EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coiste Idir–réitigh

Faoin ngnáthnós imeachta reachtach (comhchinnteoireacht), féadfar Coiste Idir–réitigh a chur ar bun, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 294 (10) den Chonradh um Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), más gá, chun teacht ar chomhaontú ar reachtaíocht mholta idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

Tá an Coiste comhdhéanta de bhaill na Comhairle (nó a n–ionadaithe) agus líon cothrom ball de Pharlaimint na hEorpa.

Déanann Uachtarán na Parlaiminte agus Uachtarán na Comhairle chomhchathaoirleacht air, agus tá sé mar aidhm aige teacht ar chomhaontú ar théacs comhpháirteach bunaithe ar sheasaimh an dá institiúid ag dara léamh nós imeachta reachtaigh.

Glacann an Coimisiún páirt ina imeachtaí d’fhonn na seasaimh éagsúla a chomhréiteach.

Ní mór don Choiste téacs comhpháirteach a ghlacadh laistigh de 6 seachtaine i ndiaidh a thionóil, seachas sin measfar nár glacadh an reachtaíocht mholta. Má fhaomhann an Coiste é, ní foláir go nglacfar an téacs comhpháirteach ina dhiaidh sin mar seo a leanas:

  • le tromlach glan de vótaí na Parlaiminte;
  • le tromlach glan de vótaí na Comhairle.

Mura ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an téacs comhpháirteach a d’fhaomh an Coiste, measfar nár glacadh an reachtaíocht mholta.

Má thionóltar Coiste Idir–réitigh maidir le cúrsaí buiséid beidh rialacha faoi leith i réim.

FÉACH FREISIN

Top