An Bhruiséil,19.5.2022

COM(2022) 234 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

2022 Scórchlár Ceartais AE


   1.    Réamhrá

Is fíor‑riachtanach iad córais cheartais éifeachtacha chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus chun tacú leis an smacht reachta agus na luachanna eile ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe agus atá i gcoitinn ag na Ballstáit. Is iad na cúirteanna náisiúnta a fheidhmíonn mar chúirteanna an Aontais agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm. Is iad na cúirteanna náisiúnta sa chéad ásc a áirithíonn go bhforfheidhmítear na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach i ndlí an Aontais ar bhealach éifeachtach (Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)).

Ina theannta sin, tá na córais cheartais éifeachtacha fíor‑riachtanach freisin don iontaoibh fhrithpháirteach agus chun feabhas a chur ar an aeráid infheistíochta agus ar inbhuanaitheacht an fháis fhadtéarmaigh. Sin é an fáth go mbíonn feabhas a chur le héifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas na gcóras ceartais náisiúnta fós ar cheann de na tosaíochtaí ag an Seimeastar Eorpach – timthriall bliantúil an Aontais um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. Suirbhé bliantúil 2022 maidir le fás inbhuanaithe ( 1 ), ina leagtar amach na tosaíochtaí den bheartas eacnamaíoch agus fostaíochta le haghaidh an Aontais, ina ndeimhnítear an nasc atá ann idir córais cheartais éifeachtacha agus timpeallacht ghnó na mBallstát. Is féidir le córais cheartais atá ag feidhmiú go maith agus ag a bhfuil neamhspleáchas iomlán tionchar dearfach a imirt ar an infheistíocht, agus is ríthábhachtach iad chun an infheistíocht a chosaint, agus is amhlaidh dá réir a rannchuidíonn siad leis an táirgiúlacht agus leis an iomaíochas. Baineann tábhacht leo freisin chun forfheidhmiú trasteorann éifeachtach conarthaí, cinntí riaracháin agus réiteach díospóidí a áirithiú, rud atá fíor‑riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh aonair ( 2 ).

Sa chomhthéacs sin, is le Scórchlár Ceartais AE a thugtar forbhreathnú bliantúil ar tháscairí a dhírítear ar pharaiméadair fhíor‑riachtanacha na gcóras ceartais éifeachtach:

·éifeachtúlacht;

·cáilíocht;

·neamhspleáchas.

Déantar tuilleadh forbartha i Scórchlár 2022 ar na táscairí le haghaidh na dtrí ghné uile, lena n‑áirítear maidir le hinrochtaineacht ar cheartas le haghaidh daoine faoi mhíchumais, agus arís maidir le digitiú an cheartais, a d’imir ról mór chun na cúirteanna a choinneáil ag feidhmiú le linn phaindéim COVID‑19, agus ar bhonn ginearálta chun córais cheartais éifeachtúla agus inrochtana a chur chun cinn ( 3 ). Neartaíonn an t‑eagrán seo an diminsean gnó ar gach ceann de na trí ghné trí shonraí nua a áireamh maidir le héifeachtúlacht riaracháin, coimircí dlíthiúla i ndáil le cinntí riaracháin agus muinín i gcosaint infheistíochta. Ar deireadh, cuirtear in iúl den chéad uair i Scórchlár 2022 éifeachtaí na paindéime COVID‑19 ar éifeachtúlacht na gcóras ceartais.

 Sásra Eorpach an Smachta Reachta

Mar a fógraíodh i dtreoirlínte polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen, bhunaigh an Coimisiún Sásra cuimsitheach Eorpach an Smachta Reachta chun a chuid faireacháin ar an gcás sna Ballstáit a dhoimhniú. Feidhmíonn Sásra an Smachta Reachta mar uirlis choisctheach, lena ndoimhnítear an t‑idirphlé agus an chomhfheasacht faoi cheisteanna i ndáil leis an smacht reachta. Ag croílár an tSásra nua, tá an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta, ina dtugtar achoimre ar fhorbairtí suntasacha – idir fhorbairtí dearfacha agus diúltacha – i ngach aon Bhallstát agus san Aontas trí chéile. Sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2021, a foilsíodh an 20 Iúil 2021, tarraingíodh ar éagsúlacht foinsí, ina measc Scórchlár Ceartais AE( 4 ) . Thairis sin, mar a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina hAitheasc ar Staid an Aontais 2021, áireofar le Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta moltaí chuig na Ballstáit. Táthar tar éis tuilleadh forbartha a dhéanamh freisin ar Scórchlár Ceartais AE 2022 chun an gá le haghaidh faisnéis chomparáideach bhreise a léiriú, mar a aithníodh le linn ullmhú Thuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta, chun tacú le tuarascálacha amach anseo maidir leis an Smacht Reachta.

Cad é Scórchlár Ceartais AE?

Is uirlis bhliantúil d’fhaisnéis chomparáideach é Scórchlár Ceartais AE. Is é an cuspóir atá leis cúnamh a thabhairt don Aontas agus do na Ballstáit feabhas a chur ar éifeachtacht a gcóras ceartais náisiúnta trí bhíthin sonraí oibiachtúla, iontaofa agus inchomparáide a chur ar fáil maidir le roinnt táscairí is ábhartha do mheasúnú ar (i) éifeachtúlacht, (ii) cáilíocht agus (iii) neamhspleáchas na gcóras ceartais i ngach Ballstát. Ní thugtar rangú aonair foriomlán ann. Tugtar forbhreathnú ann ina ionad sin ar an gcaoi a bhfeidhmíonn gach córas ceartais de chuid na mBallstát, ar bhonn táscairí lena mbaineann leas coiteann agus ábharthacht do gach Ballstát.

Ní chuirtear aon chineál córais ceartais chun cinn sa Scórchlár féin, agus caitear le gach Ballstát ar bhonn cothrom.

Is paraiméadair fhíor‑riachtanacha de chóras ceartais éifeachtach iad an éifeachtúlacht, an cháilíocht agus an neamhspleáchas, cibé samhail den chóras ceartais náisiúnta atá ann nó den traidisiún dlí ar a bhfuil sé bunaithe. Ba cheart na figiúirí i leith na bparaiméadar sin a léamh in éineacht, óir is minic a bhíonn na trí cinn uile idirnasctha le chéile (d’fhéadfadh tionscnaimh a bheadh dírithe ar cheann amháin acu difear a dhéanamh do cheann eile).

Is sa Scórchlár a thugtar táscairí den chuid is mó a bhaineann le cásanna sibhialta, tráchtála agus riaracháin, chomh maith le cásanna coiriúla áirithe (i.e. cásanna i dtaca leis an sciúradh airgid sna cúirteanna céadchéime), faoi réir infhaighteacht sonraí, chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí timpeallacht níos éifeachtúla a chruthú atá fabhrach d’infheistíochtaí, don lucht gnó, agus do shaoránaigh. Is uirlis chomparáideach é an Scórchlár ar a dtagann athrú le linn idirphlé le Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa ( 5 ). Is é an cuspóir atá leis na paraiméadair fhíor-riachtanacha de chóras ceartais éifeachtach a shainaithint agus sonraí bliantúla ábhartha a sholáthar.

Cad í an mhodheolaíocht a úsáidtear i Scórchlár Ceartais AE?

Úsáidtear réimse foinsí faisnéise sa Scórchlár. Is ón gCoimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais de chuid Chomhairle na hEorpa, ar chuir an Coimisiún conradh i gcrích leis chun staidéar bliantúil sonrach a dhéanamh, a sholáthraítear go leor de na sonraí cainníochtúla. Cumhdaítear na blianta 2012-2020 leis na sonraí, agus ba iad na Ballstáit a sholáthair iad i gcomhréir le modheolaíocht CEPEJ. Soláthraítear barúlacha mionsonraithe agus bileoga eolais tír‑shonracha sa staidéar freisin lena dtugtar comhthéacs breise. Ba cheart iad a léamh in éineacht leis na figiúirí ( 6 ).

Taispeántar an ‘t‑aga diúscartha’ sna sonraí maidir le fad na n‑imeachtaí a bhailigh CEPEJ – fad ríofa na n‑imeachtaí cúirte (bunaithe ar chóimheas idir cásanna ar feitheamh agus cásanna fuascailte). Taispeántar sna sonraí maidir le héifeachtúlacht na gcúirteanna agus na n‑údarás riaracháin chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i limistéir shonracha fad na n‑imeachtaí a dhíorthaítear ó fhad iarbhír na gcásanna cúirte. Tabhair faoi deara go bhféadfadh fad na n‑imeachtaí cúirte a bheith éagsúil go mór idir ceantair laistigh de Bhallstát, go háirithe sna lárionaid uirbeacha mar a bhféadfadh líon cásanna níos airde eascairt as gníomhaíochtaí tráchtála.

Is iad seo na foinsí sonraí eile, a chumhdaíonn an tréimhse idir 2012 agus 2021: an grúpa teagmhálaithe ar chórais cheartais náisiúnta ( 7 ), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (ENCJ) ( 8 ), Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach (NPSJC) ( 9 ), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas‑Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh (ACA‑Europe) ( 10 ), Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE)( 11 ), an Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN) ( 12 ), an Coiste Cumarsáide (COCOM)( 13 ), an Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla ( 14 ), an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CPC) ( 15 ), an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (EGMLTF) ( 16 ), Eurostat ( 17 ), agus an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (EJTN)( 18 ).

Le himeacht na mblianta, táthar tar éis modheolaíocht an Scórchláir a fhorbairt agus a mhionchoigeartú i ndlúthchomhar le grúpa theagmhálaithe na mBallstát maidir le córais cheartais náisiúnta, go háirithe trí cheistneoir (arna nuashonrú ar bhonn bliantúil) agus trí shonraí a bhailiú maidir le gnéithe áirithe d’fheidhmiú na gcóras ceartais.

Tá feabhas á chur go leanúnach ar infhaighteacht na sonraí, go háirithe le haghaidh táscairí maidir le héifeachtúlacht na gcóras ceartais. Is é an fáth leis sin gur infheistigh go leor Ballstát ina n‑acmhainneacht chun staidreamh breithiúnach níos fearr a tháirgeadh. I gcás inarb ann do dheacrachtaí le sonraí a bhailiú nó a sholáthar ar bhonn seasmhach, is de bharr acmhainneacht staidrimh uireasach é sin, nó toisc nach gcomhfhreagraíonn na catagóirí náisiúnta dá mbailítear sonraí go díreach do na catagóirí a úsáidtear le haghaidh an Scórchláir. Níl ach líon fíorbheag cásanna ann ina dtagann an t‑easnamh sonraí ó easpa rannchuidithe ó údaráis náisiúnta. Coinníonn an Coimisiún air ag tabhairt spreagadh do na Ballstáit an t‑easnamh sonraí sin a laghdú a thuilleadh.

Cén chaoi a gcuireann Scórchlár Ceartais AE leis an Seimeastar Eorpach, agus cén chaoi a mbaineann sé leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)?

Is leis an Scórchlár a sholáthraítear na heilimintí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas na gcóras ceartais náisiúnta. Is le déanamh amhlaidh atá sé d’aidhm aige cuidiú le Ballstáit a gcórais cheartais náisiúnta a chur ar bhonn níos éifeachtaí. Trí chomparáid a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le córais cheartais na mBallstát, éascaíonn an Scórchlár do shainaithint an dea‑chleachtais agus na laigí, agus do rian a choinneáil ar na dúshláin agus ar an dul chun cinn atá déanta. I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, déantar measúnuithe a bhaineann go sonrach le tír trí idirphlé déthaobhach leis na húdaráis náisiúnta agus leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann. I gcás ina bhfuil tábhacht mhaicreacnamaíoch leis na heasnaimh a sainaithníodh, d’fhéadfadh an Coimisiún moladh a dhéanamh de thoradh na hanailíse ar an Seimeastar Eorpach maidir le moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a ghlacadh chun feabhas a chur ar na córais cheartais náisiúnta i mBallstáit aonair ( 19 ). Cuirfidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta níos mó ná EUR 670 billiún in iasachtaí agus i dtacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha ar fáil, agus ba ghá do gach Ballstát íosmhéid de 20 % de sin a leithdháileadh ar an aistriú digiteach. Tairgeann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta deis chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a bhaineann le córais cheartais náisiúnta agus chun dlús a chur le hiarrachtaí náisiúnta chun aistriú digiteach na gcóras ceartais a chur i gcrích. Maidir le híocaíochtaí leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneacha atá bunaithe ar fheidhmíocht, tá siad ag brath ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna. Sa chomhthéacs sin, ní mór don Choimisiún dá bhrí sin measúnú leanúnach a dhéanamh ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát chun feidhme go sásúil chun rannchuidiú go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile nó ar roinnt mhaith dúshlán a sainaithníodh sna moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith nó na dúshláin a sainaithníodh i ndoiciméid ábhartha eile de chuid an Choimisiúin a glacadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh ( 20 ).

Cén fáth a bhfuil córais cheartais éifeachtacha tábhachtach do thimpeallacht ghnó atá fabhrach d’infheistíocht?

Bíonn tionchar eacnamaíoch dearfach ag córais cheartais éifeachtacha a sheasann leis an smacht reachta, rud atá ábhartha go háirithe i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. I gcás ina ráthaíonn córais bhreithiúnacha forfheidhmiú cearta, agus nuair a ráthaíonn siad cearta, is mó an seans go dtabharfaidh creidiúnaithe iasachtaí, beidh muinín níos airde ag gnólachtaí agus díspreagtar iad ó bheith ag gabháil d’iompraíocht faille, laghdaítear costais idirbhirt agus is mó seans go ndéanfaidh gnólachtaí nuálacha infheistíochtaí. Go deimhin, tá córas ceartais éifeachtach fíor‑riachtanach d’fhás eacnamaíoch inbhuanaithe. Tá sé in ann feabhas a chur ar chúinsí gnó, an nuálaíocht a chothú, infheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh, ioncaim chánach a fháil agus tacú le fás eacnamaíoch. Deimhnítear na tairbhí atá ag baint le córais cheartais náisiúnta a fheidhmíonn go maith le raon leathan staidéar agus litríocht acadúil, lena n‑áirítear staidéir agus litríocht ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ( 21 ), ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ( 22 ), ó Ghréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna ( 23 ), ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) ( 24 ), ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda ( 25 ), agus ón mBanc Domhanda ( 26 ).

Fuarthas i staidéar nuair a dhéantar laghdú 1 % ar fhad imeachtaí cúirte (arna dtomhas in aga diúscartha ( 27 )) go bhféadfaí ráta fáis roinnt cuideachtaí a mhéadú ( 28 ), agus gur gnách le céatadán níos airde – de 1 % – de chuideachtaí a fhéachann ar an gcóras ceartais mar chóras neamhspleách a bheith bainteach le láimhdeachas níos airde gnólachtaí agus le méadú táirgiúlachta níos mó ( 29 ). Léiríodh i staidéar eile go bhfuil comhchoibhneas dearfach idir neamhspleáchas breithiúnach mar a shamhlaítear é agus sreafaí infheistíochta dírí coigríche ( 30 ). 

Cuireadh i dtábhacht i roinnt suirbhéanna freisin an tábhacht atá le héifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta do chuideachtaí. I suirbhé amháin, d’fhreagair 93 % de chuideachtaí móra mar shampla go ndéanann siad athbhreithniú córasach agus leanúnach ar na coinníollacha maidir leis an smacht reachta (lena n‑áirítear neamhspleáchas na cúirte) sna tíortha ina ndéanann siad infheistíocht ( 31 ). I suirbhé eile, d’fhreagair os cionn leath de na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go raibh an costas agus fad iomarcach na n‑imeachtaí breithiúnacha, faoi seach, i measc na bpríomhchúiseanna nár tionscnaíodh imeachtaí cúirte mar gheall ar an sárú ar chearta maoine intleachtúla ( 32 ). I dTeachtaireacht an Choimisiúin maidir le Bacainní ar an margadh aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ( 33 ) agus Plean Gníomhaíochta um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair ( 34 ) tugtar léargais freisin ar an tábhacht atá le córais cheartais éifeachtacha le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh aonair, go háirithe do ghnólachtaí.

Conas a thacaíonn an Coimisiún le cur chun feidhme na n‑athchóirithe ceartais fónta trí thacaíocht theicniúil?

Is féidir leis na Ballstáit tarraingt ar thacaíocht theicniúil an Choimisiúin atá ar fáil tríd an ArdStiúrthóireacht maidir le Tacaíocht um Athchóiriú Struchtúrach faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ( 35 ), ag a bhfuil buiséad iomlán EUR 864.4 milliún ó 2021 go 2027. Ó bhí 2021 ann, tá an Ionstraim ag tacú le tionscadail atá nasctha go díreach le héifeachtacht an cheartais, amhail digitiú an cheartais, athchóirithe ar léarscáileanna breithiúnacha nó rochtain níos fearr ar an gceartas. Comhlánaíonn an Ionstraim na bearta a mhol an Coimisiún freisin chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID‑19, eadhon an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ó tharla go bhfuil sé in ann tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun a gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus a chur chun feidhme. Áirítear leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta gníomhaíochtaí, i measc nithe eile, a bhaineann leis an gceartas a dhéanamh níos éifeachtaí: digitiú an ceartas, laghdú ar riaráistí, agus feabhas a chur ar bhainistíocht cúirteanna agus cásanna.

Conas a thacaíonn an clár ceartais le héifeachtacht na gcóras ceartais?

Le buiséad iomlán EUR 305 milliún don tréimhse 2021-2027, tacaíonn an clár Ceartais le forbairt bhreise an Limistéir Eorpaigh Ceartais bunaithe ar an smacht reachta, lena n‑áirítear neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht an chórais ceartais, bunaithe ar aitheantas frithpháirteach agus iontaoibh fhrithpháirteach, agus ar chomhar breithiúnach. In 2021, soláthraíodh thart ar EUR 45.3 milliún chun tionscadail agus gníomhaíochtaí eile a chistiú faoi thrí chuspóir shonracha an chláir:

·Soláthraíodh EUR 12.2 milliún chun an comhar breithiúnach a chur chun cinn in ábhair shibhialta agus choiriúla agus chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm agus le forfheidhmiú éifeachtach agus comhleanúnach ionstraimí an Aontais Eorpaigh chomh maith le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit de bharr an naisc atá acu leis an gcóras ECRIS-TCN,

·Soláthraíodh EUR 17.7 milliún mar thacaíocht chun oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais maidir leis an dlí sibhialta agus coiriúil agus an dlí maidir le cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus maidir le córais dlí na mBallstát agus an smacht reachta,

·Soláthraíodh EUR 15.4 milliún mar thacaíocht d’fhorbairt agus d’úsáid uirlisí digiteacha i gcomhlántacht leis an gClár don Eoraip Dhigiteach chomh maith le cothabháil agus síneadh na Tairsí Eorpaí don Cheartas.

Cén fáth a ndéanann an Coimisiún faireachán ar dhigitiú na gcóras ceartais náisiúnta?

Is rud lárnach é digitiú an cheartais chun éifeachtacht na gcóras ceartais a mhéadú agus is uirlis fíor‑éifeachtúil é chun rochtain ar an gceartas a fheabhsú agus a éascú. Cuireadh béim le linn phaindéim COVID-19 ar an ngá atá ann do na Ballstáit dlús a chur le hathchóirithe i gcomhair nuachóiriú sa réimse seo.

Ó bhí 2013 ann, d’áirigh Scórchlár Ceartais AE faisnéis chomparáideach áirithe maidir le digitiú an cheartais ó Bhallstát go chéile, mar shampla sna réimsí a bhaineann le rochtain ar líne ar bhreithiúnais nó éilimh ar líne a chur isteach agus bearta leantacha.

I dTeachtaireacht an Choimisiúin maidir le Digitalisation of justice in the European Union – A toolbox of opportunities( 36 ) [Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach – Bosca uirlisí deiseanna], a glacadh i mí na Nollag 2020, cuirtear straitéis i láthair arb é is aidhm di feabhas a chur ar rochtain ar an gceartas agus ar éifeachtacht na gcóras ceartais ag úsáid na teicneolaíochta. Mar a leagadh amach sa Teachtaireacht, áiríodh roinnt táscairí breise i Scórchlár Ceartais AE ó 2021 ar aghaidh. Is é an aidhm a áirithiú go ndéanfar faireachán cuimsitheach agus caoithiúil ar réimsí dul chun cinn agus ar dhúshláin a bhí os comhair na mBallstát ina gcuid iarrachtaí i dtreo dhigitiú a gcórais cheartais.

2.    Comhthéacs: Forbairtí in athchóirithe ceartais in 2021

In 2021, lean líon mór Ballstát dá gcuid iarrachtaí tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtacht a gcórais cheartais. Cuirtear i láthair i bhFíor 1 forbhreathnú nuashonraithe de bhearta a glacadh agus de bhearta atá beartaithe thar réimsí éagsúla córas ceartais i mBallstáit atá ag gabháil d’athchóiriú a gcórais cheartais.

Fíor 1: Gníomhaíocht reachtach agus rialála maidir le córais cheartais in 2021 (bearta/tionscnaimh a glacadh faoi chaibidlíocht i ngach Ballstát) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 37 )) In 2021, díríodh go leanúnach ar an dlí nós imeachta mar réimse dar tugadh fócas ar leith i mórán Ballstát, le líon suntasach gníomhaíochta reachtaí leanúnaí nó beartaithe. Rinneadh obair thábhachtach freisin ar athchóirithe a bhain le stádas breithiúna agus na rialacha do dhlíodóirí. Bhí roinnt Ballstát ar tí reachtaíocht a thabhairt isteach maidir le húsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ina gcórais cheartais. Leanadh den mhóiminteam ó bhlianta roimhe sin maidir le bearta a bhain le riar na gcúirteanna in 2021. Tá roinnt Ballstát ag gabháil go gníomhach cheana féin don intleacht shaorga a úsáid ina gcórais cheartais nó tá sé beartaithe acu é sin a dhéanamh. Deimhnítear leis an bhforbhreathnú go dteastaíonn am – roinnt blianta uaireanta – ó athchóirithe ar an gceartas – ó fhógraítear iad, go dtí go nglactar na bearta reachtacha agus rialála agus go gcuirtear chun feidhme iad ar an talamh.

Cruthaíodh dúshláin nua freisin le paindéim COVID-19 inar cuireadh i dtábhacht an tábhacht atá le dlús a chur le hathchóirithe chun an córas ceartais a dhigitiú. Sa chomhthéacs sin, ghlac roinnt Ballstát bearta nua chun feidhmiú tráthrialta na gcúirteanna a áirithiú, agus rochtain leanúnach agus éasca ar an gceartas do chách a ráthú an tráth céanna, go háirithe trí oiriúnú rialacha nós imeachta. D’fhorbair Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas‑Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh (ACA‑Europe) ceistneoir inar scrúdaíodh an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíocht ghairmiúil na gcúirteanna uachtaracha. I measc na bhfreagróirí bhí na Cúirteanna Riaracháin Uachtaracha agus na Cúirteanna Uachtaracha (comhaltaí de Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach (NPSJC)). Gan scrúdú a dhéanamh ar na bearta substainteacha a rinneadh chun déileáil le paindéim COVID-19, cuirtear forbhreathnú nuashonraithe i láthair i bhFíor 2 maidir leis na hathruithe a rinneadh ar an dlí nós imeachta arna nglacadh ag na Ballstáit chun feidhmeanna breithiúnacha na gcúirteanna a éascú, trí reachtaíocht nua, trí rialuithe na Cúirte Uachtaraí, rialacháin chúirte nó cleachtais chúirte.

Fíor 2: Athruithe ar rialacha nós imeachta i gCúirteanna Uachtaracha i ngeall ar phaindéim COVID-19(foinse: Comhlachas Chomhairlí Stáit agus UasDlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh agus Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach ( 38 ))

 (*) Cumhdaítear an tréimhse idir mí na Nollag 2020 agus mí na Nollag 2021 sna sonraí. I gcás gach Ballstáit, léirítear sa cholún ar chlé na cleachtais sna Cúirteanna Uachtaracha, agus léirítear sa cholún ar dheis na cleachtais sna Cúirteanna Riaracháin Uachtaracha (colún atá marcáilte leis an litir ‘A’). Tá na Ballstáit le feiceáil in ord aibítre a gcuid ainmneacha tíreolaíocha sa bhunteanga. BE: Raad van State/Conseil d’Etat (An Chomhairle Stáit) agus Hof van Cassatie /Cour de Cassation (An Chúirt Uachtarach). BG: Върховен административен съд (An Chúirt Riaracháin Uachtarach). CZ: Nejvyšší správní soud (An Chúirt Riaracháin Uachtarach) agus Nejvyšší soud (An Chúirt Uachtarach). DE: Bundesverwaltungsgericht (An Chúirt Chónaidhme Riaracháin). EE: Riikohus (An Chúirt Uachtarach). IE: An Chúirt Uachtarach (An Chúirt Uachtarach). EL: Συμβούλιο της Επικρατείας (An Chomhairle Stáit). ES: Tribunal Supremo (An Chúirt Uachtarach). FR: Conseil d’Etat (An Chomhairle Stáit), Cour de Cassation (An Chúirt Uachtarach). HR: Visoki upravni (An Chúirt Riaracháin Uachtarach). IT: Consiglio de Stato (An Chomhairle Stáit). CY: An Chúirt Uachtarach. LV: Augstākā tiesa (An Chúirt Uachtarach). LT: Vyriausiasis Administracinis Teismas (An Chúirt Riaracháin Uachtarach). LU: Cour administrative (An Chúirt Riaracháin) Cour de Cassation (An Chúirt Uachtarach). HU: Kúria (An Chúirt Uachtarach). MT: An Chúirt Achomhairc. NL: Hoge Raad (An Chúirt Uachtarach), Centrale Raad van Beroep (an chúirt riaracháin is airde i gcásanna sóisialta), Raad van State (An Chomhairle Stáit). AT: Verwaltungsgerichtshof (An Chúirt Riaracháin Uachtarach), Personalsenat (painéal meastóireachta speisialta) na cúirte uachtaraí, Oberster Gerichtshof (An Chúirt Uachtarach). PL: Naczelny Sąd Administracyjny (An Chúirt Riaracháin Uachtarach). PT: Supremo Tribunal Administrativo (An Chúirt Riaracháin Uachtarach. RO: Înalta Curte de Casație și Justiție (An Chúirt Uachtarach). SI: Vrhovno sodišče (An Chúirt Uachtarach). SK: Najvyšší súd (An Chúirt Uachtarach). FI: Korkein hallinto-oikeus (An Chúirt Riaracháin Uachtarach). SE: Högsta förvaltningsdomstolen (An Chúirt Riaracháin Uachtarach). Ní bhfuarthas aon sonraí ó: BG: Върховен касационен съд (An Chúirt Uachtarach); HR: Vrhovni sud (An Chúirt Uachtarach); IT: Corte Suprema di Cassazione (An Chúirt Uachtarach); SE: Högsta domstolen (An Chúirt Uachtarach).



3.    Príomhthorthaí ó Scórchlár Ceartais AE 2022

Is iad éifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas na príomh‑pharaiméadair i gcóras ceartais éifeachtach, a gcuireann an Scórchlár táscairí i láthair do na trí cinn acu.

3.1. Éifeachtúlacht na gcóras ceartais

Cuirtear táscairí i láthair sa Scórchlár maidir le héifeachtúlacht na n‑imeachtaí i réimsí leathana mar chásanna sibhialta, tráchtála agus riaracháin agus i réimsí sonracha i gcás ina gcuireann údaráis agus cúirteanna riaracháin dlí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm ( 39 ).

Bhí tionchar ag na tosca sonracha a bhain le paindéim COVID‑19 ar fud an Aontais Eorpaigh leis na táscairí a bhain le héifeachtúlacht in 2020, go háirithe an líon cásanna a tháinig isteach, an ráta imréitigh agus an t‑aga diúscartha, rud a rinne difear ar bhealaí difriúla do na Ballstáit (e.g. i dtéarmaí uainíochta nó tromchúise)( 40 ).

3.1.1. Forbairtí maidir leis an líon cásanna

Tháinig laghdú ar líon cásanna na gcóras ceartais náisiúnta i roinnt Ballstát, i gcomparáid leis an mbliain roimhe, agus tháinig méadú air nó d’fhan sé cobhsaí i mBallstáit eile. Go foriomlán, tá éagsúlacht mhór i gcónaí idir na Ballstáit (Fíor 3). Is léir é sin nuair a fheictear chomh tábhachtach atá sé a bheith airdeallach i gcónaí ar fhorbairtí ar an líon cásanna chun éifeachtacht na gcóras ceartais a áirithiú.

Fíor 3: An líon cásanna sibhialta, tráchtála, riaracháin isteach agus cásanna eile isteach in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/in aghaidh 100 áitritheoir) (foinse: staidéar CEPEJ ( 41 ))

(*) Faoi mhodheolaíocht CEPEJ, áirítear leis an gcatagóir seo gach cás dlíthíoch agus neamhdhlíthíoch sibhialta agus tráchtála, gach cás neamhdhlíthíoch talún agus gnó ón gclárlann, seachas cásanna ón gclárlann, cásanna neamhdhlíthíocha eile, cásanna de dhlí an riaracháin agus cásanna neamhchoiriúla eile.

Fíor 4: An líon cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála isteach in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/in aghaidh 100 áitritheoir) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Faoi mhodheolaíocht CEPEJ, baineann cásanna dlíthíocha sibhialta/tráchtála le díospóidí idir páirtithe, e.g. díospóidí maidir le conarthaí. Baineann cásanna neamhdhlíthíocha sibhialta/tráchtála le himeachtaí nár conspóideadh, e.g. orduithe íocaíochta nár conspóideadh. Athruithe modheolaíochta in EL agus SK. Áirítear cásanna neamhdhlíthíocha sna sonraí le haghaidh NL.

Fíor 5: An líon cásanna riaracháin isteach in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/in aghaidh 100 áitritheoir) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Faoi mhodheolaíocht CEPEJ, baineann cásanna dlí an riaracháin le díospóidí idir daoine aonair agus údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta. Ní dhéanann DK agus IE taifead ar chásanna riaracháin ar leithligh. Baineadh roinnt nósanna imeachta riaracháin ón nós imeachta breithiúnach in RO in 2018. Athruithe modheolaíochta in EL, SK agus SE. In SE, áiríodh cásanna imirce faoi chásanna riaracháin (curtha i bhfeidhm go cúlghabhálach le haghaidh 2017).

 

3.1.2. Sonraí ginearálta maidir le héifeachtúlacht

Is iad seo a leanas na táscairí maidir le héifeachtúlacht imeachtaí sna réimsí leathana maidir le cásanna sibhialta, tráchtála agus riaracháin: (i) an t‑achar measta a théann imeachtaí (aga diúscartha), (ii) an ráta imréitigh, agus (iii) an líon cásanna ar feitheamh.

 An t‑achar measta a théann imeachtaí

Léirítear leis an achar a théann imeachtaí an t‑am measta (i laethanta) is gá chun cás a réiteach sa chúirt, rud a chiallaíonn an t‑aga iarbhír a ghlacann an chúirt chun teacht ar chinneadh ag céadchéim. Is ionann an táscaire ‘aga diúscartha’ agus an líon cásanna gan réiteach arna roinnt ar líon na gcásanna réitithe ag deireadh bliana arna iolrú faoi 365 (lá) ( 42 ). Is cainníocht ríofa é a léiríonn an íostréimhse ama mheasta a theastódh ó chúirt chun cás a réiteach agus na dálaí oibre reatha a choinneáil ar bun ag an am céanna. Dá airde an luach, is amhail is airde an dóchúlacht go dtógfaidh sé níos faide ar an gcúirt teacht ar chinneadh. Baineann na figiúirí den chuid is mó le himeachtaí sna cúirteanna céadchéime agus déantar comparáid iontu, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ar shonraí le haghaidh 2012, 2018, 2019 agus 2020 ( 43 ). Taispeántar i bhFíoracha 8 agus 10 an t‑aga diúscartha in 2020 le haghaidh cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála, agus cásanna riaracháin sna cúirteanna céadchéime ar fad, agus taispeántar i bhFíor 24 an t‑achar ar an meán a théann imeachtaí i gcásanna sciúrtha airgid sna cúirteanna céadchéime.

Fíor 6: An t‑am a mheastar ba ghá chun cásanna sibhialta, tráchtála, riaracháin agus cásanna eile a réiteach in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Faoi mhodheolaíocht CEPEJ, áirítear leis an gcatagóir seo gach cás dlíthíoch agus neamhdhlíthíoch sibhialta agus tráchtála, gach cás neamhdhlíthíoch talún agus gnó ón gclárlann, seachas cásanna ón gclárlann, cásanna neamhdhlíthíocha eile, cásanna de dhlí an riaracháin agus cásanna neamhchoiriúla eile. Athruithe modheolaíochta in SK. Áirítear leis na cásanna ar feitheamh gach céim in CZ agus, go dtí 2016, in SK. LV: tharla an laghdú géar i ngeall ar an athchóiriú ar an gcóras cúirte, ar sheiceálacha earráidí agus ar ghlantacháin sonraí ar an gcóras faisnéise.

Fíor 7: An t‑achar measta ba ghá chun cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála a réiteach ag céadchéim in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Faoi mhodheolaíocht CEPEJ, baineann cásanna dlíthíocha sibhialta/tráchtála le díospóidí idir páirtithe, e.g. díospóidí maidir le conarthaí. Baineann cásanna neamhdhlíthíocha sibhialta/tráchtála le himeachtaí nár conspóideadh, e.g. orduithe íocaíochta nár conspóideadh. Athruithe modheolaíochta in EL agus SK. Áirítear leis na cásanna ar feitheamh gach céim in CZ agus, suas go dtí 2016, in SK. IT: d’fhág an mhoill shealadach ar ghníomhaíocht bhreithiúnach i ngeall ar bhearta sriantacha diana chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID‑19 go ndearnadh difear don aga diúscartha. Áirítear cásanna neamhdhlíthíocha leis na sonraí le haghaidh NL.

Fíor 8: An t‑am a mheastar ba ghá chun cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála a réiteach ag gach céim chúirte in 2020 (*) (1ú, 2ú agus 3ú céim/i laethanta) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Cinntear an t‑ordú leis an gcéim chúirte leis na himeachtaí is faide i ngach Ballstát. Níl aon sonraí ar fáil le haghaidh na gcúirteanna céadchéime agus dara céime in BE agus BG, le haghaidh cúirteanna dara céime in NL, le haghaidh cúirteanna dara agus tríú céime in AT nó le haghaidh cúirteanna tríú céime in DE agus HR. Níl aon chúirt tríú céime in DE agus MT. IT: D’fhág an mhoill shealadach ar ghníomhaíocht bhreithiúnach i ngeall ar bhearta sriantacha diana chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID‑19 go ndearnadh difear don aga diúscartha. D’fhéadfadh an rochtain ar chúirt tríú céime a bheith teoranta i roinnt Ballstát.

Fíor 9: An t‑am measta ba ghá chun cásanna riaracháin a réiteach ag céadchéim in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Baineann cásanna dlí riaracháin le díospóidí idir daoine aonair agus údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta, faoi mhodheolaíocht CEPEJ. Athruithe modheolaíochta in EL agus SK. I measc na gcásanna ar feitheamh tá cúirteanna gach céime in CZ agus, go dtí 2016, in SK. In DK agus IE ní thaifeadtar cásanna riaracháin ar leithligh. CY: in 2018, tháinig méadú ar an líon cásanna réitithe mar gheall gur trialladh cásanna le chéile, tarraingíodh 2 724 chás comhdhlúite siar agus bunaíodh cúirt riaracháin in 2015.

Fíor 10: An t‑am measta ba ghá chun cásanna riaracháin a réiteach ag gach céim cúirte in 2020 (*) (1ú agus, i gcás inarb infheidhme, 2ú agus 3ú céim/i laethanta) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Cinntear an t‑ordú leis an gcéim chúirte leis na himeachtaí is faide i ngach Ballstát. Níl aon sonraí ar fáil le haghaidh cúirteanna dara céime in BE, CZ, HU, MT, AT, RO, SI, SK agus FI, le haghaidh cúirteanna tríú céime in CY, LT, LU, MT agus PL. Is í an chúirt uachtarach, nó cúirt eile is airde, an t‑aon chéim achomhairc in CZ, IT, CY, AT, SI agus FI. Níl aon chúirt tríú céime le haghaidh na gcineálacha seo cásanna in HR, LT, LU agus MT. Is í an Chúirt Achomhairc is airde an chéadchéim agus an t‑aon chéim amháin le haghaidh cásanna áirithe in BE. D’fhéadfadh an rochtain ar chúirteanna tríú céime a bheith teoranta i roinnt Ballstát. Ní dhéanann DK agus IE taifead ar chásanna riaracháin ar leithligh.

 Ráta imréitigh

Is é an ráta imréitigh an cóimheas den líon cásanna réitithe thar an líon cásanna isteach. Tomhaistear leis an ráta cé acu atá cúirt ag coimeád suas lena líon cásanna isteach nó nach bhfuil. Nuair a bhíonn an ráta imréitigh ag thart ar 100 % nó níos airde, ciallaíonn sé sin go bhfuil an córas breithiúnach in ann an oiread cásanna is a thagann isteach a réiteach ar a laghad ar bith. Nuair a bhíonn an ráta imréitigh faoi bhun 100 %, ciallaíonn sé sin go bhfuil níos lú cásanna ná an líon cásanna atá ag teacht isteach á réiteach ag na cúirteanna.

Fíor 11: An ráta ag a réitíodh cásanna sibhialta, tráchtála, riaracháin agus cásanna eile in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/in % – léirítear le luachanna níos airde ná 100 % go bhfuil níos mó cásanna á réiteach ná mar atá ag teacht isteach, agus léirítear le luachanna faoi bhun 100 % go bhfuil níos lú cásanna á réiteach ná mar atá ag teacht isteach) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Faoi mhodheolaíocht CEPEJ, áirítear leis an gcatagóir seo gach cás dlíthíoch agus neamhdhlíthíoch sibhialta agus tráchtála, cásanna neamhdhlíthíocha talún agus gnó ón gclárlann, cásanna eile ón gclárlann, cásanna neamhdhlíthíocha eile, cásanna dlí riaracháin agus cásanna neamhchoiriúla eile. Athruithe modheolaíochta in SK. IE: tá coinne leis go ndéanfar tearcthuairisciú ar an líon cásanna réitithe i ngeall ar an modheolaíocht. IT: aicmiú difriúil ar chásanna sibhialta a tugadh isteach in 2013.

Fíor 12: An ráta maidir le cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála a réiteach in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: staidéar CEPEJ)

Athruithe modheolaíochta in EL agus SK. IE: tá coinne leis go ndéanfar tearcthuairisciú ar an líon cásanna réitithe i ngeall ar an modheolaíocht. IT: aicmiú difriúil ar chásanna sibhialta a tugadh isteach in 2013. Áirítear cásanna neamhdhlíthíocha leis na sonraí le haghaidh NL.

Fíor 13: An ráta maidir le cásanna riaracháin a réiteach in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i %) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Laghdaíodh luachanna roimhe seo le haghaidh roinnt Ballstát ar mhaithe le cur i láthair (CY in 2018 = 219 %; IT in 2012=279.8 %); Athruithe modheolaíochta in EL agus SK. Ní dhéanann DK agus IE taifead ar chásanna riaracháin ar leithligh. In CY, tháinig méadú ar an líon cásanna réitithe mar gheall gur trialladh cásanna le chéile, tarraingíodh 2 724 chás comhdhlúite siar agus bunaíodh cúirt riaracháin in 2015.


 Cásanna ar feitheamh

Léirítear leis an líon cásanna ar feitheamh an líon cásanna nach mór a láimhseáil go fóill ag deireadh na bliana i gceist. Déanann sé difear freisin don aga diúscartha.

Fíor 14: An líon cásanna sibhialta, tráchtála, riaracháin agus cásanna eile ar feitheamh in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/in aghaidh 100 áitritheoir) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Faoi mhodheolaíocht CEPEJ, áirítear leis an gcatagóir seo gach cás dlíthíoch agus neamhdhlíthíoch sibhialta agus tráchtála, cásanna neamhdhlíthíocha talún agus gnó ón gclárlann, cásanna eile ón gclárlann, cásanna neamhdhlíthíocha eile, cásanna dlí riaracháin agus cásanna neamhchoiriúla eile. Athruithe modheolaíochta in SK. Áirítear leis na cásanna ar feitheamh atá os comhair na gcúirteanna céime uile in CZ agus, go dtí 2016, in SK. IT: aicmiú difriúil ar chásanna sibhialta a tugadh isteach in 2013.

Fíor 15: An líon cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála ar feitheamh in 2012, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/in aghaidh 100 áitritheoir) (foinse: staidéar CEPEJ)

 (*) Athruithe modheolaíochta in EL agus SK. Áirítear leis na cásanna ar feitheamh atá os comhair na gcúirteanna céime uile in CZ agus, go dtí 2016, in SK. IT: aicmiú difriúil ar chásanna sibhialta a tugadh isteach in 2013. Áirítear cásanna neamhdhlíthíocha leis na sonraí le haghaidh NL.

Fíor 16: An líon cásanna riaracháin ar feitheamh in 2012, 2018 – 2020 (*)(1ú céim/in aghaidh 100 áitritheoir) (foinse: staidéar CEPEJ)

(*) Laghdaíodh luachanna roimhe seo le haghaidh roinnt Ballstát ar mhaithe le cur i láthair (EL in 2012 = 3.5). Athruithe modheolaíochta in EL agus SK. I measc na gcásanna ar feitheamh atá os comhair na gcúirteanna céime uile in CZ agus, go dtí 2016, in SK. In DK agus IE ní thaifeadtar cásanna riaracháin ar leithligh.

3.1.3. Éifeachtúlacht i réimsí sonracha de dhlí an Aontais

Comhlánaítear sa roinn seo na sonraí ginearálta maidir le héifeachtúlacht na gcóras ceartais agus cuirtear i láthair an t‑achar ar an meán a théann imeachtaí ( 44 ) i réimsí sonracha de dhlí an Aontais. Tógann Scórchlár 2022 ar shonraí roimhe seo maidir le hiomaíocht, cumarsáid leictreonach, trádmharc an Aontais, dlí tomhaltóirí agus frithsciúradh airgid. Roghnaíodh na ceithre réimse mar gheall ar a ábhartha atá siad don mhargadh aonair agus do thimpeallacht an ghnó. Thairis sin, soláthraítear forbhreathnú níos leithne san eagrán seo d’éifeachtúlacht na n‑údarás riaracháin: comhlánaíonn dhá fhíor nua i réimsí na hiomaíochta agus na cumarsáide leictreonaí sonraí den sórt sin maidir le cosaint an tomhaltóra. Go ginearálta, d’fhéadfadh tionchair dhiúltacha a bheith ag moill fhada in imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin ar chearta a eascraíonn ó dlí an Aontais, e.g. nuair nach bhfuil fáil ar leigheasanna iomchuí a thuilleadh nó nuair nach féidir damáistí airgeadais tromchúiseacha a aisghabháil. I gcás gnó go háirithe, cruthaítear costais shuntasacha de bharr moilleanna riaracháin agus éiginnteachta i roinnt cásanna agus déanann sé sin dochar d’infheistíochtaí beartaithe nó d’infheistíochtaí atá ann cheana ( 45 ).

– Iomaíocht –

Tá forfheidhmiú éifeachtach dhlí na hiomaíochta fíor‑riachtanach le haghaidh timpeallacht ghnó tharraingteach toisc go n‑áirithítear leis go bhfaighidh gnólachtaí cothroime iomaíochta. Spreagann sé fiontraíocht agus éifeachtúlacht, cruthaíonn sé rogha níos leithne do thomhaltóirí agus cuidíonn sé chun praghsanna a laghdú agus feabhas a chur ar cháilíocht. Cuirtear i láthair i bhFíor 17 an t‑achar ar an meán a théann cásanna in aghaidh na gcinntí a dhéanann údaráis iomaíochta náisiúnta le linn dóibh Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chur i bhfeidhm ( 46 ). Cuirtear i láthair i bhFíor 18 an t‑achar ar an meán a théann imeachtaí os comhair na n‑údarás iomaíochta náisiúnta le linn dóibh Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

Fíor 17: Iomaíocht: an t‑achar ar an meán a chuaigh athbhreithniú breithiúnach in 2013, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: An Coimisiún Eorpach leis an nGréasán Eorpach Iomaíochta)

 (*) IE agus AT: níl an cás infheidhme toisc nach bhfuil na cumhachtaí ag na húdaráis chun cinntí faoi seach a ghlacadh. AT: áirítear leis na sonraí cásanna arna gcinneadh ag an gCúirt Chairtéil lenar bhain sárú ar Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ach nach bhfuil bunaithe ar achomhairc in aghaidh an údaráis iomaíochta náisiúnta. Baineadh úsáid as meastachán ar an achar le haghaidh IT. Is féidir a léiriú le colún folamh nár thuairiscigh an Ballstát aon chás don bhliain i gceist. Tá an líon cásanna íseal (faoi bhun cúig cinn sa bhliain) i mórán Ballstát. Fágann sé sin go mbítear ag brath sna sonraí bliantúla ar chás a bhí fada nó gearr d’eisceacht (e.g. Is amhlaidh an cás maidir le MT mar ní raibh ach aon chás amháin ann).

Fíor 18: Iomaíocht: an t‑achar ar an meán a chuaigh imeachtaí os comhair na n‑údarás iomaíochta náisiúnta in 2020 (*) (i laethanta) (foinse: An Coimisiún Eorpach leis an nGréasán Eorpach Iomaíochta)

(*) Tá an líon cásanna teoranta i roinnt Ballstát. BE: Áirítear cinneadh cairtéil sna sonraí – 1 045 lá agus cúig bheart idirlinne. Achar iomlán na sé imeacht ar an meán – 2 015 lá. IT: Ní chuirtear san áireamh Imeachtaí I833 – Gare Consip per acquisizione beni e servizi per informatica e telecomunicazioni – arna seoladh ag Údarás Iomaíochta na hIodáile faoi Airteagal 101 CFAE, toisc nach bhfuarthas aon sárú ar Airteagal 101 CFAE ag deireadh na n‑imeachtaí. Ní mór a chur san áireamh go gcomhaireann roinnt Ballstát na laethanta le haghaidh an achair a théann imeachtaí ó thúsphointí difriúla. Measann formhór na mBallstát go bhfuil cás oscailte nuair atá an t‑imscrúdú ar oscailt. In NL, meastar go bhfuil an cás ar oscailt nuair a sheoltar an Ráiteas Agóide, agus in CZ agus SK meastar go bhfuil cás ar oscailt nuair a osclaítear na himeachtaí riaracháin. Sa chás deiridh, is céim idirmheánach é sin ón uair a osclaítear an t‑imscrúdú go dtí go seoltar an Ráiteas Agóide. Tá roinnt tosca ann freisin le cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an achar a théann imeachtaí os comhair na n‑údarás iomaíochta náisiúnta. Áirítear orthu sin cineál agus castacht an cháis, an t‑am a thógann sé na sonraí eacnamaíocha a bhailiú agus an anailís eacnamaíoch a chur i gcrích, na síntí ar an sprioc-am ar iarrataí ó na páirtithe, agus athdhéanamh na n‑éisteachtaí.

– Cumarsáid leictreonach –

Is é is cuspóir don reachtaíocht maidir le cumarsáid leictreonach an Aontais Eorpaigh iomaíocht a ardú, rannchuidiú le forbairt an mhargaidh aonair, agus infheistíocht, nuálaíocht agus fás a ghiniúint. Is féidir na héifeachtaí dearfacha do thomhaltóirí a bhaint amach trí fhorfheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta sin agus as sin d’fhéadfaí praghsanna níos ísle a chruthú d’úsáideoirí deiridh agus seirbhísí de cháilíocht níos fearr. Cuirtear i láthair i bhFíor 19 an t‑achar ar an meán a théann cásanna athbhreithnithe bhreithiúnaigh in aghaidh na gcinntí a dhéanann údaráis rialála náisiúnta le linn dóibh dlí an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach a chur i bhfeidhm ( 47 ). Cumhdaítear raon leathan cásanna leis, ó na hathbhreithnithe níos casta maidir le ‘hanailís mhargaidh’ go dtí saincheisteanna níos simplí ina mbítear dírithe ar an tomhaltóir. Cuirtear i láthair i bhFíor 20 an t‑achar ar an meán a théann imeachtaí os comhair na n‑údarás rialála náisiúnta le linn dóibh dlí an Aontais a chur i bhfeidhm.

Fíor 19: Cumarsáid leictreonach: an t‑achar ar an meán a chuaigh athbhreithniú breithiúnach in 2013, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht leis an gCoiste Cumarsáide)

(*) Tá éagsúlacht sa líon cásanna ó Bhallstát amháin go chéile. Léirítear le colún folamh nár thuairiscigh an Ballstát aon chás don bhliain (cé is moite de PT le haghaidh 2019-20, agus RO gan sonraí). I roinnt cásanna, fágann an líon teoranta cásanna ábhartha (BG, CY, MT, NL, SK, FI, SE) go mbítear ag brath sna sonraí bliantúla ar chás amháin atá fada nó gearr d’eisceacht agus go mbíonn éagsúlachtaí leathana ann dá bharr sin ó bhliain go chéile. DK: údarás garbhreithiúnach i gceannas ar achomhairc céadchéime. EE: Ba é 18 lá achar na gcásanna athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar an meán in 2013. ES, AT, agus PL: cúirteanna difriúla i gceannas ag brath ar an ábhar.

Fíor 20: Cumarsáid leictreonach: an t‑achar ar an meán a chuaigh imeachtaí os comhair an Údaráis Rialála Náisiúnta in 2015, 2018 – 2020 (i laethanta) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht leis an gCoiste Cumarsáide)

– Trádmharc de chuid AE –

Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceart maoine intleachtúla fíor‑riachtanach chun infheistíocht sa nuálaíocht a spreagadh. Tugann reachtaíocht AE maidir le trádmharcanna de chuid AE ( 48 ) ról suntasach do na cúirteanna náisiúnta, chun gníomhú mar chúirteanna de chuid an Aontais agus chun cinntí dhéanann difear don mhargadh aonair a ghlacadh. Taispeántar i bhFíor 21 an t‑achar ar an meán a bhíonn cásanna um shárú ar thrádmharc de chuid AE i ndlíthíocht idir páirtithe príobháideacha.

Fíor 21: Trádmharc de chuid AE: an t‑achar ar an meán a chuaigh cásanna um shárú ar thrádmharc de chuid AE in 2013, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht leis an bhFaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla)

(*) FR, IT, LT, LU: sampla cásanna a úsáideadh i gcomhair sonraí le haghaidh blianta áirithe. DK: sonraí ó gach cás trádmhairc (ní hamháin san Aontas) in Ard‑Chúirteanna Tráchtála agus Muirí; le haghaidh 2018 agus 2019, níl sonraí ann ar an achar ar an meán i ngeall ar athruithe ar an gcóras bailithe sonraí. EL: sonraí bunaithe ar an meán‑achar ualaithe ó dhá chúirt. ES: tá cásanna a bhaineann le teidil IP eile de chuid AE áirithe sa ríomh ar an achar ar an meán.

– Cosaint tomhaltóirí –

Ach an dlí tomhaltóirí a fhorfheidhmiú go héifeachtach áirithítear go mbaineann tomhaltóirí tairbhe dá gcuid cearta agus nach bhfaigheann cuideachtaí a bhíonn ag sárú dlíthe tomhaltóirí buntáiste míchothrom. Bíonn ról lárnach ag údaráis cosanta tomhaltóirí agus ag na cúirteanna ó thaobh dlí tomhaltóirí an Aontais ( 49 ) a fhorfheidhmiú laistigh de na córais forfheidhmithe náisiúnta éagsúla. Léirítear i bhFíor 22 an t‑achar ar an meán a théann cásanna athbhreithnithe bhreithiúnaigh in aghaidh cinntí na n‑údarás cosanta tomhaltóirí le linn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm.

Maidir le tomhaltóirí nó cuideachtaí, d’fhéadfadh slabhra gníomhairí a bheith ag gabháil d’fhorfheidhmiú éifeachtach, ní hamháin na cúirteanna ach údaráis riaracháin freisin. Chun tuilleadh eolais a thabhairt maidir leis an slabhra forfheidhmiúcháin sin, cuirtear i láthair an t‑achar a théann imeachtaí ag údaráis tomhaltóirí. Taispeántar i bhFíor 23 an t‑achar ar an meán a thóg sé ar údaráis náisiúnta cosanta tomhaltóirí cinntí riaracháin a dhéanamh in 2014, 2018-2020 ón bpointe ar osclaíodh cás. I measc cinntí ábhartha tá sáruithe ar rialacha substainteacha a dhearbhú, bearta idirlinne, orduithe stop agus scoir, tionscnamh imeachtaí cúirte nó clabhsúr a chur le cás.

Fíor 22: An tomhaltóir a chosaint: an t‑achar ar an meán a chuaigh athbhreithniú breithiúnach in 2013, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí)

(*) DE, LU, AT: níl an cás infheidhme toisc nach bhfuil sé de chumhacht ag údaráis tomhaltóirí cinneadh a ghlacadh maidir le sáruithe ar rialacha ábhartha tomhaltóirí. Tá an líon cásanna ábhartha le haghaidh 2020 íseal (níos lú ná cúig cinn) in IE agus FI. Sholáthair EL agus RO meastachán maidir leis an achar ar an meán le haghaidh blianta áirithe.

Fíor 23: An tomhaltóir a chosaint: an t‑achar ar an meán a thóg cinntí riaracháin a rinne údaráis cosanta tomhaltóirí in 2014, 2018 – 2020 (*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí)

(*) DE, LU, AT: níl an cás infheidhme toisc nach bhfuil sé de chumhacht ag údaráis tomhaltóirí cinneadh a ghlacadh maidir le sáruithe ar rialacha ábhartha tomhaltóirí. Sholáthair DK, EL, FR, RO agus FI meastachán ar an achar ar an meán le haghaidh blianta áirithe.

– Sciúradh airgid –

Mar aon le rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta, tá éifeachtacht an chomhraic in aghaidh sciúradh airgid ríthábhachtach ar mhaithe le fóntacht, sláine agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais, muinín sa chóras airgeadais agus iomaíocht chóir sa mhargadh aonair ( 50 ). Is féidir le sciúradh airgid an infheistíocht choigríche a dhíspreagadh, sreafaí caipitil idirnáisiúnta a shaobhadh agus difear diúltach a dhéanamh d’fheidhmíocht mhaicreacnamaíoch tíre, rud as a dtagann caillteanais leasa, rud a fhágann go n‑ídítear acmhainní ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha níos bisiúla ( 51 ). Ceanglaíonn an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid ar na Ballstáit staidreamh a choinneáil maidir le héifeachtacht a gcuid gcórais chun sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac ( 52 ). I gcomhar leis na Ballstáit, úsáideadh ceistneoir nuashonraithe chun sonraí a bhailiú ar na céimeanna breithiúnacha i gcórais náisiúnta frithsciúrtha airgid. Taispeántar i bhFíor 24 an t‑achar ar an meán a thóg cásanna cúirte céadchéime a bhí ag déileáil le cionta coiriúla sciúrtha airgid.

Fíor 24: Sciúradh airgid: an t‑achar ar an meán a chuaigh cásanna cúirte in 2014, 2018 – 2020(*) (1ú céim/i laethanta) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht leis an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta)

(*) Níl sonraí ann le haghaidh 2020: BE, DE, EE, IE, HR, PL agus PT. BG: Déantar an t‑achar ar an meán a théann cásanna a ríomh ón lá a chuirtear tús leis an gcás cúirte go dtí an lá a dhéantar cinneadh na cúirte i míonna. ES, NL: achar measta. CZ: An t‑achar i míonna. HU: Ríomhadh an líon laethanta ar an meán bunaithe ar an líon cásanna a réitíodh le ciontú amháin. PT: Rinneadh an líon laethanta ar an meán a ríomh bunaithe ar shampla. IT: tagraíonn na sonraí d’éisteachtaí cúirte ar triail agus réamhéisteachtaí cúirte. CY: Cásanna tromchúiseacha, os comhair na Cúirte Seisiúin, déantar iad a thriail laistigh de bhliain amháin ar an meán. Cionta nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna, os comhair na gCúirteanna Dúiche, tógann sé níos faide iad a thriail. SK: comhfhreagraíonn na sonraí don achar ar an meán a théann na himeachtaí iomlána, lena n‑áirítear ag an gcúirt achomhairc.

3.1.4. Achoimre ar éifeachtúlacht na gcóras ceartais

Déanann córas ceartais éifeachtúil bainistiú ar a líon cásanna agus ar an riaráiste cásanna, agus soláthraíonn sé a chinntí gan moill mhíchuí. Ar na príomhtháscairí a úsáideann an Scórchlár Ceartais AE chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na gcóras ceartais dá bhrí sin tá an t‑achar a théann imeachtaí (measta nó an t‑am ar an meán i laethanta a theastaíonn chun cás a réiteach), an ráta imréitigh (an cóimheas de líon na gcásanna réitithe le líon na gcásanna isteach) agus líon na gcásanna ar feitheamh (atá le láimhseáil fós ag deireadh na bliana).

Sonraí ginearálta maidir le héifeachtúlacht

Tá sonraí i Scórchlár Ceartais AE 2022 maidir le héifeachtúlacht a théann siar 8 mbliana (2012-2020). Tugtar deis leis an réimse ama sin treochtaí áirithe a shainaithint agus a chur san áireamh go dtógann sé am go minic éifeacht na n‑athchóirithe ceartais a bhrath.

Ag féachaint ar na sonraí atá ar fáil ó 2012 agus suas go dtí 2020, i gcásanna sibhialta, tráchtála agus riaracháin, bhí na treochtaí dearfach i bhformhór na gcásanna. Taispeántar in 2020, áfach, i gcás roinnt Ballstát go léirítear tionchar diúltach ar éifeachtúlacht sna sonraí ginearálta maidir le héifeachtúlacht. D’fhéadfadh sé go raibh sé amhlaidh mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus dá bhrí sin gur rud sealadach a bhí ann.

Chonacthas roinnt forbairtí dearfacha sna Ballstáit ar measadh, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go raibh dúshláin shonracha os a gcomhair ( 53 ):

·Ó bhí 2012 ann, agus bunaithe ar na sonraí atá ann cheana maidir leis na Ballstáit sin, agus d’ainneoin phaindéim COVID-19, i roinnt Ballstát, bhí an t‑achar a chuaigh imeachtaí cúirte céadchéime sa chatagóir leathan ‘gach cás’ (Fíor 6) agus sa chatagóir ‘cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála’ (Fíor 7) fós ag laghdú nó d’fhan sé cobhsaí. In thart ar leath de na Ballstáit lena mbaineann, taispeántar sa dá Fhíor chéanna, Fíoracha 6 agus 7, méadú ar an achar a théann imeachtaí, agus iad uaireanta os cionn leibhéil 2012. I gcásanna riaracháin (Fíor 9), tháinig laghdú ar an achar a théann imeachtaí ó bhí 2012 ann nó d’fhan siad cobhsaí in thart ar leath de na Ballstáit sin. Go foriomlán, chonacthas méadú in thart ar leath de na Ballstáit ar an achar a chuaigh imeachtaí i gcásanna riaracháin in 2020.

·Cuirtear i láthair sonraí sa Scórchlár ar an achar a théann imeachtaí i ngach céim chúirte le haghaidh cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála (Fíor 8) agus le haghaidh cásanna riaracháin (Fíor 10). Taispeántar sna sonraí i gcás roinnt Ballstát a sainaithníodh mar Bhallstáit a raibh dúshláin os a gcomhair maidir leis an achar a théann imeachtaí i gcúirteanna céadchéime, go bhfeidhmíonn cúirteanna faoi chéimeanna níos airde ar bhealach níos éifeachtúla. I gcás roinnt Ballstáit eile a bhfuil dúshláin le sárú acu áfach, bhí an t‑achar ar an meán a théann imeachtaí i gcúirteanna faoi chéimeanna níos airde níos faide fiú ná i gcúirteanna céadchéime.

·Sa chatagóir leathan ‘gach cás’ agus sa chatagóir ‘cásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála’ (Fíoracha 11 agus 12), tháinig laghdú ar an líon foriomlán Ballstát a bhfuil ráta imréitigh níos mó ná 100 % acu ó anuraidh, agus iad níos gaire anois do leibhéil 2012. In 2020, d’ainneoin an laghdaithe, thuairiscigh formhór na mBallstát, lena n‑áirítear formhór díobh a raibh dúshláin os a gcomhair, ráta imréitigh ard (níos mó ná 97 %). Ciallaíonn sé sin go bhfuil na cúirteanna ábalta go ginearálta déileáil leis na cásanna isteach sna catagóirí sin. I gcásanna riaracháin (Fíor 13), is féidir difríocht níos mó sa ráta imréitigh a fheiceáil ó bhliain amháin go chéile. Cé go bhfuil sé níos ísle go ginearálta ná i gcatagóirí eile cásanna, leanann roinnt Ballstát de dhul chun cinn maith a dhéanamh. Go háirithe, tuairiscíonn níos mó ná leath de na Ballstáit ag a raibh dúshláin le sárú méadú ar an ráta imréitigh i gcásanna riaracháin ó bhí 2012 ann.

·Ó bhí 2012 ann, tá an cás cobhsaí nó leanann sé ag feabhsú i mbeagnach gach Ballstát ina bhfuil na dúshláin is substaintiúla lena gcuid riaráistí, gan beann ar an gcatagóir cásanna. In 2020, d’ainneoin an mhéadaithe ar an líon cásanna ar feitheamh i roinnt Ballstát, rinneadh dul chun cinn substaintiúil i gcinn eile ó thaobh laghdú a dhéanamh ar an líon cásanna ar feitheamh i gcásanna dlíthíocha sibhialta agus tráchtála (Fíor 15) agus i gcásanna riaracháin (Fíor 16) araon. Tá difríochtaí suntasacha ann fós áfach idir Ballstáit agus is féidir comparáid a dhéanamh idir iad sin ina bhfuil níos lú cásanna ar feitheamh agus iad sin ina bhfuil líon ard cásanna ar feitheamh.

Éifeachtúlacht i réimsí sonracha de dhlí an Aontais

Soláthraítear sna sonraí maidir leis an achar ar an meán a théann imeachtaí i réimsí sonracha de dhlí an Aontais (Fíoracha 17-24) léargas maidir le feidhmiú na gcóras ceartais sna cineálacha coincréiteacha de dhíospóidí a bhaineann le gnó.

Déantar sonraí maidir le héifeachtúlacht i réimsí sonracha de dhlí an Aontais a bhailiú bunaithe ar chásanna a shainítear go beacht, agus dá bharr sin d’fhéadfadh cuma íseal a bheith ar an líon cásanna ábhartha. I gcomparáid leis an achar ríofa a théann imeachtaí, áfach, a chuirtear i láthair sna sonraí ginearálta maidir le héifeachtúlacht, tá foráil sna figiúirí sin maidir leis an achar iarbhír ar an meán a théann gach cás ábhartha i réimsí sonracha i mbliain. Is fiú a thabhairt ar aird dá bhrí sin go dtuairiscíonn roinnt Ballstát nach ndealraíonn sé go bhfuil dúshláin os a gcomhair bunaithe ar shonraí ginearálta ar éifeachtúlacht go mbíonn achar na gcásanna i réimsí sonracha de dhlí an Aontais i bhfad níos faide ar an meán. An tráth céanna, d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith san achar a théann imeachtaí i réimsí sonracha difriúla sa Bhallstát céanna.

Ar deireadh, na figiúirí nua a dhíríonn ar achar na n‑imeachtaí riaracháin os comhair na n‑údarás iomaíochta náisiúnta agus na n‑údarás rialála náisiúnta a bhíonn ag plé le cumarsáid leictreonach, soláthraíonn siad léargais ar éifeachtúlacht riaracháin i dtuilleadh réimsí de dhlí an Aontais. Rannchuidíonn éifeachtúlacht an tslabhra forfheidhmiúcháin fhoriomláin, lena n‑áirítear imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha, le timpeallacht dhearfach ghnó agus infheistíochta, trína áirithiú go réitítear cásanna go caoithiúil agus go ndéantar cearta a fhorfheidhmiú

Taispeántar na treochtaí a leanas sna figiúirí le haghaidh na réimsí sonracha de dhlí an Aontais:

·Maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar chásanna iomaíochta (Fíor 17), de réir mar a tháinig méadú ar an líon cásanna foriomlán a bhí os comhair na gcúirteanna ar fud na mBallstát, tháinig laghdú ar an achar a chuaigh athbhreithniú breithiúnach i sé Bhallstát nó d’fhan sé cobhsaí, agus tháinig méadú air i gcúig Bhallstát eile. D’ainneoin na treochta beagán dearfach, thuairiscigh trí Bhallstát achar ar an meán ní ba mhó ná 1 000 lá in 2020. I gcás imeachtaí a bhí os comhair na n‑údarás iomaíochta náisiúnta, thuairiscigh 10 mBallstát gur ghlac na himeachtaí níos lú ná 1 000 lá. Tá roinnt Ballstát, a raibh deacrachtaí acu le héifeachtúlacht san athbhreithniú breithiúnach ar chásanna iomaíochta, i measc na mBallstát is éifeachtúla a mhéid a bhaineann sé le himeachtaí a bhíonn os comhair na n‑údarás iomaíochta náisiúnta.

·Maidir le cumarsáid leictreonach (Fíor 19), tháinig laghdú ar an líon cásanna a bhí os comhair na gcúirteanna i gcomparáid le blianta roimhe sin, ag leanúint na treochta dearfaí céanna maidir leis an méadú ar an achar a théann imeachtaí a chonacthas in 2019. In 2020, thuairiscigh formhór na mBallstát laghdú ar na hachair ar an meán a théann imeachtaí nó d’fhan na figiúirí cobhsaí, i gcomparáid le 2019, agus níor thaispeáin ach cúpla Ballstát méadú. Taispeántar san fhíor nua maidir le héifeachtúlacht na n‑údarás rialála náisiúnta ag plé le cumarsáid leictreonach (Fíor 20) go bhfuil an t‑achar ar an meán a théann imeachtaí réasúnta cobhsaí i roinnt Ballstát ach nach ann d’aon treocht shoiléir go foriomlán thar na blianta dá bhfuil sonraí ar fáil.

·Maidir le cásanna um shárú ar thrádmharc de chuid AE (Fíor 21), tháinig laghdú ar an líon foriomlán cásanna in 2020. Cé gur éirigh le roinnt Ballstát a líon cásanna a láimhseáil ar bhealach níos fearr, áfach, agus iad ag léiriú achair laghdaithe nó chobhsaí imeachtaí, tháinig méadú soiléir i sé Bhallstát eile ar an achar ar an meán a théann imeachtaí.

·Déantar comhéifeacht fhéideartha an tslabhra forfheidhmiúcháin ina gcuimsítear imeachtaí athbhreithnithe riaracháin agus bhreithiúnaigh araon a chur i láthair sa réimse a bhaineann le dlí tomhaltóirí an Aontais (Fíoracha 22 agus 23). In 2020, thuairiscigh sé Bhallstát gur ghlac sé níos lú ná 3 mhí ar an meán ar a n‑údaráis cosanta tomhaltóirí chun cinneadh a eisiúint i gcás a cumhdaíodh i ndlí tomhaltóirí an Aontais, agus gur ghlac sé níos mó ná 6 mhí i sé Bhallstát eile. I gcás ina ndearnadh agóid in aghaidh chinntí na n‑údarás cosanta tomhaltóirí sa chúirt, bhí éagsúlacht ag baint leis na treochtaí in 2020 san achar a chuaigh an t‑athbhreithniú breithiúnas ar chinneadh riaracháin, agus méaduithe le sonrú in ocht mBallstát, agus laghduithe i gceithre Bhallstát eile, i gcomparáid le 2019. Tá an t‑achar ar an meán a théann athbhreithniú breithiúnach os cionn 1 000 lá in dhá Bhallstát go fóill.

·Tá an comhrac éifeachtach in aghaidh sciúradh airgid ríthábhachtach chun an córas airgeadais a chosaint, rud lena ndéantar iomaíocht chóir a áirithiú agus iarmhairtí diúltacha eacnamaíocha a chosc. D’fhéadfadh agóidí maidir leis an achar a théann imeachtaí cúirte nuair a bhítear ag plé le cionta sciúrtha airgid tionchar a bheith acu ar an gcomhrac éifeachtach in aghaidh sciúradh airgid. Cuirtear i láthair i bhFíor 24 na sonraí atá tugtha cothrom le dáta maidir leis an achar a théann imeachtaí breithiúnacha nuair a bhítear ag plé le cionta sciúrtha airgid. Taispeántar ann cé go dtógann imeachtaí cúirte céadchéime suas le bliain amháin ar an meán i níos mó ná leath de na Ballstáit, go dtógann siad thart ar 2 bhliain ar an meán i roinnt Ballstát ( 54 ).


3.2. Cáilíocht na gcóras ceartais

Níl aon bhealach amháin ann chun cáilíocht na gcóras ceartais a thomhas. Le Scórchlár Ceartais AE 2022, leantar de scrúdú a dhéanamh ar thosca a nglactar leo go ginearálta mar thosca ábhartha chun cáilíocht an cheartais a fheabhsú. Titeann siad isteach i gceithre chatagóir:

1) inrochtaineacht an cheartais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí;

2) dóthain acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna;

3) uirlisí measúnúcháin a chur i bhfeidhm;

4) digitiú.

3.2.1. Inrochtaineacht

Ceanglaítear inrochtaineacht ar fud an tslabhra ceartais iomláin chun a chur ar a gcumas do dhaoine faisnéis ábhartha a fháil – faisnéis maidir leis an gcóras ceartais faoi conas éileamh a thionscnamh agus na gnéithe airgeadais gaolmhara, faoi staid na n‑imeachtaí suas go dtí go dtugtar i gcrích iad – agus maidir leis an mbreithiúnas a rochtain ar líne.

Cúnamh dlíthiúil, táillí cúirte agus táillí dlí

Príomhthoisc lena gcinntear rochtain ar an gceartas is ea costas na dlíthíochta. D’fhéadfadh ardchostais dlíthíochta, lena n‑áirítear táillí cúirte ( 55 ) agus táillí dlí ( 56 ), bac a chur ar rochtain ar an gceartas. Ní dhéantar costais dlíthíochta in ábhair shibhialta agus thráchtála a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Agus iad á rialú ag an reachtaíocht náisiúnta, bíonn siad éagsúil ó Bhallstát go chéile.

Is ceart bunúsach é rochtain ar chúnamh dlíthiúil arna chumhdach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ( 57 ). Tugann sé rochtain ar an gceartas do dhaoine nach mbeadh sé ar a gcumas murach sin na costais dlíthíochta a iompar ná a réamhíoc. Deonaíonn formhór na mBallstát cúnamh dlíthiúil bunaithe ar ioncam an iarratasóra ( 58 ).

Taispeántar i bhFíor 25 an fháil atá ar chúnamh dlíthiúil iomlán nó i bpáirt i gcás sonrach tomhaltóra lena mbaineann éileamh de EUR 6 000. Déantar comparáid ann ar na tairseacha ioncaim chun cúnamh dlíthiúil a dheonú, arna sloinneadh mar chéatadán de thairseach bochtaineachta Eurostat le haghaidh gach Ballstáit ( 59 ). Má dhealraítear go bhfuil an tairseach le haghaidh cúnamh dlíthiúil ag 20 % mar shampla, ciallaíonn sé go mbeidh iarratasóir a bhfuil ioncam aige atá 20 % níos airde ná tairseach bochtaineachta Eurostat dá mBallstát fós incháilithe do chúnamh dlíthiúil. Má dhealraíonn sé go bhfuil an tairseach le haghaidh cúnamh dlíthiúil faoi bhun 0 áfach, ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sé nach mbeadh duine ag a bhfuil ioncam faoi bhun thairseach na bochtaineachta incháilithe do chúnamh dlíthiúil.

Feidhmíonn roinnt Ballstát córas cúnaimh dhlíthiúil lena bhforáiltear do chumhdach 100 % de na costais atá nasctha le dlíthíocht (cúnamh dlíthiúil iomlán), arna chomhlánú ag córas lena gcumhdaítear costais i bpáirt (cúnamh dlíthiúil i bpáirt), agus an ceann sin ag cur critéir incháilitheachta i bhfeidhm atá difriúil dóibh siúd atá i gceist leis na costais iomlána. Ní fheidhmíonn Ballstáit eile ach córas iomlán cúnaimh dhlíthiúil nó córas cúnaimh dhlíthiúil i bpáirt.

Fíor 25: Tairseach ioncaim le haghaidh cúnamh dlíthiúil i gcás sonrach tomhaltóra, 2021 (*) (difríochtaí in % ó thairseach bochtaineachta Eurostat) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht le Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE)) ( 60 ))

 (*) EE: níl an cinneadh chun cúnamh dlíthiúil a dheonú bunaithe ar leibhéal acmhainní airgeadais an iarratasóra. IE: ní mór sócmhainní indiúscartha an iarratasóra a chur san áireamh freisin le cúnamh dlíthiúil. CY: Sonraí 2020. MT: Sonraí 2020. LV: bíonn éagsúlacht sna tairseacha de réir bardais; taispeántar an uasteorainn sa chairt. PT: cinneadh a ghlacann an riarachán poiblí (P.A. san fhíor) is ea cinneadh chun cúnamh dlíthiúil a dheonú, i gcomhar leis an Aireacht Slándála Sóisialta agus measúnú á dhéanamh acu ar choinníollacha airgeadais an iarratasóra faoin dlí. RO: Sonraí 2020.

Cuireann formhór na mBallstát páirtithe faoi cheangal táille cúirte a íoc nuair a chuireann siad tús le himeachtaí breithiúnacha. Is minic le daoine a fhaigheann cúnamh dlíthiúil a bheith díolmhaithe ó tháillí cúirte a íoc. Daoine a fhaigheann cúnamh dlíthiúil sa Bhulgáir, san Eastóin, in Éirinn, san Ísiltír, sa Pholainn agus sa tSlóivéin amháin, ní bhíonn siad díolmhaithe go huathoibríoch ó tháillí cúirte a íoc. Sa tSeicia, cinneann an chúirt ar bhonn cás ar chás cé acu duine a fhaigheann cúnamh dlíthiúil a dhíolmhú ó tháillí cúirte a íoc nó gan a dhíolmhú. I Lucsamburg, dlíthithe a thairbhíonn de chúnamh dlíthiúil, ní gá dóibh táillí báille a íoc. Déantar comparáid i bhFíor 26, le haghaidh dhá chás, ar mhéid na táille cúirte arna cur i láthair mar chion de luach an éilimh. Má tharlaíonn sé, mar shampla, san fhíor thíos go ndealraítear go bhfuil an táille cúirte cothrom le 10 % d’éileamh EUR 6 000, beidh gá don tomhaltóir táille cúirte EUR 600 a íoc chun imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh. Tá an t‑éileamh luacha íseal bunaithe ar thairseach riosca bochtaineachta Eurostat (AROP) le haghaidh gach Ballstáit.

Fíor 26: Táille cúirte chun imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh i gcás sonrach a bhaineann le tomhaltóir, 2021 (*) (méid na táille cúirte mar chion de luach an éilimh) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht le Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE)) ( 61 ))

GAN SONRAÍ

(*) Is éard atá i gceist le ‘éileamh ar luach íseal’ éileamh a chomhfhreagraíonn do thairseach bochtaineachta Eurostat le haghaidh duine aonair i ngach Ballstát, arna thiontú go hioncam míosúil (e.g. in 2019 bhí an luach sin idir EUR 193 in RO agus EUR 1 824 in LU). ES, PT: níor soláthraíodh aon sonraí. BG, RO: Sonraí 2020 maidir le táille chúirte le haghaidh éileamh EUR 6 000. Níor soláthraíodh aon fhaisnéis faoi tháillí cúirte le haghaidh éileamh ar luach íseal. CY: Sonraí 2020. LU: Tá ar dhlíthithe na táillí báille a íoc chun tús a chur le himeachtaí mar ghearánaí ach amháin i gcás ina dtairbhíonn siad de chúnamh dlíthiúil. MT: Sonraí 2020. NL: Táillí cúirte le haghaidh ioncam < EUR 2 383/mí. AT: Bíonn an t‑uasmhéid don táille chúirte ag brath ar chéim na cúirte. SE: Ní hionann na táillí cúirte i ndáil le hábhair shibhialta ag brath ar an gcineál cáis. I gcás díospóidí ina bhfuil luach an éilimh < EUR 2 339, is é EUR 88 an táille chúirte. I gcás díospóidí ina bhfuil luach an éilimh > EUR 2 339, is é EUR 275 an táille chúirte. Is ann do tháillí cúirte eile le haghaidh cineálacha eile éilimh.

Tá forfheidhmiú conartha éifeachtúil fíor‑riachtanach don gheilleagar. Neartaíonn an dóchúlacht a bhaineann le costais iarbhír na dlíthíochta a ghnóthú staid creidiúnaí a fhéachann le conradh a fhorfheidhmiú. Go hiondúil, éilítear ar an gcreidiúnaí, mar ghearánaí, táille chúirte a íoc chun cás a chomhdú leis an gcúirt. Go hiondúil, ordaíonn na cúirteanna don chosantóir a chailleann an cás na táillí cúirte a d’íoc an gearánaí a bhuaigh roimh ré a aisíoc ina n‑iomláine. Léirítear i bhFíor 27 méid na táille cúirte is gá chun tús a chur le himeachtaí breithiúnacha i gcás sonrach tráchtála a bhaineann le díospóid idir dhá chuideachta i ndlíthíocht tráchtála trasteorann maidir le conradh a fhorfheidhmiú, ag a raibh luach éilimh EUR 20 000.

Fíor 27: Táille chúirte chun tús a chur le himeachtaí breithiúnacha i gcás sonrach tráchtála, 2021 (*) (in EUR) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht le Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa ( 62 ))

(*) CY, LU, MT, PL, RO: Sonraí 2020. EL, ES: Cinntear aisghabháil táillí cúirte ar bhonn cás ar chás. HU: Ní aisghabhann an páirtí a bhuaigh na táillí cúirte ina n‑iomláine.

Is minic a thugann an creidiúnaí réamhíocaíocht ar a dtáillí dlíodóirí féin ní hamháin le linn na céime dlíthíche ach le linn na céime réamhdhlíthíche freisin. Maidir le haisíocaíocht, cuireann an chuid is mó de na Ballstáit riail i bhfeidhm faoina bhfuil coinne leis an bpáirtí a chailleann an cás íoc as a gcostais dlí féin agus as costais dlí an pháirtí a bhuann an chás freisin. Cuireann an riail sin stop le comhdú cásanna ina bhfuil dóchúlacht íseal go mbuafaí iad, ach spreagann sí cásanna a chomhdú ina bhfuil dóchúlacht ard go mbuafaí iad. Léirítear i bhFíor 28 an méid a bhronnfadh an chúirt don ghearánaí a éiríonn leis i cás samplach de chás tráchtála sonrach (fonóta 62).

Is féidir trí phríomhchóras táille a dhéanamh amach:

(1) i mBallstáit ina bhfuil córas táille reachtúla, bíonn aisíocaíocht na dtáillí dlí ag brath ar leibhéal na táille reachtúla don obair a rinne an dlíodóir, agus bíonn éagsúlacht shuntasach le feiceáil sa táille sin i mBallstáit éagsúla;

(2) i mBallstát nach bhfuil córas táille reachtúla acu, tá aisíocaíocht iomlán (an Phortaingéil, an Fhionlainn) nó aisíocaíocht i bpáirt (an Laitvia, Lucsamburg) táillí dlí ann;

(3) i roinnt Ballstát, déanann an chúirt an tsaincheist a bhaineann le haisíocaíocht a chinneadh ar bhonn cás ar chás.

Fíor 28: In‑aisghabhálacht táillí dlí i dtriail tráchtála, 2021 (*) (in EUR) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht le Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE)) ( 63 ))

(*) Faoin bhfigiúr sin, ní áirítear costais chléireachais ná CBL, más iníoctha. Is é EUR 1 650 an táille dlí hipitéiseach le haghaidh na céime dlíthíche a soláthraíodh sa chás. Ciallaíonn aisghabháil iomlán i gcórais nach bhfuil táille reachtúil i bhfeidhm gur féidir an méid sin (EUR 1 650) a aisghabháil. Déantar Ballstáit ag a bhfuil aisghabháil i bpáirt (LV, LU) a chur in eagar de réir na táille dlí in‑aisghabhála (ón gceann is airde chuig an gceann is ísle, agus méideanna idir EUR 2 200 agus EUR 660). Ní áirítear san fhigiúr sin faisnéis ar in‑aisghabhálacht táillí dlí don chéim réamhdhlíthíoch, mar níltear ag súil leis sin i ngach Ballstát. IT: tá táille reachtúil in IT (EUR 3 235 sa chás seo, ach féadfaidh an cúirt cinneadh a dhéanamh maidir le haisíocaíocht laistigh de raon socraithe. LT: déanann an chúirt cinneadh, agus treoraíocht ón Aireacht Cheartais á cur san áireamh. Is é EUR 3 350 an t‑uasmhéid sa chás seo. HU: Tá dhá chás ann: d’fhéadfadh an chúirt a ordú go ndéanfadh an páirtí a bhuann na táillí dlí a aisghabháil ina n‑iomláine, bunaithe ar shocrúchán táille dlí idir an dlíodóir agus an cliant; d’fhéadfadh an chúirt an córas táille dlí reachtúla a chur san áireamh agus d’fhéadfadh an chúirt a ordú nach ndéanfadh an páirtí a bhuann na táillí dlí a aisghabháil ach i bpáirt, d’ainneoin an tsocrúcháin idir an dlíodóir agus an cliant. MT: níl aon choincheap maidir le táille dlí in aghaidh uair an chloig in MT, cinntear aisíocaíocht bunaithe ar luach an éilimh. AT: cás nach bhfuil infheidhme ina iomláine maidir le córas aisíocaíochta AT. PL: Is leis an dlí a chinntear an t‑íosmhéid táillí agus bíonn siad ag brath ar luach ábhar na dlíthíochta. D’fhéadfadh an chúirt cinneadh a dhéanamh an táille a tharscaoileadh nó ordú a dhéanamh go n‑íocfaí an t‑íosmhéid táille (i gcás ina méadaítear an táille mar gheall ar dhálaí sonracha mar a leagtar amach sa reachtaíocht ábhartha).



Rochtain a fháil ar mhodhanna um réiteach malartach díospóidí

Léirítear i bhFíor 29 iarrachtaí na mBallstát chun úsáid dheonach modhanna um réiteach malartach díospóidí (RMD) a chur chun cinn trí dhreasachtaí sonracha. D’fhéadfaidís athrú ag brath ar an réimse dlí ( 64 ).

Fíor 29: Modhanna RMD a chur chun cinn agus dreasachtaí lena n‑úsáid, 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 65 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 68 bpointe. Táscairí comhiomlánaithe bunaithe ar na táscairí a leanas: 1) suíomh gréasáin ar a soláthraítear faisnéis ar RMD; 2) feachtais feasachta sna meáin; 3) bróisiúir le haghaidh an phobail i gcoitinne; 4) cuireann an chúirt seisiúin faisnéise sonraí faoi RMD ar fáil ar iarraidh; 5) comhordaitheoir RMD/idirghabhála; 6) foilsiú meastóireachtaí ar úsáid RMD; 7) foilsiú staidrimh ar úsáid RMD; 8) cumhdach páirteach nó iomlán ag cúnamh dlí le haghaidh costais RMD a thabhaítear; 9) aisíocaíocht iomlán nó pháirteach táillí cúirte, lena n‑áirítear dleachtanna stampála; má éiríonn le RMD; 10) níl aon cheanglas le haghaidh dlíodóir i nósanna imeachta RMD; 11) féadfaidh breitheamh gníomhú mar idirghabhálaí; 12) bíonn comhaontú a thugann na páirtithe i gcrích infhorfheidhmithe ag an gcúirt; 13) féidearthacht chun imeachtaí a thionscnamh/éileamh a chomhdú agus fianaise dhoiciméadach a chur isteach ar líne; 14) féadfar na páirtithe a chur ar an eolas faoin tionscnamh agus céimeanna éagsúla na nósanna imeachta go leictreonach; 15) féidearthacht chun na táillí is infheidhme a íoc ar líne; 16) úsáid teicneolaíochta (feidhmchláir intleachta saorga, róbat comhrá) chun cur isteach agus réiteach díospóidí a éascú; agus 17) aon mhodh eile. Maidir le gach ceann de na 17 dtáscaire sin, bronnadh pointe amháin le haghaidh gach réimse dlí. IE: tagann cásanna riarachán faoin gcatagóir a bhaineann le cásanna sibhialta agus tráchtála. EL: Tá RMD ann i nósanna imeachta soláthair poiblí sula dtéitear chuig na cúirteanna achomhairc. ES: Tá RMD éigeantach i gcásanna a bhaineann le dlí an tsaothair. PT: maidir le cásanna sibhialta/tráchtála, ní aisíoctar táillí cúirte ach i gcás ceartas ar son na síochána. SK: ní thacaíonn ord dlíthiúil na Slóvaice le RMD a úsáid chun críoch riaracháin. FI: meastar díospóidí tomhaltóirí agus saothair a bheith ina gcásanna sibhialta freisin. SE: tá discréid nós imeachta ag breithimh faoi RMD. Is cúram éigeantach atá ar an mbreitheamh féachaint le réiteach cairdiúil díospóide a bhaint amach ach amháin má tá sé míchuí mar gheall ar chineál an cháis.

 Socruithe sonracha maidir le rochtain ar an gceartas le haghaidh daoine faoi mhíchumas –

Mar Pháirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas ( 66 ) , tá sé de cheanglas ar an Aontas agus ar na Ballstáit uile ann a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach chothrom ag daoine faoi mhíchumas ar an gceartas trí chomhréiteach iomchuí a áirithiú a bhfuil sé d’aidhm aige comhionannas agus neamh‑idirdhealú a bhaint amach. Ba cheart do pháirtithe Stáit rochtain a sholáthar freisin, lena n‑áirítear cumarsáid agus faisnéis chomh maith leis an gceart atá acu ar aitheantas cothrom os comhair an dlí a athdheimhniú. Léirítear socruithe sonracha roghnaithe chuige sin i bhFíor 30, amhail faisnéis a bheith ar fáil i bhformáidí inrochtana, formáidí sonracha a bheith ar fáil ar iarraidh, nó inrochtaineacht réiteach digiteach le haghaidh cásanna sibhialta agus tráchtála, cásanna riaracháin agus cásanna cóiriúla roimh na cúirteanna céadchéime i gcomhar daoine faoi mhíchumas.

Fíor 30: Socruithe sonracha maidir le rochtain ar an gceartas le haghaidh daoine faoi mhíchumas, 2021 (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 67 ))

 Rialú breithiúnach ar riarachán poiblí i gcásanna a bhain le gnó –

Den chéad uair, soláthraítear le Scórchlár Ceartais AE 2022 forbhreathnú ar chosaintí dlíthiúla roghnaithe maidir le gníomhartha nó neamhghníomhartha údarás riaracháin i gcásanna a bhaineann le gnó 68 . I measc na gcosaintí dlíthiúla tá athbhreithniú na cúirte ar chinntí riaracháin agus bearta idirlinne, nó an fhéidearthacht maidir le cúiteamh airgeadais i gcás tost riaracháin nó cinneadh gan bhunús. Cuireann siad sin uile le cáilíocht an chóras cheartais, agus tá siad ábhartha don timpeallacht ghnó agus infheistíochta agus feidhmiú an mhargaidh aonair go háirithe.

Fíor 31: Cosaintí dlíthiúla a bhaineann le cinntí nó neamhghníomh údarás riaracháin, 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 69 ))



Ceartas lena dtacaítear le leanaí – 

Cuireann Scórchlár Ceartais AE 2022 leis an anailís atá ar cheartas lena dtacaítear le leanaí i gcomparáid le leaganacha a bhí ann roimhe. Léirítear i bhFíor 32 na socruithe éagsúla i mBallstáit a dhéanann córas ceartais níos oiriúnaí do riachtanais leanaí. I bhFíor 33 féachtar ar shocruithe sonracha atá ar fáil áit a bhfuil leanbh rannpháirteach i gcás mar íospartach nó mar dhuine atá faoi dhrochamhras/mar dhuine cúisithe.

Fíor 32: Socruithe sonracha le haghaidh imeachtaí lena dtacaítear le leanaí, 2021 (*) (Imeachtaí sibhialta agus coiriúla/ceartais ógánaigh agus riaracháin), (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 70 ))

(*) Leanaí: daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois. Le 2020 a bhaineann na sonraí le haghaidh MT maidir le hoiliúint i gcomhair breithiúna.



Fíor 33: Socruithe sonracha le haghaidh imeachtaí lena dtacaítear le leanaí atá rannpháirteach mar íospartaigh nó mar dhaoine atá faoi dhrochamhras nó mar dhaoine cúisithe, 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 71 ))

(*) Leanaí: daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.

3.2.2. Acmhainní

Tá gá le hacmhainní leordhóthanacha, lena n‑áirítear na hinfheistíochtaí is gá i mbonneagar fisiciúil agus teicniúil, chomh maith le foireann de gach cineál atá cáilithe, oilte agus a íoctar ar bhealach leordhóthanach, ionas go bhfeidhmeoidh an córas ceartais i gceart. In éagmais saoráidí, uirlisí ná foireann leordhóthanach ag a bhfuil na cáilíochtaí agus scileanna is gá chomh maith le rochtain ar oiliúint leanúnach, déantar dochar do cháilíocht na n‑imeachtaí agus na gcinntí.

Acmhainní airgeadais

Léirítear sna fíoracha thíos caiteachas iarbhír an rialtais ar fheidhmiú an chórais ceartais (gan príosúin san áireamh), in aghaidh an áitritheora (Fíor 34) agus mar sciar d’olltáirgeacht intíre (OTI) (Fíor 35) araon.



Fíor 34: Caiteachas iomlán ginearálta rialtais ar chúirteanna dlí in EUR in aghaidh an áitritheora, 2012, 2018 – 2020 (*) (foinse: Eurostat)

(*) Cuireadh na Ballstáit in eagar de réir a gcaiteachais in 2020 (ón méid is airde chuig an méid is ísle). Is sonraí sealadacha iad seo a leanas: DE (2018-2020), ES (2020), FR (2019-2020), IT (2020) agus PT (2020).

Fíor 35: Caiteachas iomlán ginearálta rialtais ar chúirteanna dlí mar chéatadán de OTI, 2012, 2018 – 2020 (*) (foinse: Eurostat)

(*) Cuireadh na Ballstáit in eagar de réir a gcaiteachais in 2020 (ón méid is airde chuig an méid is ísle). Is sonraí sealadacha iad seo a leanas: DE (2018-2020), ES (2020), FR (2019-2020), IT (2020) agus PT (2020).

Acmhainní daonna

Tá acmhainní daonna leordhóthanacha fíor‑riachtanach le haghaidh cáilíocht córais ceartais. Cuireann éagsúlacht i measc breithiúnacha, lena n‑áirítear cothromaíocht inscne, le heolas, scileanna agus taithí chomhlántach agus léirítear fíorstádas na sochaí léi.

Fíor 36: An líon breithiúnacha, 2012, 2018 – 2020 (*) (in aghaidh 100 000 áitritheoir) (foinse: Staidéar ón gCoimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais de chuid Chomhairle na hEorpa (CEPEJ))

(*) Is éard atá sa chatagóir sin breithiúnacha a oibríonn go lánaimseartha, i gcomhréir le modheolaíocht CEPEJ. Ní áirithítear léi na Rechtspfleger/cléirigh chúirte atá i roinnt Ballstát. AT: tá sonraí maidir le ceartas riaracháin mar chuid de na sonraí ó bhí 2016 ann. EL: ó bhí 2016 ann, áirithítear i sonraí maidir le líon na mbreithiúna gairmiúla gach aicme le haghaidh ceartas coiriúil agus sibhialta chomh maith le breithiúna riaracháin. IT: Ní chuirtear coimisiúin iniúchta réigiúnacha, coimisiúin cánach áitiúla ná cúirteanna míleata san áireamh. Cuirtear ceartas riaracháin san áireamh ó bhí 2018 ann.

Fíor 37: Sciar de bhreithiúnacha gairmiúla is mná ar an gCúirt Uachtarach 2019 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 72 ))

(*) Cuireadh na sonraí in eagar de réir luachanna 2020, ón luach is airde chuig an luach is ísle. MT: Ní raibh aon bhean ar an gcúirt is uachtaraí in 2019 ná in 2020.

Fíor 38: An líon dlíodóirí, 2012, 2018 – 2020 (*) (in aghaidh 100 000 áitritheoir) (foinse: Staidéar ón gCoimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais de chuid Chomhairle na hEorpa (CEPEJ))

(*) I gcomhréir le modheolaíocht CEPEJ, is éard atá i gceist le dlíodóir duine cáilithe agus údaraithe ag an dlí náisiúnta chun pléadáil agus gníomhú thar cheann a chliant; chun bheith rannpháirteach i gcleachtas an dlí; chun teacht os comhair na gcúirteanna nó comhairle a chur ar fáil dá chliaint agus ionadaíocht a dhéanamh ar a chliaint i gcúrsaí dlí (Moladh Rec (2000)21 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le saoirse chun gairm bheatha an dlíodóra a fheidhmiú). DE: ní dhéantar aon idirdhealú idir grúpaí dlíodóirí sa Ghearmáin, amhail an t‑idirdhealú a dhéantar idir dlíodóirí agus abhcóidí. FI: ó 2015, áirithítear sa líon dlíodóirí an líon dlíodóirí a oibríonn san earnáil phríobháideach chomh maith leis an líon dlíodóirí a oibríonn san earnáil phoiblí. 



– Oiliúint

Is rannchuidiú tábhachtach í oiliúint bhreithiúnach le cáilíocht cinntí breithiúnacha agus leis an tseirbhís ceartais a sheachadtar do shaoránaigh. Cumhdaítear oiliúint bhreithiúnach i raon leathan réimsí, lena n‑áirítear cumarsáid le páirtithe agus leis na meáin agus scileanna breithiúnacha, sa tacar sonraí a leagtar amach thíos.

Fíor 39: Infhaighteacht oiliúna ar chumarsáid le haghaidh breithiúnacha, 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 73 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 16 bpointe. Tugadh 1 phointe amháin do na Ballstáit má tá oiliúint tosaigh acu agus 1 phointe amháin má tá oiliúint leanúnach acu (agus 2 phointe ar a mhéad le haghaidh gach cineál oiliúna). MT: Sonraí 2020.



3.2.3. Uirlisí measúnúcháin

Le meastóireacht thráthrialta, d’fhéadfaí an córas ceartais a dhéanamh níos freagraí ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí, rud a chuirfeadh feabhas ar a cháilíocht. Tá suirbhéanna (Fíor 40) fíor‑riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ina bhfeidhmíonn córais cheartais ó pheirspictíocht dlíodóirí agus úsáideoirí cúirte.

Fíor 40: Ábhair i suirbhé staidrimh a rinneadh ar úsáideoirí cúirte nó dlíodóirí, 2019 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 74 ))

(*) Tugadh 1 phointe amháin do na Ballstáit in aghaidh an ábhair suirbhé a sonraíodh gan beann an ndearnadh an suirbhé ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó cúirte. Áirítear in ‘Ábhair eile’ suirbhé a rinneadh ar dhlíthithe faoina dtuairim ar na bealaí nua chun cáilíocht seirbhíse custaiméara sna cúirteanna agus inrochtaineacht na seirbhíse cúirte a fheabhsú (FR), suirbhé a rinneadh ar bhreithiúnacha ar ábhair amhail an staid i gcoitinne sa chóras ceartais, an fheidhm atá acu agus neamhspleáchas breithiúnach (ES), an cúnamh a thugtar d’íospartaigh na coireachta (PL), gnéithe ginearálta a bhaineann leis na cúirteanna agus a bhfeidhmiú, rochtain ar fhaisnéis faoi na cúirteanna, saoráidí cúirte, an breitheamh atá freagrach as an bpróiseas, na hacmhainní, dílseacht (PT).

3.2.4. Digitiú

Féadfaidh úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) córas cheartais na mBallstát a neartú agus iad a dhéanamh níos inrochtana, níos éifeachtaí, níos seasmhaí agus réidh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí. Bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar chórais cheartais náisiúnta freisin agus chuir an phaindéim roinnt dúshlán a dhéanann difear d'fheidhmiú na breithiúna i dtábhacht freisin. An tráth céanna, taispeánadh leis an bpaindéim an gá a bhí do na córais cheartais náisiúnta feabhas a chur ar a ndigitiú.

I leaganacha níos luaithe de Scórchlár Ceartais AE, soláthraíodh sonraí comparáideacha ar ghnéithe áirithe a bhaineann le TFC i gcórais cheartais. Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le digitiú ceartais san Aontas, an 2 Nollaig 2020( 75 ), cuireadh leis an Scórchlár ar bhealach substaintiúil le sonraí breise ar dhigitiú sna Ballstáit. Ba cheart don fheabhas sin ceadú do mhonatóireacht níos doimhne a dhéanamh ar réimsí dul chun cinn agus ar dhúshláin atá ann fós.

Éilítear le ceartas lena dtacaítear le saoránaigh go bhfuil faisnéis faoi chórais cheartais náisiúnta inrochtana go héasca, agus ní hamháin sin ach go bhfuil sí oiriúnaithe do ghrúpaí sonracha den tsochaí a mbeadh deacrachtaí acu murach an fhaisnéis inrochtana sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis. Léirítear i bhFíor 41 infhaighteacht faisnéise ar líne agus seirbhísí poiblí sonracha a chuidíonn le daoine rochtain a fháil ar an gceartas.

Fíor 41: Infhaighteacht faisnéise ar líne faoin gcóras ceartais le haghaidh an phobail i gcoitinne, 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 76 ))

(*) DE: Déanann gach stát feidearálach chomh maith le gach leibhéal feidearálach cinneadh faoin bhfaisnéis a chuirfear ar fáil ar líne.

Rialacha le bheith in oiriúint don saol digiteach

Is minic a éilítear rialú iomchuí i rialacha nós imeachta le haghaidh úsáid réiteach digiteach i gcásanna sibhialta/tráchtála, riaracháin agus coiriúla. Taispeántar i bhFíor 42 an fhéidearthacht le haghaidh gníomhaithe éagsúla teicneolaíocht chianchumarsáide (amhail físchomhdháil) a úsáid le haghaidh nósanna imeachta a bhaineann le cásanna cúirte, agus léirítear inti an staid reatha maidir le hinghlacthacht fianaise leictreonaí.

Fíor 42: Rialacha nós imeachta a cheadaíonn an teicneolaíocht dhigiteach i gcúirteanna i gcásanna sibhialta/tráchtála, riaracháin agus coiriúla, 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 77 ))

(*) Maidir le gach Ballstát, léirítear na rialacha nós imeachta le haghaidh cásanna sibhialta/tráchtála sa chéad cholún, agus na cásanna riaracháin sa dara colún agus cásanna coiriúla sa tríú colún. Uasmhéid féideartha: 12 bpointe. Maidir le gach critéar, tugadh 2 phointe má tá an fhéidearthacht ann i ngach cás sibhialta/tráchtála, riaracháin agus coiriúla, faoi seach (i gcásanna coiriúla, roinneadh an fhéidearthacht maidir le páirtithe a éisteacht chun na cosantóirí agus na híospartaigh a chumhdach). Roinneadh na pointí sin faoi dhó áit nach bhfuil an fhéidearthacht ann i ngach uile chás. Maidir leis na Ballstáit sin nach ndéanann idirdhealú idir cásanna sibhialta/tráchtála agus riaracháin, tugadh an líon céanna pointí don dá réimse. EL: níor tugadh aon phointe le haghaidh cásanna riaracháin ná coiriúla. LU: níor tugadh aon phointe le haghaidh cásanna riaracháin.



Úsáid uirlisí digiteacha

Thar rialacha nós imeachta le bheith in oiriúint don saol digiteach, ní mór do chúirteanna agus seirbhísí ionchúisimh na huirlisí agus an bonneagar iomchuí a bheith i bhfeidhm acu le haghaidh na cianchumarsáide agus cianrochtain shábháilte ar an aonad oibre (Fíor 43). Tá gá le bonneagar agus trealamh leordhóthanach freisin le haghaidh cumarsáid leictreonach shábháilte idir cúirteanna/seirbhísí ionchúisimh agus dlíodóirí agus institiúidí (Fíoracha 44 agus 45).

Tá ról tábhachtach ag TFC, lena n‑áirítear teicneolaíocht nuálach, chun tacú leis an obair a dhéanann údaráis bhreithiúnacha. Dá bhrí sin, cuireann sé le cáilíocht na gcóras ceartais ar bhealach suntasach. Féadfaidh infhaighteacht uirlisí digiteacha éagsúla do bhreithiúnacha, cúisitheoirí agus foireann bhreithiúnach próisis oibre a chuíchóiriú, leithdháileadh cóir ualach oibre a áirithiú agus an méid ama a chaitear a laghdú go suntasach.

Fíor 43: Úsáid teicneolaíochta digití ag cúirteanna agus seirbhísí ionchúisimh, 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 78 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 7 bpointe. Maidir le gach critéar, tugadh 1 phointe amháin do na cúirteanna agus do na seirbhísí ionchúisimh, faoi seach, má úsáideann siad teicneolaíocht áirithe agus bronnadh 0.5 pointe i gcás nár bhain siad úsáid as an teicneolaíocht i gcónaí.

Féadfaidh cumarsáid leictreonach shábháilte cur le cáilíocht córas ceartais a fheabhsú. Bheifí in ann próisis a chomhchuibhiú agus an gá atá le cumarsáid pháipéar‑bhunaithe agus láithreacht fhisiciúil a laghdú dá mbeadh féidearthacht ag na cúirteanna cumarsáid a dhéanamh lena chéile go leictreonach, chomh maith le cumarsáid a dhéanamh le dlíodóirí agus institiúidí eile agus dá bhrí sin laghdófaí an tréimhse a chaitear ar ghníomhaíochtaí réamhthrialacha agus imeachtaí cúirte.

Fíor 44: Na Cúirteanna: uirlisí ríomhchumarsáide, 2021 (*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 79 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 5 bpointe. Maidir le gach critéar, tugadh 1 phointe amháin i gcás ina raibh cumarsáid leictreonach ar fáil do na cúirteanna. Bronnadh 0.5 i gcás nach raibh an fhéidearthacht ann i ngach uile chás. FI: ní bhaineann cúraimí nótairí leis na cúirteanna. Dá bhrí sin, níl aon chúis le nasc slán a sholáthar dóibh.

Tá seirbhísí ionchúisimh fíor‑riachtanach le haghaidh fheidhmiú an chórais ceartais choiriúil. Is dócha go mbainfidís tairbhe as rochtain ar chainéal cumarsáide leictreonach slán, rud a d’éascódh an obair a dhéanann siad agus dá bhrí sin a fheabhsódh cáilíocht na n‑imeachtaí cúirte. Chumasódh féidearthacht le haghaidh cumarsáid leictreonach shlán idir na seirbhísí ionchúisimh agus na húdaráis imscrúdaithe, dlíodóirí cosanta agus na cúirteanna ullmhú níos tapa agus níos éifeachtúla na n‑imeachtaí roimh an gcúirt.



Fíor 45: An tSeirbhís Ionchúisimh: uirlisí ríomhchumarsáide, 2021(*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 80 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 5 bpointe. Maidir le gach critéar, tugadh 1 phointe amháin i gcás ina raibh cumarsáid leictreonach ar fáil do seirbhísí ionchúisimh. Bronnadh 0.5 nuair nach ann don fhéidearthacht i ngach cás. Áirithítear cumarsáid le dlíodóirí atá fostaithe ag an tseirbhís ionchúisimh le hinfhaighteacht uirlisí cumarsáide leictreonaí laistigh den tseirbhís ionchúisimh.



– Rochtain ar líne ar na cúirteanna –

Is gné thábhachtach de cháilíocht na gcóras ceartais í a bheith in ann céimeanna sonracha i nós imeachta breithiúnach a dhéanamh go leictreonach. Trí éilimh a chur isteach go leictreonach, an fhéidearthacht le faireachán a dhéanamh ar imeacht ar líne agus é a bhogadh ar aghaidh nó doiciméid a sheirbheáil go leictreonach, d’fhéadfaí rochtain ar an gceartas le haghaidh saoránach agus gnólachtaí (nó a n‑ionadaithe dlíthiúla) a éascú ar bhealach inbhraite agus moilleanna agus costais a laghdú. Bheadh na cúirteanna céim amháin ní ba chóngaraí do shaoránaigh agus gnólachtaí dá mbeadh na seirbhísí digiteacha poiblí sin ar fáil, agus dá réir sin, mhéadófaí iontaoibh an phobail sa chóras.

Fíor 46: Réitigh dhigiteacha chun imeachtaí cúirte a thionscnamh agus a leanúint i gcásanna sibhialta/tráchtála agus riaracháin, 2021(*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 81 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 9 bpointe. Maidir le gach critéar, tugadh 1 phointe amháin i gcás ina raibh an fhéidearthacht ann i ngach cás sibhialta/tráchtála agus riaracháin, faoi seach. Bronnadh 0.5 pointe nuair nach ann don fhéidearthacht i ngach cás. Maidir leis na Ballstáit sin nach ndéanann idirdhealú idir cásanna sibhialta/tráchtála agus riaracháin, tugadh an líon céanna pointí don dá réimse.



Féadfaidh úsáid uirlisí digiteacha chun imeachtaí cúirte i gcásanna coiriúla a reáchtáil agus a leanúint cuidiú le cearta íospartach agus cosantóirí a ráthú. Féadfaidh réitigh dhigiteacha an chianchumarsáid rúnda idir cosantóirí agus a ndlíodóirí a éascú, ceadú do chosantóirí atá faoi choinneáil ullmhú dá n‑éisteacht agus cuidiú le híospartaigh na coireachta an íospairt thánaisteach a sheachaint, mar shampla.

Fíor 47: Réitigh digiteacha chun imeachtaí cúirte a reáchtáil agus a leanúint i gcásanna coiriúla, 2021(*) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 82 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 6 bpointe. Maidir le gach critéar, tugadh 1 phointe amháin i gcás ina raibh an fhéidearthacht ann i ngach cás coiriúil. Bronnadh 0.5 pointe nuair nach ann don fhéidearthacht i ngach cás.

Rochtain ar bhreithiúnais

Trí rochtain ar líne ar bhreithiúnais a áirithiú, méadaítear trédhearcacht na gcóras ceartais, cuidítear le saoránaigh agus gnólachtaí a gcearta a thuiscint agus féadfar cur leis an gcomhsheasmhacht i gcásdlí freisin. Tá na socruithe chun cinntí breithiúnacha a fhoilsiú ar líne fíor‑riachtanach chun saoráidí cuardaigh so‑úsáidte a chruthú lena ndéantar cásdlí níos inrochtana le haghaidh dlíodóirí agus an phobail i gcoitinne ( 83 ). Le rochtain gan uaim agus ar chásdlí agus athúsáid éasca cásdlí, fágann sé go bhfuil an córas ceartais fabhrach d’algartam, lena gcumasaítear feidhmchláir ‘teicneolaíochta dlíthiúla’ a thacaíonn le cleachtóirí.

Agus cinntí cúirte a fhoilsiú ar líne ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir raon leasanna éagsúla, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i gcreataí dlíthiúla agus beartais. Tá feidhm iomlán ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ( 84 ) maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na cúirteanna. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cad iad na sonraí ar cheart a chur ar fáil go poiblí, ní mór cothromaíocht chóir a bhaint amach idir an fhógairt go poiblí chun trédhearcacht an chórais ceartais a áirithiú. Baineann sé sin go háirithe le cás a bhfuil suim mhór ag an bpobal ann agus údar le nochtadh na sonraí mar gheall ar an tsuim sin. I neart tíortha, éilítear anaithnidiú nó bréagainmniú ( 85 ) cinntí breithiúnacha sula bhfoilseofar iad, go córasach nó ar iarraidh, faoin dlí nó faoin gcleachtas. Tá sonraí a tháirgeann an bhreithiúnacht faoi réir reachtaíocht an Aontais ar shonraí oscailte agus faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid ( 86 ).

Éascaíonn infhaighteacht cinntí breithiúnacha i bhformáid meaisín‑inléite ( 87 ) córas ceartais atá oiriúnach d’algartaim ( 88 ).

Fíor 48: Rochtain ar líne ag an bpobal i gcoitinne ar bhreithiúnais fhoilsithe, 2021 (*) (cásanna sibhialta/tráchtála, riaracháin agus coiriúla, gach cás) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 89 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 9 bpointe. Maidir le gach céim cúirte, tugadh 1 phointe amháin i gcás ina raibh na breithiúnais uile ar fáil le haghaidh cásanna sibhialta/tráchtála agus riaracháin agus coiriúla faoi seach, 0.75 pointe i gcás ina raibh an chuid ba mhó de bhreithiúnais (níos mó ná 50 %) ar fáil, agus 0.5 pointe i gcás ina raibh roinnt breithiúnas (níos lú ná 50 %) ar fáil. Maidir le Ballstáit nach bhfuil ach dhá chéim cúirte acu, tugadh pointí le haghaidh trí chéim cúirte trí aithris a dhéanamh ar an gcéim cúirte níos airde faoi seach don chéim nach bhfuil ann. Maidir leis na Ballstáit sin nach ndéanann idirdhealú idir dhá réimse dlí (sibhialta/tráchtála agus riaracháin), tugadh an líon céanna pointí don dá réimse. BE: maidir le cásanna sibhialta agus coiriúla, tá gach cúirt i gceannas ar chinneadh a dhéanamh i ndáil le foilsiú a breithiúnas féin. DE: déanann gach stát feidearálach cinneadh maidir le hinfhaighteacht ar líne na mbreithiúnas ón gCúirt Céadchéime. AT: maidir leis an gcéad agus an dara céim, déanann breithiúna cinneadh faoi na breithiúnais a fhoilsítear. Ní fhoilsítear Cinntí ón gCúirt Uachtarach a dhiúltaíonn d’achomharc gan réasúnaíocht shubstaintiúil. Foilsítear Cinntí a dhéanann breithiúna aonair den Chúirt Riaracháin Uachtarach má chinneann an breitheamh lena mbaineann iad a fhoilsiú. Thairis sin, ní fhoilsítear cinntí nach bhfuil iontu ach saincheisteanna dlíthiúla amháin a bhfuil dlí‑eolaíocht leanúnach ón gCúirt Riaracháin Uachtarach ann cheana féin agus cinntí neamhchasta a bhaineann le scor imeachtaí. NL: déanann cúirteanna cinntí maidir le foilsiú de réir critéir fhoilsithe. PT: déanann coimisiún laistigh den chúirt cinneadh faoin bhfoilsiú. SI: ní fhoilsítear cinntí nós imeachta nach mbaineann aon suntas don chásdlí leo nó gur beag an suntas don chásdlí a bhaineann leo; maidir le cinntí i gcásanna, atá díreach mar an gcéanna go bunúsach (e.g. cásanna toirte), ní fhoilsítear ach an príomhchinneadh (in éineacht leis an liosta de chomhaid cáis ina bhfuil an t‑inneachar céanna). Déanann cúirteanna uachtaracha aonair cinneadh faoi na cinntí is féidir a fhoilsiú. SK: ní fhoilsítear cinntí ar roinnt cineálacha cásanna sibhialta, amhail cúrsaí oidhreachta nó cúrsaí a bhaineann le hatharthacht a chinneadh. FI: déanann cúirteanna cinneadh faoi na breithiúnais a fhoilsítear.

Fíor 49: Socruithe chun cinntí breithiúnacha atá meaisín‑inléite a tháirgeadh, 2021 (*) (cásanna sibhialta/tráchtála, riaracháin agus coiriúla, gach céim) (foinse: An Coimisiún Eorpach ( 90 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 24 phointe in aghaidh an chineáil cáis. Maidir le gach ceann de na trí chéim (an chéad chéim, an dara céim, an chéim dheiridh), féadfar 1 phointe amháin a thabhairt má chumhdaítear na cinntí breithiúnacha uile. Mura gcumhdaítear ach roinnt cinntí breithiúnacha ag céim ar leith, ní bhronntar ach leathphointe. I gcás nach bhfuil ach dhá chéim ag Ballstát, tugadh pointí le haghaidh trí chéim trí aithris a dhéanamh ar an gcéim níos airde faoi seach don chéim nach bhfuil ann. Maidir leis na Ballstáit sin nach ndéanann idirdhealú idir cásanna riaracháin agus sibhialta/tráchtála, tugadh an líon céanna pointí don dá réimse dlí. ES: Níl cead bunachar sonraí na Comhairle Ginearálta don Bhreithiúnacht (CGPJ) a úsáid chun críoch tráchtála, ná níl cead lear mór faisnéise a íoslódáil. Maidir le hathúsáid na faisnéise sin chun bunachair sonraí a fhorbairt nó chun críoch tráchtála, ní mór an nós imeachta agus na coinníollacha a shuí CGPJ trína Aonad Doiciméadachta Breithiúnaí a leanúint. IE: déantar breithiúnais a anaithnidiú sa dlí teaghlaigh, i réimse an chúraim leanaí agus i réimsí eile ina n‑éilíonn reacht amhlaidh nó ina n‑ordaíonn breitheamh nach féidir aitheantais na bpáirtithe nó na ndaoine a nochtadh.


3.2.5. Achoimre ar cháilíocht na gcóras ceartais

Cuireann rochtain éasca, acmhainní leordhóthanacha, uirlisí measúnaithe éifeachtacha agus an digitiú go léir le córas ceartais a mbaineann cáilíocht ard leis. Bíonn saoránaigh agus gnólachtaí ag súil le cinntí ardcháilíochta ó chóras ceartais éifeachtach. Déantar anailís chomparáideach ar na toscaí sin i Scórchlár Ceartais AE 2022.

Inrochtaineacht

In eagrán 2022, breathnaítear ar roinnt gnéithe a chuireann le córas ceartais lena dtacaíonn le saoránaigh:

·tionchar mór ag infhaighteacht cúnaimh dhlíthiúil agus leibhéal na dtáillí cúirte ar rochtain ar an gceartas, go háirithe le haghaidh daoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht. Léirítear i bhFíor 25 nach bhfaigheadh tomhaltóirí a bhfuil a n‑ioncam faoi thairseach bochtaineachta Eurostat cúnamh dlíthiúil i roinnt Ballstát. I gcomparáid le 2020, d’éirigh cúnamh dlíthiúil níos inrochtana in thart ar thrian de na Ballstáit - go háirithe cúnamh dlíthiúil páirteach - agus d’éirigh sé ní ba theoranta in dhá Bhallstát. Tá an méid sin i gcodarsnacht leis an treocht a bhí ann roimhe inar éirigh sé ní ba dheacra rochtain a fháil ar chúnamh dlíthiúil i roinnt Ballstát. D’fhan leibhéal na dtáillí cúirte (Fíor 26) seasmhach a bheag nó a mhór ó bhí 2016 ann, cé gur ardaigh roinnt Ballstát leibhéal na dtáillí cúirte le haghaidh éilimh ar luach íseal. Leanann ualach na dtáillí cúirte de bheith níos airde go comhréireach le haghaidh éilimh ar luach íseal. D’fhéadfadh deacrachtaí maidir le cúnamh dlíthiúil a fháil in éineacht le leibhéal ard na dtáillí cúirte i roinnt Ballstát daoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht a dhíchur ó iarracht a dhéanamh rochtain a fháil ar an gceartas.

·Tá leibhéal na dtáillí cúirte le haghaidh dlíthíocht tráchtála (Fíor 27) an‑éagsúil sna Ballstáit éagsúla (idir 0.1 % agus 6 % de luach an éilimh), agus níl ann ach dhá Bhallstát nach bhfuil táille chúirte ar bith i bhfeidhm iontu. I gcomparáid le 2020, d’fhan leibhéal na dtáillí cúirte seasmhach a bheag nó a mhór, agus níor laghdaigh ach dhá Bhallstát an táille agus mhéadaigh Ballstát amháin an táille. Léirítear i bhFíor 28 an méid is féidir leis an bpáirtí a bhuann i gcás tráchtála costais dlí a aisghabháil. Tá difríochtaí móra in in‑aisghabhálacht táillí dlíthiúla le haghaidh na céime dlíthíche idir na Ballstáit a bhfuil agus nach bhfuil córas táille reachtúil acu, agus laistigh de na grúpaí sin (go háirithe idir córais táille reachtúla atá níos flaithiúla agus nach bhfuil chomh flaithiúil céanna). Ina theannta sin, i neart Ballstát tá in‑aisghabhálacht costas dlí faoi dhiscréid na gcúirteanna. D’fhéadfadh leibhéal flaithiúlachta córais maidir le haisghabháil táillí dlí duine a spreagadh nó a dhíchur chun cás a chomhdú, agus bíonn tionchar aige sin ar rochtain fhoriomlán ar an gceartas.

·Leanann Scórchlár Ceartais AE 2022 d’anailís a dhéanamh ar na bealaí ina gcuireann Ballstáit úsáid dheonach modhanna réitigh malartaigh díospóidí (RMD) chun cinn (Fíor 29), lena n‑áirítear an fhéidearthacht a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid. I gcomparáid le 2020, chuir trian de na Ballstáit lena n‑iarrachtaí cur chun cinn agus laghdaigh thart ar an méid céanna a n‑iarrachtaí. Go ginearálta, is gnách don líon bealaí le modhanna RMD a chur chun cinn a bheith níos ísle le haghaidh díospóidí riaracháin i gcomparáid le díospóidí sibhialta agus tráchtála nó díospóidí saothair nó tráchtála, ach chonacthas iarracht a méadaíodh beagán sa réimse sin i gcomparáid le 2020.

·Den chéad uair riamh, cuirtear san áireamh i Scórchlár Ceartais AE 2022 na socruithe sonracha atá i bhfeidhm chun tacú le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar an gceartas ar bhonn cothrom le daoine eile. Léirítear i bhFíor 30 go bhfuil roinnt socruithe ar a laghad i bhfeidhm ag na Ballstáit uile - is socruithe nós imeachta nó faisnéis atá ar fáil i bhformáidí inrochtana atá i gceist leo den chuid is mó. Tá formáidí sonracha, amhail braille, teanga chomharthaíochta nó formáidí soléite, ar fáil ach iad a iarraidh i níos mó ná leath de na Ballstáit. Tá rochtain ar réitigh dhigiteacha le haghaidh cásanna sibhialta agus tráchtála, cásanna riaracháin chomh maith le cásanna coiriúla ag an gcéad chéim den chúirt le haghaidh daoine faoi mhíchumas i mbeagán níos mó ná leath de na Ballstáit.

·Den chéad uair riamh freisin, mapáiltear i Scórchlár Ceartais AE 2022 gnéithe áirithe de rialú breithiúnach ar ghníomhartha agus neamhghníomhartha riaracháin phoiblí  bunaithe ar chásanna sonrach gnó. Léirítear i bhFíor 31 go bhféadfadh cuideachtaí cúiteamh airgeadais a fháil ar dhamáiste a tharla de thoradh cinntí riaracháin nó tost riaracháin i ngach Ballstát a bheag nó a mhór agus go bhféadfaidh cúirteanna bac a chur ar fhorfheidhmiú cinntí riaracháin. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag na gnéithe sin ar mhuinín infheisteoirí, ar an timpeallacht ghnó agus ar fheidhmiú an mhargaidh aonair, rud a éilíonn faireachán agus anailís níos géire.

·Soláthraíonn Scórchlár Ceartais AE 2022 anailís níos doimhne ar na bearta atá i bhfeidhm ag Ballstáit chun córas ceartais lena dtacaítear le leanaí a áirithiú. Go háirithe, déanann sé rogha socruithe a bheachtú i gcineálacha éagsúla imeachtaí a chuirtear in iúl i bhFíor 32 agus déanann sé idirdhealú (i bhFíor 33) idir leanbh atá rannpháirteach sna himeachtaí mar íospartach agus leanbh atá mar dhuine atá faoi dhrochamhras nó mar dhuine cúisithe. Léirítear i bhFíor 32 go ndéanann gach Ballstát a bheag nó a mhór socruithe áirithe le haghaidh leanaí, lena áirithiú de ghnáth go gcaitear leo go hiomchuí de réir a riachtanas agus a gceart sonrach. Cuireann gach Ballstát a bheag nó a mhór cúrsaí oiliúna faoi cheartas lena dtacaítear le leanaí ar fáil le haghaidh breithiúna. I bhFíor 33 léirítear an éagsúlacht idir na Ballstát sa réimse sin, agus taispeántar go bhfuil níos lú socruithe sonracha ar fáil le haghaidh leanaí a bhí rannpháirteach in imeachtaí mar dhaoine atá faoi dhrochamhras nó mar dhaoine cúisithe i dtrian de na Ballstáit.

Acmhainní

Tá córais cheartais ardcháilíochta i mBallstáit ag brath ar dhóthain acmhainní airgeadais agus daonna a bheith acu. Chuige sin, teastaíonn infheistíocht iomchuí sa bhonneagar fisiciúil agus teicniúil, oiliúint tosaigh agus leanúnach, agus éagsúlacht i measc na mbreithiúna, lena n‑áirítear cothromaíocht inscne. Léirítear an méid seo a leanas i Scórchlár Ceartais AE 2022:

·Maidir le hacmhainní airgeadais, léirítear sna sonraí gur fhan caiteachas ginearálta iomlán rialtais ar chúirteanna dlí seasmhach, ar an bhforiomlán, i mBallstáit in 2020, agus gur leanadh leis na difríochtaí suntasacha i méideanna iarbhír, in EUR in aghaidh an áitritheora agus mar chéatadán de OTI idir Ballstáit (Fíoracha 34 agus 35). Mhéadaigh gach Ballstát a bheag nó a mhór a chaiteachas mar chéatadán de OTI in 2020 (is méadú é sin i gcomparáid le 2019) agus mhéadaigh formhór díobh a gcaiteachas per capita.

·Mná ab ea iad ní ba lú ná 50 % de bhreithiúna ag leibhéal na Cúirte Uachtaraí sa chuid ba mhó de na Ballstáit fós (Fíor 37). Léirítear leibhéil agus treochtaí éagsúla idir Ballstáit sna figiúir don tréimhse 3 bliana 2019-2021, ach ó bhí 2010 ann, tháinig méadú ar an sciar de bhreithiúna mná ag leibhéal na Cúirte Uachtaraí sa chuid is mó de na Ballstáit. 

·Chun feabhas a chur ar chumarsáid le grúpaí leochaileacha (Fíor 39), cuireann an chuid is mó de na Ballstáit oiliúint ar fáil faoin mbealach is fearr le cumarsáid a dhéanamh le híospartaigh an fhoréigin bunaithe ar inscne agus/nó an fhoréigin baile, agus cuireann níos mó ná dhá thrian oiliúint ar fáil ar chumarsáid a dhéanamh le hiarrthóirí tearmainn agus le daoine ó chúlraí cultúrtha, caidrimh, eitneacha nó teangeolaíocha éagsúla. Cuireann thart ar leath de na Ballstáit oiliúint faoin mbealach le cumarsáid a dhéanamh le daoine atá ar lagamharc nó daoine lagéisteachta. Thairis sin, cuireann níos mó ná dhá thrian de na Ballstáit oiliúint ar úsáid na meán sóisialta agus/nó cumarsáid leis na meáin ar fáil, agus músclaíonn thart ar leath de na Ballstáit feasacht agus cuireann siad oiliúint ar fáil ar an mbealach le dul i ngleic le bréagaisnéis.

Uirlisí measúnúcháin

·Bhí úsáid suirbhéanna i measc úsáideoirí cúirte agus dlíodóirí (Fíor 40) ní b’ísle in 2020 i gcomparáid le blianta roimhe sin, agus roghnaigh líon seasmhach Ballstát gan aon suirbhé a dhéanamh. Mar sin féin, na Ballstáit a rinne suirbhéanna, ní raibh siad ar na Ballstáit céanna a rinne suirbhéanna an bhliain roimhe sin i gcónaí, treocht lena léirítear go dtugann roinnt díobh faoi shuirbhéanna gach dara bliain/gach cúpla bliain. Bíonn an inrochtaineacht, seirbhís do chustaiméirí, éisteachtaí cúirte agus breithiúnais, chomh maith le hiontaobhas foriomlán sa chóras ceartais, ina n‑ábhair a thagann aníos arís agus arís eile sna suirbhéanna, ach níor chuir ach roinnt Ballstát ceisteanna faoi shásamh grúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu nó faoi fheasacht daoine aonair faoina gcearta.

Digitiú

Ó eagrán 2021, áirítear roinn mhór i Scórchlár Ceartais AE ina bhféachtar go mionsonraithe ar ghnéithe a bhaineann le digitiú an cheartais. Cé go mbaineann gach Ballstát a bheag nó a mhór leas as réitigh dhigiteacha i gcomhthéacsanna éagsúla agus ar leibhéil éagsúla, d’fhéadfaí feabhas suntasach a chur air.

·Tá faisnéis áirithe ar líne faoina gcóras breithiúnach ag beagnach gach Ballstát, lena n‑áirítear suíomhanna gréasáin ar a bhfuil faisnéis shofheicthe agus shothuigthe faoin mbealach le rochtain a fháil ar chúnamh dlíthiúil, agus ar tháillí cúirte agus ar chritéir incháilitheachta lena laghdú (Fíor 41). Mar sin féin, tá difríochtaí ann idir na Ballstáit maidir leis an leibhéal faisnéise agus a mhéid a chomhfhreagraíonn sí do riachtanais daoine. Ní sholáthraíonn mórán Ballstát (13) ionsamhlú idirghníomhach ar líne inar féidir le daoine a fháil amach an bhfuil siad incháilithe chun cúnamh dlíthiúil a fháil. Ar an taobh eile, soláthraíonn an chuid is mó de na Ballstáit suíomh gréasáin ar a bhfuil foirmeacha ar líne le haghaidh cuideachtaí agus daoine aonair, chomh maith le faisnéis le haghaidh cainteoirí neamhdhúchasacha.

·Níl rialacha nós imeachta le bheith in oiriúint don saol digiteach ach ag leath de na Ballstáit (Fíor 42), is rialacha iad sin faoina gceadaítear go hiomlán cianchumarsáid a úsáid agus inghlacthacht fianaise i bhformáid dhigiteach amháin. Sna Ballstáit eile, ní féidir é sin a dhéanamh ach i líon teoranta cásanna. Mar sin féin, rinneadh dul chun cinn i leath de na Ballstáit a bheag nó a mhór ó bhí 2020 ann.

·Maidir le húsáid teicneolaíochta digití sna cúirteanna agus i seirbhísí ionchúisimh (Fíor 43), tá uirlisí digiteacha éagsúla ag an gcuid is mó de na Ballstáit cheana féin agus iad ar fáil do chúirteanna, ionchúisitheoirí agus baill foirne. Cé go bhfuil córais bainistíochta cásanna, córais físchomhdhála agus socruithe teilea‑oibre i bhfeidhm ag an gcuid is mó de na Ballstáit, teastaíonn níos mó dul chun cinn chun córais leithdháilte cásanna a uathoibriú agus chun uirlisí intleachta saorga agus uirlisí atá bunaithe ar an mblocshlabhra a chur ar fáil ar bhealach níos forleithne.

·Tá uirlisí leictreonacha slána don chumarsáid ar fáil do chúirteanna sa chuid is mó de na Ballstáit. Mar sin féin, i roinnt Ballstát, ní féidir le cúirteanna cumarsáid a dhéanamh le dlíodóirí áirithe agus/nó le húdaráis náisiúnta ach trí mhodh leictreonach slán amháin (Fíor 44). I gcás na seirbhísí ionchúisimh (Fíor 45), déanann níos mó ná trian de na Ballstáit foráil chuimsitheach maidir le cumarsáid leictreonach shlán le dlíodóirí agus le hinstitiúidí náisiúnta, agus léirítear leis sin dul chun cinn i gcomparáid le 2020.

·I gcásanna sibhialta/tráchtála agus riaracháin, soláthraíonn an chuid is mó de na Ballstáit rochtain ar líne ar a gcásanna atá ar siúl nó ar a gcásanna dúnta do dhaoine aonair agus gnólachtaí (nó dá ndlíodóirí) (Fíor 46), cé go mbaineann éagsúlacht leis an rochtain sin. I níos mó ná trian de na Ballstáit, tairbhíonn daoine aonair agus gnólachtaí de rochtain ar líne níos fearr i gcomparáid le 2020. Mar sin féin, i gcásanna coiriúla sa chuid i mó de na Ballstáit (Fíor 47), tá féidearthachtaí an‑teoranta ag cosantóirí agus íospartaigh chun cuid dá gcás a leanúint nó a dhéanamh go leictreonach cé go raibh feabhas le feiceáil i leath de na Ballstáit a bheag nó a mhór.

·Déanann Scórchlár 2022 measúnú ar shonraí ar rochtain ar líne ar bhreithiúnais chúirte (Fíor 48) ar bhealach níos mionsonraithe chun léargas níos cruinne a sholáthar ar an staid sna Ballstáit. Tá na torthaí sin éagsúil ó na torthaí anuraidh. Go háirithe, maidir leis na torthaí a bhaineann le breithiúnais ag an gcéim is airde a fhoilsiú: Foilsíonn 22 Bhallstát gach breithiúnas sibhialta/tráchtála agus riaracháin agus foilsíonn 22 Bhallstát breithiúnais choiriúla freisin. Mar sin féin, bíonn foilsiú breithiúnas ag an dara céim níos annaimhe, agus ní fhoilsíonn ach 10 mBallstát gach breithiúnas cúirte ag an dara céim.

·Leanann Scórchlár Ceartais 2022 d’anailís a dhéanamh ar shocruithe sna Ballstáit chun cuidiú le cinntí breithiúnacha atá inléite ag meaisín a tháirgeadh (Fíor 49). Tá roinnt socruithe ar a laghad i bhfeidhm ag gach Ballstát le haghaidh cásanna sibhialta/tráchtála, riaracháin agus coiriúla cé go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir Ballstáit. Is cosúil go bhfuil cúirteanna riaracháin níos forbartha maidir le rochtain gan uaim a dheonú ar chásdlí ag cuideachtaí teicneolaíochta dlíthiúla agus athúsáid éasca an chásdlí a éascú. Go ginearálta, tá claonadh sna cúirteanna sin níos mó socruithe a thabhairt isteach, go háirithe maidir le hinfhaighteacht meiteashonraí i mbreithiúnais ar eochairfhocail, dátaí cinntí agus rialú sonraí pearsanta sna breithiúnais fhoilsithe. Thuairiscigh 10 mBallstát go raibh feabhas in 2021 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Maidir le córais cheartais inar cuireadh i bhfeidhm socruithe chun breithiúnais a mhúnlú de réir caighdeán lena n‑inléiteacht ag meaisín a chumasú, is cosúil go bhfuil d’acmhainn acu torthaí níos fearr a bhaint amach sa todhchaí.

(1)      COM (2021) 740 final.
(2)      Féach Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Identifying and addressing barriers to the Single Market [an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, lena sainaithnítear bacainní os comhair an Mhargaidh Aonair agus lena dtugtar aghaidh orthu], COM(2020)93, agus SWD(2020)54 a ghabhann leis.
(3)    Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún:Digitalisation of justice in the European Union: A toolbox of opportunities[Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach: Bosca uirlisí de dheiseanna], COM(2020)710, agus SWD(2020)540 a ghabhann leis.
(4)     https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and‑fundamental-rights/upholding-rule-law/rule-law/rule-law-mechanism/2021-rule-law-report/2021-rule-law-report‑communication‑and‑country-chapters_en
(5)      E.g. Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Meitheamh 2018 maidir le Scórchlár Ceartais AE 2017 (P8_TA(2018)0216).
(6)     https://ec.europa.eu/info/strategy/justice-and‑fundamental-rights/effective-justice/eu-justice-scoreboard_en
(7)      Chun cuidiú le Scórchlár Ceartais AE a ullmhú agus idirmhalartú an dea‑chleachtais a chur chun cinn maidir le héifeachtacht na gcóras ceartais, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit beirt teagmhálaithe a ainmniú, duine amháin ó na breithiúna agus duine eile ón aireacht ceartais. Buaileann an grúpa neamhfhoirmiúil sin le chéile go tráthrialta.
(8)      Tugtar le chéile in ENCJ institiúidí náisiúnta na mBallstát atá neamhspleách ar an bhfeidhmeannas agus ar an reachtas, agus atá freagrach as tacaíocht a thabhairt do na breithiúna chun ceartas a sholáthar go neamhspleách: https://www.encj.eu/
(9)      Soláthraíonn NSPJC fóram ina dtugtar an deis d’institiúidí Eorpacha tuairimí na gcúirteanna uachtaracha a iarraidh, agus tugann sé níos gaire iad trí spreagadh a thabhairt do chomhphlé agus d’idirmhalartú smaointe: http://network-presidents.eu/
(10)      Tá ACA‑Europe comhdhéanta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus de na Comhairlí Stáit nó de dhlínsí riaracháin Uachtaracha gach Ballstáit den Aontas Eorpach: http://www.juradmin.eu/index.php/en/
(11)      Déanann CCBE ionadaíocht thar ceann bharraí agus chumainn dlí na hEorpa ina gcomhleasanna os comhair institiúidí Eorpacha agus institiúidí idirnáisiúnta eile. Gníomhaíonn sé go tráthrialta mar idirchaidreamh idir a chomhaltaí agus na hinstitiúidí Eorpacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí dlí eile ar fud na cruinne: https://www.ccbe.eu/  
(12)      Bunaíodh ECN mar fhóram do chomhphlé agus comhar idir údaráis iomaíochta na hEorpa i gcásanna ina gcuirtear Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm. Is é ECN an creat le haghaidh sásraí dlúthchomhair de Rialachán 1/2003 ón gComhairle. Trí ECN, téann an Coimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta i ngach Ballstát AE i gcomhar a chéile: http://ec.europa.eu/competition/ecn/index_en.html
(13)      Tá COCOM comhdhéanta d’ionadaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Is é a phríomhról tuairim a thabhairt faoi na dréachtbhearta atá an Coimisiún ag beartú a ghlacadh maidir le fadhbanna sa mhargadh digiteach: https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/communications‑committee
(14)      Is líonra saineolaithe agus sainpháirtithe leasmhara í an Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla. Tá sí comhdhéanta d’ionadaithe ón earnáil phoiblí agus phríobháideach, a chomhoibríonn le chéile i meithleacha gníomhacha: https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/web/observatory/home  
(15)      Is líonra é CPC d’údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí an Aontais a fhorfheidhmiú i dtíortha an Aontais Eorpaigh agus LEE: http://ec.europa.eu/internal_market/scoreboard/performance_by_governance_tool/consumer_protection_cooperation_network/index_en.htm  
(16)      Buaileann EGMLTF le chéile go tráthrialta chun tuairimí a chomhroinnt, agus chun cabhrú leis an gCoimisiún beartas a shainiú agus reachtaíocht nua frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta a dhréachtú: http://ec.europa.eu/justice/civil/financial-crime/index_en.htm
(17)      Is í oifig staidrimh an Aontais í Eurostat: http://ec.europa.eu/eurostat/about/overview
(18)      Is é EJTN an príomhardán agus an tionscnóir le haghaidh oiliúint a chur ar na breithiúna Eorpacha agus lena n‑eolas a mhalartú: https://www.ejtn.eu/en/      
(19)      I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, sheol an Chomhairle, ar bhonn thogra an Choimisiúin, moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith maidir lena gcórais cheartais chuig seacht mBallstát in 2019 (HR, IT, CY, HU, MT, PT agus SK) agus chuig ocht mBallstát in 2020 (HR, IT, CY, HU, MT, PL, PT agus SK). Déanann an Coimisiún faireachán freisin ar athchóirithe breithiúnacha in BG agus RO faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin. Ní raibh aon mholadh a bhain go sonrach le tír faoi leith in 2021 i ngeall ar na próisis leanúnacha a bhain leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
(20)      Airteagal 19(3)(b) agus Airteagal 24(3) agus (5) de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.
(21)      CAI, An Réamhaisnéis Eacnamaíoch Réigiúnach, Mí na Samhna 2017, Europe: Europe Hitting its Stride, lch. xviii, lgh. 40, 70: https://www.imf.org/~/media/Files/Publications/REO/EUR/2017/November/eur-booked‑print.ashx?la=en  
(22)    BCE, ‘Structural policies in the euro area’, Mí an Mheithimh 2018, Páipéar ócáideach le ECB, Sraith Uimh. 210: https://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/scpops/ecb.op210.en.pdf?3db9355b1d1599799aa0e475e5624651  
(23)      Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna agus Lárionad Montaigne um an Smacht Reachta agus Riaradh an Cheartais de chuid Ollscoil Utrecht, ‘Economic value of the judiciary – A pilot study for five countries on volume, value and duration of large commercial cases’, Mí an Mheithimh 2021: https://pgwrk-websitemedia.s3.eu-west‑1.amazonaws.com/production/pwk-web-encj2017-p/Reports/Economic%20value%20of%20te%20judiciary%20-%20pilot%20study.pdf  
(24)      Féach e.g. ‘What makes civil justice effective?’ OECD Economics Department Policy Notes, Uimh. 18, Mí an Mheithimh 2013 agus ‘The Economics of Civil Justice: New CrossCountry Data and Empirics’, Páipéir Oibre Rannán Eacnamaíochta ECFE, Uimh. 1060.
(25)      An Fóram Eacnamaíoch Domhanda, ‘The Global Competitiveness Report 2019’, Mí Dheireadh Fómhair 2019: https://www.weforum.org/reports/global-competitiveness‑report‑2019  
(26)      An Banc Domhanda, ‘World Development Report 2017: Governance and the Law, Caibidil 3: The role of law’, lgh. 83, 140: http://www.worldbank.org/en/publication/wdr2017  
(27)      Is éard atá san ‘aga diúscartha’ an líon cásanna gan réiteach arna roinnt ar an líon cásanna réitithe ag deireadh bliana arna iolrú faoi 365 (lá). Is táscaire caighdeánach é arna fhorbairt ag Coimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais de chuid Chomhairle na hEorpa (CEPEJ): http://www.coe.int/t/dghl/cooperation/cepej/evaluation/default_en.asp
(28)      Vincenzo Bove agus Leandro Elia, ‘The judicial system and economic development across EU Member States’, JRC Technical Report, EUR 28440 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2017: http://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/bitstream/JRC104594/jrc104594__2017_the_judicial_system_and_economic_development_across_eu_member_states.pdf
(29)      Idem.
(30)      ‘Effect of judicial independence on foreign direct investment in Eastern Europe and South Asia’, Bülent Dogru, 2012, MPRA Munich Personal RePEc Archive: https://mpra.ub.uni-muenchen.de/40471/1/MPRA_paper_40322.pdf . I measc Bhallstáit an Aontais a bhí san áireamh sa staidéar bhí siad seo a leanas: BG, HR, CZ, EE, HU, LV, LT, RO, SK agus SI.
(31)      The Economist Intelligence Unit, ‘Risk and Return – Foreign Direct Investment and the Rule of Law’, 2015 http://www.biicl.org/documents/625_d4_fdi_main_report.pdf , lch. 22.
(32)      Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Scórchlár FBM maidir le Maoin Intleachtúil (MI), 2016: https://euipo.europa.eu/tunnel-web/secure/webdav/guest/document_library/observatory/documents/sme_scoreboard_study_2016/Executive-summary_en.pdf
(33)      COM(2020)93 agus SWD(2020)54.
(34)      Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions Long term action plan for better implementation and enforcement of single market rules, [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean gníomhaíochta fadtéarmach le haghaidh cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr rialacha an mhargaidh aonair], COM(2020)94, go háirithe bearta 4, 6 agus 18.
(35)       https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/funding-opportunities/funding-programmes/overview-funding-programmes/structural-reform-support‑programme-srsp_en  
Glacadh an rialachán don Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil i mí an Mhárta 2021. De réir airteagal 5 is é is aidhm dó tacaíocht a thabhairt maidir le:
‘…athchóiriú institiúideach agus feidhmiú éifeachtúil atá dírithe ar sheirbhís den riarachán poiblí agus de ríomhsheirbhísí an rialtais, simpliú a dhéanamh ar rialacha agus nósanna imeachta, iniúchóireacht, feabhas a chur ar acmhainn chun cistí an Aontais a ionsú, comhar riaracháin a chur chun cinn, smacht reachta éifeachtach, athchóiriú na gcóras ceartais, fothú acmhainneachta maidir le húdaráis iomaíochta agus údaráis in aghaidh trustaí, maoirseacht airgeadais a neartú, agus an comhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus an sciúrtha airgid a atreisiú’ (béim curtha leis).
(36)      COM(2020) 710 final.
(37)      Bailíodh an fhaisnéis seo i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta do 26 Bhallstát. Mhínigh DE go raibh roinnt athchóirithe breithiúnacha ar siúl, ach go mbíonn éagsúlacht idir raon feidhme agus scála an phróisis athchóirithe laistigh de na 16 stát fheidearálacha.
(38)      Bhí dhá cheistneoir mar bhonn eolais ag an gcairt seo, ceann ó Chomhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas‑Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh (ACA‑Europe) agus ceann ón Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach (NPSJC). I gcás roinnt Ballstát, níl ach aon cholún amháin sa chairt. Sna cásanna sin, ní ann d’aon Chúirt Riaracháin Uachtarach, nó níor tugadh aon fhreagra ar an suirbhé a seoladh chuig NPSJC.
(39)      Tá forfheidhmiú cinntí cúirte tábhachtach freisin d’éifeachtúlacht córais ceartais. Níl sonraí inchomparáide ar fáil áfach i bhformhór na mBallstát.
(40)      In IT, d’fhág an mhoill shealadach ar ghníomhaíocht bhreithiúnach i ngeall ar na bearta sriantacha diana a tugadh isteach chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID‑19 go ndearnadh difear don aga diúscartha. Cuirtear tuilleadh mionsonraí maidir le cás na mBallstát aonair i láthair i staidéar 2020 maidir le feidhmiú na gcóras breithiúnach i mBallstáit an Aontais Eorpaigh – próifílí tíre, a rinne Rúnaíocht CEPEJ don Choimisiún: https://ec.europa.eu/info/strategy/justice-and‑fundamental-rights/effective-justice/eu-justice-scoreboard_en .
(41)      Staidéar 2020 maidir le feidhmiú na gcóras ceartais i mBallstáit an Aontais, a rinne Rúnaíocht CEPEJ don Choimisiún: https://ec.europa.eu/info/strategy/justice-and‑fundamental-rights/effective-justice/eu-justice-scoreboard_en
(42)      An t‑achar a théann imeachtaí, an ráta imréitigh agus an líon cásanna ar feitheamh, ar gnáth‑tháscairí iad arna sainmhíniú ag CEPEJ: http://www.coe.int/t/dghl/cooperation/cepej/evaluation/default_en.asp
(43)      Roghnaíodh na blianta chun an pheirspictíocht 8 mbliana a choimeád le 2012 mar bhonnlíne, agus iarracht á déanamh an tráth céanna gan na figiúirí a phlódú rómhór. Tá sonraí le haghaidh 2010, 2013, 2014, 2015, 2016 agus 2017 ar fáil i dtuarascáil CEPEJ.
(44)      Déantar an t‑achar a théann imeachtaí i réimsí sonracha a ríomh i laethanta féilire, ag comhaireamh ón lá a lóisteáladh gníomhaíocht nó achomharc os comhair na cúirte (nó ón uair a d’éirigh an bille díotála chun bheith críochnaitheach) go dtí an lá a ghlac an chúirt lena cinneadh (Fíoracha 16-21). Déantar luachanna a chur i gcéim tosaíochta bunaithe ar mheán ualaithe sonraí le haghaidh 2013 agus 2018-2020 le haghaidh Fíoracha 16-18, sonraí le haghaidh 2013, 2018, 2019 agus 2020 le haghaidh Fíor 19, agus sonraí le haghaidh 2014 agus 2018-2020 le haghaidh Fíoracha 20 agus 21. I gcás nach raibh sonraí ar fáil le haghaidh na mblianta uile, léirítear leis an meán na sonraí atá ar fáil, arna ríomh bunaithe ar na cásanna uile, ar shampla cásanna nó ar mheastacháin.
(45)      Fíor 18 de Retention and Expansion of Foreign Direct Investment, Political Risk and Policy Responses, 2019 the World Bank Group [Grúpa an Bhainc Dhomhanda].
(46)      Féach http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:12012E/TXT&from=GA agus Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1–25, go háirithe Airteagail 3 agus 5.
(47)      Rinneadh an ríomh bunaithe ar achar na gcásanna achomhairc in aghaidh cinntí údaráis rialála náisiúnta le linn dóibh dlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm lena gcuirtear chun feidhme creat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach (Treoracha 2002/19/CE (Treoir na Rochtana), Treoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe), Treoir 2002/21/CE (Treoir Réime), Treoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch), chomh maith le dlí ábhartha eile an Aontais amhail an clár beartais um an speictream raidió agus cinntí speictrim ón gCoimisiún, gan Treoir 2002/58/CE maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach a áireamh.
(48)      Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1-99).
(49)      Baineann Fíoracha 22 agus 23 le forfheidhmiú na Treorach maidir le Téarmaí Éagóracha (93/13/CEE), na Treorach maidir le Díolacháin agus Ráthaíochtaí do Thomhaltóirí (1999/44/CE), na Treorach maidir le Chleachtais Tráchtála Éagóracha (2005/29/CE) agus na Treorach maidir le Cearta Tomhaltóirí (2011/83/CE), agus a bhforálacha náisiúnta cur chun feidhme.
(50)      Aithris 2 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.
(51)      Bileog eolais CAI, 8 Márta, 2018: https://www.imf.org/en/About/Factsheets/Sheets/2016/08/01/16/31/Fight‑Against‑Money-Laundering-the-Financing-of-Terrorism  
(52)      Airteagal 44(1) de Threoir (AE) 2015/849. Féach freisin leagan athbhreithnithe d’Airteagal 44 de Threoir (AE) 2018/843, a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2018 agus arbh éigean do na Ballstáit é a chur chun feidhme faoi mhí Eanáir 2020.
(53)      HR, IT, CY, HU, MT, PL, PT agus SK a fuair moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith ón Seimeastar Eorpach 2020, agus BE, BG, IE, EL, ES, RO, agus SI, ar léiríodh na dúshláin a bhí acu in aithrisí a moltaí 2020 a bhí sonrach do thír ar leith agus i dtuarascálacha tíre. D’fhéadfaí difríochtaí sna torthaí thar na 8 mbliana a bhí faoi anailís a mhíniú le tosca comhthéacsúla (ní rud neamhghnách iad na difríochtaí de bhreis is 10 % ar an líon cásanna isteach) nó easnaimh chórasacha (easpa solúbthachta agus freagrúlachta nó neamhréireachtaí sa phróiseas athchóirithe).
(54)

     Le Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil, cuirfear deireadh le bacainní dlíthiúla a d’fhéadfadh moill a chur ar ionchúiseamh, amhail is nach féidir ionchúiseamh de bharr sciúradh airgid a thionscnamh ach amháin nuair atá na himeachtaí maidir leis an mbun‑choir phreideacáide tugtha i gcrích. B’éigean do na Ballstáit an Treoir a thrasuí roimh an 8 Nollaig 2020.

(55)      Tuigtear gurb ionann táillí cúirte agus méid a bheidh le híoc chun imeachtaí breithiúnacha neamhchoiriúla a thionscnamh i gcúirt nó i mbinse fiosraithe.
(56)

     Is iad na táillí dlí an bille i gcomhair seirbhísí arna soláthar ag dlíodóirí dá gcliaint.

(57)      Airteagal 47(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(58)      Baineann na Ballstáit úsáid as modhanna difriúla chun an tairseach incháilitheachta a shuí, e.g. tréimhsí tagartha difriúla (ioncam míosúil/bliantúil). Tá tairseach ag thart ar leath de na Ballstáit freisin atá ceangailte le caipiteal pearsanta an iarratasóra. Ní chuirtear é sin san áireamh le haghaidh na fíorach seo. In BE, BG, IE, ES, FR, HR, HU, LT, LU, NL agus PT, tá grúpaí áirithe daoine (e.g. daoine aonair a fhaigheann sochair ar leith) i dteideal cúnamh dlíthiúil a fháil go huathoibríoch i ndíospóidí sibhialta/tráchtála. Ní léirítear na critéir bhreise a d’fhéadfadh Ballstáit a úsáid, amhail fiúntas an cháis, san fhíor seo. Cé nach mbaineann sé go díreach leis an bhfíor seo, i roinnt Ballstát (AT, CZ, DE, DK, IT, NL, PL, SI) níl an cúnamh dlíthiúil teoranta do dhaoine nádúrtha.
(59)      Chun sonraí inchomparáide a bhailiú, tiontaíodh tairseach bochtaineachta Eurostat de chuid gach Ballstáit go hioncam míosúil. Tá an tairseach ráta riosca na bochtaineachta (AROP) socraithe ag 60 % den ioncam náisiúnta indiúscartha coibhéisithe airmheánach teaghlach. European Survey on Income and Living Conditions [Suirbhé Eorpach ar Ioncam agus ar Dhálaí Maireachtála], Eurostat tábla ilc_li01, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_li01/default/table?lang=en
(60)      Bailíodh sonraí 2021 ag úsáid freagraí ó chomhaltaí Chomhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE) ar cheistneoir bunaithe ar an gcás sonrach seo a leanas: díospóid tomhaltóra le cuideachta (léirítear dhá luach éilimh dhifriúla: EUR 6 000 agus tairseach riosca bochtaineachta Eurostat le haghaidh gach Ballstáit). Ag glacadh leis go mbraitheann na coinníollacha le haghaidh cúnamh dlíthiúil ar chás an iarratasóra, baineadh úsáid as an gcás seo a leanas: iarratasóir singil 35 bliain d’aois gan aon chleithiúnaí ná árachas costas dlí, ag a bhfuil ioncam tráthrialta agus árasán ar cíos.
(61)      Bailíodh na sonraí, ina dtagraítear do na tairseacha ioncaim a bhí bailí in 2020, ag úsáid freagraí ó chomhaltaí Chomhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE) ar cheistneoir bunaithe ar an gcás seo a leanas: díospóid tomhaltóra idir duine aonair agus cuideachta (tugtar dhá luach éilimh dhifriúla: EUR 6 000 agus tairseach riosca bochtaineachta Eurostat le haghaidh gach Ballstáit).
(62)      Bailíodh na sonraí ag úsáid freagraí ó chomhaltaí Chomhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE) ar cheistneoir bunaithe ar an gcás ar a dtugtar tuairisc thuas. Iarradh ar chomhaltaí CCBE faisnéis a sholáthar ar an táille chúirte iníoctha chun an caingean a chomhdú sa chás a mhínítear sa chás sin.
(63)      Bailíodh na sonraí ag úsáid freagraí ó chomhaltaí CCBE ar cheistneoir bunaithe ar an gcás céanna a léirítear i bhFíor 27 (fonóta 62). Úsáideadh an cás seo a leanas mar bhonn chun na táillí dlí a ríomh: an chuideachta a fhéachann leis an conradh a fhorfheidhmiú, rinne sí conradh le dlíodóir speisialaithe ag a bhfuil taithí ar na cúrsaí sin. Rinne an dlíodóir an obair seo a leanas: sa chéim réamhdhlíthíoch: 3 uair an chloig oibre, agus táirgeadh 1 doiciméad amháin ar tháille dlí EUR 200 in aghaidh uair an chloig (EUR 600 san iomlán); céim: 11 uair an chloig oibre, agus táirgeadh 3 dhoiciméad agus 2 éisteacht cúirte ar tháille dlí EUR 200 in aghaidh uair an chloig (EUR 2 200 san iomlán). Iarradh ar chomhaltaí CCBE faisnéis a sholáthar ar a) an táille reachtúil don obair le linn na céime dlíthíche/réamhdhlíthíche, más ann di, agus b) an méid táille dlí a n‑ordódh an chúirt ar an bpáirtí a chailleann í a aisíoc go réasúnta. (Athraíodh an táille dlí hipitéiseach i gcomparáid le Scórchlár Ceartais AE 2020, agus mar thoradh air sin níl na freagraí inchomparáide).
(64)      Ní chumhdaíonn na modhanna chun úsáid RMD a chur chun cinn agus a dhreasú ceanglais éigeantacha chun RMD a úsáid sula dtéitear chuig an gcúirt, amhail ceanglais chun imní a chur in iúl maidir lena gcomhoiriúnacht leis an gceart ar leigheas éifeachtach roimh chúirt a chumhdaítear i gCairt an Aontais um Chearta Bunúsacha.
(65)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(66)       https://www.un.org/development/desa/disabilities/convention‑on‑the-rights‑of-persons‑with‑disabilities.html  
(67)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(68)      Sa chéad chás samplach, le linn na n‑imeachtaí cúirte a bhaineann le díshealbhú, ordaíonn na húdaráis ar chuideachta mianadóireachta an mhianadóireacht a stopadh láithreach; braitheann siad ar ghearáin a rinneadh na húinéirí tí sa sráidbhaile máguaird roimhe sin, ar réitigh an chuideachta mhianadóireachta iad cheana féin. Thabhódh an chuideachta caillteanas brabúis laethúil de EUR 8 000 dá gcomhlíonfadh sí an cinneadh riaracháin. Déanann an chuideachta agóid i gcoinne an chinnidh riaracháin sa chúirt, agus cealaíonn an chúirt an cinneadh faoi dheireadh mar mheasann sí nach bhfuil bunús leis. Sa dara cás, comhdaíonn cuideachta atá bunaithe i mBallstát ‘B’ iarraidh leis an údarás inniúil i mBallstát ‘A’ chun cead a fháil le stór miondíola atá 800 méadar cearnach a thógáil i bpríomhchathair Bhallstát ‘A’. Ní fhaigheann an chuideachta aon fhreagra ón údarás i gceist laistigh den teorainn ama reachtúil/laistigh de thréimhse a mheastar a bheith réasúnta le freagra a thabhairt (tréimhse tosta riaracháin). Ar deireadh, scrúdaítear san fhíor cé acu an féidir leis an gcuideachta cúiteamh airgeadais a lorg as na caillteanais a thabhaigh sí mar gheall ar an moill (an tréimhse tosta riaracháin) maidir le deonú an cheada tógála (ag glacadh leis go ndeonaítear an cead tógála sa deireadh thiar) ón údarás inniúil.
(69)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(70)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta agus ón nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach.
(71)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(72)      An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Bunachar Staidrimh Inscne: https://eige.europa.eu/gender-statistics/dgs/indicator/wmidm_jud_natcrt__wmid_natcrt_supcrt/datatable  
(73)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach.
(74)      Sonraí ó 2019 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(75)      Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Digitalisation of justice in the European Union: A toolbox of opportunities’ ’ [Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach: Bosca uirlisí de dheiseanna], COM(2020)710, agus SWD(2020)540 a ghabhann leis.
(76)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(77)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(78)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(79)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(80)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(81)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(82)      Sonraí ó 2021 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(83)      Féach Treoraíocht maidir le dea‑chleachtas chun na Cúirteanna Uachtaracha a bhainistiú, faoin tionscadal ar Chúirteanna Uachtaracha mar ráthaíocht ar éifeachtúlacht córas ceartais, lch. 29.
(84)      Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(85)      Tá an t‑anaithnidiú/an bréagainmniú níos éifeachtaí má chuidíonn algartam leis. Mar sin féin, tá gá le maoirseacht dhaonna ós rud é nach dtuigeann na halgartaim an comhthéacs.
(86)    Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90) agus Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
(87)      Tá breithiúnais a múnlaíodh de réir caighdeán (e.g. Akoma Ntoso) agus na meiteashonraí a bhaineann leo ar fáil le híoslódáil saor in aisce i bhfoirm bunachar sonraí nó modh uathoibrithe eile (e.g. Comhéadan Ríomhchláraithe Feidhmchlár).
(88)    Féach freisin, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A European strategy for data [Straitéis Eorpach maidir le sonraí], COM(2020) 66 final, Páipéar Bán ón gCoimisiún maidir le hIntleacht Shaorga – A European approach to excellence and trust [Cur chuige Eorpach i leith feabhais agus iontaobhais] COM(2020) 65 final, agus Conclúidí ón gcruinniú den Chomhairle agus d’ionadaithe Rialtas na mBallstát a tháinig le chéile laistigh den Chomhairle maidir le Dea‑Chleachtais i ndáil le Cinntí Cúirte a Fhoilsiú ar Líne (IO C 362, 8.10.2018, lch. 2).
(89)      Sonraí ó 2020 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.
(90)      Sonraí ó 2020 a bailíodh i gcomhar leis an ngrúpa teagmhálaithe ar na córais cheartais náisiúnta.

An Bhruiséil,19.5.2022

COM(2022) 234 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

2022 Scórchlár Ceartais AE


3.3. Neamhspleáchas

An neamhspleáchas breithiúnach, atá ina chuid dhílis de chúram na cinnteoireachta breithiúnaí, is ceanglas é a eascraíonn as prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 19 CAE, agus as an gceart ar leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse a dhaingnítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais ( 1 ). Déantar toimhdiú leis an gceanglas sin:

(a) neamhspleáchas seachtrach, nuair a fheidhmíonn an comhlacht lena mbaineann a fheidhmeanna go neamhspleách, gan a bheith faoi réir aon srian ordlathach ná aon chomhlacht eile, agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse in aon chor, agus cosaint a fháil dá réir in aghaidh idirghabhálacha seachtracha nó brú a d’fhéadfadh breithiúnas neamhspleách a chomhaltaí a lagú agus tionchar a fheidhmiú ar a gcuid cinntí; agus

(b) neamhspleáchas agus neamhchlaontacht inmheánach, nuair a chothabháiltear comhfhad idir na páirtithe sna himeachtaí agus a leasanna faoi seach maidir le hábhar na n‑imeachtaí sin ( 2 ).

Leis an neamhspleáchas breithiúnach, ráthaítear go dtabharfar cosaint do gach ceart a dhíorthaíonn daoine aonair ó dhlí an Aontais, agus go dtabharfar coimirce do na luachanna is coiteann do na Ballstáit a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, go háirithe luach an smachta reachta ( 3 ). Is rud bunúsach do gach saoránach agus gnóthas é dlíchóras an Aontais a chaomhnú, a dtugtar cosaint de réir dhlí an Aontais dá gcearta agus dá saoirsí.

Tá leibhéal ard neamhspleáchais bhreithiúnaigh a mheastar a bheith ann ríthábhachtach don mhuinín nach mór a spreagadh i measc daoine aonair i sochaí a rialaítear leis an smacht reachta, agus tá sé ag rannchuidiú le timpeallacht ghnó lena gcothófaí an fás, óir is féidir le heaspa neamhspleáchais a mheastar a bheith ann infheistíochtaí a dhíspreagadh ( 4 ). I dteannta leis na táscairí um neamhspleáchas na mbreithiúna a mheastar a bheith ann a thagann ó fhoinsí éagsúla, cuirtear roinnt táscairí i láthair sa Scórchlár ar an gcaoi a n‑eagraítear córais cheartais le cosaint a thabhairt do neamhspleáchas na mbreithiúna i gcineálacha áirithe cásanna ina bhféadfadh an neamhspleáchas a bheith i mbaol. Mar léiriú ar an ionchur ó Ghréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna (ENCJ), Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach (NPSJC), agus an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (EGMLTF), cuirtear i láthair sa Scórchlár táscairí i ndáil le seiceálacha slándála ar bhreithiúna, an fhéidearthacht go ndéanfaidh cúirteanna níos airde/Cúirteanna Uachtaracha cinntí maidir le comhsheasmhacht an chásdlí sna cúirteanna íochtaracha dá dtionscnamh féin, coimircí i gcásanna dorais imrothlaigh maidir le breithiúna agus ionchúisitheoirí, chomh maith le léargas níos grinne maidir leis an bhféidearthacht ar chinneadh ionchúisitheora a athbhreithniú gan cás a ionchúiseamh.


3.3.1. Neamhspleáchas na mbreithiúna a mheastar a bheith ann agus éifeachtacht na cosanta infheistíochta

Fíor 50: Conas a mheasann an pobal i gcoitinne neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna(*) (foinse: Eorabharaiméadar ( 5 ) - dathanna éadroma: 2016, 2020 agus 2021, dathanna dorcha: 2022)

 (*) Cuirtear Ballstáit in ord ar dtús de réir chéatadán na bhfreagróirí a mhaígh gur fíormhaith nó cuibheasach maith (maith ar an iomlán) é neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna; má tá an céatadán céanna maith ar an iomlán ag roinnt Ballstát, ansin cuirtear Ballstáit in ord de réir chéatadán na bhfreagróirí a mhaígh gur fíordhona nó cuibheasach dona (dona ar an iomlán) é neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna; má tá an céatadán céanna maith ar an iomlán agus dona ar an iomlán ag roinnt Ballstát, cuirtear in ord ansin iad de réir chéatadán na bhfreagróirí a mhaígh gur fíormhaith é neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna; má tá an céatadán céanna maith ar an iomlán agus dona ar an iomlán agus fíormhaith ag roinnt Ballstát, cuirtear in ord ansin iad de réir chéatadán na bhfreagróirí a mhaígh gur fíordhona é neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna.

Taispeántar i bhFíor 51 na príomhchúiseanna a thugann freagróirí as an easpa neamhspleáchais a mheastar a bheith sna cúirteanna agus breithiúna. I measc na bhfreagróirí ón bpobal i gcoitinne, a thug rátáil ‘chuibheasach dhona’ nó ‘fhíordhona’ ar an gcóras ceartais, d’fhéadfaidís roghnú idir trí chúis lena rátáil a mhíniú. Liostaítear na Ballstáit san ord céanna le Fíor 50.

Fíor 51: Na príomhchúiseanna i measc an phobail i gcoitinne leis an easpa neamhspleáchais a mheastar a bheith ann(cion na bhfreagróirí uile - ciallaítear le luach níos airde níos mó tionchair) (foinse: Eorabharaiméadar ( 6 ))

Fíor 52: Conas a mheasann cuideachtaí neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna (*) (foinse: Eorabharaiméadar ( 7 ) - dathanna éadroma: 2016, 2020 agus 2021, dathanna dorcha: 2022)

(*) Cuirtear Ballstáit in ord ar dtús de réir chéatadán na bhfreagróirí a mhaígh gur fíormhaith nó cuibheasach maith (maith ar an iomlán) é neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna; má tá an céatadán céanna maith ar an iomlán ag roinnt Ballstát, ansin cuirtear Ballstáit in ord de réir chéatadán na bhfreagróirí a mhaígh gur fíordhona nó cuibheasach dona (dona ar an iomlán) é neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna; má tá an céatadán céanna maith ar an iomlán agus dona ar an iomlán ag roinnt Ballstát, cuirtear in ord ansin iad de réir chéatadán na bhfreagróirí a mhaígh gur fíormhaith é neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna; má tá an céatadán céanna maith ar an iomlán agus dona ar an iomlán agus fíormhaith ag roinnt Ballstát, cuirtear in ord ansin iad de réir chéatadán na bhfreagróirí a mhaígh gur fíordhona é neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna.

Taispeántar i bhFíor 53 na príomhchúiseanna a thugann freagróirí as an easpa neamhspleáchais a mheastar a bheith sna cúirteanna agus breithiúna. I measc na bhfreagróirí is cuideachtaí, a thug rátáil ‘cuibheasach dona’ nó ‘fíordhona’ ar an gcóras ceartais, d’fhéadfaidís roghnú idir trí chúis lena rátáil a mhíniú. Liostaítear na Ballstáit san ord céanna le Fíor 52.

Fíor 53: Na príomhchúiseanna i measc an phobail i gcoitinne leis an easpa neamhspleáchais a mheastar a bheith ann (cion na bhfreagróirí uile - ciallaítear le luach níos airde níos mó tionchair a bheith ann) (foinse: Eorabharaiméadar ( 8 ))



Taispeántar i bhFíor 54 táscaire nua ar an gcaoi a measann cuideachtaí éifeachtacht na cosanta infheistíochta a thugtar leis an dlí agus sna cúirteanna maidir le, ina dtuairimsean, cinntí éagóracha nó neamhghníomhaíocht an Stáit.

Fíor 54: Conas a mheasann cuideachtaí éifeachtacht na cosanta infheistíochta a thugtar leis an dlí agus sna cúirteanna (foinse: Eorabharaiméadar ( 9 ))

(*) Cuirtear Ballstáit in ord ar dtús de réir an chéatadáin iomláin de fhreagróirí a mhaígh go bhfuil fíormhuinín nó muinín chuibheasach acu sa chosaint infheistíochta ón dlí agus ó na cúirteanna (iomlán muiníneach).



Taispeántar i bhFíor 55 na príomhchúiseanna a thugann freagróirí as an easpa éifeachtachta a mheastar a bheith ann do chosaint na hinfheistíochta. I measc na bhfreagróirí is cuideachtaí, a thug rátáil ‘cuibheasach mímhuiníneach’ nó ‘fíor‑mhímhuiníneach’ ar leibhéal a muiníne, d’fhéadfaidís roghnú idir cheithre chúis lena rátáil a mhíniú (agus thug roinnt acu ‘eile’ le fios). Liostaítear na Ballstáit san ord céanna le Fíor 54.

Fíor 55: Na príomhchúiseanna i measc cuideachtaí as an easpa éifeachtachta a mheastar a bheith leis an gcosaint infheistíochta (foinse: Eorabharaiméadar ( 10 ))



3.3.2. Neamhspleáchas struchtúrach

Éilítear rialacha le ráthaíochtaí an neamhspleáchais struchtúraigh, go háirithe maidir le comhdhéanamh na cúirte agus an cheapacháin, fad seirbhíse agus forais le staonadh, diúltú agus dífhostú a comhaltaí, d’fhonn aon amhras réasúnach a dhíbirt i meon daoine aonair maidir le doghabháltacht na cúirte sin i leith tosca seachtracha agus maidir lena neodracht i dtaca leis na leasanna os a comhair ( 11 ). Ní mór a sheachaint le cineál na rialacha sin, ní hamháin aon tionchar díreach, i bhfoirm treoracha, ach freisin cineálacha tionchair atá níos indírí agus a mbeadh tionchar acu ar chinntí na mbreithiúna lena mbaineann ( 12 ).

Táthar tar éis caighdeáin Eorpacha, go háirithe ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, mar shampla laistigh de Mholadh 2010 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le breithiúna: neamhspleáchas, éifeachtúlacht agus freagrachtaí ( 13 ). Cuirtear táscairí áirithe i láthair i Scórchlár Ceartais AE maidir le saincheisteanna áirithe atá ábhartha nuair a dhéantar measúnú ar an gcaoi a n‑eagraítear córais cheartais chun coimirce a thabhairt do neamhspleáchas na mbreithiúna.

Go sonrach, tá táscairí nua san eagrán seo den Scórchlár maidir leo seo a leanas: (i) údaráis a bhíonn páirteach agus minicíocht na seiceálacha slándála féideartha ar bhreithiúna (Fíor 56); (ii) an fhéidearthacht go ndéanfaidh cúirteanna níos airde/Cúirteanna Uachtaracha cinntí maidir le comhsheasmhacht an chásdlí dá dtionscnamh féin (Fíor 57); agus (iii) na coimircí atá i bhfeidhm i ndáil le fostaíocht shealadach na mbreithiúna/n‑ionchúisitheoirí chuig poist pholaitiúla (Fíor 58) ( 14 ). Cuirtear forbhreathnú níos mionsonraithe i láthair ann freisin ar an bhféidearthacht go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh le hionchúisitheoir gan cás a ionchúiseamh lena mbaineann coireanna ar íospartach nó cás lena mbaineann ‘coireanna gan íospartach’) (e.g. éilliú nó sciúradh airgid) (Fíor 59), agus taispeántar ann na comhlachtaí ag a bhfuil an chumhacht chun imscrúduithe coiriúla a dhéanamh (Fíor 60) ( 15 ). Léirítear sna fíoracha na creataí náisiúnta mar a bhí i bhfeidhm i mí na Nollag 2021.

Ní chuirtear i láthair measúnú leis na figiúirí a thugtar sa Scórchlár ná ní chuirtear sonraí cainníochtúla i láthair leo maidir le héifeachtacht na gcoimircí. Níl siad ceaptha mar léiriú ar an gcastacht agus ar mhionsonraí na nósanna imeachta agus na gcoimircí a ghabhann leo. Ba cheart go dtabharfaí faoi deara freisin gur fíor‑riachtanach freisin iad beartais agus cleachtais a chur chun feidhme chun ionracas a chur chun cinn, agus an t‑éilliú a chosc laistigh de na breithiúna chun neamhspleáchas na mbreithiúna a ráthú. Sa deireadh thiar, éilíonn cosaint éifeachtach neamhspleáchas na mbreithiúna freisin, seachas cibé norm is gá, gurb ann do chultúr an ionracais agus na neamhchlaontachta, atá i gcoiteann i measc na mbreithiúna agus a urramaíonn an tsochaí i gcoitinne.

Leháit speisialta na mbreithiúna laistigh de chóras scaradh na gcumhachtaí agus an tábhacht a chuirtear ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna, éilítear nach mór dlíthe lena rialaítear measúnú nó meastóireacht ar dhualgais ghairmiúla na mbreithiúna a chur i bhfoclaíocht agus a chur i bhfeidhm le haire mhór agus ba cheart ról na mbrainsí feidhmiúcháin nó reachtacha sa phróiseas sin a bheith teoranta a mhéid is gá( 16 ) . 

Taispeántar i bhFíor 56 cibé atá an Ghníomhaireacht Slándála Náisiúnta sna Ballstáit páirteach i seiceálacha slándála a dhéanamh ar bhreithiúna nó nach bhfuil sí páirteach iontu - bíodh na breithiúna sin ina mbreithiúna is iarrthóirí nó ina mbreithiúna reatha, agus cé chomh minic a dhéantar na seiceálacha.

Bíonn páirtíocht na nGníomhaireachtaí Slándála Náisiúnta ar leis an bhfeidhmeannach iad i gceapadh agus i stádas na mbreithiúna cuibheasach íogair ó thaobh neamhspleáchas na mbreithiúna de. Cé go bhféadfadh leas dlisteanach a bheith ann, go háirithe le haghaidh poist bhreithiúnacha shonracha áirithe, chun fíorú ar shlándáil a dhéanamh( 17 ) , ba cheart é a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas na mbreithiúna. De réir caighdeáin Eorpacha, ‘ciallaíonn neamhspleáchas go bhfuil na breithiúna saor ó bhrú seachtrach, agus nach bhfuil siad faoi réir tionchar polaitiúil nó cúblála, go háirithe ag an mbrainse feidhmiúcháin’( 18 ) . Seiceálacha slándála ar bhreithiúna, go háirithe nuair a dhéanann comhlacht feidhmiúcháin iad, d’fhéadfaidís a bheith ina ‘mbrú seachtrach’ den sórt sin ( 19 ) . Nuair nach ndéantar seiceálacha slándála/ionracais ag comhlachtaí féinrialaitheacha na mbreithiúna féin ach ag comhlacht seachtrach, ní mór fíormhachnamh a thabhairt chun prionsabail scaradh na gcumhachtaí agus chóras srianta agus ceartúchán a urramú( 20 ) .

Fíor 56: Seiceálacha slándála náisiúnta ar bhreithiúna: na húdaráis a bhí páirteach agus uainiú (*) ( 21 )

(*) DE: I ngach stát feidearálach, is féidir leis an nGníomhaireacht Slándála Náisiúnta a gcuid taifead a cheadú faoi bhreitheamh is iarrthóir sula gceapfar é nó í ach iarraidh shainráite a fháil. In dá stát fheidearálacha, is í an Ghníomhaireacht Slándála Náisiúnta a dhéanann seiceáil ar a cuid taifead faoi gach breitheamh is iarrthóir sula gceaptar é nó í: sa Bhaváir (mura dtugann breitheamh is iarrthóir toiliú le haghaidh taifid a sheiceáil, ní féidir é nó í a cheapadh); in Mecklenburg-Vorpommern ó bhí 2021 ann (ní gá a dtoiliú a fháil). Dá réir an dlí, ní dhéanann an Ghníomhaireacht Slándála Náisiúnta ná gníomhaireachtaí na stát feidearálach próisis fíorúcháin ach amháin má bhíonn na breithiúna páirteach le cúraimí laistigh de riarachán na cúirte, agus gur gá dóibh rochtain a fháil ar fhaisnéis rún‑aicmithe chun na críche sin. Seachas an méid sin, bíonn na breithiúna díolmhaithe de réir an dlí ó sheiceálacha slándála nuair a dheonaítear rochtain ar fhaisnéis rún‑aicmithe dóibh, óir d’fhéadfadh nósanna imeachta den sórt sin tionchar a fheidhmiú ar neamhspleáchas na mbreithiúna. EE: Is í an tSeirbhís Slándála Inmheánach a dhéanann an tseiceáil slándála ar iarrthóir le haghaidh oifig bhreithiúnach, seachas má tá cead rochtana bailí i seilbh an iarrthóra le rochtain a fháil ar rúin stáit a rún‑aicmítear mar rúin faoi rún daingean, nó má tá an t‑iarrthóir i bpost lena dtugtar an ceart de bhua na hoifige le rochtain a fháil ar gach leibhéal de rúin stáit. Is í an tSeirbhís Slándála Inmheánach a chuireann an fhaisnéis a bhailítear mar thoradh ar an tseiceáil slándála faoi bhráid choiste scrúdúcháin an bhreithimh, agus a thugann tuairim cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann duine a chuir an t‑iarratas isteach na coinníollacha chun go n‑eiseofaí cead dó/di rochtain a fháil ar rúin stáit. HR: Is í an Ghníomhaireacht Slándála agus Faisnéise a dhéanann seiceálacha ar gach iarrthóir le haghaidh breithiúna agus maidir le gach breitheamh atá ann faoi láthair gach 5 bliana (chomh maith le haturnaetha stáit). De réir an dlí, le haghaidh breithiúna atá ann faoi láthair, seolfaidh an Ghníomhaireacht Slándála agus Faisnéise, tar éis seiceáil a dhéanamh lena n‑áirítear agallamh, a tuarascáil chuig Uachtarán na Cúirte Uachtaraí; a shannfaidh ansin í do phainéal chúigear breithiúna ón gCúirt Uachtarach chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil fadhb slándála ann. Má aimsíonn an painéal fadhb shlándála, fógrófar í sin don Aire Ceartais, d’Uachtarán na Cúirte agus do Chomhairle na mBreithiúna agus d’Uachtarán na Cúirte níos airde ina suíonn an breitheamh i gceist. Forordóidh an tAire Ceartais na fodhlíthe lena rialaítear an nós imeachta chun seiceálacha slándála a dhéanamh. FR: Amhail gach oifigeach stáit, tá gach breitheamh is iarrthóir faoi réir seiceáil ar thaifid phóilíneachta/imscrúdú riaracháin faoi threoir na bpóilíní náisiúnta faoi údarás an ard‑ionchúisitheora (seiceáil ar a dtaifid, faisnéis rúnaicmithe, iompraíocht moráltachta…). IT: Léirítear sa chairt an cás le haghaidh breithiúna sna cúirteanna sibhialta agus coiriúla. Ní bhíonn gníomhaireachtaí slándála náisiúnta páirteach sa nós imeachta chun breithiúna riaracháin a cheapadh. HU: Gach uachtarán, leas‑uachtarán agus breitheamh de chuid na gcúirteanna réigiúnacha a cheadaíonn do bhailiú sonraí faisnéise nó a phléann le cásanna i ndáil le faisnéis rúnaicmithe; is gá dóibh dul faoi sheiceáil slándála ag an nGníomhaireacht Slándála Náisiúnta . Déantar an tseiceáil slándála sula nglacann siad a bhfreagrachtaí agus ansin gach 5 bliana (Alt 71/C, mír (7), d’Acht CXXV de 1995 um Shlándáil Náisiúnta agus Ailt 42/A go 42/C d’Acht CLXII de 2011 maidir le Stádas agus Luach Saothair na mBreithiúna). NL: Is gá deimhniúchán dea‑iompair (VOG) a thabhairt ar láimh sular féidir breitheamh is iarrthóir a cheapadh. Ní dhéantar sin ach amháin ag na chéad cheapacháin nó nuair a cheaptar breitheamh ina uachtarán cúirte. Tugtar Justis ar an eagraíocht a sholáthraíonn VOGanna - an t‑údarás scagtha is gníomhaireacht tairbhe‑speansais ag a bhfuil bainistíocht neamhspleách, atá faoin Aireacht Ceartais & Slándála ar bhonn foirmiúil. Is é an t‑údarás a dhéanann seiceáil cibé atá stair (bhreithiúnach) iarrthóra ina bac in aghaidh dualgais na hoifige nua a dhéanamh. Ní hionann Justis agus an Ghníomhaireacht Slándála Náisiúnta (AIVD). Is faoi Justis cinneadh a dhéanamh, cibé a thabharfar amach deimhniú dea‑iompair nó nach dtabharfar. Más mian le duine éigin achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin, is féidir leo an cás a thabhairt os comhair breitheamh riaracháin. PL: Nuair a dhéanann duine iarratas ar phost breithiúnach den chéad uair, fiafraíonn uachtarán na cúirte inniúla (inarb ann don phost atá folamh) faisnéis maidir leis an iarrthóir ó Cheann Réigiúnach na bPóilíní. RO: Tugann breithiúna ráiteas foirmiúil, ar bhonn bliantúil, nach oibrithe de chuid na seirbhísí faisnéise iad, lena n‑áirítear gníomhairí faoi cheilt, brathadóirí nó comhoibrithe. SE*: Is é An Bord um Cheapacháin Bhreithiúnacha, comhlacht breithiúnach neamhspleách, a dhéanann an nós imeacht fíorúcháin ar gach leibhéal slándála le haghaidh uachtaráin na cúirte, ar bhonn ceistneora. Déanann gach cúirt an nós imeachta fíorúcháin le haghaidh gach leibhéal slándála i gcás na mbreithiúna céadchéime agus dara céim. Is í Seirbhís Slándála na Sualainne a dhéanann seiceáil ar thaifid (cé acu a rinneadh tagairt don iarrthóir ina taifid ar aon bhealach nó nach ndearnadh), a chuirtear i gcrích sular féidir le duine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí íogaire ó thaobh na slándála de (ní bhailíonn an tSeirbhís faisnéis trí cheistneoir, arb é is cúram don Bhord um Cheapacháin Bhreithiúnacha é). I gcás uachtaráin chúirte, is é an rialtas a dhéanann cinneadh faoi na poist a bheidh rún‑aicmithe ó thaobh na slándála de ar an leibhéal slándála is airde, agus is í Oifig an Rialtais a dhéanann cinneadh faoi na poist a bheidh rún‑aicmithe le haghaidh slándála ar na leibhéil slándála níos ísle. I gcás uachtaráin chéadchéime agus dara céime, is é an rialtas a dhéanann cinneadh faoi na poist a bheidh rún‑aicmithe ó thaobh na slándála de ar an leibhéal slándála is airde, agus is í an chúirt a dhéanann cinneadh faoi na poist a bheidh rún‑aicmithe le haghaidh slándála ar an leibhéal slándála níos ísle.

Taispeántar i bhFíor 57 cibé atá nó nach bhfuil an deis ag cúirteanna nó breithiúna cinntí a dhéanamh maidir le comhsheasmhacht chásdlí na gcúirteanna íochtaracha dá dtionscnamh féin. D’fhéadfadh cinntí den sórt sin a bheith ina gcinntí comhairleacha nó éigeantacha, agus ní fhéadfadh feidhm a bheith acu ach maidir le cás ar leith, nó le gach cás de chineál comhchosúil. Taispeántar san fhíor thíos ceithre chás dhifriúla sna Ballstáit: ní féidir le cúirteanna/breithiúna níos airde i) cinneadh den sórt sin a eisiúint dá dtionscnamh féin, ii) is féidir leo cinntí comhairleacha (neamhcheangailteacha) a eisiúint lena mbaineann cur i bhfeidhm ginearálta a bhfuil feidhm acu maidir le gach cúirt/breitheamh i gcineálacha áirithe cásanna (e.g. ráitis chleachtais), iii) is féidir leo cinntí éigeantacha a eisiúint lena mbaineann cur i bhfeidhm coincréiteach nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le cinneadh breithiúnach sonrach, nó iv) is féidir leo cinntí éigeantacha a eisiúint lena mbaineann cur i bhfeidhm ginearálta a bhfuil feidhm acu maidir le gach cúirt/breitheamh i gcineálacha áirithe cásanna.

Is fíor‑riachtanach iad na Cúirteanna Uachtaracha, mar chúirteanna na céime deiridh, agus na cúirteanna níos airde/cúirteanna achomhairc i gcoitinne, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an dlí i mBallstáit a dhaingniú. Mar sin féin, níor cheart d’eagraíocht bhreithiúnach ordlathach dochar a dhéanamh don neamhspleáchas aonair( 22 ) . Níor cheart do chúirteanna uachtaracha treoracha a thabhairt do bhreithiúna faoin gcaoi ar cheart dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le cásanna aonair, seachas i gcás réamhrialuithe náisiúnta nó nuair a dhéantar cinneadh faoi leigheasanna dlí i gcomhréir leis an dlí( 23 ) . Eagraíocht ordlathach na mbreithiúna de réir bhrí fho‑ordú na mbreithiúna faoi chéimeanna níos airde ina ngníomhaíocht cinnteoireachta breithiúnaí; bheadh sé ina shárú soiléir ar phrionsabal an neamhspleáchais inmheánaigh, de réir Choimisiún na Veinéise( 24 ). Aon nós imeachta chun an cásdlí a aontú, ní mór dó bunphrionsabail scaradh na gcumhachtaí a chomhlíonadh, agus fiú tar éis cinneadh den sórt sin ag cúirteanna níos airde/Cúirt Uachtarach, ní mór do gach cúirt agus breitheamh fanacht inniúil le measúnú a dhéanamh ar a gcásanna go neamhspleách agus go neamhchlaonta, agus idirdhealú a dhéanamh idir cásanna nua ón léirmhíniú a aontaíodh roimhe seo ag cúirteanna níos airde/Cúirt Uachtarach.

Fíor 57: Deis na gCúirteanna níos airde/Uachtaracha cinntí a dhéanamh maidir le comhsheasmhacht chásdlí na gcúirteanna íochtaracha dá dtionscnamh féin (*)

(*) BG: Tugtar san áireamh gan chloí leis an gcinneadh éigeantach nó le treoir ghinearálta le haghaidh cineálacha áirithe cásanna le linn mheastóireacht na ngiúistísí, ar measúnú oibiachtúil ar a dtréithe gairmiúla, gnó agus morálta atá inti, arna léiriú i bhfeidhmiú a bpoist. CZ: Is féidir leis an gCúirt Uachtarach agus leis an gCúirt Riaracháin Uachtarach tuairimí aontaithe a eisiúint nach bhfuil ceangailteach ar bhonn foirmiúil ar na cúirteanna ar leibhéal níos íochtaraí. Ní bhunaítear cineál ceangailteach na dtuairimí aontaithe ar a stádas foirmiúil, ach ar údarás na gCúirteanna Uachtaracha agus ar áititheacht a réasúnaíochta. Úsáideann an Chúirt Uachtarach tuairimí aontaithe le haghaidh ceisteanna dlíthiúla a mheasann siad tábhacht speisialta a bheith leo. Maidir leis an bhféidearthacht chun imeacht, ní bheidh breitheamh faoi cheangal ina chinnteoireacht ach amháin de réir an dlí. Is indéanta é dibhéirsiú dá réir, ach ba cheart bonn cirt cuí a bheith le cinneadh den sórt sin. HR: Tá breithiúna clárúcháin ar gach cúirt contae agus ar an Ard‑Chúirt Tráchtála, an Ard‑Chúirt Oilghnímh, an Ard‑Chúirt Riaracháin, an Ard‑Chúirt Choiriúil agus an Chúirt Uachtarach, a chláraíonn na breithiúnais ionas gur féidir iad a fhógairt do na páirtithe, agus is féidir leo foláireamh a thabhairt do bhreitheamh/dhlísheomra nuair a imíonn dréachtbhreithiúnas ón gcásdlí a tugadh, agus gur féidir leo togra a dhéanamh chun plé a dhéanamh ar an imeacht ag cruinniú rannóige de bhun Airteagal 40 den Dlí um Chúirteanna, chun cinneadh na rannóige a eisiúint a bheidh ceangailteach ar gach breitheamh sa chúirt. LV: Is féidir le Seisiún Iomlánach (tionól gach breithimh den Chúirt Uachtarach) agus cruinniú ginearálta bhreithiúna Ranna na Cúirte Uachtaraí tuairimí a ghlacadh maidir leis na fadhbanna a bhaineann le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na gcaighdeán dlí i bhfoirm cinnidh, a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin. HU: ní fhéadfaidh breitheamh imeacht ón gcinneadh éigeantach ‘ach amháin más difriúil iad fíorais an cháis ó fhíorais an chinnidh éigeantaigh nó le réasúnú an dibhéirsithe i bpointí dlí.’ PL: I measc nithe eile, féadfaidh Céad Uachtarán na Cúirte Uachtaraí nó Uachtaráin dhlísheomraí na Cúirte Uachtaraí, nó Uachtarán na Cúirte Riaracháin Uachtaraí togra a dhéanamh dá dtionscnamh féin go dtugtar soiléiriú ar ‘shaincheist dhlíthiúil theibí’ ó phainéal seachtar breithiúna ón gCúirt Uachtarach/gCúirt Riaracháin Uachtarach i gcás neamh‑aonfhoirmeacht na gcinntí breithiúnacha/mbreithiúnas a thugann na cúirteanna. An rún teibí atá glactha ag seachtar breithiúna, ina gcuirtear i láthair léirmhíniú ar an dlí, níl sé ceangailteach ar na cúirteanna íochtaracha, agus ní bhíonn tionchar aige ar an gcúirt íochtarach ach amháin le húdarás na Cúirte Uachtaraí/na Cúirte Riaracháin Uachtaraí agus ar áititheacht a réasúnaíochta. Ní fhéadfaidh rúin theibí den sórt sin a bheith ceangailteach ar an gCúirt Uachtarach ach amháin má chinneann an painéal seachtar breithiúna amhlaidh, mura gcuirtear ar neamhní le binse níos mó iad (e.g. rún ó Dhlísheomra iomlán na Cúirte Uachtaraí nó ón gCúirt Uachtarach iomlán; Airt. 88 den Dlí um an gCúirt Uachtarach). RO: Chun léirmhíniú agus cur chun feidhme comhsheasmhach an dlí ag gach cúirt a áirithiú, déanann Ard‑Chúirt an Cheartais agus an Achomhairc sa nós imeachta ‘achomhairc ar mhaithe leis an dlí’, ex officio nó ar iarraidh ó na páirtithe, rialáil rialacha maidir le ceisteanna dlíthiúla a shocraítear ar bhealach difriúil sna cúirteanna dlí. Ní bheidh aon éifeacht ag na cinntí sin ar bhreithiúnais na cúirte atá á scrúdú ná maidir le stádas na bpáirtithe sna cásanna sin. De réir Airteagal 99 de Dhlí uimh. 303/2004 maidir le reacht na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí, tá neamhchomhlíonadh na n‑achomharc ar mhaithe le dlí na hArd‑Chúirte um Achomharc agus Ceartas ina mhí‑iompar araíonachta. Ciallaíonn sé sin gur féidir imeacht araíonachta a thionscnamh in aghaidh an bhreithimh lena mbaineann. SI: Tá cineál gnímh dlí normataigh aonair, a dtéann a raon feidhme thar chás sonrach, ag tuairimí dlí ar bhonn prionsabail ar cheisteanna lena mbaineann tábhacht do chur chun feidhme aonfhoirmeach na ndlíthe. Tá sé ceangailteach ar gach painéal den Chúirt Uachtarach, agus trí bhíthin na réasúnaíochta amháin, ar na cúirteanna íochtaracha, dá bhfuil sé inghlactha ar bhonn bunreachtúil imeacht ón tuairim dhlíthiúil ar bhonn prionsabail atá glactha, amhail i gcás imeacht ón gcásdlí bunaithe, má thacaíonn an réasúnaíocht leis an imeacht sin. SK: Bíonn cúirt/breitheamh faoi cheangal ag cinneadh éigeantach na cúirte atá níos uachtaraí ar bhonn ordlathais. I gcásanna áirithe bíonn an chúirt íochtarach i dteideal imeacht ón gcinneadh éigeantach le cúirteanna/breithiúna atá níos uachtaraí ar bhonn ordlathais. Tá trí phríomhchúis ann le déanamh amhlaidh: (i) athrú ar fhíorais; (ii) tuairim dhlíthiúil dhifriúil a chuirtear in iúl i mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; agus (iii) leasú ar na dlíthe. Le haghaidh imeachtaí sonracha, is féidir breitheamh a chur faoi réir imeachtaí araíonachta ag an gCúirt Uachtarach.

Léirítear i bhFíor 58 na coimircí atá i bhfeidhm i gcásanna ina ndéanann breithiúna nó ionchúisitheoirí cinneadh a bheith fostaithe ar bhonn sealadach i bpoist atá faoi riteacht pholaitiúil, amhail poist mar pholaiteoirí, airí, oifigigh rialtais, comhaltaí comh‑aireachta nó poist in oifigí polaitiúla eile. Léirítear san fhíor cibé is féidir nó nach féidir le breithiúna nó le hionchúisitheoirí an fhostaíocht sin a ghlacadh, agus filleadh ina dhiaidh sin ar an bpost mar bhreitheamh nó ionchúisitheoir, nó cibé atá rialacha sonracha i bhfeidhm nó nach bhfuil lena neamhchlaontacht a chosaint.

Fíor 58: Coimircí i ndáil le fostaíocht shealadach breithiúna/ionchúisitheoirí mar pholaiteoirí/airí/oifigigh rialtais, airí comh‑aireachta/in oifigí polaitiúla eile(*)

(*) BG: Is féidir giúistísí a cheapadh ar bhonn sealadach sna poist sin. I gcás a n‑athcheaptha mar bhreithiúna/ionchúisitheoirí/ghiúistísí imscrúdaitheacha, tá sainrialacha nóis imeachta i bhfeidhm faoinar gá iarratas a thaisceadh leis an bpainéal ábhartha den Ard‑Chomhairle Bhreithiúnach laistigh de 14 lá ó dháta a ndífhostaithe ón bpost (sealadach) eile ar mhaithe lena n‑athfhostú. DE: Má thoghtar ionchúisitheoir chuig an bParlaimint Fheidearálach/má cheaptar iad mar chomhalta den Rialtas Feidearálach, cuirtear ar fionraí na cearta agus dualgais a dhíorthaítear ón bhfostaíocht phoiblí go ceann thréimhse an tsainordaithe (cé is moite de dhualgais i ndáil le rúndacht oifigiúil agus le toirmeasc chun glacadh le luaíochtaí nó bónais); nuair a bheidh an sainordú ag an Bundestag tagtha chun críche, féadfaidh an seirbhíseach poiblí faoi seach a athionsá ina iarsheirbhís a iarraidh (laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis dheireadh an tsainordaithe), ar gá é a réadú laistigh de 3 mhí tar éis na hiarrata, agus ar an leibhéal céanna nó coibhéiseach mar an post roimhe sin (mura n‑iarrtar athionsá, leanfar le fionraí na gceart agus na ndualgas a dhíorthaítear ón bhfostaíocht phoiblí). Dá bhfillfeadh oifigeach poiblí tar éis tréimhse gníomhaíochta mar chomhalta rialtais, rud a bheadh indéanta ar bhonn prionsabail le comhthoiliú an dá thaobh (murach sin, bheadh feidhm le stádas scoir), ní bhíonn feidhm ag na rialacha sonracha (ceanglais nochta reachtúil nó féidearthachtaí gaolmhara le haghaidh toirmeasc sealadach chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí áirithe) - ní bhíonn feidhm ag ceanglais den sórt sin ach amháin ina mbíonn gníomhaíochtaí leantacha san earnáil phríobháideach beartaithe ag iarchomhalta rialtais. DK: Is réamhcheanglas é, arna fhilleadh ar an tseirbhís ionchúisimh, gur féidir formheas a thabhairt don ionchúisitheoir agus an formheas slándála arna sholáthar a bhuanú. EE: Breithiúna: Cé nach bhfuil aon sainrialachán ann, lena gcuirfí teorainn leis an líon limistéar ina bhféadfadh an breitheamh a bheith ag obair, tá coinníoll tábhachtach amháin ann arna fhilleadh dó nó di ar an mbreithiúnacht: féadfaidh breitheamh filleadh ar phost folamh breithimh sa chúirt chéanna ach réamhfhógra 1 mhí amháin ar a laghad ina leith sin a thabhairt do chathaoirleach na cúirte comhfhreagraí. Más rud é, tar éis dó nó di an státseirbhís a fhágáil, nach mbeidh an deis ag breitheamh filleadh ar phost folamh breithimh sa chúirt chéanna, agus nach mian leis nó léi a bheith aistrithe chuig cúirt eile, scaoiltear an breitheamh ón oifig, agus faigheann sé nó sí cúiteamh de mhéid cothrom le tuarastal 6 mhí. Ionchúisitheoirí: ní féidir le hionchúisitheoir a bheith ina chomhalta ná ina comhalta de pháirtí polaitiúil. ES: Breithiúna: Na breithiúna a éiríonn ina bhfeisirí Parlaiminte nó ina gcomhaltaí Rialtais, is féidir leo filleadh ar an bpost cúirte nó breithiúnach céanna tar éis a sainordaithe pholaitiúil. Is é an t‑aon eisceacht ar na rialacha sin an ceann a bhfuil feidhm aici ar bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, a chailleann a bpost breithiúnach ag an gCúirt Uachtarach ar fhilleadh dóibh chuig breithiúnacht, agus ní mór dóibh a bheith ina mbreithiúna ag cúirt níos íochtaraí. Thairis sin, bíonn feidhm ag na rialacha ginearálta maidir le tarraingt siar agus féin‑dícháiliú más gá don bhreitheamh cinneadh a dhéanamh ar chás lena mbaineann polaiteoirí nó leasanna polaitiúla ar fhilleadh ar an mbreithiúnacht dó nó di. Ionchúisitheoirí: Na daoine úd a fhilleann ar an tseirbhís ionchúisimh, ní mór dóibh staonadh, agus i gcás inarb iomchuí féadfar agóid a thabhairt ina gcoinne, ó idirghabháil a dhéanamh in aon chúrsa ina mbíonn páirtithe polaitiúla páirteach, nó i gcúrsaí úd a gcomhaltaí atá nó a bhí i seilbh oifig phoiblí. FR: Le filleadh ar an mbreithiúnacht, is gá do bhreitheamh a bhí ina p(h)olaiteoir/(h)aire/(h)oifigeach rialtais/c(h)omhalta comh‑aireachta roimhe seo iarratas a dhéanamh ar phost nua, agus ní mór don Chomhairle a cheapachán/ceapachán a fhormheas. Sula bhfilleann sé nó sí ar phost mar bhreitheamh, ní mór don duine fanacht le linn thréimhse ‘mharana’ 5 bliana sa limistéar inar chleacht sé nó sí sainordú poiblí nó 3 bliana i gcás shainordú Pharlaimint na hEorpa. HR: Tá rialacha sonracha ann maidir leis na poist ar féidir ionchúisitheoirí a chur ar iasacht chucu, chomh maith le nós imeachta nach mór é a chomhlíonadh. IT: Léirítear sa chairt an cás sna cúirteanna sibhialta agus coiriúla. Ní mór d’Ard‑Chomhairle na mBreithiúna údarú a thabhairt do bhreithiúna sna cúirteanna sibhialta agus coiriúla. Is féidir le breithiúna riaracháin obair i gcodanna comhairliúcháin den Chomhairle Stáit nó i gcodanna dlínsiúla nach bhfuil aon inniúlacht acu ar chúrsaí a bhaineann le gníomhaíocht roimhe sin an bhreithimh. Na hionchúisitheoirí a sheasann sna toghcháin Pharlaiminteacha, ní fhéadfaidh siad filleadh ar an tseirbhís ionchúisimh ach amháin chun obair i ndúiche éigin eile seachas an ceann ina seasann siad sa toghchán (gan beann ar cé acu a toghadh nó nár toghadh iad). Ní fhéadfaidh ionchúisitheoirí seasamh sna toghcháin Pharlaiminteacha sa dúiche inar chleacht siad a bhfeidhmeanna sna 6 mhí dheireanacha roimh a n‑iarrthóireacht. I gcás toghcháin réigiúnacha agus bhardasacha, ní fhéadfaidh ionchúisitheoirí seasamh i dtoghchán sa Réigiún ina gcleachtann siad a bhfeidhmeanna. LV: Ní féidir le breithiúna a bheith páirteach in aon cháil sa saol polaitiúil (ní féidir leo a bheith ina mbaill de pháirtí polaitiúil fiú). AT: maidir le hionchúisitheoirí, sula bhfilleann sé nó sí ar phost mar ionchúisitheoir i bpost bainistíochta (i.e. ceann oifig ionchúisitheora phoiblí, oifig ionchúisitheora phoiblí shinsearaigh, oifig an Phríomh‑Ionchúisitheora Phoiblí), ní mór don duine fanacht le linn thréimhse ‘mharana’ 5 bliana. PL: Maidir le ceapachán chuig poist pholaitiúla, ní mór don bhreitheamh tofa a shainordú nó a sainordú breithiúnach a thabhairt suas, ach coinníonn sé an ceart chun filleadh ar oifig bhreithiúnach (chuig an bpost a bhí ina sheilbh nó ina seilbh roimh an gceapachán) mura sáraíonn an tréimhse inar cleachtadh an fheidhm pholaitiúil tréimhse níos faide ná 9 mbliana. Beidh údarú de dhíth ón gComhairle Náisiúnta do na Breithiúna. PT: Beidh údarú roimhe seo de dhíth ar bhreithiúna agus ionchúisitheoirí ón Ard‑Chomhairle Bhreithiúnach nó ón gComhairle Uachtarach um Ionchúiseamh Poiblí (CSMP), faoi seach. SK: Tar éis dó nó di filleadh ar an mbreithiúnacht, ní mór nach ndéanann breitheamh iarratas ar phost mar Uachtarán nó Leas‑Uachtarán na cúirte. Tugtar fógra don Aireacht Ceartais 60 lá sula bhfilltear ar an mbreithiúnacht.

– Coimircí i ndáil le feidhmiú na seirbhíse ionchúisimh náisiúnta san Aontas Eorpach

Tá ról mór ag an ionchúiseamh poiblí sa chóras ceartais choiriúil chomh maith leis an gcomhar idir Ballstáit i gcúrsaí coiriúla. Is ríthábhachtach é feidhmiú cuí na seirbhíse ionchúisimh náisiúnta le haghaidh an chomhraic éifeachtaigh in aghaidh na coireachta, lena n‑áirítear an choireacht eacnamaíoch agus airgeadais, amhail sciúradh airgid, agus éilliú. De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an gCinneadh Réime um Barántas Gabhála Eorpach ( 25 ), is féidir oifig an ionchúisitheora phoiblí a mheas mar údarás breithiúnach Ballstáit chun críoch barántas gabhála Eorpach a eisiúint agus a fhorghníomhú cibé uair is féidir leis gníomhú go neamhspleách, gan a bheith curtha i mbaol teacht faoi réir orduithe nó treoracha, ar bhonn díreach nó indíreach, i gcás sonrach ón bhfeidhmeannach, amhail Aire Dlí agus Cirt ( 26 ).

Tá éagsúlachtaí in eagrú na seirbhís ionchúisimh náisiúnta ar fud an Aontais, agus níl aon samhail aonfhoirmeach le haghaidh gach Ballstáit ann. Thug Comhairle na hEorpa dá haire áfach treocht fhorleathan go mbeadh oifig ionchúisitheora níos neamhspleáiche ann, seachas ceann atá fo‑ordaithe nó nasctha leis an bhfeidhmeannach ( 27 ). De réir Chomhairle Chomhairleach na nIonchúisitheoirí Eorpacha, is ceann de cholúin stáit dhaonlathaigh í seirbhís ionchúisimh éifeachtach agus uathrialach atá tiomnaithe chun seasamh leis an smacht reachta agus le cearta an duine i riar an cheartais( 28 ) . Thairis sin, i sochaí dhaonlathach, ní mór do na cúirteanna agus do na húdaráis imscrúdaitheacha fanacht saor ó bhrú polaitiúil. Ciallaíonn coincheap an neamhspleáchais go mbíonn ionchúisitheoirí saor  
ó chur isteach neamhdhleathach i gcleachtadh a ndualgas ionas go n‑áiritheofar lánurraim don dlí agus do phrionsabal an smachta reachta agus dá gcur i bhfeidhm agus nach mbíonn siad faoi réir aon bhrú pholaitiúil ná tionchair neamhdhleathaigh d’aon chineál( 29 ) . Ní hamháin go bhfuil feidhm ag an neamhspleáchas ar an tseirbhís ionchúisimh ina hiomláine, ach tá feidhm aige freisin maidir lena comhlachtaí áirithe agus ar ionchúisitheoirí aonair freisin ( 30 ). Cé acu samhail den chóras ceartais choiriúil atá ann nó den traidisiún dlí ina ndaingnítear é, éilíonn caighdeáin Eorpacha go ndéanann Ballstáit bearta éifeachtacha chun ráthaíocht a thabhairt gur féidir le hionchúisitheoirí poiblí a ndualgais agus freagrachtaí gairmiúla a chomhlíonadh faoi dhálaí dlíthiúla agus eagraíochtúla leormhaithe ( 31 ) agus gan cur isteach nach bhfuil údar leis ( 32 ). Go háirithe, i gcás ina dtugann an rialtas treoracha de chineál ginearálta, mar shampla maidir le beartas coireachta, ní mór do na treoracha sin a bheith i scríbhinn agus a bheith foilsithe ar bhealach leormhaith ( 33 ). I gcás ina mbíonn an chumhacht ag an rialtas treoracha a thabhairt chun cás sonrach a ionchúiseamh, ní mór ráthaíochtaí leormhaithe a bheith i dteannta na dtreoracha sin ( 34 ). De réir Mholadh 2000 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa, ba cheart toirmeasc a bheith ar threoracha gan ionchúiseamh a thabhairt ar bhonn prionsabail nó a bheith eisceachtúil agus go mbeidís faoi réir coimircí sonracha ( 35 ). Ba cheart go mbeadh páirtithe leasmhara (íospartaigh san áireamh) in ann agóid a thabhairt in aghaidh cinneadh ionchúisitheora phoiblí gan cás a ionchúiseamh ( 36 ), rud a sholáthraíonn cineál cuntasachta freisin ó ionchúisitheoirí( 37 ) .

Is féidir fadhb a chruthú leis an gcinneadh gan ionchúiseamh a thabhairt i dtéarmaí chuntasacht na n‑ionchúisitheoirí, arb é an fáth é a bhaineann tábhacht le leigheas dlí ( 38 ). Tugtar san fhíor thíos forbhreathnú níos mionsonraithe ar an bhféidearthacht go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh le hionchúisitheoir gan cás a ionchúiseamh. Ní dhéantar measúnú sna fíoracha sin ar fheidhmiú éifeachtach na seirbhísí ionchúisimh, rud a éilíonn measúnú cáilíochtúil ina dtugtar imthosca sonracha gach Ballstáit san áireamh.

Léirítear i bhFíor 59 na húdaráis a dhéanann cinneadh ar iarratas chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh le hionchúisitheoir gan ionchúiseamh a thabhairt i gcás aonair le haghaidh coireanna gan íospartach (e.g. sciúradh airgid, éilliú) agus le haghaidh coireanna lena mbaineann íospartach (e.g. díobháil choirp.( 39 ) . Taispeántar ann an t‑údarás a dhéanann seiceáil ar shaothar ionchúisitheoirí aonair, ag a mbíonn tionchar ar fheidhmiú na seirbhíse ionchúisimh. I roinnt Ballstát, is údaráis dhifriúla a dhéanann athbhreithniú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a thabhairt: cé acu ionchúisitheoirí uachtaracha (lena n‑áirítear an tArd‑Ionchúisitheoir i gcás inarb ábhartha) nó cúirt. I roinnt Ballstát, déantar an cinneadh a athbhreithniú ar dtús os comhair na n‑ionchúisitheoirí uachtaracha, agus is féidir agóid a thabhairt in aghaidh an chinnidh sin os comhair cúirte ansin (tíortha ina bhfuil dhá dhath ag an gcolún). I gcás ina bhfuil dath amháin ag an gcolún, is é an t‑ionchúisitheoir uachtarach amháin, nó an chúirt amháin, a dhéanann athbhreithniú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a thabhairt. I roinnt Ballstát, ní féidir an cinneadh a athbhreithniú.



Fíor 59: An t‑údarás a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh ionchúisitheora gan ionchúiseamh a thabhairt(*) (Foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht leis an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta)

(*) Le haghaidh gach Ballstáit: I gcás inarb ann d’athbhreithniú den sórt sin, i gcás coireanna gan íospartach, is féidir leis an ionchúisitheoir uachtarach agóid a thabhairt in aghaidh an chinnidh gan ionchúiseamh a thabhairt/an cinneadh sin a chur ar neamhní (in BG, CZ, DE, FR, LV, LU, PT agus RO), is féidir leis an ngearánaí a thug an fógra faoin gcion líomhnaithe déanamh amhlaidh (in DE (trí mheán gearán araíonachta), IE (An Garda Síochána), FR (lena n‑áirítear comhlachtaí riaracháin), PL (maidir le hinstitiúidí stáit agus rialtais áitiúil, agus páirtithe príobháideacha i gcásanna sonracha, HR, IT, LV, HU, NL, SI agus SK) nó is féidir le daoine eile, amhail daoine ar dócha go bhfuil leas acu nó a bhfuil leas dlisteanach acu déanamh amhlaidh (DK, DE, RO), is féidir leis an gCoimisinéir um Chosaint Dhlíthiúil déanamh amhlaidh (AT), agus is féidir le haon duine déanamh amhlaidh (PT: le haghaidh coireanna áirithe gan íospartach) agus is féidir le haon duine déanamh amhlaidh (FI). I gcás coireanna lena mbaineann íospartach, is féidir leis an ionchúisitheoir uachtarach agóid a thabhairt in aghaidh an chinnidh gan ionchúiseamh a thabhairt (in BG, CZ, DE, FR, LV, LU, PT agus RO), is féidir leis an íospartach déanamh amhlaidh (in BG, CZ, DE, EE, IE, ES, FR, IT, LV, HU, MT, NL, AT, PT, PL, SI agus SK), nó is féidir le daoine eile, amhail daoine ar dócha go bhfuil leas acu nó a bhfuil leas dlisteanach acu déanamh amhlaidh (DK, DE, RO), is féidir le riarachán atá i dteideal gníomhú déanamh amhlaidh (FR), agus is féidir le haon duine déanamh amhlaidh (FI). Is féidir ionchúiseamh príobháideach a thabhairt in BG, IE, HR, HU, MT, PL, PT, SI agus SE.

Na siombailí ‘##’ le haghaidh AT: Aithnítear cineálacha difriúla cinntí i ndlí na hOstaire gan ionchúiseamh a thabhairt ina gcoinne. Má staonann an t‑ionchúiseamh ó imscrúduithe a thosú mar gheall ar easpa amhrais tosaigh, is amhlaidh ansin nach féidir agóid a thabhairt in aghaidh an chinnidh (Ní ceangailteach é an cinneadh áfach). Má chinneann an t‑ionchúiseamh gan ionchúiseamh a thabhairt tar éis imscrúdú (i gcoireanna áirithe gan íospartach agus i gcoireanna lena mbaineann íospartach), is féidir agóid a thabhairt in aghaidh an chinnidh os comhair na cúirte. An tsiombail ‘*’ le haghaidh BG: Is é an t‑ionchúisitheoir a chinneann cé acu an ann nó nach ann do cheanglais an dlí chun réamhimeachtaí a thionscnamh. Murab ann do cheanglais ann, eisíonn an t‑ionchúisitheoir Foraithne le haghaidh diúltú chun réamhimeachtaí a thionscnamh (diúltú chun imscrúdú a oscailt). Níl an diúltú sin faoi réir achomhairc ach amháin os comhair oifig an ionchúisitheora a bhfuil stádas níos airde aici. Má tionscnaíodh réamhimeachtaí, is féidir leis an ionchúisitheoir iad a fhoirceannadh ach a mbeidh siad curtha i gcrích nó an cás a thabhairt os comhair na cúirte (an cinneadh chun ionchúiseamh). An fhoraithne gan ionchúiseamh a thionscnamh le haghaidh coireanna lena mbaineann íospartach, tá sí faoi réir achomhairc os comhair na cúirte laistigh de 7 lá. Mura gcomhlíontar an spriocdháta sin, is féidir an cinneadh a achomharc go fóill, ach ní féidir é a achomharc ach amháin os comhair oifig an ionchúisitheora a bhfuil stádas níos airde aici. I gcás coireanna gan íospartach, ní féidir an cinneadh gan ionchúiseamh a thabhairt a aisghairm de bhrí oifige ach amháin ag oifig an ionchúisitheora a bhfuil stádas níos airde aici trí bhíthin comhartha nó tar éis féintionscnaimh. EE: Is féidir le híospartach achomharc a chomhdú in aghaidh chinneadh an chomhlachta imscrúdaithigh gan imeachtaí coiriúla a thionscnamh le hoifig an ionchúisitheora. Is féidir agóid a thabhairt in aghaidh chinneadh oifig an ionchúisitheora gan imeachtaí coiriúla a thionscnamh ná a fhoirceannadh ag Oifig an Ard‑Ionchúisitheora. Is féidir agóid a thabhairt in aghaidh chinneadh Oifig an Ard‑Ionchúisitheora sa Chúirt Dúiche. ES: Is é an t‑imscrúdaitheoir is breitheamh an t‑údarás dá ndílsítear an chumhacht chun cinneadh a dhéanamh cibé acu a thabharfar ionchúiseamh nó nach dtabharfar. Tar éis cinneadh gan ionchúiseamh a thabhairt, ba cheart go gcuirfeadh an t‑imscrúdaitheoir is breitheamh na páirtithe eile sa phróiseas (i.e. an t‑ionchúisitheoir poiblí agus an t‑íospartach/gearánaí) ar an eolas, ar féidir leo agóid a thabhairt in aghaidh an chinnidh os comhair na cúirte. IT: In aon imeacht coiriúil, má mheasann an t‑ionchúisitheoir poiblí nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh ionchúisimh (e.g. de bharr easpa fianaise), comhdóidh sé nó sí iarraidh ar dhíbhe leis an mbreitheamh um réamh‑imscrúduithe, a dhéanfaidh cinneadh cé acu a ghlacfar nó nach nglacfar le hiarraidh an ionchúisitheora. CY: Má chinneann an tArd‑Aighne gan ionchúiseamh a thabhairt i gcás (bunaithe ar an bhfianaise ar láimh agus moltaí na nAturnaetha ag an Oifig Dlí), is é an tArd‑Aighne an t‑aon duine ar féidir leis nó léi cinneadh den sórt sin a fhreaschur. LT: Ní dhéantar cinneadh oifigeach imscrúdaithe réamhthrialach gan tús a chur le himscrúdú réamhthrialach ach amháin le toiliú cheann an údaráis imscrúdaithe réamhthrialach. Ní mór an rún gan tús a chur le himscrúdú réamhthrialach a sheoladh chuig an ionchúisitheoir laistigh de 24 uair an chloig, a sheiceálann an cinneadh laistigh de 10 lá. Is féidir cinneadh diúltaithe an ionchúisitheora a achomharc chuig an gcúirt. Is féidir rún le hoifigeach imscrúdaithe réamhthrialach a chur i bhfeidhm freisin ar an ionchúisitheoir. Má dhiúltaítear do chinneadh an ionchúisitheora, is féidir é a achomharc chuig an gcúirt. Is féidir cinneadh an bhreithimh a achomharc chuig an gcúirt uachtarach arís. HU: Ní féidir athbhreithniú breithiúnach le haghaidh coireanna lena mbaineann íospartach a dhéanamh ach amháin faoi chuimsiú ionchúiseamh príobháideach (e.g. an clúmhilleadh agus an leabhal) nó ionchúiseamh príobháideach ionadach (tar éis cinneadh ionchúisimh gan ionchúiseamh a dhéanamh). MT: Tá ionchúiseamh coireanna coiriúla á aistriú ó na póilíní chuig Oifig an Ard‑Aighne. Táthar ag pleanáil go mbeidh an trasdul curtha i gcrích faoi dheireadh 2025. I mí Dheireadh Fómhair 2020, ghlac an tArd‑Aighne freagracht as an gcinneadh chun ionchúiseamh a thabhairt agus ionchúisimh a thionscnamh os comhair cúirteanna íochtaracha in aghaidh coireanna tromchúiseacha sonraithe. Rialachán, a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2020, ina bhforáiltear maidir le hathbhreithniú breithiúnach (os comhair cúirteanna sibhialta) ar chinntí an Ard‑Aighne gan ionchúiseamh a thabhairt ar fhoras na neamhdhleathachta nó na míréasúntachta. Nuair a dhílsítear an cinneadh ionchúiseamh a thabhairt agus an t‑ionchúiseamh i gCoimisinéir na bPóilíní, is féidir imeachtaí agóide a thionscnamh os comhair Chúirt na nGiúistísí. PL: Déantar difríocht sa chreat idir cinneadh chun tionscnamh ionchúisimh a dhiúltú agus cinneadh chun scor den ionchúiseamh. Is féidir agóid a thabhairt in aghaidh tionscnamh ionchúisimh os comhair an ionchúisitheora uachtaraigh agus os comhair cúirte, ag an íospartach, ag an Stát, ag an rialtas áitiúil nó ag institiúid comhphobail a thug an fógra faoin gcion líomhnaithe. Is féidir agóid a thabhairt in aghaidh scor d’ionchúiseamh ag na páirtithe sna himeachtaí, ag institiúid Stáit nó rialtais áitiúil a thug an fógra faoin gcion líomhnaithe, agus, ach amháin má tháinig sárú ar chearta an duine sin de bharr an chiona líomhnaithe, in aghaidh duine a fhógraíonn cion nach mbaineann ach amháin le cineálacha sonracha gníomhartha coiriúla a liostaítear sa dlí. PT: Is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ionchúisitheora gan ionchúiseamh a thabhairt trí chéim nóis imeachta uathrialach, an instrução (athoscailt an fhiosrúcháin), ina samhlaítear go sonrach an deimhniú breithiúnach ar an gcinneadh chun an t‑imscrúdú a dhíotáil nó a chomhdú. Is féidir athoscailt seo an fhiosrúcháin a iarraidh ag ‘assistente’ mura mbraitheann an nós imeachta ar ionchúiseamh príobháideach. Is féidir cinneadh ionchúisitheora gan ionchúiseamh a thabhairt freisin os comhair gharoifigeach uachtarach an Ionchúisitheora Phoiblí laistigh de 20 lá ón dáta nach féidir oscailt an fhiosrúcháin a iarraidh a thuilleadh ina dhiaidh. SI: Ní féidir le hionchúisitheoirí stáit gearáin choiriúla a dhíbhe le haghaidh cionta coiriúla áirithe gan comhshíniú cheann oifig an ionchúisitheora stáit. Ní mór d’ionchúisitheoirí stáit catagóirí áirithe daoine agus údaráis stáit a chomhdaigh gearán coiriúil a chur ar an eolas faoina rún agus na fáthanna lena dhíbhe, agus a chur ar chumas dóibh tuairim a thabhairt faoi na fáthanna don díbhe. Is cinneadh críochnaitheach é an cinneadh chun gearán coiriúil a dhíbhe nó chun scor d’ionchúiseamh nuair a dhéantar é, ach is féidir leis an bpáirtí díobhálaithe cinneadh a dhéanamh freagracht a ghlacadh as an ionchúiseamh (príobháideach). SE: Is cinneadh poiblí é an cinneadh. Is féidir le híospartach ciona chomh maith leis an amhrastach athbhreithniú a iarraidh. Is é nó í an t‑ionchúisitheoir a rinne an cinneadh a thugann faoin iarraidh. Dá mbeadh fianaise nó imthosca nua ann, is féidir leis an ionchúisitheoir cinneadh a dhéanamh beart a dhéanamh. Mura mbeadh aon fhianaise nua ann, is é an tIonad Forbartha a dhéanann cinneadh maidir le leasú.

Léirítear i bhFíor 60 an chéad achoimre ar chomhlachtaí agus údaráis ag a bhfuil an chumhacht imscrúduithe coiriúla a dhéanamh maidir leis an gcoireacht airgeadais agus eacnamaíoch, agus maidir le gach cion eile. Baineann tábhacht le córais cheartais atá neamhspleách agus neamhchlaonta ina bhforfheidhmítear reachtaíocht frithéillithe go héifeachtach trí imscrúduithe agus ionchúisimh neamhchlaonta a dhéanamh chun comhrac éifeachtach a thabhairt in aghaidh an éillithe( 40 ) , agus freisin in aghaidh na coireachta airgeadais agus eacnamaíche eile.



Fíor 60: Comhlachtaí ag a bhfuil cumhacht imscrúdú coiriúil a dhéanamh (*) (Foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht leis an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta)

(*) CZ: Áirítear leis na húdaráis phóilíneachta freisin Ard‑Chigireacht na bhFórsaí Slándála, an tSeirbhís Phríosúin, oifigigh chustaim, póilíní míleata, agus forais na Seirbhíse Faisnéise Slándála agus forais na Seirbhíse Faisnéise Eachtraí freisin, a dhéanann imscrúdú ar choireanna a dhéanann comhaltaí na Seirbhíse Faisnéise Slándála agus na Seirbhíse Faisnéise Eachtraí faoi seach. EE: Tá Seirbhís Rúnda curtha ar bun ar mhaithe le caomhnú na slándála náisiúnta trí fhaisnéis a bhailiú agus bearta coisctheacha a chur chun feidhme chomh maith le cionta a imscrúdú. I dteannta a bheith ina hinstitiúid slándála, tá sí ina húdarás de chineál póilíneachta freisin a dhéanann imscrúduithe coiriúla go príomha i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an t‑éilliú ar scála mór. PL: Ba cheart do Ghníomhaireacht na Slándála Inmheánaí, an Ghníomhaireacht um Fhaisnéis Eachtrach, agus Seirbhís na Frithfhaisnéise/Faisnéise Míleata aon fhianaise de chionta coiriúla líomhnaithe a tharchur chuig an ionchúisitheoir poiblí. Faoin gcatagóir ‘eile', shonraigh na Ballstáit: BE: Roinnt gníomhaireachtaí seirbhíse poiblí ar leibhéal feidearálach. BG: Cigire custaim imscrúdaitheach. ES: Údaráis chustaim. IT: Póilíní lena n‑áirítear na gníomhaireachtaí seo a leanas um fhorfheidhmiú an dlí: Polizia di Stato, Guardia di Finanza agus Carabinieri. De réir Airteagail 55 agus 57 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil féadfaidh comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile feidhmeanna póilíní breithiúnacha a dhéanamh (imscrúduithe coiriúla) laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear de réir an dlí (e.g. oifigigh chustaim). LV: Seirbhís Slándála an Stáit, Rannóg Slándála Inmheánaí de Sheirbhís Ioncaim an Stáit, na Póilíní Míleata, Riarachán Príosún na Laitvia, an Biúró um Chosc agus Comhrac an Éillithe, Póilíní Cánacha agus Custaim de Sheirbhís Ioncaim an Stáit, Garda Teorann an Stáit, captaein na soithí farraige ar muir, ceannasaí aonaid d’Fhórsaí Armtha Náisiúnta na Laitvia atá suite ar chríoch tíre eachtraí, an Biúró um Shlándáil Inmheánach. LT: Seirbhís Gharda Teorann an Stáit, an tSainseirbhís Imscrúdúcháin, an tSeirbhís Imscrúdúcháin um Choireacht Airgeadais, Custaim Phoblacht na Liotuáine agus an Rannóg Dóiteáin agus Tarrthála, Rannóg na bPríosún. LU: seirbhísigh phoiblí faoi mhionn (póilíní breithiúnacha) ó riaracháin dhifriúla, amhail riaracháin Chustaim. NL: sainchomhlachtaí imscrúdaitheacha, amhail FIOD (cigireacht airgeadais‑eacnamaíoch), an chigireacht um leas sóisialach, an chigireacht um an gcomhshaol agus an chigireacht talmhaíochta. PL: An Garda Teorann, An Lárbhiúró Frithéillithe. SK: Is sainaonad é Oifig Chóiriúil an Riaracháin Airgeadais (FACO) laistigh de Stiúrthóireacht Airgeadais na Slóvaice atá i dteideal cionta coiriúla a bhrath agus a imscrúdú i limistéar na rialachán custaim agus cánach. FI: Is féidir le Custaim, an Garda Teorann agus na Fórsaí Cosanta coireanna a imscrúdú freisin. Tá an chumhacht ag Custaim cásanna sciúrtha airgid a imscrúdú.

 



– Neamhspleáchas na mBarraí agus dlíodóirí san Aontas Eorpach –

Feidhmíonn dlíodóirí agus a gcomhlachais ghairmiúla ról bunúsach chun cosaint na gceart bunúsach a áirithiú agus chun an smacht reachta a neartú( 41 ) . Éilítear de réir chóras cóir um cheartas a riar go mbíonn an tsaoirse ag dlíodóirí dul i mbun a gcuid gníomhaíochtaí comhairle a thabhairt dá gcliaint agus ionadaíocht a dhéanamh ar a sonsan. Is le comhaltas na ndlíodóirí i saorghairm agus leis an údarás a thagann ón gcomhaltas sin a chuidítear leis an neamhspleáchas sin a choinneáil ar bun, agus feidhmíonn comhlachais bharra ról tábhachtach chun cuidiú le neamhspleáchas na ndlíodóirí a ráthú. Éilítear de réir na gcaighdeán Eorpach, i measc nithe eile, an tsaoirse chun gairm an dlíodóra a chleachtadh, neamhspleáchas na gcomhlachas barra; agus leagtar síos leo na bunphrionsabail d’imeachtaí araíonachta in aghaidh dlíodóirí ( 42 ).

Fíor 61: Independence of Bars and lawyers, 2021 [Neamhspleáchas Barraí agus dlíodóirí, 2021](*) (foinse: An Coimisiún Eorpach in éineacht le Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE)( 43 ))

(*) Uasmhéid féideartha: 9 bpointe. Suirbhé a rinneadh ag deireadh 2021. Le haghaidh na ceiste a bhaineann le ráthaíochtaí le haghaidh rúndacht an chaidrimh idir dlíodóir agus cliant dámhadh 0.5 pointe ar gach ceann de na cásanna (cuardach agus urghabháil r‑shonraí i seilbh an dlíodóra, cuardach ar áitreabh an dlíodóra, idirghabháil cumarsáide idir dlíodóir agus cliant, faireachas ar an dlíodóir nó ar a (h)áitreabh, iniúchadh cánach agus seiceálacha riaracháin eile) a bhfuil clúdach iomlán déanta orthu. Le haghaidh gach critéir atá comhlíonta ina iomláine, dámhadh 1 phointe amháin, agus níor dámhadh aon phointe i gcás nár comhlíonadh an critéar. De bharr athrú sa mhodheolaíocht, ní féidir comparáid a dhéanamh ar na torthaí agus iad sin a chuirtear i láthair i bhFíor 58 de Scórchlár Ceartais 2021. RO, CY, MT: freagraí ó 2020, curtha in oiriúint don mhodheolaíocht nua. FR: Ba le hathrú reachtach in 2021 a bunaíodh an deis d’athbhreithniú breithiúnach ar bhearta araíonachta a glacadh in aghaidh dlíodóirí. DK: Is í an Aireacht Ceartais a fhaomhann na cinntí maidir leis an údarú chun cleachtadh mar dhlíodóir nó chun aontú don ghairm, ar mholadh a fháil agus ar dhul i gcomhairle le Cumann Barra agus Dlí na Danmhairge. AT: Tá roinnt cumhachtaí maoirseachta struchtúracha ag an Aireacht Ceartais (i ndáil le formhaoirseacht ar dhlíthiúlacht na bainistíochta riaracháin ar an mBarra), cé nach bhfuil aon chumhacht aici maidir le gnáthghnó laethúil na mbarraí féin. SE: Tá cumhachtaí maoirseachta ag Seansailéir an Cheartais maidir le habhcóidí, agus féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar an gCoiste Araíonachta bearta araíonachta a chur chun feidhme in aghaidh comhalta faillíoch, nó ar an mBord i ndáil le comhaltaí nach gcomhlíonann ceanglais fhoirmiúla an chomhaltais a thuilleadh. CZ: Coimeádann an Aireacht Ceartais ról maoirseachta ar chúrsaí sainithe. EE: Tá cumhachtaí maoirseachta leathana ag an Aireacht Ceartais ar eagrú an chórais cúnaimh dhlíthiúil. LT: Tá gníomhaíochtaí Chumann Barra na Liotuáine bunaithe ar phrionsabal fhéinrialachas neamhspleách na n‑abhcóidí (dlíodóirí), mar sin féin, ag cloí leis an Dlí um an mBarra lena rialaítear gníomhaíochtaí Chumann Barra na Liotuáine, is gá do Chumann Barra na Liotuáine de réir an dlí comhardú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bhaineann go heisiach le gníomhaíochtaí na n‑abhcóidí leis an Aireacht Ceartais. PL: Tá ról maoirseachta ag an Aireacht Ceartais ar an mBarra, eagraíonn sí scrúduithe an Bharra, agus rialaíonn sí an scéim maidir le híostáillí dlí.

3.3.3. Achoimre maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna

Is gné bhunúsach de chóras ceartais éifeachtach é neamhspleáchas na mbreithiúna. Baineann ríthábhacht leis chun an smacht reachta, cothroime na n‑imeachtaí breithiúnacha agus muinín na saoránach agus na ngnólachtaí sa chóras dlí a chaomhnú. Ar an gcúis sin, ba cheart go ndéanfaí an smacht reachta a chaomhnú le haon athchóiriú ar an gceartas, agus go gcomhlíonfadh sé aon chaighdeáin Eorpacha um neamhspleáchas na mbreithiúna. Taispeántar treochtaí i Scórchlár 2022 i mbraistintí an phobail i gcoitinne agus na gcuideachtaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna. Cuirtear i láthair san eagrán seo freisin roinnt táscairí i ndáil le seiceálacha slándála ar bhreithiúna, an fhéidearthacht go ndéanfaidh Ard‑Chúirteanna /Cúirteanna Uachtaracha cinntí maidir le comhsheasmhacht an chásdlí sna cúirteanna íochtaracha dá dtionscnamh féin, coimircí i gcásanna ‘dorais imrothlaigh’, chomh maith le léargas níos grinne maidir leis an bhféidearthacht ar chinneadh ionchúisitheora a athbhreithniú gan cás a ionchúiseamh. Ní cheadaítear sna táscairí struchtúracha conclúidí a tharraingt maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna de chuid na mBallstát, ach feidhmíonn siad mar ghnéithe féideartha a d’fhéadfaí a ghlacadh mar thúsphointe le haghaidh anailís den sórt sin.

·Cuirtear i láthair i Scórchlár 2022 na forbairtí maidir leis an neamhspleáchas a bhraitear ó shuirbhéanna ar an bpobal i gcoitinne (Eorabharaiméadar) agus ar chuideachtaí (Eorabharaiméadar):

-Taispeántar sa seachtú suirbhé Eorabharaiméadair i measc an phobail i gcoitinne (Fíor 50) go bhfuil feabhas tar éis teacht ar bhraistint an neamhspleáchais in os cionn tríú chúigiú de na Ballstáit i gcomparáid le 2016. Tá feabhas tagtha ar bhraistint an phobail i gcoitinne ar an neamhspleáchas i leath de na Ballstáit a bhfuil dúshláin shonracha os a gcomhair i gcomparáid le 2016. I gcomparáid leis an mbliain anuraidh, tháinig laghdú ar bhraistint an phobail i gcoitinne ar an neamhspleáchas i níos mó ná leath de na Ballstáit go léir, agus i níos mó má ná a leath de na Ballstáit a bhfuil dúshláin shonracha os a gcomhair, agus i roinnt Ballstát, tá an leibhéal neamhspleáchais a bhraitear fós cuibheasach íseal.

-Taispeántar sa seachtú suirbhé Eorabharaiméadair i measc na gcuideachtaí (Fíor 52) go bhfuil feabhas tagtha ar bhraistint an neamhspleáchais i níos mó ná leath de na Ballstáit i gcomparáid le 2016. I gcomparáid leis an mbliain seo caite, tháinig laghdú ar dhearcadh na gcuideachtaí maidir le neamhspleáchas i níos lú ná aon trian de na Ballstáit uile (mar a tharla anuraidh i mbreis agus leath na mBallstát) agus i dtuairim is aon chúigiú de na Ballstáit a bhfuil dúshláin ar leith rompu. I roinnt Ballstát, fanann leibhéal an neamhspleáchais bhraite cuibheasach íseal.

-I measc na gcúiseanna leis an easpa neamhspleáchais a bhraitear sna cúirteanna agus i measc na mbreithiúna, ba é cur isteach nó brú ó rialtas agus polaiteoirí an fáth ba mhó a luadh, agus brú ó leasanna eacnamaíocha agus sonracha eile ina dhiaidh sin. I gcomparáid leis na blianta roimhe sin, is suntasach fós iad an dá fháth le haghaidh roinnt Ballstát ina bhfuil an neamhspleáchas braite fíor‑íseal (Fíoracha 51 agus 53).

-I measc na bhfáthanna leis an dea‑bhraistint ar neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna, d’ainmnigh beagnach ceithre chúigiú de chuideachtaí agus den phobal i gcoitinne (coibhéiseach le 41 % agus 42 % de gach freagróir, faoi seach) na ráthaíochtaí a thugtar le stádas agus le suíomh na mbreithiúna.

·Den chéad uair, taispeántar i Scórchlár Ceartais AE torthaí an tsuirbhé Eorabharaiméadair ar an gcaoi a mbraitheann cuideachtaí éifeachtacht na cosanta infheistíochta faoin dlí agus na cúirteanna i dtaca le cinntí gan údar nó neamhghníomhaíocht ag an Stát ina dtuairimsean (Fíor 54). Tugtar le tuiscint ó na torthaí gur príomhthosca lena mbaineann suntas inchomparáide iad iompraíocht riaracháin, cobhsaíocht agus cáilíocht an phróisis reachtóireachta, chomh maith le héifeachtacht na gcúirteanna agus na cosanta maoine don mhuinín i gcosaint na hinfheistíochta. I measc na bhfáthanna le hábhair imní cuideachtaí maidir le héifeachtacht na cosanta infheistíochta (Fíor 55), ba í an iompraíocht riaracháin dhothuartha neamh‑thrédhearcach, agus an deacracht a bhaineann le hagóid a thabhairt in aghaidh chinntí riaracháin sa chúirtan fáth ba mhó a luadh, agus athruithe minice ar reachtaíocht nó ábhair imní faoi cháilíocht an phróisis reachtóireachta ina dhiaidh sin.

·Taispeántar i bhFíor 56 cé acu a bhíonn baint ag an nGníomhaireacht Slándála Náisiúnta sna Ballstáit le seiceálacha slándála a dhéanamh ar bhreithiúna nó nach mbíonn, ar bhreithiúna is iarrthóirí nó ar na breithiúna atá ann faoi láthair, agus an mhinicíocht a bhaineann leis na seiceálacha den sórt sin.

·Taispeántar i bhFíor 57 cibé is féidir nó nach féidir le hard‑chúirteanna nó le Cúirteanna Uachtaracha cinneadh a dhéanamh dá dtionscnamh féin maidir le comhsheasmhacht chásdlí na gcúirteanna íochtaracha. D’fhéadfadh na cinntí sin a bheith ina gcinn chomhairleacha nó éigeantacha ó thaobh cineáil de, agus ní fhéadfadh feidhm a bheith acu ach amháin ar chás sonrach os comhair na cúirte íochtaraí nó ar gach cás de chineál comhchosúil i ngach cúirt.

·Léirítear i bhFíor 58 na coimircí atá i bhfeidhm i gcásanna ina ndéanann breithiúna nó ionchúisitheoirí cinneadh a bheith fostaithe ar bhonn sealadach i bpoist atá faoi riteacht pholaitiúil, amhail poist mar pholaiteoirí, airí, oifigigh rialtais, comhaltaí comhaireachta nó poist in oifigí polaitiúla eile.

·Taispeántar i bhFíor 59 na coimircí atá i bhfeidhm maidir le cinneadh ionchúisitheora gan cás a ionchúiseamh. Tugtar forbhreathnú níos mionsonraithe san fhíor nuashonraithe ar na coimircí atá ar fáil i gcás coireanna gan íospartach (e.g. sciúradh airgid) agus i gcás coireanna lena mbaineann íospartach. Cé gurb ann don deis i roinnt Ballstát, sa dá chás, agóid a thabhairt in aghaidh an chinnidh gan ionchúiseamh a thabhairt os comhair cúirte, tá athbhreithniú ann i móramh na mBallstát le hionchúisitheoir uachtarach, le cúirt, nó leis an dá cheann acu. Ní ann d’aon deis i roinnt Ballstát chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh gan ionchúiseamh a thabhairt.

·Tugtar i bhFíor 60 an chéad achoimre ar chomhlachtaí agus údaráis a bhfuil an chumhacht acu imscrúduithe coiriúla a dhéanamh. Taispeántar san fhíor nach iad na póilíní agus na hionchúisitheoir amháin is féidir imscrúdú coiriúil a dhéanamh i móramh na mBallstát, ach gur féidir le húdaráis stáit éagsúla eile déanamh amhlaidh freisin.

·Taispeántar i bhFíor 61 cé go bhfeidhmíonn an feidhmeannach ról maoirseachta éigin i roinnt Ballstát maidir leis an mBarra, bíonn neamhspleáchas na ndlíodóirí faoi ráthaíocht ar bhonn ginearálta, rud a thugann saoirse do dhlíodóirí chun dul i mbun a gcuid gníomhaíochtaí comhairle a thabhairt dá gcliaint agus ionadaíocht a dhéanamh ar a son.

   4.    CONCLÚIDÍ

Cuirtear i láthair i Scórchlár Ceartais AE 2022 pictiúr éagsúil ar éifeachtacht na gcóras ceartais sna Ballstáit. Cé gur cheadaigh an leibhéal ard digitiúcháin sa chóras ceartais i roinnt Ballstát d’fheidhmiú na gcúirteanna agus na seirbhís ionchúisimh beagnach gan bhac le linn phaindéim COVID‑19, tháinig laghdú ar éifeachtúlacht i roinnt Ballstáit eile de bharr dhúnadh sealadach na gcúirteanna, go háirithe sna cúirteanna céadchéime.

Taispeántar sa rannóg nuashonraithe atá saintiomnaithe do dhigitiú na gcóras ceartais na treochtaí maidir le glacadh breise na n‑uirlisí digiteacha atá ar fáil do na cúirteanna, ionchúisitheoirí agus baill foirne. Tá dúshláin fós ann chun muinín iomlán na saoránach i gcórais dlí gach Ballstáit a áirithiú. Is rannchuidiú é an fhaisnéis i Scórchlár Ceartais AE leis an bhfaireachán a dhéantar faoi chuimsiú Shásra Eorpach an Smachta Reachta, agus cuireann sí le tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin um an Smacht Reachta.

(1)       Féach http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:12012P/TXT&from=EN
(2)      An Chúirt Bhreithiúnais, breithiúnas an 16 Samhain 2021, Imeachtaí coiriúla in aghaidh WB agus Eile, Cásanna Uamtha C-748/19 chuig C-754/19, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W. Ż., C-487/19, breithiúnas an 15 Iúil 2021, An Coimisiún v. an Pholainn, C-791/13, breithiúnas an 2 Márta 2021, AB, C-824/18, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus Eile, C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, ECLI:EU:C:2019:982, míreanna  121 agus 122; breithiúnas an 5 Samhain 2019, An Coimisiún v an Pholainn, C-192/18, breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, An Coimisiún v. an Pholainn, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531 míreanna  73 agus 74; breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 44; breithiúnas an 25 Iúil 2018, An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, C‑216/18 PPU, EU:C:2018:586, mír 65.
(3)      An Chúirt Bhreithiúnais, breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, An Coimisiún v an Pholainn, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531 mír 44.
(4)      In 2020 agus 2021, níor fhoilsigh an Fóram Eacnamaíoch Domhanda ranguithe an Innéacs Iomaíochais Dhomhanda.
(5)      Suirbhé Eorabharaiméadair FL503, a rinneadh idir 17 agus 24 Eanáir 2022. Freagraí ar an gceist: ‘Go bhfios duitse, cén rátáil a thabharfá ar an gcóras ceartais i (do thír) i dtéarmaí neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna? An dtabharfá rátáil fhíormhaith, chuibheasach mhaith, chuibheasach dhona, nó fhíordhona air?’, féach: https://ec.europa.eu/info/strategy/justice-and‑fundamental-rights/effective-justice/eu-justice-scoreboard_en
(6)      Suirbhé Eorabharaiméadair FL503, freagraí ar an gceist: ‘An bhféadfá a insint dom cá mhéad a bhaineann na cúiseanna seo a leanas le do rátáil ar neamhspleáchas an chórais ceartais i (do thír): méid mór, méid éigin, méid beag, méid ar bith?’ más ‘cuibheasach dona’ nó ‘fíordhona’ é an freagra ar C1.
(7)      Suirbhé Eorabharaiméadair FL504, a rinneadh idir 17 agus 24 Eanáir 2022. Freagraí ar an gceist: ‘Go bhfios duitse, cén rátáil a thabharfá ar an gcóras ceartais i (do thír) i dtéarmaí neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna? An dtabharfá rátáil fhíormhaith, chuibheasach mhaith, chuibheasach dhona, nó fhíordhona air?’, féach: https://ec.europa.eu/info/strategy/justice-and‑fundamental-rights/effective-justice/eu-justice-scoreboard_en ; ó 2021, méadaíodh méid sampla na gcuideachtaí a ndearnadh suirbhé orthu chuig 500 le haghaidh gach Ballstát ach amháin MT, CY agus LU, i gcás inarbh ionann méid an tsampla agus 250. Sna blianta roimhe seo bhí méid an tsampla ag 200 le haghaidh gach Ballstát ach amháin DE, ES, FR, PL agus IT, i gcás inarbh ionann méid an tsampla agus 400.
(8)      Suirbhé Eorabharaiméadair FL504; freagraí ar an gceist: ‘An bhféadfá a insint dom cá mhéad a bhaineann na cúiseanna seo a leanas le do rátáil ar neamhspleáchas an chórais ceartais i (do thír): méid mór, méid éigin, méid beag, méid ar bith?’ dá mba ‘cuibheasach dona’ nó ‘fíordhona’ é an freagra ar C1.
(9)      Suirbhé Eorabharaiméadair FL504; freagraí ar an gceist: ‘Cá mhéad muiníne atá agat go dtugtar cosaint do d’infheistíochtaí leis an dlí agus sna cúirteanna i (do thír) má théann rud éigin amú?’ Chun críocha an tsuirbhé, sainíodh an infheistíocht le haon chineál sócmhainne a áireamh inti ar le cuideachta í nó a rialaíonn cuideachta, agus a bhfuil mar shaintréith aici gealltanas caipitil nó acmhainní eile, ionchas gnóthachain nó brabúis nó toimhde an riosca.
(10)      Suirbhé Eorabharaiméadair FL504; freagraí ar an gceist: ‘Cad iad na príomhchúiseanna imní atá agat maidir le héifeachtacht na cosanta infheistíochta?’ dá mba ‘cuibheasach mímhuiníneach’ nó ‘fíor‑mhímhuiníneach’ é an freagra ar C3.
(11)      An Chúirt Bhreithiúnais, breithiúnas an 16 Samhain 2021, Imeachtaí coiriúla in aghaidh WB agus Eile, Cásanna Uamtha C-748/19 chuig C-754/19, mír 67, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Z., C-487/19, mír 109, breithiúnas an 15 Iúil 2021, An Coimisiún v. an Pholainn, C-791/19, mír 59. , breithiúnas an 2 Márta 2021, A.B., C-824/18, mír 117, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus Eile (Neamhspleáchas Sheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, ECLI:EU:C:2019:982, míreanna  121 agus 122; breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, An Coimisiún v an Pholainn, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531 míreanna  73 agus 74; breithiúnas an 25 Iúil 2018, LM, C-216/18 PPU, ECLI:EU:C:2018:586, mír 66, breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 44. Féach freisin míreanna 46 agus 47 de Recommendation CM/Rec(2010)12 Judges: Independence, Efficiency and Responsibility [Mholadh CM/Rec(2010)12 Breithiúna: Neamhspleáchas, Éifeachtúlacht agus Freagracht] (arna ghlacadh ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an 17 Samhain 2010) agus an Meabhrán Míniúcháin, lena bhforáiltear go mba cheart don údarás a dhéanann cinntí maidir le roghnú agus gairmréim na mbreithiúna a bheith neamhspleách ar na cumhachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha. D’fhonn ráthú a thabhairt dá neamhspleáchas, ba cheart go mbeadh ar a laghad leath de chomhaltaí an údaráis ina mbreithiúna arna roghnú ag lucht a gcomhchéime. I gcás ina bhforordaítear leis na forálacha bunreachtúla nó dlíthiúla eile gurb é an ceann stáit, an rialtas nó an chumhacht reachtach a dhéanann cinntí maidir le roghnú agus gairmréim na mbreithiúna, ba cheart údarú a thabhairt d’údarás neamhspleách agus inniúil arbh as measc na mbreithiúna an chuid is mó díobh (gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le comhairlí le haghaidh na mbreithiúna a fhaightear i gCaibidil IV) chun moltaí a dhéanamh nó tuairimí a chur in iúl a gcloífidh an t‑údarás ábhartha ceapacháin sa chleachtas leo.
(12)      Féach An Chúirt Bhreithiúnais, breithiúnas an 2 Márta 2021, A.B., C-824/18, mír 119, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus Eile (Neamhspleáchas Sheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, ECLI:EU:C:2019:982, mír 123; breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, An Coimisiún v an Pholainn, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531 mír 112.
(13)      Féach Recommendation CM/Rec(2010)12 Judges: Independence, Efficiency and Responsibility, adopted by the Committee of Ministers of the Council of Europe on 17 November 2010 and Explanatory Memorandum [Moladh CM/Rec(2010)12 Breithiúna: Neamhspleáchas, Éifeachtúlacht and Freagracht, arna ghlacadh ag an gCoiste Airí de chuid Chomhairle na hEorpa an 17 Samhain 2010 agus Meabhrán Míniúcháin (‘Moladh CM/Rec(2010)12’)].
(14)      Tá na fíoracha bunaithe ar na freagraí a fuarthas ar cheistneoir nuashonraithe arna tharraingt suas ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar le ENCJ. Na freagraí a fuarthas ar an gceistneoir nuashonraithe ó Bhallstáit nach bhfuil aon Chomhairle Breithiúna acu, nach comhaltaí ENCJ iad, nó a bhfuil a gcomhaltacht curtha ar fionraí (CZ, DE, EE, CY, LU, AT, agus PL); fuarthas iad trí chomhar le Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach. Tá na coimircí maidir le hionchúisitheoirí i bhFíor 57 bunaithe ar fhreagraí a fuarthas ar cheistneoir nuashonraithe arna tharraingt suas ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac.
(15)      Tá na fíoracha bunaithe ar fhreagraí a fuarthas ar cheistneoir nuashonraithe arna tharraingt suas ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac.
(16)      Venice Commission, Opinion no. 819/2015 on the Draft law on integrity checking in Ukraine, CDL-AD(2015)031, 25 October 2015, para. 40[Coimisiún na Veinéise, Tuairim Uimh. 819/2015 maidir leis an Dréachtdlí um sheiceáil an ionracais san Úcráin, CDL-AD(2015)031, 25 Deireadh Fómhair 2015, mír 40], agus Venice Commission, Opinion No. 789/2014, Amicus Curiae Brief for the Constitutional Court of Moldova on certain provisions of the law on professional integrity testing, CDL-AD(2014)039-e, 15 December 2014, para. 14 [Coimisiún na Veinéise, Tuairim Uimh. 789/2014, Nóta Faisnéise Amicus Curiae Brief le haghaidh Chúirt Bhunreachtúil na Moldóive maidir le forálacha áirithe den dlí maidir le tástáil an ionracais ghairmiúil, CDL-AD(2014)039-e, 15 Nollaig 2014, mír 14].
(17)      ‘[N]í féidir údarás na mbreithiúna a choinneáil ar bun (a) má chuireann dlíchóras sásraí leormhaithe i dtoll a chéile chun a áirithiú nach gceaptar iarrthóirí mar bhreitheamh mura bhfuil na hinniúlachtaí riachtanacha acu ná mura gcomhlíonann siad na caighdeáin ionracais is airde; agus (b) má ghlantar gach duine ó na breithiúna a mheastar a bheith neamhinniúil, éillitheach nó nasctha leis an gcoireacht eagraithe.’, Venice Commission, Opinion no. 1073/2021 on the Introduction of the procedure of renewal of security vetting through amendments to the Courts Act, CDL(2022)002, 18 March 2022, para. 14 [Coimisiún na Veinéise, Tuairim uimh. 1073/2021 maidir le tabhairt isteach athnuachan an ghrinnfhiosrúcháin slándála trí leasuithe ar Acht na gCúirteanna, CDL(2022)002, 18 Márta 2022, mír 14].
(18)      Venice Commission, CDL-AD(2016)007, Rule of Law Checklist, paragraph 74.[Coimisiún na Veinéise, CDL-AD(2016)007, Seicliosta um Smacht Reachta, mír 74.]
(19)      Venice Commission, Opinion no. 1073/2021 on the Introduction of the procedure of renewal of security vetting through amendments to the Courts Act, CDL(2022)002, 18 March 2022, para. 13.[Coimisiún na Veinéise, Tuairim uimh. 1073/2021 maidir le tabhairt isteach athnuachan an ghrinnfhiosrúcháin slándála trí leasuithe ar Acht na gCúirteanna, CDL(2022)002, 18 Márta 2022, mír 13].
(20)    Venice Commission, CDL-AD(2021)046, Republic of Moldova - Joint opinion of the Venice Commission and the Directorate General of Human Rights and Rule of Law (DGI) of the Council of Europe on some measures related to the selection of candidates for administrative positions in bodies of self-administration of judges and prosecutors and the amendment of some normative acts, para. 16 [Coimisiún na Veinéise, CDI-AD(2021)046, Poblacht na Moldóive - Comhthuairim Choimisiún na Veinéise agus na hArd‑Stiúrthóireachta um Chearta an Duine agus Smacht Reachta (DGI) agus Chomhairle na hEorpa maidir le roinnt beart i ndáil le hiarrthóirí a roghnú le haghaidh poist riaracháin i gcomhlachtaí féinriaracháin na mbreithiúna agus na n‑ionchúisitheoirí agus le leasú ar roinnt gníomhartha normatacha, mír 16.]
(21)      Sonraí bailithe trí cheistneoir nuashonraithe a tharraingítear suas ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar le ENCJ. Na freagraí a fuarthas ar an gceistneoir nuashonraithe ó Bhallstáit nach bhfuil aon Chomhairle Breithiúna acu, nach comhaltaí ENCJ iad, nó a bhfuil a gcomhaltacht curtha ar fionraí; fuarthas trí chomhar le NPSC iad.
(22)     Moladh CM/Rec(2010)12, mír 22.
(23)     Moladh CM/Rec(2010)12, mír 23.
(24)     Coimisiún na Veinéise, Report on the independence of the judicial system, Part I: the independence of courts, Study No. 494/2008, 16 March2010, CDL-AD(2010)004, paras.[Tuarascáil maidir le neamhspleáchas an chórais bhreithiúnaigh, Cuid I: neamhspleáchas na gcúirteanna, Staidéar Uimh. 494/2008, 16 Márta 2010, CDL-AD(2010)004, míreanna ] 68 - 72.
(25)      Cinneadh Réime 2002/584/JHA ón gComhairle maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).
(26)      An Chúirt Bhreithiúnais, breithiúnas an 27 Bealtaine 2019, OG agus PI (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí in Lübeck agus Zwickau), Cásanna Uamtha C-508/18 agus C-82/19 PPU, míreanna 73, 74 agus 88, ECLI:EU:C:2019:456; breithiúnas an 27 Bealtaine 2019, C‑509/18, mír 52, ECLI:EU:C:2019:457; féach freisin breithiúnais an 12 Nollaig 2019, Parquet général du GrandDuché de Lucsamburg agus Openbaar Ministerie (Ionchúisitheoirí Poiblí Lyon agus Tours), i gCásanna Uamtha C-566/19 PPU agus C-626/19, ECLI:EU:C:2019:1077; Openbaar Ministerie (Údarás Ionchúisimh na Sualainne), C-625/19 PPU, ECLI:EU:C:2019:1078, agus Openbaar Ministerie (Ionchúisitheoir Poiblí sa Bhruiséil), C-627/19 PPU, ECLI:EU:C:2019:1079; breithiúnas an 24 Samhain 2020, AZ, C-510/19, mír 54, ECLI:EU:C:2020:953. Féach freisin breithiúnas an 10 Samhain 2016, Kovalkovas, C-477/16 PPU, míreanna 34 agus 36, ECLI:EU:C:2016:861, agus breithiúnas an 10 Samhain 2016, Poltorak, C-452/16 PPU, mír. 35, ECLI:EU:C:2016:858, maidir leis an téarma ‘breithiúna’, ‘nach mór idirdhealú a dhéanamh […] i gcomhréir le prionsabal scaradh na gcumhachtaí atá mar shaintréith d’oibriú an smachta reachta, idir iad agus an feidhmeannach’. Féach freisin Opinion No. 13(2018) Independence, accountability and ethics of prosecutors, adopted by the Consultative Council of European Prosecutors (CCPE), recommendation xii.[Tuairim Uimh. 13(2018) Neamhspleáchas, cuntasacht agus eitic na n‑ionchúisitheoirí, arna glacadh ag Comhairle Chomhairleach na nIonschúisitheoirí Eorpacha (CCPE), moladh xii.]
(27)      CDL-AD(2010)040-e Report on European Standards as regards the Independence of the Judicial System: [CDL-AD(2010)040-e Tuarascáil um Chaighdeáin Eorpacha maidir le Neamhspleáchas an Chórais Bhreithiúnaigh:] Part II - the Prosecution Service - Adopted by the Venice Commission - at its 85th plenary session (Venice, 17-18 December 2010), para. 26.[Cuid II - an tSeirbhís Ionchúisimh - Arna ghlacadh ag Coimisiún na Veinéise - ag a 85ú seisiún iomlánach (an Veinéis, 17-18 Nollaig 2010), mír. 26.]
(28)      Consultative Council of European Prosecutors (CCPE) Opinion No. 15 (2020) on the role of prosecutors in emergency situations, in particular when facing a pandemic.[Comhairle Chomhairleach na nIonschúisitheoirí Eorpacha (CCPE) Tuairim Uimh. 15 (2020) maidir le ról na n‑ionchúisitheoirí i gcásanna éigeandála, go háirithe le linn paindéime.]
(29)      Consultative Council of European Prosecutors (CCPE) Opinion No. 16 (2021) on the Implications of the decisions of international courts and treaty bodies as regards the practical independence of prosecutors, para. 13.[Comhairle Chomhairleach na nIonschúisitheoirí Eorpacha (CCPE) Tuairim Uimh. 16 (2021) um Impleachtaí chinntí na gcúirteanna agus na gcomhlachtaí conartha idirnáisiúnta maidir le neamhspleáchas praiticiúil na n‑ionchúisitheoirí, mír 13.]
(30)      Consultative Council of European Prosecutors (CCPE) Opinion No. 16 (2021) on the Implications of the decisions of international courts and treaty bodies as regards the practical independence of prosecutors, para. 13.[Comhairle Chomhairleach na nIonschúisitheoirí Eorpacha (CCPE) Tuairim Uimh. 16 (2021) um Impleachtaí chinntí na gcúirteanna agus na gcomhlachtaí conartha idirnáisiúnta maidir le neamhspleáchas praiticiúil na n‑ionchúisitheoirí, mír 13.]
(31)      Recommendation Rec(2000)19 on the role of public prosecution in the criminal justice system, adopted by the Committee of Ministers of the Council of Europe on 6 October 2000 (the 2000 Recommendation), para. 4.[Moladh Rec(2000)19 maidir le ról an ionchúisimh phoiblí sa chóras ceartais choiriúil, arna ghlacadh ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2000 (Moladh na bliana 2000), mír. 4.]
(32)      Moladh 2000, míreanna 11 agus 13. Féach freisin: Opinion No. 13(2018) Independence, accountability and ethics of prosecutors, adopted by the Consultative Council of European Prosecutors (CCPE), recommendations i and iii;[Tuairim Uimh. 13(2018) Neamhspleáchas, cuntasacht agus eitic na n‑ionchúisitheoirí, arna glacadh ag Comhairle Chomhairleach na nIonschúisitheoirí Eorpacha (CCPE), moltaí i agus iii;] Grúpa Stát in aghaidh an Éillithe (GRECO), an ceathrú babhta meastóireachta 'Corruption prevention - Members of Parliament, Judges and Prosecutors'[Cosc an éillithe - Feisirí Parlaiminte, Breithiúna agus Ionchúisitheoirí], líon ollmhór moltaí ina n‑iarrtar socruithe a thabhairt isteach leis an tseirbhís ionchúisimh a chosaint ó thionchar míchuí agus ó chur isteach in imscrúdú cásanna coiriúla.]
(33)      Moladh 2000, mír. 13, pointe c).
(34)      Moladh 2000, mír. 13, pointe d).
(35)      Moladh 2000, mír. 13, pointe f). Féach freisin Opinion No. 13(2018) Independence, accountability and ethics of prosecutors, adopted by the Consultative Council of European Prosecutors (CCPE), recommendation iv.[Tuairim Uimh. 13(2018) Neamhspleáchas, cuntasacht agus eitic na n‑ionchúisitheoirí, arna glacadh ag Comhairle Chomhairleach na nIonschúisitheoirí Eorpacha (CCPE), moladh iv.]
(36)      Moladh 2000, mír. 34.
(37)      CDL-AD(2010)040-e Report on European Standards as regards the Independence of the Judicial System: [CDL-AD(2010)040-e Tuarascáil um Chaighdeáin Eorpacha maidir le Neamhspleáchas an Chórais Bhreithiúnaigh:] Part II - the Prosecution Service - Adopted by the Venice Commission - at its 85th plenary session (Venice, 17-18 December 2010), para. 45.[Cuid II - an tSeirbhís Ionchúisimh - Arna ghlacadh ag Coimisiún na Veinéise - ag a 85ú seisiún iomlánach (an Veinéis, 17-18 Nollaig 2010), mír. 45.]
(38)      CDL-AD(2010)040-e Report on European Standards as regards the Independence of the Judicial System:[CDL-AD(2010)040-e Tuarascáil um Chaighdeáin Eorpacha maidir le Neamhspleáchas an Chórais Bhreithiúnaigh:] Part II - the Prosecution Service - Adopted by the Venice Commission - at its 85th plenary session (Venice, 17-18 December 2010), para. 45.[Cuid II - an tSeirbhís Ionchúisimh - Arna ghlacadh ag Coimisiún na Veinéise - ag a 85ú seisiún iomlánach (an Veinéis, 17-18 Nollaig 2010), mír. 45.]
(39)      Ciallaíonn íospartach, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2012/29/AE an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle, duine nádúrtha a d’fhulaing díobháil, lena náirítear díobháil fhisiciúil, mheabhrach nó mhothúchánach nó caillteanas eacnamaíoch de bharr cion coiriúil go díreach nó baill teaghlaigh de chuid duine a fuair bás de bharr cion coiriúil go díreach agus ar bhain díobháil dóibh mar thoradh ar bhás an duine sin.
(40)      2020 Rule of Law Report - Communication from the Commission on the rule of law situation in the European Union [Tuarascáil um an Smacht Reachta 2020 - Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cás an smachta reachta san Aontas Eorpach], lch. 13, agus páipéar leathoifigiúil 8478/21 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2021, atá ar fáil ag https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-8478-2021-INIT/en/pdf  
(41)      “Lawyers play an important role in protecting the rule of law and judicial independence, while respecting the separation of powers and fundamental rights.”[“Feidhmíonn dlíodóirí ról tábhachtach um chosaint an smachta reachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna, agus urraim á léiriú do scaradh cumhachta agus cearta bunúsacha.”], ‘Access to a lawyer and rule of law’[Rochtain ar dhlíodóir agus an smacht reachta], plépháipéar na hUachtaránachta le haghaidh chruinniú na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 3 agus 4 Márta 2022: https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-6319-2022-INIT/en/pdf
(42)      Moladh Uimh. R(2000)21 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa.
(43)      Ba trí fhreagraí ó chomhaltaí CCBE ar cheistneoir a bailíodh na sonraí in 2021.