Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Oideachas

Le hAirteagal 14 de Chairt an Aontais Eorpaigh (AE) um Chearta Bunúsacha sonraítear “go bhfuil an ceart chun oideachais ag gach duine agus chun rochtain a fháil acu ar oiliúint leanúnach agus ar ghairmoiliúint”.

Tá Ballstáit AE freagrach as a gcórais oideachais agus oiliúna féin a eagrú agus as ábhar na gclár teagaisc. Faoi Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuireann an tAontas Eorpach le forbairt oideachais ardchaighdeáin trí chomhar idir a Bhallstáit a spreagadh agus a éascú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus cur léi.

Le buiséad de níos mó ná €28 billiún, maoinítear as an gclár nua Erasmus+ (2021-2027) tionscadail maidir le hoideachas agus oiliúint, chomh maith le bearta i bhfabhar na hóige agus an spóirt.

Ina theannta sin, tá na 27 Ballstát agus an Coimisiún Eorpach ag obair i dtreo feabhas fairsing a dhéanamh ar earnáil oideachais agus oiliúna an Aontais Eorpaigh. Tugtar limistéar Eorpach oideachais (LEO) ar an bhfís chomhroinnte seo, agus tá sé mar aidhm leis fíorspás foghlama Eorpach a chruthú, a rachaidh chun tairbhe gach foghlaimeora, múinteora agus institiúide, faoi 2025, tríd an méid seo a leanas:

  • feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais agus na hoiliúna do gach uile dhuine;
  • cuimsiú agus comhionannas inscne a áirithiú;
  • beartais agus infheistíochtaí a chur chun cinn chun an t–aistriú glas agus an t–aistriú digiteach a chur i bhfeidhm;
  • inniúlacht agus spreagadh i ngairm an oideachais a fheabhsú;
  • institiúidí ardoideachais a threisiú;
  • foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht a chur chun cinn; agus
  • gné gheopholaitiúil an LEO a neartú.

FÉACH FREISIN

Barr