EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R1001R(07)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (códú) (IO L 154, 16.6.2017)

ST/12369/2023/INIT

Dz.U. L, 2023/90035, 19.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1001/corrigendum/2023-10-19/oj (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1001/corrigendum/2023-10-19/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2017/1001

19.10.2023

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (códú)

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 154 an 16 Meitheamh 2017 )

1.

Ar leathanach 1, an teideal

in ionad:

‘maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh’,

léitear:

‘maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh’.

2.

Ar leathanach 2, aithris 4, an dara habairt

in ionad:

‘Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal cháilíocht aonadach an trádmhairc de chuid AE mar atá sonraithe ar an mbealach sin ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo.’,

léitear:

‘Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal cháilíocht aonadach an trádmhairc AE mar atá sonraithe ar an mbealach sin ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo.’.

3.

Ar leathanach 2, aithris 12, an chéad abairt

in ionad:

‘D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht iomlán le prionsabal na tosaíochta a áirithiú, ar prionsabal é ina dtugtar tosaíocht do thrádmharc níos luaithe cláraithe ar thrádmharcanna a cláraíodh níos déanaí, is gá foráil a dhéanamh go mbeadh forghníomhú na gceart a thugann trádmharc de chuid AE gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh sular comhdaíodh an trádmharc de chuid AE nó roimh dháta tosaíochta trádmhairc de chuid AE.’,

léitear:

‘Chun deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht iomlán le prionsabal na tosaíochta a áirithiú, ar prionsabal é ina dtugtar tosaíocht do thrádmharc cláraithe a bhí ann níos luaithe ar thrádmharcanna cláraithe a tháinig níos déanaí, is gá foráil a dhéanamh go mbeadh forghníomhú na gceart a thugann trádmharc de chuid AE gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh sular comhdaíodh an trádmharc AE nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc AE.’.

4.

Ar leathanach 3, aithris 15

in ionad:

‘...i gcás ina dtagann earraí den sórt sin ó thríú tíortha agus ina mbíonn trádmharc orthu, gan údarú, atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an trádmharc de chuid AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin.’,

léitear:

‘...i gcás ina dtagann earraí den sórt sin ó thríú tíortha agus ina mbíonn trádmharc orthu, gan údarú, atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an trádmharc AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin.’.

5.

Ar leathanach 3, aithris 17

in ionad:

‘Chun an gá atá le forghníomhú éifeachtach ceart trádmharcanna a áirithiú agus an riachtanas atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála in earraí dlisteanacha a réiteach, ba cheart go rachadh teidlíocht dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE as feidhm i gcás, le linn imeachtaí ina dhiaidh sin arna dtionscnamh os comhair na cúirte um thrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (“cúirt um thrádmharcanna de chuid AE”) atá inniúil chun cinneadh substainteach a dhéanamh maidir lenar sáraíodh an trádmharc de chuid AE nó nár sáraíodh, ina bhfuil dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí in ann a chruthú nach bhfuil dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal cosc a chur ar earraí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.’,

léitear:

‘Chun an gá atá le forghníomhú éifeachtach ceart trádmharcanna a áirithiú agus an riachtanas atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála in earraí dlisteanacha a réiteach, ba cheart go rachadh teidlíocht dhílseánach an trádmhairc AE sin as feidhm i gcás, le linn imeachtaí ina dhiaidh sin arna dtionscnamh os comhair na cúirte um thrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (“cúirt um thrádmharcanna de chuid AE”) atá inniúil chun cinneadh substainteach a dhéanamh maidir lenar sáraíodh an trádmharc AE nó nár sáraíodh, ina bhfuil dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí in ann a chruthú nach bhfuil dílseánach an trádmhairc AE sin i dteideal cosc a chur ar earraí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.’.

6.

Ar leathanach 3, aithris 21, an dara habairt

in ionad:

‘D'fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le trádainmneacha agus trádmharcanna de chuid AE i gcás coinbhleachtaí, toisc go ndeonaítear cosaint neamhshrianta go rialta do thrádainmneacha i gcoinne trádmharcanna níos déanaí, ba cheart a mheas nach n-áirítear le húsáid den sórt sin ach amháin úsáid ainm pearsanta an tríú páirtí.’,

léitear:

‘Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le trádainmneacha agus trádmharcanna de chuid AE i gcás coinbhleachtaí, toisc go ndeonaítear cosaint neamhshrianta go rialta do thrádainmneacha i gcoinne trádmharcanna a tháinig níos déanaí, ba cheart a mheas nach n-áirítear le húsáid den sórt sin ach úsáid ainm pearsanta an tríú páirtí.’.

7.

Ar leathanach 4, aithris 22

in ionad:

‘... ina bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann go gcuirfeadh an dílseánach i gcoinne tuilleadh tráchtálaithe ar na hearraí.’,

léitear:

‘... ina bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann go ndéanfadh an dílseánach freasúra i gcoinne tráchtáil bhreise a dhéanamh ar na hearraí.’.

8.

Ar leathanach 4, aithris 23

in ionad:

‘D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus cearta trádmhairc a gnóthaíodh go dlisteanach a chosaint, is iomchuí agus is gá go leagfaí síos, gan dochar don phrionsabal nach féidir an trádmharc níos déanaí a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc níos luaithe, nár cheart go mbeadh dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE i dteideal cur i gcoinne úsáid trádmhairc níos déanaí más rud é gur gnóthaíodh an trádmharc níos déanaí tráth nárbh fhéidir an trádmharc níos luaithe a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc níos déanaí.’,

léitear:

‘Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus cearta trádmhairc a gnóthaíodh go dlisteanach a chosaint, is iomchuí agus is gá go leagfaí síos, gan dochar don phrionsabal nach féidir an trádmharc a tháinig níos déanaí a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc a bhí ann níos luaithe, nár cheart go mbeadh dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE i dteideal freasúra a dhéanamh i gcoinne úsáid trádmhairc a tháinig níos déanaí más rud é gur gnóthaíodh an trádmharc a tháinig níos déanaí tráth nárbh fhéidir an trádmharc a bhí ann níos luaithe a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc a tháinig níos déanaí.’.

9.

Ar leathanach 5, aithris 34, an tríú habairt

in ionad:

‘...atá saor in aisce chun na ceanglais shonracha a thagann as cáilíocht aonadach an trádmhairc de chuid AE a chomhlíonadh.’,

léitear:

‘...atá saor in aisce chun na ceanglais shonracha a thagann as cáilíocht aonadach an trádmhairc AE a chomhlíonadh.’.

10.

Ar leathanach 6, aithris 39, an dara habairt

in ionad:

‘...agus méid an mhargaidh a chumhdaítear leis an trádmharc de chuid AE agus riachtanais fiontar beag agus meánmhéide á gcur san áireamh freisin; agus sa tríú háit, go ndéantar cearta dílseánach trádmhairc de chuid AE a fhorghníomhú go héifeachtúil sna Ballstáit.’,

léitear:

‘...agus méid an mhargaidh a chumhdaítear leis an trádmharc AE agus riachtanais fiontar beag agus meánmhéide á gcur san áireamh freisin; agus sa tríú háit, go ndéantar cearta dílseánach trádmhairc de chuid AE a fhorghníomhú go héifeachtúil sna Ballstáit.’.

11.

Ar leathanach 6, aithris 40

in ionad:

‘... i ndáil leis na mionsonraí a shonrú maidir leis na nósanna imeachta chun cur i gcoinne a chomhdú ...’,

léitear:

‘... i ndáil leis na mionsonraí a shonrú maidir leis na nósanna imeachta freasúra a chomhdú ...’.

12.

Ar leathanach 6, aithris 45

in ionad:

‘... i ndáil leis na mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta a shonrú i dtaobh cur i gcoinne a chomhdú ...’,

léitear:

‘...i ndáil leis na mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta a shonrú i dtaobh freasúra a chomhdú ...’.

13.

Ar leathanach 9, Airteagal 8(1)

in ionad:

‘1.   Má chuireann dílseánach trádmhairc níos luaithe ina choinne, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith:

(a)

má tá sé comhionann leis an trádmharc níos luaithe agus má tá na hearraí nó seirbhísí lena ndéantar iarratas ar chlárú ina leith comhionann leis na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil an trádmharc níos luaithe cosanta;

(b)

más rud é, i ngeall ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis an trádmharc níos luaithe agus ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis na hearraí nó seirbhísí atá cumhdaithe ag na trádmharcanna, gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal sa chríoch ina bhfuil an trádmharc níos luaithe cosanta; áirítear leis an dóchúlacht mhearbhaill an dóchúlacht go ndéanfar comhcheangal leis an trádmharc níos luaithe.’,

léitear:

‘1.   I gcás freasúra ó dhílseánach trádmhairc a bhí ann níos luaithe, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith:

(a)

má tá sé comhionann leis an trádmharc a bhí ann níos luaithe agus má tá na hearraí nó seirbhísí a ndéantar iarratas ar chlárú ina leith comhionann leis na hearraí nó seirbhísí a bhfuil an trádmharc a bhí ann níos luaithe cosanta ina leith;

(b)

más rud é, i ngeall ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis an trádmharc a bhí ann níos luaithe agus ar an gcomhionannas, nó ar an gcosúlacht, leis na hearraí nó seirbhísí atá cumhdaithe ag na trádmharcanna, gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal sa chríoch ina bhfuil an trádmharc a bhí ann níos luaithe cosanta; áirítear leis an dóchúlacht mhearbhaill an dóchúlacht go ndéanfaí comhcheangal leis an trádmharc a bhí ann níos luaithe.’.

14.

Ar leathanach 9, Airteagal 8(2)

in ionad:

‘2.   Chun críocha mhír 1, ciallaíonn “trádmharc níos luaithe”’,

léitear:

‘2.   Chun críocha mhír 1, ciallaíonn “trádmharc a bhí ann níos luaithe”:’.

15.

Ar leathanach 9, Airteagal 8(2), pointe (a), an fhoclaíocht réamhráiteach

in ionad:

‘(a)

trádmharcanna de na cineálacha seo a leanas a bhfuil dáta iarratais ar chlárú acu atá níos luaithe ná an dáta iarratais ar chlárú atá ag an trádmharc de chuid AE, ag cur san áireamh, nuair is iomchuí, na tosaíochtaí atá á n-éileamh i dtaca leis na trádmharcanna sin:’,

léitear:

‘(a)

trádmharcanna de na cineálacha seo a leanas a bhfuil dáta iarratais ar chlárú acu atá níos luaithe ná an dáta iarratais ar chlárú atá ag an trádmharc AE, ag cur san áireamh, nuair is iomchuí, na tosaíochtaí atá á n-éileamh i dtaca leis na trádmharcanna sin:’.

16.

Ar leathanach 9, Airteagal 8(2), pointe (c)

in ionad:

‘(c)

trádmharcanna atá, ar dháta an iarratais ar chlárú an trádmhairc de chuid AE, nó, nuair is iomchuí, na tosaíochta atá á héileamh i leith an iarratais ar chlárú an trádmhairc de chuid AE, seanaitheanta i mBallstát, sa chiall ina n-úsáidtear an focal “seanaitheanta” in Airteagal 6bis de Choinbhinsiún Pháras.’,

léitear:

‘(c)

trádmharcanna atá, ar dháta an iarratais ar chlárú an trádmhairc AE, nó, i gcás inarb iomchuí, na tosaíochta atá á héileamh i leith an iarratais ar chlárú an trádmhairc AE, seanaitheanta i mBallstát, sa chiall ina n-úsáidtear an focal “seanaitheanta” in Airteagal 6bis de Choinbhinsiún Pháras.’.

17.

Ar leathanach 10, Airteagal 8(3)

in ionad:

‘3.   Má chuireann dílseánach an trádmhairc ina choinne, ní chlárófar trádmharc ...’,

léitear:

‘3.   I gcás freasúra ó dhílseánach an trádmhairc, ní chlárófar trádmharc ...’.

18.

Ar leathanach 10, Airteagal 8(4)

in ionad:

‘4.   Má chuireann dílseánach trádmharc neamhchláraithe nó comhartha eile a úsáidtear mar chuid de thrádáil de thábhacht níos mó ná tábhacht áitiúil amháin, ...’,

léitear:

‘4.   I gcás freasúra ó dhílseánach trádmhairc neamhchláraithe nó comhartha eile a úsáidtear i dtrádáil a bhfuil tábhacht aici ar mó í ná tábhacht áitiúil amháin, ...’.

19.

Ar leathanach 10, Airteagal 8(4), pointe (a)

in ionad:

‘(a)

go bhfuarthas cearta an comhartha roimh dháta an iarratais ar chlárú an trádmhairc de chuid AE, nó roimh dháta na tosaíochta atá á héileamh don iarratas ar chlarú an trádmhairc de chuid AE;’,

léitear:

‘(a)

go bhfuarthas cearta an comhartha roimh dháta an iarratais ar chlárú an trádmhairc AE, nó roimh dháta na tosaíochta atá á héileamh don iarratas ar chlárú an trádmhairc AE;’.

20.

Ar leathanach 10, Airteagal 8(5)

in ionad:

‘5.   Má chuireann dílseánach trádmhairc níos luaithe chláraithe de réir bhrí mhír 2 ina choinne, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith i gcás ina bhfuil sé comhionann le nó cosúil le trádmharc níos luaithe, is cuma cé acu an bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a ndearnadh iarratas ina leith comhionann leis, cosúil leis nó neamhchosúil leis na hearraí nó na seirbhísí ar chucu a chláraítear an trádmharc níos luaithe, más rud é go bhfuil clú ar an trádmharc san Aontas, i gcás trádmhairc níos luaithe de chuid AE, nó más rud é go bhfuil clú ar an trádmharc sa Bhallstát lena mbaineann, i gcás trádmharc níos luaithe náisiúnta, agus más rud é go mbainfeadh úsáid an trádmhairc a ndearnadh iarratas ina leith, gan chúis chuí, buntáiste éagórach as saintréith nó cáil an trádmhairc níos luaithe, nó go ndéanfadh sé dochar dóibh.’,

léitear:

‘5.   I gcás freasúra ó dhílseánach trádmhairc chláraithe a bhí ann níos luaithe de réir bhrí mhír 2, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith i gcás ina bhfuil sé comhionann nó cosúil le trádmharc a bhí ann níos luaithe, is cuma cé acu na hearraí nó na seirbhísí a ndearnadh iarratas ina leith a bheith comhionann leis, cosúil leis nó neamhchosúil leis na hearraí nó na seirbhísí dá bhfuil an trádmharc a bhí ann níos luaithe cláraithe, más rud é, i gcás trádmhairc de chuid AE a bhí ann níos luaithe, go bhfuil clú ar an trádmharc san Aontas, nó más rud é, i gcás trádmharc náisiúnta a bhí ann níos luaithe, go bhfuil clú ar an trádmharc sa Bhallstát lena mbaineann agus go mbainfí buntáiste éagórach as saintréith nó cáil an trádmhairc a bhí ann níos luaithe, nó go ndéanfaí dochar dóibh sin, dá mbainfí úsáid gan chúis chuí as an trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith.’.

21.

Ar leathanach 10, Airteagal 8(6)

in ionad:

‘6.   Má chuireann duine ar bith a údaraítear faoin dlí ábhartha chun na cearta a thagann as ainmniúchán tionscnaimh nó as tásc geografach a fheidhmiú ina choinne, ...’,

léitear:

‘6.   I gcás freasúra ó dhuine ar bith a údaraítear faoin dlí ábhartha chun na cearta a thagann as ainmniúchán tionscnaimh nó as tásc geografach a fheidhmiú, ...’.

22.

Ar leathanach 10, Airteagal 9(2), pointí (a) go (c)

in ionad:

‘(a)

go bhfuil an comhartha comhionann leis an trádmharc de chuid AE agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd a bhfuil an trádmharc de chuid AE cláraithe ina leith;

(b)

go bhfuil an comhartha comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann le nó cosúil leis na hearraí nó seirbhísí ar cláraíodh an trádmharc de chuid AE ina leith, más rud é gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal; áirítear leis an dóchúlacht mhearbhaill dóchúlacht chomhcheangail idir an comhartha agus an trádmharc;

(c)

go bhfuil an comhartha comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE is cuma cé acu an mbaintear úsáid as nó nach mbaintear maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd, cosúil leo siúd nó neamhchosúil leo siúd ar cláraíodh an trádmharc de chuid AE ina leith, más rud é go bhfuil clú ar an gceann deireanach san Aontas agus más rud é go mbaineann úsáid an chomhartha sin gan chúis chuí buntáiste éagórach as saintréith nó clú an trádmhairc de chuid AE, nó go ndéanann sé dochar dóibh.’,

léitear:

‘(a)

go bhfuil an comhartha comhionann leis an trádmharc AE agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd a bhfuil an trádmharc AE cláraithe ina leith;

(b)

go bhfuil an comhartha comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc AE agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann le nó cosúil leis na hearraí nó seirbhísí ar cláraíodh an trádmharc AE ina leith, más rud é gur dócha go mbeadh mearbhall ar an bpobal; áirítear leis an dóchúlacht mhearbhaill dóchúlacht chomhcheangail idir an comhartha agus an trádmharc;

(c)

go bhfuil an comhartha comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc AE is cuma cé acu an mbaintear úsáid as nó nach mbaintear maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd, cosúil leo siúd nó neamhchosúil leo siúd ar cláraíodh an trádmharc AE ina leith, más rud é go bhfuil clú ar an gceann deireanach san Aontas agus más rud é go mbaineann úsáid an chomhartha sin gan chúis chuí buntáiste éagórach as saintréith nó clú an trádmhairc AE, nó go ndéanann sé dochar dóibh.’.

23.

Ar leathanach 11, Airteagal 9(4), an chéad fhomhír

in ionad:

‘4.   Gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc de chuid AE, beidh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal freisin cosc a chur ..., atá comhionann leis an trádmharc de chuid AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin, nó nach féidir a shainghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin.’,

léitear:

‘4.   Gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc AE, beidh dílseánach an trádmhairc AE sin i dteideal freisin cosc a chur ..., atá comhionann leis an trádmharc AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin, nó nach féidir a shainghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin.’.

24.

Ar leathanach 11, Airteagal 9(4), an dara fomhír

in ionad:

‘Rachaidh teidlíocht dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE de bhun na chéad fhomhíre in éag más rud é, le linn imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh an trádmharc de chuid AE nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, go gcuireann dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí fianaise ar fáil nach bhfuil dílseánach an trádmhairc de chuid AE i dteideal cosc a chur ar na hearraí sin a cur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.’,

léitear:

‘Rachaidh teidlíocht dílseánaigh trádmhairc de chuid AE de bhun na chéad fhomhíre in éag más rud é, le linn imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh an trádmharc AE nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, go gcuireann dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí fianaise ar fáil nach bhfuil dílseánach an trádmhairc AE i dteideal cosc a chur ar na hearraí sin a cur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.’.

25.

Ar leathanach 11, Airteagal 10, pointe (a)

in ionad:

‘(a)

comhartha atá comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc de chuid AE a ghreamú de ...’,

léitear:

‘(a)

comhartha atá comhionann leis nó cosúil leis an trádmharc AE a ghreamú de ...’.

26.

Ar leathanach 12, Airteagal 12

in ionad:

‘Más rud é go dtugtar le fios le macasamhlú trádmhairc de chuid AE i bhfoclóir, i gciclipéid nó i saothar tagartha ..., ar iarratas ó dhílseánach an trádmhairc de chuid AE, ...’,

léitear:

‘Más rud é go dtugtar le fios le macasamhlú trádmhairc de chuid AE i bhfoclóir, i gciclipéid nó i saothar tagartha ..., ar iarratas ó dhílseánach an trádmhairc AE, ...’.

27.

Ar leathanach 12, Airteagal 13

in ionad:

‘... beidh an duine deireanach sin i dteideal cur i gcoinne úsáid a thrádmhairc ag a ghníomhaire nó a ionadaí mura bhfuil úsáid den sórt sin údaraithe aige, mura dtugann an gníomhaire nó an t-ionadaí údar maith lena bheart.’,

léitear:

‘... beidh an dílseánach i dteideal freasúra a dhéanamh maidir lena thrádmhairc a bheith á úsáid ag a ghníomhaire nó a ionadaí mura bhfuil úsáid den sórt sin údaraithe aige, mura dtugann an gníomhaire nó an t-ionadaí údar maith lena bheart.’.

28.

Ar leathanach 12, Airteagal 14(1), pointe (c)

in ionad:

‘(c)

an trádmharc de chuid AE chun earraí nó seirbhísí a shainaithint, ...’,

léitear:

‘(c)

an trádmharc AE chun earraí nó seirbhísí a shainaithint, ...’.

29.

Ar leathanach 12, Airteagal 15(2)

in ionad:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcásanna ina bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann go gcuirfeadh an dílseánach i gcoinne tuilleadh tráchtálaithe ar na hearraí, go háirithe i gcásanna ina ndéantar riocht na n-earraí a athrú nó dochar dá riocht tar éis iad a chur ar an margadh.’,

léitear:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcásanna ina bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann go ndéanfadh an dílseánach freasúra i gcoinne tráchtáil bhreise a bheith á déanamh ar na hearraí, go háirithe i gcásanna ina ndéantar riocht na n-earraí a athrú nó ina ndéantar dochar dá riocht tar éis dóibh a bheith curtha ar an margadh.’.

30.

Ar leathanach 12, Airteagal 16, an teideal

in ionad:

‘Ceart idirghabhála dílseánaigh thrádmhairc a cláraíodh níos déanaí mar chosaint le linn imeachtaí um shárú’,

léitear:

‘Ceart idirghabhála dílseánaigh trádmhairc chláraithe a tháinig níos déanaí mar chosaint le linn imeachtaí um shárú’.

31.

Ar leathanach 12, Airteagal 16(1)

in ionad:

‘1.   Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc de chuid AE a cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc níos déanaí sin neamhbhailí de bhun Airteagal 60(1), (3) nó (4), Airteagal 61(1) nó (2), nó Airteagal 64(2) den Rialachán seo.’,

léitear:

‘1.   Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc chláraithe de chuid AE a tháinig níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc sin a tháinig níos déanaí neamhbhailí de bhun Airteagal 60(1), (3) nó (4), Airteagal 61(1) nó (2), nó Airteagal 64(2) den Rialachán seo.’.

32.

Ar leathanach 13, Airteagal 16(2)

in ionad:

‘2.   Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc náisiúnta a cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc sin a cláraíodh níos déanaí neamhbhailí de bhun ...’,

léitear:

‘2.   Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc náisiúnta chláraithe a tháinig níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc cláraithe sin a tháinig níos déanaí neamhbhailí de bhun ...’.

33.

Ar leathanach 13, Airteagal 16(3)

in ionad:

‘3.   I gcás nach bhfuil dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc a cláraíodh níos déanaí de bhun mhír 1 nó mhír 2 a thoirmeasc, ní bheidh dílseánach an trádmhairc sin a cláraíodh níos déanaí i dteideal úsáid an trádmhairc níos luaithe sin de chuid AE a thoirmeasc le linn imeachtaí um shárú.’,

léitear:

‘3.   I gcás nach bhfuil dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc chláraithe a tháinig níos déanaí a thoirmeasc de bhun mhír 1 nó mhír 2, ní bheidh dílseánach an trádmhairc chláraithe sin a tháinig níos déanaí i dteideal úsáid an trádmhairc AE sin a bhí ann níos luaithe a thoirmeasc le linn imeachtaí um shárú.’.

34.

Ar leathanach 13, Airteagal 18(1), an chéad fhomhír

in ionad:

‘1.   Más rud é, laistigh de thréimhse cúig bliana i ndiaidh an chláraithe, nár bhain an dílseánach fíorúsáid as an trádmharc de chuid AE san Aontas ..., beidh an trádmharc de chuid AE faoi réir na smachtbhannaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin má tá cúiseanna cearta ann don neamhúsáid.’,

léitear:

‘1.   Más rud é, laistigh de thréimhse cúig bliana i ndiaidh an chláraithe, nár bhain an dílseánach fíorúsáid as an trádmharc AE san Aontas ..., beidh an trádmharc AE faoi réir na smachtbhannaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin má tá cúiseanna cearta ann don neamhúsáid.’.

35.

Ar leathanach 13, Airteagal 18(1), an dara fomhír, pointí (a) agus (b)

in ionad:

‘(a)

an trádmharc de chuid AE a úsáid ...;

(b)

an trádmharc de chuid AE a ghreamú ...’,

léitear:

‘(a)

an trádmharc AE a úsáid ...;

(b)

an trádmharc AE a ghreamú ...’.

36.

Ar leathanach 14, Airteagal 20(2), an chéad abairt

in ionad:

‘2.   Beidh aistriú an trádmhairc de chuid AE san áireamh ...’,

léitear:

‘2.   Beidh aistriú an trádmhairc AE san áireamh ...’.

37.

Ar leathanach 14, Airteagal 20(3)

in ionad:

‘3.   Gan dochar do mhír 2, déanfar sannadh an trádmhairc de chuid AE ...’,

léitear:

‘3.   Gan dochar do mhír 2, déanfar sannadh an trádmhairc AE ...’.

38.

Ar leathanach 14, Airteagal 20(5)

in ionad:

‘5.   Beidh faisnéis in iarratas ar chlárú aistrithe lena sainaithneofar an trádmharc de chuid AE ...’,

léitear:

‘5.   Beidh faisnéis in iarratas ar chlárú aistrithe lena sainaithneofar an trádmharc AE ...’.

39.

Ar leathanach 14, Airteagal 20(11)

in ionad:

‘11.   A fhad agus nach bhfuil an t-aistriú curtha isteach sa Chlár, ní fhéadfaidh an comharba i dteideal na cearta a eascraíonn as clárú an trádmhairc de chuid AE a agairt.’,

léitear:

‘11.   A fhad agus nach bhfuil an t-aistriú curtha isteach sa Chlár, ní fhéadfaidh an comharba i dteideal na cearta a eascraíonn as clárú an trádmhairc AE a agairt.’.

40.

Ar leathanach 15, Airteagal 20(13)

in ionad:

‘13.   Díreofar gach doiciméad lena n-éilítear fógra a thabhairt do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE i gcomhréir le hAirteagal 98 ar an duine atá cláraithe mar an dílseánach.’,

léitear:

‘13.   Díreofar gach doiciméad lena n-éilítear fógra a thabhairt do dhílseánach an trádmhairc AE i gcomhréir le hAirteagal 98 ar an duine atá cláraithe mar an dílseánach.’.

41.

Ar leathanach 16, Airteagal 25(4)

in ionad:

‘4.   Beidh ceadúnaí i dteideal, chun críche cúiteamh a fháil as damáiste a d'fhulaing sé, idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí um shárú arna dtionscnamh ag dílseánach an trádmhairc de chuid AE.’,

léitear:

‘4.   Beidh ceadúnaí i dteideal, chun críche cúiteamh a fháil as damáiste a d'fhulaing sé, idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí um shárú arna dtionscnamh ag dílseánach an trádmhairc AE.’.

42.

Ar leathanach 16, Airteagal 26(1), pointe (b)

in ionad:

‘(b)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann leis na doiciméid a chruthaíonn an t-aistriú i gcás ina ndéanann dílseánach an trádmhairc de chuid AE an iarraidh.’,

léitear:

‘(b)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann leis na doiciméid a chruthaíonn an t-aistriú i gcás ina ndéanann dílseánach an trádmhairc AE an iarraidh.’.

43.

Ar leathanach 17, Airteagal 27(2)

in ionad:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás duine a fhaigheann an 1 trádmharc de chuid AE nó ceart a bhaineann leis an trádmharc de chuid AE trí bhíthin aistrithe ar iomlán an ghnóthais nó trí bhíthin aon chomharbais uilíoch eile.’,

léitear:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás duine a fhaigheann an trádmharc AE nó ceart a bhaineann leis an trádmharc AE trí bhíthin aistrithe ar iomlán an ghnóthais nó trí bhíthin aon chomharbais uilíoch eile.’.

44.

Ar leathanach 19, Airteagal 33(9), an dara fomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach:

in ionad:

‘Ina theannta sin, leis an leasú ar liosta na n-earraí nó na seirbhísí a taifeadadh sa chlár, ní thabharfar an ceart do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE cur i gcoinne dearbhú neamhbhailíochta trádmhairc níos déanaí ná iarratas a dhéanamh air, i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin:’,

léitear:

‘Ina theannta sin, leis an leasú ar liosta na n-earraí nó na seirbhísí a taifeadadh sa chlár, ní thabharfar an ceart do dhílseánach an trádmhairc AE freasúra a dhéanamh i gcoinne trádmhairc a tháinig níos déanaí nó dearbhú neamhbhailíochta a iarraidh ina leith, i gcás inar fíor an méid seo a leanas:’.

45.

Ar leathanach 19, Airteagal 33(9), an dara fomhír, pointe (a):

in ionad:

‘(a)

bhí an trádmharc níos déanaí in úsáid, nó rinneadh iarratas ar an trádmharc a chlárú, d'earraí nó do sheirbhísí sular leasaíodh an clár; agus...’,

léitear:

‘(a)

bhí an trádmharc a tháinig níos déanaí in úsáid, nó rinneadh iarratas ar an trádmharc a chlárú, d'earraí nó do sheirbhísí sular leasaíodh an clár; agus...’.

46.

Ar leathanach 21, Airteagal 36:

in ionad:

‘Beidh d'éifeacht ag an gceart tosaíochta go ndéanfar an dáta tosaíochta a chomhaireamh mar dháta comhdaithe an iarratais ar an trádmharc de chuid AE chun críche cé na cearta a dtabharfar tús áite dóibh a bhunú.’,

léitear:

‘Beidh d'éifeacht ag an gceart tosaíochta go ndéanfar an dáta tosaíochta a chomhaireamh mar dháta comhdaithe an iarratais ar an trádmharc AE chun a shuí cé na cearta a dtabharfar tús áite dóibh.’.

47.

Ar leathanach 21, Airteagal 39(1)

in ionad:

‘1.   Féadfaidh dílseánach trádmhairc is túisce a cláraíodh i mBallstát, trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux san áireamh, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, a dhéanann iarratas ar thrádmharc comhionann lena chlárú mar thrádmharc de chuid AE le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd ar cláraíodh an trádmharc is túisce ina leith, nó atá mar chuid díobh, féadfaidh sé sinsearacht an trádmhairc is túisce a éileamh don trádmharc de chuid AE i ndáil leis an mBallstát inar cláraíodh é nó lenar cláraíodh é.’,

léitear:

‘1.   Féadfaidh dílseánach trádmhairc a bhí ann níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux san áireamh, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, a dhéanann iarratas ar thrádmharc comhionann lena chlárú mar thrádmharc de chuid AE le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd ar cláraíodh an trádmharc a bhí ann níos luaithe ina leith, nó atá mar chuid díobh, féadfaidh sé sinsearacht an trádmhairc a bhí ann níos luaithe a éileamh don trádmharc AE i ndáil leis an mBallstát inar cláraíodh é nó lenar cláraíodh é.’.

48.

Ar leathanach 21, Airteagal 39(2), an dara habairt

in ionad:

‘... I gcás ina n-éilítear san iarratas an tsinsearacht de cheann amháin nó níos mó de na trádmharcanna níos luaithe cláraithe, comhdófar an doiciméadacht chun tacú leis an éileamh sinsearachta laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe. ...’,

léitear:

‘... I gcás ina n-éilítear san iarratas sinsearacht ceann amháin nó níos mó de na trádmharcanna cláraithe a bhí ann níos luaithe, comhdófar an doiciméadacht chun tacú leis an éileamh sinsearachta laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe. ...’.

49.

Ar leathanach 22, Airteagal 39(3)

in ionad:

‘3.   Ní bheidh d'éifeacht ag sinsearacht faoi Rialachán seo ach go measfar, i gcás ina dtugann dílseánach an 1 trádmhairc de chuid AE suas an trádmhairc is túisce nó ina ligeann sé dó dul in éag, na cearta céanna a bheith aige fós agus a bheadh aige dá mbeadh an trádmharc is túisce cláraithe fós.’,

léitear:

‘3.   Is í an t-aon éifeacht a bheidh ag sinsearacht faoin Rialachán seo go measfar, i gcás ina dtugann dílseánach an trádmhairc AE suas an trádmharc a bhí ann níos luaithe nó ina ligeann sé dó dul in éag, go leanfaidh an dílseánach sin de na cearta céanna a bheith aige agus a bheadh aige dá leanfadh an trádmharc a bhí ann níos luaithe de bheith cláraithe.’.

50.

Ar leathanach 22, Airteagal 39(4)

in ionad:

‘4.   Rachaidh an tsinsearacht arna héileamh don trádmharc de chuid AE as feidhm más rud é go ndearbhaítear go bhfuil an trádmharc níos luaithe arna éileamh an tsinsearacht ina leith neamhbhailí nó cúlghairthe. Más rud é go gcúlghairtear an trádmharc níos luaithe, rachaidh an tsinsearacht as feidhm ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag an gcúlghairm roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc sin de chuid AE.’,

léitear:

‘4.   An tsinsearacht arna héileamh don trádmharc AE, rachaidh sí as feidhm más rud é go ndearbhaítear i ndáil leis an trádmharc a bhí ann níos luaithe agus a bhfuil a shinsearacht á héileamh, go bhfuil sé neamhbhailí nó gur cúlghaireadh é. Más rud é go gcúlghairtear an trádmharc a bhí ann níos luaithe, rachaidh an tsinsearacht as feidhm ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag an gcúlghairm roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc AE sin.’.

51.

Ar leathanach 22, Airteagal 40, an teideal

in ionad:

‘Sinsearacht trádmhairc náisiúnta a éileamh tar éis chlárú an trádmhairc de chuid AE’,

léitear:

‘Sinsearacht trádmhairc náisiúnta a éileamh tar éis trádmharc AE a chlárú’.

52.

Ar leathanach 22, Airteagal 40(1)

in ionad:

‘1.   Féadfaidh dílseánach trádmhairc de chuid AE ar dílseánach trádmhairc comhionann is túisce a cláraíodh i mBallstát é, trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux san áireamh, nó ar dlíseáanach trádmhairc comhionanann is túisce é, ar trádmharc a bhfuil clárú aige a bhfuil éifeacht i mBallstát é, le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd ar cláraíodh an trádmharc is túisce ina leith, nó atá mar chuid díobh, féadfaidh sé sinsearacht an trádmhairc is túisce a éileamh i ndáil leis an mBallstát inar cláraíodh é nó lenar cláraíodh é.’,

léitear:

‘1.   Féadfaidh dílseánach trádmhairc de chuid AE ar dílseánach trádmhairc chomhionainn a bhí ann níos luaithe a cláraíodh i mBallstát é, lena n-áirítear trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux, nó ar dílseánach trádmhairc chomhionainn a bhí ann níos luaithe é, ar trádmharc a bhfuil clárú aige a bhfuil éifeacht i mBallstát é, le haghaidh earraí nó seirbhísí atá comhionann leo siúd ar cláraíodh an trádmharc a bhí ann níos luaithe ina leith, nó atá mar chuid díobh, féadfaidh sé sinsearacht an trádmhairc a bhí ann níos luaithe a éileamh i ndáil leis an mBallstát inar cláraíodh é nó lenar cláraíodh é.’.

53.

Ar leathanach 22, Airteagal 40(2)

in ionad:

‘2.   Éilimh shinsearachta a chomhdaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh cláruimhir an trádmhairc de chuid AE, ainm agus seoladh a dhílseánaigh, an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil an trádmharc níos luaithe cláraithe, nó dá bhfuil sé cláraithe, uimhir agus dáta comhdaithe an chláraithe ábhartha, na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil an trádmharc sin cláraithe ina leith agus a n-éilítear sinsearacht ina leith, agus doiciméadacht tacaíochta mar a fhoráiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 39(6).’,

léitear:

‘2.   Éilimh shinsearachta a chomhdaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh cláruimhir an trádmhairc AE, ainm agus seoladh a dhílseánaigh, an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil an marc a bhí ann níos luaithe cláraithe, nó dá bhfuil sé cláraithe, uimhir agus dáta comhdaithe an chláraithe ábhartha, na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil an trádmharc sin cláraithe ina leith agus a n-éilítear sinsearacht ina leith, agus doiciméadacht tacaíochta mar a fhoráiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 39(6).’.

54.

Ar leathanach 23, Airteagal 43(1)

in ionad:

‘1.   Dréachtóidh an Oifig, arna iarraidh sin don iarratasóir ar an trádmharc de chuid AE agus iarratas á chomhdú aige, tuarascáil chuardaigh an Aontais Eorpaigh (“tuarascáil chuardaigh AE”) ina luafar na trádmharcanna níos luaithe sin de chuid AE nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú trádmhairc de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith.’,

léitear:

‘1.   Dréachtóidh an Oifig, arna iarraidh sin don iarratasóir ar an trádmharc AE agus iarratas á chomhdú aige, tuarascáil chuardaigh an Aontais Eorpaigh (“tuarascáil chuardaigh AE”) ina luafar na trádmharcanna AE sin a bhí ann níos luaithe nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú an trádmhairc AE a ndearnadh iarratas ina leith.’.

55.

Ar leathanach 24, Airteagal 43(3)

in ionad:

‘3.   Déanfaidh gach ceann d'oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát dá dtagraítear i mír 2 tuarascáil chuardaigh a thíolacadh ina luafar aon trádmharcanna náisiúnta níos luaithe, iarratais ar thrádmharcanna náisiúnta nó trádmharcanna a cláraíodh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, a bhfuil éifeacht acu sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann, a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú an trádmhairc sin de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith, nó ina luafar nár léirigh an cuardach aon cheart den chineál sin.’,

léitear:

‘3.   Déanfaidh gach ceann d'oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát dá dtagraítear i mír 2 tuarascáil chuardaigh a thíolacadh ina luafar aon trádmharcanna náisiúnta a bhí ann níos luaithe, iarratais ar thrádmharcanna náisiúnta nó trádmharcanna a cláraíodh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, a bhfuil éifeacht acu sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann, a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú an trádmhairc AE sin a ndearnadh iarratas ina leith, nó ina luafar nár léirigh an cuardach aon cheart den chineál sin.’.

56.

Ar leathanach 24, Airteagal 43(7)

in ionad:

‘7.   Ar fhoilsiú an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, cuirfidh an Oifig in iúl do dhílseánaigh trádmharcanna níos luaithe ar bith de chuid AE, nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a luadh i dtuarascáil chuardaigh AE gur foilsíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Beidh feidhm aige sin beag beann ar chibé acu ar iarr an t-iarratasóir tuarascáil chuardaigh AE a fháil, ach amháin má iarrann dílseánach um chlárú níos luaithe nó dílseánach iarratais níos luaithe gan an fógra sin a fháil.’,

léitear:

‘7.   Ar fhoilsiú an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, cuirfidh an Oifig in iúl do dhílseánaigh trádmharcanna ar bith de chuid AE a bhí ann níos luaithe agus do dhílseánaigh iarratas ar thrádmharcanna de chuid AE a luadh sa tuarascáil chuardaigh AE, gur foilsíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Beidh feidhm ag an méid sin is cuma cé acu a d’iarr nó nár iarr an t-iarratasóir tuarascáil chuardaigh AE a fháil, ach amháin má iarrann dílseánach cláraithe a rinneadh níos luaithe nó dílseánach iarratais a rinneadh níos luaithe gan an fógra sin a fháil.’.

57.

Ar leathanach 24, Caibidil IV, Roinn 4, an teideal

in ionad:

‘Tuairimí ó thríú páirtithe agus cur i gcoinne’,

léitear:

‘Tuairimí ó thríú páirtithe agus freasúra’.

58.

Ar leathanach 25, Airteagal 45(2)

in ionad:

‘2.   Tíolacfar tuairimí ó thríú páirtí roimh dheireadh na tréimhse freasúra nó, i gcás nár comhdaíodh freasúra i gcoinne an trádmhairc, sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach maidir leis an bhfreasúra.’,

léitear:

‘2.   Tíolacfar tuairimí ó thríú páirtithe roimh dheireadh na tréimhse freasúra nó, i gcás inar comhdaíodh freasúra i gcoinne an trádmhairc, sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach maidir leis an bhfreasúra.’.

59.

Ar leathanach 25, Airteagal 46, an teideal

in ionad:

‘Cur i gcoinne’,

léitear:

‘Freasúra’.

60.

Ar leathanach 25, Airteagal 46(1)

in ionad:

‘1.   Laistigh de thréimhse trí mhí tar éis iarratas ar thrádmharc de chuid AE a fhoilsiú, féadfaidh na daoine seo a leanas fógra ar chur i gcoinne chlárú an trádmhairc a thabhairt ar na forais nach bhféadfar é a chlárú faoi Airteagal 8:’,

léitear:

‘1.   Laistigh de thréimhse trí mhí tar éis iarratas ar thrádmharc de chuid AE a fhoilsiú, féadfaidh na daoine seo a leanas fógra freasúra i gcoinne chlárú an trádmhairc a thabhairt ar na forais nach bhféadfar é a chlárú faoi Airteagal 8:’.

61.

Ar leathanach 25, Airteagal 46(1), pointe (a)

in ionad:

‘(a)

dílseánaigh trádmharcanna is túisce dá dtagraítear in Airteagal 8(2) chomh maith le ceadúnaithe a údaraítear ag dílseánaigh na dtrádmharcanna sin, i ndáil le hAirteagal 8(1) agus (5);’,

léitear:

‘(a)

dílseánaigh trádmharcanna a bhí ann níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2) chomh maith le ceadúnaithe a údaraítear ag dílseánaigh na dtrádmharcanna sin, i ndáil le hAirteagal 8(1) agus (5);’.

62.

Ar leathanach 25, Airteagal 46(1), pointe (c)

in ionad:

‘(c)

dílseánaigh na dtrádmharcanna nó na gcomharthaí níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus daoine a údaraítear faoin dlí ábhartha náisiúnta chun na cearta sin a fheidhmiú;’,

léitear:

‘(c)

dílseánaigh na marcanna nó na gcomharthaí a bhí ann níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus daoine a údaraítear faoin dlí ábhartha náisiúnta chun na cearta sin a fheidhmiú;’.

63.

Ar leathanach 25, Airteagal 46(2)

in ionad:

‘2.   Féadfar fógra ar chur i gcoinne chlárú an trádmhairc a thabhairt freisin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1, sa chás go bhfoilsítear iarratas leasaithe i gcomhréir leis an dara abairt d'Airteagal 49(2).’,

léitear:

‘2.   Féadfar fógra freasúra i gcoinne chlárú an trádmhairc a thabhairt freisin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1, i gcás ina bhfoilseofar iarratas leasaithe i gcomhréir leis an dara abairt d'Airteagal 49(2).’.

64.

Ar leathanach 25, Airteagal 46(3)

in ionad:

‘3.   Cuirfear freasúra i scríbhinn, agus sonrófar na forais ar a ndearnadh é. Ní mheasfar go mbeidh sé curtha isteach go cuí go dtí go n-íocfar an táille freasúra.’,

léitear:

‘3.   Cuirfear freasúra i scríbhinn, agus sonrófar na forais ar a ndearnadh é. Ní mheasfar go mbeidh sé curtha isteach go cuí go dtí go mbeidh an táille freasúra íoctha.’.

65.

Ar leathanach 25, Airteagal 47, an teideal

in ionad:

‘Scrúdú ar chur i gcoinne.’,

léitear:

‘Scrúdú ar an bhfreasúra.’.

66.

Ar leathanach 25, Airteagal 47(1)

in ionad:

‘1.   Agus scrúdú á dhéanamh ar an gcur i gcoinne, tabharfaidh an Oifig cuireadh do na páirtithe, chomh minic agus is gá, tuairimí a chomhdú, laistigh de thréimhse a leagfaidh an Oifig síos, maidir le cumarsáid ó na páirtithe eile nó cumarsáid atá eisithe aici féin.’,

léitear:

‘1.   Agus scrúdú á dhéanamh ar an bhfreasúra, tabharfaidh an Oifig cuireadh do na páirtithe, chomh minic agus is gá, tuairimí a chomhdú, laistigh de thréimhse a leagfaidh an Oifig síos, maidir le cumarsáid ó na páirtithe eile nó cumarsáid atá eisithe aici féin.’.

67.

Ar leathanach 24, Airteagal 47(2)

in ionad:

‘2.   Má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh, déanfaidh dílseánach trádmhairc níos luaithe de chuid AE atá tar éis fógra freasúra a thabhairt, cruthúnas a chur ar fáil, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta comhdaithe nó dáta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc níos luaithe de chuid an AE, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann sé nó sí mar bhonn cirt lena fhreasúra nó lena freasúra, nó go bhfuil cúiseanna cuí le neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc níos luaithe de chuid an AE cláraithe ar an dáta sin le tréimhse nach lú ná cúig bliana. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don fhreasúra. Má úsáideadh an trádmharc níos luaithe de chuid AE i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe agus don chuid sin amháin, measfar, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an bhfreasúra, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus don chuid sin amháin.’,

léitear:

‘2.   Má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh, déanfaidh dílseánach trádmhairc de chuid AE a bhí ann níos luaithe atá tar éis fógra freasúra a thabhairt, cruthúnas a chur ar fáil, i rith na tréimhse cúig bliana roimh dháta comhdaithe nó dáta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc de chuid an AE a bhí ann níos luaithe, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus atá á lua aige nó aici mar bhonn cirt lena fhreasúra nó lena freasúra, nó go bhfuil cúiseanna cuí ann leis an neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc AE a bhí ann níos luaithe cláraithe ar an dáta sin le tréimhse nach lú ná cúig bliana. In éagmais cruthúnas chuige seo, diúltófar don fhreasúra. Murar úsáideadh an trádmharc AE a bhí ann níos luaithe ach amháin i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe, measfar, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an bhfreasúra, nach sé cláraithe ach amháin i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí.’.

68.

Ar leathanach 25, Airteagal 47(3)

in ionad:

‘3.   Beidh feidhm ag mír 2 maidir le trádmharcanna náisiúnta níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a), trí úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc náisiúnta níos luaithe cosanta a chur in ionad úsáid san Aontas.’,

léitear:

‘3.   Beidh feidhm ag mír 2 maidir le trádmharcanna náisiúnta a bhí ann níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a), trí úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc náisiúnta a bhí ann níos luaithe cosanta a chur in ionad úsáid san Aontas.’.

69.

Ar leathanach 26, Airteagal 47(5)

in ionad:

‘5.   Má nochtar sa scrúdú ar an gcur i gcoinne nach bhféadfar an trádmharc a chlárú i ndáil le gach ceann nó roinnt de na hearraí nó seirbhísí a ndearnadh an t–iarratas ar thrádmharc de chuid AE ina leith, diúltófar don iarratas i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin. In aon chás eile, diúltófar don chur i gcoinne.’,

léitear:

‘5.   Má nochtar sa scrúdú ar an bhfreasúra nach bhféadfar an trádmharc a chlárú i ndáil le gach ceann nó roinnt de na hearraí nó seirbhísí a ndearnadh an t–iarratas ar thrádmharc de chuid AE ina leith, diúltófar don iarratas i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin. In aon chás eile, diúltófar don fhreasúra.’.

70.

Ar leathanach 26, Airteagal 48:

in ionad:

‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear na mionsonraí i ndáil leis an nós imeachta maidir le freasúra a chomhdú agus a scrúdú, a leagtar amach in Airteagal 46 agus in Airteagal 47.’,

léitear:

‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear na mionsonraí i ndáil leis an nós imeachta chun freasúra a chomhdú agus a scrúdú, a leagtar amach in Airteagal 46 agus in Airteagal 47.’.

71.

Ar leathanach 26, Airteagal 50(1) go (8)

in ionad:

‘1.   Féadfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a roinnt trí dhearbhú a dhéanamh go mbeidh roinnt de na hearraí nó seirbhísí atá mar chuid den bhuniarratas faoi réir roinn amháin nó níos mó den iarratas. Ní bheidh forluí idir na hearraí nó seirbhísí sa roinn den iarratas agus na hearraí nó seirbhísí a fhanfaidh san bhuniarratas ná idir na cinn sin atá san áireamh i ranna eile den iarratas.

2.   Ní bheidh an dearbhú roinnte incheadaithe:

(a)

más rud é, i gcás ina cuireadh i gcoinne an bhuniarratais, go bhfuil d'éifeacht ag roinn den iarratas den sórt sin go dtugtar isteach roinn i measc na hearraí nó seirbhísí ar díríodh an cur i gcoinne orthu, go dtí go mbeidh cinneadh an Rannáin Freasúra ina chinneadh críochnaitheach nó go dtí go mbeidh deireadh iomlán curtha leis na himeachtaí cur i gcoinne ar bhealach eile;

(b)

sula dtugann an Oifig an dáta comhdaithe dá dtagraítear in Airteagal 32 agus le linn na tréimhse don chur i gcoinne dá bhforáiltear in Airteagal 46(1).

3.   Beidh an dearbhú roinnte faoi réir táille. Measfar nach mbeidh an dearbhú déanta go dtí go mbeidh an táille íoctha.

4.   I gcás ina gcinneann an Oifig nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus sna rialacha a ghlactar de bhun mhír 9(a) á gcomhlíonadh, iarrfaidh sé ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas sula dtéann an teorainn ama in éag, diúltóidh an Oifig don dearbhú roinnte.

5.   Rachaidh an roinn in éifeacht ar an dáta a dhéanfar í a thaifead sna comhaid arna gcoinneáil ag an Oifig a bhaineann leis an mbuniarratas.

6.   Measfar gach iarraidh agus iarratas a rinneadh agus gach táille a íocadh i ndáil leis an mbuniarratas roimh an dáta ar a gheobhaidh an Oifig an dearbhú ar roinnt a bheith déanta nó íoctha freisin i ndáil leis an roinn den iarratas nó de na hiarratais. Ní dhéanfar na táillí don bhuniarratas a íocadh go cuí roimh an dáta a gheofar an dearbhú ar roinnt a aisíoc.

7.   Caomhnófar an dáta comhdaithe agus aon dáta tosaíochta agus sinsearachta de chuid an bhuniarratais sa roinn den iarratas.

8.   Nuair a bhaineann dearbhú roinnte le hiarratas a foilsíodh cheana de bhun Airteagal 44, foilseofar an roinnt. Foilseofar an roinn den iarratas. Ní osclófar tréimhse nua chun freasúraí a chomhdú leis an bhfoilsiú sin.’,

léitear:

‘1.   Féadfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a roinnt trí dhearbhú a dhéanamh go mbeidh cuid de na hearraí nó seirbhísí atá sa bhuniarratas faoi réir iarratas rannach. Ní bheidh forluí idir na hearraí nó seirbhísí san iarratas rannach agus na hearraí nó seirbhísí a fhanfaidh san bhuniarratas ná idir na cinn sin atá san áireamh in iarratais rannacha eile.

2.   Ní bheidh an dearbhú roinnte incheadaithe:

(a)

más rud é, i gcás ina cuirtear freasúra isteach i gcoinne an bhuniarratais, go bhfuil d'éifeacht ag an iarratas rannach go ndéantar roinnt i measc na hearraí nó seirbhísí ar díríodh freasúra orthu, go dtí go mbeidh cinneadh an Rannáin Freasúra ina chinneadh críochnaitheach nó go dtí go mbeidh deireadh iomlán curtha leis na himeachtaí freasúra ar bhealach eile.

(b)

sula dtugann an Oifig an dáta comhdaithe dá dtagraítear in Airteagal 32 agus le linn na tréimhse freasúra dá bhforáiltear in Airteagal 46(1).

3.   Beidh an dearbhú roinnte faoi réir táille. Measfar nach mbeidh an dearbhú déanta go dtí go mbeidh an táille íoctha.

4.   I gcás ina gcinneann an Oifig nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus sna rialacha a ghlactar de bhun mhír 9(a) á gcomhlíonadh, iarrfaidh sí ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas sula dtéann an teorainn ama in éag, diúltóidh an Oifig don dearbhú roinnte.

5.   Rachaidh an roinnt in éifeacht ar an dáta a dhéanfar í a thaifead sna comhaid faoin mbuniarratas arna gcoinneáil ag an Oifig.

6.   Measfar gach iarraidh agus iarratas a rinneadh agus gach táille a íocadh i ndáil leis an mbuniarratas roimh an dáta a gheobhaidh an Oifig an dearbhú roinnte a bheith déanta nó íoctha freisin i ndáil leis an iarratas rannach nó na hiarratais rannacha. Ní dhéanfar na táillí don bhuniarratas a íocadh go cuí roimh an dáta a gheofar an dearbhú roinnte a aisíoc.

7.   Caomhnófar an dáta comhdaithe agus aon dáta tosaíochta agus sinsearachta de chuid an bhuniarratais san iarratas rannach.

8.   Nuair a bhaineann dearbhú roinnte le hiarratas a foilsíodh cheana de bhun Airteagal 44, foilseofar an roinnt. Foilseofar an t-iarratas rannach. Ní osclófar tréimhse nua chun freasúra a chomhdú leis an bhfoilsiú sin.’.

72.

Ar leathanach 27, Airteagal 52

in ionad:

‘Beidh an trádmharc de chuid AE cláraithe ar feadh tréimhse 10 mbliana ó dháta comhdaithe an iarratais. Féadfar an clárú a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 53 ar feadh tréimhsí 10 mbliana.’,

léitear:

‘Déanfar trádmharcanna AE a chlárú ar feadh tréimhse 10 mbliana ó dháta comhdaithe an iarratais. Féadfar an clárú a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 53 ar feadh tréimhsí 10 mbliana.’.

73.

Ar leathanach 27, Airteagal 53(1)

in ionad:

‘1.   Déanfar athnuachan ar chlárú an trádmhairc de chuid AE arna iarraidh sin do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE nó d'aon duine arna údarú go sainráite aige nó aici, ar choinníoll gur íocadh na táillí.’,

léitear:

‘1.   Déanfar athnuachan ar chlárú trádmhairc AE arna iarraidh sin do dhílseánach an trádmhairc AE nó d'aon duine arna údarú go sainráite aige nó aici, ar choinníoll gur íocadh na táillí.’.

74.

Ar leathanach 28, Airteagal 53(2), an chéad abairt

in ionad:

‘2.   Cuirfidh an Oifig dílseánach an trádmhairc de chuid AE, agus aon duine a bhfuil ceart cláraithe aige nó aici maidir leis an trádmharc de chuid AE, ar an eolas mar gheall ar dhul in éag an chláraithe ar a laghad sé mhí roimh an dul in éag sin.’,

léitear:

‘2.   Cuirfidh an Oifig dílseánach an trádmhairc AE, agus aon duine a bhfuil ceart cláraithe aige nó aici maidir leis an trádmharc de chuid AE, ar an eolas mar gheall ar dhul in éag an chláraithe ar a laghad sé mhí roimh an dul in éag sin.’.

75.

Ar leathanach 28, Airteagal 53(5), an chéad abairt

in ionad:

‘5.   I gcás ina dtíolactar an iarraidh nó ina n-íoctar na táillí maidir le roinnt de na hearraí nó na seirbhísí a gcláraítear an trádmharc de chuid AE i dtaca leo, agus do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin, déanfar an clárú a athnuachan do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin.’,

léitear:

‘5.   I gcás ina dtíolactar an iarraidh nó ina n-íoctar na táillí maidir le roinnt de na hearraí nó na seirbhísí a gcláraítear an trádmharc AE i dtaca leo, agus do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin, déanfar an clárú a athnuachan do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin.’.

76.

Ar leathanach 28, Airteagal 54(1)

in ionad:

‘1.   Ní dhéanfar athrú ar an trádmharc de chuid AE sa Chlár le linn na tréimhse cláraithe ná ar athnuachan na tréimhse sin.’,

léitear:

‘1.   Ní dhéanfar athrú ar an trádmharc AE sa Chlár le linn na tréimhse cláraithe ná ar athnuachan na tréimhse sin.’.

77.

Ar leathanach 29, Airteagal 55(1)

in ionad:

‘1.   Athrú ar ainm nó seoladh dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE nach athrú é ar an trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 54(2) agus nach toradh é ar aistriú iomlán nó aistriú páirteach an trádmhairc sin de chuid AE, déanfar é, arna iarraidh sin don dílseánach, a thaifeadadh sa chlár.’,

léitear:

‘1.   Athrú ar ainm nó seoladh dhílseánach an trádmhairc AE nach athrú é ar an trádmharc AE de bhun Airteagal 54(2) agus nach toradh é ar aistriú iomlán nó aistriú páirteach an trádmhairc AE, déanfar é a thaifeadadh sa chlár arna iarraidh sin don dílseánach.’.

78.

Ar leathanach 29, Airteagal 56(1), an chéad abairt

in ionad:

‘1.   Féadfaidh dílseánach an trádmhairc de chuid AE an clárú a roinnt trí dhearbhú a dhéanamh go mbeidh roinnt de na hearraí nó seirbhísí atá mar chuid den mbunchlárú faoi réir roinn amháin nó níos mó den chlárú.’,

léitear:

‘1.   Féadfaidh dílseánach an trádmhairc AE an clárú a roinnt trí dhearbhú a dhéanamh go mbeidh roinnt de na hearraí nó seirbhísí atá mar chuid den mbunchlárú faoi réir roinn amháin nó níos mó den chlárú.’.

79.

Ar leathanach 30, Airteagal 57(3)

in ionad:

‘3.   Ní iontrálfar an tabhairt suas ach amháin le comhaontú ó dhílseánach cirt, ar ceart é a bhaineann leis an trádmharc de chuid AE agus atá iontráilte sa Chlár. Más ceadúnas cláraithe atá ann, ní chuirfear an tabhairt suas isteach sa Chlár ach amháin i gcás go gcruthaíonn dílseánach an trádmhairc de chuid AE go bhfuil an ceadúnaí curtha ar an eolas aige nó aici maidir lena rún chun tabhairt suas. Déanfar iontráil an tabhairt suas ...’,

léitear:

‘3.   Ní iontrálfar an tabhairt suas ach amháin le comhaontú ó dhílseánach cirt, ar ceart é a bhaineann leis an trádmharc AE agus atá iontráilte sa Chlár. Más ceadúnas cláraithe atá ann, ní chuirfear an tabhairt suas isteach sa Chlár ach amháin i gcás ina gcruthaíonn dílseánach an trádmhairc AE go bhfuil an ceadúnaí curtha ar an eolas aige nó aici maidir lena rún chun tabhairt suas. Déanfar iontráil an tabhairt suas ...’.

80.

Ar leathanach 31, Airteagal 58(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

in ionad:

‘1.   Dearbhófar cearta dhílseánach an trádmhairc de chuid AE a bheith cúlghairthe ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú:’,

léitear:

‘1.   Dearbhófar cearta dhílseánach an trádmhairc AE a bheith cúlghairthe ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéileamh in imeachtaí um shárú:’.

81.

Ar leathanach 31, Airteagal 58(2)

in ionad:

‘2.   I gcás nach bhfuil na forais le cúlghairm na gceart ann ach i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil an trádmharc de chuid AE, ní dhearbhófar cearta an dhílseánaigh a bheith cúlghairthe ach amháin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin.’,

léitear:

‘2.   I gcás nach bhfuil na forais le cúlghairm na gceart ann ach i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí a bhfuil an trádmharc AE cláraithe ina leith, ní dhearbhófar cearta an dílseánaigh a bheith cúlghairthe ach amháin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin.’.

82.

Ar leathanach 31, Airteagal 59(1), pointe (a)

in ionad:

‘(a)

i gcás gur cláraíodh an trádmharc de chuid AE de shárú ar fhorálacha Airteagal 7;’,

léitear:

‘(a)

i gcás inar cláraíodh an trádmharc AE de shárú ar fhorálacha Airteagal 7;’.

83.

Ar leathanach 31, Airteagal 59(2)

in ionad:

‘2.   I gcás inar cláraíodh an 1 trádmharc de chuid AE shárú ar fhorálacha Airteagal 7(1)(b), (c) nó (d), ...’,

léitear:

‘2.   I gcás inar cláraíodh an trádmharc AE de shárú ar fhorálacha Airteagal 7(1)(b), (c) nó (d), ...’.

84.

Ar leathanach 31, Airteagal 59(3)

in ionad:

‘2.   I gcás nach bhfuil na forais neamhbhailíochta ann ach i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil an 1 trádmharc de chuid AE, ní dhearbhófar an trádmharc a bheith neamhbhailí ach amháin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin’,

léitear:

‘2.   I gcás nach bhfuil na forais neamhbhailíochta ann ach i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil an trádmharc AE cláraithe, ní dhearbhófar an trádmharc a bheith neamhbhailí ach amháin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin.’.

85.

Ar leathanach 31, Airteagal 60(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

in ionad:

‘(a)

i gcás inarb ann do thrádmharc níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 nó i mír 5 den Airteagal sin;’,

léitear:

‘(a)

i gcás inarb ann do thrádmharc a bhí ann níos luaithe mar a thagraítear dó in Airteagal 8(2) agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 nó i mír 5 den Airteagal sin;’.

86.

Ar leathanach 32, Airteagal 60(1), an chéad fhomhír, pointe (c)

in ionad:

‘(c)

i gcás inarb ann do cheart níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin;’,

léitear:

‘(c)

i gcás inarb ann do cheart a fuarthas níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin;’.

87.

Ar leathanach 32, Airteagal 60(1), an chéad fhomhír, pointe (d)

in ionad:

‘(d)

i gcás inarb ann d’ainmniúchán tionscnaimh níos luaithe nó do thásc geografach níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(6) agus i gcás go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin.’,

léitear:

‘(d)

i gcás inarb ann d’ainmniúchán tionscnaimh a bhí ann níos luaithe nó do thásc geografach a bhí ann níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(6) agus i gcás go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin.’.

88.

Ar leathanach 32, Airteagal 60(1), an dara fomhír

in ionad:

‘Déanfar na coinníollacha uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh ar dháta comhdaithe nó ar dháta tosaíochta an trádmhairc de chuid AE.’,

léitear:

‘Déanfar na coinníollacha uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh ar dháta comhdaithe nó ar dháta tosaíochta an trádmhairc AE.’.

89.

Ar leathanach 32, Airteagal 60(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

in ionad:

‘2.   Dearbhófar 1 trádmharc de chuid AE a bheith neamhbhailí freisin ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú i gcás ina bhféadfadh toirmeasc a bheith ar úsáid trádmhairc den sórt sin de bhun cirt níos luaithe faoi reachtaíocht an 2 Aontais nó faoin dlí náisiúnta lena rialaítear a chosaint, agus go háirithe:’,

léitear:

‘2.   Dearbhófar trádmharc de chuid AE a bheith neamhbhailí freisin ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéileamh in imeachtaí um shárú i gcás ina bhféadfadh toirmeasc a bheith ar úsáid trádmhairc den sórt sin de bhun ceart a fuarthas níos luaithe faoi reachtaíocht an Aontais nó faoin dlí náisiúnta lena rialaítear a chosaint, agus go háirithe:’.

90.

Ar leathanach 32, Airteagal 60(3)

in ionad:

‘3.   Ní fhéadfar dearbhú a dhéanamh trádmharc de chuid AE a bheith neamhbhailí i gcás ina dtolaíonn dílseánach cirt dá dtagraíter i mír 1 nó mír 2 go sainráite do chlárú an trádmhairc de chuid AE sula ndéantar an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an frithéileamh a sheoladh isteach.’,

léitear:

‘3.   Ní fhéadfar a dhearbhú go bhfuil trádmharc de chuid AE neamhbhailí i gcás ina dtoilíonn dílseánach cirt dá dtagraítear i mír 1 nó mír 2 go sainráite do chlárú an trádmhairc AE sula ndéantar an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an frithéileamh a thíolacadh.’.

91.

Ar leathanach 32, Airteagal 61(1)

in ionad:

‘1.   I gcás inar thoiligh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE, ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc is déanaí de chuid AE a bheith in úsáid san Aontas agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chlárú de mheon mímhacánta.’,

léitear:

‘1.   I gcás inar thoiligh dílseánach an trádmhairc AE sin, ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc de chuid AE a tháinig níos déanaí a bheith in úsáid san Aontas agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc a bhí ann níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc a tháinig níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc a tháinig níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc AE a tháinig níos déanaí a chlárú de mheon mímhacánta.’.

92.

Ar leathanach 32, Airteagal 61(2)

in ionad:

‘2.   I gcás inar thoiligh dílseánach trádmhairc is túisce amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(2) nó dílseánach comhartha eile is túisce dá dtagraítear in Airteagal 8(4), ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc is déanaí de chuid AE a bheith in úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc níos luaithe nó an comhartha níos luaithe faoi chosaint, agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc níos luaithe nó an comhartha eile níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chlárú de mheon mímhacánta.’,

léitear:

‘2.   I gcás inar thoiligh dílseánach trádmhairc a bhí ann níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(2) nó dílseánach comhartha eile a bhí ann níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4), ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc de chuid AE a tháinig níos déanaí a bheith in úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc a bhí ann níos luaithe nó an comhartha faoi chosaint a bhí ann níos luaithe, agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc a bhí ann níos luaithe nó an comhartha eile a bhí ann níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc a tháinig níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc a tháinig níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc AE a tháinig níos déanaí a chlárú de mheon mímhacánta.’.

93.

Ar leathanach 32, Airteagal 61(3):

in ionad:

‘3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, ní bheidh dílseánach 1 trádmhairc is déanaí de chuid AE i dteideal cur i gcoinne úsáid an chirt is túisce, d'ainneoin nach bhféadfaí an ceart sin a agairt a thuilleadh i gcoinne an trádmhairc is déanaí de chuid AE.’,

léitear:

‘3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE a tháinig níos déanaí i dteideal freasúra a dhéanamh maidir le húsáid an chirt a fuarthas níos luaithe, d'ainneoin nach bhféadfaí an ceart sin a agairt a thuilleadh i gcoinne an trádmhairc AE a tháinig níos déanaí.’.

94.

Ar leathanach 32, Airteagal 62(1), an chéad abairt

in ionad:

‘1.   Measfar nach raibh na héifeachtaí a sonraítear sa Rialachán seo ag an trádmharc de chuid AE, amhail ón dáta a chuirtear an t-iarratas ar chúlghairm nó an frithéileamh i bhfeidhm, a mhéid is go ndearnadh cearta an dílseánaigh a chúlghairm.’,

léitear:

‘1.   Measfar nach raibh na héifeachtaí a shonraítear sa Rialachán seo ag an trádmharc AE, amhail ón dáta a chuirtear an t-iarratas ar chúlghairm nó an frithéileamh i bhfeidhm, a mhéid is go ndearnadh cearta an dílseánaigh a chúlghairm.’.

95.

Ar leathanach 33, Airteagal 62(2)

in ionad:

‘2.   Measfar nach raibh na héifeachtaí a sonraítear sa Rialachán seo ag an 1 trádmharc de chuid AE, amhail ón tús, a mhéid is gur dearbhaíodh an trádmharc a bheith neamhbhailí.’,

léitear:

‘2.   Measfar nach raibh na héifeachtaí a shonraítear sa Rialachán seo ag an trádmharc AE, amhail ón tús, a mhéid is gur dearbhaíodh an trádmharc a bheith neamhbhailí.’.

96.

Ar leathanach 33, Airteagal 63(1), pointe (c):

in ionad:

‘(c)

i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 60 (2), úinéirí na gceart is túisce dá dtagraítear san fhoráil sin nó na daoine atá i dteideal leas a bhaint as na cearta atá i gceist 2 faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann.’,

léitear:

‘(c)

i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 60(2), úinéirí na gceart a fuarthas níos luaithe dá dtagraítear san fhoráil sin nó na daoine atá i dteideal na cearta atá i gceist a fheidhmiú faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann.’.

97.

Ar leathanach 33, Airteagal 64(2):

in ionad:

‘2.   Má iarrann dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE amhlaidh, cuirfidh dílseánach trádmhairc níos luaithe de chuid AE, ar páirtí é sna himeachtaí neamhbhailíochta, cruthúnas ar fáil go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc níos luaithe de chuid AE, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta a ndearnadh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann dílseánach an trádmhairc níos luaithe sin mar bhonn cirt lena iarratas nó lena hiarratas, nó go bhfuil cúiseanna cuí le neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc níos luaithe de chuid AE cláraithe ar an dáta sin ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana. Más rud é, ar an dáta ar a comhdaíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar dháta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go raibh an trádmharc níos luaithe de chuid AE cláraithe ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana, cuirfidh dílseánach an trádmhairc níos luaithe de chuid AE cruthúnas ar fáil, ina theannta sin, go raibh na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 47(2) á gcomhlíonadh ar an dáta sin. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. Má úsáideadh an trádmharc níos luaithe de chuid AE i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe, agus don chuid sin amháin, measfar, chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus i leith na coda sin amháin.’,

léitear:

‘2.   Má iarrann dílseánach an trádmhairc AE sin amhlaidh, cuirfidh dílseánach trádmhairc de chuid AE a bhí ann níos luaithe, ar páirtí é sna himeachtaí neamhbhailíochta, cruthúnas ar fáil go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc AE a bhí ann níos luaithe, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta a ndearnadh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann dílseánach an trádmhairc sin a bhí ann níos luaithe mar bhonn cirt lena iarratas nó lena hiarratas, nó go bhfuil cúiseanna cuí ann leis an neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc AE a bhí ann níos luaithe cláraithe ar an dáta sin ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana. Más rud é, ar an dáta ar a comhdaíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar dháta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go raibh an trádmharc AE a bhí ann níos luaithe cláraithe ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana, cuirfidh dílseánach an trádmhairc AE a bhí ann níos luaithe cruthúnas ar fáil, ina theannta sin, go raibh na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 47(2) á gcomhlíonadh ar an dáta sin. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. Murar úsáideadh an trádmharc AE a bhí ann níos luaithe ach amháin i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe, measfar, chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus i leith na coda sin amháin.’.

98.

Ar leathanach 34, Airteagal 64(3)

in ionad:

‘3.   Beidh feidhm ag mír 2 maidir le trádmharcanna náisiúnta níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a), trí úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc náisiúnta níos luaithe cosanta a chur in ionad úsáid san 1 Aontas.’,

léitear:

‘3.   Beidh feidhm ag mír 2 maidir le trádmharcanna náisiúnta a bhí ann níos luaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a), trí úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc náisiúnta a bhí ann níos luaithe cosanta a chur in ionad úsáid san Aontas.’.

99.

Ar leathanach 34, Airteagal 64(5), an chéad abairt

in ionad:

‘5.   Má nochtar sa scrúdú ar an iarratas ar chúlghairm ceart nó ar dhearbhú neamhbhailíochta nár cheart an trádmharc a bheith cláraithe i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil sé cláraithe, nó i ndáil leo ar fad, déanfar cearta dhílseánach an 2 trádmhairc de chuid AE a aisghairm nó dearbhófar é a bheith neamhbhailí i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin.’,

léitear:

‘5.   Má nochtar sa scrúdú ar an iarratas ar chúlghairm ceart nó ar dhearbhú neamhbhailíochta nár cheart an trádmharc a bheith cláraithe i ndáil le roinnt de na hearraí nó seirbhísí lena bhfuil sé cláraithe, nó i ndáil leo ar fad, déanfar cearta dhílseánach an trádmhairc AE a aisghairm nó dearbhófar é a bheith neamhbhailí i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí sin.’.

100.

Ar leathanach 43, Airteagal 103(2), an dara habairt

in ionad:

‘2.   Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó an cinneadh a chúlghairm laistigh de bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an iontráil sa Chlár nó ar glacadh an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí agus le haon dílseánach a bhfuil cearta aige maidir leis an trádmharc de chuid AE i dtrácht a chuirtear isteach sa Chlár.’,

léitear:

‘2.   Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó an cinneadh a chúlghairm laistigh de bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an iontráil sa Chlár nó ar glacadh an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí agus le haon dílseánach a bhfuil cearta aige maidir leis an trádmharc AE i dtrácht a chuirtear isteach sa Chlár.’.

101.

Ar leathanach 44, Airteagal 104(1)

in ionad:

‘1.   An t-iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánach an trádmhairc de chuid AE nó aon pháirtí eile sna himeachtaí ...’,

léitear:

‘1.   An t-iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánach trádmhairc de chuid AE nó aon pháirtí eile sna himeachtaí ...’.

102.

Ar leathanach 44, Airteagal 104(6)

in ionad:

‘6.   I gcás ina ndéanann iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánach trádmhairc de chuid AE a chearta a athbhunú, ní fhéadfaidh sé a chearta a agairt i leith tríú páirtí a chuir earraí ar an margadh nó a sholáthair seirbhísí, de mheon macánta, faoi chomhartha atá comhionann leis an trádmharc de chuid AE, nó cosúil leis, le linn na tréimhse idir na cearta ar an iarratas nó sa trádmharc de chuid AE a chailliúint agus an tagairt faoi athbhunú na gceart sin a fhoilsiú.’,

léitear:

‘6.   I gcás ina ndéanann iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE nó dílseánach trádmhairc de chuid AE a chearta a athbhunú, ní fhéadfaidh sé a chearta a agairt i leith tríú páirtí a chuir earraí ar an margadh nó a sholáthair seirbhísí, de mheon macánta, faoi chomhartha atá comhionann leis an trádmharc AE, nó cosúil leis, le linn na tréimhse idir na cearta ar an iarratas nó sa trádmharc AE a chailleadh agus an tagairt faoi athbhunú na gceart sin a fhoilsiú.’.

103.

Ar leathanach 46, Airteagal 109(1), an abairt deiridh

in ionad:

‘Beidh na táillí a fhulaingeoidh an páirtí a chaillfidh teoranta do na táillí sin a íocann an páirtí eile i ndáil le cur i gcoinne, le hiarraidh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc sin de chuid AE agus i ndáil le hachomharc.’,

léitear:

‘Na táillí a bheidh le híoc ag an bpáirtí a chaillfidh, beidh siad teoranta do na táillí sin a íocann an páirtí eile i ndáil le freasúra, le hiarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc AE sin agus i ndáil le hachomharc.’.

104.

Ar leathanach 46, Airteagal 109(4)

in ionad:

‘4.   Is é an páirtí a chuireann deireadh leis na himeachtaí tríd an iarratas ar thrádmharc de chuid AE, an freasúra, an t-iarratas ar chúlghairm ceart, an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an t-achomharc a tharraingt siar, nó trí gan athnuachan a dhéanamh ar chlárú an trádmhairc de chuid AE nó trí thrádmharc de chuid AE a thabhairt a fhulaingeoidh na táillí agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile mar a cheanglaítear i mír 1 agus i mír 2.’,

léitear:

‘4.   An páirtí a chuireann deireadh leis na himeachtaí tríd an iarratas ar thrádmharc de chuid AE, an freasúra, an t-iarratas ar chúlghairm ceart, an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an t-achomharc a tharraingt siar, nó trí gan athnuachan a dhéanamh ar chlárú an trádmhairc AE nó tríd an trádmharc AE a thabhairt suas, is é an páirtí sin a fhulaingeoidh na táillí agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile mar a cheanglaítear i mír 1 agus i mír 2.’.

105.

Ar leathanach 47, Airteagal 111(2), pointe (j)

in ionad:

‘(j)

sonraí maidir le héilimh ar shinsearacht trádmhairc níos luaithe chláraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 39.’,

léitear:

‘(j)

sonraí maidir le héilimh ar shinsearacht trádmhairc chláraithe a bhí ann níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 39.’.

106.

Ar leathanach 48, Airteagal 111(3), pointe (f)

in ionad:

‘(f)

sonraí maidir le héilimh ar shinsearacht trádmhairc níos luaithe chláraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 39, de bhun Airteagal 40;’,

léitear:

‘(f)

sonraí maidir le héilimh ar shinsearacht trádmhairc chláraithe a bhí ann níos luaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 39, de bhun Airteagal 40;’.

107.

Ar leathanach 48, Airteagal 111(3), pointe (n)

in ionad:

‘(n)

dáta taiscthe agus sonraí maidir le cur i gcoinne de bhun Airteagal 46, maidir le hiarratas de bhun Airteagal 63, nó maidir le frithéileamh i leith cúlghairme nó i leith dearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 128(4), nó sonraí maidir le hachomharc de bhun Airteagal 68;’,

léitear:

‘(n)

dáta taiscthe agus sonraí maidir le freasúra de bhun Airteagal 46, maidir le hiarratas de bhun Airteagal 63, nó maidir le frithéileamh i leith cúlghairme nó i leith dearbhú neamhbhailíochta de bhun Airteagal 128(4), nó sonraí maidir le hachomharc de bhun Airteagal 68;’.

108.

Ar leathanach 48, Airteagal 111(3), pointe (o)

in ionad:

‘(o)

dáta agus inneachar cinnidh maidir le cur i gcoinne, maidir le hiarratas nó le frithéileamh de bhun Airteagal 64(6) nó an tríú habairt d'Airteagal 128(6), nó maidir le hachomharc de bhun Airteagal 71;’,

léitear:

‘(o)

dáta agus inneachar cinnidh maidir le freasúra, maidir le hiarratas nó le frithéileamh de bhun Airteagal 64(6) nó an tríú habairt d'Airteagal 128(6), nó maidir le hachomharc de bhun Airteagal 71;’.

109.

Ar leathanach 48, Airteagal 111(3), pointe (v)

in ionad:

‘(v)

dáta agus líon na gcláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar an trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 185(2);’,

léitear:

‘(v)

dáta agus líon na gcláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar an trádmharc AE de bhun Airteagal 185(2);’.

110.

Ar leathanach 50, Airteagal 112(5), an chéad abairt

in ionad:

‘5.   Coinneofar na sonraí go léir ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí sonraí pearsanta ar bith den bhunachar sonraí, áfach, tar éis 18 mí ó dhul in éag an trádmhairc de chuid AE nó ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha.’,

léitear:

‘5.   Coinneofar na sonraí go léir ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí sonraí pearsanta ar bith den bhunachar sonraí, áfach, tar éis 18 mí ó dhul in éag an trádmhairc AE nó ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha.’.

111.

Ar leathanach 54, Airteagal 124, pointe (d)

in ionad:

‘(d)

le haghaidh frithéilimh i leith cúlghairme nó i leith dearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc de chuid AE de bhun Airteagal 128.’,

léitear:

‘(d)

le haghaidh frithéilimh i leith cúlghairme nó i leith dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc AE de bhun Airteagal 128.’.

112.

Ar leathanach 56, Airteagal 128(7)

in ionad:

‘7.   Féadfaidh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE a éisteann a frithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta bac a chur ar na himeachtaí ar iarratas ó dhílseánach an trádmhairc de chuid AE agus tar éis na páirtithe eile a éisteach agus féadfaidh sí iarraidh ar an gcosantóir iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid na hOifige laistigh de thréimhse arna cinneadh aici. Mura ndéanfar an t-iarratas laistigh den teorainn ama, leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh; measfar an frithéileamh a bheith tarraingthe siar. Beidh feidhm ag Airteagal 132(3).’,

léitear:

‘7.   Féadfaidh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE a éisteann frithéileamh ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta bac a chur ar na himeachtaí ar iarratas ó dhílseánach an trádmhairc AE agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht agus féadfaidh sí iarraidh ar an gcosantóir iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid na hOifige laistigh de thréimhse a chinnfidh sí. Mura ndéantar an t-iarratas laistigh den teorainn ama, leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh; measfar an frithéileamh a bheith tarraingthe siar. Beidh feidhm ag Airteagal 132(3).’.

113.

Ar leathanach 56, Airteagal 130(1), an chéad abairt

in ionad:

‘1.   I gcás ina bhfionnann cúirt um thrádmharcanna de chuid AE go ndearna an cosantóir sárú ar thrádmharc de chuid AE, nó gur bhagair sé sárú a dhéanamh air, eiseoidh sí ordú, ach amháin má tá cúiseanna speisianta ann gan sin a dhéanamh, lena gcuirtear toirmeasc ar an gcosantóir leanúint ar aghaidh leis na gníomhartha a sháraigh nó a sháródh an trádmharc de chuid AE.’,

léitear:

‘1.   I gcás ina gcinneann cúirt um thrádmharcanna de chuid AE go ndearna an cosantóir sárú ar thrádmharc de chuid AE, nó gur bhagair sé sárú a dhéanamh air, eiseoidh sí ordú, ach amháin má tá cúiseanna speisialta ann gan sin a dhéanamh, lena gcuirtear toirmeasc ar an gcosantóir leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí a sháraigh nó a sháródh an trádmharc AE.’.

114.

Ar leathanach 58, Airteagal 132(1)

in ionad:

‘1.   Bacfaidh cúirt um thrádmharcanna de chuid AE atá ag éisteacht caingne dá dtagraítear in Airteagal 124 nach caingean le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta í, ach amháin má tá forais speisialta ann le leanúint ar aghaidh leis an éisteacht, dá stuaim féin tar éis na páirtithe a éisteacht nó arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, bacfaidh sí na himeachtaí i gcás ina bhfuil bailíocht an trádmhairc de chuid AE i gceist cheana féin os comhair cúirt um thrádmharcanna de chuid AE eile i ngeall ar fhrithéileamh nó i gcás ina bhfuil iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta comhdaithe cheana féin san Oifig.’,

léitear:

‘1.   Cúirt um thrádmharcanna de chuid AE a éistíonn caingean dá dtagraítear in Airteagal 124 nach caingean le haghaidh dearbhú ar neamh-shárú í, déanfaidh sí, ach amháin má tá forais speisialta ann le leanúint ar aghaidh leis an éisteacht, dá stuaim féin tar éis na páirtithe a éisteacht nó arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, na himeachtaí a bhacadh i gcás ina bhfuil bailíocht an trádmhairc AE i gceist cheana féin os comhair cúirt eile um thrádmharcanna de chuid AE i ngeall ar fhrithéileamh nó i gcás ina bhfuil iarratas ar chúlghairm nó ar dhearbhú neamhbhailíochta comhdaithe cheana féin san Oifig.’.

115.

Ar leathanach 58, Airteagal 135

in ionad:

‘Caithfidh cúirt náisiúnta atá ag déileáil le caingean a bhaineann le trádmharc de chuid AE, nach é an caingean dá dtagraítear in Airteagal 124 é, caithfidh sí leis an trádmharc de chuid AE mar thrádmharc bailí.’,

léitear:

‘Caithfidh cúirt náisiúnta atá ag déileáil le caingean a bhaineann le trádmharc de chuid AE, nach é an caingean dá dtagraítear in Airteagal 124 é, caithfidh sí leis an trádmharc AE mar thrádmharc bailí.’.

116.

Ar leathanach 58, Airteagal 137(1)

in ionad:

‘1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear, ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt, don cheart atá ann faoi dhlíthe na mBallstát chun éilimh ar shárú ar chearta níos luaithe laistigh de bhrí Airteagal 8 nó Airteagal 60(2) a agairt i ndáil le trádmharc de chuid AE níos déanaí a úsáid. Ní fhéadfar éilimh ar shárú ar chearta níos luaithe laistigh de bhrí Airteagal 8(2) agus (4) a agairt a thuilleadh, áfach, más rud é nach bhféadfadh dílseánach an trádmhairc níos luaithe iarratas a dhéanamh a thuilleadh ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí i gcomhréir le hAirteagal 61(2).’,

léitear:

‘1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear, ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt, don cheart atá ann faoi dhlíthe na mBallstát chun éilimh ar shárú ar chearta a fuarthas níos luaithe de réir bhrí Airteagal 8 nó Airteagal 60(2) a agairt i ndáil le trádmharc de chuid AE a tháinig níos déanaí a úsáid. Ní fhéadfar éilimh ar shárú ar chearta a fuarthas níos luaithe de réir bhrí Airteagal 8(2) agus (4) a agairt a thuilleadh, áfach, más rud é nach bhféadfadh dílseánach an chirt a fuarthas níos luaithe iarratas a dhéanamh a thuilleadh ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc AE neamhbhailí i gcomhréir le hAirteagal 61(2).’.

117.

Ar leathanach 59, Airteagal 138(1)

in ionad:

‘1.   Féadfaidh dílseánach cirt níos luaithe nach bhfuil feidhm aige ach i gceantar ar leith cur i gcoinne úsáid an trádmhairc de chuid AE...’,

léitear:

‘1.   Féadfaidh dílseánach cirt a fuarthas níos luaithe nach bhfuil feidhm aige ach i gceantar ar leith freasúra a dhéanamh i gcoinne úsáid an trádmhairc AE ...’.

118.

Ar leathanach 59, Airteagal 138(2)

in ionad:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 a thuilleadh más rud é gur thoiligh dílseánach an chirt níos luaithe leis an trádmharc de chuid AE a bheith in úsáid sa chríoch ina bhfuil a cheart cosanta ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, agus é ar an eolas faoin úsáid sin, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE de mheon mímhacánta.’,

léitear:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 a thuilleadh más rud é gur thoiligh dílseánach an chirt a fuarthas níos luaithe leis an trádmharc AE a bheith in úsáid sa chríoch ina bhfuil a cheart cosanta ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, agus é ar an eolas faoin úsáid sin, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc AE de mheon mímhacánta.’.

119.

Ar leathanach 59, Airteagal 138(3)

in ionad:

‘3.   Ní bheidh dílseánach an trádmhairc de chuid AE i dteideal cur i gcoinne úsáid an chirt dá dtagraítear i mír 1 d'ainneoin nach bhféadfaí an ceart sin a agairt a thuilleadh i gcoinne an trádmhairc de chuid AE.’,

léitear:

‘3.   Ní bheidh dílseánach an trádmhairc AE i dteideal freasúra a dhéanamh i gcoinne úsáid an chirt dá dtagraítear i mír 1 d'ainneoin nach bhféadfaí an ceart sin a agairt a thuilleadh i gcoinne an trádmhairc AE.’.

120.

Ar leathanach 59, Airteagal 139(1), pointe (b)

in ionad:

‘(b)

sa mhéid agus a stadann an trádmharc de chuid AE d'eifeacht a bheith aige...’,

léitear:

‘(b)

sa mhéid agus a stadann an trádmharc AE d'éifeacht a bheith aige ...’.

121.

Ar leathanach 59, Airteagal 139(2), pointí (a) agus (b)

in ionad:

‘(a)

i gcás ina ndearnadh cearta dhílseánach an trádmhairc de chuid AE a chúlghairm ar fhorais neamhúsáide, ach amháin más rud é gur cuireadh an trádmharc de chuid AE i mbun úsáide sa Bhallstát ina bhfuil an tiontú á iarraidh a mheasfaí a bheith ina fíorúsáid faoi dhlíthe an Bhallstáit sin;

(b)

chun críche cosanta i mBallstát ina bhfuil feidhm ag forais don chlárú a dhiúltú nó forais le haghaidh cúlghairme nó neamhbhailíochta, i gcomhréir le cinneadh na hOifige nó na cúirte náisiúnta, maidir leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó maidir leis an trádmharc de chuid AE.’,

léitear:

‘(a)

i gcás ina ndearnadh cearta dhílseánach an trádmhairc AE a chúlghairm ar fhorais neamhúsáide, ach amháin más rud é gur cuireadh an trádmharc AE i mbun úsáide sa Bhallstát ina bhfuil an tiontú á iarraidh a mheasfaí a bheith ina fíorúsáid faoi dhlíthe an Bhallstáit sin;

(b)

chun críche cosanta i mBallstát ina bhfuil feidhm ag forais don chlárú a dhiúltú nó forais le haghaidh cúlghairme nó neamhbhailíochta, i gcomhréir le cinneadh na hOifige nó na cúirte náisiúnta, maidir leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó maidir leis an trádmharc AE.’.

122.

Ar leathanach 59, Airteagal 139(5)

in ionad:

‘5.   I gcás ina ndéantar an t-iarratas ar trádmharc de chuid AE a tharraingt siar nó ina stadann an trádmharc de chuid AE d'éifeacht a bheith aige ... nó ar stad an trádmharc de chuid AE d'éifeacht a bheith aige.’,

léitear:

‘5.   I gcás ina ndéantar an t-iarratas ar trádmharc de chuid AE a tharraingt siar nó ina stadann an trádmharc AE d'éifeacht a bheith aige ... nó ar stad an trádmharc AE d'éifeacht a bheith aige.’.

123.

Ar leathanach 59, Airteagal 139(6)

in ionad:

‘6.   I gcás ina ndiúltaítear don iarratas ar thrádmharc de chuid AE de bhun chinneadh na hOifige nó i gcás ina stadann an trádmharc de chuid AE d'éifeacht a bheith aige mar thoradh ar chinneadh de chuid na hOifige nó cinneadh de chuid 3 cúirte um thrádmharcanna de chuid AE, ...’,

léitear:

‘6.   I gcás ina ndiúltaítear don iarratas ar thrádmharc de chuid AE de bhun chinneadh na hOifige nó i gcás ina stadann an trádmharc AE d'éifeacht a bheith aige mar thoradh ar chinneadh de chuid na hOifige nó cinneadh de chuid cúirte um thrádmharcanna de chuid AE, ...’.

124.

Ar leathanach 60, Airteagal 140(4)

in ionad:

‘Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais trí thagairt do theanga Bhallstáit, eisiafar tiontú faoi Airteagal 139(2) i gcás na mBallstát uile a bhfuil an teanga sin mar cheann de na teangacha oifigiúla acu. Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais a bhfaightear amach ina leith go bhfuil siad atá i bhfeidhm ar fud an Aontais nó mar gheall ar thrádmharc níos luaithe de chuid AE nó ceart maoine intleachtúla eile de chuid an Aontais, eisiafar tiontú faoi Airteagal 139(2) i gcás na mBallstát uile.’,

léitear:

‘Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais trí thagairt do theanga Bhallstáit, eisiafar tiontú faoi Airteagal 139(2) i gcás na mBallstát uile a bhfuil an teanga sin mar cheann de na teangacha oifigiúla acu. Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais a bhfaightear amach ina leith go bhfuil siad atá i bhfeidhm ar fud an Aontais nó mar gheall ar thrádmharc de chuid AE a bhí ann níos luaithe nó ceart maoine intleachtúla eile de chuid an Aontais, eisiafar tiontú faoi Airteagal 139(2) i gcás na mBallstát uile.’.

125.

Ar leathanach 62, Airteagal 146(3), an chéad fhomhír

in ionad:

‘1.

Cuirfidh an t-iarratasóir teanga eile in iúl a bheidh ina teanga de chuid na hOifige a nglacfaidh sé léi mar theanga fhéideartha imeachtaí i dtaca le himeachtaí cur i gcoinne, cúlghairme nó neamhbhailíochta.’,

léitear:

‘1.

Cuirfidh an t-iarratasóir an teanga de chuid na hOifige in iúl, ar teanga í a nglacfaidh sé léi mar theanga fhéideartha imeachtaí i dtaca le himeachtaí freasúra, cúlghairme nó neamhbhailíochta.’.

126.

Ar leathanach 62, Airteagal 146(7)

in ionad:

‘7.   Más rud é gurb é an teanga a roghnaíodh, i gcomhréir le mír 5, don fhógra cur i gcoinne nó don iarratas ar chúlghairm nó neamhbhailíochta teanga an iarratais ar thrádmhairc nó an dara teanga a cuireadh in iúl an tráth a comhdaíodh an t-iarratas, is é an teanga sin a bheidh mar theanga na n-imeachtaí.’,

léitear:

‘7.   Más rud é gurb í an teanga a roghnaíodh, i gcomhréir le mír 5, don fhógra freasúra nó don iarratas ar chúlghairm nó neamhbhailíochta, an teanga ina ndearnadh an t-iarratais ar thrádmharc nó an dara teanga a cuireadh in iúl an tráth a comhdaíodh an t-iarratas, is í an teanga sin a bheidh mar theanga na n-imeachtaí.’.

127.

Ar leathanach 62, Airteagal 146(7), an dara fomhír, an chéad abairt

in ionad:

‘Más rud é nach é an teanga a roghnaíodh, i gcomhréir le mír 5, don fhógra cur i gcoinne nó don iarratas ar chúlghairm nó neamhbhailíochta teanga an iarratais ar thrádmhairc ná an dara teanga a cuireadh in iúl an tráth a comhdaíodh an t-iarratas, ceanglófar ar pháirtí atá ag cur i gcoinne nó an páirtí atá ag lorg cúlghairme nó neamhbhailíochta aistriúchán a sholáthar, ar a chostas féin, ar a iarratas i dteanga an iarratais ar thrádmharc, ar choinníoll gur teanga de chuid na hOifige í, é sin nó aistriúchán sa dara teanga a cuireadh in iúl tráth a comhdaíodh an t–iarratas.’,

léitear:

‘Más rud gur roghnaíodh teanga, i gcomhréir le mír 5, don fhógra freasúra nó don iarratas ar chúlghairm nó neamhbhailíochta, nach í an teanga ina ndearnadh an t-iarratas ar thrádmharc agus nach í an dara teanga a cuireadh in iúl an tráth a comhdaíodh an t-iarratas, ceanglófar ar an bpáirtí atá ag déanamh freasúra nó ar an bpáirtí atá ag lorg cúlghairme nó neamhbhailíochta, aistriúchán a sholáthar, ar a chostas féin, ar a iarratas sa teanga ina ndearnadh an t-iarratas ar thrádmharc, ar choinníoll gur teanga de chuid na hOifige í, é sin nó aistriúchán sa dara teanga a cuireadh in iúl tráth a comhdaíodh an t–iarratas.’.

128.

Ar leathanach 62, Airteagal 146(8)

in ionad:

‘8.   Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí cur i gcoinne, cúlghairme, neamhbhailíochta nó achomhairc comhaontú a dhéanamh go mbeidh teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais mar theanga na n-imeachtaí.’,

léitear:

‘8.   Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí freasúra, cúlghairme, neamhbhailíochta nó achomhairc comhaontú a dhéanamh go mbeidh teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais mar theanga na n-imeachtaí.’.

129.

Ar leathanach 63, Airteagal 146(9), an tríú habairt

in ionad:

‘I gcás gurb é an t-iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE an t-aon pháirtí sna himeachtaí atá os comhair na hOifige agus nach ceann de theangacha na hOifige í an teanga a úsáidtear leis an iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chomhdú, féadfar an t-aistriúchán a chomhdú sa dara teanga a chuir an t-iarratasóir in iúl ina iarratas nó ina hiarratas freisin.’,

léitear:

‘I gcás inarb é an t-iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE an t-aon pháirtí sna himeachtaí atá os comhair na hOifige agus nach ceann de theangacha na hOifige í an teanga a úsáidtear leis an iarratas ar an trádmharc AE a chomhdú, féadfar an t-aistriúchán a chomhdú sa dara teanga a chuir an t-iarratasóir in iúl ina iarratas nó ina hiarratas freisin.’.

130.

Ar leathanach 72, Airteagal 169(1), an dara habairt

in ionad:

‘Ní fhéadfaidh comhaltaí den Rannán Cealúcháin páirt a ghlacadh in aon imeachtaí más rud é go raibh siad rannpháirteach sa chinneadh críochnaitheach ar an gcás sna himeachtaí don chlárú nó sna himeachtaí cur i gcoinne.’,

léitear:

‘Ní fhéadfaidh comhaltaí den Rannán Cealúcháin páirt a ghlacadh in aon imeachtaí más rud é go raibh siad rannpháirteach sa chinneadh críochnaitheach ar an gcás sna himeachtaí don chlárú nó sna himeachtaí freasúra.’.

131.

Ar leathanach 77, Airteagal 179(2), pointe (b)

in ionad:

‘(b)

nuair a íocfar an táille freasúra, uimhir chomhaid an iarratais agus ainm an iarratasóra ar an trádmharc de chuid AE ar cuireadh an freasúra isteach ina choinne, agus cuspóir na híocaíochta, eadhon “táille freasúra”;’,

léitear:

‘(b)

nuair a íocfar an táille freasúra, uimhir chomhaid an iarratais agus ainm an iarratasóra ar an trádmharc AE ar cuireadh an freasúra isteach ina choinne, agus cuspóir na híocaíochta, eadhon “táille freasúra”;’.

132.

Ar leathanach 81, Airteagal 191(1)

in ionad:

‘1.   Féadfaidh an t-iarratasóir ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh do thrádmharc níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, ...’,

léitear:

‘1.   Féadfaidh an t-iarratasóir ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh do thrádmharc a bhí ann níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, ...’.

133.

Ar leathanach 81, Airteagal 192(1)

in ionad:

‘1.   Féadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh ag an Oifig do thrádmharc níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, ...’,

léitear:

‘1.   Féadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh ag an Oifig do thrádmharc a bhí ann níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, ...’.

134.

Ar leathanach 82, Airteagal 193(7), an chéad abairt

in ionad:

‘7.   I gcás nach bhfuil fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú tugtha ag an Oifig de bhun mhír 2 den Airteagal seo roimh thús na tréimhse don chur i gcoinne dá dtagraítear in Airteagal 196(2), seolfaidh an Oifig ráiteas chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, lena gcuirfear in iúl gur cuireadh bailchríoch leis an scrúdú ar dhearbhfhorais do dhiúltú de bhur Airteagal 42 ach go bhfuil an clárú idirnáisiúnta fós faoi réir freasúraí nó tuairimí tríú páirtithe.’,

léitear:

‘7.   I gcás nach bhfuil fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú tugtha ag an Oifig de bhun mhír 2 den Airteagal seo roimh thús na tréimhse don fhreasúra dá dtagraítear in Airteagal 196(2), seolfaidh an Oifig ráiteas chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, lena gcuirfear in iúl gur cuireadh bailchríoch leis an scrúdú ar dhearbhfhorais do dhiúltú de bhur Airteagal 42 ach go bhfuil an clárú idirnáisiúnta fós faoi réir freasúraí nó tuairimí tríú páirtithe.’.

135.

Ar leathanach 84, Airteagal 195(4)

in ionad:

‘4.   Cuirfidh an Oifig dílseánaigh aon trádmhairc de chuid AE is túisce nó aon iarratas ar thrádmharc de chuid AE is túisce atá luaite i dtuarascáil chuardaigh an tAontais faoi fhoilsiú an chláraithe idirnáisiúnta lena n–ainmnítear an tAontas mar a fhoráiltear in Airteagal 190(1). 5 Beidh feidhm aige sin cé acu ar iarr sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta tuarascáil chuardaigh AE a fháil nó nár iarr, mura n-iarrann dílseánach um chlárú nó um iarratas níos luaithe gan an fógra a fháil.’,

léitear:

‘4.   Cuirfidh an Oifig dílseánaigh aon trádmhairc de chuid AE a bhí ann níos luaithe nó aon iarratas ar thrádmharc de chuid AE a bhí ann níos luaithe atá luaite i dtuarascáil chuardaigh an Aontais faoi fhoilsiú an chláraithe idirnáisiúnta lena n–ainmnítear an tAontas mar a fhoráiltear in Airteagal 190(1). Beidh feidhm aige sin is cuma cé acu a d’iarr nó nár iarr sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta tuarascáil chuardaigh AE a fháil, ach amháin má iarrann dílseánach cláraithe nó iarratais a rinneadh níos luaithe gan an fógra a fháil.’.

136.

Ar leathanach 83, Airteagal 196, an teideal

in ionad:

‘Cur i gcoinne’,

léitear:

‘Freasúra’.

137.

Ar leathanach 83, Airteagal 196(1)

in ionad:

‘1.   Beidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas faoi réir nós imeachta um chur i gcoinne ar an gcaoi chéanna le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE atá foilsithe.’,

léitear:

‘1.   Beidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas faoi réir nós imeachta um fhreasúra ar an gcaoi chéanna le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE atá foilsithe.’.

138.

Ar leathanach 83, Airteagal 196(2)

in ionad:

‘2.   Déanfar fógra faoi chur i gcoinne a chomhdú laistigh de thréimhse trí mhí a gcuirfear tús léi mí amháin tar éis dháta an fhoilsithe de bhun Airteagal 190(1). Ní mheasfar go mbeidh an cur i gcoinne curtha isteach go cuí go dtí go n-íocfar an táille don chur i gcoinne.’,

léitear:

‘2.   Déanfar fógra faoi fhreasúra a chomhdú laistigh de thréimhse trí mhí a gcuirfear tús léi mí amháin tar éis dháta an fhoilsithe de bhun Airteagal 190(1). Ní mheasfar go mbeidh an freasúra curtha isteach go cuí go dtí go n-íocfar an táille don fhreasúra.’.

139.

Ar leathanach 83, Airteagal 196(4)

in ionad:

‘4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear an nós imeachta chun cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú, lena n-áirítear aon chumarsáid is gá a dhéanamh leis an mBiúró Idirnáisiúnta.’,

léitear:

‘4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 208 lena sonraítear an nós imeachta um fhreasúra a chomhdú agus a scrúdú, lena n-áirítear aon chumarsáid is gá a dhéanamh leis an mBiúró Idirnáisiúnta.’.

140.

Ar leathanach 86, Airteagal 204(4)

in ionad:

‘4.   I gcás go bhfeictear don Oifig, agus iad i mbun scrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 41(1)(b), nár cuireadh isteach an t-iarratas laistigh de thrí mhí ón dáta ar chuir an Biúró Idirnáisiúnta an clárú idirnáisiúnta ar ceal; nó nach bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a bhfuil an trádmharc de chuid AE le clárú dóibh san áireamh sa liosta d'earraí agus de sheirbhísí ar cláraíodh an clárú idirnáisiúnta dóibh i dtaca leis an Aontas, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas.’,

léitear:

‘4.   I gcás ina gcinneann an Oifig, agus í i mbun scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 41(1)(b), nár comhdaíodh an t-iarratas laistigh de thrí mhí ón dáta ar chuir an Biúró Idirnáisiúnta an clárú idirnáisiúnta ar ceal, nó nach bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a bhfuil an trádmharc AE le clárú ina leith san áireamh sa liosta d'earraí agus de sheirbhísí ar cláraíodh an clárú idirnáisiúnta ina leith i dtaca leis an Aontas, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas.’.

141.

Ar leathanach 87, Airteagal 209(3)

in ionad:

‘3.   I gcás inar comhdaíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú le linn an sé mhí roimh dháta an aontachais, féadfar fógra ar chur i gcoinne a thabhairt de bhun Airteagal 46 i gcás inar fuarthas trádmharc is túisce nó ceart eile is túisce laistigh de bhrí Airteagal 8 i mBallstát nua roimh an aontachas, ar an gcoinníoll go bhfuarthas é de mheon macánta agus go bhfuil dáta comhdaithe nó, nuair is infheidhme, dáta tosaíochta nó dáta fála an trádmhairc is túisce nó an chirt eile is túisce sa Bhallstát nua roimh an dáta comhdaithe nó, nuair is infheidhe, dáta tosaíóchta an trádmhairc de chuid AE a bhfuil iarratas á dhéanamh air.’,

léitear:

‘3.   I gcás inar comhdaíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE le linn na sé mhí roimh dháta an aontachais, féadfar fógra ar fhreasúra a thabhairt de bhun Airteagal 46 i gcás inar fuarthas trádmharc a bhí ann níos luaithe nó ceart eile a fuarthas níos luaithe de réir bhrí Airteagal 8 i mBallstát nua roimh an aontachas, ar an gcoinníoll go bhfuarthas é de mheon macánta agus go bhfuil dáta comhdaithe nó, nuair is infheidhme, dáta tosaíochta nó dáta fála an trádmhairc a bhí ann níos luaithe nó an chirt eile a fuarthas níos luaithe sa Bhallstát nua roimh an dáta comhdaithe nó, nuair is infheidhme, dáta tosaíochta an trádmhairc AE a bhfuil iarratas á dhéanamh air.’.

142.

Ar leathanach 87, Airteagal 209(5)

in ionad:

‘5.   Féadfar úsáid trádmhairc de chuid AE dá dtagraítear i mír 1 a thoirmeasc de bhun Airteagal 137 agus Airteagal 138, más rud é gur cláraíodh an trádmharc is túisce nó an ceart eile is túisce, go ndearnadh iarratas air nó go bhfuarthas é de mheon macánta sa Bhallstát nua roimh dháta aontachais an Stáit sin; nó, nuair is infheidhme, má tá dáta tosaíochta aige atá roimh dháta aontachais an Stáit sin.’,

léitear:

‘5.   Féadfar úsáid trádmhairc de chuid AE dá dtagraítear i mír 1 a thoirmeasc de bhun Airteagal 137 agus Airteagal 138, más rud é gur cláraíodh an trádmharc a bhí ann níos luaithe nó an ceart eile a fuarthas níos luaithe, go ndearnadh iarratas air nó go bhfuarthas é de mheon macánta sa Bhallstát nua roimh dháta aontachais an Stáit sin; nó, nuair is infheidhme, má tá dáta tosaíochta aige atá roimh dháta aontachais an Stáit sin.’.

143.

Ar leathanach 89, Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe 10

in ionad:

‘10.

Táille fhreasúra (Airteagal 46(3)) ...’,

léitear:

‘10.

Táille freasúra (Airteagal 46(3)) ...’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1001/corrigendum/2023-10-19/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top