Breiseáin bia atá sábháilte
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 — breiseáin bia
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Cuirtear in ionad reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) roimhe seo é trí gach cineál breiseán bia* a thabhairt faoi aon ghníomh dlíthiúil amháin.
- Soláthraítear ann:
- Liostaí de bhreiseáin fhormheasta;
- coinníollacha maidir le n–úsáid agus lena lipéadú.
- Déantar an nós imeachta um údarú a shimpliú leis freisin.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Ní féidir ach breiseáin atá ceadaithe ag AE a dhíol agus a úsáid i mbia.
- Le breiseán bia a cheadú ní mór nach mbaineann rioscaí sláinte leis ná nach gcuirtear tomhaltóirí amú leis. Ní mór dó riachtanas réasúnta a chomhlíonadh nach féidir a chomhlíonadh seachas sin.
- Ní mór do bhreiseán sochair a chur ar fáil do thomhaltóirí. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:
- caighdeán cothaitheach an bhia a chaomhnú;
- cuidiú le bia a mhonarú, a phróiseáil, a ullmhú, a chóireáil, a phacáistiú, a iompar nó a stóráil;
- riachtanais chothaithe speisialta a chomhlíonadh.
- Cuirtear coinníollacha speisialta i bhfeidhm maidir le milseoirí nó dathúchán.
- Níor cheart ach an méid breiseán is lú agus is féidir a úsáid chun an éifeacht inmhianaithe a bhaint amach. Ní mór iontógáil laethúil atá inghlactha agus riachtanais ghrúpaí speisialta tomhaltóirí a chur san áireamh sa chás sin (e.g daoine a bhfuil ailléirgí orthu).
- Níor cheart breiseáin a úsáid go hiondúil iontu seo a leanas:
- bia neamhphróiseáilte;
- bia do naíonáin agus do pháistí óga.
- Ní mór do bhreiseáin, cibé an ndíoltar nó nach ndíoltar don tomhaltóir deiridh iad, cloí le riachtanais shoiléire lipéadaithe, amhail an t–ainm agus/nó E–uimhir a chur ar fáil (mar shampla, is í E–uimhir an dathúcháin bhuí oráiste ná E 110).
- Ní chuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm maidir leis na substaintí seo a leanas, ach amháin má úsáidtear iad mar bhreiseáin bhia:
- breiseáin phróiseála, i.e. substaint a úsáidtear chun amhábhair a phróiseáil;
- substaintí a úsáidtear chun plandaí agus táirgí plandúla a chosaint;
- cothaithigh a chuirtear le bia;
- Substaintí cóireálauisce.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ó 20 Eanáir 2010.
CÚLRA
Rinneadh formhór na measúnuithe ar bhreiseáin sna 1980í agus 1990í. Tá athmheasúnú á dhéanamh ar a sábháilteacht anois i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 ón gCoimisiún. Áirítear leis an bpróiseas sin, ón 27 Márta 2021 ar aghaidh, leibhéil inchomparáide trédhearcachta agus rúndachta leo na cinn a bhfuil feidhm acu maidir leis an nós imeachta chun liosta breiseán bia faofa AE a nuashonrú.
Ag brath ar thorthaí na hathmheastóireachta sábháilteachta, d’fhéadfadh sé go mbeidh ar an gCoimisiún Eorpach athruithe a mholadh maidir le coinníollacha reatha úsáide na mbreiseán, nó cuid díobh a bhaint de liosta na mbreiseán ceadaithe.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Breiseáin bia: substaintí a úsáidtear i mbia ar chúiseanna difriúla, e.g. chun iad a mhilsiú nó chun cur leis an seilfré.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 16-33)
Rinneadh leasuithe i ndiaidh a chéile ar Iarscríbhinní Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/148 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2021 lena leastaítear Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 lena mbunaítear clár chun athmheasúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bia cheadaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breiseáin bia (IO L 44, 9.2.2021, lgh. 3-6)
Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena mbunaítear clár chun athmheasúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bia cheadaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breiseáin bia (IO L 80, 26.3.2010, lgh. 19-27)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseán bia atá liostaithe in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lgh. 1-295)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 05.10.2023