoi 50 % roimh 2035 i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann in 2005 agus go mbeadh sé neodrach ó thaobh carbóin roimh 2050. Le linn na gcéad 15 bliana agus 20 bliain eile amach anseo, chaithfeadh an rialtas thart ar EUR 27 billiún chun bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a mhaoiniú. Bhunaigh an rialtas an Oifig um Athrú Aeráide agus Neodracht Carbóin, agus cuireadh plean gníomhaíochta aeráide i láthair i mí Dheireadh Fómhair 2021.
Seoladh scéim deontais um maoiniú glas agus inbhuanaithe i mí na Bealtaine 2021 chun fóirdheontais a sholáthar d’eisitheoirí bannaí agus d’iasachtaithe iasachtaí. Le linn 2021, rinneadh an uasteorainn faoi chlár bannaí glasa an rialtais a mhéadú faoi dhó go dtí HKD 200 billiún (EUR 22 billiún), rud a chuidigh leis an rialtas an margadh bannaí glasa áitiúil a chur chun cinn agus dul chun cinn á dhéanamh aige freisin maidir le cuspóir na cathrach a bheith neodrach ó thaobh carbóin. Rinneadh trí thairiscint bhreise de bhannaí glasa rialtais in 2021: USD 2.5 billiún i mí Eanáir, USD 1 billiún agus EUR 1.75 billiún i mí na Samhna 2021 agus RMB 5 billiún sa bhreis níos déanaí sa mhí chéanna (tar éis gur eisíodh USD 1 billiún in 2019 ar dtús).
III. An caidreamh idir Hong Cong agus mórthír na Síne
Ghlac an rialtas láir ról níos infheicthe i ngnóthaí polaitiúla agus eacnamaíocha Hong Cong. An 28 Eanáir, cuireadh an prionsabal ‘Hong Cong á rialú ag tírghráthóirí’, atá ina bhunús leis an bprionsabal ‘aon tír amháin, dhá chóras’, ar fáil go poiblí nuair a chuir an Príomhfheidhmeannach Carrie Lam a tuarascáil bhliantúil i láthair don Uachtarán Xi Jinping. Ghlac Daon‑Chomhdháil Náisiúnta na Síne (NPC) reachtaíocht maidir le Hong Cong an dara bliain as a chéile. An 11 Márta, d’fhormheas Daon‑Chomhdháil Náisiúnta na Síne an Cinneadh maidir le Feabhas a Chur ar Chóras Toghcháin Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, le héifeacht láithreach. Luadh ‘bealaí éalaithe agus easnaimh’ i gcóras toghcháin Hong Cong i ndoiciméad míniúcháin an Chinnidh agus díríodh leis ar áirithiú go ndéanann ‘tírghráthóirí’ Hong Cong a riaradh.
Tháinig athrú ar ról Oifig Idirchaidrimh an Rialtais Láir (CGLO) i Hong Cong. Rinne a stiúrthóir rannpháirtíocht a ghéarú agus chuaigh sé i dteagmháil le muintir Hong Cong. D’fheidhmigh Oifig Idirchaidrimh an Rialtais Láir, ar tháinig méadú 100 duine uirthi, tionchar níos mó ar cheapadh beartas agus ar bhunaíocht pholaitiúil Hong Cong, rud a d’fhág go raibh amhras á tharraingt ar ardleibhéal neamhspleáchais Hong Cong.
Rinneadh beartais Hong Cong a ailíniú níos mó le beartais na mórthíre. Áiríodh Hong Cong i bPlean Cúig Bliana Dhaon‑Phoblacht na Síne, lena gcuirtear béim ar chomhtháthú i Mórcheantar an Chuain. I mí na Samhna, luadh Hong Cong sa 6ú communiqué ón bPáirtí den chéad uair i rún maidir le stair agus formhuiníodh an prionsabal ‘Hong Cong á rialú ag tírghráthóirí’ ann.
Ba é Mórthír na Síne an comhpháirtí trádála in earraí ba mhó a bhí ag Hong Cong, arbh ionann é agus 60 % d’onnmhairí iomlána Hong Cong agus 45 % dá allmhairí le linn na chéad 10 mí de 2021. Dá réir sin, ba mhol trádála tábhachtach é an Sainréigiún Riaracháin le haghaidh na mórthíre agus ba é an cúigiú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an tSín sna chéad 10 mí de 2021. Ba bhunáit thábhachtach le haghaidh Hong Cong í cúige Guangdong na Síne fós ó thaobh na próiseála amach. Ba é an Socrú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch Níos Dlúithe (CEPA) leis an mórthír (2003) an comhaontú trádála ba shubstaintiúla a bhí ag Hong Cong. Ní dhearnadh aon leasú mór faoin gcomhaontú i mbliana.
Ba é Hong Cong príomh‑lárionad airgeadais eischósta agus príomh‑mhol infheistíochta mhórthír na Síne fós. Ag deireadh 2020, ba í mórthír na Síne an fhoinse infheistíochta dírí eachtraí (FDI) isteach ba mhó a bhí ag Hong Cong, gan lárionaid eischósta a áireamh, agus ba í mórthír na Síne an chéad cheann scríbe le haghaidh infheistíocht dhíreach eachtrach amach ó Hong Cong, arbh ionann iad sin agus 27 % agus 47 % de na stoic fhoriomlána faoi seach
. Dá réir sin, ba é Hong Cong an príomhcheann scríbe le haghaidh infheistíocht dhíreach eachtrach na Síne agus ba phríomhfhoinse infheistíochta dírí eachtraí don mhórthír é – arbh ionann é sin agus níos mó ná leath den mhéid foriomlán sa dá threo. Bhí 1 350 fiontar ar an mórthír a liostaíodh i Hong Cong, arbh ionann iad agus 80 % den chaipitliú margaidh iomlán sa chathair.
Bhí margaí caipitil Hong Cong agus mórthír na Síne ceangailte le chéile tríd an scéim Stock Connect, lena nasctar Stocmhalartán Hong Cong lena mhacasamhlacha i Shanghai agus i Shenzhen, agus trí Bond Connect, an scéim um chomhrochtain ar mhargaí le haghaidh margaí bannaí.
Neartaigh Hong Cong a chomhrochtain fhabhrach le margadh caipitil na mórthíre. Seoladh dhá thionscnamh sa dara leath de 2021: Wealth Management Connect (WMC) Mhórcheantar an Chuain agus an chuid ó dheas de Bond Connect. Cuireann siad leis na bealaí atá ann cheana.
I mí Mheán Fómhair 2021, d’fhógair an rialtas láir plean chun Limistéar Comhair Thionscal na Seirbhísí Nua‑Aimseartha de Qianhai Shenzhen‑Hong Cong a leathnú agus a oscailt níos mó (limistéar Qianhai) i Shenzhen. Seoladh an limistéar níos mó ná 10 mbliana ó shin agus óstáladh thart ar 11 500 fiontar ina bhfuil infheistíocht ó Hong Cong ann. Áiríodh an méid a leanas le forbairtí eile i ndáil le Mórcheantar an Chuain: (i) an chéad Scrúdú Dlí Gairmiúil de Mhórcheantar an Chuain a óstáil – lena bhfaigheadh iarrthóirí deimhniú um chleachtadh mar dhlíodóir (Mórcheantar an Chuain) chun seirbhísí dlí a sholáthar i Mórcheantar an Chuain maidir le hábhair shibhialta agus tráchtála shonraithe (lena n‑áirítear dlíthíocht); (ii) creat um chomhar maidir le himeachtaí leachtaithe a bhunú; (iii) níos mó cláir eolaíochta agus teicneolaíochta ar an leibhéal náisiúnta a chur ar fáil do Hong Cong; agus (iv) comhluach cáilíochtaí le haghaidh gairmithe ailtireachta agus innealtóireachta a chur chun cinn.
IV. Caidreamh déthaobhach agus comhar idir an tAontas‑Hong Cong in 2021
Níorbh fhéidir cuairteanna ardleibhéil ó institiúidí an Aontais a reáchtáil an dara bliain as a chéile. Ba mhinic a bhuail Oifig an Aontais le hoifigigh rialtais, le reachtóirí, le hacadóirí agus leis an tsochaí shibhialta, cé go raibh sé níos dúshlánaí ná mar a bhí sna blianta roimhe seo. In 2021, níor reáchtáladh Idirphlé Struchtúrtha bliantúil an Aontais‑Hong Cong, an dara bliain as a chéile.
In 2021, ba é an tAontas an pobal gnó eachtrach ba mhó i Hong Cong, agus é chun tosaigh ar an tSeapáin, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe. Ó mhí an Mheithimh 2021, chuir 1 614 chuideachta den Aontas gnó ar bun i Hong Cong, agus bhí Hong Cong á úsáid mar cheanncheathrú réigiúnach ag go leor de na cuideachtaí sin. Bhí láithreacht ag gnólachtaí an Aontais i raon leathan earnálacha, lena n‑áirítear an earnáil seirbhísí airgeadais agus gnó, an earnáil trádála, an earnáil lóistíochta, an earnáil miondíola, an earnáil bia agus dí, agus an earnáil tógála. Bunaithe ar an suirbhé bliantúil ar chuideachtaí eachtracha de Dhaonáireamh agus Staidreamh Hong Cong
, tháinig méadú beag ar an líon cuideachtaí den Aontas le 2 bhliain anuas (+0.7 %), agus 1 614 chuideachta ann. Cuideachtaí an Aontais a laghdaigh roinnt gníomhaíochtaí agus / nó foirne nó a rinne roinnt gníomhaíochtaí agus / nó foirne a athshocrú in áiteanna eile agus iad fós i Hong Cong, ní léirítear na cuideachtaí sin sna figiúirí sin, áfach.
In 2021, b’ionann trádáil dhéthaobhach in earraí agus EUR 30.5 billiún, arb ionann é sin agus méadú 2.5 % in aghaidh na bliana i gcomparáid le 2020. B’ionann onnmhairí earraí ón Aontas go Hong Cong agus EUR 23.5 billiún, agus b’ionann allmhairí ó Hong Cong agus EUR 7 billiún, as ar tháinig barrachas EUR 16.5 billiún le haghaidh an Aontais
. Ba é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála in earraí ba mhó a bhí ag Hong Cong in 2021, tar éis mhórthír na Síne agus an Téaváin
. B’ardán tábhachtach é Hong Cong fós le haghaidh trádáil idir mórthír na Síne agus an tAontas.
B’ionann trádáil dhéthaobhach an Aontais i seirbhísí le Hong Cong agus EUR 27.2 billiún in 2020 (-2.5 % in aghaidh na bliana)
agus allmhairí an Aontais ó Hong Cong san áireamh, arbh ionann iad agus EUR 9.8 billiún, agus onnmhairí an Aontais go Hong Cong, arbh ionann iad agus EUR 17.4 billiún. Tháinig barrachas trádála EUR 7.6 billiún le haghaidh an Aontais as sin. Léirítear le réamhshonraí le haghaidh 2021 forbairt láidir ar thrádáil dhéthaobhach i seirbhísí le Hong Cong sna chéad trí ráithe den bhliain (+23.1 % in aghaidh na bliana go dtí EUR 24.5 billiún)
. Laghdaíodh infheistíocht dhá threo idir an tAontas agus Hong Cong faoi bheagnach a cheathrú, ba shuntasach an infheistíocht fós: de réir na sonraí is déanaí, b’ionann stoic infheistíochta ó Hong Cong isteach san Aontas agus EUR 162 billiún agus b’ionann infheistíocht ón Aontas isteach i Hong Cong agus EUR 128 billiún.
Maidir leis an gComhaontú um Chomhar Custaim agus Comhchúnamh Riaracháin idir an tAontas‑Hong Cong agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Forfheidhmiú Custaim i gCearta Maoine Intleachtúla (CMI), rinneadh dochar do ghníomhaíochtaí oibriúcháin pleanáilte le géarchéim COVID. Ba é Hong Cong an dara háit bhunáitíochta ba mhó fós de réir luach na n‑earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla a allmhairítear isteach san Aontas, fiú murar táirgeadh na hearraí sin sa chathair. Níor reáchtáladh cruinnithe i Hong Cong le ceannaireacht na Roinne Custaim agus Máil in 2021, d’ainneoin roinnt iarrata.
Maidir le cánachas, sheol an Grúpa Cóid Iompair (COCG) teachtaireacht lenar sonraíodh dlínsí a sainaithníodh a bheith ábhartha i ndáil lena ndíolúintí ó ioncam a fhaightear ó fhoinsí eachtracha, lena n‑áirítear Hong Cong. Mar thoradh ar an idirphlé agus ar an bhfaisnéis a soláthraíodh, iarradh ar Hong Cong gealladh go ndéanfadh sé athchóiriú ar a chóras um Díolúine ó Ioncam a Fhaightear ó Fhoinsí Eachtracha (FSIE) toisc gur suíodh go raibh sé neamhchomhlíontach. Iarradh ar na húdaráis freisin an t‑athchóiriú a chur chun feidhme faoi dheireadh 2022.
Maidir le taighde, eolaíocht agus nuálaíocht, d’fhoilsigh údaráis Hong Cong dhá ghairm ar iarratais in 2021 chun tacú le rannpháirtithe Fís 2020 as an Sainréigiún Riaracháin. Bhí an tAontas agus Hong Cong ag smaoineamh ar an scéim comhair atá ann faoi láthair a leathnú faoi chlár suaitheanta nua an Aontais, Fís Eorpach.
Ba iad dian‑srianta mar gheall ar phaindéim COVID‑19 ba chúis le hathsceidealú go leor gníomhaíochtaí pleanáilte idir daoine amhail imeachtaí cultúrtha, taighde, comhar acadúil, soghluaisteacht mac léinn agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis na tionscail chruthaitheachta. Mar sin féin, bhí Oifig an Aontais in ann for‑rochtain le haghaidh an phobail a thosú arís agus caidreamh a dhéanamh leis an bpobal áitiúil de réir a chéile. Eagraíodh Féile Scannán an Aontais Eorpaigh 2021 le tacaíocht ó Bhallstáit an Aontais. Chomh maith leis sin, d’óstáil an Oifig – i gcomhar le Comhlachas Tráchtála an Aontais Eorpaigh i Hong Cong – imeacht glas dar teideal ‘An tAontas Eorpach‑Hong Cong: an Bealach Glas’, inar thug an tionscal 12 mholadh d’ionadaithe sinsearacha rialtais maidir le bealaí lena bhféadfaí dlús a chur leis an aistriú glas sa Sainréigiún Riaracháin. Chuaigh Oifig an Aontais i dteagmháil leis na húdaráis áitiúla freisin chun togra athchóirithe an Aontais den Eagraíocht Trádála Domhanda i dtreo córas trádála iltaobhach inbhuanaithe agus éifeachtach a chur chun cinn agus mar ullmhúchán le haghaidh an 12ú Comhdháil Aireachta den Eagraíocht Trádála Domhanda. Reáchtáladh dhá imeacht leis an Roinn Tráchtála agus reáchtáladh go leor cruinnithe teicniúla leis an rialtas agus leis an tionscal maidir le Príomhbheartais an Aontais, lena n‑áirítear maoiniú, an comhaontú glas agus tráchtáil. An séú ceardlann bhliantúil den Aontas‑Hong Cong maidir le gáinneáil, cuireadh siar go dtí mí Eanáir 2022 í.