AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.5.2022
COM(2022) 212 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+)
1.Réamhrá
Ba in 2012 a tháinig an chéad straitéis Eorpach i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK) amach. Leis an straitéis nuashonraithe i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+), a leagtar amach sa teachtaireacht seo, áiritheofar go ndéanfar leanaí a chosaint, a urramú agus a chumhachtú ar líne sa Deacáid Dhigiteach nua.
Is cuid shainiúil de na luachanna lenar fothaíodh an tAontas Eorpach urraim do chearta an duine, lena n‑áirítear cearta an linbh
. Ní mór an urraim chéanna a thabhairt dóibh ar líne agus as líne. Sa Deacáid Dhigiteach, tá sé de cheart ag gach leanbh san Eoraip rathú i dtimpeallacht dhigiteach atá slán agus cumhachtaithe agus páirt a ghlacadh san aistriú digiteach domhanda.
Agus úsáid á baint acu as teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh an oideachais, na siamsaíochta, na teagmhála sóisialta agus rannpháirtíocht sa tsochaí, bíonn leanaí ar líne i mbun cruthaithe, spraoi agus idirghníomhaíochta ó aois níos óige ná riamh. Agus é sin á dhéanamh acu, is minic a bhíonn teagmháil acu le hábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha nár dearadh agus leanaí á gcur san áireamh.
Ní grúpa aonchineálach amháin iad leanaí agus daoine óga: bíonn difríochtaí eatarthu de réir aoise, de réir inscne, cumais (a bhíonn i mbun forbartha) agus cúlra sóisialta agus eacnamaíoch. Maidir le leanaí atá i staideanna leochaileacha, amhail leanaí faoi mhíchumas, leanaí de bhunadh mionlaigh chiníoch nó eitnigh, leanaí ar dídeanaithe iad, leanaí faoi chúram, leanaí LADTIA+, chomh maith le leanaí ó chúlra socheacnamaíoch atá faoi mhíbhuntáiste, d’fhéadfadh dúshláin bhreise a bheith rompu sa timpeallacht dhigiteach.
Le paindéim COVID-19, cuireadh i dtábhacht na buntáistí a bhaineann leis an teicneolaíocht dhigiteach agus lena chois sin an gá ríthábhachtach atá le rochtain chomhionann ag gach leanbh ar an teicneolaíocht (gairis agus líonra) agus ar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, lena n‑áirítear litearthacht sna meáin. Déantar leanaí nach bhfuil rochtain acu ar an idirlíon a eisiamh ó acmhainní a d'fhéadfadh a bheith ina gcuidiú leo foghlaim agus fás. D’fhéadfadh rioscaí méadaithe eascairt as neamhionannais go mbeidh torthaí níos ísle san oideachas, drochshláinte mheabhrach, agus easpa ionchas fadtéarmacha.
Chuige sin, agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus an díobháil a bhaineann le sochaí atá ag éirí níos digití, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcás leanaí, i mí na Nollag 2020 mhol an Coimisiún athchóiriú uaillmhianach ar an leabhar rialacha a bhí ann ag an am chun spás digiteach níos sábháilte a chruthú ina gcosnaítear cearta bunúsacha úsáideoirí uile na seirbhísí digiteacha. Léirítear sa chomhaontú polaitiúil a rinneadh le déanaí maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) go bhfuil cosaint mionaoiseach ar cheann de bhunchlocha na rialacha nua, lena gcuirtear oibleagáid ar chuideachtaí tús áite a thabhairt do leasanna leanaí.
Ina theannta sin, mar chuid dá fhís maidir le haistriú digiteach na hEorpa faoi 2030, tá Dearbhú Eorpach maidir le cearta Digiteacha agus prionsabail Dhigiteacha molta ag an gCoimisiún don Deacáid Dhigiteach ina léireofar luachanna an Aontais amhail cosaint agus cumhachtú leanaí.
I straitéis Eorpach 2012 i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí (straitéis BIK)
, leagadh síos tagarmharc domhanda, a threoraíonn agus a mhúnlaíonn beartais náisiúnta san Aontas Eorpach. Tá gnéithe de straitéis BIK ionchorpraithe ag na Ballstáit go léir. I mí an Mhárta 2021, ghlac an Coimisiún an chéad straitéis chuimsitheach riamh de chuid an Aontais maidir le cearta an linbh nuair a d’fhógair sé nuashonrú ar straitéis BIK.
Is í straitéis nuashonraithe BIK+ an ghné dhigiteach den straitéis maidir le cearta an linbh agus léirítear léi an prionsabal digiteach a moladh le déanaí ‘gur cheart leanaí agus daoine óga a chosaint agus a chumhachtú ar líne’. Cuirtear san áireamh inti an Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cearta an linbh, na Conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht sna meáin agus an Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí.
Tá an straitéis nua seo bunaithe ar phróiseas comhairliúcháin fairsing le leanaí, agus é comhlánaithe ag comhairliúcháin spriocdhírithe le tuismitheoirí, múinteoirí, na Ballstáit, tionscal TFC agus na meán, an tsochaí shibhialta, lucht léinn agus eagraíochtaí idirnáisiúnta
.
Dá bharr sin, is é is aidhm do BIK+ cur chun feidhme praiticiúil na mbeart atá ann cheana chun leanaí a chosaint ar líne a chomhlánú agus tacaíocht a thabhairt dóibh, scileanna leanaí a fhorbairt agus iad a chumhachtú chun taitneamh a bhaint as a saol ar líne agus chun an saol sin a mhúnlú.
2.An méid atá déanta ag an Aontas go dtí seo
Ó 2012, bhí tionchar mór ag straitéis BIK ar chosaint agus cumhachtú leanaí ar líne ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal idirnáisiúnta. Leis an sainghrúpa ar idirlíon níos sábháilte, éascaítear malartú dea-chleachtais ar fud na mBallstát, agus spreag an Coimisiún comhar tionscail leis an tsochaí shibhialta agus le daoine óga tríd an gComhaontas chun cosaint níos fearr a thabhairt do mhionaoisigh ar líne.
Le straitéis BIK 2012, bunaíodh líonra na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte (SICanna) atá cómhaoinithe ag an Aontas agus an tairseach betterinternetforkids.eu le haghaidh sábháilteacht leanaí ar líne atá maoinithe ag an Aontas. Tacaíonn SICanna le 30 milliún duine gach bliain. Reáchtálann siad gníomhaíochtaí áitiúla múscailte feasachta agus soláthraíonn siad ábhar ar gach gné de shábháilteacht leanaí ar líne sna Ballstáit; trí na línte cabhrach, tairgeann siad cuidiú agus sainaithníonn siad bagairtí atá ag teacht chun cinn; agus tacaíonn siad le hábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint trí bheolínte INHOPE, atá ar fáil i 46 thír. Oibríonn SICanna le líonra d’Ambasadóirí Óige BIK agus de Phainéil Óige BIK a chuireann comhairle ar lucht déanta beartas agus cleachtóirí agus a chuireann iad ar an eolas, mar shampla Gealltanas Óige BIK maidir le cumarsáid a thacaíonn le leanaí. Déantar an tionscnamh de chuid an Aontais an Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte a cheiliúradh ar fud an domhain anois.
Oibríonn an Coimisiún freisin i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, lucht léinn a bhíonn ag obair ar chearta digiteacha leanaí agus an earnáil phríobháideach.
Ó 2012 i leith, tháinig athrú suntasach ar chreat dlíthiúil agus beartais an Aontais chun sábháilteacht leanaí ar líne atá níos éifeachtaí fós a áirithiú. Mar shampla, faoin Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD), tá oibleagáidí ann mionaoisigh a chosaint ar ábhar díobhálach a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach agus mhorálta agus cuimsítear ardáin comhroinnte físeán anois faoi na forálacha a bhaineann le hábhar mídhleathach. Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) sainaithnítear go bhfuil cosaint speisialta ag teastáil i dtaobh sonraí pearsanta leanaí, agus dá réir sin tá toiliú na dtuismitheoirí de dhíth suas go dtí aois áirithe (idir 13 agus 16 bliana d’aois ag brath ar an mBallstát). , Leis an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha tugtar cosaint do leanaí mar thomhaltóirí leochaileacha agus cuirtear toirmeasc ar ghríosú díreach chun ceannach a dhéanamh.
Agus an meall mór ar deireadh, cuirfidh DSA iallach ar gach ardán ar líne a gcórais a dhearadh agus aird á tabhairt ar chearta na n‑úsáideoirí ar leanaí iad. Go háirithe, ní mór do leanaí a bheith in ann téarmaí agus coinníollacha na seirbhíse a úsáideann siad a thuiscint go héasca. Mar sin féin, níl ansin ach an tús. Faoi na rialacha nua, beidh sé d’oibleagáid ar gach ardán ar líne a thairgeann seirbhísí do leanaí san Aontas, amhail na meáin shóisialta nó ardáin cluichí idirghníomhacha, bearta iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun príobháideacht, sábháilteacht agus slándáil leanaí a áirithiú ar a sheirbhísí. Ina theannta sin, beidh toirmeasc ar ardáin ar líne fógraí bunaithe ar phróifíliú a chur i láthair leanaí. Ar deireadh, beidh ar ardáin an‑mhór ar líne agus ar innill chuardaigh aon riosca sistéamach a bhaineann lena seirbhísí a mheas, lena n‑áirítear aon éifeacht dhiúltach iarbhír nó intuartha i ndáil le cosaint leanaí.
Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an intleacht shaorga san Aontas, agus féachtar le margadh aonair a chruthú d’fheidhmchláir intleachta saorga iontaofa a fhéadfar a úsáid agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha, lena n‑áirítear cearta an linbh. Leis an togra maidir le Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (eID), cuirfear ar a gcumas do mhionaoisigh, ar bhonn a ndlíthe náisiúnta, úsáid a bhaint as an Tiachóg Céannachta Digití, mar shampla chun a n‑aois a chruthú gan sonraí pearsanta eile a nochtadh.
Le togra nua le haghaidh rialachán lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, a cuireadh i láthair an tráth céanna leis an straitéis BIK+, leagtar síos oibleagáidí áirithe ar sholáthraithe seirbhísí óstála nó cumarsáide idirphearsanta mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint. Leis an togra déantar foráil freisin maidir le hIonad Eorpach nua chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, lena n‑éascófaí mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint, tacaíocht a chur ar fáil d’íospartaigh, agus a bheadh ina mhol eolais, saineolais agus taighde maidir le hábhair a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac.
Faoi straitéis an Aontais maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, aithnítear go bhfuil baol ar leith go mbeidh leanaí ina n‑íospartaigh ag gáinneálaithe ar líne. Tá fócas speisialta ar íospartaigh linbh mar chuid de straitéis an Aontais Eorpaigh um chearta íospartach.
Le straitéis AE maidir le comhionannas inscne cuirtear i dtábhacht gur féidir le cailíní a bheith ina n‑íospartaigh foréigin inscnebhunaithe, foréigean atá dírithe ar bhean nó cailín toisc gur bean nó cailín í nó lena ndéantar difear díréireach dóibh. Sa togra le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, áirítear coiriúlú cibearfhoréigein inscnebhunaithe, agus déantar foráil maidir le bearta chun íospartaigh an fhoréigin sin ar líne agus as líne a chosaint agus chun tacú leo, gan beann ar a n‑aois.
Sa Teachtaireacht maidir le himircigh ar leanaí iad a chosaint, tugtar aghaidh ar chosaint leanaí imirceacha, lena n‑áirítear rochtain shábháilte ar theicneolaíochtaí nua.
Leis an bplean gníomhaíochta don oideachas digiteach (2021-2027), tugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann leis an oideachas agus leis an oiliúint, dúshláin a chuir paindéim COVID-19 leo, lena n‑áirithítear aistriú digiteach inbhuanaithe san oideachas trí éiceachóras ardfheidhmíochta digiteach san oideachas a chruthú agus trí scileanna agus inniúlachtaí digiteacha leanaí, múinteoirí agus oideachasóirí a fheabhsú.
Le straitéis óige an Aontais 2019-2027 cothaítear rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach agus tacaítear le rannpháirtíocht shóisialta agus shibhialta.
Le straitéis BIK+, cuirfear leis an méid a baineadh amach leis sin agus áiritheofar sineirgí leis na tionscnaimh ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní agus riachtanais leanaí i leith na deacáide digití.
3.Cad atá athraithe – an fáth a bhfuil gá le straitéis nua
Leanaí mar úsáideoirí teicneolaíochtaí digiteacha
Ó 2012, tá athrú as cuimse tagtha ar an úsáid a bhaineann leanaí as teicneolaíochtaí digiteacha. Cuireann gléasanna nua-aimseartha ar a gcumas d’úsáideoirí ar leanaí iad idirghníomhú le leanaí eile, teagmháil a dhéanamh leo agus roinnt leo, go minic gan maoirseacht ó thuismitheoirí. Léirítear i dtorthaí 2020 ‘EU Kids Online’ go dtuairiscíonn formhór na bpáistí go n‑úsáideann siad a bhfón cliste ‘go laethúil’ nó ‘beagnach an t‑am ar fad’, agus tháinig méadú beagnach faoi dhó ar an am a chaitear ar líne i gcomparáid le 2010 in a lán tíortha. Tá an aois ag a dtosaíonn leanaí ag úsáid gléasanna digiteacha ag ísliú freisin.
Is féidir stíl mhaireachtála neamhghníomhach a bheith mar thoradh ar leibhéil mhéadaithe úsáide idirlín den sórt sin, rud a d’fhéadfadh impleachtaí sláinte a chruthú. Tá a lán síceolaithe tar éis imní a léiriú faoi leanaí a bhfuil neamhoird aire á mbualadh agus a mbíonn deacracht acu dícheangal a dhéanamh.
Cé go moltar cothromaíocht fholláin ar líne/as líne, ní rogha do pháistí an lae inniu é an staonadh digiteach, ós rud é go bhfuil eolas, gnéithe den oideachas foirmiúil, teagmháil shóisialta agus siamsaíocht ar fáil ar líne níos mó ná riamh.
Tá an teicneolaíocht ag forbairt go tapa an t‑am ar fad, rud a chruthaíonn deiseanna agus rioscaí nua araon. Go luath amach anseo, beidh dúshláin nua shóisialta agus eiticiúla (e.g. claontacht, easpa cothroime, easpa trédhearcachta in úsáid na hintleachta saorga, idirghníomhaíocht le domhainbhrionnuithe, le habhatárann agus le róbait) ag baint leis an intleacht shaorga, an réaltacht fhíorúil, an réaltacht bhreisithe agus an réaltacht leathnaithe, le hidirlíon na rudaí nithiúla, le criptea-airgeadra, agus le hathruithe teicneolaíocha eile a dhéanann difear do leanaí.
Tugadh suntas do na hábhair sin freisin sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, áit ar iarr an Painéal Saoránach Eorpach a dhéileálann le Luachanna agus Cearta go dtabharfaí cosaint níos mó do mhionaoisigh ar líne. Thacaigh Cruinniú Iomlánach na Comhdhála leis an méid sin agus áirítear é i dTogra a cuireadh faoi bhráid Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.
Leanaí agus díobhálacha ar líne
Is minic a bhíonn ábhar, iompar, teagmhálacha agus rioscaí tomhaltóra atá díobhálach agus neamhdhleathach ann do leanaí ar líne. Is féidir le seirbhísí digiteacha, ó na meáin shóisialta go cluichí idirghníomhacha, leanaí a chur faoi lé rioscaí amhail ábhar mí-oiriúnach, bulaíocht, mealltóireacht, mí-úsáid ghnéasach leanaí nó radacú.
Mar fhreagairt ar chomhairliúchán an Choimisiúin, áiríodh ar liosta na n‑ábhar imní a d’aithin na leanaí féin ábhar díobhálach a fheiceáil, ar féidir leis an fhéindíobháil, an féinmharú, an foréigean, an fhuathchaint, ciapadh gnéasach, tógáil drugaí, dúshláin bhaolacha ar líne, neamhoird itheacháin agus cleachtais chontúirteacha aiste bia a mhóradh agus a chur chun cinn. Tá sé éasca teacht ar ábhar foréigneach, scanrúil den sórt sin nó ar ábhar atá míchuí ar shlí eile ó thaobh aoise de. Tuairiscíonn leanaí go bhfaca siad pornagrafaíocht ag aois óg, rud a chuireann isteach ar a dtuairimí faoi cad is caidreamh sláintiúil ann.
In ainneoin dhlí an Aontais atá ann cheana (AVMSD agus RGCS), tá sásraí fíoraithe aoise agus uirlisí toilithe tuismitheoirí fós neamhéifeachtach i mórán cásanna, agus is minic nach mbíonn ar úsáideoirí ach a ndáta breithe a chur isteach ar chlárú dóibh.
Mar sin féin, mar a leagtar amach sa roinn 2 thuas, táthar ag súil go gcuirfidh DSA, a formhuiníodh le déanaí, feabhas suntasach ar shábháilteacht na n‑úsáideoirí uile, lena n‑áirítear leanaí, agus go dtabharfar de chumhacht dóibh roghanna eolasacha a dhéanamh agus iad ar líne.
Go háirithe, mar chuid de chreat bainistíochta riosca DSA, ní mór aird ar leith a thabhairt ar rioscaí sistéamacha a bhaineann le mionaoisigh. Beidh sé d’oibleagáid ar ardáin an‑mhór ar líne breithniú a dhéanamh ar a éasca atá sé do leanaí dearadh agus feidhmiú a seirbhíse a thuiscint, agus an gcaoi ar féidir leanaí a chur faoi lé ábhar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá sláinte fhisiceach, dá meabhairshláinte agus dá bhforbairt mhorálta. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, i ndearadh comhéadain ar líne a bhaineann leas d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe as neamhthaithí leanaí nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hiompraíocht andúileach. I ndáil leis sin, beidh ar ardáin an‑mhór ar líne bearta spriocdhírithe a ghlacadh chun cearta an linbh a chosaint, lena n‑áirítear úsáid a bhaint as uirlisí fíoraithe aoise agus rialaithe tuismitheoirí, nó as uirlisí lena ndírítear ar chabhrú le leanaí mí-úsáid a chur in iúl nó tacaíocht a fháil. Is sampla é an cibearfhoréigean, lena n‑áirítear comhroinnt neamh-chomhthoiliúil ábhair ghnéasaí, d’ábhar a éilíonn próiseáil mhear agus oiriúnú iomchuí na gcleachtas modhnóireachta ábhair má chomharthaíonn úsáideoirí, lena n‑áirítear leanaí, gur ábhar amhrasach é.
Tugann líonra beolínte an Aontais, INHOPE, le fios gur tháinig méadú beagnach faoi dhó idir 2017 agus 2019 ar líon na n‑íomhánna ar líne de mhí-úsáid ghnéasach leanaí amhrasta a próiseáladh ar fud an domhain. Tháinig méadú breise ar an bhfadhb le linn ghéarchéim COVID-19, go háirithe i gcás leanaí a mhaireann lena mí-úsáideoirí. Is féidir mealltóireacht ar líne a dhéanamh ar leanaí chun críche mí-úsáide gnéasaí nó gáinneála gnéasaí, agus tá riosca ann go gcomhroinnfear íomhánna agus físeáin gháirsiúla díobh a thuilleadh gan a dtoiliú, is cuma ar cruthaíodh iad i gcaidreamh comhthoiliúil le piaraí nó faoi chomhéigean.
Ar fud an domhain, tuairiscíonn níos mó ná aon trian de dhaoine óga gur íospartaigh cibearbhulaíochta iad. D’fhéadfadh leanaí a bheith faoi lé iompar tocsaineach, ionsaitheach, suaiteach nó andúileach, agus páirt a ghlacadh in iompar den sórt sin, nó d’fhéadfaí ábhar míchuí, gnéasaíoch nó ciníoch a dhíriú orthu. Is féidir leis sin rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ar líne a dhíspreagadh (e.g. ag cailíní), agus tionchar a imirt ar chearta an linbh.
Tá méadú ag teacht ar chiníochas, seineafóibe, frithsheimíteachas, bréagaisnéis agus antoisceachas polaitiúil ar líne, méadú a bhfuil an radacú ina thoradh air. In 2016, thionscain an Coimisiún Cód Iompair maidir le fuathchaint neamhdhleathach a chomhrac chun dlús a chur leis an bhfreagairt i gcoinne na fuathchainte ar líne. I gcomhar leis an Líonra um Fheasacht ar an Radacú, tá sé ag múscailt fheasacht na gcruthaitheoirí gréasáin agus na ndearthóirí cluichí faoi na rioscaí a bhaineann le radacú ar líne le i gcás leanaí. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an gcód cleachtais maidir le bréagaisnéis chun gealltanais sa réimse sin a threisiú.
Leanaí mar thomhaltóirí digiteacha gníomhacha
Is tomhaltóirí digiteacha níos gníomhaí agus níos neamhspleáiche iad leanaí anois le hais 10 mbliana ó shin, agus is minic a úsáideann siad táirgí agus seirbhísí digiteacha a ceapadh do dhaoine fásta. Bíonn siad faoi lé raon teicnící margaíochta ar líne nó dírítear na teicnící sin orthu. Trí chórais mholta na meán sóisialta, agus trí algartaim eile, trí fhógraíocht spriocdhírithe, trí mhargaíocht tionchaire agus cluichiú margaíochta, moltar ábhar díobhálach nó míchuí d’úsáideoirí óga trí leas a bhaint as a neamhthaithí agus as a n‑easpa féinsmachta. Le táirgí a bhfuil a lán saille, siúcra nó salainn iontu a mhargú i measc leanaí, is féidir iompar cothaithe míchuí a dhéanamh níos measa, mar shampla. Ar an gcaoi chéanna, is féidir iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais a bheith ina dtoradh ar infheistíochtaí a ngabhann rioscaí leo a dhianmhargú le leanaí amhail is gur roghanna sábháilte iad. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus na díobhálacha a bhaineann leis sin i gcás leanaí, cuireann DSA roinnt oibleagáidí chun cinn. Áirítear orthu sin toirmeasc ar ardáin ar líne fógraíocht atá bunaithe ar phróifíliú a chur os comhair mionaoiseach, agus oibleagáid ar ardáin ar líne trédhearcacht a sholáthar maidir lena gcórais mholta agus maidir leis na roghanna atá ann d’úsáideoirí na príomhpharaiméadair a úsáidtear sna córais mholta a mhodhnú nó tionchar a imirt orthu.
Le seirbhísí digiteacha, bailítear agus comhroinntear sonraí faoi leanaí ar bhonn leanúnach anois agus tosaíonn ‘sonranú’ fiú roimh bhreith an linbh. Cé gur féidir le mórshonraí comhiomlánaithe léargais cheannródaíocha a éascú e.g. maidir le sláinte agus oideachas leanaí, d’fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith ag sonranú na hóige freisin ar fholláine agus ar fhorbairt leanaí ar feadh a saoil. Tá easpa feasachta ag leanaí agus ag tuismitheoirí araon ar an gcomhroinnt fhorleathan sonraí pearsanta a d’fhéadfadh teacht as úsáid a bhaint as seirbhísí digiteacha, go háirithe na seirbhísí sin nach gá íoc astu. Cé go mbailíonn an tionscal an oiread sin sonraí maidir leis an úsáid a bhaineann leanaí as seirbhísí digiteacha agus maidir le rioscaí gaolmhara, níl aon rochtain ag lucht acadúil ar na tacair sonraí thábhachtacha sin nó tá rochtain an‑teoranta acu orthu.
Tá leanaí faoi lé ábhar agus cleachtais tráchtála mhíchuí ar bhonn córasach anois. Tá gá fós le taighde ar an tionchar néareolaíoch fadtéarmach ar leanaí atá ag modhanna a úsáidtear chun críoch tráchtála, amhail an dearadh áititheach, mar shampla sásraí cluichí áidh amhail ‘boscaí gréithe’.
Tá cluichíocht ar líne anois ina gníomhaíocht mhór ar líne ag leanaí: I measc leanaí an Aontais, imríonn 73 % acu atá idir 6-10 mbliana d’aois, 84 % acu atá 11-14 bliana d’aois agus 74 % den aos óg idir 15-24 bliana d’aois físchluichí. Le cluichíocht ar líne atá oiriúnach ó thaobh aoise de, is féidir tacú le gníomhaíochtaí cuiditheacha oideachais agus rannpháirtíochta ar líne, le scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt, agus le sochair eile a thabhairt don tsochaí (e.g. teiripe agus cultúr). Tá ról tábhachtach ag na hiarrachtaí atá á stiúradh ag lucht tionscail chun timpeallacht imeartha cluichí shábháilte a áirithiú ar mhaithe le leanaí a chosaint agus nósanna sláintiúla imeartha cluichí á gcur chun cinn ag an am céanna. Ba cheart a áireamh leis sin freisin cur chuige sábháilte de réir a dheartha i leith forbairt táirgí digiteacha agus seirbhísí atá dírithe ar mhionaoisigh.
Easpa scileanna
Teachtaireacht choiteann a chualathas i gcomhairliúcháin an Choimisiúin le leanaí ba ea an gá atá le litearthacht meán feabhsaithe agus le hoideachas sábháilteachta ar líne feabhsaithe le haghaidh páistí sna scoileanna. Tá scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, lena n‑áirítear litearthacht dhigiteach agus tuiscint ar an úsáid a bhaintear as sonraí pearsanta, ríthábhachtach do leanaí an lae inniu chun gur féidir leo foghlaim agus nascadh le chéile agus chun gur féidir leo a bheith ina rannpháirtithe gníomhacha agus eolasacha i múnlú an domhain atá mórthimpeall orthu.
Daoine fásta atá freagrach as leanaí (tuismitheoirí, cúramóirí, múinteoirí, ceannairí club agus spóirt, ceannairí reiligiúnacha, oibrithe cúraim shóisialta, oibrithe cúraim sláinte, agus oibrithe don óige etc.), teastaíonn scileanna uathu chun tacú le leanaí, comhairle a chur orthu agus iad a threorú. Léiríodh inár gcomhairliúchán go mbíonn na scileanna sin in easnamh go minic.
An deighilt dhigiteach
Níl rochtain chomhionann, éifeachtach, shábháilte agus chuimsitheach ar an teicneolaíocht dhigiteach ag gach leanbh.
Leanaí atá i staideanna leochaileacha, leanaí atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta agus leanaí atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta nach bhfuil bonneagar leathanbhanda leordhóthanach iontu, ba cheart an rochtain chéanna atá ag leanaí eile a bheith acu ar ghléasanna digiteacha agus ar scileanna digiteacha araon, agus ar na deiseanna céanna chun leas a bhaint as deiseanna na deacáide digití
Léirítear i staidéir a rinneadh le déanaí ar an díth dhigiteach go bhfuil thart ar 20 % de leanaí i roinnt tíortha Eorpacha ina gcónaí i dteaghlaigh nach bhfuil in acmhainn ríomhaire ná nasc idirlín a bheith acu sa bhaile. Níl rochtain ag 40 % de theaghlaigh faoin tuath ar leathanbhanda tapa. I gceantair áirithe, braitheann níos mó ná 15 % de dhaoine óga atá 15 bliana d’aois go bhfuil siad scoite amach ón digitiú, agus níl muinín ag 8 % den aoisghrúpa sin ar fud na hEorpa as a scileanna digiteacha.
Ar an leibhéal domhanda, is measa fós an staid: Meastar nach bhfuil nasc idirlín ag baile ag 1.3 billiún leanbh idir 3 agus 17 mbliana d’aois. D’fhéadfadh easpa scileanna digiteacha agus easpa muiníne digití sa saol fásta a bheith mar thoradh ar an díth dhigiteach le linn na hóige agus d’fhéadfadh sé an bhearna dhigiteach a threisiú.
Easpa rannpháirtíochta gníomhaí
Ní bhaineann leanaí úsáid éighníomhach as an teicneolaíocht a thuilleadh, ach is féidir leo úsáid ghníomhach a bhaint as an teicneolaíocht chun iad féin a chur in iúl agus chun tionchar a imirt ar an domhan mórthimpeall orthu. Ba cheart éisteacht níos mó le leanaí agus ba cheart iad a chur san áireamh i bhforbairt táirgí agus seirbhísí digiteacha agus beartas digiteach agus i meastóireacht a dhéanamh orthu.
4.An fhís le haghaidh deacáid dhigiteach do leanaí agus don óige
Ár bhfís: Seirbhísí digiteacha atá oiriúnach ó thaobh aoise de, gan aon duine a fhágáil ar gcúl agus lena ndéantar gach leanbh san Eoraip a chosaint, a chumhachtú agus a urramú ar líne.
Molann BIK+, ar tionscnamh suaitheanta de chuid Bhliain Eorpach na hÓige 2022 é, gníomhaíochtaí a bhaineann le trí cholún:
1.eispéiris dhigiteacha shábháilte chun leanaí a chosaint ar ábhar díobhálach agus neamhdhleathach ar líne agus ar iompar, teagmháil agus rioscaí tomhaltóra den chineál sin agus chun feabhas a chur ar a bhfolláine ar líne trí bhíthin timpeallacht dhigiteach shábháilte agus oiriúnach ó thaobh aoise de arna cruthú ar bhealach lena léirítear meas ar leas an linbh.;
2.cumhachtú digiteach ionas go bhfaighidh leanaí na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá chun roghanna fónta a dhéanamh agus chun iad féin a chur in iúl sa timpeallacht ar líne ar bhealach sábháilte agus freagrach;
3.rannpháirtíocht ghníomhach, agus meas á léiriú ar leanaí trí dheis a thabhairt dóibh a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an timpeallacht dhigiteach, agus trí níos mó gníomhaíochtaí atá á stiúradh ag leanaí ar mhaithe le heispéiris dhigiteacha shábháilte atá nuálach agus cruthaitheach a chothú.
Chun BIK+ a chur chun feidhme, tá gá le ceapadh beartais fianaisebhunaithe agus le comhar agus comhordú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Le blianta beaga anuas, tá na Náisiúin Aontaithe, UNICEF, ECFE agus Comhairle na hEorpa, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha um chearta leanaí, tar éis aghaidh a thabhairt ar chearta leanaí sa timpeallacht dhigiteach.
5.An bealach chun iad a chur i gcrích: colúin agus gníomhaíochtaí
Leis na gníomhaíochtaí nua a liostaítear thíos, cuirfear leis an mbonneagar BIK atá ag an gCoimisiún cheana, mar a thuairiscítear thuas, agus treiseofar an bonneagar sin.
5.1.Eispéiris dhigiteacha shábháilte (An bealach chun cosaint níos fearr a thabhairt do leanaí ar líne)
‘Tá a fhios againn go léir go bhfuil daoine óga ar na hardáin sin, go minic gan cead tuismitheora. Má tá a fhios agam, tá a fhios sin ag ardáin agus ag cuideachtaí freisin.’ – múinteoir Spáinnise
Éascóidh an Coimisiún cód iompair cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le dearadh atá oiriúnach ó thaobh aoise de, ag tógáil ar na rialacha nua in DSA agus i gcomhréir le AVMSD agus RGCS. Is é is aidhm don chód príobháideacht, sábháilteacht agus slándáil leanaí a áirithiú le linn dóibh táirgí agus seirbhísí digiteacha a úsáid. Beidh an tionscal, lucht déanta beartas, an tsochaí shibhialta agus leanaí rannpháirteach sa phróiseas sin.
Is é an luach breise a bheadh ag cód den sórt sin cineál comhrialála an chóid. Faoi DSA, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne a bheith rannpháirteach i gcóid iompair agus iarraidh orthu, trí chloí le cód iompair ar leith, gealltanas a thabhairt bearta sonracha maolaithe riosca a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha nó díobháil shonrach a sainaithníodh. Cé gur ar bhonn deonach atá rannpháirtíocht sna cóid iompair sin i gcónaí, beidh aon ghealltanais a thabharfaidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne faoi réir iniúchtaí neamhspleácha.
Tá freagracht nach beag ar lucht tionscail. Tá na huirlisí acu chun táirgí a chruthú atá éasca le húsáid, sábháilte agus príobháideach de réir réamhshocrú agus de réir dearaidh. Ba cheart, dá bhrí sin, do gach táirge agus seirbhís dhigiteach ar dócha go n‑úsáidfidh leanaí iad, gnéithe deartha cothroma bunúsacha a urramú lena leabaítear luachanna Eorpacha, mar atá cumhdaithe in DSA. Mar shampla, ba cheart faisnéis atá oiriúnach ó thaobh aoise de, sothuigthe agus inrochtana, amhail téarmaí agus coinníollacha, treoracha agus rabhaidh, agus sásraí simplí chun díobháil a thuairisciú, a bheith ag gabháil leis na táirgí agus na seirbhísí uile ar dócha go n‑úsáidfidh leanaí iad. Ba cheart tuiscint a bheith ag gach duine a bhfuil baint aige leis an dearadh digiteach ar an tionchar díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag roghanna deartha agus forbartha ar leanaí chomh maith leis na rioscaí agus an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail mealltóireacht, a eascraíonn as úsáid seirbhísí digiteacha éagsúla ag leanaí.
Ag tógáil ar obair leanúnach agus rialacha nua DSA le haghaidh ardáin ar líne á gcur san áireamh, tacóidh an Coimisiún le modhanna chun aois a chruthú lena gcaomhnófar an príobháideachas, ar modhanna slána iad a dtabharfar aitheantas dóibh ar fud an Aontais. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit (ar féidir leo, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, céannacht leictreonach a eisiúint do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois faoin togra úrnua maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach), le páirtithe leasmhara ábhartha agus le heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun modhanna éifeachtacha fíoraithe aoise a neartú, mar thosaíocht. Spreagfaidh an obair sin réitigh mhargaidh trí bhíthin creat láidir deimhniúcháin agus idir-inoibritheachta.
Sa chód iompair do sholáthraithe ar líne a bhunófar faoin straitéis 2020-2025 maidir le comhionannas inscne, diomaite den fhíorú aoise chun rochtain a fháil ar ábhar áirithe ar líne, áiritheoidh an Coimisiún roinn a bheidh dírithe ar ábhar le haghaidh daoine fásta amháin, lena ndíreofar go háirithe ar chomhroinnt neamh-chomhthoiliúla íomhánna gnéasacha a chomhrac, bíodh na híomhánna barántúil nó ionramháilte, ar íomhánna iad a d’fhéadfadh a bheith bainteach le leanaí freisin – cé nach iad sin amháin atá i gceist.
In ainneoin na ngníomhaíochtaí reatha, is í fós an chibearbhulaíocht an t‑ábhar is mó a tuairiscíodh do línte cabhrach SIC le 10 mbliana anuas. Tá an uimhir 116 111 atá ann cheana coinnithe go sonrach le haghaidh línte cabhrach do leanaí san Aontas. Is féidir aghaidh a thabhairt ar an gcibearbhulaíocht agus ar fhadhbanna eile ar líne tríd an uimhir sin, nó go díreach trí línte cabhrach SIC. Leis an straitéis sin, déanfar tacaíocht na SICanna níos feiceálaí trí chomhar feabhsaithe bunaithe ar an uimhir 116 111 agus ar sheirbhísí gaolmhara ar líne (e.g. aipeanna línte cabhrach), ar cheart dóibh a bheith inrochtana freisin ag leanaí atá i staideanna leochaileacha. Ina theannta sin, cuirfidh sainghrúpa ad hoc moltaí beartais a bhaineann le bulaíocht/cibearbhulaíocht agus folláine ar scoil ar fáil.
Le línte cabhrach idirlín agus beolínte níos sábháilte, a fhaigheann cómhaoiniú ón Aontas, leanfar de bheith ag cabhrú leis an bpobal, go háirithe le leanaí, nuair a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar ábhar díobhálach neamhdhleathach. Má bhronntar an stádas ‘comharthóir iontaofa’ orthu faoi choinníollacha DSA, beidh siad in ann rannchuidiú le measúnú níos tapúla a dhéanamh ar fhógraí maidir le hábhar neamhdhleathach ar líne agus gníomhaíocht a dhéanamh ina leith. Samplaí d’ábhar den sórt sin is ea ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus fuathchaint chiníoch agus sheineafóbach i gcomhréir leis an gcód iompair maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac, lena n‑áirítear fuathchaint fhrithsheimíteach mar a leagtar amach i straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le frithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú
.
Déanfaidh an Coimisiún na malartuithe dea-chleachtais idir údaráis an Aontais agus na Ballstáit maidir le forfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí i leith leanaí a chomhordú agus a chur chun cinn. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún mapáil ar an taighde atá déanta ar an tionchar a bhíonn ag an néarmhargaíocht ar leanaí chun cabhrú le húdaráis náisiúnta tomhaltóirí measúnú níos fearr a dhéanamh ar an mbealach a d’fhéadfadh teicnící tionchair tráchtála a bheith éagórach ar leanaí. Úsáidfear an t‑eolas sin le haghaidh na ngníomhaíochtaí comhordaithe forfheidhmithe a dhéanfar faoin Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí.
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
·faoi 2024, dearadh cóid iompair chuimsithigh AE a spreagadh agus a éascú maidir le dearadh atá oiriúnach ó thaobh aoise de, ag tógáil ar an gcreat a chuirtear ar fáil in DSA;
·ó 2023, iarraidh ar chaighdeánú a eisiúint le haghaidh caighdeán Eorpach maidir le dearbhú aoise/fíorú aoise ar líne i gcomhthéacs an togra maidir le céannacht dhigiteach;
·ó 2024, faoi chuimsiú an togra maidir le céannacht dhigiteach, tacú le cruthúnas digiteach ar aois a fhorbairt atá bunaithe ar an dáta breithe agus a aithneofar ar fud an Aontais;
·béim a chur ar ábhar le haghaidh daoine fásta amháin sa chód iompair atá beartaithe faoi straitéis 2020-2025 maidir le comhionannas inscne;
·faoi 2023, i gcomhar le línte cabhrach SIC atá cómhaoinithe ag an Aontas, a áirithiú go dtabharfar aghaidh leis an uimhir chomhchuibhithe 116 111 ar an gcibearbhulaíocht;
·ó 2022, na línte cabhrach idirlín níos sábháilte agus na beolínte idirlín níos sábháilte san Aontas a chomhchistiú, lena n‑áirítear iad siúd a aithneofar amach anseo mar ‘chomharthóirí iontaofa’ faoi DSA, chun cabhrú leis an bpobal, agus go háirithe le leanaí, agus iad i ngleic le hábhar díobhálach agus neamhdhleathach;
·ó 2023, na moltaí a bhaineann le bulaíocht/cibearbhulaíocht ón sainghrúpa chun tacú leis an bhfolláine ar scoil a roinnt;
·faoi dheireadh 2022, mapáil a dhéanamh ar an taighde atá ann cheana féin ar an tionchar a bhíonn ag an néarmhargaíocht ar leanaí, chun tacú ó 2023 le gníomhaíochtaí forfheidhmithe comhordaithe a dhéantar faoin Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí.
Iarann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·tacú le modhanna éifeachtacha fíoraithe aoise, i gcomhréir leis an togra maidir le céannacht dhigiteach;
·tacú, lena n‑áirítear le foireann oilte, leis an uimhir chomhchuibhithe 116 111 chun aghaidh a thabhairt ar an gcibearbhulaíocht.
Iarrann an Coimisiún ar an tionscal an méid seo a leanas a dhéanamh:
·measúnú comhsheasmhach a dhéanamh ar rioscaí sonracha do leanaí a thagann chun cinn as úsáid a dtáirgí agus a seirbhísí, lena n‑áirítear rioscaí sábháilteachta, chomh maith le cleachtais mhargaíochta ábhartha agus aghaidh a thabhairt orthu go comhsheasmhach;
·rannchuidiú le cód iompair cuimsitheach AE maidir le dearadh atá oiriúnach ó thaobh aoise de, agus leis an roinn maidir le hábhar le haghaidh daoine fásta amháin sa chód iompair a bhunófar faoi straitéis 2020-2025 maidir le comhionannas inscne, agus gealltanas a thabhairt i leith an chóid sin;
·bearta a chur chun feidhme go héifeachtach maidir le rochtain ar ábhar atá srianta ó thaobh aoise de, lena n‑áirítear suíomhanna gréasáin a bhaineann le hábhar le haghaidh daoine fásta agus cluichí le haghaidh daoine os cionn 18 mbliana d’aois, i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus Eorpacha;
·oibriú i gcomhar le comharthóirí iontaofa chun ábhar neamhdhleathach a mheas agus a bhaint anuas go pras agus chun gníomhú tar éis fógra a fháil faoi ábhar díobhálach;
·rochtain a thabhairt do thaighdeoirí acadúla ar shonraí agus faisnéis ábhartha maidir leis na deiseanna agus na rioscaí atá ann do leanaí, i gcomhréir iomlán leis na rialacha maidir le cosaint sonraí.
5.2.Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne)
‘Tugadh uirlis chasta do leanaí nach bhfuil lámhleabhar treorach ag gabháil léi’
– leanbh Portaingéalach.
Le Deacáid Dhigiteach an Choimisiúin leagtar amach spriocanna uaillmhianacha go mbeadh scileanna digiteacha bunúsacha ag 80 % den daonra fásta agus go mbeadh 20 milliún saineolaí TFC i bhfostaíocht faoi 2030
. Chuige sin, ba cheart do leanaí scileanna digiteacha a fháil ó aois óg ar aghaidh. Mar shampla, le Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, cabhraítear le leanaí tuiscint a fháil ar an gcaoi a n‑oibríonn algartaim agus an saol digiteach.
Cé gur fhorbair an chuid is mó de Bhallstáit an Aontais straitéisí maidir le scileanna digiteacha a fhorbairt (mar ábhar traschuraclaim nó mar ábhar ar leithligh), is beag Ballstát a dhéanann faireachán agus meastóireacht rialta chun an tionchar a mheasúnú agus na straitéisí sin a athbhreithniú. Tá an Coimisiún ag obair ar thogra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le soláthar scileanna digiteacha san oideachas a fheabhsú chun comhthuiscint a chur chun cinn, rannpháirtíocht pholaitiúil thrasnáisiúnta a spreagadh, piarfhoghlaim agus malartú frithpháirteach a chur chun cinn agus infheistíochtaí a spreagadh.
Tá sé bunriachtanach don ghlúin seo, agus do ghlúine atá le teacht, de leanaí san Aontas, bonn eolais atá cothrom le dáta a chothabháil agus faireachán a dhéanamh ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar dhea-bhail leanaí.
Is luath sa saol a chuirtear tús le litearthacht dhigiteach (nó le heaspa litearthachta digití). Tá scileanna litearthachta meán fíorthábhachtach chun go dtuigfidh leanaí an fhaisnéis a bhfuil rochtain acu uirthi ar líne agus chun go ndéanfaidh siad a mbealach tríd an gcéanna, chun go sainaithneoidh siad rioscaí ar líne amhail mífhaisnéis/bréagaisnéis, camscéimeanna agus calaois, agus fógraíocht fholaithe, agus chun go mbeidh siad rannpháirteach go gníomhach agus go freagrach sa gheilleagar digiteach, sa tsochaí agus i bpróisis dhaonlathacha.
Leis an aiseolas ó mhúinteoirí le linn chomhairliúcháin an Choimisiúin, leagadh béim ar dheacrachtaí maidir le comhghleacaithe a chur san áireamh. Áiríodh i measc na gcúiseanna a luadh nach bhfuil feasacht leordhóthanach ann, nach bhfuil an t‑eolas, na scileanna ná an mhuinín atá riachtanach ag a lán múinteoirí, agus go bhfuil sé deacair coimeád suas le forbairt theicneolaíoch leanúnach. Tá gá le hoiliúint múinteoirí, acmhainní iontaofa a chur chun cinn agus níos mó feachtas lena ndírítear ar thuismitheoirí agus cúramóirí. Ba cheart oiliúint maidir le cearta leanaí a áireamh freisin sna tionscnaimh sin chun feasacht níos láidre a chruthú gurb ionann cearta leanaí ar líne agus cearta leanaí as líne, mar a shonraítear i mBarúil Ghinearálta na Náisiún Aontaithe Uimh. 25.
Le BIK+, tríd an ardán betterinternetforkids.eu (‘tairseach BIK’) agus líonra SICanna, féadfar tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt modúl le haghaidh múinteoirí (e.g. Ollchúrsa Oscailte Ar Líne – ‘MOOC’) le haghaidh grúpaí aoise éagsúla ina mbeidh ceachtanna faoin litearthacht meán, an tsábháilteacht ar líne, rioscaí don tomhaltóir ar líne, sonraí pearsanta, an chibearbhulaíocht, dhea-bhail mheabhrach, steiréitíopaí díobhálacha, an mhífhaisnéis maidir leis an gcollaíocht i bpornagrafaíocht, toil dhigiteach agus meas digiteach, agus cluichiú sa mhúinteoireacht.
Déanfar malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a chomhordú agus a chur chun cinn faoin Idirphlé Struchtúrtha i ndáil le hoideachas digiteach agus scileanna digiteacha agus Grúpaí Saineolaithe ábhartha.
Le BIK+ tabharfar tacaíocht d’fheachtais mhórscála litearthachta meán, chun freastal ar leanaí, teaghlaigh agus múinteoirí, lena mbainfear leas as éascaitheoirí náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana amhail scoileanna, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus an earnáil tionsclaíochta. Ba cheart baint a bheith ag leanaí, agus i gcás inarb iomchuí ag tuismitheoirí agus múinteoirí, chun an cur chuige a dhéanamh níos oiriúnaí ó thaobh aoise de agus chun malartuithe trasghlúine a éascú maidir le húsáid chruthaitheach agus fhreagrach a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, rud lena méadófar an fheasacht ar rioscaí do leanaí mar thomhaltóirí óga, agus úsáid sonraí pearsanta á cur san áireamh.
Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag obair le ECFE ar chreat inniúlachta airgeadais le haghaidh leanaí a fhorbairt, creat a sheolfar faoi dheireadh 2022 ina mbeidh na scileanna airgeadais bunriachtanacha atá ó leanaí sa saol digiteach.
Comhlánóidh straitéis BIK+ an plean gníomhaíochta don oideachas digiteach, agus oibreoidh sé ar bhonn sineirge leis, mar shampla trí SICanna náisiúnta a chur chun cinn mar ionad ilfhreastail le haghaidh faisnéis agus tacaíocht atá iontaofa agus atá oiriúnach ó thaobh aoise de, arna oiriúnú do riachtanais náisiúnta san oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil. Leanfaidh an Coimisiún d’acmhainní atá ar fáil don phobal i gcoitinn a roinnt agus a chur chun cinn trí thairseach BIK, agus spreagfaidh sé obair fhor-rochtana na SICanna agus na ngníomhairí eile, ionas go bhféadfaidh leanaí foghlaim conas meas digiteach a léiriú i raon suíomhanna éagsúla, ó chlubanna spóirt go scoileanna.
Déanfar foghlaim idir piaraí, comhchruthú, agus eiseamláir Ambasadóirí Óige BIK agus Painéil Óige BIK a chur chun cinn mar dhea-chleachtas le haghaidh cur chuige oideachasúil san Aontas agus i bhfad i gcéin.
Chun tacaíocht a thabhairt do gach leanbh, ní mór don timpeallacht dhigiteach a bheith ilchineálach, cuimsitheach, neamh-idirdhealaitheach agus saor ó steiréitíopaí. Ba cheart faisnéis ar líne faoin gcollaíocht agus faoi inscne atá oibiachtúil agus oiriúnach ó thaobh aoise de a bheith ar fáil do leanaí. Ba cheart tacaíocht a thabhairt don fheasacht ilchineálachta agus inscne le haghaidh gairmithe TFC, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na riachtanais ar leith a bhíonn ag cailíní, úsáideoirí óga faoi mhíchumas agus leanaí leochaileacha eile. Ba cheart eiseamláirí dearfacha le haghaidh cailíní – atá faoi ghannionadaíocht in TFC – a spreagadh agus ba cheart comhdheiseanna le haghaidh buachaillí agus cailíní a áirithiú. Ba cheart don earnáil tionsclaíochta timpeallacht chuimsitheach a chur ar fáil do chách, agus ba cheart leanaí faoi mhíchumas a bheith in ann súgradh, foghlaim agus idirghníomhú le daoine ar líne.
Chun leas a bhaint as deiseanna digiteacha, bíonn ceangal idirlín iontaofa inacmhainne agus gairis dhigiteacha oiriúnacha ag teastáil ó leanaí. Le cuspóirí nascachta na Deacáide Digití agus na prionsabail dhigiteacha, agus le hinfheistíocht shuntasach agus maoiniú suntasach ón Aontas, tugtar aghaidh ar nascacht le haghaidh tithe agus scoileanna; Ceanglaítear le forálacha seirbhíse uilíche an chóid um chumarsáid leictreonach inacmhainneacht seirbhísí nascachta. Le gníomhaíochtaí na mBallstát faoi Cholún 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tugtar aghaidh ar inacmhainneacht ‘seirbhísí bunriachtanacha’ lena n‑áirítear cumarsáid leictreonach.An Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, moltar ann go ndéanfaidh na Ballstáit ‘trealamh leordhóthanach atá riachtanach le haghaidh cianfhoghlama a sholáthar’ [agus] ‘an infheistíocht is gá a dhéanamh chun dul i ngleic le gach cineál bearna digití’.
Chun freastal ar gach leanbh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta nó riachtanais ar leith acu, nó ar leanaí ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste nó ó chúlra leochaileach. Mar shampla, bíonn bacainní roimh imircigh agus roimh shaoránaigh den Aontas a bhfuil cúlra imirceach acu maidir le rochtain a fháil ar chúrsaí agus seirbhísí digiteacha, lena n‑áirítear mar gheall ar easpa na scileanna digiteacha chun na seirbhísí sin a úsáid. Leanaí atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta, leanaí a bhfuil cúlra imirceach nó Romach acu agus leanaí eile atá neamhchosanta go mór ar idirdhealú agus leithscaradh, leanaí nach bhfuil scileanna digiteacha bunúsacha ag a dtuismitheoirí, leanaí faoi mhíchumas, leanaí i suíomhanna cúraim, tá riachtanais ar leith acu uile. Ní mór do thionscnaimh díriú ar chothromaíocht inscne, ionas go bhfaighidh buachaillí agus cailíní araon scileanna digiteacha ó aois óg ar aghaidh. Ba cheart éifeachtacht a thomhas agus an cleachtas is fearr a shainaithint.
Rannchuideoidh BIK+ trí raon feidhme obair SICanna a leathnú chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar an mbearna dhigiteach, go háirithe trí scileanna digiteacha a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha. Féadfaidh SICanna tacaíocht a thabhairt do chláir ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
·an faireachán ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar dhea-bhail leanaí a dhéanann na Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta agus an lucht acadúil trí thairseach BIK, tabharfaidh sé tacaíocht dó ó 2023 ar aghaidh;
·déanfaidh sé modúil teagaisc (MOOCanna) le haghaidh múinteoirí a fhorbairt agus a leithdháileadh trí thairseach BIK agus SICanna, 2023/2024;
·déanfaidh sé malartú dea-chleachtas do churaclaim náisiúnta maidir leis an litearthacht meán a chur chun cinn idir na Ballstáit agus i measc scoileanna agus oideachasóirí ar fud an Aontais, faoin Idirphlé Struchtúrtha i ndáil le hoideachas digiteach agus scileanna digiteacha agus trí ghrúpaí saineolaithe ábhartha, ó 2022 ar aghaidh;
·eagróidh sé feachtais litearthachta meán lena ndíreofar ar leanaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus cúramóirí, trí éascaitheoirí, ó 2022 ar aghaidh;
·forbróidh sé uirlisí múscailte feasachta agus gníomhaíochtaí maidir leis na rioscaí a dtugann leanaí aghaidh orthu mar thomhaltóirí óga, le tacaíocht thairseach BIK agus na SICanna, ó 2022 ar aghaidh;
·neartóidh sé tacaíocht na SICanna sna Ballstáit chun oideachas agus oiliúint sheachfhoirmiúil a sholáthar do leanaí i staideanna leochaileacha, chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna dhigiteach, ó 2022 ar aghaidh.
Iarann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·faireachán a dhéanamh ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar dea-bhail leanaí;
·dea-chleachtais a mhalartú faoin Idirphlé Struchtúrtha i ndáil le hoideachas digiteach agus scileanna digiteacha agus grúpaí saineolaithe ábhartha;
·SICanna a chur chun cinn mar ionad ilfhreastail le haghaidh acmhainní iontaofa maidir leis an litearthacht meán agus an tsábháilteacht ar líne le haghaidh leanaí, a dteaghlach agus múinteoirí;
·an infheistíocht is gá a dhéanamh chun dul i ngleic le gach cineál bearna digití, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh le tacaíocht ó chistí Eorpacha agus go háirithe ó chiste forbraíochta réigiúnaí na hEorpa (CFRE).
Iarann an Coimisiún ar an earnáil tionsclaíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:
·faireachán a dhéanamh ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar dea-bhail leanaí;
·infheistíocht a dhéanamh i scileanna chun feasacht a mhéadú maidir le riachtanais éagsúla leanaí, chun steiréitíopaí a chomhrac agus chun inrochtaineacht dhigiteach a áirithiú i bhforbairt táirgí.
5.3.Rannpháirtíocht Ghníomhach (Conas tuairimí leanaí a urramú)
‘Tá mé i bhfabhar guth níos tréine a bheith ag daoine óga faoi 2030. Is í ár nglúin féin a d’fhás aníos leis an saol ar líne’ – Ambasadóir Óige BIK de chuid na hOstaire.
Is saoránaigh gníomhacha iad leanaí. Mar ghníomhairí don athrú, baineann siad níos mó agus níos mó úsáide as na meáin shóisialta chun eagrú agus chun a gcuspóirí a mholadh, e.g. gluaiseacht na Stailce Scoile don Aeráid. Le straitéis BIK+ cuirtear fáilte roimh an bhforbairt sin, agus aithnítear a thábhachtaí atá sé tuairimí leanaí a urramú agus a chur san áireamh i múnlú na Deacáide Digití. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do leanaí chun scileanna saoránachta a fhorbairt agus a chleachtadh i mbeartas poiblí agus díospóireachtaí polaitiúla agus ba cheart dóibh leas a bhaint as a gceart chun tionóil agus chun comhlachais trí ardáin shóisialta ar líne. Mar sin féin, tá sé léirithe sa taighde go bhféadfaí gníomhaíochtaí ar líne a bhaineann leis an gcruthaitheacht agus an tsaoránacht dhigiteach a mhéadú. Is é an chonclúid atá ann go bhfuil an baol ann go mbeadh leanaí an lae inniu faoi ghannionadaíocht i bpróisis cinnteoireachta beartas, rud a mbeadh riachtanais neamh-chomhlíonta agus ionchais nach bhfreastalaítear orthu mar thoradh air.
Aithnítear le BIK+, dá bhrí sin, go bhfuil sé tábhachtach leanaí, ina n‑éagsúlacht uile, a áireamh go gníomhach agus an timpeallacht dhigiteach á múnlú , mar tá léargas ar leith ag daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois ar an óige dhigiteach.
Faoin straitéis maidir le cearta an linbh, gheall an Coimisiún go neartódh sé rannpháirtíocht leanaí trí Ardán Rannpháirtíochta Leanaí nua de chuid an Aontais a bhunú. I sineirge leis an ardán sin, spreagfaidh BIK+ gníomhaíochtaí faoi stiúir leanaí ionas go mbeadh ról dearfach géarchúiseach acu sa timpeallacht dhigiteach maidir le hábhair atá ábhartha don ghlúin óg amhail cibearshlándáil, eitic, agus forbairt inbhuanaithe.
Faoi BIK+, neartófar ionchur leanaí maidir le topaicí digiteacha, go háirithe maidir le hearnáil na tionsclaíochta. Agus é ag tógáil ar thionscnaimh atá ann cheana amhail Ambasadóirí Óige BIK, Painéil Óige BIK agus Gealltanas Óige BIK d’Idirlíon Níos Fearr, neartóidh an Coimisiún gníomhaíochtaí atá faoi stiúir leanaí.
Spreagfar le BIK+ tuilleadh rannpháirtíochta óige, laistigh de na Ballstáit freisin. Mar shampla, le scéimeanna áitiúla féadfar aitheantas a thabhairt d’oiliúnaithe idir piaraí.
Déanfar leagan de straitéis BIK+ ar leagan é lena dtacaítear le leanaí a chur ar fáil i gcomhréir leis na treoirlínte arna bhforbairt faoin straitéis maidir le cearta an linbh.
Déanfaidh an Coimisiún leanaí a áireamh maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme BIK+.
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
·leanaí a áireamh agus Cód iompair an Aontais á chruthú maidir le dearadh atá oiriúnach ó thaobh aoise de a luaitear i gcolún 1, ó 2023 ar aghaidh;
·gníomhaíocht de thionscnamh leanaí agus faoi stiúir leanaí a sheoladh ar ábhar atá ábhartha go digiteach don ghlúin óg, i sineirge le hArdán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais, ó 2023 ar aghaidh;
·ról Ambasadóirí Óige BIK agus Phainéil Óige BIK a leathnú chun tacú le gníomhaíochtaí idir piaraí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ó 2022 ar aghaidh;
·leagan de straitéis BIK+ lena dtacaítear le leanaí a chruthú, 2022;
·meastóireacht faoi stiúir leanaí ar Straitéis BIK+ a eagrú, gach 2 bhliain.
Iarann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·tacú le hoiliúint idir piaraí agus le múineadh daoine fásta ag leanaí maidir leis an saol digiteach;
·raon cuimsitheach ambasadóirí óige a spreagadh chun rannchuidiú le beartais dhigiteacha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.
Iarann an Coimisiún ar an earnáil tionsclaíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:
·dul i dteagmháil le leanaí agus páirt ghníomhach a thabhairt dóibh go córasach i bhforbairt agus cur in úsáid a dtáirgí agus seirbhísí digiteacha;
·cumarsáid atá oiriúnach do leanaí a chomhchruthú le leanaí arb éagsúil a n‑aois agus a gcúlra, lena n‑áirítear téarmaí agus coinníollacha, faoina dtáirgí agus seirbhísí digiteacha;
·táirgí agus seirbhísí cuimsitheacha a fhorbairt lena gcuirtear ceart leanaí chun iad féin a chur in iúl chun cinn agus lena n‑éascaítear a rannpháirtíocht sa saol poiblí.
6.For-rochtain agus comhar idirnáisiúnta
Is dúshláin dhomhanda iad cosaint ar líne agus cumhachtú digiteach a théann thar theorainneacha agus dlínsí náisiúnta. In Earrach 2021, d’eisigh Coiste na Náisiún Aontaithe um chearta an linbh treoraíocht maidir leis an gcaoi ar féidir Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um chearta an linbh agus a Phrótacail Roghnacha i mbarúil ghinearálta Uimh. 25 uaidh a chur chun feidhme go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt go sainráite ar chearta leanaí sa timpeallacht dhigiteach.
Tríd an Tairseach Dhomhanda, neartóidh an tAontas naisc idir an Eoraip agus an domhan agus cabhróidh sé le tíortha comhpháirtíochta aghaidh a thabhairt ar an mbearna dhigiteach agus comhtháthú a thuilleadh san éiceachóras digiteach domhanda.
Trí dhul i gcomhar lena chéile, tugtar an deis dúinn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna domhanda sin go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn trí ardchaighdeáin sábháilteachta a leagan síos agus trí chumhachtú agus rannpháirtíocht ghníomhach leanaí sa deacáid dhigiteach a chur chun cinn ar fud an domhain, agus rannchuidiú le baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe an tráth céanna.
Sampla amháin de sin atá sa chomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí. I gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir le comhrac a dhéanamh i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, tá an Coimisiún ag obair go dlúth le comhlachtaí teicneolaíochta faoi scáth Fhóram Idirlín an Aontais agus comhoibríonn sé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha tríd an gComhaontas Domhanda WeProtect chun Deireadh a Chur le Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí Ar Líne. Thug an Coimisiún tacaíocht freisin d’iarrachtaí domhanda le blianta trí chistiú do líonra INHOPE de bheolínte atá ann i 46 thír. Leanfar ar aghaidh leis an obair sin agus ba cheart dlús a chur leis faoin reachtaíocht atá beartaithe sa Straitéis reatha.
Leanfaidh an Coimisiún de thaithí, saineolas agus luachanna a roinnt le heagraíochtaí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus de thacaíocht a thabhairt do chur chuige coiteann i leith cearta digiteacha le haghaidh leanaí ar fud an domhain, mar shampla caighdeáin theicniúla, méadrachtaí, sainmhínithe agus cur chuige ábhartha a spreagadh.
Leis an bhFóram um Idirlíon Níos Sábháilte, measfar forbairtí idirnáisiúnta agus malartófar na cleachtais is fearr. Leis na SICanna, neartófar scéimeanna meantóireachta agus malartaithe atá ann cheana lasmuigh den Aontas Eorpach, agus leanfar ar aghaidh leis na ceiliúrtha idirnáisiúnta ar an Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte.
Leis an bplean gníomhaíochta don óige atá ar an mbealach i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, neartófar an ról lárnach atá ag daoine óga sa chlaochlú digiteach, agus tacófar le timpeallachtaí digiteacha sábháilte lena gcuirtear rannpháirtíocht agus cumhachtú leanaí agus na hóige chun cinn.
Cuirfidh an Coimisiún straitéis BIK+ chun cinn ina chaidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus tíortha comhpháirtíochta eile arb é is aidhm di comhpháirtithe idirnáisiúnta a threorú i dtreo claochlú digiteach lena ngabhann cur chuige atá bunaithe ar chearta an linbh.
7.Conclúidí
‘Is láidre a bheidh ár nAontas más cosúla lenár gcéad ghlúin eile é: machnamhach, diongbháilte, comhbhách. Fréamhaithe sna luachanna agus ceannasach sa ghníomh’.
Le linn di Bliain Eorpach na hÓige a fhógairt, spreag an tUachtarán Von der Leyen daoine óga le bheith ina ngníomhairí ar son an athraithe. Le straitéis BIK+ tugtar guth sa sféar digiteach dóibh chomh maith le bearta feabhsaithe i gcomhair a ndea-bhaile, a scileanna agus a sábháilteachta digití.
Bunchloch den Aontas Eorpach atá i dtimpeallacht dhigiteach atá sábháilte, slán agus iontaofa. Tá an Coimisiún tiomanta go hiomlán do thacaíocht a thabhairt do chosaint, cumhachtú agus urramú leanaí sa chlaochlú digiteach.
Agus í ag tógáil ar an mbonn le straitéis 2012, tugtar aird ar leith le straitéis BIK+ ar na deiseanna agus na rioscaí ar líne do leanaí i gcásanna leochaileachta. Is fearr a bheidh gach leanbh in ann an tairbhe is fearr a bhaint as an saol ar líne, agus taitneamh a bhaint as eispéiris atá níos oiriúnaí ó thaobh aoise de.
Leis an straitéis seo de chuid BIK+, léirítear na hionchuir ó raon leathan tuairimí, go príomha tuairimí ó leanaí. Beidh baint ag leanaí le cur chun feidhme na straitéise agus le faireachán a dhéanamh uirthi. Tá rath na straitéise ag brath ar chomhar idir an Coimisiún, na Ballstáit, agus príomh-chomhpháirtithe amhail an earnáil tionsclaíochta, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun réitigh nithiúla a sheachadadh le go mbeidh leanaí agus daoine óga in ann úsáid shláintiúil níos fearr a bhaint as an idirlíon.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an straitéis gach 2 bhliain, le leanaí freisin, agus foilseoidh sé tuarascáil ar líne.
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an straitéis a fhormhuiniú agus oibriú le chéile ar a chur chun feidhme. Iarrann an Coimisiún ar Choiste na Réigiún agus ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa idirphlé le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, páirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.
Tá an fhreagracht ar gach duine éisteacht le leanaí agus gníomhú anois. Mar a luaigh Yevgeny, Lili agus João thar ceann Ghrúpa Comhairleach don Óige #DigitalDecade4YOUth: ‘Is faoi lucht ceaptha beartais agus páirtithe leasmhara eile atá sé anois dul i ngleic leis an dúshlán…. ionas go mothóimid, mar leanaí agus daoine óga, go bhfuilimid ag obair le chéile chun áit níos fearr agus níos sábháilte a dhéanamh den saol digiteach.’