AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg,17.4.2018
COM(2018) 225 final
2018/0108(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla
{SWD(2018) 118 final}
{SWD(2018) 119 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Sa lá atá inniu ann, is gnách, i mórán áiteanna ar fud an domhain, feidhm a bhaint as na meáin shóisialta, as post gréasáin agus as feidhmchláir (‘aipeanna’) chun cumarsáid agus obair a dhéanamh, chun bualadh le daoine agus chun teacht ar eolas. Nascann na seirbhísí sin na céadta milliún úsáideoir le chéile. Cruthaíonn siad buntáistí suntasacha i dtaca le leas eacnamaíoch agus sóisialta a gcuid úsáideoirí ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Is féidir, áfach, mí-úsáid a bhaint astu mar uirlisí chun coireanna a dhéanamh nó a éascú, coireanna tromchúiseacha amhail ionsaithe sceimhlitheoireachta ina measc. Nuair a tharlaíonn coireanna den sórt sin, is minic a bhíonn ar na himscrúdaitheoirí dul i muinín na seirbhísí agus na naipeanna sin mar gur iontu sin amháin is féidir leo leideanna a aimsiú chun a fháil amach cé a rinne coir agus fianaise a aimsiú a d’fhéadfaí a úsáid sa chúirt.
De bhrí nach bhfuil aon teorainneacha ag an idirlíon, is féidir seirbhísí den sórt sin a sholáthar as aon áit ar fud an domhain agus ní gá dóibh bonneagar fisiceach, láithreacht chorparáideach ná foireann a bheith acu sna Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí nó sa mhargadh inmheánach ina iomláine. Ní gá ach oiread go mbeadh láthair faoi leith acu chun sonraí a stóráil inti. Is minic a roghnaíonn an soláthraí seirbhíse suíomh ar chúiseanna dlisteanacha amhail slándáil sonraí, barainneacht scála agus luas rochtana. Mar thoradh air sin, agus méadú ag teacht ar líon na gcásanna coiriúla de gach cineál, is gá, sna cásanna sin, go mbeadh rochtain ag údaráis na mBallstát ar shonraí a d’fhéadfaí a úsáid mar fhianaise, agus atá stóráilte taobh amuigh dá dtír agus/nó ag soláthraithe seirbhíse i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha.
Fiche nó tríocha bliain ó shin, forbraíodh sásraí don chomhar idir tíortha nuair atá an fhianaise nó an soláthraí seirbhíse suite in áit éigin eile. Ainneoin leasuithe rialta, tá brú níos mó ag teacht ar na sásraí comhair sin mar go bhfuil an gá go mbeadh rochtain thráthúil trasteorann ar fhianaise leictreonach ag dul i méid. Mar fhreagairt air sin, tá roinnt Ballstát agus tríú tíortha tar éis cur lena gcuid uirlisí náisiúnta. Cruthaíonn an ilroinnt a tharlaíonn dá bharr sin éiginnteacht dhlíthiúil agus easaontachtaí oibleagáidí agus ardaítear ceisteanna maidir le cosaint na gceart bunúsach agus na gcoimircí nós imeachta i gcás daoine a ndéanann iarrataí den chineál sin difear dóibh.
In 2016, d’iarr an Chomhairle beart nithiúil bunaithe ar chur chuige comhchoiteann ón Aontas Eorpach chun go mbeadh an cúnamh dlíthiúil frithpháirteach níos éifeachtúla; chun feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis na mBallstát agus soláthraithe seirbhíse atá bunaithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach; agus chun réitigh a mholadh i dtaca leis an bhfadhb a bhaineann le dlínse a chinneadh agus a fhorfheidhmiú sa chibearspás. Ar aon dul leis sin, leag Parlaimint na hEorpa béim ar na dúshláin is féidir leis an gcreat dlíthiúil ilroinnte reatha a chruthú do sholáthraithe seirbhíse atá ag iarraidh iarrataí um fhorfheidhmiú an dlí a chomhlíonadh agus d’iarr an Pharlaimint go mbeadh creat dlíthiúil ann, lena náirítear coimircí maidir le cearta agus saoirsí na bpáirtithe uile lena mbaineann.
Dírítear sa togra reatha ar an bhfadhb shonrach atá cruthaithe ag cineál luaineach na fianaise leictreonaí, agus ag an ngné idirnáisiúnta a bhaineann léi. Féachtar leis sásraí comhair a chur in oiriúint don ré dhigiteach, ar sásraí iad a thabharfadh uirlisí do na breithiúna agus do na húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun aghaidh a thabhairt ar an mbealach a ndéanann coirpigh cumarsáid sa lá atá inniu ann agus chun gníomhú in aghaidh cineálacha coiriúlachta nua-aimseartha. Tá uirlisí den chineál sin ag brath ar iad a bheith faoi réir sásraí láidre cosanta i dtaca le cearta bunúsacha. Tá sé mar aidhm leis an togra seo deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do na húdaráis, do sholáthraithe seirbhíse agus do dhaoine a ndéanann sé difear dóibh agus tá sé mar aidhm leis freisin ardchaighdeán a choinneáil maidir le hiarrataí um fhorfheidhmiú an dlí agus dá réir sin cosaint na gceart bunúsach, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú. Chomh maith leis sin, cuireann sé dlús leis an bpróiseas a bhaineann le fianaise leictreonach atá á stóráil agus/nó á coinneáil ag soláthraithe seirbhíse atá bunaithe i ndlínse eile a aimsiú agus a fháil. Beidh an ionstraim seo ann ag an am céanna leis na hionstraimí reatha don chomhar breithiúnach atá ábhartha go fóill agus féadfaidh na húdaráis inniúla iad a úsáid de réir mar is cuí. Ag an am céanna, tá an Coimisiún ag obair chun na sásraí don chomhar breithiúnach atá ann cheana féin a neartú trí bhearta amhail ardán slán a chruthú chun iarrataí idir údaráis bhreithiúnacha laistigh den Aontas a mhalartú go tapa, agus EUR 1 mhilliún a infheistiú chun oiliúint maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus comhar a chur ar chleachtóirí as gach Ballstát AE agus díriú ar na Stáit Aontaithe mar an tríú tír a fhaigheann an líon is mó iarrataí ó AE.
Ba cheart do na húdaráis brath ar an ionadaí dlí arna ainmniú ag na soláthraithe seirbhíse chun orduithe faoin ionstraim seo a sheirbheáil agus a fhorghníomhú. Tá an Coimisiún ag tíolacadh togra inniu lena áirithiú go ndéanfar ionadaithe dlíthiúla den chineál sin a ainmniú go héifeachtach. Soláthraítear leis réiteach comhchoiteann ar fud AE chun aghaidh a thabhairt ar orduithe dlíthiúla chuig soláthraithe seirbhíse trí ionadaí dlíthiúil.
•Comhsheasmhacht le creat dlíthiúil AE atá sa réimse beartais cheana agus le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (Coinbhinsiún Bhúdaipeist)
Cuimsíonn creat dlíthiúil reatha AE ionstraimí comhair an Aontais in ábhair choiriúla, amhail Treoir 2014/41/AE maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (Treoir OIE), an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle lenar bunaíodh Eurojust, Rialachán (AE) 2026/794 ar Europol, Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle ar fhoirne comhpháirteacha um imscrúdú, chomh maith le comhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, amhail an Comhaontú um Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach (‘MLA’) idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe agus an Comhaontú um Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin.
De bhrí go bhfuil Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha á dtabhairt isteach, beidh sé níos éasca, de bharr an togra, fianaise leictreonach atá á stóráil nó á coinneáil ag soláthraithe seirbhíse i ndlínse eile a chaomhnú agus a bhailiú i gcomhair imeachtaí coiriúla. Cumhdaítear aon bheart imscrúdaitheach le Treoir OIE, treoir a tháinig in ionad an Coinbhinsiúin um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla den chuid is mó. Áirítear ar an méid sin rochtain ar fhianaise leictreonach ach níl aon fhorálacha sonracha i dTreoir OIE maidir leis an gcineál sin fianaise. Ní thiocfaidh an ionstraim nua in ionad OIE chun fianaise leictreonach a fháil ach soláthróidh sí uirlis bhreise do na húdaráis. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann, mar shampla, nuair is gá roinnt bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh sa Bhallstát forghníomhaitheach, go bhféadfadh OIE a bheith mar rogha thosaíochta ag na húdaráis phoiblí. Malairt níos fearr ná Treoir OIE a leasú is ea ionstraim nua a chruthú i gcomhair fianaise leictreonach de bharr na ndúshlán a bhaineann go bunúsach le fianaise leictreonach a fháil, ar dúshláin iad nach gcuireann as do na bearta imscrúdaitheacha eile a chumhdaítear le Treoir OIE.
Ar mhaithe le bailiú fianaise leictreonaí trasteorann a éascú, tógfaidh an ionstraim nua ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ní bheidh ar údarás sa tír in bhfuil seolaí an Ordaithe suite a bheith páirteach go díreach i seirbheáil agus i bhforghníomhú an Ordaithe, ach amháin má tá neamhchomhlíonadh i gceist agus sa chás sin beidh forfheidhmiú riachtanach agus déanfaidh an túdarás inniúil sa tír ina bhfuil an tionadaí suite idirghabháil. Dá bhrí sin, éilítear san ionstraim sraith de choimircí agus d’fhorálacha láidre, amhail bailíochtú ag údarás breithiúnach i ngach cás. Mar shampla, ní féidir Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun sonraí idirbheartaíochta nó inneachair (seachas sonraí rannpháirtí nó sonraí rochtana) a sholáthar a eisiúint ach amháin i gcás cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith coimeádta ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad, nó i gcás coireanna sonracha cibearspleácha nó cibearchumasaithe faoi leith nó coireanna sonracha a bhaineann le sceimhlitheoireacht amhail dá dtagraítear sa togra.
Tá sonraí pearsanta a chumhdaítear leis an togra seo faoi chosaint agus ní féidir iad a phróiseáil ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Treoir maidir le Cosaint Sonraí d’Údaráis Phóilíneachta agus an Cheartais Choiriúil (An Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí). Cuirfear RGCS i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018 agus caithfidh na Ballstáit an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse an Dlí a thrasuí faoin 6 Bealtaine 2018.
Bunaítear sásraí idirnáisiúnta don chomhar in aghaidh na cibearchoireachta le Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht (CETS Uimh. 185) de chuid Chomhairle na hEorpa, a dhaingnigh formhór Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Déileálann an Coinbhinsiún le coireanna a rinneadh tríd an idirlíon agus trí líonraí ríomhaireachta eile. Ceanglaítear leis freisin go mbunódh na Páirtithe cumhachtaí agus nósanna imeachta chun fianaise leictreonach a fháil agus go gcuirfidís cúnamh dlíthiúil frithpháirteach ar fáil dá chéile, ar cúnamh é nach bhfuil teoranta do chibearchoireanna. Go háirithe, ceanglaítear leis an gCoinbhinsiún go gcuirfeadh na Páirtithe orduithe chun fianaise a thabhairt ar aird ar bun chun sonraí ríomhaireachta a fháil ó sholáthraithe seirbhíse ar a gcríoch agus chun sonraí rannpháirtí a fháil ó sholáthraithe a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch. Ina theannta sin, déantar foráil sa Choinbhinsiún maidir le horduithe caomhnaithe nuair atá forais ann chun a chreidiúint go bhfuil baol faoi leith ann go gcaillfí na sonraí ríomhaireachta nó go modhnófaí iad. Ardaíonn seirbheáil agus in-fhorfheidhmitheacht orduithe náisiúnta chun fianaise a thabhairt ar aird in aghaidh soláthraithe atá bunaithe lasmuigh de chríoch Páirtí sa Choinbhinsiún tuilleadh ceisteanna. I ndáil leis sin, tá bearta breise á mbreithniú faoi láthair chun rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach a fheabhsú.
•Achoimre ar an Rialachán atá beartaithe
Tugtar isteach leis an Rialachán atá beartaithe Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Ordaithe Caomhnaithe Eorpacha, ar orduithe iad atá ceangailteach. Is gá go ndéanfadh údarás breithiúnach Ballstáit an Dá Ordú a eisiúint nó a bhailíochtú. Féadfar ordú a eisiúint chun caomhnú nó soláthar sonraí a lorg, ar sonraí iad atá stóráilte ag soláthraí seirbhíse atá suite i ndlínse eile agus go bhfuil na sonraí sin de dhíth mar fhianaise in imscrúduithe coiriúla nó in imeachtaí coiriúla. Ní fhéadfar Orduithe den chineál sin a eisiúint ach amháin má tá beart den chineál céanna ar fáil i dtaca leis an gcion coiriúil céanna i gcás intíre inchomparáide sa Stát eisiúna. Féadfar an dá ordú a sheirbheáil ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, líonraí sóisialta, margaí ar líne, ar sholáthraithe seirbhísí óstála eile agus soláthraithe bonneagair idirlín amhail seoladh IP agus clárlanna ainmneacha fearainn, nó ar a nionadaithe dlíthiúla nuair is ann dóibh. Dírítear an tOrdú Caomhnaithe Eorpach, ar aon dul leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, ar an ionadaí dlíthiúil lasmuigh de dhlínse an Bhallstáit eisiúna chun na sonraí a chaomhnú in oirchill ar iarraidh ina dhiaidh sin maidir leis na sonraí sin a thabhairt ar aird, mar shampla trí bhealaí um Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach i gcás tríú tíortha nó trí OIE idir na Ballstáit rannpháirteacha. Murab ionann agus bearta faireachais nó oibleagáidí maidir le coinneáil sonraí atá leagtha amach de réir dlí, agus nach ndéantar foráil dóibh leis an Rialachán seo, is Ordú é an tOrdú Caomhnaithe Eorpach arna eisiúint nó arna bhailíochtú ag údarás breithiúnach i nós imeachta coiriúil nithiúil tar éis meastóireacht aonair a dhéanamh ar an gcomhréireacht agus ar an riachtanais i ngach cás ar leith. Dála an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, tagraíonn sé do lucht déanta ciona choiriúil faoi leith, a bhfuil nó nach bhfuil eolas orthu, agus ar cion coiriúil é atá tarlaithe cheana féin. Ní cheadaítear caomhnú sonraí leis an Ordú Caomhnaithe Eorpach ach amháin i gcás sonraí atá stóráilte cheana féin ag an am a bhfaighfear an tOrdú agus ní cheadaítear rochtain ar shonraí ag pointe ama sa todhchaí tar éis an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a bheith faighte.
Ní fhéadfar an Dá Ordú a úsáid ach amháin in imeachtaí coiriúla, ón gcéim imscrúdaitheach tosaigh roimh an triail go dtí go gcuirfear críoch leis na himeachtaí le breithiúnas nó le cinneadh eile. Féadfar na hOrduithe chun sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana a sholáthar a eisiúint i dtaca le haon chion coiriúil ach ní fhéadfar an tOrdú chun sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair a sholáthar a eisiúint ach amháin i gcás cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad, nó i gcás coireanna sonracha dá dtagraítear sa togra agus nuair atá nasc sonrach ann le huirlisí leictreonacha agus le cionta a chumhdaítear le Treoir 2017/541/AE maidir leis an Sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Ó tharla go mbaineann leibhéil éagsúla ionsá leis na bearta a fhorchuirtear maidir leis na sonraí atá á lorg, leagtar amach sa togra roinnt coinníollacha agus coimircí. Ina measc sin tá an oibleagáid bailíochtú ex-ante a fháil ó údarás breithiúnach i dtaca le horduithe. Níl feidhm ag an togra seo ach amháin i gcás sonraí stóráilte. Ní chumhdaítear idircheapadh teileachumarsáide fíor-ama leis an togra seo. Níl sa bheart ach an méid atá riachtanach agus comhréireach chun críocha imeachtaí coiriúla ábhartha. Ina theannta sin, ceadaíonn sé do sholáthraithe seirbhíse soiléiriú a lorg ó údaráis eisiúna nuair is gá. Mura féidir na ceisteanna sin a réiteach agus má chinneann an túdarás eisiúna coinneáil leis an bhforfheidhmiú, féadfaidh soláthraithe seirbhíse feidhm a bhaint as na cúiseanna céanna chun cur i gcoinne forfheidhmiú ag a gcuid údarás féin. Ina theannta sin, bunófar nós imeachta sonrach do chásanna ina bhfuil neamhréir idir an oibleagáid sonraí a chur ar fáil agus oibleagáid iomaíoch a eascraíonn as dlí tríú tír.
Tugann Reachtaíocht AE cosaint do chearta na ndaoine atá faoi dhrochamhras agus do chearta na ndaoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, agus tá dlíthe ann cheana féin chun sonraí pearsanta a chosaint. I gcás daoine a bhfuil a gcuid sonraí á lorg, áfach, tugann na coimircí breise sin sa togra cearta nós imeachta do na daoine sin laistigh nó lasmuigh de na himeachtaí coiriúla. Áirítear ar an méid sin go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht, riachtanas nó comhréireacht an Ordaithe gan na forais i gcomhair na hagóide a shrianadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfar na cearta faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin a urramú go hiomlán trína chinntiú go gcuirfear na díolúintí agus na pribhléidí lena dtugtar cosaint do na sonraí atá á lorg i mBallstát an tsoláthraí seirbhíse san áireamh sa Stát eisiúna. Tá sé seo fíor go háirithe sa chás go ndéantar foráil iontu do chosaint níos airde ná mar a dhéantar i ndlí an Stáit eisiúna.
Tá na hOrduithe faoin Rialachán atá beartaithe infhorfheidhmithe ar an mbealach céanna le horduithe inchomparáide sa dlínse ina bhfaigheann an soláthraí seirbhíse an tordú. Foráiltear leis an Rialachán seo gur chóir go mbeadh smachtbhannaí éifeachtacha agus comhréireacha bunaithe ag na Ballstáit.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 82(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá ann chun tacú le gníomh sa réimse. Foráiltear le hAirteagal 82(1) go bhféadfar bearta a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos chun a áirithiú go dtabharfar aitheantas do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha de gach cineál ar fud an Aontais. Féadfar bearta a ghlacadh freisin chun comhar idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát a éascú maidir le nósanna imeachta in ábhair choiriúla agus i bhforfheidhmiú cinntí.
Tá feidhm ag an mbunús dlí seo maidir leis na sásraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áirithítear le hAirteagal 82(1) go dtabharfar aitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha trína ndíríonn údarás breithiúnach sa Stát eisiúna ar dhuine dlítheanach i mBallstát eile agus go bhforchuireann sé oibleagáidí air fiú, gan idirghabháil roimh ré ó údarás breithiúnach sa Bhallstát eile sin. Féadfaidh idirghabháil ó údarás breithiúnach de chuid an Bhallstáit fhorghníomhaithigh bheith mar thoradh ar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó ar Ordú Caomhnaithe Eorpach, nuair is gá sin chun an cinneadh a fhorfheidhmiú.
•An rogha ionstraime
Tugtar deis do reachtóir an Aontais, le hAirteagal 82(1) CFAE, rialacháin agus treoracha a ghlacadh.
De bhrí go mbaineann an togra le nósanna imeachta trasteorann, áit a néilítear rialacha aonfhoirmeacha, ní gá lamháil a fhágáil ag na Ballstáit chun rialacha den sórt sin a thrasuí. Tá rialachán infheidhme go díreach, cuirtear soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr ar fáil leis agus seachnaítear léiriú éagsúil sna Ballstáit chomh maith le fadhbanna trasuite eile a bhain leis na Cinntí Réime maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha. Thairis sin, ceadaítear le rialachán an oibleagáid chéanna a fhorchur ar bhealach aonfhoirmeach san Aontas. Ar na cúiseanna sin, meastar gurb é an rialachán an fhoirm is oiriúnaí le húsáid don ionstraim aitheantais fhrithpháirtigh seo.
•Coimhdeacht
Ó tharla go mbaineann gné thrasteorann leis na fadhbanna a bhfuiltear ag díriú orthu, is gá na bearta atá san áireamh sa togra a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí a bhaint amach. Is minic, i gcás coireanna a bhfuil fianaise leictreonach ann ina leith, go mbíonn an bonneagar ina bhfuil an fhianaise leictreonach stóráilte agus an soláthraí seirbhíse atá ag reáchtáil an bhonneagair faoi chreat náisiúnta dlí atá éagsúil, laistigh den Aontas nó lasmuigh de, ó chreat náisiúnta dlí an íospartaigh agus dhéantóir na coire. Mar thoradh air sin, gan comhrialacha íosta, is féidir leis a bheith an fhadálach agus an-dúshlánach don tír inniúil rochtain éifeachtach a fháil ar fhianaise leictreonach trasteorann. Go háirithe, bheadh deacracht ag Ballstáit agus iad ag gníomhú astu féin aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas:
·Ilroinnt creataí dlíthiúla sna Ballstáit, a d’aithin soláthraithe seirbhíse a bhí ag iarraidh iarrataí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta éagsúla a chomhlíonadh, mar dhúshlán mór;
·Seiftiúlacht níos fearr maidir le comhar breithiúnach ar bhonn reachtaíocht an Aontais faoi mar atá sí faoi láthair, go háirithe tríd an OIE.
Ó tharla go mbaineann an oiread sin éagsúlachta le cuir chuige dlíthiúla agus go bhfuil líon mór réimsí beartais i gceist (slándáil, cearta bunúsacha lena náirítear cearta nós imeachta agus cosaint sonraí pearsanta, ceisteanna eacnamaíocha), agus an réimse mór de pháirtithe leasmhara, is í an reachtaíocht ag leibhéal an Aontais an modh is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh.
•Comhréireacht
Leagtar síos rialacha leis an togra faoinar féidir le húdarás inniúil san Aontas ordú a thabhairt do sholáthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas agus nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát céanna, fianaise leictreonach a thabhairt ar aird nó a chaomhnú. Cuireann príomhghnéithe an togra, amhail raon feidhme ábhartha an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, coinníollacha chun cúirtéis a áirithiú, an sásra smachtbhannaí agus an córas coimircí agus leigheasanna dlí, teorainn leis an togra, ionas nach bhfuil ann ach a bhfuil de dhíth chun na príomhchuspóirí atá leis a bhaint amach. Go háirithe, tá an togra teoranta d’iarrataí ar shonraí stóráilte (ní chumhdaítear sonraí ó idircheapadh teileachumarsáide fíor-ama) agus d’orduithe a eisítear in imeachtaí coiriúla i gcomhair cion coiriúil sonrach atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis cosc na coireachta ná cineálacha eile nósanna imeachta nó sáruithe (amhail imeachtaí riaracháin maidir le sáruithe ar rialacha an dlí) agus ní éilítear leis go ndéanfadh soláthraithe níos mó sonraí a bhailiú nó a stóráil go córasach seachas mar a dhéanann siad ar chúiseanna gnó nó chun ceanglais dhlíthiúla eile a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cé go bhféadfar na hOrduithe chun sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana a thabhairt ar aird a eisiúint i dtaca le haon chion coiriúil, ní fhéadfar an tOrdú chun sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair a sholáthar a eisiúint ach amháin i gcás cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad, nó i gcás cionta sonracha cibearspleácha agus cibearchumasaithe a shainmhínítear sa togra agus coireanna a bhaineann le sceimhlitheoireacht. Ar deireadh, soiléirítear leis an togra na rialacha nós imeachta agus na coimircí is infheidhme maidir le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach ach ní théitear chomh fada ann le bearta intíre a chomhchuibhiú. Níl ann ach an méid atá riachtanach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus ag údaráis bhreithiúnacha sa ré dhigiteach.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin, ar feadh bliain go leith, leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir chun fadhbanna agus bealaí chun cinn a shainaithint. Rinneadh é sin trí shuirbhéanna, ó chomhairliúchán poiblí oscailte go suirbhéanna spriocdhírithe leis na húdaráis phoiblí ábhartha. Eagraíodh cruinnithe grúpaí saineolaithe agus cruinnithe déthaobhacha freisin chun na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag reachtaíocht AE a phlé. Chomh maith leis sin, baineadh feidhm as comhdhálacha inar pléadh rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach chun aiseolas a bhailiú maidir leis an tionscnamh.
Tríd is tríd, mheas freagróirí na suirbhéanna go mbeadh sé dúshlánach d’fhorfheidhmiú an dlí úsáid níos mó a bhaint as seirbhísí faisnéise, de bhrí gur minic nach mbíonn na húdaráis ábhartha sách réitithe chun dul i ngleic le fianaise ar líne. Aithnítear freisin go bhfuil an próiseas fada a bhaineann le fianaise a bhailiú ar cheann de na príomhchonstaicí. I measc na bpríomhcheisteanna eile ar tharraing na húdaráis phoiblí aird orthu bhí easpa comhar iontaofa le soláthraithe seirbhíse, easpa trédhearcachta, agus an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le dlínse i gcomhair bearta imscrúdaitheacha. Measadh go gcuirfeadh comhar díreach trasteorann idir údaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus soláthraithe seirbhíse digití luach breise le himscrúdú coiriúil. Léirigh soláthraithe seirbhíse agus roinnt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta an gá atá le deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú nuair a bhítear ag comhoibriú le húdaráis phoiblí agus chun easaontachtaí dlíthe a sheachaint. Maidir le himní faoin gcaoi a bhféadfadh reachtaíocht nua AE cur isteach ar chearta, mheas na páirtithe leasmhara gur chóir coimircí sonracha a ráthú mar choinníoll riachtanach i gcomhair ionstraim trasteorann de chineál ar bith.
Thaispeáin an taiseolas a bailíodh ón measúnú tionchair tionscanta gur chreid na páirtithe leasmhara go mbeadh an córas reatha um Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach níos éifeachtaí agus go bhfeabhsófaí an deimhneacht dhlíthiúil dá dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh atá ann. Bhí roinnt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcoinne reachtaíochta ag leibhéal an Aontais maidir le comhar díreach. B’fhearr leo nach ndéanfadh an tAontas ach feabhas a chur ar na nósanna imeachta maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach. Tabharfar an smaoineamh sin chun cinn mar chuid de na bearta praiticiúla lenar thacaigh an Chomhairle i mí an Mheithimh 2016.
Tugadh le fios freisin trí shuirbhé spriocdhírithe chuig na húdaráis phoiblí sna Ballstáit, nach raibh aon chur chuige comhchoiteann ann maidir le rochtain trasteorann a fháil ar fhianaise leictreonach, mar go raibh a chleachtas intíre féin ag gach Ballstát. Chomh maith leis sin, baineann éagsúlacht le freagairt soláthraithe seirbhíse d’iarrataí ó údaráis eachtracha um fhorfheidhmiú an dlí agus athraíonn na hagaí freagartha ag brath ar an mBallstát atá ag déanamh an iarrata. Cruthaíonn sé sin éiginnteacht dhlíthiúil do na páirtithe leasmhara go léir a bhfuil baint acu leis.
Go ginearálta, léirigh an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara go bhfuil an creat dlíthiúil reatha ilroinnte agus casta. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh moilleanna tarlú le linn chéim an fhorghníomhaithe agus d’fhéadfadh sé tarlú freisin nach ndéanfaí coireanna a bhaineann le rochtain trasteorann a fháil ar fhianaise leictreonach a imscrúdú ná a ionchúiseamh go héifeachtach.
•Measúnú tionchair
D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach maidir leis an measúnú tionchair a thacaíonn leis an togra seo agus rinne sé moltaí éagsúla i gcomhair feabhsaithe. I ndiaidh na tuairime sin, leasaíodh an measúnú tionchair chun níos mó plé a dhéanamh ar cheisteanna maidir le cearta bunúsacha a bhaineann le comhroinnt trasteorann sonraí, go háirithe na naisc idir na bearta éagsúla atá mar chuid den rogha thosaíochta. Modhnaíodh an measúnú freisin chun léiriú níos fearr a thabhairt ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara agus na mBallstát agus ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh iad. Ina theannta sin, athbhreithníodh comhthéacs an bheartais chun tagairtí breise do ghnéithe éagsúla a chur san áireamh, amhail plé i ngrúpaí saineolaithe a chuidigh le cruth a chur ar an tionscnamh. Soiléiríodh an chomhlántacht idir bearta éagsúla (go háirithe an Treoir OIE, idirbheartaíocht maidir le prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist agus an tathbhreithniú comhpháirteach ar an gComhaontú um Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe) i dtéarmaí raon feidhme, uainithe agus doimhneachta agus leasaíodh an cás bunlíne chun léiriú níos fearr a dhéanamh ar fhorbairtí ar dóigh dóibh tarlú beag beann ar ghlacadh na mbeart atá molta. Ar deireadh, cuireadh sreabhchairteacha leis chun cur síos níos fearr a dhéanamh ar an sreabhadh oibre do chomhroinnt sonraí.
Breithníodh ceithre cinn de phríomhroghanna beartais seachas an cás bunlíne (Rogha O): roinnt bearta praiticiúla chun feabhas a chur ar nósanna imeachta maidir le comhar breithiúnach agus ar chomhar díreach idir údaráis phoiblí agus soláthraithe seirbhíse (Rogha A: neamhreachtach); rogha lena gcomhcheanglaítear na bearta praiticiúla i Rogha A le réitigh idirnáisiúnta ag an leibhéal déthaobhach nó ag an leibhéal iltaobhach (Rogha B: reachtach); rogha lena gcomhcheanglaítear na bearta roimhe seo i Rogha B le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus beart chun rochtain ar bhunachair sonraí a sholáthraíonn faisnéis rannpháirtithe ar bhonn iarratais a fheabhsú, amhail an tAinm Fearainn Whois (Rogha C: reachtach); agus rogha lena gcomhcheanglaítear na bearta go léir roimhe seo i Rogha C le reachtaíocht maidir le rochtain dhíreach ar shonraí atá stóráilte go cianda (Rogha D: reachtach).
Mura ndéantar aon bheart (Rogha O) rachaidh an cás in olcas de bharr líon na niarrataí a bheith ag fás. Cuidíonn na roghanna eile go léir, a bheag nó a mhór, le cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Chuirfeadh rogha A feabhas ar éifeachtacht na bpróiseas reatha, trí chaighdeán na niarrataí a fheabhsú cuir i gcás, ach ní bheadh mórán spáis i gcomhair feabhais de bhrí go bhfuil easnaimh struchtúracha sa chóras reatha.
Bheadh feabhsuithe sa bhreis mar thoradh ar Rogha B mar go ndéanfaí foráil leis an rogha sin do réitigh a nglactar leo go hidirnáisiúnta, ach bheadh torthaí na réiteach sin ag brath cuid mhór ar thríú Stáit. Dá bhrí sin, níl aon deimhneacht ag baint leis na réitigh agus ní dócha go mbeidís chomh héifeachtach le réiteach de chuid an Aontais ná go mbeadh an oiread céanna coimircí iontu.
Is soiléir go gcuirfeadh Rogha C luach breise ar fáil i gcomparáid leis na roghanna roimhe sin mar go ndéanfaí foráil inti freisin d’ionstraim laistigh den Aontas i dtaca le comhar díreach le soláthraithe seirbhíse agus thabharfadh an méid sin aghaidh ar fhormhór na gceisteanna a sainaithníodh sa chás go mbeadh na sonraí lena mbaineann á gcoinneáil ag soláthraí seirbhíse.
Cuirtear an pacáiste réiteach is cuimsithí ar fáil i Rogha D. Sa bhreis ar na bearta roimhe seo, tá beart reachtach i gceist ann maidir le rochtain dhíreach i gcásanna nach gá go mbeadh baint ag soláthraí seirbhíse leo.
Tá an tionscnamh reachtach atá á bheartú ag an gCoimisiún faoi láthair bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair. Beidh na bearta praiticiúla a bhfuil cur síos orthu sa mheasúnú tionchair agus an obair leanúnach atá ar siúl maidir le prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist mar chomhlánú ar an reachtaíocht sin. Bunaithe ar a thogra reachtach, rachaidh an Coimisiún i mbun comhráite leis na Stáit Aontaithe agus le tríú tíortha faoin bhféidearthacht a bhaineann le comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha amach anseo i dtaca le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach, ach go mbeadh coimircí ag gabháil leis an rochtain sin. Níl aon reachtaíocht á beartú ag an gCoimisiún faoi láthair i dtaca le bearta maidir le rochtain dhíreach agus maidir leis an rochtain ar bhunachair sonraí, atá mar chuid de Rogha D, ach déanfaidh sé tuilleadh machnaimh ar an gcaoi is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an dá cheist sin.
Táthar ag súil go mbeifear ábalta imscrúduithe agus ionchúisimh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a dhéanamh, go bhfeabhsófar trédhearcacht agus cuntasacht agus go ndéanfar urraim do chearta bunúsacha a áirithiú de bharr an tionscnaimh. Táthar ag súil freisin go gcothóidh sé muinín sa mhargadh aonair digiteach trí shlándáil a fheabhsú agus maolú a dhéanamh ar an dearcadh atá ann nach bhfuil aon bhaol pionóis i leith coireanna a dhéantar ar ghléasanna líonraithe nó trí na gléasanna sin.
I gcás údaráis phoiblí, táthar ag súil go mbainfidh costais le cur chun feidhme an tionscnaimh i dtús báire, ach, san fhadtéarma, go gcúiteofaí na costais sin mar go dtiocfadh laghdú ar na costais athfhillteacha. Bheadh ar na húdaráis náisiúnta iad féin a chur in oiriúint do nósanna imeachta nua agus dul faoi oiliúint. Mar sin féin, bhainfeadh na húdaráis tairbhe as sruthlíniú agus as lárú agus as an gcreat soiléir dlíthiúil a rialódh iarrataí ar rochtain ar shonraí, mar gur chóir go mbainfeadh gnóthachain éifeachtúlachta leo siúd. Ar an gcaoi chéanna, de bhrí go laghdódh an rogha thosaíochta an brú ar na bealaí don chomhar breithiúnach, ba cheart go bhfeicfeadh tíortha a fhaigheann iarrataí laghdú ag teacht ar líon na niarrataí is gá dóibh a phróiseáil.
Níor mhór do sholáthraithe seirbhíse iad féin a chur in oiriúint do chreat reachtach nua trí nósanna imeachta (nua) a bhunú agus oiliúint a chur ar an bhfoireann atá acu. Ar an lámh eile, d’fhéadfadh creat comhchuibhithe laghdú a dhéanamh ar an ualach atá ar na soláthraithe sin a bhíonn ag freagairt d’iarrataí ar shonraí nach inneachar iad faoi láthair agus go mbíonn orthu na hiarrataí sin a mheas faoi na dlíthe éagsúla sna Ballstáit go léir. Ba cheart freisin go mbeadh tionchar dearfach ag deimhneacht dhlíthiúil agus ag caighdeánú nósanna imeachta ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, mar go laghdóidís an tualach riaracháin agus go gcuirfidís leis an iomaíocht. Ar an iomlán, táthar ag súil go mbeidh sábháil airgid i gceist dóibh siúd mar thoradh ar an tionscnamh.
•Cearta bunúsacha
D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an togra as do roinnt ceart bunúsach:
·cearta an duine aonair a ndéantar rochtain ar a chuid sonraí: an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint; an ceart go nurramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh; an ceart don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; an ceart chun cosanta; an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil;
·cearta an tsoláthraí seirbhíse: an ceart a bhaineann le saoirse chun gnó a sheoladh; an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil;
·cearta gach aon saoránaigh: an ceart chun saoirse agus slándála.
Nuair a chuirtear an acquis cosanta sonraí ábhartha san áireamh, tá coimircí dóthanacha agus tábhachtacha san áireamh sa Rialachán atá beartaithe lena áirithiú go dtabharfar cosaint do chearta na ndaoine sin.
Ós rud é nach féidir na hOrduithe a eisiúint ach amháin in imeachtaí coiriúla agus má tá cásanna náisiúnta inchomparáide ann, le linn na céime a thagann roimh an triail agus le linn chéim na trialach, tá na coimircí nós imeachta go léir a bhaineann leis an dlí coiriúil infheidhme. Ina measc sin, go háirithe, tá an ceart chun triail chóir a fháil mar a chumhdaítear in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus in Airteagal 47 agus in Airteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Áirítear ann freisin an reachtaíocht ábhartha ag leibhéal an Aontais maidir le cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla: Treoir 2010/64/AE maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla, Treoir 2012/13/AE maidir leis an gceart chun faisnéise faoi chearta agus faoin gcúiseamh agus rochtain a fháil ar chomhad an cháis, Treoir 2013/48/AE maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir agus cumarsáid a dhéanamh le gaolta nuair a dhéantar duine a ghabháil agus a choinneáil, Treoir 2016/343 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun bheith i láthair ag triail an duine féin, Treoir 2016/800 maidir le coimircí nós imeachta i gcomhair leanaí agus Treoir 2016/1919 maidir le cúnamh dlíthiúil i gcomhair daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla agus i gcomhair daoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach.
Go sonrach, áirithítear le hidirghabháil roimh ré ó údarás breithiúnach nuair a eisítear an tOrdú go ndearnadh dlíthiúlacht an bhirt chomh maith lena riachtanas agus a chomhréireacht maidir leis an gcás i dtrácht a sheiceáil. Áirithítear leis sin freisin nach gcuirfidh an tOrdú isteach rómhór ar chearta bunúsacha, lena náirítear éifeachtaí prionsabal dlí amhail pribhléid ghairmiúil dlíodóra. Ceanglaítear ar an údarás eisiúna a áirithiú sa chás aonair go bhfuil an beart riachtanach agus comhréireach, agus chomh maith leis sin go bhfuil sé riachtanach de bhrí go bhfuil an cion atá faoi imscrúdú chomh tromchúiseach sin. Áirítear sa togra freisin tairseacha i gcomhair sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair, lena náirithítear nach núsáidfear an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ach amháin do chineálacha coireanna níos tromchúisí i gcás sonraí den sórt sin.
Chomh maith leis sin, dírítear go sainráite ar an gceart atá ag daoine a bhfuil iarraidh á dhéanamh i leith a gcuid sonraí chun leigheas éifeachtach a fháil. Ní mór na díolúintí agus na pribhléidí a bhronntar ar ghairmeacha áirithe amhail dlíodóirí chomh maith le leasanna bunúsacha agus an tslándáil nó an chosaint náisiúnta i Stát an tseolaí a chur san áireamh freisin le linn na trialach sa Stát eisiúna. Coimirce bhreise anseo is ea an tathbhreithniú ag údarás breithiúnach.
De bhrí gur beart ceangailteach é an tOrdú, cuireann sé isteach freisin ar chearta soláthraithe seirbhíse, go háirithe an tsaoirse chun gnó a sheoladh. Cuirtear san áireamh sa togra an ceart atá ag soláthraí seirbhíse éilimh áirithe a dhéanamh sa Bhallstát, mar shampla, mura bhfuil an tOrdú eisithe nó bailíochtaithe ag údarás breithiúnach. Má tharchuirtear an tOrdú chuig an stát forfheidhmithe lena fhorfheidhmiú, féadfaidh an túdarás forfheidhmiúcháin a chinneadh gan aitheantas a thabhairt don Ordú ná é a fhorfheidhmiú, sa chás gur léir, nuair a fhaightear é, go bhfuil aon cheann de na forais theoranta chun cur ina aghaidh ann, agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna. Ina theannta sin, má thionscnaítear an nós imeachta maidir le forfheidhmiú, beidh an seolaí féin ábalta cur in aghaidh an Ordaithe atá os comhair an údaráis forfheidhmiúcháin ar bhonn aon cheann de na forais theoranta sin. Áirítear leis sin, mar shampla, cásanna inar léir nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás inniúil an tOrdú nó nuair a sháródh comhlíonadh an Ordaithe an Chairt go follasach nó nuair a bheadh an comhlíonadh míchuí go follasach. Ní chuireann sé sin bac ar an gceart atá ag an seolaí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne cinnidh lena bhforchuirtear smachtbhanna.
Ceist ionchasach a bhaineann le bearta AE sa réimse seo is ea go bhféadfadh tríú tíortha oibleagáidí cómhalartacha a thabhairt isteach i gcomhair soláthraithe seirbhíse AE nach bhfuil comhsheasmhach le coinníollacha AE maidir le cearta bunúsacha, lena náirítear an tardleibhéal cosanta sonraí atá á áirithiú ag acquis AE. Tugtar aghaidh ar an gcás sin sa togra ar dhá bhealach: ar an gcéad dul síos, trí bheart a sholáthar ina bhfuil coimircí láidre agus tagairtí sonracha do na coinníollacha agus do na coimircí atá fréamhaithe cheana féin in acquis AE, agus dá réir sin go bhfuil siad mar eiseamláirí do reachtaíocht eachtrach; agus ar an dara dul síos, trí chlásal sonrach maidir le ‘heasaontachtaí oibleagáidí’ a chur san áireamh ann a cheadaíonn do sholáthraithe seirbhíse na heasaontachtaí oibleagáidí atá rompu a shainaithint agus aird a tharraingt orthu, rud a chuireann athbhreithniú breithiúnach ar siúl. Tá an clásal seo ceaptha chun a áirithiú go léireofar urraim do na reachtanna blocála ginearálta, amhail an tAcht um Príobháideacht Cumarsáide Leictreonaí (ECPA) de chuid na Stát Aontaithe, ar Acht é lena dtoirmisctear nochtadh sonraí inneachair laistigh dá raon feidhme geografaí ach amháin in imthosca teoranta, agus go léireofar urraim freisin do dhlíthe nach dtoirmisctear nochtadh leo de ghnáth ach go bhféadfar sin a dhéanamh i gcásanna aonair. Maidir le cásanna a bhaineann le ECPA, d’fhéadfaí rochtain ar shonraí inneachair a chosc i gcásanna áirithe faoi láthair, agus dá bhrí sin ba cheart go gcoinneofaí Cúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach mar phríomhuirlis chun rochtain a fháil ar shonraí den sórt sin. Mar sin féin, de bharr na nathruithe a tugadh isteach le glacadh Acht CLOUD de chuid na Stát Aontaithe, d’fhéadfaí an reacht blocála a chur i leataobh dá gcuirfeadh an tAontas Eorpach comhaontú i gcrích leis na Stáit Aontaithe. Féadfaidh comhaontuithe idirnáisiúnta breise leis na príomhpháirtithe eile líon na gcásanna ina bhfuil easaontachtaí dlíthe a laghdú tuilleadh.
I bhfianaise a bhfuil thuas, tá na bearta sa togra seo ag luí le cearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar ag an togra reachtach le haghaidh Rialacháin ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá an Rialachán infheidhme go díreach san Aontas. Beidh sé á chur i bhfeidhm go díreach ag cleachtóirí, gan aon ghá na córais dlí inmheánacha a mhodhnú.
Déanfar an Rialachán a mheas agus cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle cúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm ar a dhéanaí. Bunaithe ar thorthaí na tuarascála, go háirithe aon bhearnaí atá ábhartha sa chleachtas iarbhír a bheith fágtha leis an Rialachán, agus forbairtí teicneolaíochta á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le raon feidhme an Rialacháin a mhéadú. Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an Rialachán seo a oiriúnú, más gá. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil a ullmhú ar fáil don Choimisiún. Baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá chun faireachán bliantúil a dhéanamh ar an Rialachán.
Más gá, eiseoidh an Coimisiún treoir i gcomhair soláthraithe seirbhíse chun na hoibleagáidí faoin Rialachán a chomhlíonadh.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
|
RIALACHÁN
|
|
|
Airteagal
|
Aithris
|
I. Ábhar, sainmhínithe agus raon feidhme
|
1. Ábhar
|
1-15
|
|
2. Sainmhínithe
|
16-23
|
|
3. Raon feidhme
|
24-27
|
II. Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, Ordú Caomhnaithe Eorpach agus Deimhnithe, ionadaí dlíthiúil
|
4. Údarás eisiúna
|
30
|
|
5. Coinníollacha maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint
|
28-29, 31-35
|
|
6. Coinníollacha maidir le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint
|
36
|
|
7. Seolaí Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh
|
37
|
|
8. Deimhniú maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Deimhniú maidir le hOrdú Caomhnaithe Eorpach
|
38-39
|
|
9. EPOC a fhorghníomhú
|
40-41
|
|
10. EPOCPR a fhorghníomhú
|
42
|
|
11. Rúndacht agus faisnéis an úsáideora
|
43
|
|
12. Aisíocaíocht costas
|
Gan ann di
|
III. Smachtbhannaí agus forfheidhmiú
|
13. Smachtbhannaí
|
Gan ann dóibh
|
|
14. Nós imeachta maidir le forfheidhmiú
|
44-45, 55
|
IV. Leigheasanna
|
15. agus 16. Nós imeachta maidir le hathbhreithniú i gcás easaontachtaí oibleagáidí ó dhlí tríú tír
|
47-53
|
|
17. Leigheasanna éifeachtacha
|
54
|
|
18. Pribhléidí agus díolúintí a áirithiú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin
|
35
|
V. Forálacha críochnaitheacha
|
19. Faireachán agus tuairisciú
|
58
|
|
20. Leasuithe ar na Deimhnithe agus ar na Foirmeacha
|
59-60
|
|
21. Tarmligean a fheidhmiú
|
60
|
|
22. Fógraí
|
Gan ann dóibh
|
|
23. An Gaol le hOrduithe Imscrúdaithe Eorpacha
|
61
|
|
24. Meastóireacht
|
62
|
|
25. Teacht i bhfeidhm
|
Gan ann dóibh
|
Leagtar amach san Airteagal seo raon feidhme ginearálta agus cuspóir an togra, is é sin na rialacha a leagan síos, ar rialacha iad faoinar féidir le húdarás breithiúnach inniúil san Aontas Eorpach ordú a thabhairt do sholáthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas fianaise leictreonach a sholáthar nó a chaomhnú trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó trí Ordú Caomhnaithe Eorpach. Ní fhéadfar na hionstraimí sin á úsáid ach amháin i gcásanna trasteorann, is é sin, i gcásanna ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe i mBallstát eile nó go bhfuil ionadaíocht thar a cheann i mBallstát eile.
Tabharfar uirlisí breise d’údaráis imscrúdaithe leis an Rialachán seo chun fianaise leictreonach a fháil gan teorainn a chur leis na cumhachtaí atá leagtha amach cheana féin sa dlí náisiúnta chun iallach a chur ar sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe ar a gcríoch nó a bhfuil ionadaíocht thar a gceann ar an gcríoch sin é a dhéanamh. Má tá an soláthraí seirbhíse bunaithe sa Bhallstát céanna nó má tá ionadaíocht thar a cheann ann, dá bhrí sin, bainfidh údaráis an Bhallstáit sin feidhm as bearta náisiúnta chun iallach a chur ar an soláthraí seirbhíse.
Ba cheart na sonraí a chuirfear ar fáil trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a sholáthar go díreach do na húdaráis gan na húdaráis sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe nó a bhfuil ionadaíocht thar a cheann ann a bheith páirteach ann. Imítear leis an Rialachán seo freisin ó shuíomh na sonraí mar thoisc chinntitheach nasctha, mar, de ghnáth, nach mbíonn aon smacht ón stát a bhfuil na sonraí stóráilte ar a chríoch, i gceist le stóráil sonraí. I bhformhór na gcásanna, is é an soláthraí féin amháin a chinneann stóráil den sórt sin, ar chúiseanna gnó.
Ina theannta sin, tá an Rialachán infheidhme freisin mura bhfuil na soláthraithe seirbhíse bunaithe san Aontas nó mura bhfuil ionadaithe thar a gceann ann, ach go dtairgeann siad seirbhísí san Aontas. Tá léiriú air sin in Airteagal 3(1).
Nuair a thagraítear sa togra do sholáthraí seirbhíse atá bunaithe nó a ndéantar ionadaíocht thar a cheann i mBallstát eile trí ionadaí dlíthiúil ainmnithe, ní chruthaíonn ainmniú ionadaí dlíthiúil, agus é sin amháin, bunaíocht an tsoláthraí seirbhíse chun críche an Rialacháin seo.
Meabhraítear in Airteagal 1(2) nach mbeidh sé d’éifeacht ag an Rialachán seo go modhnófar an oibleagáid atá ann na cearta bunúsacha agus na prionsabail dlí, mar a leagtar amach in Airteagal 6 den CAE iad, a urramú.
Airteagal 2: Sainmhínithe
Leagtar amach san Airteagal seo sainmhínithe a mbeidh feidhm acu ar fud na hionstraime.
Tagann na cineálacha soláthraithe seirbhíse seo a leanas faoi raon feidhme an Rialacháin: soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, soláthraithe seirbhísí don tsochaí faisnéise a bhfuil stóráil sonraí mar shainghné den tseirbhís a chuirtear ar fáil don úsáideoir, lena náirítear líonraí sóisialta sa mhéid is nach gcáilíonn siad mar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, margaí ar líne a éascaíonn idirbheartaíocht idir a gcuid úsáideoirí (amhail tomhaltóirí nó gnólachtaí) agus soláthraithe seirbhísí óstála eile, agus soláthraithe ainmneacha fearainn agus seirbhísí uimhrithe idirlín.
Cumhdaítear le raon feidhme an Rialacháin seo soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoi mar atá sainmhínithe [sa Treoir lenar bunaíodh an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach]. Braitheann seirbhísí teileachumarsáide traidisiúnta, tomhaltóirí agus gnólachtaí níos mó ná riamh ar sheirbhísí nua atá bunaithe ar an idirlíon agus a chumasaíonn cumarsáid idirphearsanta, amhail Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí um theachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist, in ionad seirbhísí teileachumarsáide traidisiúnta. Ba cheart mar sin, go gcumhdófaí leis an togra seo na seirbhísí sin, chomh maith le líonraí sóisialta, amhail Twitter agus Facebook, a cheadaíonn d’úsáideoirí inneachar a roinnt.
I mórán cásanna, ní dhéantar sonraí a stóráil ar ghléas an úsáideora níos mó, ach cuirtear ar fáil iad ar bhonneagar néalbhunaithe agus dá réir sin ceadaítear, i bprionsabal, rochtain a dhéanamh orthu ó áit ar bith. Ní gá go mbeadh soláthraithe seirbhíse bunaithe i ngach dlínse ná go mbeadh freastalaithe acu i ngach dlínse. Ina ionad sin, féadfaidh siad riarachán láraithe agus córais dhíláraithe a úsáid chun sonraí a stóráil agus a gcuid seirbhísí a chur ar fáil. Déanann siad é sin ar mhaithe lena gcothromú lóid a bharrfheabhsú agus chun laghdú a dhéanamh ar an moill ag freagairt d’iarrataí ar shonraí ó úsáideoirí. Baintear feidhm as Líonraí Soláthair Inneachair (CDNanna) de ghnáth chun dlús a chur le seachadadh inneachair trí inneachar a chóipeáil i roinnt freastalaithe atá scaipthe ar fud na cruinne. Ceadaíonn sé sin do chuideachtaí inneachar a riar ón bhfreastalaí is gaire don úsáideoir nó ón bhfreastalaí ar féidir leis cumarsáid a ródú trí líonra nach bhfuil chomh plódaithe sin. Chun an fhorbairt sin a chur san áireamh, cumhdaítear sa sainmhíniú seirbhísí néalríomhaireachta agus seirbhísí óstála eile a sholáthraíonn réimse d’acmhainní ríomhaireachta amhail líonraí, freastalaithe nó bonneagar eile, stóráil, aipeanna agus seirbhísí trína bhféadfar sonraí a stóráil chun críocha éagsúla. Tá feidhm ag an ionstraim freisin maidir le margaí digiteacha a cheadaíonn do thomhaltóirí agus/nó do ghnólachtaí idirbhearta a chur i gcrích trí chonarthaí díolachán nó seirbhíse ar líne. Déantar idirbhearta den sórt sin ar shuíomh gréasáin an mhargaidh ar líne nó ar shuíomh gréasáin trádálaí a úsáideann seirbhísí ríomhaireachta atá á gcur ar fáil ag an margadh ar líne. Dá bhrí sin, is é an margadh sin atá i seilbh na fianaise leictreonaí a bhféadfadh sé go mbeadh gá léi le linn imeachtaí coiriúla.
Ní chumhdaítear leis an togra seirbhísí nach bhfuil stóráil sonraí mar shainghné díobh. Cé go mbaineann stóráil sonraí de chineál éigin le formhór na seirbhísí a chuireann soláthraithe ar fáil, go háirithe nuair a dhéantar iad a sheachadadh go cianda ar líne, féadfar seirbhísí a aithint nach bhfuil stóráil sonraí mar phríomhghné díobh agus dá bhrí sin nach bhfuil i stóráil sonraí ach gné choimhdeach den tseirbhís, lena náirítear seirbhísí maidir le dlí, ailtireacht, innealtóireacht agus cuntasaíocht, ar seirbhísí iad a chuirtear ar fáil go cianda ar líne.
D’fhéadfadh sonraí atá á gcoinneáil ag seirbhísí bonneagair idirlín, amhail cláraitheoirí agus clárlanna ainmneacha fearainn agus soláthraithe príobháideachta agus seachsholáthraithe seirbhíse, nó clárlanna idirlín réigiúnacha le haghaidh seoltaí prótacal idirlín, a bheith ábhartha i gcomhair imeachtaí coiriúla mar gur féidir leo loirg a sholáthar trína bhféadfar duine nó eintiteas atá i mbun gníomhaíocht choiriúil a aithint.
I measc na gcatagóirí sonraí a fhéadfaidh údaráis inniúla a fháil le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird tá sonraí rannpháirtí, sonraí rochtana, sonraí idirbheartaíochta (na trí chatagóir i gcomhpháirt dá ngairtear go coitianta ‘sonraí nach inneachar iad’) agus sonraí inneachair atá stóráilte. Tá an tidirdhealú sin, seachas na sonraí rochtana, sna dlíchórais i mórán Ballstát agus freisin i gcreataí dlíthiúla neamh-AE.
Tá sonraí pearsanta sna catagóirí go léir agus mar sin tá siad cumhdaithe ag na coimircí faoi acquis cosanta sonraí AE. Tá éagsúlachtaí eatarthu maidir le déine an tionchair ar chearta bunúsacha, go háirithe idir sonraí rannpháirtí ar lámh amháin agus sonraí idirbheartaíochta agus inneachair ar an lámh eile. Is den bhunriachtanas é go gcumhdófaí na catagóirí sin go léir leis an ionstraim: is minic a bhíonn sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana mar phointe tosaigh chun leideanna a fháil i dtaca le himscrúdú faoi chéannacht duine atá faoi dhrochamhras. Agus féadann sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair a bheith ar na sonraí is ábhartha ó thaobh ábhair a bhfuil luach fianaiseach ag baint leis. Mar gheall ar na leibhéil éagsúla a bhaineann leis an gcur isteach ar chearta bunúsacha, tá údar maith le coinníollacha éagsúla a cheangal le sonraí rannpháirtí ar lámh amháin agus le sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair ar an lámh eile, faoi mar a dhéantar i roinnt forálacha sa Rialachán.
Is iomchuí díriú ar shonraí rochtana mar chatagóir sonraí ar leith a úsáidtear sa Rialachán seo. Is é an cuspóir céanna atá le dul sa tóir ar shonraí rochtana mar a shainmhínítear anseo iad agus atá le dul sa tóir ar shonraí rannpháirtí, i.e. an túsáideoir a aithint, agus tá an méid a chuirtear isteach ar chearta bunúsacha mar an gcéanna. Ba cheart, dá réir sin, go mbeidís faoi réir na gcoinníollacha céanna leis na sonraí rannpháirtí. Dá bhrí sin, tugtar isteach catagóir nua sonraí leis an togra seo, ar sonraí iad a gcaithfear leo amhail mar a chaithfí le sonraí rannpháirtí má táthar le coinneáil leis an gcuspóir céanna.
Déantar sainmhíniú in Airteagal 2 ar na Ballstáit agus ar na húdaráis a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach sa nós imeachta. Tá sainmhíniú ar an údarás eisiúna san áireamh in Airteagal 4.
Is cásanna eisceachtúla iad na cásanna éigeandála a mbíonn gá acu le freagairt thráthúil ó sholáthraithe seirbhíse ar bhonn rialta agus beidh feidhm ag coinníollacha faoi leith maidir leo sin. Dá bhrí sin, sainmhínítear astu féin iad san Airteagal seo.
Airteagal 3: Raon feidhme
Leagtar amach raon feidhme an togra san Airteagal seo. Tá feidhm ag an Rialachán maidir leis na soláthraithe seirbhíse go léir a thairgeann seirbhísí san Aontas, lena náirítear soláthraithe seirbhíse nach bhfuil bunaithe san Aontas. Ó tharla go ndéantar seirbhísí a thairiscint go gníomhach san Aontas, agus de bharr na mbuntáistí ar fad a eascraíonn as sin, tá údar maith go gcuirfí soláthraithe na seirbhísí sin faoi réir an Rialacháin freisin agus cruthaítear cothroime iomaíochta dá bharr idir rannpháirtithe sna margaí céanna. Ina theannta sin, mura gcumhdófaí na soláthraithe seirbhíse sin, chruthófaí bearna agus bheadh sé éasca ag coirpigh dul timpeall ar raon feidhme an Rialacháin.
Lena fháil amach an bhfuil seirbhísí á dtairiscint, ní mór do na húdaráis a mheas an gcuireann an soláthraí seirbhíse ar chumas daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit a chuid seirbhísí a úsáid. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh inrochtaineacht seirbhíse (a d’fhéadfadh eascairt freisin as inrochtaineacht shuíomh gréasáin an tsoláthraí nó an idirghabhálaí, nó inrochtaineacht seolta ríomhphoist nó sonraí teagmhála eile) mar choinníoll leordhóthanach aisti féin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is gá go mbeadh nasc substaintiúil leis na Ballstáit sin lena fháil amach an bhfuil cónasc dóthanach idir an soláthraí agus an chríoch ina bhfuil sé ag tairiscint a chuid seirbhísí. Tá nasc substaintiúil ann nuair atá bunaíocht ag soláthraí seirbhíse i mBallstát amháin nó níos mó. In éagmais bunaíochta san Aontas, ba cheart an critéar le haghaidh nasc substaintiúil leis an Aontas a mheas ar an mbonn go bhfuil líon suntasach úsáideoirí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó go bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó. Is féidir a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó ar bhonn na gcúinsí ábhartha go léir, lena náirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as i gcoitinne i mBallstát. D’fhéadfaí freisin a fháil amach an bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát as aip a bheith ar fáil san aipmhargadh náisiúnta ábhartha, as fógraíocht áitiúil a bheith á soláthar nó fógraíocht sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát, as úsáid a bheith á baint as aon eolas a thagann ó dhaoine sna Ballstáit le linn a chuid gníomhaíochtaí, nó as láimhseáil an chaidrimh le custaiméirí amhail caidreamh le custaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear go coitianta i mBallstát. Is féidir glacadh leis go bhfuil nasc substaintiúil ann freisin nuair a dhíríonn soláthraí seirbhíse a chuid gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó faoi mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán 1215/2012 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála.
Is bearta imscrúdaitheacha iad an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an tOrdú Caomhnaithe Eorpach nach féidir a eisiúint ach amháin in imscrúduithe coiriúla nó in imeachtaí coiriúla le haghaidh cionta coiriúla nithiúla. Déanann an nasc le himscrúdú nithiúil idirdhealú idir é féin agus bearta coisctheacha nó oibleagáidí maidir le coinneáil sonraí a leagtar amach de réir dlí agus áirithítear leis go gcuirfear na cearta nós imeachta is infheidhme maidir le himeachtaí coiriúla i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tá an inniúlacht chun tús a chur le himscrúduithe mar réamhriachtanas i dtaca le húsáid a bhaint as an Rialachán.
Mar cheanglas breise, ní mór go mbeadh baint ag na sonraí atá á lorg leis na seirbhísí atá á dtairiscint ag an soláthraí seirbhíse san Aontas.
Caibidil 2 Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, Ordú Caomhnaithe Eorpach agus Deimhnithe
Airteagal 4: Údarás eisiúna
Nuair a bhíonn Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach á eisiúint, ní mór go mbeadh baint ag údarás breithiúnach leis i gcónaí mar údarás eisiúna nó sin mar údarás bailíochtaithe. I gcás Orduithe chun sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair a sholáthar, tá breitheamh nó cúirt riachtanach. I gcás sonraí rannpháirtí nó sonraí rochtana, is féidir le hionchúisitheoir é sin a dhéanamh freisin.
Airteagal 5: Coinníollacha maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint
Leagtar amach in Airteagal 5 na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint. Ní mór go ndéanfadh an túdarás breithiúnach eisiúna iad a mheas.
Ní fhéadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach i gcás go bhfuil sin riachtanach agus comhréireach sa chás aonair. Ina theannta sin, níor chóir é a eisiúint ach amháin sa chás go mbeadh beart den chineál céanna ar fáil i gcás intíre inchomparáide sa Stát eisiúna.
Féadfar Orduithe chun sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana a sholáthar a eisiúint le haghaidh cion coiriúil ar bith. Ba cheart go mbeadh sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair faoi réir ceanglais níos déine chun a léiriú gur de chineál níos íogaire iad na sonraí sin agus go bhfuil Orduithe le haghaidh sonraí den sórt sin níos ionraí dá réir, i gcomparáid le sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana. Dá bhrí sin, ní fhéadfar Orduithe a eisiúint ach amháin le haghaidh cionta atá inphionóis le pianbhreith choimeádta ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad. Ceadaítear cur chuige níos comhréirí trí thairseach bunaithe ar phianbhreith choimeádta uasta a shocrú, chomh maith le roinnt coinníollacha agus coimircí eile ex ante agus ex post chun urraim don chomhréireacht agus do chearta na ndaoine a ndéanann sé difear dóibh a áirithiú.
Ag an am céanna, níor cheart go mbainfeadh tairseach an bonn d’éifeachtacht na hionstraime agus dá húsáid ag cleachtóirí. Cuireann na Ballstáit uasmhéideanna éagsúla i bhfeidhm maidir le pianbhreitheanna a bhaineann lena gcóras náisiúnta. Tá difríochtaí idir na cóid choiriúla náisiúnta agus níl siad comhchuibhithe. Tá sin amhlaidh i gcás na gcionta coiriúla agus na smachtbhannaí is infheidhme orthu. Tá difríochtaí idir cóid nós imeachta náisiúnta maidir le tairseacha i dtaca le sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair a fháil: ní leagann roinnt Ballstát aon tairseach sonrach amach; forálann roinnt eile acu do liosta cionta. De bharr na tairsí trí bliana beidh raon feidhme na hionstraime teoranta do choireanna tromchúiseacha, ach ní chuirfidh sin teorainn rómhór leis na deiseanna a bheidh ag cleachtóirí úsáid a bhaint aisti. Leis an tairseach seo, eisiatar réimse leathan coireanna ón raon feidhme ag brath ar chód coiriúil an Bhallstáit (mar shampla, i roinnt Ballstát eisiatar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht ghrúpa coiriúil eagraithe agus fuadach ach chomh maith leis sin cionta amhail mionghoid, calaois agus ionsaí, a bhféadfaí a mheas gur cionta iad a mbeadh ordú trasteorann chun fianaise a thabhairt ar aird i dtaca le sonraí níos íogaire, míréireach). Ar an lámh eile, cuimsíonn tairseach trí bliana coireanna a néilítear cur chuige níos éifeachtaí ina leith, amhail ballraíocht in eagraíocht choiriúil, maoiniú grúpaí sceimhlitheoireachta, tacaíocht a thabhairt d’eagraíocht choiriúil nó fógraíocht a dhéanamh ina leith, dul faoi oiliúint chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, cionta áirithe a dhéantar le hintinn sceimhlitheoireachta, agus cion a ullmhú lena dhéanamh le hintinn sceimhlitheoireachta, nó ullmhúchán le haghaidh gialla a thógáil, ar cionta iad a bheadh eisiata seachas sin dá gcuirfí tairseach níos airde i bhfeidhm, ag brath ar an mBallstát. Roghnaíodh an tairseach sin lena áirithiú go mbeadh cothromaíocht ann do na Ballstáit ar fad idir éifeachtacht imscrúduithe coiriúla agus cosaint ceart agus comhréireacht. Tá sé de bhuntáiste ag tairseach freisin go bhfuil sí infheidhme go héasca iarbhír.
Ina theannta sin, féadfar Orduithe chun sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair a sholáthar a eisiúint freisin le haghaidh cionta sonracha comhchuibhithe a liostaítear san fhoráil agus ar cionta iad nach mbeidh fianaise ar fáil ina leith de ghnáth ach amháin i bhfoirm leictreonach. Dá réir sin, tá údar maith leis an Rialachán a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna ina bhfuil an phianbhreith choimeádta uasta níos lú ná an tairseach thuas; seachas sin, ní fhéadfaí na coireanna sin a imscrúdú i gceart, agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon bhaol pionóis ag baint leo. Is forálacha sonracha díobh seo a leanas iad na cionta: (i) Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac, Treoir 2011/93/AE maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír ghnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle agus (iii) Treoir 2013/40/AE maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle. Féadfar Orduithe a eisiúint freisin maidir le cionta a liostaítear i dTreoir 2017/541/AE maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle. Tá uastairseacha íosta de bhliain amháin ar a laghad ag gabháil le cuid de na cionta sin, dhá bhliain le cuid eile, ach níl aon cheann acu faoi uastairseach de bhliain amháin.
Leagtar amach faisnéis éigeantach san Airteagal freisin a chaithfidh a bheith mar chuid den Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun go mbeidh ar chumas an tsoláthraí seirbhíse na sonraí a iarradh a aithint agus a sholáthar. Tá an réasúnaíocht agus na forais don riachtanas atá leis an mbeart seo chomh maith lena chomhréireacht mar chuid den Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird freisin.
Cuirfear an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun feidhme trí Dheimhniú maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) (féach Airteagal 8) a eisiúint, a ndéanfar é a aistriú agus a chur ar aghaidh chuig an soláthraí seirbhíse. Tá an fhaisnéis éigeantach chéanna san EPOC agus atá san Ordú, seachas na forais don riachtanas atá leis an mbeart agus a chomhréireacht nó sonraí breise faoin gcás.
I gcásanna ina ndéantar na sonraí a stóráil nó a phróiseáil mar chuid den bhonneagar atá á chur ar fáil ag soláthraí seirbhíse do chuideachta, i gcás seirbhísí óstála nó seirbhísí bogearraí de ghnáth, ba cheart gurb í an chuideachta féin an seolaí príomhúil le haghaidh iarrata ó na húdaráis imscrúdaithe. D’fhéadfadh nós imeachta OIE nó nós imeachta um Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach a bheith riachtanach sa chás nach soláthraí seirbhíse a chumhdaítear le raon feidhme an Rialacháin seo an chuideachta. Ní fhéadfar díriú ar an soláthraí seirbhíse ach amháin le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird mura mbeadh sé cuí an iarraidh a dhíriú ar an gcuideachta, go háirithe dá bhféadfadh a leithéid sin an timscrúdú a chur i mbaol, dá mbeadh an chuideachta féin faoi imscrúdú cuir i gcás.
Sula ndéanfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint, ní mór don údarás eisiúna díolúintí agus pribhléidí féideartha faoi dhlí Bhallstát an tsoláthraí seirbhíse nó aon tionchar ar leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin amhail slándáil náisiúnta agus cosaint, a chur san áireamh. Tá sé mar aidhm leis an togra seo a áirithiú go gcuirfear na díolúintí agus na pribhléidí lena dtugtar cosaint do na sonraí atá á lorg sa Bhallstát san áireamh sa Stát eisiúna, go háirithe nuair a dhéantar foráil iontu do chosaint níos airde ná dlí an Stáit eisiúna.
Airteagal 6: Coinníollacha maidir le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint
Tá Ordú Caomhnaithe Eorpach faoi réir coinníollacha den sórt céanna agus atá Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird. Féadfar é a eisiúint le haghaidh cion ar bith i gcomhréir leis na coinníollacha eile a leagtar amach in Airteagal 6. Tá sé mar aidhm leis sonraí ábhartha a bhaint, a scriosadh nó a athrú i gcásanna ina bhféadfadh soláthar na sonraí sin níos mó ama a thógáil, de bhrí go mbainfear feidhm as cainéil don chomhar breithiúnach mar shampla. Ós rud é, mar shampla, gur féidir an OIE a eisiúint de ghnáth i leith coir ar bith gan é a theorannú d’aon tairseacha, ní dhéanfar an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a theorannú ach oiread. Mura mbeadh sin amhlaidh, ní bheadh an ionstraim seo éifeachtach. Chun go mbeidh ar chumas údaráis imscrúdaithe gníomhú go tapa agus ós rud é gurb ionann an iarraidh chun sonraí a sholáthar agus an iarraidh ina dhiaidh sin nuair a dhéanfar na coinníollacha ar fad a iniúchadh arís, féadfaidh ionchúisitheoir Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a eisiúint nó a bhailíochtú.
Airteagal 7: Seolaí Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh
Ba cheart Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a dhíriú ar an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú ag an soláthraí seirbhíse chun faisnéis a bhailiú in imeachtaí coiriúla i gcomhréir leis an Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le ceapadh ionadaithe dlíthiúla chun fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Is i bhfoirm Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (‘EPOC’) nó i bhfoirm Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh (‘EPOCPR’) dá dtagraítear in Airteagal 8 a bheidh an tarchur. Beidh an tionadaí dlíthiúil sin freagrach as glacadh leo agus as a bhforghníomhú go tráthúil agus go hiomlán. Fágann sin go mbeidh rogha ag soláthraithe seirbhíse maidir leis an gcaoi a neagróidh siad iad féin chun na sonraí atá ordaithe ag údaráis na mBallstát a sholáthar.
Nuair nár ceapadh aon ionadaí dlíthiúil, féadfar Orduithe a dhíriú ar aon bhunaíocht de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas. Baintear feidhm as an rogha chúltaca sin chun éifeachtacht an chórais a áirithiú ar fhaitíos nach mbeadh ionadaí tiomnaithe ceaptha ag an soláthraí seirbhíse (go fóill), sa chás nach bhfuil aon oibleagáid ann ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gcomhréir leis an Treoir cuir i gcás, mar nach bhfuil soláthraithe seirbhíse bunaithe agus gníomhach ach amháin i mBallstát amháin nó nuair nach bhfuil an oibleagáid maidir le hionadaí dlíthiúil a cheapadh i bhfeidhm fós, roimh sprioc-am trasuímh na Treorach.
I gcás neamhchomhlíonadh ag ionadaí dlíthiúil, tá dhá chás ina bhféadfaidh an túdarás eisiúna díriú ar aon bhunaíocht de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas: i gcásanna éigeandála faoi mar a shainítear in Airteagal 9(2), agus i gcásanna nuair nach gcomhlíonann an tionadaí dlíthiúil a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10, agus nuair a chreideann an túdarás eisiúna go bhfuil baol soiléir ann go gcaillfear sonraí.
Airteagal 8: Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus um Ordú Caomhnaithe Eorpach
Baintear feidhm as an EPOC agus as an EPOCPR chun na hOrduithe a tharchur chuig an seolaí a shainmhínítear in Airteagal 7. Soláthraítear teimpléid don dá dheimhniú in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II den Rialachán; is gá iad a aistriú go ceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an seolaí suite. Féadfaidh an soláthraí seirbhíse a dhearbhú go nglacfar freisin le hOrduithe i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais. Tá sé mar aidhm ag na Deimhnithe an fhaisnéis riachtanach ar fad atá le tarchur chuig an seolaí a sholáthar i bhformáid chaighdeánaithe agus ar an mbealach sin déanfar foinsí earráide a íoslaghdú, beidh sé éasca na sonraí a aithint agus déanfar saorthéacs a sheachaint a mhéid is féidir agus dá réir sin laghdófar costais aistriúcháin. Ní chuirfear an réasúnaíocht iomlán agus na forais don riachtanas agus don chomhréireacht ná sonraí breise faoin gcás san áireamh sa Deimhniú ar eagla go gcuirfí na himscrúduithe i mbaol. Dá bhrí sin, níl gá leis ach amháin mar chuid den Ordú féin ionas gur féidir leis an duine atá faoi dhrochamhras agóid a dhéanamh ina aghaidh ina dhiaidh sin le linn na nimeachtaí coiriúla.
Tá ardáin cruthaithe ag roinnt soláthraithe seirbhíse cheana féin le haghaidh iarrataí ó lucht forfheidhmithe an dlí a thíolacadh. Ní chuirfear cosc ar úsáid na nardán sin leis an Rialachán, mar go mbaineann mórán buntáistí leis, lena náirítear go bhféadfaí fíordheimhniú a dhéanamh go héasca agus na sonraí a tharchur go slán dá bharr. Mar sin féin, ní mór go gceadódh na hardáin an EPOC agus an EPOCPR a thíolacadh san fhormáid dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, gan sonraí breise a bhaineann leis an Ordú a iarraidh.
D’fhéadfadh ardáin a bhunaigh Ballstáit nó comhlachtaí de chuid an Aontais modhanna slána tarchuir a chur ar fáil freisin chomh maith le fíordheimhniú na nOrduithe agus bailiú staitisticí a éascú. Ba cheart freisin breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le leathnú a dhéanamh ar ardáin eCodex agus SIRIUS chun go mbeadh nasc slán le soláthraithe seirbhíse san áireamh iontu chun an EPOC agus an EPOCPR a tharchur agus, nuair is cuí, chun freagraí a fháil ó na soláthraithe seirbhíse.
Airteagal 9: EPOC a fhorghníomhú
Cuirtear de cheangal ar sheolaithe le hAirteagal 9 freagra a thabhairt ar EPOCanna, agus tugtar isteach sprioc-amanna éigeantacha leis. Is fad deich lá a bhíonn sa sprioc-am go hiondúil, ach féadfaidh na húdaráis sprioc-am nios giorra a shocrú nuair atá údar maith leis sin. Ina theannta sin, i gcásanna éigeandála, a shainmhínítear mar chás ina bhfuil garbhaol ann do bheatha nó do shláine coirp duine nó do bhonneagar criticiúil, is fad sé uair an chloig atá sa sprioc-am.
Áirithítear leis an bhforáil freisin go bhféadfadh sé go mbeadh plé idir an seolaí agus an túdarás eisiúna. Má tá an EPOC neamhiomlán, mícheart go follasach, nó mura bhfuil dóthain faisnéise ann chun go mbeadh ar chumas an tsoláthraí seirbhíse an EPOC a fhorghníomhú, rachaidh an seolaí i dteagmháil leis an údarás eisiúna agus lorgóidh sé soiléiriú, agus an fhoirm in Iarscríbhinn III á húsáid aige. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé an túdarás eisiúna ar an eolas faoi chásanna nach féidir leis na sonraí a sholáthar ina leith de bharr force majeure, nó de bharr dodhéantacht de facto. Is é sin an cás más rud é, mar shampla, nach raibh an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg mar chustaiméir ag an tseirbhís sin nó — faoi oibleagáidí príobháideachta eile mar shampla — gur scrios an soláthraí seirbhíse na sonraí sula bhfuair sé féin nó a ionadaí dlíthiúil an tOrdú. Níor mhór don údarás eisiúna a bheith feasach ar na cúinsí sin chun freagairt go tapa, an fhianaise leictreonach a bhailiú ó sholáthraí seirbhíse eile, b’fhéidir, agus gan ligean don údarás eisiúna nós imeachta a fhorfheidhmiú nuair nach mbeadh aon chiall leis sin.
Mura gcuireann an seolaí an fhaisnéis ar fáil in aon chor, nó mura gcuireann sé ar fáil í ar bhealach uileghabhálach nó tráthúil, ar chúiseanna seachas iad sin atá luaite thuas, ní mór dó na cúiseanna a chur in iúl don údarás eisiúna san fhoirm atá san áireamh in Iarscríbhinn III. Mar sin, féadfaidh seolaithe aon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC a ardú leis an údarás eisiúna. Dá bharr sin, féadfaidh an túdarás eisiúna an EPOC a cheartú nó a athbhreithniú ag an tús, roimh chéim an fhorfheidhmithe.
Nuair nach soláthraítear na sonraí ar an bpointe, go háirithe nuair a chuirtear tús le plé idir an seolaí agus an túdarás eisiúna, rud a chiallaíonn nach gcloífear leis na sprioc-amanna in Airteagal 9(1) a thuilleadh, tá sé d’oibleagáid ar an soláthraí seirbhíse, nuair a fhaightear an EPOC, na sonraí a chaomhnú ionas nach gcaillfear iad, ar choinníoll gur féidir na sonraí a aithint. D’fhéadfadh sé gur i dtaca leis an EPOC soiléirithe a bheadh an caomhnú, nó i dtaca le Cúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach ina dhiaidh sin, nó le hiarraidh OIE a chuirfear ar aghaidh in ionad an EPOC bunaidh.
Airteagal 10: EPOCPR a fhorghníomhú
Chun EPOCPR a fhorghníomhú, ní mór na sonraí atá ar fáil ag an am a bhfaighfear an tOrdú a chaomhnú. Ba cheart go gcaomhnódh soláthraithe seirbhíse na sonraí chomh fada agus is gá chun na sonraí a thabhairt ar aird arna iarraidh sin, ar choinníoll go ndeimhníonn an túdarás eisiúna laistigh de 60 lá tar éis an tOrdú a eisiúint gur seoladh an iarraidh ina dhiaidh sin chun na sonraí a thabhairt ar aird. Chuige sin, is gá go mbeadh ar a laghad roinnt céimeanna foirmiúla glactha, amhail iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach i gcomhair aistriúcháin a thíolacadh.
Ar an lámh eile, níor chóir iarrataí ar chaomhnú a dhéanamh ná a choinneáil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun go bhféadfar iarraidh a dhéanamh ina dhiaidh sin chun na sonraí sin a thabhairt ar aird. Chun caomhnú nach bhfuil gá leis nó atá rófhada a sheachaint, cuirfidh an túdarás a d’eisigh an tOrdú Eorpach chun sonraí a thabhairt ar aird an seolaí ar an eolas a luaithe a dhéanfar cinneadh gan eisiúint a dhéanamh, nó nuair a dhéanfar cinneadh ordú chun fianaise a thabhairt ar aird a aistarraingt nó iarraidh maidir le comhar breithiúnach a aistarraingt.
Áirithítear leis an bhforáil seo freisin go bhféadfadh sé go mbeadh plé idir an seolaí agus an túdarás eisiúna, cosúil le forálacha Airteagal 9. Má tá an EPOCPR neamhiomlán, mícheart go follasach, nó mura bhfuil dóthain faisnéise ann chun go mbeadh ar chumas an tsoláthraí seirbhíse an EPOCPR a fhorghníomhú, rachaidh an seolaí i dteagmháil leis an údarás eisiúna agus lorgóidh sé soiléiriú, agus an Fhoirm in Iarscríbhinn III á húsáid aige. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé an túdarás eisiúna ar an eolas maidir le cásanna nach féidir leis na sonraí a sholáthar ina leith de bharr cúinsí a ndéantar iad a mheas mar force majeure, nó de bharr dodhéantacht de facto, nó ar chúiseanna eile.
Airteagal 11: Rúndacht agus faisnéis an úsáideora
Ní mór rúndacht an imscrúdaithe atá ar siúl, lena náirítear go bhfuil Ordú déanta chun sonraí ábhartha a fháil, a chosaint. Is é Airteagal 19 de Threoir OIE a spreag an tAirteagal seo. Foráiltear ann don oibleagáid atá ar an seolaí agus murab ionann iad, ar an soláthraí seirbhíse, rúndacht an EPOC nó an EPOCPR a chaomhnú, go háirithe trí staonadh ón duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg a chur ar an eolas faoi, sa chás go niarrfaidh an túdarás eisiúna é sin chun imscrúdú cionta coiriúla a chumhdach, i gcomhlíonadh Airteagal 23 RGCS.
Ar an lámh eile, tá sé tábhachtach, ar chúiseanna a bhaineann le leigheasanna dlí a fheidhmiú san áireamh, go gcuirfí an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg ar an eolas faoi sin. Nuair nach ndéanann an soláthraí seirbhíse é sin, arna iarraidh sin don údarás eisiúna, cuirfidh an túdarás eisiúna an duine ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí nuair nach bhfuil aon bhaol ann a thuilleadh go ndéanfar dochar don imscrúdú agus cuirfear faisnéis faoi leigheasanna dlí atá ar fáil san áireamh freisin. De bhrí go bhfuil cur isteach níos lú ar chearta i gceist, ní fhoráiltear d’fhaisnéis den sórt sin i gcás Ordú Caomhnaithe Eorpach, ní fhoráiltear di ach amháin i gcás Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.
Airteagal 12: Aisíocaíocht costas
Má fhoráiltear dó sin le dlí náisiúnta an Stáit eisiúna i gcomhair orduithe intíre i gcásanna intíre den sórt céanna, féadfaidh soláthraithe seirbhíse aisíocaíocht ar a gcuid costas a éileamh ón Stát eisiúna i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit eisiúna. Áirithíonn sé sin cóir chomhionann do sholáthraithe seirbhíse a bhfuil ordú intíre á dhíriú orthu agus dóibh siúd a bhfuil EPOC á dhíriú orthu ag an mBallstát céanna, má roghnaigh an Ballstát sin aisíocaíocht a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse áirithe. Ar an lámh eile, ní dhéantar aisíocaíocht costas a chomhchuibhiú leis an Rialachán atá beartaithe, mar go ndearna na Ballstáit roghanna éagsúla ina leith sin.
Is féidir leis an soláthraí seirbhíse na costais a éileamh go díreach, nó sin trína ionadaí dlíthiúil. Ní fhéadfar iad a aisíoc ach uair amháin.
Caibidil 3 Smachtbhannaí agus forfheidhmiú
Airteagal 13: Smachtbhannaí
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh pionóis airgid atá éifeachtach, comhréireach, agus a mbeidh feidhm iombhagartha leo ar fáil nuair nach gcomhlíonann soláthraithe seirbhíse a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal, 9, Airteagal 10, nó Airteagal 11. Beidh an méid sin gan dochar do dhlíthe náisiúnta lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm smachtbhannaí coiriúla i gcásanna den sórt sin.
Airteagal 14: Nós imeachta maidir le forfheidhmiú
Le hAirteagal 14 foráiltear maidir le nós imeachta chun na hOrduithe a fhorfheidhmiú i gcás neamhchomhlíonadh le cabhair ón mBallstát ina bhfuil seolaí an Deimhnithe a tarchuireadh suite. Ag brath ar an seolaí tosaigh, is é sin Ballstát an tsoláthraí seirbhíse nó Ballstát an ionadaí dhlíthiúil. Aistreoidh an túdarás eisiúna an tOrdú iomlán, an réasúnaíocht maidir le riachtanas agus comhréireacht san áireamh, chomh maith leis an Deimhniú, chuig an údarás inniúil sa Stát forfheidhmiúcháin agus déanfaidh an Stát sin an tOrdú a fhorfheidhmiú i gcomhréir lena dhlíthe náisiúnta féin agus na smachtbhannaí a luadh in Airteagal 13 á núsáid aige, más gá. Má tharchuirtear an tOrdú chuig an Stát forfheidhmiúcháin lena fhorfheidhmiú, féadfaidh an túdarás forfheidhmiúcháin a chinneadh gan aitheantas a thabhairt don Ordú ná é a fhorfheidhmiú, sa chás, nuair a fhaightear é, go measann sé go bhfuil ceann de na forais theoranta chun cur ina aghaidh infheidhme, agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna. Ina theannta sin, má thionscnaítear an nós imeachta maidir le forfheidhmiú, beidh an seolaí féin ábalta cur in aghaidh an Ordaithe atá os comhair an údaráis forfheidhmiúcháin. Féadfaidh an seolaí an méid sin a dhéanamh ar bhonn ceann ar bith de na forais sin, cé is moite de dhíolúintí agus pribhléidí ach lena náirítear cásanna inar léir nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás inniúil an tOrdú nó sa chás go sáródh an comhlíonadh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go follasach nó go mbeadh sé míchuí go follasach. Mar shampla, i gcás Ordú lena niarrtar sonraí inneachair a sholáthar a bhaineann le haicme daoine neamhshainithe i limistéar geografach nó i gcás nach bhfuil aon nasc ann le himeachtaí coiriúla nithiúla, thabharfadh sin neamhaird go follasach ar na coinníollacha le haghaidh Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus bheadh sé sin soiléir cheana féin ó inneachar an Deimhnithe féin. Ní fhéadfaidh aon duine eile ach amháin an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg forais eile a agairt, laistigh de chreat a leigheasanna dlí féin sa Stát eisiúna (féach Airteagal 17 thíos). Ina theannta sin, beidh leigheas dlí ag soláthraithe seirbhíse in aghaidh chinneadh an údaráis forfheidhmiúcháin a bhfuil pionós á fhorchur aige orthu.
Tá roinnt sprioc-amanna sa nós imeachta forfheidhmithe chun go seachnóidh an túdarás forfheidhmiúcháin agus an túdarás eisiúna tuilleadh moille le linn an nóis imeachta seo.
Caibidil 4 Leigheasanna
Airteagal 15 agus Airteagal 16: Nós imeachta maidir le hathbhreithniú i gcás easaontachtaí oibleagáidí a eascraíonn as dlí tríú tír.
Foráiltear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16 do nósanna imeachta athbhreithnithe ar eagla go mbeadh ar sholáthraithe seirbhísí a bhfuil a gceanncheathrúna i dtríú tíortha aghaidh a thabhairt ar easaontachtaí oibleagáidí. Tá tábhacht an-mhór ag baint leis na forálacha sin freisin maidir le cosaint ceart aonair agus an chúirtéis idirnáisiúnta a áirithiú. Trí chaighdeán a shocrú, tá sé mar aidhm acu tríú tíortha a spreagadh chun foráil a dhéanamh do leibhéal cosanta den sórt céanna. Ina mhalairt de chás, nuair atá údaráis i dtríú tír ag iarraidh sonraí saoránaigh de chuid AE a fháil ó sholáthraí seirbhíse de chuid AE, féadfaidh dlíthe an Aontais nó dlíthe na mBallstát, amhail an acquis cosanta sonraí, ar dlíthe iad lena dtugtar cosaint do chearta bunúsacha, nochtadh a chosc ar an mbealach céanna. Tá an tAontas Eorpach ag súil go nurramóidh tríú tíortha na toirmisc chéanna agus a urramaítear leis an togra seo.
Féadfaidh an seolaí an nós imeachta in Airteagal 15 a spreagadh má tá comhlíonadh Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird mar chúis le sárú dlí(the) tríú tír, ar dlí(the) é(iad) lena dtoirmistear nochtadh sonraí ar na forais go bhfuil sin riachtanach chun cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine aonair lena mbaineann nó do leasanna bunúsacha an tríú tír, ar leasanna iad a bhaineann le slándáil náisiúnta nó le cosaint. Tá sé de cheangal ar an seolaí na forais dá chinneadh go bhfuil easaontachtaí oibleagáidí i gceist a chur in iúl don údarás eisiúna le hagóid réasúnaithe. Ní fhéadfar agóid réasúnaithe den sórt sin a dhéanamh agus gan de bhunús léi ach nach ann d’fhorálacha den sórt céanna i ndlí an tríú tír ná ní féidir í a dhéanamh ar an gcúinse go bhfuil na sonraí stóráilte i dtríú tír agus ar an gcúinse sin amháin. Déanfar an agóid réasúnaithe a tharraingt anuas de bhun an nóis imeachta a leagtar amach in Airteagal 9(5) chun a chur in iúl nach bhfuiltear meáite ar chomhlíonadh a dhéanamh, agus an fhoirm a sholáthraítear in Iarscríbhinn III á húsáid chuige sin.
Ar bhonn na hagóide réasúnaithe sin, déanfaidh an túdarás eisiúna athbhreithniú ar a Ordú féin. Má roghnaíonn an túdarás eisiúna an tOrdú a aistarraingt, tiocfaidh deireadh leis an nós imeachta. Más mian leis an údarás eisiúna seasamh leis an Ordú, aistreofar an cás chuig cúirt inniúil a Bhallstáit. Ansin déanann an chúirt a mheas, bunaithe ar an agóid réasúnaithe agus fíricí ábhartha an cháis á gcur san áireamh aici, an bhfuil feidhm ag dlí an tríú tír maidir leis an gcás sonrach i dtrácht agus — má tá feidhm leis — an bhfuil easaontacht i gceist sa chás sonrach i dtrácht. Agus an measúnú sin á dhéanamh aici, ba cheart don chúirt a chur san áireamh an bhfuil dlí an tríú tír beartaithe go follasach chun leasanna eile a chosaint nó an bhfuil sé dírithe ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chumhdach ó iarrataí forfheidhmithe dlí i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla, seachas a bheith beartaithe chun cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha, nó do leasanna tríú tír i dtaca le slándáil náisiúnta nó le cosaint.
Má chinneann an chúirt go bhfuil easaontacht oibleagáidí iarbhír ag eascairt as dlíthe lena dtugtar cosaint do chearta bunúsacha daoine aonair nó lena dtugtar cosaint do leasanna bunúsacha an tríú tír, ar leasanna iad a bhaineann le slándáil náisiúnta nó le cosaint, ní mór don chúirt tuairim a iarraidh ón tríú tír ábhartha trí údaráis náisiúnta lárnacha an tríú tír. Má dheimhníonn an tríú tír a ndeachthas i gcomhairle léi gur ann don easaontacht agus má dhéanann sí agóid i gcoinne fhorghníomhú an Ordaithe, ní mór don chúirt an tOrdú a aistarraingt.
Má thagann an easaontacht chun cinn ar bhonn reachtaíocht eile de chuid tríú tír nach bhfeidhmíonn chun cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha daoine aonair ná do leasanna bunúsacha an tríú tír, ar leasanna iad a bhaineann le slándáil náisiúnta nó le cosaint, ansin déanfaidh an chúirt a cinneadh bunaithe ar chothromú a dhéanamh idir na leasanna ar son seasamh leis an Ordú agus na leasanna in aghaidh seasamh leis an Ordú.
Beidh feidhm freisin ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9, go háirithe na hoibleagáidí caomhnaithe a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 9(6), maidir le cásanna ina dtarlaíonn easaontacht oibleagáidí ag eascairt as dlí tríú tír. Nuair a thagann an chúirt ar an gcinneadh go seasfar leis an Ordú, cuirfear an túdarás eisiúna agus an soláthraí seirbhíse ar an eolas d’fhonn dul ar aghaidh agus é a fhorghníomhú. Nuair a chuirtear an tOrdú i leataobh, féadfar Ordú Caomhnaithe Eorpach ar leith a eisiúint chun a áirithiú go mbeidh na sonraí ar fáil sa chás go bhféadfaí iad a fháil trí iarraidh um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach.
Ó tharla nach mbíonn nochtadh sonraí mar thoradh ar an Ordú Caomhnaithe Eorpach ann féin, agus dá bhrí sin nach bhfuil imní den sórt céanna i gceist leis, tá an nós imeachta athbhreithnithe teoranta don Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.
Airteagal 17: Leigheasanna éifeachtacha
Áirithítear leis an bhforáil sin go bhfuil leigheasanna éifeachtacha ag daoine a ndéanann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird difear dóibh. Feidhmítear na leigheasanna sin sa Stát eisiúna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe, feidhmítear na leigheasanna le linn na nimeachtaí coiriúla de ghnáth. Ní chuirtear aon leigheasanna sonracha ar fáil don Ordú Caomhnaithe Eorpach, ar ordú é nach gceadaítear nochtadh sonraí leis uaidh féin agus ann féin, seachas sna cásanna sin ina leanann Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó ionstraim eile a mbeidh nochtadh mar thoradh uirthi é, agus is as cás den sórt sin a eascraíonn leigheasanna sonracha.
Beidh sé de cheart freisin ag daoine a raibh a gcuid sonraí á lorg agus nach daoine iad atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla leigheas dlí a fháil sa Stát eisiúna. Tá na cearta sin ar fad gan dochar d’aon leigheasanna atá ar fáil faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí agus faoi RGCS.
Neamhchosúil leis an méid a ndéantar foráil dó i dtaca le soláthraithe seirbhíse, ní chuirtear teorainn, leis an Rialachán, leis na forais a d’fhéadfadh a bheith ag na daoine sin go léir chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhlíthiúlacht an Ordaithe. Tá riachtanas agus comhréireacht an Ordaithe san áireamh sna forais sin.
Ní chuireann feidhmiú leigheasanna sa Stát eisiúna ualach míréireach ar dhaoine a ndéanann sé difear dóibh. Mar is amhlaidh i gcás Orduithe a fhorfheidhmítear trí chomhar breithiúnach de chineálacha eile, is iad na cúirteanna sa stát eisiúna is oiriúnaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar dlíthiúlacht Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a d’eisigh a gcuid údarás féin agus a gcomhoiriúnacht lena ndlí náisiúnta féin a mheas. Ina theannta sin, le linn phróiseas an fhorfheidhmithe, féadfaidh seolaithe cur in aghaidh fhorfheidhmiú EPOC nó EPOCPR ina mBallstát aíochta go leithleach ar bhonn liosta foras a áirítear sa Rialachán (féach Airteagal 14 thuas).
Airteagal 18: Pribhléidí agus díolúintí a áirithiú faoi dhlí an Stáit forfheidhmithe
Saothraítear an cuspóir céanna leis an bhforáil sin agus a shaothraítear in Airteagal 5(7) lena áirithiú go gcuirfear na díolúintí agus na pribhléidí a thugann cosaint do na sonraí atá á lorg i mBallstát an tsoláthraí seirbhíse san áireamh sa Stát eisiúna, go háirithe nuair atá difríochtaí idir na Ballstáit sin, chomh maith le leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin amhail slándáil náisiúnta agus cosaint. Foráiltear le hAirteagal 18 go gcaithfidh an chúirt sa Stát eisiúna iad a chur san áireamh amhail is dá mbeadh foráil déanta dóibh faoina ndlí náisiúnta féin. De bharr na ndifríochtaí atá idir na Ballstáit nuair a bhíonn ábharthacht agus inghlacthacht fianaise á meas, fágann an fhoráil roinnt solúbthachta ag na cúirteanna maidir leis an gcaoi ina gcuirfear san áireamh iad.
Caibidil 5 Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 19: Faireachán agus tuairisciú
Ceanglaítear ar an mBallstát san Airteagal sin faisnéis shonrach a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin a thuairisciú d’fhonn cuidiú leis an gCoimisiún agus a chuid dualgas faoi Airteagal 24 á bhfeidhmiú aige. Bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo.
Airteagal 20: Leasuithe ar na Deimhnithe agus ar na Foirmeacha
De bharr na nDeimhnithe agus na bhfoirmeacha atá in Iarscríbhinní I, in Iarscríbhinn II, agus in Iarscríbhinn III den togra seo, beidh sé níos éasca EPOC agus EPOCPR a fhorghníomhú. Ar an gcúis sin, beidh gá sa todhchaí aghaidh a thabhairt ar an riachtanas a d’fhéadfadh a bheith le hinneachar an Deimhnithe agus na foirme a fheabhsú chomh tapa agus is féidir. Ní fhreagraíonn leasú na trí iarscríbhinn tríd an ngnáthnós imeachta reachtach don riachtanas sin, agus is gnéithe neamhriachtanacha de na gníomhartha reachtacha iad. Sainmhínítear na príomhghnéithe sin in Airteagal 8. Dá bhrí sin, leagtar síos in Airteagal 20 nós imeachta níos tapa le haghaidh leasuithe trí ghníomhartha tarmligthe.
Airteagal 21: Tarmligean a fheidhmiú
Leagtar síos san Airteagal sin na coinníollacha faoina bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun foráil a dhéanamh do leasuithe riachtanacha ar an Deimhniú agus ar na foirmeacha atá i gceangal leis an togra. Leagtar síos ann nós imeachta caighdeánach chun gníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh.
Airteagal 22: Fógraí
Ceanglaítear ar na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún cé hiad na húdaráis eisiúna inniúla agus na húdaráis forfheidhmiúcháin inniúla, agus cad iad na cúirteanna a bhfuil inniúlacht acu chun déileáil le hagóidí réasúnaithe i gcás easaontacht dlí.
Airteagal 23: An Gaol le hOrduithe Imscrúdaithe Eorpacha
Soiléirítear leis an bhforáil seo nach gcuirtear cosc ar údaráis na mBallstát leis an Rialachán seo Orduithe Imscrúdaithe Eorpacha a eisiúint i gcomhréir le Treoir 2014/41/AE chun fianaise leictreonach a fháil.
Airteagal 24: Meastóireacht
Leagtar amach leis an bhforáil seo go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i gcomhréir le Treoracha Rialála Níos Fearr an Choimisiúin de bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016. Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thorthaí na meastóireachta, lena náirítear measúnú ar an ngá atá lena raon feidhme a leathnú chuig seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe go fóill ach a d’fhéadfadh éirí níos ábhartha i dtaca le himscrúduithe, cúig bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe.
Airteagal 25: Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán atá beartaithe i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil. Beidh feidhm ag an Rialachán ansin sé mhí i ndiaidh dháta a theacht i bhfeidhm.
2018/0108 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. Ar mhaithe le limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a ghlacadh a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha, a dtagraítear dóibh go coitianta mar bhunchloch an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla laistigh den Aontas ón gComhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999.
(2)Tá bearta chun fianaise leictreonach a fháil agus a chaomhnú chun imscrúduithe coiriúla agus ionchúisimh a chumasú ar fud an Aontais ag éirí níos tábhachtaí. Tá tábhacht bhunúsach ag baint le sásraí éifeachtacha chun fianaise leictreonach a fháil i dtaca le coiriúlacht a chomhrac, faoi réir coinníollacha lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le cearta bunúsacha agus leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh de réir mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus na prionsabail a bhaineann le próiseas cuí, cosaint sonraí, rúndacht chomhfhreagrais agus príobháideacht.
(3)Sa chomhráiteas ó na hAirí Dlí agus Cirt agus ó na hAirí Gnóthaí Baile agus ó ionadaithe institiúidí an Aontais an 22 Márta 2016 maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil leagadh béim ar an ngá a bhí, mar ábhar tosaíochta, le bealaí a aimsiú chun fianaise leictreonach a chaomhnú agus a bhailiú níos tapa agus níos éifeachtaí agus chun bearta nithiúla a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar seo.
(4)Leagadh béim i gConclúidí na Comhairle an 9 Meitheamh 2016 ar an méadú atá tagtha ar an tábhacht a bhaineann le fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla, agus ar an tábhacht a bhaineann leis an gcibearspás a chosaint ó mhí-úsáid agus ó ghníomhaíochtaí coiriúla ar mhaithe le leas an gheilleagair agus na socha agus dá bhrí sin, is gá go mbeadh uirlisí éifeachtacha ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag údaráis bhreithiúnacha chun gníomhartha coiriúla a bhaineann leis an gcibearspás a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
(5)Ina Theachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Teacht Aniar, Díspreagadh agus Cosaint an 13 Meán Fómhair 2017, leag an Coimisiún béim ar imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach na coireachta cibearchumasaithe mar bhac fíorthábhachtach ar chibear-ionsaithe, agus ar an ngá a bhí le creat nós imeachta an lae inniu a chur in oiriúint níos fearr d’aois an idirlín. Ní fhéadfadh na nósanna imeachta atá ann faoi láthair coinneáil suas le luas na gcibear-ionsaithe in amanna, ar ionsaithe iad a chruthaíonn an gá faoi leith atá le comhar tapa trasteorann.
(6)D’athluaigh Parlaimint na hEorpa an imní sin ina Rún maidir leis an gcomhrac in aghaidh na cibearchoireachta an 3 Deireadh Fómhair 2017, inar tarraingíodh aird ar na dúshláin is féidir leis an gcreat dlíthiúil ilroinnte atá ann faoi láthair a chruthú do sholáthraithe seirbhíse ar mian leo iarrataí maidir le forfheidhmiú an dlí a chomhlíonadh agus iarradh ar an gCoimisiún creat dlíthiúil de chuid an Aontais a chur ar aghaidh i gcomhair fianaise leictreonach agus go mbeadh coimircí leordhóthanacha ann do chearta agus do shaoirse gach duine lena mbaineann.
(7)Is féidir seirbhísí gréasánbhunaithe a sholáthar ó áit ar bith agus ní gá go mbeadh bonneagar fisiceach, áitribh ná foireann oibre acu sa tír ábhartha. Mar thoradh air sin, is minic a dhéantar fianaise ábhartha a stóráil lasmuigh den Stát imscrúdaithe nó go mbíonn sé á stóráil ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe lasmuigh den Stát sin. Is minic nach mbíonn aon nasc eile idir an cás atá faoi imscrúdú sa Stát lena mbaineann agus an Stát ina bhfuil áit stórála nó príomh-bhunáit an tsoláthraí seirbhíse.
(8)Mar gheall ar an easpa naisc sin, is minic a dhírítear iarrataí maidir le comhar breithiúnach ar stáit atá ag óstáil líon mór soláthraithe seirbhíse, ach nach bhfuil aon bhaint eile acu leis an gcás i dtrácht. Ina theannta sin, tá méadú tagtha ar líon na niarrataí i bhfianaise úsáid níos mó a bheith á baint as seirbhísí líonraithe, ar seirbhísí iad atá gan teorainn de réir a gcineáil. Mar thoradh air sin, is minic a thógann sé achar fada fianaise leictreonach a fháil nuair a úsáidtear bealaí an chomhair bhreithiúnaigh — d’fhéadfadh sé nach mbeadh leideanna ar fáil ina dhiaidh sin de bharr na moille. Ina theannta sin, níl aon chreat soiléir ann don chomhar le soláthraithe seirbhíse, agus glacann soláthraithe áirithe i dtríú tíortha le hiarrataí díreacha i gcomhair sonraí nach inneachar iad de réir mar atá ceadaithe ag a ndlí intíre infheidhme. Mar thoradh air sin, braitheann na Ballstáit ar fad ar bhealach an chomhair le soláthraithe seirbhíse nuair atá sin ar fáil, agus baineann siad feidhm as uirlisí náisiúnta, as coinníollacha agus as nósanna imeachta éagsúla. Ina theannta sin, i gcás sonraí inneachair, tá beart aontaobhach déanta ag cuid de na Ballstáit, ach tá Ballstáit eile ag brath go fóill ar chomhar breithiúnach.
(9)Cruthaíonn an creat dlíthiúil ilroinnte dúshláin do sholáthraithe seirbhíse atá ag iarraidh iarrataí um fhorfheidhmiú an dlí a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is gá creat dlíthiúil Eorpach a chur ar aghaidh i gcomhair fianaise leictreonach chun oibleagáid a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse a chumhdaítear le raon feidhme na hionstraime freagairt go díreach do na húdaráis, gan údarás breithiúnach i mBallstát an tsoláthraí seirbhíse a bheith páirteach ann.
(10)Ba cheart Orduithe faoin Rialachán seo a dhíriú ar ionadaithe dlíthiúla na soláthraithe seirbhíse, ar ionadaithe dlíthiúla iad a ainmníodh chun na críche sin. Murar ainmnigh soláthraí seirbhíse atá bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil, féadfar na hOrduithe a dhíriú ar aon bhunaíocht de chuid an tsoláthraí seirbhíse sin atá suite san Aontas. Baintear feidhm as an rogha chúltaca seo chun éifeachtacht an chórais a áirithiú ar fhaitíos nach mbeadh ionadaí tiomnaithe ceaptha ag an soláthraí seirbhíse (go fóill).
(11)Ní fhéadfaidh sásra an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh maidir le fianaise leictreonach in ábhair choiriúla feidhmiú ach amháin ar an mbonn go bhfuil muinín fhrithpháirteach ar ardleibhéal idir na Ballstáit, agus tá an mhuinín sin mar réamhchoinníoll fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an ionstraim seo mar is ceart.
(12)Urramaítear cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ina measc sin tá an ceart chun saoirse agus slándála, an meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta, chomh maith leis an gceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna. Má tá tásca ag an mBallstát eisiúna go bhféadfadh imeachtaí coiriúla comhuaineacha a bheith ar siúl i mBallstát eile, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit sin i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle.
(13)Chun meas iomlán ar chearta bunúsacha a áirithiú, tagraítear go sonrach leis an Rialachán seo do na caighdeáin atá riachtanach maidir le haon sonraí pearsanta a fháil, do phróiseáil sonraí den sórt sin, don athbhreithniú breithiúnach ar úsáid an bhirt imscrúdaithe dá bhforáiltear leis an ionstraim seo agus do na leigheasanna atá ar fáil.
(14)Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm gan dochar do na cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla mar atá leagtha amach i dTreoracha 2010/64/AE, 2012/13/AE, 2013/48/AE, 2016/343, 2016/800 agus 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(15)Leagtar amach san Ionstraim seo na rialacha faoinar féidir le húdarás breithiúnach inniúil san Aontas Eorpach ordú a thabhairt do sholáthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas fianaise leictreonach a thabhairt ar aird nó a chaomhnú trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó trí Ordú Caomhnaithe Eorpach. Beidh an Rialachán seo infheidhme i ngach cás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe i mBallstát eile nó go bhfuil ionadaíocht thar a cheann i mBallstát eile. I gcásanna intíre nuair nach féidir feidhm a bhaint as na hionstraimí a leagtar amach leis an Rialachán seo, níor chóir go gcuirfí teorainn, de bharr an Rialacháin, le cumhacht na núdarás inniúil náisiúnta iallach a chur ar sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe ar a gcríoch nó a bhfuil ionadaíocht thar a gceann air.
(16)Is iad na soláthraithe seirbhíse is ábhartha maidir le himeachtaí coiriúla na soláthraithe seirbhísí sin a chuireann seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil agus soláthraithe sonracha seirbhísí do shochaí na faisnéise ar seirbhísí iad a éascaíonn idirghníomhaíocht idir úsáideoirí. Dá réir sin, ba cheart go gcumhdófaí an dá ghrúpa leis an Rialachán seo. Sainmhínítear soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoi mar a shainmhínítear iad sa togra le haghaidh Treoir lena mbunaítear an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach. Orthu sin tá cumarsáid idirphearsanta, amhail Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí um theachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist. Is iad na catagóirí a bhaineann le seirbhísí na sochaí faisnéise agus atá san áireamh anseo, na catagóirí a bhfuil stóráil sonraí mar shainghné den tseirbhís a chuirtear ar fáil don úsáideoir, agus tagraítear go háirithe do líonraí sóisialta sa mhéid is nach gcáilíonn siad mar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, do mhargaí ar líne a éascaíonn idirbheartaíocht idir a gcuid úsáideoirí (amhail tomhaltóirí nó gnólachtaí) agus do sheirbhísí óstála eile, lena náirítear seirbhís atá á cur ar fáil trí néalríomhaireacht. Ba cheart go neisiafaí ó raon feidhme an Rialacháin seo, seirbhísí na sochaí faisnéise ar seirbhísí iad nach bhfuil stóráil faisnéise mar shainghné den tseirbhís a chuirtear ar fáil don úsáideoir, agus nach bhfuil inti ach gné choimhdeach de, amhail seirbhísí dlí, ailtireachta, innealtóireachta agus cuntasaíochta a chuirtear ar fáil go cianda ar líne, fiú má thagann siad faoin sainmhíniú atá ar sheirbhísí na sochaí faisnéise de réir Threoir (AE) 2015/1535.
(17)I mórán cásanna, ní dhéantar sonraí a stóráil ná a phróiseáil ar ghléas an úsáideora a thuilleadh, ach cuirtear ar fáil iad ar bhonneagar néalbhunaithe chun go mbeidh rochtain orthu ó áit ar bith. Ní gá go mbeadh soláthraithe seirbhíse bunaithe i ndlínse faoi leith ná go mbeadh freastalaithe acu sa dlínse sin chun na seirbhísí sin a reáchtáil. Dá réir sin, níor cheart go mbraithfeadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar shuíomh iarbhír bhunaíocht an tsoláthraí ná ar shuíomh na saoráide um phróiseáil nó um stóráil sonraí.
(18)Tá soláthraithe seirbhísí bonneagair idirlín a bhaineann le sannadh ainmneacha agus uimhreacha, amhail cláraitheoirí agus clárlanna ainmneacha fearainn agus soláthraithe príobháideachta agus seachsholáthraithe seirbhíse, nó clárlanna idirlín réigiúnacha le haghaidh seoltaí prótacal idirlín (‘seoltaí IP’), thar a bheith ábhartha maidir leis na gníomhaithe atá taobh thiar de shuíomhanna gréasáin atá mailíseach nó a bhfuil baol ag baint leo a aithint. Coinníonn siad sonraí atá thar a bheith ábhartha maidir le himeachtaí coiriúla mar go gceadaíonn siad duine aonair nó eintiteas atá taobh thiar de shuíomh gréasáin a úsáidtear i ngníomhaíocht choiriúil a aithint, nó íospartach gníomhaíochta coiriúla a aithint i gcás suíomh gréasáin atá i seilbh coirpeach agus a bhfuil baol ag baint leis.
(19)Rialáiltear bailiú sonraí stóráilte agus é sin amháin leis an Rialachán seo, is é sin, na sonraí atá á gcoinneáil ag soláthraí seirbhíse ag an am a bhfaighfear Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach. Ní shonraítear oibleagáid ghinearálta maidir le coinneáil sonraí leis, ná ní údaraítear idircheapadh sonraí ná sonraí a fháil a dhéanfar a stóráil ag am éigin níos déanaí ná an tam a bhfaighfear deimhniú um ordú chun fianaise a thabhairt ar aird nó deimhniú um ordú caomhnaithe. Ba cheart sonraí a thabhairt ar aird bídís nó ná bídís criptithe.
(20)I measc na gcatagóirí sonraí a chumhdaítear faoin Rialachán seo tá sonraí rannpháirtí, sonraí rochtana, sonraí idirbheartaíochta (gairtear ‘sonraí nach inneachar iad’ ar na trí chatagóir sin) agus sonraí inneachair. Tá an tidirdhealú sin, seachas na sonraí rochtana, sna dlíchórais i mórán Ballstát agus freisin i gcreat dlíthiúil reatha na Stát Aontaithe ina gceadaítear do sholáthraithe seirbhíse sonraí nach inneachar iad a roinnt le húdaráis forfheidhmithe dlí ón iasacht ar bhonn deonach.
(21)Is iomchuí díriú ar shonraí rochtana mar chatagóir sonraí ar leith a úsáidtear sa Rialachán seo. Is é an cuspóir céanna atá le dul sa tóir ar shonraí rochtana agus atá le dul sa tóir ar shonraí rannpháirtí, is é sin an túsáideoir bunaidh a aithint, agus tá an méid a chuirtear isteach ar chearta bunúsacha mar an gcéanna leis an méid a chuirtear isteach orthu i gcás sonraí rannpháirtí. De ghnáth, déantar sonraí rochtana a thaifeadadh mar chuid de thaifead imeachtaí (is é sin le rá loga freastalaí) chun tús agus deireadh seisiúin ina bhfuil rochtain ag úsáideoir ar sheirbhís a chur in iúl. Is seoladh IP aonair (ceann statach nó ceann dinimiciúil) a bhíonn ann go minic nó sin aitheantóir eile a phiocann amach an comhéadan líonra a úsáideadh le linn an tseisiúin rochtana. Mura bhfuil aithne ar an úsáideoir, is minic a bhíonn sé riachtanach é a fháil sula bhféadfar sonraí rannpháirtí a bhaineann leis an aitheantóir sin a ordú ón soláthraí seirbhíse.
(22)Ar an lámh eile, is gnách go dtéitear sa tóir ar shonraí idirbheartaíochta chun faisnéis a fháil faoi theagmhálaithe an úsáideora agus faoin áit a bhfuil sé lonnaithe agus féadfar iad a úsáid chun próifíl den duine aonair atá i gceist a chruthú. Mar sin féin, ní fhéadfaidh sonraí rochtana leo féin feidhmiú chun cuspóir den chineál céanna a bhunú, ní thugtar aon fhaisnéis iontu faoi chomhchainteoirí an úsáideora mar shampla. Dá bhrí sin, tugtar isteach catagóir nua sonraí leis an togra seo, ar sonraí iad a gcaithfear leo amhail mar a chaithfí le sonraí rannpháirtí má tá an aidhm atá leis na sonraí sin a fháil mar an gcéanna.
(23)Tá sonraí pearsanta i ngach catagóir sonraí, agus mar sin tá siad cumhdaithe ag na coimircí faoi acquis cosanta sonraí an Aontais, ach baineann éagsúlacht le déine an tionchair ar chearta bunúsacha, go háirithe idir sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana ar lámh amháin agus sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair ar an lámh eile. Cé go bhfuil sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana úsáideach chun leideanna tosaigh a fháil i dtaca le himscrúdú faoi chéannacht duine atá faoi dhrochamhras, is iad na sonraí idirbheartaíochta agus na sonraí inneachair na sonraí is ábhartha ó thaobh ábhair a bhfuil luach fianaiseach ag baint leis. Dá bhrí sin, is den bhunriachtanas é go gcumhdófaí na catagóirí sonraí sin go léir leis an ionstraim. De bhrí nach ionann an méid a chuirtear isteach ar chearta bunúsacha sna cásanna éagsúla, forchuirtear coinníollacha difriúla maidir le sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana a fháil ar lámh amháin agus ar an lámh eile maidir le sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair a fháil.
(24)Is bearta imscrúdaitheacha iad an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an tOrdú Caomhnaithe Eorpach nár cheart a eisiúint ach amháin i gcreat imeachtaí coiriúla faoi leith in aghaidh lucht déanta ciona choiriúil nithiúil atá tarlaithe cheana féin agus ar daoine iad a bhfuil eolas orthu nó nach bhfuil eolas orthu go fóill, tar éis meastóireacht aonair a dhéanamh ar chomhréireacht agus ar riachtanas i ngach cás faoi leith.
(25)Tá an Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí imscrúdaitheacha na núdarás in imeachtaí sibhialta agus riaracháin, nuair a d’fhéadfadh smachtbhannaí a bheith mar thoradh ar imeachtaí den sórt sin san áireamh.
(26)Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas, agus ní fhéadfar na horduithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a eisiúint ach amháin i gcás sonraí a bhaineann le seirbhísí a thairgtear san Aontas. Níl seirbhísí a thairgtear go heisiach taobh amuigh den Aontas i raon feidhme an Rialacháin seo, fiú má tá an soláthraí seirbhíse bunaithe san Aontas.
(27)Chun a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas ní mór a mheas an gcumasaíonn an soláthraí seirbhíse daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit chun a chuid seirbhísí a úsáid. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh inrochtaineacht chomhéadain ar líne nó inrochtaineacht shuíomh gréasáin an tsoláthraí nó an idirghabhálaí, nó inrochtaineacht seolta ríomhphoist nó sonraí teagmhála eile i mBallstát amháin nó níos mó mar choinníoll leordhóthanach aisti féin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
(28)Ba cheart go mbeadh nasc substaintiúil leis an Aontas ábhartha freisin chun raon feidhme an Rialacháin seo a chinneadh. Ba cheart a mheas gur ann do nasc substaintiúil den sórt sin leis an Aontas nuair atá bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas. In éagmais bunaíochta den sórt sin, ba cheart an critéar le haghaidh nasc substaintiúil a mheas ar an mbonn go bhfuil líon suntasach úsáideoirí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó ar an mbonn go bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó. Is féidir a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó ar bhonn na gcúinsí ábhartha go léir, lena náirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as i gcoitinne sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a ordú. D’fhéadfaí freisin a fháil amach an bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát as feidhmchlár (‘aip’) a bheith ar fáil san aipmhargadh náisiúnta ábhartha, as fógraíocht áitiúil a bheith á soláthar nó fógraíocht sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát sin, nó as láimhseáil an chaidrimh le custaiméirí amhail caidreamh le custaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear go coitianta sa Bhallstát sin. Is féidir glacadh leis go bhfuil nasc substaintiúil ann freisin nuair a dhíríonn soláthraí seirbhíse a chuid gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó faoi mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán Uimh. 1215/2012 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála. Ar an lámh eile, ní fhéadfar a mheas gurb ionann, ann féin, soláthar na seirbhíse d’fhonn an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/302 a chomhlíonadh, agus gníomhaíochtaí a bheith á ndíriú ar chríoch áirithe laistigh den Aontas, ar an bhforas sin amháin.
(29)Ní fhéadfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach i gcás go bhfuil sin riachtanach agus comhréireach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa mheasúnú an bhfuil an tOrdú teoranta don mhéid atá riachtanach chun go mbainfí amach an cuspóir dlisteanach atá leis na sonraí ábhartha agus riachtanacha a fháil chun go mbeidís mar fhianaise i gcás aonair agus sa chás sin amháin.
(30)Nuair a eisítear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach, ba cheart go mbeadh údarás breithiúnach páirteach i gcónaí sa phróiseas a bhaineann le heisiúint an Ordaithe nó sa phróiseas a bhaineann lena bhailíochtú. De bhrí gur sonraí de chineál níos íogaire iad sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair, éilítear go ndéanfadh breitheamh Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun na catagóirí sin a thabhairt ar aird a eisiúint nó a bhailíochtú. De bhrí nach bhfuil sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana chomh híogair céanna, féadfaidh ionchúisitheoirí inniúla Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird chun na sonraí sin a nochtadh a eisiúint nó a bhailíochtú chomh maith.
(31)Ar an gcúis chéanna, ní mór idirdhealú a dhéanamh maidir le raon feidhme ábhartha an Rialacháin seo: Féadfar Orduithe chun sonraí rannpháirtí agus sonraí rochtana a sholáthar a eisiúint i dtaca le cion coiriúil ar bith, ach ba cheart go mbeadh rochtain ar shonraí idirbheartaíochta agus ar shonraí inneachair faoi réir ceanglas níos déine chun a léiriú gur sonraí de chineál níos íogaire iad. Ceadaíonn tairseach cur chuige níos comhréirí, chomh maith le roinnt coinníollacha agus coimircí eile ex ante agus ex post dá bhforáiltear sa togra chun urraim don chomhréireacht agus do chearta na ndaoine a ndéanann sé difear dóibh a áirithiú. Ag an am céanna, níor cheart go gcuirfeadh tairseach teorainn le héifeachtacht na hionstraime agus lena húsáid ag cleachtóirí. Trí Orduithe i gcomhair imscrúduithe atá inphionóis le pianbhreith ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad a cheadú, beidh raon feidhme na hionstraime teoranta do choireanna tromchúiseacha, gan cur isteach rómhór ar na féidearthachtaí a bhaineann lena húsáid ag cleachtóirí. Eisíonn sé ón raon feidhme líon suntasach coireanna, nach measann na Ballstáit gur coireanna tromchúiseacha iad, agus é sin á léiriú trí uasphionós níos ísle. Tá sé de bhuntáiste aige freisin go bhfuil sí infheidhme go héasca iarbhír.
(32)Tá cionta faoi leith ann agus de ghnáth is i bhfoirm leictreonach amháin a bheidh an fhianaise ar fáil ina leith, ar fianaise í atá an-ghearrshaolach de réir cineáil. Is mar sin atá i gcás coireanna a bhaineann le cibearchoireacht, fiú iad siúd nach measfaí gur coireanna tromchúiseacha iad iontu féin agus astu féin ach a d’fhéadfadh damáiste forleathan nó suntasach a dhéanamh, lena náirítear go háirithe cásanna ar beag an tionchar a bhíonn acu ar bhonn aonair ach atá an-líonmhar agus a dhéanann damáiste mór ar an iomlán. I bhformhór na gcásanna ina ndearnadh an cion trí chóras faisnéise, dá gcuirfí an tairseach chéanna i bhfeidhm agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le cineálacha eile cionta, ní bheadh aon bhaol pionóis ag baint leo den chuid is mó. Tugann sé sin údar maith do chur i bhfeidhm an Rialacháin freisin maidir le cionta a bhfuil creat pionóis níos lú ná trí bliana príosúnachta ag gabháil leo. Ní éilítear an uastairseach íosta trí bliana i gcás cionta breise a bhaineann le sceimhlitheoireacht agus a ndéantar cur síos orthu i dTreoir 2017/541/AE.
(33)Ina theannta sin, is gá foráil a dhéanamh nach bhféadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin má tá beart den chineál céanna ar fáil i dtaca leis an gcion coiriúil céanna i gcás intíre inchomparáide sa Stát eisiúna.
(34)I gcásanna ina ndéantar na sonraí atá á lorg a stóráil nó a phróiseáil mar chuid den bhonneagar atá á chur ar fáil ag soláthraí seirbhíse do chuideachta nó d’eintiteas eile seachas daoine nádúrtha, i gcás seirbhísí óstála de ghnáth, níor chóir an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a úsáid ach amháin nuair nach mbeadh bearta imscrúdaitheacha eile atá dírithe ar an eintiteas iomchuí, go háirithe dá bhféadfadh a leithéid sin an timscrúdú a chur i mbaol. Tá sé sin ábhartha go háirithe nuair a bhíonn eintitis mhóra i gceist, amhail corparáidí nó eintitis rialtais, ar eintitis nó corparáidí iad a bhaineann leas as seirbhísí soláthraithe seirbhíse chun a mbonneagar TF nó a gcuid seirbhísí, nó an dá cheann le chéile, a sholáthar. Ba cheart, i gcásanna mar sin, gurb í an chuideachta nó an teintiteas eile an chéad seolaí a bheadh ag Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird. Ní fhéadfaidh an chuideachta seo ná an teintiteas eile a bheith ina soláthraí ná ina sholáthraí seirbhíse arna chumhdach ag raon feidhme an Rialacháin seo. Mar sin féin, nuair nach bhfuil sé fóirsteanach, i gcásanna áirithe, díriú ar an eintiteas sin, mar go bhfuil amhras ann go raibh sé páirteach sa chás lena mbaineann nó go bhfuil tásca i dtaca le claonpháirteachas leo siúd ar a bhfuil an timscrúdú dírithe mar shampla, ba cheart go bhféadfadh údaráis inniúla díriú ar an soláthraí seirbhíse a sholáthraíonn an bonneagar lena mbaineann chun na sonraí iarrtha a chur ar fáil. Ní chuireann an fhoráil sin isteach ar an gceart chun ordú a thabhairt don soláthraí seirbhíse na sonraí a chaomhnú.
(35)Tagraítear do dhíolúintí agus do phribhléidí, a d’fhéadfadh a bheith ag tagairt d’aicmí daoine (amhail taidhleoirí) nó do chaidreamh atá faoi chosaint (amhail pribhléid ghairmiúil dlíodóra), in ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh eile amhail an tOrdú Imscrúdaithe Eorpach. Baineann éagsúlacht lena raon agus lena dtionchar de réir an dlí náisiúnta is infheidhme agus ar cheart é a chur san áireamh ag an am a neisítear an tOrdú, mar go mb’fhéidir nach neiseodh an túdarás eisiúna an tOrdú ach amháin sa chás go mbeadh ordú den sórt céanna ar fáil i gcás intíre inchomparáide. Chomh maith leis an mbunphrionsabal sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh a oiread agus is féidir sa Stát eisiúna na díolúintí agus na pribhléidí a thugann cosaint do shonraí rochtana, do shonraí idirbheartaíochta nó do shonraí inneachair i mBallstát an tsoláthraí seirbhíse, agus iad a chur san áireamh ar an mbealach céanna agus a chuirfí san áireamh iad dá mbeadh foráil déanta dóibh faoi dhlí náisiúnta an Stáit eisiúna. Tá sin ábhartha go háirithe sa chás go bhforáiltear do chosaint níos airde le dlí an Bhallstáit ina bhfuiltear ag díriú ar an soláthraí seirbhíse nó ar a ionadaí dlíthiúil ná mar a fhoráiltear le dlí an Stáit eisiúna. Áirithítear leis an bhforáil freisin go léireofar urraim do chásanna ina bhféadfadh nochtadh na sonraí tionchar a imirt ar leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin amhail slándáil náisiúnta agus cosaint. Mar choimirce bhreise, ba cheart na gnéithe sin a chur san áireamh, ní hamháin nuair a eisítear an tOrdú, ach níos déanaí freisin, nuair atá ábharthacht agus inghlacthacht na sonraí lena mbaineann á meas ag an gcéim ábhartha sna himeachtaí coiriúla, agus má tharlaíonn nós imeachta forfheidhmithe, arna dhéanamh ag an údarás forfheidhmiúcháin.
(36)Féadfar an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint do chion ar bith. Tá sé mar aidhm leis baint, scriosadh, nó athrú sonraí ábhartha a chosc, i gcásanna ina bhféadfadh sé níos mó ama a thógáil na sonraí sin a thabhairt ar aird, de bhrí go mbainfear feidhm as bealaí don chomhar breithiúnach mar shampla.
(37)Ba cheart Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a dhíriú ar an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú ag an soláthraí seirbhíse. In éagmais ionadaí dlíthiúil ainmnithe, féadfar Orduithe a dhíriú ar bhunaíocht de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas. Féadfaidh a leithéid sin tarlú mura bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ar an soláthraí seirbhíse ionadaí dlíthiúil a ainmniú. I gcás neamhchomhlíonadh ag an ionadaí dlíthiúil i gcásanna éigeandála, féadfar freisin an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a dhíriú ar an soláthraí seirbhíse i dteannta nó in ionad coinneáil le forfheidhmiú an Ordaithe bunaidh de réir Airteagal 14. I gcás neamhchomhlíonadh ag an ionadaí dlíthiúil i gcásanna neamhéigeandála, ach nuair atá baol soiléir ann go gcaillfear sonraí, féadfar freisin Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a dhíriú ar aon bhunaíocht de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas. De bharr na gcásanna féideartha éagsúla seo, úsáidtear an téarma ginearálta ‘seolaí’ sna forálacha. I gcás ina bhfuil feidhm ag oibleagáid, amhail rúndacht, ní hamháin maidir leis an seolaí, ach maidir leis an soláthraí seirbhíse freisin murab ionann é féin agus an seolaí, déantar é sin a shonrú san fhoráil faoi seach.
(38)Ba cheart na hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus na hOrduithe Caomhnaithe Eorpacha a tharchur chuig an soláthraí seirbhíse trí Dheimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) nó trí Dheimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOCPR), agus ba cheart iad sin a aistriú. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis éigeantach chéanna sna Deimhnithe agus atá sna hOrduithe, seachas na forais don riachtanas atá leis an mbeart agus a chomhréireacht nó sonraí breise faoin gcás ar eagla go gcuirfí na himscrúduithe i mbaol. De bhrí go bhfuil siad mar chuid den Ordú féin, ceadaíonn siad don duine atá faoi dhrochamhras agóid a dhéanamh ina aghaidh níos déanaí le linn na nimeachtaí coiriúla. Má tá sin riachtanach, is gá Deimhniú a aistriú go teanga oifigiúil (ceann de theangacha oifigiúla) Bhallstát an tseolaí, nó go teanga oifigiúil eile a bhfuil sé dearbhaithe ag an soláthraí seirbhíse go nglacfaidh sé léi.
(39)Ba cheart don údarás eisiúna inniúil an EPOC nó an EPOCPR a tharchur go díreach chuig an seolaí trí aon mheán atá ábalta taifead i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha a cheadaíonn don soláthraí seirbhíse a bharántúlacht a shuíomh, amhail post cláraithe, ríomhphost agus ardáin shlána, nó cainéil shlána eile, lena náirítear iad sin a chuireann an soláthraí seirbhíse ar fáil, i gcomhréir leis na rialacha lena dtugtar cosaint do shonraí pearsanta.
(40)Ba cheart na sonraí iarrtha a tharchur chuig na húdaráis laistigh de 10 lá, ar a dhéanaí, tar éis an EPOC a fháil. Ba cheart don soláthraí teorainneacha ama níos giorra a urramú i gcásanna éigeandála agus sa chás go léiríonn an túdarás eisiúna cúiseanna eile chun imeacht ón sprioc-am 10 lá. Chomh maith leis an mbaol atá ann go bhfuiltear ar tí na sonraí iarrtha a scriosadh, d’fhéadfaí cúinsí a bhaineann le himscrúdú atá ar siúl a chur san áireamh i gcúiseanna den sórt sin, mar shampla nuair atá baint ag na sonraí iarrtha le bearta práinneacha imscrúdaithe eile nach féidir a reáchtáil gan na sonraí atá ar iarraidh nó a bhraitheann orthu ar bhealach eile.
(41)Chun go mbeidh cead ag soláthraithe seirbhíse aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna foirmiúla, is gá nós imeachta a leagan amach i gcomhair cumarsáide idir an soláthraí seirbhíse agus an túdarás eisiúna i gcásanna ina bhféadfadh an EPOC a bheith neamhiomlán nó i gcásanna ina mbeadh earráidí follasacha ann nó nuair nach mbeadh dóthain faisnéise ann chun an tOrdú a fhorghníomhú. Ina theannta sin, sa chás nach gcuirfeadh an soláthraí seirbhíse an fhaisnéis ar fáil ar bhealach uileghabhálach nó tráthúil ar chúis ar bith eile, mar shampla de bhrí go gceapann sé go bhfuil easaontacht le hoibleagáid faoi dhlí tríú tír ann, nó de bhrí go gceapann sé nár eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach leis an Rialachán seo, ba cheart dó dul ar ais chuig na húdaráis eisiúna agus na húdair chaoithiúla a sholáthar dóibh. Ba cheart mar sin go gceadódh an nós imeachta cumarsáide a bheag nó a mhór don údarás eisiúna an EPOC a cheartú nó a athbhreithniú ag an tús. Chun infhaighteacht na sonraí a áirithiú, ba cheart don soláthraí seirbhíse na sonraí a chaomhnú más féidir leo na sonraí atá á lorg a aithint.
(42)Tar éis Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOCPR) a fháil, ba cheart don soláthraí seirbhíse na sonraí iarrtha a chaomhnú ar feadh uastréimhse 60 lá mura gcuirfidh an túdarás eisiúna in iúl don soláthraí seirbhíse go bhfuil an nós imeachta maidir le hiarraidh ina dhiaidh sin chun sonraí a thabhairt ar aird seolta aige. Sa chás sin ba cheart leanúint den chaomhnú. Ceapadh an tréimhse 60 lá chun go bhféadfaí iarraidh oifigiúil a sheoladh. Chuige sin, is gá go mbeadh ar a laghad roinnt céimeanna foirmiúla glactha, mar shampla trí iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a chur chuig aistriúchán. Nuair a fhaightear an fhaisnéis sin, ba cheart na sonraí a chaomhnú chomh fada agus is gá nó go gcuirfear na sonraí ar fáil i gcreat an iarrata ina dhiaidh sin chun sonraí a thabhairt ar aird.
(43)Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse agus a gcuid ionadaithe dlíthiúla rúndacht a áirithiú agus, sa chás go niarrfaidh an túdarás eisiúna é sin, gan an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg a chur ar an eolas, ar mhaithe le himscrúdú cionta coiriúla a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679. Mar sin féin, gné bhunriachtanach is ea faisnéis úsáideora chun athbhreithniú agus sásamh breithiúnach a chumasú agus ba cheart go gcuirfeadh an túdarás ar fáil í sa chás gur iarradh ar an soláthraí seirbhíse gan an túsáideoir a chur ar an eolas, nuair nach bhfuil aon bhaol go gcuirfí imscrúduithe atá ar siúl i mbaol, i gcomhréir leis an mbeart náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680 chun feidhme.
(44)I gcás neamhchomhlíonadh ag an seolaí, féadfaidh an túdarás eisiúna an tOrdú iomlán, an réasúnaíocht maidir le riachtanas agus comhréireacht san áireamh, chomh maith leis an Deimhniú, a aistriú chuig an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar sheolaí an Deimhnithe nó ina bhfuil sé bunaithe. Ba cheart don Bhallstát sin é a fhorfheidhmiú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh d’fhorchur pionós airgid, atá éifeachtach, comhréireach agus a mbeidh feidhm iombhagartha leo i gcás sárú ar na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo.
(45)Is nós imeachta é an nós imeachta forfheidhmithe ina bhféadfaidh an seolaí cur i gcoinne an fhorfheidhmithe bunaithe ar fhorais shrianta faoi leith. Féadfaidh an túdarás forfheidhmiúcháin diúltú aitheantas a thabhairt don Ordú agus diúltú é a fhorfheidhmiú ar na forais chéanna, nó dá bhféadfadh díolúintí agus pribhléidí is infheidhme faoina dhlí náisiúnta nó an nochtadh tionchar a bheith acu ar a leasanna bunúsacha amhail slándáil náisiúnta agus cosaint. Ba cheart don údarás forfheidhmiúcháin dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna sula ndiúltaíonn sé aitheantas a thabhairt don ordú nó sula ndiúltaíonn sé an tordú a fhorfheidhmiú, bunaithe ar na forais sin. I gcás neamhchomhlíonadh, féadfaidh na húdaráis smachtbhannaí a fhorchur. Ba cheart freisin go mbeadh na smachtbhannaí sin comhréireach i bhfianaise cúinsí sonracha amhail neamhchomhlíonadh leanúnach nó sistéamach.
(46)D’ainneoin na noibleagáidí atá orthu maidir le cosaint sonraí, níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhíse faoi dhliteanas sna Ballstáit maidir le dochar dá gcuid úsáideoirí nó dá dtríú páirtithe, ar dochar é atá mar thoradh ar chomhlíonadh EPOC nó EPOC-ER le hintinn mhaith agus mar thoradh air sin amháin.
(47)Chomh maith le cur as do na daoine aonair a bhfuil a gcuid sonraí iarrtha, d’fhéadfadh an beart imscrúdaitheach cur as do na soláthraithe seirbhíse agus do thríú tíortha. Cuirtear sásra sonrach i gcomhair athbhreithniú breithiúnach ar fáil leis an ionstraim seo i gcás go gcuirfeadh comhlíonadh an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird cosc ar sholáthraithe seirbhíse oibleagáid dhlíthiúil a eascraíonn as dlí tríú tír a chomhlíonadh agus déantar é sin ar mhaithe le cúirtéis i dtaca le leasanna ceannasacha tríú tíortha a áirithiú agus chun an duine aonair lena mbaineann a chosaint agus chun aghaidh a thabhairt ar oibleagáidí easaontacha ar sholáthraithe seirbhíse.
(48)Chun na críche sin, aon uair a cheapann an seolaí go mbeadh sárú oibleagáide dlíthiúla i gcás faoi leith i gceist leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, ar oibleagáid dhlíthiúil í a eascraíonn as dlí tríú tír, ba cheart dó é sin a chur in iúl don údarás eisiúna le hagóid réasúnaithe, agus na foirmeacha a sholáthraítear á núsáid aige. Ba cheart ansin go nathbhreithneodh an túdarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i bhfianaise na hagóide réasúnaithe, agus na critéir chéanna a mbeadh ar an gcúirt inniúil iad a leanúint á gcur san áireamh aige. Nuair a chinneann an túdarás seasamh leis an Ordú, ba cheart an nós imeachta a threorú chuig an gcúirt inniúil, de réir mar atá fógartha ag an mBallstát ábhartha, agus ansin déanann an chúirt sin athbhreithniú ar an Ordú.
(49)Nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le heasaontacht oibleagáide a bheith ann i gcúinsí sonracha an cháis atá á scrúdú, ba cheart don chúirt inniúil dul i dtuilleamaí saineolas seachtrach cuí nuair a theastaíonn sé, mar shampla, má ardaítear ceisteanna san athbhreithniú maidir le léirmhíniú ar dhlí an tríú tír lena mbaineann. D’fhéadfadh dul i mbun comhairliúcháin le húdaráis lárnacha na tíre sin a bheith i gceist leis sin.
(50)D’fhéadfaí saineolas maidir le léirmhíniú a chur ar fáil freisin trí thuairimí saineolacha nuair a bhíonn siad ar fáil. Ba cheart faisnéis agus cásdlí maidir le léirmhíniú ar dhlíthe tríú tíortha agus maidir le nósanna imeachta easaontais sna Ballstáit a chur ar fáil ar ardán lárnach amhail tionscadal SIRIUS agus/nó an Gréasán Breithiúnach Eorpach. Ba cheart go gceadódh sé sin do na cúirteanna leas a bhaint as an taithí agus as an saineolas atá bailithe ag cúirteanna eile maidir leis na ceisteanna céanna nó ceisteanna atá cosúil leo. Níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar dhul i mbun comhairliúcháin arís leis an tríú stát más cuí.
(51)Nuair is ann d’easaontachtaí oibleagáide, ba cheart don chúirt a chinneadh an dtoirmeascann forálacha easaontacha an tríú tír nochtadh na sonraí lena mbaineann ar na forais go bhfuil sin riachtanach chun cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine aonair lena mbaineann nó do leasanna bunúsacha an tríú tír, ar leasanna iad a bhaineann le slándáil náisiúnta nó le cosaint. Agus an measúnú sin á dhéanamh aici, ba cheart don chúirt a chur san áireamh an bhfuil dlí an tríú tír beartaithe go follasach chun leasanna eile a chosaint nó an bhfuil sé dírithe ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chumhdach ó iarrataí forfheidhmithe dlí i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla, seachas a bheith beartaithe chun cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha, nó do leasanna tríú tír i dtaca le slándáil náisiúnta nó le cosaint. Nuair a chinneann an chúirt go dtoirmeascann forálacha easaontacha an tríú tír nochtadh na sonraí lena mbaineann ar na forais go bhfuil sin riachtanach chun cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine aonair lena mbaineann nó do leasanna bunúsacha an tríú tír, ar leasanna iad a bhaineann le slándáil náisiúnta nó le cosaint, ba cheart di dul i gcomhairle leis an tríú tír trí údaráis lárnacha na tíre sin, ar údaráis iad atá ann cheana féin ar mhaithe le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach i bhformhór chríocha an domhain. Ba cheart di sprioc-am a leagan síos don tríú tír chun agóidí a dhéanamh i gcoinne fhorghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird; sa chás nach bhfreagraíonn údaráis an tríú tír laistigh den sprioc-am (fadaithe) ainneoin meabhrúcháin a chuir na hiarmhairtí a bhaineann le gan freagra a thabhairt ar a súile dóibh, seasfaidh an chúirt leis an Ordú. Má dhéanann údaráis an tríú tír agóid i gcoinne nochtadh, ba cheart don chúirt an tOrdú a chur i leataobh.
(52)Sna cásanna eile go léir ina bhfuil easaontachtaí oibleagáide i gceist, agus nach bhfuil baint acu le cearta bunúsacha an duine aonair ná le leasanna bunúsacha an tríú tír, ar leasanna iad a bhaineann le slándáil náisiúnta nó le cosaint, ba cheart don chúirt roinnt gnéithe a chur sa mheá agus cinneadh á dhéanamh aici maidir le seasamh leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, ar gnéithe iad sin a ceapadh chun a fháil amach cé chomh láidir agus atá an nasc le ceachtar den dá dhlínse lena mbaineann, na leasanna faoi seach atá i gceist leis na sonraí a fháil nó nochtadh na sonraí a chosc, agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don soláthraí seirbhíse dá mbeadh air an tOrdú a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach, i gcás cionta a bhfuil baint acu le cibearchoireacht, go gcumhdódh an áit a ndearnadh an choir an áit (na háiteanna) inar tharla an gníomh agus an áit (na háiteanna) inar tháinig éifeachtaí an chiona i gcrích.
(53)Beidh feidhm freisin ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9, áit a dtarlaíonn easaontacht oibleagáidí ag eascairt as dlí tríú tír. Ba cheart na sonraí a chaomhnú le linn an nóis imeachta sin. Nuair a chuirtear an tOrdú i leataobh, féadfar Ordú Caomhnaithe nua a eisiúint chun cead a thabhairt don údarás eisiúna soláthar na sonraí a lorg ar bhealaí eile, amhail cúnamh dlíthiúil frithpháirteach.
(54)Is den bhunriachtanas é go mbeadh rochtain ag na daoine go léir a niarrtar a gcuid sonraí in imscrúduithe coiriúla ar leigheas éifeachtach dlíthiúil, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcás daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe, ba cheart an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil a fheidhmiú le linn na nimeachtaí coiriúla. Féadfaidh sé sin dul i bhfeidhm ar inghlacthacht, nó de réir mar a bheidh, ar sheasamh na fianaise sna himeachtaí, ar fianaise í a fuarthas ar an mbealach sin. Ina theannta sin, baineann siad tairbhe as na ráthaíochtaí nós imeachta go léir is infheidhme orthu, amhail an ceart atá acu faisnéis a fháil. Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag daoine eile, nach daoine iad atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, leigheas éifeachtach a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart, ar a laghad ar bith, go ndéanfaí foráil don fhéidearthacht go ndéanfaí agóid i gcoinne dlíthiúlacht Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, lena náirítear riachtanas agus comhréireacht an Ordaithe. Níor chóir go gcuirfí teorainn leis an Rialachán seo leis na forais fhéideartha chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht an Ordaithe. Ba cheart na leigheasanna sin a fheidhmiú sa Stát eisiúna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart go mbeadh na rialacha maidir le faoiseamh eatramhach faoi rialú an dlí náisiúnta.
(55)Ina theannta sin, le linn an nóis imeachta um fhorfheidhmiú agus le linn an leighis dhlíthiúil ina dhiaidh sin, féadfaidh an seolaí cur i gcoinne forfheidhmiú Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar roinnt forais theoranta, lena náirítear gan é a bheith eisithe nó bailíochtaithe ag údarás inniúil nó go bhfuil sé soiléir go sáraíonn sé go follasach Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh nó go bhfuil sé míchuí go follasach. Mar shampla, thabharfadh Ordú ag iarraidh sonraí inneachair a sholáthar a bhaineann le haicme daoine neamhshainithe i limistéar geografach nó nuair nach bhfuil aon nasc ann le himeachtaí coiriúla nithiúla neamhaird go follasach ar na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint.
(56)Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. I gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 16(1) de CFAE, tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis a chosaint. Nuair atá an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus nach bhféadfar iad a phróiseáil ach amháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680.
(57)Níor cheart sonraí pearsanta a fhaightear faoin Rialachán seo a phróiseáil ach amháin nuair is gá sin a dhéanamh ar mhaithe le coiriúlacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó ar mhaithe le smachtbhannaí coiriúla a fhorfheidhmiú agus cearta cosanta a fheidhmiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, ach go háirithe, go mbeidh feidhm ag beartais agus bearta cuí um chosaint sonraí maidir le tarchur sonraí pearsanta ó údaráis ábhartha chuig soláthraithe seirbhíse chun críocha an Rialacháin seo, lena náirítear bearta chun slándáil na sonraí a áirithiú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse an rud céanna a áirithiú i dtaca le sonraí pearsanta a tharchur chuig na húdaráis ábhartha. Ba cheart gur ag daoine údaraithe agus acu sin amháin a bheadh rochtain ar fhaisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta a fhéadfar a fháil trí phróisis fíordheimhniúcháin. Ba cheart úsáid sásraí chun barántúlacht a áirithiú a bhreithniú, amhail córais náisiúnta ríomh-shainaitheantais arna gcur in iúl nó seirbhísí iontaoibhe faoi mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE.
(58)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo agus ba cheart go mbeadh an mheastóireacht sin bunaithe ar chúig chritéar na héifeachtúlachta, na héifeachtachta, an ábharthachta, an chomhtháthaithe agus ar luach breise AE agus ba cheart go mbeadh sí mar bhunús do mheasúnuithe tionchair ar bhearta féideartha sa todhchaí. Ba cheart faisnéis a bhailiú go rialta agus é sin a dhéanamh chun bonn eolais a chur faoin meastóireacht ar an Rialachán seo.
(59)Trí fhoirmeacha atá réamhaistrithe agus caighdeánaithe a úsáid, éascaítear an comhar agus an malartú faisnéise idir údaráis bhreithiúnacha agus soláthraithe seirbhíse, agus mar thoradh air sin is féidir leo fianaise leictreonach a aimsiú agus a tharchur ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtaí, agus chomh maith leis sin na ceanglais slándála atá riachtanach a shásamh ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir. Laghdaíonn siad na costais a bhaineann le haistriúchán agus cuireann siad le caighdeán ardcháilíochta. Ar an mbealach céanna, ba cheart go gceadódh foirmeacha freagartha faisnéis a mhalartú ar bhealach caighdeánach, go háirithe nuair nach bhfuil soláthraithe seirbhíse ábalta comhlíonadh a dhéanamh de bhrí nach ann don chuntas nó de bhrí nach bhfuil aon sonraí ar fáil. Ba cheart freisin go néascódh na foirmeacha bailiú staitisticí.
(60)Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le feabhas maidir le hinneachar EPOCanna agus EPOCPRanna agus ar an bhFoirm a úsáidfear chun faisnéis a chur ar fáil maidir le forghníomhú EPOC nó EPOCPR a bheith dodhéanta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinní I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(61)Níor cheart go nglacfadh na bearta atá bunaithe ar an Rialachán seo ionad Orduithe Imscrúdaithe Eorpacha i gcomhréir le Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fianaise leictreonach a fháil. Ba cheart go roghnódh údaráis na mBallstát an uirlis is oiriúnaí dá gcás féin; d’fhéadfadh sé gurbh fhearr leo feidhm a bhaint as Ordú Imscrúdaithe Eorpach nuair atá foireann de bhearta imscrúdaitheacha éagsúla á hiarraidh acu, lena náirítear fianaise leictreonach ó Bhallstát eile a thabhairt ar aird ach gan a bheith teoranta dó sin.
(62)De bharr forbairtí teicneolaíochta, d’fhéadfadh sé go mbeadh uirlisí nua cumarsáide i réim faoi cheann roinnt blianta, nó d’fhéadfadh bearnaí i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo teacht chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh d’athbhreithniú maidir lena chur i bhfeidhm.
(63)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin feabhas a chur ar fháil agus ar áirithiú fianaise leictreonaí thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr cineál trasteorann na fianaise, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(64)I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. [tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe /Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó [agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe /Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].
(65)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(66)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairleagus thug sé tuairim uaidh an (...),
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil 1: Ábhar, sainmhínithe agus raon feidhme
Airteagal 1
Ábhar
1.Leagtar amach leis an Rialachán seo na rialacha faoinar féidir le húdarás Ballstáit ordú a thabhairt do sholáthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas fianaise leictreonach a thabhairt ar aird nó a chaomhnú, beag beann ar shuíomh na sonraí. Tá an rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí atá ag údaráis náisiúnta iallach a chur ar sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a bhfuil ionadaíocht thar a gceann ar a gcríoch bearta náisiúnta den sórt céanna a chomhlíonadh.
2.Ní bheidh sé d’éifeacht ag an Rialachán seo go modhnófar an oibleagáid atá ann na cearta bunúsacha agus na prionsabail dlí, mar a leagtar amach in Airteagal 6 de CAE iad, a urramú, lena náirítear na cearta cosanta atá ag daoine atá faoi réir imeachtaí coiriúla, agus ní dhéanfar aon difear d’oibleagáidí a bhfuil dualgas ar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí nó ar údaráis bhreithiúnacha ina leith.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird’ cinneadh ceangailteach ag údarás eisiúna Ballstáit lena gcuirtear iallach ar sholáthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas agus atá bunaithe i mBallstát eile nó a bhfuil ionadaíocht thar a cheann i mBallstát eile, fianaise leictreonach a thabhairt ar aird;
(2)ciallaíonn ‘Ordú Caomhnaithe Eorpach’ cinneadh ceangailteach ag údarás eisiúna Ballstáit lena gcuirtear iallach ar sholáthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas agus atá bunaithe i mBallstát eile nó a bhfuil ionadaíocht thar a cheann i mBallstát eile, fianaise leictreonach a chaomhnú in oirchill ar iarraidh ina dhiaidh sin chun í a thabhairt ar aird;
(3)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a chuireann ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seirbhísí seo a leanas ar fáil:
(a)seirbhís cumarsáide leictreonaí faoi mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(4) den [Treoir lena mbunaítear an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach];
(b)seirbhísí na sochaí faisnéise mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ina bhfuil stóráil sonraí mar shainghné den tseirbhís a chuirtear ar fáil don úsáideoir, lena náirítear líonraí sóisialta, margaí ar líne a éascaíonn idirbheartaíocht idir a gcuid úsáideoirí, agus soláthraithe seirbhísí óstála eile;
(c)seirbhísí maidir le hainmneacha fearainn idirlín agus maidir le huimhriú IP amhail soláthraithe seoltaí IP, clárlanna ainmneacha fearainn, cláraitheoirí ainmneacha fearainn agus seirbhísí príobháideachta agus seachsheirbhísí gaolmhara;
(4)ciallaíonn ‘seirbhísí a thairgeadh san Aontas’:
(a)daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin a chumasú chun na seirbhísí a liostaítear faoi (3) thuas a úsáid; agus
(b)nasc substaintiúil a bheith ann leis an mBallstát nó na Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (a);
(5)ciallaíonn ‘bunaíocht’ a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír ar feadh tréimhse neamhshonrach trí bhonneagar seasmhach óna ndéantar an gnó a bhaineann le seirbhísí a sholáthar a reáchtáil nó bonneagar seasmhach óna ndéantar an gnó a bhainistiú;
(6)ciallaíonn ‘fianaise leictreonach’ fianaise a stórálann soláthraí seirbhíse nó a stóráiltear thar ceann soláthraí seirbhíse i bhfoirm leictreonach ar dheimhniú um ordú chun fianaise a thabhairt ar aird nó a chaomhnú a fháil, arb é atá ann sonraí rannpháirtí, sonraí rochtana, sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair atá stóráilte;
(7)ciallaíonn ‘sonraí rannpháirtí’ aon sonraí a bhaineann le:
(a)céannacht an rannpháirtí nó an chustaiméara amhail an tainm a soláthraíodh, dáta breithe, seoladh poist nó seoladh geografach, sonraí billeála agus íocaíochta, teileafón, nó ríomhphost;
(b)an cineál seirbhíse agus a fad ama, lena náirítear sonraí teicniúla agus sonraí lena sainaithnítear bearta teicniúla gaolmhara nó comhéadain a úsáideann an rannpháirtí nó a chuirtear ar fáil don rannpháirtí nó don chustaiméir, agus sonraí a bhaineann le húsáid na seirbhíse a bhailíochtú, seachas pasfhocail nó modhanna eile fíordheimhniúcháin a úsáidtear in ionad pasfhocail arna soláthar ag úsáideoir, nó arna gcruthú ar iarraidh ón úsáideoir;
(8)ciallaíonn ‘sonraí rochtana’ sonraí a bhaineann le tosú agus críochnú an tseisiúin ina bhfuil rochtain ag úsáideoir ar sheirbhís, ar sonraí iad atá fíor-riachtanach chun úsáideoir na seirbhíse a shainaithint agus chun na críche sin amháin, amhail dáta agus am na húsáide, nó an logáil isteach chuig an tseirbhís agus an logáil amach aisti, chomh maith leis an seoladh IP a leithdháil an soláthraí seirbhíse um rochtain idirlín ar an úsáideoir seirbhíse, chomh maith le sonraí a shainaithníonn an comhéadan a úsáideadh agus aitheantas an úsáideora. Áirítear leis sin meiteashonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear iad i bpointe (g) d’Airteagal 4(3) den [Rialachán a bhaineann le hurraim don saol príobháideach agus le cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach];
(9)ciallaíonn ‘sonraí idirbheartaíochta’ sonraí a bhaineann le soláthar seirbhíse a thairgeann an soláthraí seirbhíse agus a fheidhmíonn chun comhthéacs nó faisnéis bhreise faoin tseirbhís sin a chur ar fáil agus ar sonraí iad atá á nginiúint nó á bpróiseáil ag córas faisnéise de chuid an tsoláthraí seirbhíse, amhail foinse agus ceann scríbe teachtaireachta nó idirghníomhaíochta de chineál eile, sonraí maidir le suíomh an ghléis, dáta, am, fad, méid, bealach, formáid, an prótacal a úsáideadh agus cineál an chomhbhrúite, murab ionann sonraí den sórt sin agus sonraí rochtana. Áirítear leis sin meiteashonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 4(3) den [Rialachán a bhaineann le hurraim don saol príobháideach agus le cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach];
(10)ciallaíonn ‘sonraí inneachair’ aon sonraí atá stóráilte i bhformáid dhigiteach amhail téacs, guth, físeáin, íomhánna, agus fuaim seachas sonraí rannpháirtí, sonraí rochtana nó sonraí idirbheartaíochta;
(11)ciallaíonn ‘córas faisnéise’ córas faisnéise mar a shainmhínítear é i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(12)ciallaíonn ‘Stát eisiúna’ an Ballstát ina neisítear an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach;
(13)ciallaíonn ‘Stát forfheidhmiúcháin’ an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an seolaí don Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó don Ordú Caomhnaithe Eorpach nó an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe agus ar chuige a ndéanfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach agus an Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach a tharchur i gcomhair forfheidhmiú;
(14)ciallaíonn ‘údarás forfheidhmiúcháin’ an túdarás inniúil sa Stát forfheidhmiúcháin ar chuige a ndéanfaidh an túdarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach agus an Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach a tharchur i gcomhair forfheidhmiú;
(15)ciallaíonn ‘cásanna éigeandála’ cásanna ina bhfuil garbhaol ann do bheatha nó do shláine coirp duine nó do bhonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle.
Airteagal 3
Raon feidhme
1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas.
2.Ní fhéadfar na hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus na hOrduithe Caomhnaithe Eorpacha a eisiúint ach amháin in imeachtaí coiriúla, le linn chéim na réamhthrialach agus na trialach. Féadfar na hOrduithe a eisiúint in imeachtaí a bhaineann le cion coiriúil a bhféadfadh duine dlítheanach a bheith faoi dhliteanas ina leith nó a bhféadfaí pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach ina leith sa Stát eisiúna.
3.Ní fhéadfar na hOrduithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a eisiúint ach amháin i gcás sonraí a bhaineann le seirbhísí a thairgtear san Aontas agus a shainmhínítear in Airteagal 2(3).
Caibidil 2
Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, Ordú Caomhnaithe Eorpach agus Deimhnithe
Airteagal 4
Údarás eisiúna
1.Féadfaidh siad seo a leanas Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint i gcomhair sonraí rannpháirtí agus i gcomhair sonraí rochtana:
(a)breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó
(b)aon údarás inniúil eile mar arna shainiú ag an Stát eisiúna atá ag feidhmiú, sa chás sonrach sin, ina cháil mar údarás imscrúdaithe in imeachtaí coiriúla agus atá inniúil chun fianaise a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir sa Stát eisiúna Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird den sórt sin a bhailíochtú, tar éis scrúdú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint faoin Rialachán seo.
2.Is iad seo a leanas, agus iad sin amháin, a fhéadfaidh Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i dtaca le sonraí idirbheartaíochta agus sonraí inneachair a eisiúint:
(a)breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó
(b)aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá ag feidhmiú, sa chás sonrach sin, ina cháil mar údarás imscrúdaithe in imeachtaí coiriúla agus atá inniúil chun fianaise a bhailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh breitheamh, cúirt, nó breitheamh imscrúdaithe sa Stát eisiúna Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird den sórt sin a bhailíochtú, tar éis scrúdú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint faoin Rialachán seo.
3.Féadfaidh siad seo a leanas Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint:
(a)breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir atá inniúil sa chás lena mbaineann; nó
(b)aon údarás inniúil eile arna shainiú ag an Stát eisiúna atá ag feidhmiú, sa chás sonrach sin, ina cháil mar údarás imscrúdaithe in imeachtaí coiriúla agus atá inniúil chun bailiú fianaise a ordú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir sa Stát eisiúna Ordú Caomhnaithe Eorpach den sórt sin a bhailíochtú, tar éis scrúdú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint faoin Rialachán seo.
4.I gcás inar údarás breithiúnach a bhailíochtaigh an tOrdú de bhun mhír 1(b), mhír 2(b) agus mhír 3(b), féadfar a mheas gur údarás eisiúna é an túdarás sin freisin chun críocha an Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach a tharchur.
Airteagal 5
Coinníollacha maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint
1.Ní fhéadfaidh údarás eisiúna Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2.Beidh Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird riachtanach agus comhréireach chun críche na nimeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 (2) agus ní fhéadfar é a eisiúint ach amháin sa chás go mbeadh beart den sórt céanna ar fáil i dtaca leis an gcion coiriúil céanna i gcás intíre inchomparáide sa Stát eisiúna.
3.Féadfar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i dtaca le sonraí rannpháirtí nó le sonraí rochtana a thabhairt ar aird a eisiúint le haghaidh gach cion coiriúil.
4.Ní fhéadfar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i dtaca le sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair a thabhairt ar aird a eisiúint ach amháin
(a)i gcomhair cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad, nó
(b)i gcomhair na gcionta seo a leanas, más amhlaidh go ndearnadh na cionta sin go hiomlán nó go páirteach trí chóras faisnéise:
–cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 de Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle;
–cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 go hAirteagal 7 de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
–cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 go hAirteagal 8 de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(c)i gcomhair cionta coiriúla mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 go hAirteagal 12 agus in Airteagal 14 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
5.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh san Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird:
(a)an túdarás eisiúna agus, nuair is infheidhme, an túdarás bailíochtaithe;
(b)seolaí an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird amhail dá dtagraítear in Airteagal 7;
(c)na daoine a bhfuil a gcuid sonraí á niarraidh, ach amháin sa chás gurb é sainaithint duine an taon chuspóir atá leis an ordú;
(d)catagóir na sonraí a iarradh (sonraí rannpháirtí, sonraí rochtana, sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair);
(e)an raon ama dá niarrtar é a thabhairt ar aird, más infheidhme;
(f)na forálacha is infheidhme maidir le dlí coiriúil an Stáit eisiúna;
(g)i gcás éigeandála nó i gcás iarrata ar nochtadh níos luaithe, na cúiseanna atá leis sin;
(h)i gcásanna ina bhfuil na sonraí atá á lorg á stóráil nó á bpróiseáil mar chuid de bhonneagar atá á chur ar fáil ag soláthraí seirbhíse do chuideachta nó d’eintiteas eile seachas daoine nádúrtha, deimhniú go bhfuil an tOrdú á dhéanamh i gcomhréir le mír 6;
(i)na forais do riachtanas agus do chomhréireacht an bhirt.
6.I gcásanna ina ndéantar na sonraí atá á lorg a stóráil nó a phróiseáil mar chuid den bhonneagar atá á chur ar fáil ag soláthraí seirbhíse do chuideachta nó d’eintiteas eile seachas daoine nádúrtha, ní fhéadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhíriú ar an soláthraí seirbhíse ach amháin nuair nach mbeadh bearta imscrúdaitheacha a bheadh dírithe ar an gcuideachta nó ar an eintiteas iomchuí, go háirithe ar an gcúis go bhféadfaidís an timscrúdú a chur i mbaol.
7.Má tá cúis ag an údarás eisiúna lena chreidiúint, go bhfuil sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair atá á niarraidh faoi chosaint ag díolúintí agus ag pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí an Bhallstáit ina ndíreofar ar an soláthraí seirbhíse, nó dá bhféadfadh nochtadh na sonraí tionchar a imirt ar leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin amhail slándáil náisiúnta agus cosaint, beidh ar an údarás eisiúna soiléiriú a lorg sula neisíonn sé an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, lena náirítear dul i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, go díreach trí Eurojust nó tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach. Má fhaigheann an túdarás eisiúna amach go bhfuil na sonraí idirbheartaíochta nó na sonraí inneachair atá á niarraidh faoi chosaint ag díolúintí agus ag pribhléidí den sórt sin, nó go mbeadh tionchar ag nochtadh na sonraí ar leasanna bunúsacha an Bhallstáit eile, ní eiseoidh sé an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.
Airteagal 6
Coinníollacha maidir le hOrdú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint
1.Ní fhéadfaidh údarás eisiúna Ordú Caomhnaithe Eorpach a eisiúint ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2.Féadfar é a eisiúint nuair atá sin riachtanach agus comhréireach chun baint, scriosadh, nó athrú sonraí a chosc in oirchill ar iarraidh ina dhiaidh sin chun na sonraí sin a thabhairt ar aird trí chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó trí Ordú Caomhnaithe Eorpach. Féadfar Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i dtaca le sonraí a chaomhnú a eisiúint le haghaidh gach cion coiriúil.
3.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh san Ordú Caomhnaithe Eorpach:
(a)an túdarás eisiúna agus, nuair is infheidhme, an túdarás bailíochtaithe;
(b)seolaí an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 7;
(c)na daoine a ndéanfar a gcuid sonraí a chaomhnú, ach amháin sa chás gurb é sainaithint duine an taon chuspóir atá leis an ordú;
(d)catagóir na sonraí a dhéanfar a chaomhnú (sonraí rannpháirtí, sonraí rochtana, sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair);
(e)an raon ama dá niarrtar é a chaomhnú, más infheidhme;
(f)na forálacha is infheidhme maidir le dlí coiriúil an Stáit eisiúna;
(g)na forais do riachtanas agus do chomhréireacht an bhirt.
Airteagal 7
Seolaí Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh
1.Díreofar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an tOrdú Caomhnaithe Eorpach go díreach ar ionadaí dlíthiúil arna ainmniú ag an soláthraí seirbhíse chun fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.
2.Murar ceapadh aon ionadaí dlíthiúil tiomnaithe, féadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a dhíriú ar aon bhunaíocht de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas.
3.I gcás nach gcomhlíonann an tionadaí dlíthiúil EPOC i gcás éigeandála de bhun Airteagal 9(2) féadfar an EPOC a dhíriú ar aon bhunaíocht de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas.
4.I gcás nach gcomhlíonann an tionadaí dlíthiúil a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10 agus ina measann an túdarás eisiúna go bhfuil baol mór ann go gcaillfear sonraí, féadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus an tOrdú Caomhnaithe Eorpach a dhíriú ar aon bhunaíocht de chuid an tsoláthraí seirbhíse san Aontas.
Airteagal 8
Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus um Ordú Caomhnaithe Eorpach
1.Déanfar Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó Ordú Caomhnaithe Eorpach a tharchur chuig an seolaí mar a shainmhínítear é in Airteagal 7 trí Dheimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) nó trí Dheimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOCPR).
Comhlánóidh an túdarás eisiúna nó an túdarás bailíochtaithe an EPOC a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó an EPOCPR a leagtar amach in Iarscríbhinn II, síneoidh sé é agus deimhneoidh sé go bhfuil an tinneachar atá ann cruinn agus ceart.
2.Déanfar an EPOC nó an EPOCPR a tharchur go díreach chuig an seolaí trí aon mheán atá ábalta taifead i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha a cheadaíonn don seolaí a bharántúlacht a shuíomh.
Sa chás go bhfuil ardáin thiomnaithe nó bealaí slána eile bunaithe ag soláthraithe seirbhíse, ag Ballstáit nó ag comhlachtaí de chuid an Aontais chun láimhseáil a dhéanamh ar iarrataí ar shonraí ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí nó ó údaráis bhreithiúnacha, beidh sé de rogha ag an údarás eisiúna freisin an Deimhniú a tharchur trí na bealaí sin.
3.Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(5) (a) go (h) san EPOC, lena náirítear faisnéis atá leordhóthanach chun gur féidir leis an seolaí an túdarás eisiúna a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leis. Ní áireofar ann na forais do riachtanas agus do chomhréireacht an bhirt ná sonraí breise maidir leis na himscrúduithe.
4.Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 6(3) (a) go (f) san EPOCPR, lena náirítear faisnéis atá leordhóthanach chun gur féidir leis an seolaí an túdarás eisiúna a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leis. Ní áireofar ann na forais do riachtanas agus do chomhréireacht an bhirt ná sonraí breise maidir leis na himscrúduithe.
5.Nuair is gá sin, aistreofar an EPOC nó an EPOCPR chuig teanga oifigiúil de chuid an Aontais a bhfuil glacadh ag an seolaí léi. Sa chás nach bhfuil aon teanga sonraithe, aistreofar an EPOC nó an EPOC-ER chuig ceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe.
Airteagal 9
EPOC a fhorghníomhú
1.Ar an EPOC a fháil, áiritheoidh an seolaí go ndéanfar na sonraí iarrtha a tharchur go díreach chuig an údarás eisiúna nó chuig na húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí mar atá léirithe san EPOC laistigh de 10 lá, ar a dhéanaí, ón EPOC a fháil, mura léiríonn an túdarás eisiúna go bhfuil cúiseanna chun iad a nochtadh níos túisce ná sin.
2.I gcásanna éigeandála, déanfaidh an seolaí na sonraí a iarradh a tharchur gan aon mhoill mhíchuí, laistigh de shé uair an chloig, ar a dhéanaí, ón EPOC a fháil.
3.Mura féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh de bhrí go bhfuil an EPOC neamhiomlán, go bhfuil earráidí follasacha ann nó mura bhfuil dóthain faisnéise ann chun an EPOC a fhorghníomhú, cuirfidh an seolaí é sin in iúl don údarás eisiúna dá dtagraítear san EPOC gan aon mhoill mhíchuí agus iarrfaidh sé soiléiriú, ag úsáid na Foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Cuirfidh sé in iúl don údarás eisiúna arbh fhéidir sainaithint agus caomhnú a dhéanamh mar a leagtar amach i mír 6. Freagróidh an túdarás eisiúna go gasta agus laistigh de chúig lá ar a dhéanaí. Ní bheidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 nó go gcuirfear an soiléiriú ar fáil.
4.Mura féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh de bharr force majeure nó de bharr dodhéantacht de facto nach é an seolaí nó an soláthraí seirbhíse, murab ionann iad, is cúis leo, go háirithe de bhrí nach custaiméir dá gcuid an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg, nó de bhrí gur scriosadh na sonraí sula bhfuarthas an EPOC, cuirfidh an seolaí an túdarás eisiúna dá dtagraítear san EPOC ar an eolas gan mhoill agus míneoidh sé na cúiseanna, agus an Fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III á húsáid aige. Má dhéantar na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh, aistarraingeoidh an túdarás eisiúna an EPOC.
5.I ngach cás nach gcuireann an seolaí an fhaisnéis a iarradh ar fáil, nach gcuireann sé an fhaisnéis ar fáil go huileghabhálach nó nach gcuireann sé an fhaisnéis ar fáil laistigh den sprioc-am, ar chúiseanna eile, cuirfidh sé na cúiseanna atá leis sin in iúl don údarás eisiúna gan aon mhoill mhíchuí agus, ar a dhéanaí, laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 agus úsáid á baint aige as an bhFoirm in Iarscríbhinn III. Déanfaidh an túdarás eisiúna athbhreithniú ar an ordú i bhfianaise na faisnéise a chuir an soláthraí seirbhíse ar fáil agus más gá, socróidh sé sprioc-am nua don soláthraí seirbhíse chun na sonraí a thabhairt ar aird.
I gcás ina measann an seolaí nach bhféadfar an EPOC a fhorghníomhú mar gur léir, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC agus air sin amháin, go sáraíonn sé go follasach Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh nó go bhfuil sé míchuí go follasach, cuirfidh an seolaí an Fhoirm in Iarscríbhinn III chuig an údarás forfheidhmithe inniúil i mBallstát an tseolaí freisin. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh an túdarás forfheidhmithe inniúil soiléiriú ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a lorg ón údarás eisiúna, go díreach trí Eurojust nó tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach.
6.Caomhnóidh an seolaí na sonraí a iarradh, mura dtugann sé na sonraí ar aird láithreach, ach amháin sa chás nach gceadaíonn an fhaisnéis san EPOC dó na sonraí a iarradh a shainaithint, agus sa chás sin lorgóidh sé soiléiriú i gcomhréir le mír 3. Seasfar leis an gcaomhnú nó go dtabharfar na sonraí ar aird, bíodh sin ar bhonn an tsoiléirithe ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus ar an Deimhniú a ghabhann leis, nó ar bhealaí eile, amhail cúnamh dlíthiúil frithpháirteach. Mura bhfuil gá a thuilleadh na sonraí a thabhairt ar aird agus a chaomhnú, cuirfidh an túdarás eisiúna, agus nuair is infheidhme de bhun Airteagal 14(8) an túdarás forfheidhmiúcháin, é sin in iúl don seolaí gan aon mhoill mhíchuí.
Airteagal 10
EPOCPR a fhorghníomhú
1.Ar an EPOCPR a fháil, caomhnóidh an seolaí na sonraí a iarradh, gan aon mhoill mhíchuí. Scoirfear den chaomhnú tar éis 60 lá, mura ndeimhníonn an túdarás eisiúna gur seoladh an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird.
2.Má dheimhníonn an túdarás eisiúna, laistigh den tréimhse ama a leagtar amach i mír 1, gur seoladh an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird, caomhnóidh an seolaí na sonraí chomh fada agus is gá chun na sonraí a tabhairt ar aird a luaithe agus a dhéantar an iarraidh ina dhiaidh sin ar shonraí a thabhairt ar aird a sheirbheáil.
3.Mura bhfuil gá a thuilleadh leis an gcaomhnú, cuirfidh an túdarás eisiúna é sin in iúl don seolaí gan aon mhoill mhíchuí.
4.Mura féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh de bhrí go bhfuil an Deimhniú neamhiomlán, go bhfuil earráidí follasacha ann nó mura bhfuil dóthain faisnéise ann chun an EPOCPR a fhorghníomhú, cuirfidh an seolaí é sin in iúl don údarás eisiúna a leagtar amach san EPOCPR gan aon mhoill mhíchuí agus iarrfaidh sé soiléiriú, ag úsáid na Foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Freagróidh an túdarás eisiúna go gasta agus laistigh de chúig lá ar a dhéanaí. Áiritheoidh an seolaí go bhféadfar an soiléiriú is gá a fháil ar a thaobh féin chun a oibleagáid a chomhlíonadh mar a leagtar amach i mír 1.
5.Mura féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh de bharr force majeure nó de bharr dodhéantacht de facto nach é an seolaí nó an soláthraí seirbhíse, murab ionann iad, is cúis leo, go háirithe de bhrí nach custaiméir dá gcuid an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg, nó de bhrí gur scriosadh na sonraí sula bhfuarthas an tOrdú, rachaidh sé i dteagmháil leis an údarás eisiúna a leagtar amach san EPOCPR gan aon mhoill mhíchuí ag míniú na gcúiseanna, agus an Fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III á húsáid aige. Má dhéantar na coinníollacha sin a chomhlíonadh, aistarraingeoidh an túdarás eisiúna an EPOCPR.
6.Sna cásanna uile nach gcaomhnaíonn an seolaí an fhaisnéis a iarradh, ar chúiseanna eile a liostaítear san Fhoirm in Iarscríbhinn III, cuirfidh an seolaí na cúiseanna atá leis sin in iúl don údarás eisiúna san Fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III gan aon mhoill mhíchuí. Déanfaidh an túdarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú i bhfianaise an údair a thug an soláthraí seirbhíse.
Airteagal 11
Rúndacht agus faisnéis an úsáideora
1.Déanfaidh na seolaithe agus, murab ionann iad, na soláthraithe seirbhíse, na bearta is gá chun rúndacht an EPOC nó an EPOCPR a áirithiú chomh maith le rúndacht na sonraí a thabharfar ar aird nó a chaomhnófar agus nuair a iarrfaidh an túdarás eisiúna sin, staonfaidh siad ón duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg a chur ar an eolas chun nach ndéanfaí na himeachtaí coiriúla ábhartha a bhac.
2.I gcás inar iarr an túdarás eisiúna ar an seolaí staonadh ón duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg a chur ar an eolas, cuirfidh an túdarás eisiúna an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg ag an EPOC ar an eolas faoi na sonraí atá le tabhairt ar aird, gan aon mhoill mhíchuí. Féadfar an fhaisnéis sin a mhoilliú ar feadh na tréimhse ama atá riachtanach agus comhréireach chun nach gcuirfear bac ar na himeachtaí coiriúla ábhartha.
3.Nuair a bheidh an duine á chur ar an eolas, cuirfidh an túdarás eisiúna faisnéis maidir le haon leigheasanna atá ar fáil san áireamh amhail dá dtagraítear in Airteagal 17.
Airteagal 12
Aisíocaíocht costas
Féadfaidh an soláthraí seirbhíse éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht a chuid costas ag an Stát eisiúna, má dhéantar foráil maidir leis sin i gcomhair orduithe intíre i gcásanna den sórt céanna i ndlí náisiúnta an Stáit eisiúna, i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta sin.
Caibidil 3 Smachtbhannaí agus forfheidhmiú
Airteagal 13
Smachtbhannaí
Gan dochar do na dlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil d’fhorchur smachtbhannaí coiriúla, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis airgid is infheidhme ar shárú na noibleagáidí de bhun Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis airgid dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 14
Nós imeachta maidir le forfheidhmiú
1.Mura gcomhlíonann an seolaí an EPOC nó an EPOCPR laistigh den sprioc-am, gan cúiseanna a bhfuil glacadh ag an údarás eisiúna leo a chur ar fáil, féadfaidh an túdarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird leis an EPOC nó an tOrdú Caomhnaithe Eorpach leis an EPOC-ER, chomh maith leis an bhFoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus í comhlánaithe ag an seolaí agus aon doiciméad ábhartha eile a aistriú chuig an údarás inniúil sa Stát forfheidhmiúcháin d’fhonn é a fhorfheidhmiú trí aon mheán atá ábalta taifead i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha a cheadaíonn don údarás forfheidhmiúcháin a bharántúlacht a shuíomh. Chuige sin, déanfaidh an túdarás eisiúna an tOrdú, an Fhoirm agus aon doiciméid a ghabhann leis a aistriú go ceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin agus cuirfidh sé an taistriú in iúl don seolaí.
2.Nuair a fhaightear é, tabharfaidh an túdarás forfheidhmiúcháin, gan tuilleadh foimeáltachtaí, aitheantas don Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó don Ordú Caomhnaithe Eorpach a tarchuireadh i gcomhréir le mír 1 agus déanfaidh sé na bearta is gá chun é a fhorfheidhmiú, mura measann an túdarás forfheidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag ceann de na forais dá bhforáiltear i mír 4 agus i mír 5 nó go bhfuil na sonraí lena mbaineann faoi chosaint ag díolúine nó ag pribhléid faoina dhlí náisiúnta nó go bhféadfadh a nochtadh tionchar a imirt ar a leasanna bunúsacha amhail slándáil náisiúnta agus cosaint. Glacfaidh an túdarás forfheidhmiúcháin an cinneadh aitheantas a thabhairt don Ordú, gan aon mhoill mhíchuí, agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis dó an tOrdú a fháil.
3.I gcás go dtugann an túdarás forfheidhmiúcháin aitheantas don Ordú, cuirfidh sé de cheangal ar an seolaí ar bhealach foirmiúil an oibleagáid ábhartha a chomhlíonadh, á chur in iúl don seolaí go bhféadfar agóid a dhéanamh in aghaidh an fhorfheidhmithe ach na forais a liostaítear i mír 4 agus i mír 5 a agairt, agus cuirfidh sé na smachtbhannaí is infheidhme i gcás neamhchomhlíonadh in iúl dó freisin, agus socróidh sé sprioc-am chun é a comhlíonadh nó chun cur ina aghaidh.
4.Ní fhéadfaidh an seolaí cur in aghaidh fhorfheidhmiú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ach amháin ar bhonn na bhforas seo a leanas:
(a)nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás eisiúna an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4;
(b)nár eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird maidir le cion dá bhforáiltear le hAirteagal 5(4);
(c)nach bhféadfadh an seolaí an EPOC a chomhlíonadh de bharr dodhéantacht de facto nó de bharr force majeure, nó de bhrí go bhfuil earráidí follasacha san EPOC;
(d)nach mbaineann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann ag an am a bhfaighfear EPOC;
(e)nach gcumhdaítear an tseirbhís leis an Rialachán seo;
(f)bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC, agus uirthi sin amháin, gur léir go sáraíonn sé an Chairt go follasach nó go bhfuil sé míchí go follasach.
5.Ní fhéadfaidh an seolaí cur in aghaidh fhorfheidhmiú an Ordaithe Caomhnaithe Eorpaigh ach amháin ar bhonn na bhforas seo a leanas:
(a)nár eisigh nó nár bhailíochtaigh údarás eisiúna an tOrdú Caomhnaithe Eorpach de réir mar a shonraítear in Airteagal 4;
(b)nach bhféadfadh an soláthraí seirbhísí an EPOCPR a chomhlíonadh de bharr dodhéantacht de facto nó de bharr force majeure, nó de bhrí go bhfuil earráidí follasacha san EPOCPR;
(c)nach mbaineann an tOrdú Caomhnaithe Eorpach le sonraí a bhí á stóráil ag an soláthraí seirbhíse ná le sonraí a bhí á stóráil thar a cheann ag am an EPOCPR;
(d)nach gcumhdaítear an tseirbhís faoi raon feidhme an Rialacháin seo;
(e)bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOCPR, agus uirthi sin amháin, gur léir go sáraíonn an EPOCPR an Chairt go follasach nó go bhfuil sé míchuí go follasach.
6.I gcás go ndéanfaidh an seolaí agóid, cinnfidh an túdarás forfheidhmiúcháin an bhfuil sé chun an tOrdú a fhorfheidhmiú ar bhonn na faisnéise a chuir an seolaí ar fáil agus, más gá, ar bhonn faisnéis fhorlíontach a fuarthas ón údarás eisiúna i gcomhréir le mír 7.
7.Sula gcinnfidh sé gan an tOrdú a fhorfheidhmiú i gcomhréir le mír 2 agus le mír 6, rachaidh an túdarás forfheidhmiúcháin i gcomhairle leis an údarás eisiúna ar aon bhealach is cuí. Más cuí, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise ar an údarás eisiúna. Tabharfaidh an túdarás eisiúna freagra ar aon iarraidh den sórt sin laistigh de chúig lá oibre.
8.Cuirfear na cinntí go léir in iúl láithreach don údarás eisiúna agus don seolaí trí aon mheán atá ábalta taifead i scríbhinn a sholáthar.
9.Má fhaigheann an túdarás forfheidhmiúcháin na sonraí ón seolaí, déanfaidh sé iad a tharchur chuig an údarás eisiúna laistigh de dhá lá oibre, ach amháin sa chás go bhfuil na sonraí atá i gceist faoi chosaint ag díolúine nó ag pribhléid faoina dhlí intíre féin nó go bhfuil tionchar acu ar a leasanna bunúsacha amhail slándáil náisiúnta agus cosaint. Ina leithéid de chás, cuirfidh sé na cúiseanna nár tarchuireadh na sonraí in iúl don údarás eisiúna.
10.I gcás nach gcomhlíonann an seolaí a chuid oibleagáidí faoi Ordú aitheanta a bhfuil a in-fhorfheidhmitheacht deimhnithe ag an údarás forfheidhmiúcháin, forchuirfidh an túdarás sin pionós airgid i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. Beidh leigheas breithiúnach éifeachtach ar fáil in aghaidh an chinnidh maidir le fíneáil a fhorchur.
Caibidil 4 Leigheasanna
Airteagal 15
Nós imeachta maidir le hathbhreithniú i gcás easaontachtaí oibleagáidí bunaithe ar chearta bunúsacha nó ar leasanna bunúsacha tríú tír.
1.Má mheasann an seolaí go mbeadh easaontacht idir comhlíonadh an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus na dlíthe is infheidhme i dtríú tír, ar dlíthe iad a thoirmeascann nochtadh na sonraí lena mbaineann ar na forais go bhfuil sin riachtanach chun cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha na ndaoine aonair lena mbaineann nó do leasanna bunúsacha an tríú tír, ar leasanna iad a bhaineann le slándáil náisiúnta nó le cosaint, cuirfidh sé na cúiseanna atá aige gan an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a fhorghníomhú in iúl don údarás eisiúna i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(5).
2.Beidh na sonraí ábhartha ar fad a bhaineann le dlí an tríú tír san áireamh san agóid réasúnaithe, chomh maith lena infheidhmeacht i dtaca leis an gcás i dtrácht agus cineál na heasaontachta oibleagáide. Ní fhéadfar é a bhunú ar an bhfíric nach bhfuil forálacha den sórt céanna maidir le coinníollacha, foirmeálachtaí, agus nósanna imeachta a bhaineann le hordú chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint i ndlí infheidhme an tríú stáit, ná ar an gcúinse go bhfuil na sonraí á stóráil i dtríú tír agus ar an gcúinse sin amháin.
3.Déanfaidh an túdarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar bhonn na hagóide réasúnaithe. Má tá sé ar intinn ag an údarás eisiúna seasamh leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, iarrfaidh sé go ndéanfadh an chúirt inniúil ina Bhallstát athbhreithniú air. Cuirfear forghníomhú an Ordaithe ar fionraí nó go mbeidh an nós imeachta athbhreithnithe curtha i gcrích.
I dtús báire, déanfaidh an chúirt inniúil measúnú chun a fháil amach an bhfuil easaontacht ann, bunaithe ar scrúdú a dhéanamh
(a)maidir le cé acu an bhfuil feidhm ag dlí an tríú tír nó nach bhfuil, bunaithe ar chúinsí sonracha an cháis i dtrácht agus má tá,
(a)toirmisctear le dlí an tríú tír nochtadh na sonraí lena mbaineann, nuair a fheidhmítear é maidir le cúinsí sonracha an cháis i dtrácht.
4.Agus an measúnú sin á dhéanamh aici, ba cheart don chúirt a chur san áireamh an bhfuil dlí an tríú tír beartaithe go follasach chun leasanna eile a chosaint nó an bhfuil sé dírithe ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chumhdach ó iarrataí forfheidhmithe dlí i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla, seachas a bheith beartaithe chun cosaint a thabhairt do chearta bunúsacha, nó do leasanna tríú tír i dtaca le slándáil náisiúnta nó le cosaint.
5.Má chinneann an chúirt inniúil nach ann d’aon easaontacht ábhartha de réir bhrí mhír 1 agus mhír 2, seasfaidh sí leis an Ordú. Má shuíonn an chúirt inniúil gur ann d’easaontacht ábhartha laistigh de bhrí mhír 1 agus mhír 4, tarchuirfidh an chúirt inniúil an fhaisnéis fhíriciúil agus dhlíthiúil go léir atá ábhartha maidir leis an gcás, lena náirítear an measúnú a rinneadh ar an gcás, chuig na húdaráis lárnacha sa tríú tír lena mbaineann, trína húdarás náisiúnta lárnach, agus sprioc-am 15 lá ann chun freagra a thabhairt. Féadfar síneadh 30 lá a chur leis an sprioc-am, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás lárnach an tríú tír.
6.Má chuireann údarás lárnach an tríú tír in iúl don chúirt inniúil, laistigh den sprioc-am, go bhfuil sé ag déanamh agóide in aghaidh fhorghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird sa chás seo, cuirfidh an chúirt inniúil an tOrdú i leataobh agus cuirfidh sí é sin in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí. Mura bhfaighfear aon agóid laistigh den sprioc-am (fadaithe), cuirfidh an chúirt inniúil meabhrúchán chuig an tríú tír lena dtabharfar cúig lá breise dó chun freagra a thabhairt agus ag cur na niarmhairtí a bhaineann le gan freagra a thabhairt in iúl dó. Mura bhfaighfear aon agóid laistigh den sprioc-am fadaithe sin, seasfaidh an chúirt inniúil leis an Ordú.
7.Má chinneann an chúirt inniúil go seasfar leis an Ordú, cuirfidh sí é sin in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí, agus rachaidh siadsan ar aghaidh le forghníomhú an Ordaithe.
Airteagal 16
Nós imeachta i gcomhair athbhreithniú i gcás easaontacht oibleagáidí bunaithe ar fhorais eile
1.Má mheasann an seolaí go mbeadh easaontacht idir comhlíonadh an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus na dlíthe is infheidhme i dtríú tír, ar dlíthe iad a thoirmeascann nochtadh na sonraí lena mbaineann ar fhorais eile seachas na forais dá dtagraítear in Airteagal 15, cuirfidh sé na cúiseanna atá aige gan an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a fhorghníomhú in iúl don údarás eisiúna i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(5).
2.Caithfidh na sonraí ábhartha ar fad a bhaineann le dlí an tríú tír a bheith san áireamh san agóid réasúnaithe, chomh maith lena infheidhmeacht i dtaca leis an gcás i dtrácht agus cineál na heasaontachta oibleagáide. Ní fhéadfar é a bhunú ar an bhfíric nach bhfuil forálacha den sórt céanna maidir le coinníollacha, foirmeálachtaí, agus nósanna imeachta a bhaineann le hordú chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint i ndlí infheidhme an tríú stáit, ná ar an gcúinse go bhfuil na sonraí á stóráil i dtríú tír agus ar an gcúinse sin amháin.
3.Déanfaidh an túdarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar bhonn na hagóide réasúnaithe. Má tá sé ar intinn ag an údarás eisiúna seasamh leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, iarrfaidh sé go ndéanfadh an chúirt inniúil ina Bhallstát athbhreithniú air. Cuirfear forghníomhú an Ordaithe ar fionraí nó go mbeidh an nós imeachta athbhreithnithe curtha i gcrích.
4.I dtús báire, déanfaidh an chúirt inniúil measúnú chun a fháil amach an bhfuil easaontacht ann, bunaithe ar scrúdú a dhéanamh
(a)maidir le cé acu an bhfuil feidhm ag dlí an tríú tír nó nach bhfuil, bunaithe ar chúinsí sonracha an cháis i dtrácht agus má tá,
(b)toirmisctear le dlí an tríú tír nochtadh na sonraí lena mbaineann, nuair a fheidhmítear é maidir le cúinsí sonracha an cháis i dtrácht.
5. Má chinneann an chúirt inniúil nach ann d’aon easaontacht ábhartha de réir bhrí mhír 1 agus mhír 2, seasfaidh sí leis an Ordú. Má shuíonn an chúirt inniúil go dtoirmisctear le dlí an tríú tír nochtadh na sonraí lena mbaineann, nuair a fheidhmítear é maidir le cúinsí sonracha an cháis atá faoi scrúdú, cinnfidh an chúirt inniúil seasamh leis an Ordú nó é a aistarraingt ar bhonn na dtosca seo a leanas go háirithe:
(a)an leas atá á chosaint ag dlí ábhartha an tríú tír, lena náirítear an leas atá ag an tríú tír i dtaca le nochtadh na sonraí a chosc;
(b)méid an naisc atá idir an cás coiriúil ar eisíodh an tOrdú ina leith agus aon cheann den dá dhlínse, mar atá léirithe inter alia ag:
suíomh, náisiúntacht agus áit chónaithe an duine a bhfuil a chuid sonraí á lorg agus/ nó suíomh, náisiúntacht agus áit chónaithe an íospartaigh/na níospartach,
an áit a ndearnadh an cion coiriúil i dtrácht;
(c)méid an naisc atá idir an soláthraí seirbhíse agus an tríú tír i dtrácht; sa chomhthéacs sin, ní leor suíomh stóráil na sonraí ann féin chun nasc substaintiúil a shuíomh;
(d)leasanna an Stáit imscrúdaithe, ar leasanna iad a bhaineann leis an bhfianaise lena mbaineann a fháil, bunaithe ar thromchúis an chiona agus ar an tábhacht a bhaineann le fianaise a fháil ar bhealach tapa;
(e)na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don seolaí nó don soláthraí seirbhíse dá ndéanfaidís an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chomhlíonadh, lena náirítear na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a thabhú.
6.Má chinneann an chúirt inniúil an tOrdú a chur i leataobh, cuirfidh sí é sin in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí. Má chinneann an chúirt inniúil go seasfar leis an Ordú, cuirfidh sí é sin in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí, agus rachaidh siadsan ar aghaidh le forghníomhú an Ordaithe.
Airteagal 17
Leigheasanna éifeachtacha
1.Beidh sé de cheart ag daoine atá faoi dhrochamhras agus ag daoine atá cúisithe agus a bhfuarthas a gcuid sonraí trí Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird leigheasanna éifeachtacha a fháil in aghaidh an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird le linn na nimeachtaí coiriúla ar eisíodh an tOrdú ina leith, gan dochar do na leigheasanna atá ar fáil faoi Threoir (AE) 2016/680 agus faoi Rialachán (AE) 2016/79.
2.Nuair nach duine atá faoi dhrochamhras ná duine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla ar eisíodh an tOrdú ina leith an duine a bhfuarthas a chuid sonraí, beidh sé de cheart ag an duine sin leigheasanna éifeachtacha a fháil in aghaidh an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird sa Stát eisiúna, gan dochar do na leigheasanna atá ar fáil faoi Threoir (AE) 2016/680 agus faoi Rialachán (AE) 2016/679.
3.Déanfar ceart den sórt sin chun leigheas éifeachtach a fháil a fheidhmiú os comhair cúirte sa Stát eisiúna i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus cuirfear san áireamh ann an fhéidearthacht a bhaineann le cur in aghaidh dhlíthiúlacht an bhirt, lena náirítear a riachtanas agus a chomhréireacht.
4.Gan dochar d’Airteagal 11, déanfaidh an túdarás eisiúna na bearta cuí lena áirithiú go gcuirfear faisnéis ar fáil maidir leis na féidearthachtaí, faoin dlí náisiúnta, a bhaineann le leigheasanna a lorg agus áiritheoidh sé go bhféadfar iad a fheidhmiú go héifeachtach.
5.Beidh feidhm ag na sprioc-amanna céanna nó ag na coinníollacha eile a bhaineann le leigheas a lorg i gcásanna intíre den sórt céanna anseo agus ar bhealach a ráthaíonn feidhmiú éifeachtach na leigheasanna sin i gcomhair na ndaoine lena mbaineann.
6.Gan dochar do na rialacha nós imeachta náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás imeachtaí coiriúla sa Stát eisiúna, go nurramófar cearta an chosanta agus cothroime na nimeachtaí nuair a bhíonn fianaise a fuarthas tríd an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird á meas.
Airteagal 18
Pribhléidí agus díolúintí a áirithiú faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin
Má tá sonraí idirbheartaíochta nó sonraí inneachair a fuarthas tríd an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird faoi chosaint ag díolúintí agus ag pribhléidí arna ndeonú faoi dhlí Bhallstát an tseolaí, nó má tá tionchar acu ar leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin amhail slándáil náisiúnta agus cosaint, áiritheoidh an chúirt sa Stát eisiúna le linn na nimeachtaí coiriúla ar eisíodh an tOrdú ina leith go gcuirfear na forais sin san áireamh ar an mbealach céanna agus a chuirfí san áireamh iad dá mbeadh foráil déanta dóibh faoina ndlí náisiúnta nuair atá ábharthacht agus inghlacthacht na fianaise i dtrácht á meas. Féadfaidh an chúirt dul i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit ábhartha, an Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla nó Eurojust.
Caibidil 5 Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 19
Faireachán agus tuairisciú
1.Faoi [dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. Leagfar amach sa chlár faireacháin na bealaí ina ndéanfar agus na heatraimh ag a ndéanfar na sonraí agus an fhianaise eile atá riachtanach a bhailiú. Sonrófar ann an gníomh a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir leis na sonraí agus le fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.
2.Ar aon chaoi, baileoidh na Ballstáit staitisticí cuimsitheacha ó na húdaráis ábhartha agus coinneoidh siad iad. Cuirfear na sonraí a bhaileofar don bhliain féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 31 Márta agus beidh an méid seo a leanas san áireamh iontu:
(a)an líon EPOCanna agus EPOCPRanna a eisíodh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na soláthraithe seirbhíse ar díríodh orthu agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(b)an líon EPOCanna a comhlíonadh agus nár comhlíonadh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na soláthraithe seirbhíse ar díríodh orthu agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(c)i gcás EPOCanna a comhlíonadh, an meánfhad ama a thóg sé na sonraí iarrtha a fháil ón nóiméad a eisíodh an EPOC go dtí an nóiméad a bhfuarthas na sonraí, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an tsoláthraí seirbhíse ar díríodh air agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(d)an líon Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a tarchuireadh agus a fuarthas i gcomhair forfheidhmiú chuig Stát forfheidhmiúcháin de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na soláthraithe seirbhíse ar díríodh orthu agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile) agus an líon díobh a comhlíonadh;
(e)an líon leigheasanna dlíthiúla in aghaidh Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird sa Stát eisiúna agus sa Stát forfheidhmiúcháin de réir na gcineálacha sonraí a iarradh.
Airteagal 20
Leasuithe ar na Deimhnithe agus ar na Foirmeacha
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21 chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú ar mhaithe le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le feabhas maidir le hinneachar foirmeacha EPOC agus foirmeacha EPOCPR agus foirmeacha a úsáidfear chun faisnéis a sholáthar maidir leis an dodhéantacht a bhaineann le EPOC nó EPOCPR a fhorghníomhú.
Airteagal 21
Tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 22
Fógraí
1.Faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] cuirfidh gach Ballstáit ar leith an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún:
(a)na húdaráis atá, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4 chun Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a eisiúint agus/nó a bhailíochtú;
(b)an túdarás nó na húdaráis forfheidhmiúcháin atá inniúil chun Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a fhorfheidhmiú thar ceann Ballstát eile;
(c)na cúirteanna atá inniúil chun déileáil le hagóidí réasúnaithe ó sheolaithe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16.
2.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas faoin Airteagal seo ar fáil don phobal, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe nó sin ar shuíomh gréasáin an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 9 de Chinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle.
Airteagal 23
An Gaol le hOrduithe Imscrúdaithe Eorpacha
Féadfaidh údaráis na mBallstát leanúint de bheith ag eisiúint Orduithe Imscrúdaithe Eorpacha i gcomhréir le Treoir 2014/41/AE maidir le bailiú fianaise a thiocfadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin.
Airteagal 24
Meastóireacht
Faoina [cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena náirítear measúnú ar an ngá atá lena raon feidhme a leathnú. Más gá, beidh bearta reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil. Déanfar an mheastóireacht a reáchtáil i gcomhréir le treoracha rialála níos fearr an Choimisiúin. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun an Tuarascáil sin a ullmhú ar fáil don Choimisiún.
Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [sé mhí tar éis a theacht i bhfeidhm].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán