EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Margaí airgeadais a rialáiltear níos fearr agus atá trédhearcach

Margaí airgeadais a rialáiltear níos fearr agus atá trédhearcach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Dá ngairtear an treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID II), is é is aidhm léi margaí airgeadais san Aontas Eorpach (AE) a dhéanamh níos láidre agus níos trédhearcaí.
  • Cruthaítear léi creat dlíthiúil nua ina ndéantar rialáil níos fearr ar infheistíocht agus ar ghníomhaíochtaí trádála ar mhargaí airgeadais agus ina bhfeabhsaítear cosaint infheisteoirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • 1.
    A áirithiú go ndéanfar táirgí airgeadais a thrádáil ar ionaid rialáilte

    Tá sé mar aidhm leis bealaí éalaithe a dhúnadh i struchtúr na margaí airgeadais. Bunaítear ardán trádála rialáilte nua chun uasmhéid na dtrádálacha neamhrialáilte a ghabháil: an tsaoráid trádála eagraithe (OTF)*, atá ann in éineacht le hairgeadraí trádála eile amhail margaí rialáilte.

  • 2.
    Méadú ar thrédhearcacht

    Déantar sna rialacha riachtanais follasacha a neartú atá i bhfeidhm roimh agus i ndiaidh ionstraimí airgeadais a thrádáil, mar shampla nuair a éilítear ar rannpháirtithe margaidh faisnéis faoi phraghsanna ionstraimí airgeadais a fhoilsiú. Calabraítear na rialacha sin de réir cineál na hionstraime airgeadais atá i gceist.

  • 3.
    Teorainn a chur ar amhantraíocht ar thráchtearraí

    Amhantraíocht ar thráchtearraí — cleachtas airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le mearardú praghsanna táirgí bunúsacha (amhail táirgí talmhaíochta) — cuirtear srian air sin trí chóras comhchuibhithe AE a thabhairt isteach, córas a chuireann teorainneacha ar shuíomhanna i sealbhú i ndíorthaigh tráchtearraí. Cuirtear ar chumas na n–údarás náisiúnta teorainn a chur ar mhéid an tsuímh ar féidir le rannpháirtithe margaidh a shealbhú i ndíorthaigh tráchtearraí.

  • 4.
    Rialacha a oiriúnú do theicneolaíochtaí nua

    Faoi na rialacha nua, ní mór rialuithe a bhunú maidir le gníomhaíochtaí trádála a dhéantar go leictreonach ag luas an-ard, amhail trádáil ardmhinicíochta*. Maolaítear rioscaí féideartha ar an úsáid mhéadaithe teicneolaíochta trí theaglaim rialacha atá dírithe lena chinntiú nach gcruthaíonn na teicnicí trádála sin margaidh mhí–ordúil.

  • 5.
    Cosaint na n–infheisteoirí a neartú

    Ba chóir do ghnólachtaí infheistíochta feidhmiú de réir leasa is fearr na gcliant acu agus seirbhísí infheistíochtaí á dtabhairt dóibh. Ba chóir do na gnólachtaí sin acmhainní a gcuid cliant a ráthú nó cinntiú go bhfuil na táirgí a dhéanann siad, a thairiscíonn siad nó a mholann siad ceaptha le riachtanais na gcliant deiridh a chomhlíonadh. Tabharfar tuilleadh faisnéise faoi tháirgí agus faoi sheirbhísí atá á dtairiscint nó á moladh d’infheisteoirí. Thairis sin, ní mór do ghnóthais a áirithiú nach ndéanfar pá nó dreasachtaí na mball foirne, arna bhfáil ag na gnólachtaí nó arna n–íoc leis na gnólachtaí chun táirge airgeadais ar leith a mholadh a eagrú ar bhealach a théann i gcoinne leasanna na gcliant.

  • 6.
    Caipiteal tosaigh

    Le Treoir leasaitheach (AE) 2019/2034 maidir le maoirsiú stuamachta gnólachtaí (féach an achoimre) comhchuibhítear an leibhéal caipitil tosaigh atá de dhíth ar ghnólachtaí a oibríonn OFTanna agus saoráidí trádála iltaobhacha* (MFTanna).

  • 7.
    Údarú agus maoirseacht

    Tá an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) freagrach as gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí tuairiscithe sonraí a sholáthar a údarú agus a mhaoirsiú, i ndiaidh leasuithe arna dtabhairt isteach le Treoir (AE) 2019/2177.

  • 8.
    Soláthraithe sluachistiúcháin

    Tá daoine dlítheanacha atá údaraithe mar sholáthraithe seirbhíse sluachistiúcháin faoi Rialachán (AE) 2020/1503 eisiata ó raon feidhme Threoir 2014/65/AE.

  • 9.
    Margaí fáis fiontar beag agus meánmhéide

    Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2115 tugtar isteach rialacha nua chun úsáid margaí fáis fiontar beag agus meánmhéide (FBM), cineál nua ionad trádála a cruthaíodh faoi Threoir 2014/65/AE agus fochatagóir de MTFanna, a chur chun cinn go gníomhach. Dearadh iad chun rochtain ar chaipiteal FBManna a fheabhsú agus chun cuidiú leo fás, agus chun forbairt na sainmhargaí atá ag freastal ar riachtanais eisitheoirí FBM a bhfuil sé de chumas acu fás a spreagadh.

  • 10.
    Paindéim COVID-19

    Chun cuidiú le téarnamh ón bpaindéim, simplíodh le Treoir leasaitheach (AE) 2021/338 rialacha áirithe MiFID arbh dhóigh nach raibh siad úsáideach nó go raibh siad ró–ualach. Tá an tuairisciú tréimhsiúil le bheith foilsithe ag ionaid trádála agus feidhmithe agus inmheánaitheoirí córasacha* curtha ar fionraí go dtí Feabhra 2023. Tugadh roinnt athruithe isteach leis an ngníomh leasaitheach chomh maith ar an gcóras teorann suímh do dhíorthaigh tráchtearraí chun tacú le teacht chun cinn agus fás mhargaí na ndíorthach tráchtearraí atá ainmnithe in euro.

  • 11.
    Athléimneacht dhigiteach oibríochtúil

    Le Treoir leasaitheach (AE) 2022/2556 déantar rialacha na treorach, agus roinnt treoracha gaolmhara eile, a ailíniú leis na ceanglais maidir le riosca TFC le haghaidh eintitis airgeadais a leagtar amach sa rialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil na hearnála airgeadais (DORA), Rialachán (AE) 2022/2554 (féach achoimre).

Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

Glacadh sraith de ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach lena n-áirítear na cinn seo a leanas.

  • Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593, arna leasaíodh ag Treoir Tharmligthe (AE) 2021/1269, a bhíonn ag plé le gnéithe cosanta infheisteora:
    • cistí agus ionstraimí airgeadais cliant a chosaint;
    • rialachas táirgí*;
    • cúiteamh airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta; agus
    • comhtháthú tosca inbhuanaitheachta sna hoibleagáidí rialachais táirgí.
  • Treoir Tharmligthe (AE) 2017/565 ar cheanglais eagraíochta agus coinníollacha oibriúcháin gnólachtaí infheistíochta, arna leasaíodh ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1253 i dtaobh comhtháthú tosca inbhuanaitheachta, rioscaí agus tosaíochtaí agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1254 maidir le ceanglais eagraíochta agus dálaí oibriúcháin gnólachtaí infheistíochta.
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/824 maidir le caighdeáin theicniúla chun cur síos ar fheidhmiú MFTanna agus OFTanna agus a bhfógra go ESMA.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’ éigean an treoir a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta faoin 3 Iúil 2017 agus tá na rialacha i bhfeidhm ón 3 Eanáir 2018 (curtha siar 1 bhliain le Treoir (AE) 2016/1034).

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Saoráid trádála eagraithe. Córas iltaobhach nach margadh rialáilte ná saoráid trádála iltaobhach é (féach thíos) agus ina bhfuil iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh in ann idirghníomhú sa chóras ar shlí a mbeidh conradh i gcomhréir le Teideal II de MiFID II mar thoradh air.
Trádáil ardmhinicíochta. Cineál trádála ina n–úsáidtear ríomhchláir chun trádálacha a dhéanamh ar ardluas ag baint úsáid as sonraí airgeadais a nuashonraítear go tapa.
Saoráid trádála iltaobhach. Saoráid ina mbíonn go leor leasanna trádála ceannaigh agus díola tríú páirtithe in uirlisí airgeadais in ann idirghníomhú sa chóras.
Inmheánaitheoir córasach. Gnólachtaí infheistíochta is ea inmheánaitheoirí córasacha a dhéileálann ar a gcuntas féin agus orduithe cliant á ndéanamh acu lasmuigh de mhargadh rialáilte, de shaoráid trádála iltaobhach nó de shaoráid trádála eagraithe gan córas iltaobhach a oibriú, ar bhonn eagraithe, rialta, córasach agus substaintiúil.
Rialachas táirgí. Cinntítear leis sin go ngníomhóidh gnóthais a dhéanann agus a dháileann ionstraimí airgeadais agus taiscí struchtúrtha ar mhaithe lena gcliaint.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349–496).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/65/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach leis an leagan comhdhlúite seo.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 153–163).

Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 1–79).

Rialachán (AE) Uimh. 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lgh. 1–49).

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/593 ón gCoimisiún an 7 April 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus cistí de chuid cliant a chosaint, oibleagáidí um rialachas táirgí agus na rialacha is infheidhme maidir le soláthar nó fáil táillí, coimisiún nó sochar airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta ar bith (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 500–517).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 April 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais eagrúcháin agus dálaí oibríochta i gcomhair gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí mínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 1–83).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/824 an 25 May 2016 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar ábhar agus ar fhormáid an chur síos ar fheidhmiú saoráidí trádála iltaobhacha agus saoráidí trádála eagraithe agus an fógra chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí de réir Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (IO L 137, 26.5.2016, lgh. 10–16).

Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Iúil 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lgh. 84–119).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 20.06.2023

Barr