An Bhruiséil,28.9.2022

COM(2022) 488 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir le hoibriú i dtreo todhchaí atá saor ó aispeist: cur chuige Eorpach i leith aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sláinte a bhaineann le haispeist


1.Réamhrá

Is substaint í an aispeist atá anchontúirteach, ar cúis le hailse í 1 . Is eol go gcuireann nochtadh comhshaoil agus ceirde d’aispeist le hualach ard na hailse san Eoraip, rud is cúis le go leor básanna inseachanta. Aithnítear gur ailsí ceirde atá in 78 % de na hailsí san Aontas, agus baineann 88 % d’ailsí scamhóg ceirde leis an aispeist 2 . In 2019, fuair os cionn 70 000 duine bás mar gheall ar nochtadh ceirde d’aispeist in AE-27 3 . Cé gur nochtadh a bhaineann leis an obair san am atá thart is cúis leis sin den chuid is mó, deimhnítear leis sin na hiarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann le nochtadh d’aispeist.

Le 40 bliain anuas, rinne an tAontas beart chun úsáid uile aispeiste a theorannú agus a thoirmeasc. Idir 1983 4 agus 1985 5 , chuir sé srian ar úsáid sé chineál snáithíní aispeiste. In 1991, chuir an tAontas cosc ar chúig cinn de na cineálacha sin a chur ar an margadh agus a úsáid 6 , agus ar úsáid aispeiste crisitíle i dtáirgí a úsáidtear go forleathan in earnáil na foirgníochta, i measc táirgí eile 7 . In 1999, rinne sé gach ceann de na sé chineál snáithíní aispeiste 8 a thoirmeasc, agus tháinig toirmeasc an Aontais ar aispeist i bhfeidhm in 2005. Tá feidhm ag an toirmeasc maidir le hearraí a tháirgtear san Aontas agus a allmhairítear isteach san Aontas araon 9 .

Is tosaíocht de chuid an Aontais é an ailse a chomhrac. Thug an Coimisiún gealltanas laghdú éifeachtach a dhéanamh ar nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha amhail aispeist mar chuid de Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa 10 agus an plean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach 11 . Ós rud é go bhfuil aispeist fós le fáil in go leor foirgneamh, lena náirítear i dtithe príobháideacha, tá gá le cur chuige cuimsitheach comhtháite chun dul i ngleic lena hiarsmaí, i roinnt réimsí beartais. Má dhéantar tuilleadh gníomhaíochtaí chun na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist a bhainistiú, cosnófar daoine ar ghalair, cuirfear an fholláine chun cinn, agus cuideofar le hAontas Sláinte na hEorpa a neartú.

Baineann tábhacht ar leith leis an bpobal a chosaint ar nochtadh d’aispeist fad agus atá an Comhaontú Glas don Eoraipá á rolladh amach ag an Aontais, lena náirítear an uaillmhian ráta na nathchóirithe foirgneamh a mhéadú. Is iad foirgnimh is cúis le 36 % de na hastaíochtaí gás ceaptha a bhaineann le fuinneamh. Ós rud é go meastar go mbeidh níos mó ná 85 % d’fhoirgnimh atá ann cheana fós ina seasamh in 2050, beidh athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh fíor-riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach 12 . Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh ‘rabharta athchóiriúcháin’ 13 an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh a dhúbailt faoi 2030. Is féidir le sainoibreacha athchóirithe chun tomhaltas fuinnimh a laghdú feabhas a chur ar dhálaí sláinte agus maireachtála daoine a bhfuil cónaí orthu sna foirgnimh a ndéantar an tathchóiriú sin orthu, cáilíocht an aeir a fheabhsú, bochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus cuimsiú sóisialta a chothú. Ina theannta sin, leis na sainoibreacha sin, d’fhéadfaí borradh a chur faoi luach fadtéarmach réadmhaoine, poist a chruthú agus d’fhéadfadh infheistíochtaí a bheadh fréamhaithe go minic i slabhraí soláthair áitiúla eascairt astu. Mar sin féin, ós rud é gur tógadh go leor foirgnimh a bhfuil drochfheidhmíocht fuinnimh acu agus aispeist in úsáid, de bharr dlús a chur leis an ráta athchóirithe foirgneamh d’fhéadfaí méadú nach beag a bheith ann ar líon na ndaoine a nochtar do rioscaí sláinte a bhaineann le haispeist, ós rud é go bhféadfaí aispeist atá i bhfoirgnimh a scaoileadh saor le linn oibreacha athchóirithe. Meastar go dtiocfaidh méadú 4 % in aghaidh na bliana ar líon na noibrithe a nochtar, líon atá ag 4.1-7.3 milliún faoi láthair, sna 10 mbliana amach romhainn 14 .

I mí Dheireadh Fómhair 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa rún 15 inar iarradh straitéis Eorpach maidir leis an aispeist uile a bhaint. Sa rún sin, d’iarr an Pharlaimint go ndéanfadh an tAontas tuilleadh gníomhaíochta chun oibrithe agus saoránaigh a chosaint ar na rioscaí sláinte a bhaineann le nochtadh d’aispeist, go háirithe i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh. D’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa freisin go mbainfí an aispeist uile 16 , agus chuir sé i bhfios go láidir go gcruthaítear sineirgí le baint substaintí díobhálacha le hoibreacha in athchóirithe fuinnimh 17 . Le moltaí na saoránach faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, leagadh béim freisin ar a thábhachtaí atá dálaí oibre cothroma, go háirithe an tathbhreithniú ar an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair, agus cur chuige iomlánaíoch i leith na sláinte 18 .

Tá gá le cur chuige Eorpach maidir le haispeist chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, go háirithe maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus Plean Sáraithe Ailse na hEorpa a chur chun feidhme. Chun an sprioc sin a bhaint amach, cuirtear i láthair sa teachtaireacht seo cur chuige saolré a bhfuil cuspóir uileghabhálach sláinte poiblí ina bhonn taca leis. Cuimsíonn sé an ghníomhaíocht is gá chun aispeist atá i bhfoirgnimh a shainaithint agus chun an fhaisnéis sin a chlárú, chun a áirithiú go mbainfear í nó go ndéileálfar léi go sábháilte de réir mar is ábhartha agus go ndéanfar dramhaíl ina bhfuil aispeist a chóireáil, agus an tráth céanna cosaint oibrithe a uasmhéadú agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar ghalair a bhaineann le haispeist. Leagtar amach sa teachtaireacht sin an tAontas Eorpach mar cheannaire idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh na rioscaí a bhaineann le haispeist. Cuirtear i dtábhacht ann freisin an maoiniú ón Aontas atá ar fáil chun aispeist a bhaint go sábháilte ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, bunaithe ar chláir atá ann cheana nó atá beartaithe. Rannchuideodh an ghníomhaíocht a rinneadh freisin leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach 19 .

2.tacú le híospartaigh: feabhas a chur ar dhiagnóisiú agus ar chóireáil galar a bhaineann le haispeist

Le beartas láidir uaillmhianach maidir le haispeist bhainfeadh tairbhí suntasacha maidir le sláinte agus folláine an duine. Is féidir le nochtadh d’aispeist a bheith ina chúis le galair amhail meisitéilióma 20 , aispeastóis agus ailse scamhóg. Tá ailsí arb é nochtadh ceirde d’aispeist is cúis leo dian agus baineann drochrátaí marthanais leo. Níl leigheas ar bith ar mheisitéilióma agus tá meánionchas saoil 4 go 18 mí ag othair 21 . Nochtadh aispeiste is cúis le 92 % de na cásanna meisitéilióma uile 22 . Maidir le hailse scamhóg, tá ráta marthanais sách íseal aici tar éis diagnóisiú i gcomparáid le cineálacha coitianta ailse eile, arb í an dara cineál ailse is coitianta a dhiagnóisítear i gcás fear agus an tríú ceann i gcás ban 23 .

Tá tréimhse folaigh fhada ag galair a bhaineann le haispeist. Ós rud é go bhféadfadh 30 bliain ar an meán a bheith i gceist sula léirítear na chéad chomharthaí breoiteachta ón uair a nochtar daoine, meastar go bhfeicfear básanna agus tinnis a bhaineann le haispeist de dheasca nochtadh a tharla roimh an toirmeasc in 2005 go dtí deireadh na 2020í agus na 2030idí.

Is bunúsach scagthástáil agus diagnóisiú luath chun ailse a chosc. Mar chuid de Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, thug an Coimisiún gealltanas scéim nua scagthástála ailse 24 a fhaigheann tacaíocht ón Aontas a chur ar aghaidh chun cuidiú leis na Ballstáit feabhas a chur ar rochtain ar dhiagnóisiú luath. Príomhghnéithe na scéime nua seo is ea an togra ón gCoimisiún 25 chun Moladh 2003 ón gComhairle maidir le scagthástáil ailse a thabhairt cothrom le dáta, lena náirítear scagthástáil an phobail a leathnú chuig ailse scamhóg. Ina theannta sin, tacóidh an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse leis an scéim. Ag cur le ‘hatlas’ d’íomhánna agus sonraí a bhaineann le hailse, chomh maith le huirlisí nua amhail ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus intleacht shaorga, leis an tionscnamh soláthrófar an téiceachóras chun modhanna agus algartaim scagthástála nua a fhorbairt. Le hinfheistíochtaí sa scagthástáil agus sa diagnóisiú luath is féidir cuidiú go mór le híospartaigh nochta d’aispeist, toisc go maolóidh diagnóis agus cóireáil thapa éifeachtaí galar a bhaineann le haispeist, lena náirítear ailsí. Ina theannta sin, tá roinnt príomhghníomhaíochtaí faoin bPlean Ailse dírithe ar dhiagnóisiú, cóireáil agus cúram othar ailse a bharrfheabhsú, lena náirítear ailsí casta lena mbaineann drochphrognóis amhail na hailsí casta arb é nochtadh aispeiste is cúis leo. Mar shampla, trí Líonra AE a bhunú lena nascfar Ionaid Chuimsitheacha Náisiúnta Ailse i ngach Ballstát, cuirfear feabhas ar rochtain ar dhiagnóisiú agus ar chúram ardcháilíochta, leis an tionscnamh ‘Diagnóisic agus Cóireáil Ailse do Chách’, cuirfear feabhas ar an rochtain ar chóireáil ailse nuálach agus leis an gclár oiliúna idir-speisialtachta lena ndírítear ar an oinceolaíocht, an mháinliacht, an raideolaíocht agus an cúram altranais feabhsófar scileanna an lucht saothair cúraim ailse.

Baineann an riosca is airde nochta d’aispeist le suíomhanna ceirde. In 2016, measadh go raibh 66 808 mbás in AE-27 inchurtha i leith nochtadh ceirde d’aispeist roimhe seo 26 . In 2019, tháinig méadú air sin go 71 750 27 . Chun go mbeidh rochtain ag na hoibrithe sin ar scéimeanna cúitimh ábhartha, ní mór tionscnamh ceirde galar a bhaineann le haispeist a aithint. Ós rud é nach gceadaítear leis an gConradh don Choimisiún ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de a mholadh sa réimse seo, is é Moladh 2003/670/CE ón gCoimisiún an príomhbhonn chun aitheantas galar ceirde a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais 28 . Faoi láthair, cumhdaítear leis an Moladh seo ailsí agus galair eile arb é nochtadh ceirde d’aispeist is cúis leo. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair trípháirteach maidir leis an ngá atá ann é a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na dtorthaí eolaíocha is déanaí 29 .

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse (2022) a sheoladh;

·dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair maidir leis an ngá atá ann an Moladh ón gCoimisiún maidir leis an Sceideal Eorpach ar Ghalair Cheirde a thabhairt cothrom le dáta trí ghalair bhreise a bhaineann le haispeist a áireamh.

3.Oibrithe a chosaint ar nochtadh d’aispeist

Baineann an riosca nochta d’aispeist den chuid is mó le haispeist a láimhsiú agus le scaipeadh snáithíní aispeiste le linn oibreacha foirgníochta, cuir i gcás athchóiriú agus scartáil. Meastar go nochtar idir 4.1 agus 7.3 milliún oibrí d’aispeist. Tá 97 % de na hoibrithe sin in earnáil na foirgníochta, lena náirítear gairmeacha gaolmhara amhail díonadóirí, pluiméirí, siúinéirí nó feisteoirí urlár, agus tá 2 % acu sa tionscal bainistithe dramhaíola. Is í an ailse cheirde an chéad chúis le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas 30 agus baineann 78 % d’ailsí ceirde a aithnítear sna Ballstáit le haispeist 31 . Dá bhrí sin, tá dul i ngleic le nochtadh d’aispeist a bhaineann leis an obair ar cheann de na tosaíochtaí faoi Chreat Straitéiseach an Aontais maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair le haghaidh 2021-2027 32 .

An teorainn nochta ceirde le haghaidh aispeiste a ísliú

Tá cosaint dhlíthiúil an Aontais d’oibrithe ar na rioscaí sonracha a bhaineann le nochtadh d’aispeist ann ó bhí 1983 ann 33 . Ó shin i leith, rinneadh an chosaint dhlíthiúil sin a thabhairt cothrom le dáta arís agus arís eile. Is í an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair 2009/148/CE an píosa reachtaíochta is déanaí lena leagtar síos oibleagáidí diana ar fhostóirí ó thaobh cosanta, pleanála agus oiliúna de. Ina theannta sin, ós rud é gur oibreán carcanaigineach atá in aispeist, tá feidhm ag Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, do shóghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair 34 aon uair atá sé níos fabhraí do shláinte agus do shábháilteacht oibrithe.

Ar an iomlán, tá an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair fós oiriúnach don fheidhm 35 . Mar sin féin, leis an eolas eolaíoch is déanaí tacaítear le hísliú na teorann nochta ceirde atá ann faoi láthair 36   37 . Tá ceithre Bhallstát (an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír) tar éis teorainneacha nochta ceirde ceangailteacha a chur chun feidhme atá faoi bhun an teorainn nochta ceirde atá ann faoi láthair ar fud an Aontais. Chomh maith leis an teorainn nochta ceirde cheangailteach, tá teorainnluach ag an nGearmáin a fhreagraíonn do thiúchan inghlactha. D’fhonn nochtadh a choinneáil faoi bhun an leibhéil inghlacthachta, tá treoirlínte éigeantacha ann lena gceanglaítear bearta a chur san áireamh sa chleachtas. Baineann na Ballstáit eile úsáid as an teorainn nochta ceirde atá ann faoi láthair ar fud an Aontais.

Tá togra reachtach á ghlacadh ag an gCoimisiún inniu chun an OEL atá ann cheana le haghaidh aispeiste a ísliú go mór ó 0,1 snáithín in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh (f/cm³) go 0,01 f/cm³, méid atá 10 n‑uaire níos ísle ná an luach atá ann faoi láthair. Beidh comhchuibhiú níos fearr ar theorainnluachanna ar fud an Aontais ina thoradh ar athbhreithniú na teorann nochta ceirde le haghaidh aispeiste. Meastar go mbeidh dálaí oibre níos fearr ina dtoradh air sin, lena n‑áirítear le haghaidh an líon mór oibrithe atá ar postú in earnáil na foirgníochta, agus go ndáilfear costais cúraim sláinte ar bhealach atá níos cothroime le haghaidh na mBallstát. 

Chun oibrithe a chosaint ar nochtadh d’aispeist, tá sé tábhachtach na modhanna is cothroime le dáta ó thaobh na heolaíochta de a úsáid chun tiúchan na snáithíní san aer a thomhas. Cruthaíonn sé sin measúnú cruinn ar na rioscaí agus, dá bhrí sin, cosaint níos fearr d’oibrithe. Cé gurb é an modh is mó a úsáidtear faoi láthair micreascópacht phaschodarsnachta, ar modh é a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte in 1997, tá modhanna éifeachtacha eile ar fáil freisin. Tugann fianaise eolaíoch le fios go bhféadfadh modh atá bunaithe ar mhicreascópacht leictreon comhaireamh níos beaichte a dhéanamh ar na snáithíní, rud a d’fhéadfadh bearta cosanta níos fearr a bheith ina thoradh air 38 . Dá bhrí sin, chumhdaigh an Coimisiún úsáid modhanna tomhais sa togra chun an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair a leasú.

Treoirlínte lena dtacaítear le cur chun feidhme na Treorach maidir le hAispeist ag an Obair 

Mar gheall ar an líon suntasach athchóirithe agus scartálacha a bhfuil coinne leo sna blianta atá le teacht, ní mór an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair a chur chun feidhme go leordhóthanach chun oibrithe a chosaint go hiomlán. D’fhéadfadh na Ballstáit, fostóirí (go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar 99 % de na cuideachtaí uile a oibríonn le haispeist iad) agus oibrithe tairbhe a bhaint as tacaíocht bhreise chun comhlíonadh a áirithiú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a fhorbairt chun cabhrú le cur chun feidhme na Treorach athbhreithnithe maidir le hAispeist ag an Obair, a luaithe a ghlacfar í. Soláthrófar faisnéis dhomhain sna treoirlínte maidir leis na forálacha sa Treoir atá i bhfeidhm faoi láthair (amhail oiliúint agus úsáid trealaimh cosanta pearsanta), ach ar fiú soiléiriú agus comhairle a thabhairt ina leith. Tá sé ríthábhachtach oiliúint leordhóthanach a chur chun cinn d’oibrithe a láimhsíonn aispeist mar chuid d’oibreacha foirgníochta, athchóirithe agus scartála. Leis na treoirlínte d’fhéadfaí cuidiú leis na Ballstáit agus le fostóirí, go háirithe FBManna, a chinntiú go bhfuil oibrithe ar an eolas faoi na réamhchúraimí is gá chun an leibhéal cosanta is airde a bhaint amach. Leis na treoirlínte d’fhéadfaí roinnt forálacha a chumhdach freisin a thagann faoi inniúlachtaí na mBallstát (amhail deimhniú ar ghnólachtaí bainte aispeiste), i gcásanna ina bhféadfadh mínithe breise a bheith úsáideach. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do na páirtithe uile lena mbaineann an líon athchóirithe a bhfuil coinne leis a dhéanamh, agus an leibhéal cosanta is airde ar nochtadh d’aispeist d’oibrithe á áirithiú an tráth céanna.

Múscailt feasachta

Mar chuid de Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, tá suirbhé nochta oibrithe maidir i dtaca le tosca riosca ailse san Eoraip á ullmhú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) 39 . Breathnófar leis ar na cásanna nochta is forleithne agus ar líon agus saintréithe 40 na noibrithe a nochtar do raon fachtóirí riosca ailse, lena náirítear aispeist. Leis sin, beifear in ann feachtais múscailte feasachta agus bearta coisctheacha níos spriocdhírithe a dhéanamh, agus rannchuideofar le ceapadh beartas fianaise-bhunaithe.  Beidh sé thar a bheith tábhachtach i bhfianaise líon méadaithe na gcuideachtaí, na noibrithe agus na núinéirí foirgneamh príobháideach agus poiblí a mbeidh tionchar ag baint aispeiste orthu. Ar na cúiseanna céanna, oibreoidh an Coimisiún le Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) chun feachtas múscailte feasachta nuashonraithe a sheoladh.

Maidir leis an gCoimisiún:

·molann sé go ndéanfar athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair chun an teorainnluach atá ann faoi láthair maidir le nochtadh ceirde a ísliú agus na forálacha gaolmhara (a ghabhann leis an teachtaireacht seo) a shoiléiriú agus iarann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle é a ghlacadh go pras;

·forbróidh sé treoirlínte atá tugtha cothrom le dáta chun tacú leis na Ballstáit, le fostóirí agus le hoibrithe i ndáil leis an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair a chur chun feidhme tar éis a hathbhreithnithe;

·oibreoidh sé le Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) chun feachtas múscailte feasachta atá tugtha cothrom le dáta a sheoladh maidir le haispeist a bhaint go sábháilte atá dírithe ar chuideachtaí, oibrithe, úinéirí agus riaracháin phoiblí.

4.Aghaidh a thabhairt ar an aispeist atá i bhfoirgnimh

Roimh thoirmeasc an Aontais, baineadh úsáid fhorleathan as aispeist, go príomha in earnáil na foirgníochta. Úsáideadh 70-80 % den aispeist le haghaidh táirgí stroighne agus an chuid eile go príomha le haghaidh táirgí foirgníochta eile, amhail clúdaigh urláir, teicstílí, cairtchláir nó boird inslithe. In 1970, úsáideadh níos mó ná 920 000 tona d’aispeist amh sna tíortha atá ina mBallstáit anois, agus an buaicphointe de 1 200 000 tona á bhaint amach in 1980 sular thit an líon go dtí níos lú ná 40 000 tona in 2000 41 . Ós rud é gur tógadh níos mó ná 220 milliún aonad tógála (85 % de na haonaid ar fad) roimh 2001 42 , is dócha go bhfuil aispeist i gcuid nach beag de stoc foirgneamh an lae inniu 43 .

Tá buaic-thréimhse tomhaltais na haispeiste éagsúil ó Bhallstát go Ballstát (féach Figiúr 1 44 ). Chláraigh na Ballstáit ar fad sciar ard de thomhaltas aispeiste idir 1970 agus 1990. Sa Chipir, sa Bheilg, sa Danmhairg, i Lucsamburg, san Ísiltír agus sa tSualainn, áfach, tomhlaíodh formhór na haispeiste roimh na 1970idí agus chláraigh an Chróit, Éire, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic leibhéil arda tomhaltais aispeiste sna 1990í nó go luath sna 2000idí.

I bhFigiúr 1 An sciar measta de thomhaltas aispeiste le linn na bpríomhthréimhsí foirgníochta foirgneamh in AE27

Foinse: Figiúirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde 45

Tá méid an dúshláin a bhaineann hiarsmaí aispeiste éagsúil ó réigiún go chéile. Agus meánaois na bhfoirgneamh cónaithe agus meánchainníocht mheasta na haispeiste (kg/teaghais) mar bhonn, léirítear sa léarscáil thíos leochaileacht aispeiste réigiúin an Aontais, ó leibhéil ísle aispeiste ionsuite (cainníocht íseal aispeiste, foirgnimh nua) go dtí leibhéil arda (méid ard aispeiste, foirgnimh is sine). De réir dealraimh tá seanfhoirgnimh agus líon ard aispeiste i réigiúin láir an Aontais den chuid is mó, agus go ginearálta i réigiúin an oirthir agus oirthuaisceart an Aontais, tá méideanna móra aispeiste le fáil i bhfoirgnimh is déanaí. D’fhéadfaí a léiriú sna torthaí na Ballstáit agus na réigiúin inar cheart tús áite a thabhairt do scagadh aispeiste roimh an athchóiriú.

Figiúir 2. Léarscáil dhé-athráideach a thaispeánann meánaois na bhfoirgneamh cónaithe (blianta) agus meánchainníocht na haispeiste (kg/teaghais)

Foinse: Figiúirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde 46

Tuilleadh faisnéise agus trédhearcachta maidir le haispeist i bhfoirgnimh

Tarlaíonn an phríomhbhagairt do shláinte an duine a bhaineann le haispeist nuair a chorraítear ábhair ina bhfuil aispeist, toisc gur féidir snáithíní a scaoileadh isteach san aer agus iad a ionanálú ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh sé go scaoilfí snáithíní isteach san aer mar gheall ar mheath táirgí aispeiste áirithe de réir mar a théann siad in aois. Ós rud é go bhfuil aispeist le fáil den chuid is mó in ábhair foirgníochta, agus go bhfuil athrú suntasach tagtha ar na hábhair sin le linn oibreacha athchóirithe, ní mór aird ar leith a thabhairt ar an tógáil agus bearta cosanta á bhforbairt. Braitheann an dóchúlacht go scaoilfear snáithíní ar an gcineál aispeiste agus ar an áit a n‑aimsítear í. Mar shampla, tá aispeist bhriosc an‑chontúirteach toisc go scaoiltear a snáithíní níos éasca ná aispeist neamhbhriosc. Os a choinne sin, is lú an suaitheadh a dhéantar ar aispeist atá leabaithe in ábhair sholadacha, agus baineann rioscaí i bhfad níos ísle léi nuair a nach dteagmhaítear léi.

Príomhdhúshlán a bhaineann le haispeist a bhaint ó stoc foirgneamh is ea an easpa eolais maidir le cé atá nó nach bhfuil aispeist sna foirgnimh. Leis na hathchóirithe atá beartaithe le haghaidh na mblianta atá le teacht agus an sprioc fhadtéarmach stoc foirgneamh na hEorpa a athchóiriú chun aeráidneodracht a bhaint amach tacaítear go láidir leis an gcás le haghaidh measúnú cuimsitheach ar na foirgnimh a bhféadfadh aispeist a bheith iontu, agus ina bhféadfadh athchóiriú a bheith ina bhagairt don tsláinte. D’fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar athchóirithe má shainaithnítear ábhair ina bhfuil aispeist go déanach, agus dá naimseofaí iad gan choinne le linn oibreacha athchóirithe, d’fhéadfaí snáithíní aispeiste a scaoileadh trí thimpiste, rud a d’fhéadfadh a bheith ina riosca tromchúiseach d’oibrithe, d’áitritheoirí agus do chomharsana. Tá sé éigeantach cheana féin measúnú a dhéanamh ar an riosca nochta d’aispeist sula gcuirfear tús le hoibreacha, faoin Treoir maidir le hAispeist ag an Obair 2009/148/CE 47 . Mar sin féin, ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór sna straitéisí scagthástála, clárúcháin agus bainte aispeiste ar fud na mBallstát 48 , bheadh sé ina chuidiú creat coiteann de chuid an Aontais a bheith ann chun an aispeist atá i stoc foirgneamh an Aontais a shainaithint agus a bhaint ar bhealach níos éasca.

Cuirfidh an Coimisiún togra reachtach ar aghaidh maidir le scagadh agus clárú éigeantach aispeiste i bhfoirgnimh, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus inniúlachtaí na mBallstát á n‑urramú an tráth céanna. Ag cur leis na hoibleagáidí atá ann cheana chun a mheas an bhfuil aispeist ann sula gcuirtear tús le hoibreacha athchóirithe, d’fhéadfaí a mheas leis an togra reachtach an oibleagáid aispeist a scagadh agus a chlárú i bhfoirgnimh nuair a dhéantar idirbhearta eacnamaíocha (e.g. sula ndéantar iad a dhíol nó a ligean ar cíos) agus/nó ag tráthanna ríthábhachtacha eile i saolré foirgnimh. D’iarrfaí ar na Ballstáit freisin straitéisí náisiúnta a bhunú chun aispeist a bhaint, lena léirítear a gcóid tógála, agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, chomh maith le faisnéis stairiúil maidir le húsáid aispeiste.

Agus an togra reachtach á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin íoscheanglais a thabhairt isteach maidir le bailiú agus scaipeadh sonraí a bhaineann le haispeist a bheith i bhfoirgnimh. Tá sé ríthábhachtach faisnéis thrédhearcach a bheith ann maidir le haispeist a bheith ann ar feadh shaolré iomlán foirgneamh chun na rioscaí a bhaineann le nochtadh a íoslaghdú agus chun baint aispeiste a éascú. D’fhágfadh clárú i bhformáid dhigiteach go mbeadh sé níos éasca teacht ar an bhfaisnéis sin, mar a thuairiscítear sa chéad roinn eile.  

Forbrófar an togra trí chomhairliúchán leathan le saineolaithe agus le páirtithe leasmhara. Bainfear leas freisin as staidéar measúnaithe tionchair chun na roghanna beartais is fearr atá ar fáil a shainaithint bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, agus lena n‑urramófar an bunús dlí dá bhforáiltear sa Chonradh. 

Cuirfidh an togra freisin le meastóireacht agus sainaithint na ndea-chleachtas i mbainistiú rioscaí aispeiste sna Ballstáit, lena n‑áirítear i gcomhthéacs chur chun feidhme phlean gníomhaíochta an rabharta athchóiriúcháin.

·Mar shampla, rith an Fhrainc reachtaíocht chun sainaithint aispeiste a dhéanamh éigeantach sula féidir oibríochtaí áirithe a dhéanamh i bhfoirgnimh (foraitheanta mhí na Bealtaine 2017 49 agus mhí Iúil 2019 50 ). In oibreacha tógála a bhféadfadh riosca nochta a bheith ann mar thoradh orthu, ní mór don duine nó don chomhlacht a ordaíonn na hoibreacha (mar shampla, úinéir an fhoirgnimh nó an túdarás conarthach) réamhshainaithint aispeiste a dhéanamh sular féidir tús a chur le hoibreacha. Ciallaíonn sé sin ábhair agus táirgí ina bhfuil aispeist a chuardach, a shainaithint agus a aimsiú, ar dócha go ndéanfaidh oibreacha difear dóibh.

·Tá clár náisiúnta ag an bPolainn freisin chun aispeist a bhaint go sábháilte (2009-2032), agus tá bunachar sonraí maidir le haispeist á feidhmiú aici ó 2013 i leith. Is éard atá sa chlár náisiúnta bearta reachtacha chun aispeist a bhaint, faisnéis agus oiliúint agus faireachán trí Chórais Faisnéise Spásúla freisin.

·Sa Bheilg, tá sé d’aidhm ag an Rialtas Pléimeannach a áirithiú go mbeidh foirgnimh agus bonneagar saor ó aispeist faoi 2040 ar a dhéanaí. Chun an méid sin a bhaint amach, rinne sé bearta amhail baint aispeiste a bheith ina réamhchoinníoll chun grianphainéil a shuiteáil agus tá sé beartaithe aige deimhniú aispeiste a thabhairt isteach d’fhoirgnimh a bheidh le díol in 2022 51 .

An rabharta athchóiriúcháin agus an éifeachtúlacht fuinnimh

Leagtar béim sa straitéis an ‘rabharta athchóiriúcháin’ ar a thábhachtaí atá sé caighdeáin a choinneáil ar bun le haghaidh foirgneamh atá inbhuanaithe agus sábháilte. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach gníomhaíocht a dhéanamh chun substaintí díobhálacha, go háirithe aispeist, a bhaint agus chun cosaint orthu. Áirítear sa phlean gníomhaíochta cur chun feidhme 52 maidir le rabharta athchóiriúcháin bearta rialála lena neartaítear creat reachtach an Aontais, go háirithe Treoir 2010/31/AE maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgnimh. I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún 53 athbhreithniú ar an Treoir seo, athbhreithniú lena leagfaí béim ar a thábhachtaí atá timpeallacht shláintiúil laistigh. Tá forálacha sa togra do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar shubstaintí guaiseacha a bhaint, lena náirítear aispeist, i bhfoirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu. 

Beidh sé níos tábhachtaí fós cáilíocht an aeir laistigh a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacs caillteanais fuinnimh a laghdú trí fheabhas a chur ar insliú foirgneamh. Cé gur tugadh aghaidh i mbeartais an Aontais ar roinnt tosca a chuireann le dea-cháilíocht an aeir (aer comhthimpeallach agus córais téimh, fuaraithe agus aerála, ábhair foirgníochta agus táirgí tomhaltais, chomh maith le caitheamh tobac agus iompar comhchosúil daoine ina measc), is iad na príomhionstraimí rialála chun dul i ngleic leis na gnéithe sin – cóid tógála – inniúlacht de chuid na mBallstát agus a réigiún. Dá bhrí sin, níl cur chuige cuimsitheach comhtháite ag an Aontas maidir le cáilíocht an aeir laistigh. Mar sin féin, mar a fógraíodh sa phlean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach, déanfaidh an Coimisiún, faoi 2023, measúnú ar chonairí agus ar roghanna beartais chun cáilíocht an aeir laistigh a fheabhsú, agus é ag díriú ar phríomhthosca na cáilíochta aeir agus ar na príomhfhoinsí truaillithe, lena n‑áirítear aispeist. Féachfaidh an Coimisiún ar bhealaí chun feasacht an phobail a ardú agus rioscaí a laghdú.

Logleabhar digiteach foirgneamh

Le teicneolaíochtaí digiteacha is féidir clárú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le haispeist arna mbailiú le linn na scagthástálacha a éascú. Tá na sonraí uile a bhaineann le foirgnimh i logleabhair dhigiteacha foirgneamh agus leis na logleabhair sin is féidir gach cineál faisnéise a ghintear thar shaolré an fhoirgnimh a chomhroinnt agus a úsáid, ó dhearadh agus foirgníocht go dtí athchóiriú agus scartáil.

Molfaidh an Coimisiún cur chuige rialála maidir le múnla le haghaidh logleabhar digiteach foirgneamh de chuid an Aontais. Cuirfidh sé leis na tionscnaimh éigeantacha agus dheonacha atá ann cheana i mBallstáit éagsúla, agus leis na huirlisí digiteacha agus na teastais dhigiteacha le haghaidh foirgnimh atá á bhforbairt ar leibhéal an Aontais (e.g. teastais feidhmíochta fuinnimh). Is féidir aon fhaisnéis atá ar fáil agus atá nasctha leis na croítháscairí ‘Leibhéal/Leibhéil’ 54 lena rianaítear inbhuanaitheacht agus feidhmíocht foirgneamh a stóráil i logleabhair freisin. Áireofar sa togra seo le haghaidh samhla cur chuige caighdeánaithe maidir le bailiú sonraí, bainistiú sonraí agus idir-inoibritheacht. Áireofar leis sin a chreat cur chun feidhme, le haghaidh sonraí a eascraíonn as an oibleagáid scagtha freisin. Faisnéis maidir le haispeist a bheith i bhfoirgnimh, ba cheart í a bheith ar fáil trí bhíthin logleabhar agus ba cheart í a nascadh le tacair sonraí eile laistigh de na logleabhair (e.g. treoirphlean an fhoirgnimh).

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·togra reachtach a chur ar aghaidh maidir le haispeist i bhfoirgnimh a scagadh agus a chlárú agus iarraidh ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a bhunú chun aispeist a bhaint (2023);

·cur chuige rialála a mholadh maidir le múnla de chuid an Aontais le haghaidh logleabhair dhigiteacha foirgneamh (2023);

·tacú leis na Ballstáit ar mian leo logleabhair dhigiteacha foirgneamh a thabhairt isteach nó na scéimeanna atá acu cheana a leathnú agus iad a ailíniú le múnla an Aontais;

·measúnú a dhéanamh ar chonairí agus ar roghanna beartais chun cáilíocht an aeir laistigh a fheabhsú, ag díriú ar phríomhthosca na cáilíochta aeir agus ar na príomhfhoinsí truaillithe, lena náirítear aispeist, agus féachaint ar bhealaí chun feasacht an phobail a ardú agus rioscaí a laghdú (2023).

Spreagann an Coimisiún na Ballstáit leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

·dlús a chur le digiteáil na faisnéise a bhaineann le foirgnimh agus leis na clárlanna atá ann cheana, feabhas a chur ar bhailiú, stóráil, inchomparáideacht agus inmhalartaitheacht sonraí maidir le saintréithe tógála;

·logleabhair dhigiteacha foirgneamh a thabhairt isteach, nó tionscnaimh atá ann cheana a fheabhsú, de réir threoirlínte an Aontais.

5.Dramhaíl aispeiste a dhiúscairt go sábháilte – truailliú nialasach

Cé go bhfuil cosc ar úsáid aispeiste san Aontas Eorpach le fada, is gá fós beart a dhéanamh chun táirgí a eascraíonn as scartáil agus baint aispeiste a bhainistiú agus a dhiúscairt. Is í dramhaíl foirgníochta agus scartála atá i níos mó ná aon trian den dramhaíl ar fad a ghintear san Aontas 55 . Tá na milliúin tonna i gceist le méid na nábhar ina bhfuil aispeist, mar chuid d’fhoirgnimh den chuid is mó, agus is dócha go mbeidh an méid sin níos mó ná 100 milliún tona. Tá sé d’aidhm ag an straitéis an ‘rabharta athchóiriúcháin’ an ráta bliantúil athchóirithe foirgneamh a dhúbailt ar a laghad faoi 2030. Leagtar béim léi ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar shaolré iomlán aispeiste.

Le reachtaíocht dramhaíola an Aontais, rialaítear go cuimsitheach bainistiú dramhaíola aispeiste ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de nuair a ghintear í 56 . Ós rud é go naicmítear dramhaíl aispeiste mar dhramhaíl ghuaiseach 57 , tá feidhm ag forálacha sonracha agus diana cheana féin faoi reachtaíocht dramhaíola an Aontais maidir le giniúint, iompar agus bainistiú dramhaíola den sórt sin. Áirítear leis sin oibleagáidí tuairiscithe agus inrianaitheachta chun a áirithiú go ndéantar an dramhaíl a bhainistiú ar bhealach lena gcosnaítear an comhshaol. D’eisigh an Coimisiún dhá threoirdhoiciméad chun cuidiú le páirtithe leasmhara na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh: Prótacal an Aontais um Bainistíocht Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála (2016) 58 agus na Treoirlínte maidir leis na hiniúchtaí dramhaíola sula gcuirtear tús le hoibreacha scartála agus athchóirithe i bhfoirgnimh (2018) 59 .

Chun bainistiú a dhéanamh ar mhéideanna arda dramhaíola ina bhfuil aispeist ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, is é líonadh talún an príomhchur chuige fós chun an dramhaíl sin a dhiúscairt go sábháilte. Tá na modhanna cóireála eile teoranta mar gheall ar an líon ard na dramhaíola atá i gceist, an ganntanas suiteálacha lena gcuirtear cóireálacha malartacha ar fáil agus na costais arda agus an déine fuinnimh a bhaineann leo. 60  Cé nach scriosann líonadh talún snáithíní aispeiste, déantar iad a chobhsú agus a choinneáil, agus dá bhrí sin is bealach sábháilte é chun déileáil le dramhaíl aispeiste go dtí go mbeidh roghanna cóireála eile ar fáil go forleathan agus go mbeidh siad inacmhainne. Leagtar síos ceanglais dhiana i reachtaíocht dramhaíola an Aontais maidir le haispeist a dhiúscairt go sábháilte i líonadh talún 61 .

Is tosaíocht é bealaí malartacha a fhiosrú chun dramhaíl aispeiste a chóireáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tugann ordlathas na dramhaíola 62 tosaíocht d’aisghabháil dramhaíola thar dhiúscairt. Seolfaidh an Coimisiún staidéar faoi dheireadh 2022 chun teicneolaíochtaí agus cleachtais cóireála dramhaíola aispeiste a shainaithint agus chun anailís chomparáideach a dhéanamh orthu agus ar a dtionchar ar an gcomhshaol. Áirítear leis sin anailís ar bhearnaí i mbainistiú dramhaíola aispeiste agus i smaointe faoin todhchaí. Bainfear úsáid as torthaí an staidéir chun a mheas an bhfuil gá le hathruithe ar reachtaíocht dramhaíola an Aontais chun bainistiú dramhaíola ina bhfuil aispeist ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fheabhsú, go háirithe dramhaíl scartála.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·athbhreithniú ar Phrótacal Bainistíochta Dramhaíola Foirgníochta agus Scartála an Aontais Eorpaigh agus ar na Treoirlínte maidir leis na hiniúchtaí dramhaíola sula gcuirtear tús le hoibreacha scartála agus athchóirithe i bhfoirgnimh, agus béim ar leith á leagan ar oibreacha athchóirithe agus aispeiste (2023), a sheoladh;

·staidéar a sheoladh chun cleachtais bainistithe dramhaíola aispeiste agus teicneolaíochtaí cóireála nua a shainaithint, a mbainfear úsáid as a thorthaí chun a mheas an bhfuil gá le hathruithe ar reachtaíocht dramhaíola an Aontais (faoi dheireadh 2022).

6.Maoiniú

Cuireann an tAontas maoiniú nach beag ar fáil tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar féidir é a úsáid chun tacú le bearta náisiúnta d’fhonn aispeist a bhaint i gcomhthéacs athchóirithe. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirtear EUR 723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) in iasachtaí (EUR 385.8 billiún) agus deontais (EUR 338 mbilliún) ar fáil chun tacú le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe sna Ballstáit chun geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe i dtaca leis na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Ceann de sheacht bpríomh‑thionscnamh de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta is ea an tionscnamh suaitheanta maidir le hathchóiriú, lena gcumhdófar na milliúin méadar cearnach d’fhoirgnimh chónaithe agus phoiblí a bhfuil athchóiriú meánach agus domhain á ndéanamh orthu. Is féidir leis na Ballstáit an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar bhaint ábhar ina bhfuil aispeist ó fhoirgnimh mar chuid d’obair athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh atá beartaithe ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Is féidir leis na Ballstáit cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid freisin, go háirithe faoi cholún 6 (beartais don chéad ghlúin eile) agus faoi thionscnamh suaitheanta 7 (athsciliú agus uas‑sciliú) chun sealbhú scileanna oibrithe a láimhsíonn aispeist a chur chun cinn (mar shampla in earnáil na foirgníochta nó bainistithe dramhaíola) agus chun scileanna oibrithe a a thabhairt cothrom le dáta chun freastal ar riachtanais nua an mhargaidh.

Ina theannta sin, le cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa is féidir tacú le réimse beart a bhaineann le hathchóirithe. Ceann de phríomhchuspóirí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) 63 is ea cuidiú leis na Ballstáit beartais airgeadais agus athchóirithe struchtúracha a dhéanamh chun uassciliú, athsciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách, agus chun oibrithe, fiontair agus fiontraithe a chur in oiriúint don athrú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin athruithe a thiocfadh as gníomhaíocht a dhéantar faoin aistriú glas, amhail oibreacha athchóirithe. Le linn na clárthréimhse 2014-2020, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) rinneadh tionscadail maidir le baint aispeiste ar mhórscála a chómhaoiniú 64 sa Pholainn, san Iodáil agus i dtíortha eile. Léirigh roinnt Ballstát go bhfuil spéis acu tionscadail chomhchosúla a áireamh ina gcláir le haghaidh na tréimhse 2021-2027.. Is féidir leis an gCoimisiún tacaíocht a chur ar fáil freisin d’fhothú acmhainní riaracháin agus do mhalartú saineolais agus eolais idir na húdaráis náisiúnta a bhainistíonn cláir an bheartais chomhtháthaithe trí thionscnamh REGIO Peer2Peer+, atá ar fáil ar iarraidh ó na Ballstáit.

I bhfianaise raon leathan sásraí maoiniúcháin an Aontais atá ar fáil chun tacú le hathchóiriú fuinnimh agus le héifeachtúlacht fuinnimh, ní mór do na Ballstáit a bheith in ann a shainaithint conas is féidir an úsáid is fearr a bhaint as na cistí sin chun sainaithint agus baint aispeiste a chumhdach freisin.

Leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta is féidir feabhsuithe móra a dhéanamh freisin ar athchóirithe agus infheistíochtaí cúraim sláinte, agus aird á thabhairt ar chosc agus ar cháilíocht an diagnóisithe agus na cóireála a mhéadú, lena n‑áirítear diagnóisiú agus cóireáil othar ailse. Go háirithe, le hinfheistíochtaí i ngairis leighis le haghaidh diagnóisiú agus cóireála, cláir oinceolaíocha náisiúnta, forbairt sainchúraim oinceolaíochta agus cruthú bonneagair chun ailse a chosc, is féidir athléimneacht fhoriomlán an chórais coiscthe agus cúraim ailse a neartú. Ar deireadh, cuirfear Plean Sáraithe Ailse na hEorpa chun feidhme agus tacófar leis trí raon iomlán ionstraimí cistiúcháin an Choimisiúin a úsáid agus cuirfear EUR 4 bhilliún san iomlán ar leataobh le haghaidh gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar an ailse, lena n‑áirítear ón gClár EU4Health, Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach.

Spreagann an Coimisiún na Ballstáit leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

·an leas is fearr a bhaint as na deiseanna sonracha uile faoi chláir agus cistí an Aontais chun tionscnaimh a chumhdach lena ndírítear ar scagadh agus ar bhaint aispeiste;

·a straitéisí maidir le baint aispeiste a chomhtháthú ina gcláir agus ina mbeartais uile, go háirithe maidir lena bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme;

·faisnéis a scaipeadh maidir le deiseanna maoinithe ón Aontas ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

7. Is ceannaire domhanda é an tAontas Eorpach sa chomhrac in aghaidh aispeiste

Ní mór don Aontas leanúint de ról ceannasach a imirt ar fud an domhain chun deireadh a chur le húsáid gach cineáil aispeiste. Tá táirgí ina bhfuil aispeist fós á dtáirgeadh agus á núsáid in roinnt tíortha nach bhfuil san Aontas, agus ba é an táirgeadh domhanda tuairim agus 1.2 milliún tona in 2021 65 . Trí chúnamh teicniúil faoi Choinbhinsiún Rotterdam 66 , cuidíonn an tAontas le tíortha ábhair níos sábháilte a chur in ionad ábhair aispeiste agus feabhas a chur ar dhiagnóisiú luath, cóireáil agus seirbhísí athshlánaithe maidir le fadhbanna sláinte a bhaineann le haispeist.

Tugann an tAontas dea-shampla i ngníomhaíocht dhomhanda chun oibrithe a chosaint ar aispeist, mar chuid dá uaillmhian neamhspleáchas straitéiseach oscailte a bhaint amach 67 . Faoi láthair, lasmuigh den Aontas, níl teorann nochta ceirde níos déine ná teorann an Aontais atá ann faoi láthair ach ag an Eilvéis (0,01 f/cm3) agus ag an tSeapáin (0,03 f/cm3) 68 . Leis an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair, bheadh teorainn nochta ceirde an Aontais ar an leibhéal is déine ar domhan, in éineacht leis an Eilvéis. In 2017, tharraing an tAontas aird ar dtús ar an ngá atá le sábháilteacht agus sláinte ag an obair a aithint go foirmiúil mar phrionsabal bunúsach agus mar cheart ag an obair i gcomhthéacs na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS). Tar éis 5 bliana de ghníomhaíocht leanúnach an Aontais, comhaontaíodh ag Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair 2022 go náireofaí timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil i gcreat EIS maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair. Leanfaidh an tAontas dá chuid oibre leis an gComhdháil Idirnáisiúnta Saothair, chun timpeallachtaí sábháilte agus sláintiúla agus dínit ag an obair a chur chun cinn do chách. Tugann an Coimisiún Eorpach tacaíocht freisin do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha chun a gcreataí dlíthiúla lena rialaítear sábháilteacht agus sláinte ag an obair a ailíniú le dlí an Aontais.

Tá an tAontas tiomanta do chosaint oibrithe ar fud Slabhraí Soláthair Domhanda a áirithiú. Le déanaí ghlac an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Treoir maidir le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach 69 , chun a áirithiú go ndéanfaidh cuideachtaí bearta chun drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a íoslaghdú trína noibríochtaí laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Áirítear leis sin oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus oibríochtaí feadh an tslabhra luacha. Tá tacaíocht airgeadais á tabhairt ag an Aontas freisin do roinnt tionscadail idirnáisiúnta chun an tSábháilteacht agus an tSláinte ag an Obair a fheabhsú, ar tionscadail iad atá ábhartha freisin chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le haispeist 70 . Déantar gealltanas domhanda an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair i slabhraí soláthair domhanda a chomhlánú a thuilleadh trína rannpháirtíocht i dtionscnaimh réime amhail Vision Zero Fund [Ciste Físe Nialais] de chuid G7, an Comhaontú maidir le hionaid oibre atá níos sábháilte de chuid G20 agus an Líonra Saineolaithe maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair.

8. Conclúid 

Cé go bhfuil toirmeasc ar aispeist san Aontas ó 2005 i leith, tá a hiarsmaí fós ina mbagairt nach beag don tsláinte phoiblí. Chun an daonra a chosaint ar nochtadh d’aispeist agus chun cosc a chur ar na rioscaí a chur ar aghaidh chuig na glúnta óga, tá sé tábhachtach dlús a chur le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun aispeist a shainaithint agus a bhaint.

Tagann an teachtaireacht seo tráth a bhfuil an tAontas diongbháilte éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú go mór, agus diongbháilte go mbeidh a stoc foirgneamh neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Mar chuid den sprioc sin, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sláinte a bhaineann le nochtadh d’aispeist chun an t‑aistriú glas a bhaint amach lena gcuirtear an tsláinte phoiblí agus dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre ina chroílár.

Iarrann an Coimisiún ar institiúidí uile an Aontais, ar na Ballstáit, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar pháirtithe leasmhara eile dlús a chur leis an ngníomhaíocht chun Aontas Eorpach atá saor ó aispeist a bhaint amach do na glúine atá ann faoi láthair agus do na glúine atá le teacht.

(1)

      https://monographs.iarc.who.int/wp-content/uploads/2018/06/mono100C-11.pdf  

(2)

      WHO/ILO Joint Estimates of the Work-related Burden of Disease and Injury [Meastacháin Chomhpháirteacha ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair ar an Ualach Galair agus Díobhála a bhaineann leis an Obair]

(3)

     Lassen, C. and Christens, F. (COWI); Vencovska, J; Vencovsky, D. agus Garrett, S. (RPA), Schnekider, K. agus Dilger, M. (FoBiG). 2021. Staidéar maidir le faisnéis faoi shubstaintí a bhailiú d’fhonn anailís a dhéanamh ar na tionchair shláinte, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil i ndáil le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir 98/24/CE (Oibreáin Cheimiceacha) agus ar Threoir 2009/148/CE (Aispeist). Tuarascáil chríochnaitheach maidir leis an aispeist.

Sonraí ó bhunachar sonraí 2019 Global Burden of Diseases, Injuries, and Risk Factors Study 2019 [an Staidéar maidir le hUalach Domhanda Galar, Gortuithe agus Fachtóirí Riosca].

(4)

     Srianta maidir le húsáid croicidilíte ó Threoir 83/478 ón gComhairle lena dtugtar isteach srianta maidir le haispeist isteach i dTreoir 76/769/CEE https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:31987L0217&from=EN agus https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:31976L0769&from=en  

(5)

     Srianta ar úsáid crisitíle, amaisíte, antaifillíte, achtainilíte agus treimilíte, i mbréagáin, i dtáirgí le haghaidh spraeála nó i bhfoirm púdair, i bhfeistí inslithe, i bpéinteanna agus i vearnaisí, Treoir 85/610 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:31985L0610&from=EN

(6)

     Croicidilít, Amaisít, Antaifillít, Achtainilít agus Treimilít.

(7)

     Gairis, péinteanna agus vearnaisí áirithe, scagairí le haghaidh leachtanna, ábhar foréadanaithe bóthair, líontóirí agus séaltán, ábhar inslithe nó fuaimdhíonta ísealdlúis, scagairí aeir agus scagairí le haghaidh gáis, fobhrat le haghaidh clúdaigh phlaisteacha urláir agus balla, teicstílí (seachas eisceacht shealadach i gcás scannán) agus feilt dín.

(8)

     Treoir 1999/77/CE ag a bhfuil an sprioc-am trasuí an 1 Eanáir 2005 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:31999L0077&from=EN  

(9)

     Na rialuithe ar tháirgí a thagann isteach san Aontas maidir lena gcomhlíontacht le Rialachán REACH, rialaítear iad le Rialachán 2019/1020 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32019R1020&from=EN

(10)

     COM(2021) 44 final https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:8dec84ce-66df-11eb-aeb5-01aa75ed71a1.0002.02/DOC_1&format=PDF  

(11)

     COM(2021) 400 final https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:a1c34a56-b314-11eb-8aca-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF  

(12)

      https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:b828d165-1c22-11ea-8c1f-01aa75ed71a1.0002.02/DOC_1&format=PDF  

(13)

      https://ec.europa.eu/energy/sites/ener/files/eu_renovation_wave_strategy.pdf

(14)

     Tá an líon sin bunaithe ar na fógraí reatha, an treocht mhéadaitheach maidir le méid na dramhaíola ina bhfuil aispeist, líon na n-oibrithe deimhnithe agus saolré na n-ábhar stroighne aispeiste (70-80 % d’aispeist san Aontas). Foinse: RPA (2021) staidéar seachtrach, féach fonóta 3

(15)

      https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0427_EN.html

(16)

      https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/opinions-information-reports/opinions/freeing-eu-asbestos#:~:text=The%20EESC%20encourages%20the%20EU%20to%20work%20with,States%20should%20be%20encouraged%20to%20develop%20such%20registers  

(17)

      https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/opinions-information-reports/opinions/working-asbestos-energy-renovation-own-initiative-opinion  

(18)

      https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/annex_0.pdf  

(19)

I measc na SDGanna sonracha tá dea-shláinte agus dea-bhail (SDG 3), obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch (SDG 8), tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar (SDG 9) agus táirgeadh agus tomhaltas freagrach (SDG 12).

(20)

     Is cineál ailse é méisitéilióma a fhorbraíonn ón tsraith tanaí fíocháin a chumhdaíonn go leor de na horgáin inmheánacha (ar a dtugtar an méisitéiliam).

(21)

     Burgers JA, Damhuis RA. Fachtóirí prognóiseacha i méisitéilióma urchóideach. Ailse scamhóg. 2004 mí Lúnasa; 45 Forlíonadh 1:S49-54. doi: 10.1016/j.lungcan.2004.04.012. PMID: 15261434.

(22)

      Staidreamh Eorpach um Ghalair Cheirde – Staidreamh turgnamhach – Eurostat (europa.eu)

(23)

      Sracfhéachaint ar an tsláinte: an Eoraip 2020: Staid na sláinte i dtimthriall an Aontais  

(24)

     Féach fonóta 10

(25)

  Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cosc a neartú trí luathbhrath: Cur chuige nua maidir le scagthástáil ailse CR 2003/878/CE (europa.eu) an 20 Meán Fómhair 2022

(26)

      WHO/ILO Joint Estimates of the Work-related Burden of Disease and Injury [Meastacháin Chomhpháirteacha ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair ar an Ualach Galair agus Díobhála a bhaineann leis an Obair]  

(27)

     Méisitéilióma (7 510 bás), ailse ubhagáin (2 032), ailse thraicéach, broncais agus scamhóg (61 035) agus ailse larainge (1 173). Staidéar seachtrach RPA (2021), féach fonóta 3, sonraí ó bhunachar sonraí 2019 Global Burden of Diseases, Injuries, and Risk Factors Study.

(28)

     Moladh 2003/670/EC ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2003 maidir leis an Sceideal Eorpach ar Ghalair Cheirde (IO L 238, 25.9.2003, lch. 28). IO L 238, 25.9.2003, lch. 36. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32003H0670&from=EN  

(29)

     Is iad seo a leanas na galair cheirde a bhaineann le haispeist a áirítear faoi láthair in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh: aispeastóis; méisitéilióma tar éis deannach aispeiste a ionanálú; aimhréidh aispeiste i bhfoirm ailse broincigh, galar fiobróise an phleora, le srianadh riospráide, arb í aispeist is cúis leo; agus ailse scamhóg tar éis deannach aispeiste a ionanálú.

(30)

     Is í ailse cheirde, lena mbaineann sciar 52 %, an phríomhchúis le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas Eorpach, os cionn tinnis imshruthaithe (24 %) agus gortuithe (2 %) agus gach cúis eile (22 %). De réir sonraí ó 2017, dá bhrí sin AE27+RA. https://visualisation.osha.europa.eu/osh-costs#!/  

(31)

    https://ec.europa.eu/eurostat/web/experimental-statistics/european-occupational-diseases-statistics  

(32)

     COM(2021) 323 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021DC0323  

(33)

     An dara treoir aonair de réir bhrí Airteagal 8 de Threoir 80/1107/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’oibreáin cheimiceacha, fhisiceacha agus bhitheolaíocha ag an obair (IO L 263, 24.9.1983, lch. 25).

(34)

     IO L 158, 30.4.2004, lch. 50. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:02004L0037-20140325&from=EN  

(35)

     Féach meastóireacht ex post 2017 ar Threoracha an Aontais maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX:52017SC0010  

(36)

     Tá an staidéar tacaíochta meastóireachta ar fáil: https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=17060&langId=en  

(37)

     Mura ndéantar aon bheart ar leibhéal an Aontais, agus gan ach na gairmeacha beatha ina dtarlaíonn nochtadh d’aispeist faoi láthair á gcur san áireamh, meastar go bhfeicfear 884 chás d’ailse cheirde sna 40 bliain amach romhainn in AE-27. Tuartar freisin go bhfaighidh 707 n-oibrí bás de dheasca ailse ar nochtadh ceirde d’aispeist is cúis léi le linn na tréimhse céanna. Maidir le costais sláinte, meastar go mbeidh costas idir EUR 228 agus 438 milliún ag baint le cásanna ailse.

(38)

     Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar mhodheolaíochtaí tomhais, féach tuairim Choiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán https://echa.europa.eu/documents/10162/30184854/OEL_asbestos_Final_Opinion_en.pdf/cc917e63-e0e6-e9cd-86d2-f75c81514277  

(39)

     Féach https://osha.europa.eu/en/facts-and-figures/workers-exposure-survey-cancer-risk-factors-europe chun níos mó faisnéise a fháil. Déanfar an suirbhé ar dtús i rogha de shé Bhallstát de chuid an Aontais, rogha a bheidh ionadaíoch a bheag nó a mhór, lena gcumhdófar 24 fhachtóir riosca ailse, lena n-áirítear rioscaí ceimiceacha agus fisiceacha. Tá coinne leis na chéad torthaí in 2023.

(40)

I measc na saintréithe a ndearnadh anailís orthu tá inscne, aois, tír bhreithe, slí bheatha, earnáil gníomhaíochta, méid na cuideachta, méid an ionaid oibre, stádas gairmiúil, cineál conartha agus uaireanta oibre seachtainiúla.

(41)

     Maduta, C., Kakoulaki, G., Zangheri, P., Bavetta, M., Towards energy efficient and asbestos-free dwellings through deep energy renovation, [I dtreo teaghaisí atá fuinneamhéifeachtúil agus nach bhfuil aispeist iontu trí athchóiriú fuinnimh domhain], JRC129218, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC129218  

(42)

     Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip. Féach fonóta 13.

(43)

41 E.g., tíleanna dín mhaoil, painéil aghaidhe mhóra agus bheaga, painéil síleála agus balla, cosaint teasa agus fuaime in aghaidh dóiteáin agus comhdhlúthúcháin ar bhíomaí, doirse agus geataí atá díonach ar dheatach, áitheanna, coirí agus suiteálacha ardteochta etc.

(44)

     Miondealaítear i bhFigiúr 1 tomhaltas aispeiste in aghaidh na bpríomhthréimhsí foirgníochta fhoirgnimh an Aontais. Tá an meastachán bunaithe ar tomhaltas dealraitheach aispeiste idir 1920 agus 2003 (Virta, 2006) agus ar chéatadán na haispeiste aimhe a úsáidtear in ábhair thógála a shainaithnítear sa litríocht; níor tuairiscíodh aon fhigiúirí maidir le tomhaltas aispeiste i gcás Mhálta. Modheolaíocht iomlán i dtagairt 40.

(45)

     Féach fonóta 41.

(46)

     Féach fonóta 41.

(47)

     Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh don aispeist ag an obair, IO L 330, 16.12.2009, lch. 28. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32009L0148&from=EN  

(48)

     Féach fonóta 41.

(49)

      https://www.legifrance.gouv.fr/download/pdf?id=LykGmH7vMb-yJKNXCJ9VQ3z9fiEK5Q9jlNDoaaUnwUM=  

(50)

      https://www.legifrance.gouv.fr/download/pdf?id=uE3o2iaLz4ujX46N5eNQWUANnUy9niNepuHoD-nISzQ= a leasaíodh in 2020 https://www.legifrance.gouv.fr/download/pdf?id=TtFjMCu9CIzP1bhSZJIVTvpNRp6cu4pAD6cG41mJnZw=  

(51)

     Féach fonóta 41.

(52)

      https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:0638aa1d-0f02-11eb-bc07-01aa75ed71a1.0003.02/DOC_2&format=PDF  

(53)

      https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:c51fe6d1-5da2-11ec-9c6c-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF  

(54)

      https://ec.europa.eu/environment/topics/circular-economy/levels_en  

(55)

     Féach Eurostat, 2018     https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Waste_statistics#Total_waste_generation

(56)

     Faoi Airteagal 2(b) de Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl ‘foirgnimh atá nasctha go buan leis an talamh’, eisiatar ó raon feidhme na Treorach iad ós rud é nach meastar gur dramhaíl iad.

(57)

     Féach Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl agus Cinneadh 2000/532/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola.

(58)

      https://ec.europa.eu/docsroom/documents/20509/  

(59)

      https://ec.europa.eu/growth/news/eu-construction-and-demolition-waste-protocol-2018-09-18_en  

(60)

     Maidir le gloiniú, mar shampla, lena dtiontaítear aispeist ina hábhair mhianracha thámha a d’fhéadfadh a bheith in-athchúrsáilte, tá sé an-teoranta ar scála tionsclaíoch, agus tá sí an-dian ar fhuinneamh. Mar shampla, baineann gléasra na cuideachta INERTAM, sa Fhrainc, úsáid as teicneolaíocht tóirse phlasmaigh lena ngloinítear dramhaíl aispeiste, a shroicheann teocht suas le 1 600 °C, a ghineann tomhaltas fuinnimh an-ard agus tionchar gaolmhar ar an aeráid.

(61)

     Le Cinneadh 2003/33/EC ón gComhairle leagtar síos ceanglais maidir le haispeist a dhiúscairt go sábháilte i líonadh talún agus le Treoir 1999/31/CEE maidir le líonadh talún le dramhaíl foráiltear maidir le nósanna imeachta íosta rialaithe agus faireacháin atá le cur i gcrích go tréimhsiúil ar an láithreán.

(62)

     Is ord tosaíochta maidir le bainistiú dramhaíola é ord na réiteach dramhaíola, mar a leagtar amach in Airteagal 4 den Treoir Réime Dramhaíola, lena léirítear cur chuige ginearálta faoi dhlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola. San ordlathas leagtar amach cúig bhealach a d’fhéadfaí dul i ngleic le dramhaíl agus tugtar tosaíocht do na bearta sin mar seo a leanas: 1) Cosc; 2) Ullmhú le haghaidh athúsáide; 3) Athchúrsáil; 4) Aisghabháil eile, e.g. aisghabháil fuinnimh; agus 5) Diúscairt. Is é is príomhchuspóir dó éifeachtaí díobhálacha comhshaoil ó dhramhaíl a íoslaghdú agus éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú agus a bharrfheabhsú i mbainistiú dramhaíola agus i mbeartas dramhaíola. (A glacadh as Treoir 2012 maidir le léirmhíniú ar phríomhfhorálacha Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl https://ec.europa.eu/environment/pdf/waste/framework/guidance_doc.pdf ).

(63)

      https://ec.europa.eu/european-social-fund-plus/ga  

(64)

      https://ec.europa.eu/regional_policy/en/funding/erdf/  

(65)

     U.S. Geological Survey, Mineral Commodity Summaries, mí Eanáir 2022.

(66)

      http://www.pic.int/TheConvention/Overview/TextoftheConvention/tabid/1048/language/en-US/Default.aspx  

(67)

Tá córais sláinte athléimneacha agus seasamh domhanda an cheannródaí maidir le caighdeáin a shocrú, lena n-áirítear maidir le cearta ag an obair, i measc na 10 gcolún de neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa – féach COM/2021/750 final.

(68)

Féach fonóta 3

(69)

     COM(2022) 71 final https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:52022PC0071&from=EN  

(70)

     Rannchuidíonn an tAontas le Vision Zero Fund (VZF) na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) trí mhaoiniú EUR 1.8 milliún a chur ar fáil ó Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), ar tionscadal é a bhfuil sé d’aidhm aige Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a fheabhsú sa slabhra soláthair domhanda. Maoiníonn sé freisin le EUR 0.5 milliún an tionscadal ‘Na bearnaí sonraí agus eolais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair i slabhraí soláthair domhanda a líonadh chun samhail na freagrachta comhroinnte a neartú’. Tá sé d’aidhm ag an tionscadal a áirithiú go mbeidh eolas inghníomhaithe ar shábháilteacht agus sláinte ag an obair agus ar shlabhraí soláthair domhanda ar fáil chun tacú le tionsclaíocht, le cinnteoireacht na bpáirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha agus chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt straitéisí ar fud an tionscail d’fhonn aghaidh a thabhairt go hinbhuanaithe ar na dúshláin maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair is leanúnaí. Soláthraíonn an tionscadal sonraí atá cothrom le dáta agus imdhealaithe de réir gnéis maidir le minicíocht tionóiscí, gortuithe agus galar atá marfach agus neamhmharfach ag an obair i dtíortha thionscadal VZF.