EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R1333

Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia

OJ L 354, 31.12.2008, p. 16–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 13 Volume 034 P. 67 - 84

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 23/04/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj

31.12.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1333/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

maidir le breiseáin bia

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha.

(2)

Ba cheart go n-áiritheofaí leibhéal ard cosanta do bheatha agus do shláinte an duine agus beartais an Chomhphobail á saothrú.

(3)

Gabhann an Rialachán seo ionad Treoracha agus Cinntí a bhí ann roimhe seo maidir le breiseáin bia a cheadaítear i mbianna d’fhonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóra á n-áirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear leasanna an tomhaltóra a chosaint, trí nósanna imeachta cuimsitheacha agus sruthlíneacha.

(4)

Déantar comhchuibhiú leis an Rialachán seo ar úsáid breiseán bia i mbianna sa Chomhphobal. Áirítear leis sin úsáid breiseán bia i mbianna a chumhdaítear le Treoir 89/398/CEE ón gComhairle an 3 Bealtaine 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le hearraí bia arna gceapadh d’úsáidí cothaitheacha áirithe (3) agus maidir le húsáid dathanna bia áirithe le haghaidh marcáil sláinte a dhéanamh ar fheoil agus le haghaidh maisiú agus stampáil a dhéanamh ar uibheacha. Déantar comhchuibhiú leis freisin ar úsáid breiseán bia i mbreiseáin bia agus in einsímí bia, rud a áirithíonn a sábháilteacht agus a gcáilíocht agus rud a éascaíonn a stóráil agus a n-úsáid. Ní raibh rialáil déanta air seo ar leibhéal an Chomhphobail go nuige seo.

(5)

Is substaintí iad breiseáin bia nach gcaitear mar bhia ann féin de ghnáth ach a chuirtear le bia d’aon ghnó chun críche teicneolaíche a thuairiscítear sa Rialachán seo, amhail bia a chaomhnú. Ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo gach breiseán bia, agus mar sin ba cheart an liosta aicmí feidhmiúla a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an dul chun cinn eolaíoch agus leis an bhforbairt theicneolaíoch. Níor cheart a mheas gur breiseáin bia iad substaintí, áfach, nuair a úsáidtear iad chun blas a chur ar bhia nó chun críocha cothaitheacha, amhail ionadaithe salainn, vitimíní agus mianraí. Ina theannta sin, níor cheart ach oiread go dtiocfadh substaintí a mheastar gur bianna iad a fhéadfar a úsáid chun críche teicneolaíche, amhail clóiríd sóidiam nó cróch do dhathú, agus einsímí bia faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ullmhóidí a fhaightear as bianna agus as bunábhar nádúrtha eile, áfach, arna gceapadh le go mbeidh éifeacht theicneolaíoch acu ar an mbia deiridh agus a fhaightear trí eastóscadh roghnach a dhéanamh ar chomhchodanna (e.g. líocha) i gcomhréir leis na comhábhair chothaitheacha nó aramatacha, ba cheart iad a mheas mar bhreiseáin de réir bhrí an Rialacháin seo. Ar deireadh, cumhdaítear einsímí bia faoi Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (4), rud a eisiann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(6)

Níor cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo substaintí nach gcaitear mar bhia ann féin ach a úsáidtear d’aon ghnó i bpróiseáil bianna, agus nach bhfanann sa bhia deiridh ach mar iarmhair agus nach bhfuil éifeacht theicneolaíoch acu sa táirge deiridh (áiseanna próiseála).

(7)

Níor cheart breiseáin bia a fhormheas agus a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Caithfidh breiseáin bia a bheith sábháilte nuair a úsáidtear iad, caithfidh gá teicneolaíoch a bheith ann lena n-úsáid, agus ní fhéadfaidh a n-úsáid an tomhaltóir a chur amú agus caithfidh a n-úsáid a bheith chun tairbhe an tomhaltóra. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire, agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht chothaitheach an táirge, lena n-áirítear an méid torthaí agus glasraí atá ann, ach ní gá gurb é sin amháin a bheadh i gceist leis. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, agus breiseáin bia á bhformheas, na tosca eile atá ábhartha maidir leis an ábhar atá á bhreithniú, lena n-áirítear tosca sochaíocha, eacnamaíocha, traidisiúnta, eitice agus comhshaoil, prionsabal an réamhchúraim agus a indéanta is atá sé rialuithe a dhéanamh. Ba cheart go gcuirfeadh úsáid breiseán bia agus uasleibhéil breiseán bia san áireamh go mbeadh an breiseán bia á iontógáil ó fhoinsí eile agus nochtadh grúpaí speisialta tomhaltóirí (e.g. tomhaltóirí ailléirgeacha) don bhreiseán bia sin.

(8)

Caithfidh breiseáin bia na sonraíochtaí formheasta a chomhall ar cheart go n-áireofaí iontu faisnéis, lena n-áirítear a thionscnamh, chun an breiseán bia a shainaithint go leordhóthanach, agus faisnéis chun cur síos a dhéanamh ar na critéir inghlactha íonachta. Ba cheart go gcoimeádfaí na sonraíochtaí a forbraíodh roimhe sin le haghaidh breiseán bia agus a áirítear i dTreoir 95/31/CE ón gCoimisiún an 5 Iúil 1995 lena leagtar síos critéir íonachta sonracha maidir le milseoirí lena n-úsáid in earraí bia (5), i dTreoir 95/45/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 1995 lena leagtar síos critéir íonachta sonracha maidir le dathanna lena n-úsáid in earraí bia (6) agus i dTreoir 96/77/CE ón gCoimisiún an 2 Nollaig 1996 lena leagtar síos critéir íonachta sonracha maidir le breiseáin bia seachas dathanna agus milseoirí (7) go dtí go gcuirfear na breiseáin a chomhfhreagraíonn dóibh isteach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart go leagfaí amach i Rialachán na sonraíochtaí a bhaineann leis na breiseáin sin an tráth sin. Ba cheart go mbainfeadh na sonraíochtaí sin go díreach leis na breiseáin a áirítear sna liostaí Comhphobail atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Mar gheall ar ghné chasta agus ar shubstaint chasta na sonraíochtaí sin, áfach, ar mhaithe le soiléireacht, níor cheart iad a lánpháirtiú sna liostaí Comhphobail ach ba cheart iad a leagan amach i Rialachán ar leith nó i Rialacháin ar leith.

(9)

Ceadaítear roinnt breiseán bia d’úsáidí sonracha le haghaidh cleachtas údaraithe áirithe fíoneolaíochta agus le haghaidh próiseas údaraithe áirithe fíoneolaíochta. Ba cheart go gcomhlíonfadh úsáid breiseán bia den sórt sin an Rialachán seo agus na forálacha sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht Chomhphobail ábhartha.

(10)

D’fhonn comhchuibheas a áirithiú, ba cheart go ndéanfaí an measúnú riosca ar bhreiseáin bia agus go ndéanfaí iad a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d’einsímí bia agus do bhlastáin bia (8).

(11)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (9), ní mór dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) maidir le hábhair ar dócha go mbeadh tionchar acu ar shláinte an phobail.

(12)

Ba cheart breiseán bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (10), a údarú i gcomhréir leis an Rialachán sin chomh maith lena údarú faoin Rialachán seo.

(13)

Breiseán bia a formheasadh cheana féin faoin Rialachán seo, agus a dhéantar trí mhodhanna táirgthe nó trí úsáid a bhaint as ábhair tosaigh a bhfuil difríochtaí suntasacha eatarthu agus na cinn a chuirtear san áireamh i measúnú riosca an Údaráis, nó breiseán bia nach ionann é agus na breiseáin bia a chumhdaítear leis na sonraíochtaí arna leagan síos, ba cheart é a chur faoi bhráid an Údaráis le go ndéanfadh sé meastóireacht orthu. D’fhéadfadh sé go gciallódh ‘difríocht shuntasach’inter alia an modh táirgthe a athrú ón eastóscadh as planda go dtí an táirgeadh trí choipeadh le miocrorgánach, nó modhnú géiniteach ar an mbun-mhiocrorgánach, athrú ar na hábhair tosaigh, nó athrú ar mhéid na gcáithníní, lena n-áirítear úsáid nanaitheicneolaíochta.

(14)

Ba cheart go mbreathnófaí go leanúnach ar bhreiseáin bia agus caithfear athmheastóireacht a dhéanamh orthu aon uair is gá, i bhfianaise na gcoinníollacha athraitheacha lena rialaítear a n-úsáid agus i bhfianaise aon fhaisnéise nua eolaíche. I gcás inar gá, ba cheart don Choimisiún mar aon leis na Ballstáit beart iomchuí a bhreithniú.

(15)

Ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit sin a choimeád toirmisc an 1 Eanáir 1992 a bhí ar bhreiseáin áirithe i mbianna sonracha áirithe a meastar gur bianna traidisiúnta iad agus a tháirgtear ina gcríoch leanúint de na toirmisc sin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, maidir le táirgí amhail ‘Feta’ nó ‘Salame cacciatore’, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do rialacha ar mó an srian a chuireann siad agus a bhaineann le hainmníochtaí áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le léirithe geografacha agus ainmníochtaí tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus d’earraí bia a chosaint (11) agus faoi Rialachán (CEE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus earraí bia mar speisaltachtaí traidisúnta atá ráthaithe (12).

(16)

Mura mbeidh sé faoi réir srianta eile, féadfaidh breiseán a bheith i mbia, seachas trína chur leis go díreach, mar gur tugadh anonn ó chomhábhar bia é inar ceadaíodh an breiseán, ar choinníoll nach airde leibhéal an bhreiseáin sa bhia deiridh ná an leibhéal a bheadh ann dá ndéanfaí an comhábhar bia a úsáid faoi choinníollacha teicneolaíocha iomchuí agus faoi dhea-chleachtas monaraithe.

(17)

Leanann breiseáin bia de bheith faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú dá bhforáiltear le Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, le cur i láthair agus le fógraíocht ar earraí bia (13) agus, de réir mar a bheidh, le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus le Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus maidir le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (14). Ina theannta sin, ba cheart forálacha sonracha a bheith sa Rialachán seo maidir le lipéadú ar bhreiseáin bia a dhíoltar mar bhreiseáin bia leis an monaróir nó leis an tomhaltóir deiridh.

(18)

Féadfar milseoirí a údaraítear faoin Rialachán seo a úsáid i milseoirí boird a dhíoltar go díreach le tomhaltóirí. Ba cheart do mhonaróirí táirgí den sórt sin faisnéis a chur ar fáil don tomhaltóir ar shlite iomchuí ionas go bhféadfaidh siad an táirge a úsáid ar bhealach sábháilte. D’fhéadfaí faisnéis den sórt sin a chur ar fáil ar roinnt slite lena n-áirítear ar lipéid táirgí, ar láithreáin gréasáin idirlín, ar línte faisnéise do thomhaltóirí nó ag an bpointe díola. D’fhonn cur chuige aonfhoirmeach a ghlacadh chun an ceanglas sin a chur chun feidhme, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le treoir a tharraingeofaí suas ar leibhéal an Chomhphobail.

(19)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (15).

(20)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(21)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart na gnáthshrianta ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun go nglacfaí leasuithe áirithe ar Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinn III a bhaineann le substaintí a údaraíodh cheana féin faoi dhlí eile Comhphobail, chomh maith le haon bhearta iomchuí idirthréimhseacha a bhaineann leis na substaintí sin.

(22)

D’fhonn an dlí Comhphobail maidir le breiseáin bia a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach, éifeachtach, is gá sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d’fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d’fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí go maoineodh an Comhphobal staidéir den sórt sin mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe (16).

(23)

Cuirfidh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

(24)

Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le breiseáin bia, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus ar mhaithe le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(25)

Tar éis an Rialachán seo a ghlacadh ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ón mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, athbhreithniú a dhéanamh ar na húdaruithe uile atá ann maidir le critéir, seachas sábháilteacht, amhail iontógáil, gá teicneolaíoch agus an fhéidearthacht go gcuirfí an tomhaltóir amú. Ba cheart na breiseáin bia uile a leanfar dá n-údarú sa Chomhphobal a aistriú chuig na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlánú leis na breiseáin bia eile a úsáidtear i mbreiseáin bia agus in einsímí bia agus ba cheart í a chomhlánú chomh maith le hiompróirí le haghaidh cothaitheach agus lena gcoinníollacha úsáide i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia]. D’fhonn idirthréimhse oiriúnach a cheadú, níor cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha atá in Iarscríbhinn III, seachas na forálacha a bhaineann le hiompróirí do bhreiseáin bia agus do bhreiseáin bia i mblastáin, go dtí an 1 Eanáir 2011.

(26)

Go dtí go gcruthófar na liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia amach anseo, is gá foráil a dhéanamh le haghaidh nós imeachta simplithe lena gceadófar na liostaí reatha de bhreiseáin bia atá sna Treoracha atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta.

(27)

Gan dochar do thoradh an athbhreithnithe dá dtagraítear in aithris 25, laistigh de bhliain tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún clár meastóireachta a bhunú chun go ndéanfadh an tÚdarás athmheastóireacht ar shábháilteacht na mbreiseán bia a formheasadh cheana féin sa Chomhphobal. Ba cheart go sainmhíneodh an clár sin na riachtanais agus ord na dtosaíochtaí ar dá réir a scrúdófar na breiseáin bia a formheasadh.

(28)

Aisghairtear leis an Rialachán seo na hionstraimí seo a leanas agus gabhann an Rialachán seo a n-ionad: Treoir ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1962 maidir le comhfhogasú rialacha na mBallstát i ndáil leis na hábhair dathaithe a cheadaítear lena n-úsáid i mbianna a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine (17), Treoir 65/66/CEE ón gComhairle an 26 Eanáir 1965 lena leagtar síos critéir shonaracha íonachta do leasaithigh atá údaraithe lena n-úsáid in earraí bia a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine (18), Treoir 78/663/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 lena leagtar síos critéir shonracha íonachta le haghaidh eiblitheoirí, cobhsaitheoirí, tiúsóirí agus gníomhaithe glóthaithe lena n-úsáid in earraí bia (19), Treoir 78/664/CEE an 25 Iúil 1978 lena leagtar síos critéir shonracha íonachta do fhrithocsaídeoirí a fhéadfar a úsáid in earraí bia a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine (20), Céad Treoir 81/712/CEE ón gCoimisiún an 28 Iúil 1981 lena leagtar síos modhanna anailíse Comhphobail lena fhíorú go gcomhlíonann breiseáin áirithe a úsáidtear in earraí bia critéir íonachta (21), Treoir 89/107/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le breiseáin bia a údaraítear in earraí bia a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine (22), Treoir 94/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le milseoirí a údaraítear lena n-úsáid in earraí bia (23), Treoir 94/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le dathanna lena n-úsáid in earraí bia (24), Treoir 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 maidir le breiseáin bia seachas dathanna agus milseoirí (25), Cinneadh Uimh. 292/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le coimeád dlíthe náisiúnta lena dtoirmisctear breiseáin áirithe a úsáid i dtáirgeadh earraí bia sonraithe áirithe (26) agus Cinneadh 2002/247/CE ón gCoimisiún an 27 Márta 2002 lena bhfionraítear milseogra glóthaí ina bhfuil an breiseán bia coiniacú E 425 a chur ar an margadh agus a allmhairiú (27). Is iomchuí, áfach, go bhfanfadh forálacha áirithe de na gníomhartha sin i bhfeidhm le linn idirthréimhse chun am a thabhairt chun na liostaí Comhphobail sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a ullmhú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le breiseáin bia d’fhonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóra á n-áirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear leasanna an tomhaltóra a chosaint agus cleachtais chothroma i dtrádáil bia, agus cosaint an chomhshaoil á cur san áireamh i gcás inarb iomchuí.

Chun na críocha sin, foráiltear leis an Rialachán seo do na nithe seo a leanas:

(a)

liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia formheasta faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III iad;

(b)

coinníollacha maidir le húsáid breiseán bia i mbianna, lena n-áirítear i mbreiseáin bia agus in einsímí bia a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 [maidir le heinsímí bia], agus coinníollacha úsáide i mblastáin bia a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna (28);

(c)

rialacha maidir le lipéadú breiseán bia a dhíoltar mar bhreiseáin bia.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le breiseáin bia.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na substaintí seo a leanas mura n-úsáidfear mar bhreiseáin bia iad:

(a)

áiseanna próiseála;

(b)

substaintí a úsáidtear chun plandaí agus chun táirgí plandaí a chosaint i gcomhréir leis na rialacha Comhphobail a bhaineann le sláinte plandaí;

(c)

substaintí a chuirtear le bianna mar chothaithigh;

(d)

substaintí a úsáidtear chun uisce a chóireáil lena chaitheamh ag an duine agus a thagann faoi raon feidhme Threoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce a cheaptar lena chaitheamh ag daoine (29);

(e)

blastáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 [maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna].

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 1332/2008 [maidir le heinsímí bia], le héifeacht ón dáta a glacadh liosta Comhphobail d’einsímí bia i gcomhéir le hAirteagal 17 den Rialachán sin.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’aon rialacha sonracha Comhphobail maidir le húsáid breiseán bia:

(a)

i mbianna sonracha;

(b)

chun críocha seachas na críocha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i Rialachán Uimh. 1829/2003.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn ‘breiseán bia’ aon substaint nach gcaitear mar bhia ann féin de ghnáth agus nach n-úsáidtear de ghnáth mar shain-chomhábhar bia, bíodh luach cothaithe ann nó ná bíodh, arb é an toradh a bhíonn ar é a chur le bia d’aon ghnó chun críche teicneolaíche, nó an toradh a mbeifí ag súil le réasún a bheadh ar é a chur le bia d’aon ghnó chun críche teicneolaíche, i monarú, i bpróiseáil, in ullmhú, i gcóireáil, i bpacáistiú, in iompar nó i stóráil bia den sórt sin, go ndéantar comhábhar den bhia sin de, nó go ndéantar comhábhar den bhia sin dá fhotháirgí, go díreach nó go hindíreach.

Ní mheastar gur breiseáin bia iad na nithe seo a leanas:

(i)

monaisiúicrídí, déshiúicrídí nó olagaishiúicrídí, agus bianna ina bhfuil na substaintí sin, a úsáidtear le haghaidh a n-airíonna milsithe;

(ii)

bianna, cibé acu i bhfoirm thriomaithe nó i bhfoirm thiubhaithe, lena n-áirítear blastáin a chorpraítear le linn comhbhianna a mhonarú, mar gheall ar a n-airíonna aramatacha, inbhlasta nó cothaithe mar aon le héifeacht thánaisteach dathaithe;

(iii)

substaintí a úsáidtear in ábhair chumhdaithe nó in ábhair bhrataithe, nach cuid de bhianna iad agus nach gceaptar lena gcaitheamh i dteannta na mbianna sin;

(iv)

táirgí a bhfuil peictin iontu agus a dhíorthaítear ó úlla triomaithe meilte nó ó scamhadh torthaí citris nó cainchí, nó ó mheascán díobh, trí ghníomhaíocht aigéid chaoil agus páirtneodrú ina dhiaidh sin le salainn de shóidiam nó de photaisiam (‘peictin leachtach’);

(v)

bunanna guma coganta;

(vi)

deistrin bhán nó deistrin bhuí, stáirse rósta nó stáirse deistrinnithe, stáirse arna mhodhnú le cóireáil aigéadach nó le cóireáil alcaileach, stáirse tuartha, stáirse arna mhodhnú go fisiceach agus stáirse arna chóireáil le heinsímí amalalaíteacha;

(vii)

clóiríd amóiniam;

(viii)

fuilphlasma, geilitín inite, hidrealasáití próitéine agus a gcuid salann, próitéin bhainne agus glútan;

(ix)

aimínaigéid agus a gcuid salann seachas aigéad glútamach, glicín, cistéin agus cistín agus a gcuid salann nach bhfuil aon fheidhm theicneolaíoch acu;

(x)

cáiséanáití agus cáiséin;

(xi)

ionúilin;

(b)

ciallaíonn ‘áis phróiseála’ aon substaint:

(i)

nach gcaitear aisti féin mar bhia;

(ii)

a úsáidtear d’aon ghnó i bpróiseáil amhábhar, i bpróiseáil bianna nó i bpróiseáil a gcomhábhar, chun próiseas teicneolaíoch áirithe a chur i gcrích i rith na cóireála nó i rith na próiseála; agus

(iii)

a bhféadfadh sé go mbeadh sé mar thoradh neamhbheartaithe uirthi, toradh nach féidir a sheachaint go teicniúil, go mbeadh iarmhair den tsubstaint nó dá díorthaigh sa táirge deiridh, fad nach gcuirfidh siad sláinte an duine i mbaol agus nach mbeidh aon éifeacht theicneolaíoch acu ar an táirge deiridh;

(c)

ciallaíonn ‘aicme fheidhmiúil’ catagóir de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I atá bunaithe ar an bhfeidhm theicneolaíoch a chomhlíonann breiseán bia san earra bia;

(d)

ciallaíonn ‘bia neamhphróiseáilte’ bia nach ndearnadh aon chóireáil air a mbeadh athrú suntasach i staid thosaigh an bhia sin mar thoradh uirthi, agus chun na críche sin, ní mheastar gur athrú suntasach a thagann ar an mbia iad na gníomhaíochtaí seo a leanas, go háirithe: roinnt, páirtiú, téarbhadh, cnámhú, miontóireacht, feannadh, lomadh, scamhadh, meilt, gearradh, glanadh, bearradh, íosreo, reo, fuarú, muilleoireacht, crotalú, pacáil nó díphacáil;

(e)

ciallaíonn ‘bia nár cuireadh aon siúcraí leis’ bia nach bhfuil na nithe seo a leanas ann:

(i)

aon mhonaisiúicrídí breise ná aon déshiúicrídí breise;

(ii)

aon bhia a cuireadh leis ina bhfuil monaisiúicrídí nó déshiúicrídí a úsáidtear le haghaidh a n-airíonna milsithe;

(f)

ciallaíonn ‘bia fuinneamhlaghdaithe’ bia a bhfuil luach fuinnimh a laghdaíodh de 30 % ar a laghad air i gcomparáid leis an mbia tosaigh nó le táirge dá shamhail;

(g)

ciallaíonn ‘milseoirí boird’ ullmhóidí milseoirí ceadaithe, a bhféadfadh breiseáin eile bia agus/nó comhábhair bia eile a bheith iontu agus a cheaptar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh mar ionadach do shiúcraí;

(h)

ciallaíonn ‘quantum satis’ nach sonraítear aon uasleibhéal uimhriúil agus go n-úsáidfear substaintí i gcomhréir leis an dea-chleachtais mhonaraithe, ar leibhéal nach bhfuil níos airde ná an leibhéal is gá chun an chríoch bheartaithe a bhaint amach ar choinníoll nach gcuirtear an tomhaltóir amú.

CAIBIDIL II

LIOSTAÍ COMHPHOBAIL DE BHREISEÁIN BIA A FORMHEASADH

Airteagal 4

Liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia

1.   Ní fhéadfar ach breiseáin bia a áirítear ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II a chur ar an margadh mar bhreiseáin bia agus a úsáid i mbianna faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

2.   Ní fhéadfar ach breiseáin bia a áirítear ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn III a úsáid i mbreiseáin bia, in einsímí bia agus i mblastáin bia faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

3.   Déanfar na breiseáin bia in Aguisín II a liostú ar bhonn na gcatagóirí bia a bhféadfar iad a chur leo.

4.   Déanfar na breiseáin bia in Aguisín III a liostú ar bhonn na mbreiseán bia, na n-einsímí bia, na mblastán bia agus na gcothaitheach, nó ar bhonn na gcatagóirí díobh sin, a bhféadfar iad a chur leo.

5.   Comhlíonfaidh breiseáin bia na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 14.

Airteagal 5

Cosc ar bhreiseáin bia neamh-chomhlíontacha agus/nó ar bhia neamh-chomhlíontach

Ní chuirfidh aon duine breiseán bia ná aon bhia a bhfuil an breiseán bia sin ann ar an margadh mura gcomhlíonfaidh úsáid an bhreiseáin bia sin an Rialachán seo.

Airteagal 6

Coinníollacha ginearálta maidir le breiseáin bia a chur ar liostaí Comhphobail agus maidir lena n-úsáid

1.   Ní fhéadfar breiseán bia a chur ar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III ach amháin má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas agus, i gcás inarb ábhartha, tosca dlisteanacha eile, lena n-áirítear tosca comhshaoil:

(a)

nach údar imní é, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte an tomhaltóra ar an leibhéal a bhfuil sé beartaithe é a úsáid;

(b)

go bhfuil gá teicneolaíoch réasúnta leis nach féidir a ghnóthú ar shlite eacnamúla agus teicneolaíocha eile atá indéanta; agus

(c)

nach gcuireann a úsáid an tomhaltóir amú.

2.   Chun go n-áireofaí é ar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III caithfidh buntáistí agus tairbhí a bheith ag breiseán bia don tomhaltóir agus chuige sin, caithfidh sé fónamh d’fheidhm amháin nó do bhreis agus feidhm amháin de na feidhmeanna seo a leanas:

(a)

cáilíocht chothaitheach an bhia a chaomhnú;

(b)

comhábhair nó comhchodanna riachtanacha a chur ar fáil do bhianna a mhonaraítear le haghaidh grúpaí tomhaltóirí a bhfuil riachtanais speisialta aiste bia acu;

(c)

cáilíocht coinneála nó cobhsaíochta bia a fheabhsú nó a airíonna orgánaileipteacha a fheabhsú, ar choinníoll nach n-athraítear cineál, substaint ná cáilíocht an bhia ar bhealach a chuireann tomhaltóirí amú;

(d)

cuidiú bia a mhonarú, a phróiseáil, a ullmhú, a chóireáil, a phacáil, a iompar nó a stóráil, lena n-áirítear breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia, ar choinníoll nach n-úsáidtear an breiseán bia chun éifeachtaí lochtacha amhábhair ná aon chleachtais ná aon teicnící neamh-inmhianaithe, lena n-áirítear cleachtais nó teicnící neamhfholláine a úsáid, le linn aon ghníomhaíochtaí den sórt sin a cheilt.

3.   De mhaolú ar mhír 2(a), féadfar breiseán bia a laghdaíonn cáilíocht chothaitheach bia a chur ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II ar choinníoll:

(a)

nach cuid shuntasach de ghnáth-aiste bia an bia sin; nó

(b)

gur gá an breiseán bia do tháirgeadh bianna le haghaidh grúpaí tomhaltóirí a bhfuil riachtanais speisialta aiste bia acu.

Airteagal 7

Coinníollacha sonracha do mhilseoirí

Ní fhéadfar ach breiseán bia a fhónann d’fheidhm amháin nó níos mó ná feidhm amháin de na feidhmeanna seo a leanas, agus a fhónann chomh maith d’fheidhm amháin nó do bhreis agus feidhm amháin de na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 6(2), a chur ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II don aicme fheidhmiúil milseoirí:

(a)

ionadú ar shiúcraí chun bia fuinneamhlaghdaithe, bia neamhcháirigineach nó bia nár cuireadh aon siúcraí leis a tháirgeadh; nó

(b)

ionadú ar shiúcraí i gcás ina gceadaíonn sé sin fad a chur le seilfré an bhia; nó

(c)

bia a tháirgeadh a cheaptar le haghaidh úsáidí cothaitheacha áirithe a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 89/398/CEE.

Airteagal 8

Coinníollacha sonracha do dhathanna

Ní fhéadfar breiseán bia a chur ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II don aicme fheidhmiúil dathanna ach amháin más breiseán é a fhónann d’fheidhm amháin nó do bhreis agus feidhm amháin de na feidhmeanna seo a leanas, chomh maith le fónamh d’fheidhm amháin nó do bhreis agus feidhm amháin de na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 6(2):

(a)

an chuma a bhí i dtosach ar an mbia a chur an athuair ar bhia a ndearna próiseáil, stóráil, pacáistiú agus dáileadh difear don dath a bhí air agus a bhféadfadh sé go ndearna sin dochar dá inghlacthacht ó thaobh cuma de;

(b)

cuma níos tarraingtí a chur ar bhia;

(c)

dath a chur ar bhia nach mbeadh dath ar bith air mura ndéanfaí amhlaidh.

Airteagal 9

Aicmí feidhmiúla breiseán bia

1.   Féadfar breiseáin bia a shannadh in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III do cheann de na haicmí feidhmiúla atá in Iarscríbhinn I ar bhonn phríomhfheidhm theicneolaíoch an bhreiseáin bia.

Ní choiscfear breiseán bia a úsáid d’fheidhmeanna éagsúla toisc é a bheith á leithroinnt ar aicme fheidhmiúil.

2.   I gcás inar gá, mar thoradh ar an dul chun cinn eolaíoch nó de bharr na forbartha teicneolaíche, glacfar na bearta a cheaptar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, agus a bhaineann le haicmí feidhmiúla breise a fhéadfar a chur le hIarscríbhinn I, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(3).

Airteagal 10

Ábhar na liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia

1.   Féadfar breiseán bia a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia] a chur:

(a)

ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; agus/nó

(b)

ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas san iontráil do bhreiseán bia a bheidh ar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III:

(a)

ainm an bhreiseáin bia agus an E-uimhir atá aige;

(b)

na bianna a bhféadfar an breiseán bia a chur leo;

(c)

na coinníollacha faoina bhféadfar an breiseán bia a úsáid;

(d)

más iomchuí, cé acu an bhfuil aon srianta ar an mbreiseán bia a dhíol go díreach leis an tomhaltóir deiridh nó nach bhfuil.

3.   Leasófar liostaí an Chomhphobail in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia].

Airteagal 11

Leibhéil úsáide breiseán bia

1.   Agus na coinníollacha úsáide dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(c) á mbunú:

(a)

socrófar an leibhéal úsáide ag an leibhéal is ísle is gá chun an éifeacht inmhianaithe a bhaint amach;

(b)

cuirfear an méid seo a leanas san áireamh leis na leibhéil sin:

(i)

aon iontógáil laethúil atá inghlactha, nó measúnú coibhéiseach, a bheidh socraithe don bhreiseán bia agus an iontógáil laethúil dóchúil ó gach foinse;

(ii)

i gcás ina bhfuiltear chun an breiseán bia a úsáid i mbianna a itheann grúpaí speisialta tomhaltóirí, an iontógáil laethúil den bhreiseán bia a d’fhéadfadh tomhaltóirí sna grúpaí sin a iontógáil.

2.   I gcás inarb iomchuí, ní shocrófar uasleibhéal uimhriúil do bhreiseán bia (quantum satis). Sa chás sin, úsáidfear an breiseán bia i gcomhréir le prionsabal an quantum satis.

3.   Beidh feidhm ag na huasleibhéil breiseán bia a leagtar amach in Iarscríbhinn II maidir leis an mbia faoi mar a chuirtear ar an margadh é, mura sonrófar a mhalairt. De mhaolú ar an bprionsabal sin, i gcás bianna triomaithe agus/nó bianna tiubhaithe a chaitear a athbhunú, beidh feidhm ag na huasleibhéil maidir leis an mbia faoi mar a athbhunaítear é de réir na dtreoracha a thugtar ar an lipéad agus an íosfhachtóir caolaithe á chur san áireamh.

4.   Beidh feidhm ag na huasleibhéil do dhathanna a leagtar amach in Iarscríbhinn II maidir leis an bprionsabal dathaithe atá san ullmhóid dathaithe mura sonrófar a mhalairt.

Airteagal 12

Athruithe i bpróiseas táirgeachta nó i mbunábhair breasáin bia atá ar liosta Comhphobail cheana féin

Maidir le breiseán bia atá ar liosta Comhphobail cheana féin, i gcás ina mbeidh athrú suntasach ar na modhanna táirgeachta nó sna bunábhair a úsáidtear, nó i gcás ina mbeidh athrú i méid na gcáithníní, tríd an nanaitheicneolaíocht, mar shampla, féachfar ar an mbreiseán bia arna ullmhú leis na modhanna nua nó leis na hábhair sin mar bhreiseán difriúil agus beidh gá le hiontráil nua i liostaí an Chomhphobail, nó leis na sonraíochtaí a athrú sula gcuirfear ar an margadh é.

Airteagal 13

Breiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 1829/2003

1.   Ní fhéadfar breiseán bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a chur ar na liostaí Comhphobail in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin má chumhdaítear le húdarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 é.

2.   Nuair a dhéanfar breiseán bia atá ar liosta Comhphobail cheana féin a tháirgeadh ó fhoinse dhifriúil a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ní bheidh údarú nua de dhíth air faoin Rialachán seo, chomh fada agus go gcumhdaítear an fhoinse nua faoi údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus go gcomhlíonann an breiseán bia na sonraíochtaí a bhunaítear faoin Rialachán seo.

Airteagal 14

Sonraíochtaí breiseán bia

Glacfar sonraíochtaí breiseán bia a bhaineann, go háirithe, le tionscnamh, le critéir íonachta agus le haon fhaisnéis riachtanach eile, nuair a chuirfear an breiseán bia ar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III den chéad uair, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia].

CAIBIDIL III

BREISEÁIN BIA A ÚSÁID I mBIANNA

Airteagal 15

Breiseáin bia a úsáid i mbianna neamhphróiseáilte

Ní úsáidfear breiseáin bia i mbianna neamhphróiseáilte, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach don úsáid sin in Iarscríbhinn II.

Airteagal 16

Breiseáin bia a úsáid i mbianna do naíonáin agus do leanaí óga

Ní úsáidfear breiseáin bia i mbianna do naíonáin agus do leanaí óga dá dtagraítear dóibh i dTreoir 89/398/CEE, lena n-áirítear bianna aiste bia do naíonáin agus do leanaí óga chun críocha liachta, seachas i gcás ina bhforáiltear go sonrach dó sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 17

Dathanna a úsáid le haghaidh marcálacha

Ní fhéadfar ach biadhathanna a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid chun críocha marcála sláinte dá bhforáiltear i dTreoir 91/497/CEE ón gComhairle an 29 Iúil 1991 lena leasaítear agus lena gcomhdhlúthaítear Treoir 64/433/CEE maidir le fadhbanna sláinte a dhéanann difear do thrádáil feola úire laistigh den Chomhphobal lena leathnú chuig táirgeadh feola úire agus chuig feoil úr a chur ar an margadh (30) agus marcálacha eile a cheanglaítear a chur ar tháirgí feola, le haghaidh dathú maisitheach a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe agus le haghaidh stampáil a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de thionscnamh ainmhíoch (31).

Airteagal 18

Prionsabal an tabhartha anonn

1.   Ceadaítear breiseán bia a bheith iontu seo a leanas:

(a)

i gcomhbhia seachas i gcomhbhia dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, i gcás ina gceadaítear an breiseán sin i gcomhábhar amháin den chomhbhia sin;

(b)

i mbia a bhfuiltear tar éis breiseán bia, einsím bia nó blastán bia a chur leis, i gcás, maidir leis an mbreiseán bia:

(i)

ina gceadaítear é sa bhreiseán bia, san einsím bia nó sa bhlastán bia i gcomhréir leis an Rialachán seo; agus

(ii)

inar tugadh anonn go dtí an bia é tríd an mbreiseán bia, tríd an einsím bia nó tríd an mblastán bia; agus

(iii)

nach bhfuil aon fheidhm theicniúil aige sa bhia deiridh;

(c)

i mbia nach bhfuiltear lena úsáid ach in ullmhú comhbhia agus ar choinníoll go gcomhlíonann an comhbhia sin an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le bainní foirmle do naíonáin, maidir le bainní leantacha foirmle, maidir le bianna gránbhunaithe próiseáilte agus maidir le bianna aiste bia chun críocha speisialta liachta arna gceapadh do naíonáin agus do leanaí óga agus dá dtagraítear i dTreoir 89/398/CEE, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach go mbeidh feidhm aici maidir leo.

3.   I gcás ina ndéantar breiseán bia atá i mblastán bia, i mbreiseán bia nó in einsím bia a chur le bia agus ina bhfuil feidhm theicneolaíoch aige sa bhia sin, measfar gur breiseán bia den bhia sin é agus nach breiseán bia den bhlastán, den bhreiseán bia nó den einsím bia é, agus ní mór dó mar sin coinníollacha úsáide dá bhforáiltear don bhia sin a chomhlíonadh.

4.   Gan dochar do mhír 1, ceadófar breiseán bia a úsáidtear mar mhilsieoir a bheith i gcomhbhia nár cuireadh aon siúcraí leis, i gcomhbhia fuinneamhlaghdaithe, i gcomhbhianna cothaitheacha arna gceapadh le haghaidh aistí bia beagchalracha, i mbianna neamhcháirigineacha, agus i gcomhbhia a bhfuil seilfré mhéadaithe aige, ar choinníoll go gceadaítear an milsitheoir sin i gcomhábhar amháin den chomhbhia.

Airteagal 19

Cinntí léirmhínithe

I gcás inar gá, féadfar a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2) cé acu:

(a)

an mbaineann bia ar leith le catagóir bia dá dtagraítear in Iarscríbhinn II; nó

(b)

an úsáidtear breiseán bia a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III agus a cheadaítear ag quantum satis i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 11(2); nó

(c)

an gcomhlíonann substaint ar leith an sainmhíniú ar bhreiseán bia atá in Airteagal 3.

Airteagal 20

Bianna traidisiúnta

Féadfaidh na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn IV leanúint de chatagóirí áirithe breiseán bia a thoirmeasc sna bianna traidisiúnta a tháirgtear ina gcríocha agus a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

CAIBIDIL IV

LIPÉADÚ

Airteagal 21

Lipéadú ar bhreiseáin bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.   Breiseáin bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, bídís á ndíol ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Threoir 2000/13/CE, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an lipéadú orthu dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Rialachán seo, ar mór dó a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis i dteanga ar furasta do cheannaitheoirí í a thuiscint.

2.   Laistigh dá chríoch féin, féadfaidh an Ballstát ina gcuirtear an t-earra ar an margadh a ordú, i gcomhréir leis an gConradh, go dtabharfaí an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 22 i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Chomhphobail, nó i mbreis agus teanga amháin de chuid an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin go dtabharfaí an fhaisnéis sin i dteangacha éagsúla.

Airteagal 22

Ceanglais ghinearálta lipéadaithe do bhreiseáin bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.   I gcás ina ndíolfar breiseáin bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, agus/nó le substaintí eile curtha leo, beidh an fhaisnéis a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin:

(a)

an t-ainm agus/nó an E-uimhir a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le gach breiseán bia nó tuairisc díolacháin ina bhfuil ainm agus/nó E-uimhir gach breiseáin bia ar áireamh;

(b)

an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia;

(c)

na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá;

(d)

marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg;

(e)

treoracha úsáide, más rud é nach bhféadfaí an breiseán bia a úsáid i gceart toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár;

(f)

ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaí nó an díoltóra;

(g)

sonrú maidir le líon uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí i dtéarmaí soiléire, sothuigthe a chuirfeadh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó aon dlí ábhartha Comhphobail eile a chomhlíonadh; i gcás ina mbainfidh an teorainn cainníochta chéanna le grúpa comhpháirteanna a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó i dteannta a chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin; is go huimhriúil nó de réir phrionsabal quantum satis a léireofar an teorainn cainníochta;

(h)

an chainníocht ghlan;

(i)

an dáta íosmharthanachta nó an dáta éaga;

(j)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar bhreiseán bia nó ar shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE maidir le sonrú na gcomhábhar atá in earraí bia.

2.   I gcás ina ndíoltar breiseáin bia agus iad measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh liosta de na comhábhair uile in ord íslitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin ar a bpacáistí nó ar a gcoimeádáin.

3.   I gcás ina ndéantar substaintí (lena n-áirítear einsímí bia nó comhábhair eile bia) a chur le breiseáin bia d’fhonn a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú, beidh liosta de na substaintí sin uile ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin, in ord íslitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin.

4.   De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3, is leor gur ar na doiciméid a bhaineann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh nó roimhe, agus ar na doiciméid sin amháin, a bheidh an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i mír 1 pointe (e) go pointe (g) agus i mír 2 agus i mír 3 ar choinníoll go mbeidh an sonrú ‘ná miondíoltar’ le feiceáil in áit shofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge a bheidh i gceist.

5.   De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3, i gcás ina soláthrófar breiseáin bia i dtancaeir, is leor gur ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh a bheidh an fhaisnéis uile.

Airteagal 23

Lipéadú ar bhreiseáin bia ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.   Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le sonruithe nó marcanna lena n-aithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (32) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, breiseáin bia a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an fhaisnéis a leanas ar an bpacáistiú:

(a)

an t-ainm agus an E-uimhir a leagtar síos sa Rialachán seo do gach breiseán bia nó tuairisc díolacháin ina n-áirítear ainm agus E-uimhir gach breiseán bia;

(b)

an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia.

2.   De mhaolú ar mhír 1(a), áireofar sa tuairisc díolacháin ar mhilseoir boird an téarma ‘milseoir boird …-bhunaithe’, agus ainm an mhilseora nó ainm na milsieoirí a úsáideadh ina chomhdhéanamh á úsáid.

3.   Beidh na rabhaidh seo a leanas ar lipéid mhilsitheoirí boird ina bhfuil polóil agus/nó aspairtéim agus/nó salann aspairtéime-aicéasuilféime:

(a)

polóil: ‘d’fhéadfadh éifeachtaí purgóideacha a bheith mar thoradh ar chaitheamh iomarcach’;

(b)

salann aspairtéime/aspairtéime-aicéasuilféime: ‘tá foinse feiniolalainín sa táirge seo’.

4.   Cuirfidh monaróirí milseoirí boird an fhaisnéis is gá ar fáil ar mhodh iomchuí chun go mbeidh tomhaltóirí in ann na milseoirí a úsáid go sábháilte. Féadfar treoir maidir le cur chun feidhme na míre seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(3).

5.   Maidir leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 go mír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE dá réir sin.

Airteagal 24

Ceanglais lipéadaithe do bhia ina bhfuil biadhathanna áirithe

1.   Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, beidh an fhaisnéis bhreise a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo ar lipéadú bia ina bhfuil na biadhathanna a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

2.   Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE dá réir sin.

3.   I gcás inar gá, mar thoradh ar an dul chun cinn eolaíoch nó mar thoradh ar an fhorbairt theicniúil, leasófar Iarscríbhinn V trí bhearta, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

Airteagal 25

Ceanglais eile maidir le lipéadú

Ní dhéanfaidh Airteagal 21, Airteagal 22, Airteagal 23 ná Airteagal 24 dochar do dhlíthe, do rialacháin, ná d’fhorálacha riaracháin níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí agus maidir le hullmhóidí den sórt sin a iompar.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 26

Oibleagáid i leith faisnéise

1.   Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir bhreiseáin bia an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le haon fhaisnéis eolaíoch nó maidir le haon fhaisnéis theicniúil nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mheasúnú shábháilteacht an bhreiseáin bia sin.

2.   Ar iarratas uaidh, cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir breiseáin bia an Coimisiún ar an eolas maidir leis an úsáid a bhaintear go hiarbhír as an mbreiseán bia. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

Airteagal 27

Monatóireacht ar iontógáil breiseán bia

1.   Déanfaidh na Ballstáit cothabháil ar chórais chun monatóireacht a dhéanamh ar thomhaltas agus ar úsáid breiseán bia ar bhonn cur chuige riosca-bhunaithe agus déanfaidh siad tuairisciú ar thorthaí na monatóireachta sin don Choimisiún agus don Údarás a mhinice is iomchuí.

2.   Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfar modheolaíocht chomhchoiteann i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2) maidir le bailiú faisnéise ag na Ballstáit i ndáil le hiontógáil breiseán bia in aistí bia sa Chomhphobal.

Airteagal 28

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, dhá mhí agus ceithre mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), agus (4)(b) agus (e) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 29

Maoiniú Comhphobail ar bheartais chomhchuibhithe

Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia a bhunú

1.   Déanfar breiseáin bia a gceadaítear á n-úsáid i mbianna faoi Threoir 94/35/CE, faoi Threoir 94/36/CE agus faoi Threoir 95/2/CE, arna leasú ar bhonn Airteagal 31 den Rialachán seo, agus a gcoinníollacha úsáide, a iontráil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann siad Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 de. Na bearta a bhaineann le breiseáin den sórt sin a iontráil in Iarscríbhinn II, agus ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4). Ní áireofar measúnú nua riosca ón Údarás san athbhreithniú. Críochnófar an t-athbhreithniú faoin 20 Éanair 2011.

Ní chuirfear breiseáin bia ná úsáidí nach bhfuil gá leo a thuilleadh isteach in Iarscríbhinn II.

2.   Déanfar breiseáin bia a n-údaraítear a n-úsáid i mbreiseáin bia i dTreoir 95/2/CE agus a gcoinníollacha úsáide a iontráil i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo tar éis athbhreithniú ar an gcaoi a gcomhlíonann siad Airteagal 6 de. Na bearta a bhaineann le breiseáin den sórt sin a iontráil in Iarscríbhinn III, agus ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4). Ní áireofar measúnú nua riosca ón Údarás san athbhreithniú. Críochnófar an t-athbhreithniú faoin 20 Éanair 2011.

Ní chuirfear breiseáin bia ná úsáidí nach bhfuil gá leo a thuilleadh isteach in Iarscríbhinn III.

3.   Déanfar breiseáin bia a n-údaraítear a n-úsáid i mblastáin bia le Treoir 95/2/CE agus a gcoinníollacha úsáide a iontráil i gCuid 4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann siad Airteagal 6 de. Na bearta a bhaineann le breiseáin den sórt sin a iontráil in Iarscríbhinn III, agus ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4). Ní áireofar measúnú nua riosca ón Údarás san athbhreithniú. Críochnófar an t-athbhreithniú faoin 20 Éanair 2011.

Ní chuirfear breiseáin bia agus úsáidí nach bhfuil gá leo a thuilleadh isteach in Iarscríbhinn III.

4.   Glacfar sonraíochtaí na mbreiseán bia a chumhdaítear faoi mhír 1 go mír 3 den Airteagal seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1331/2008 [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia], tráth a n-iontrálfar na breiseáin bia sin sna hIarscríbhinní i gcomhréir leis na míreanna sin.

5.   Aon bhearta idirthréimhseacha iomchuí, ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(3).

Airteagal 31

Bearta idirthréimhseacha

Go dtí go gcríochnófar bunú na liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia dá bhforáiltear in Airteagal 30, leasófar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 94/35/CE, le Treoir 94/36/CE agus le Treoir 95/2/CE, i gcás inar gá sin, le bearta ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de na Treoracha sin a leasú a cheapfar iad agus a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(4).

Maidir le bianna a chuirtear ar an margadh nó a lipéadaítear roimh an 20 Éanair 2010 agus nach gcomhlíonann Airteagal 22(1)(i) agus (4) féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí a ndáta éaga.

Maidir le bianna a chuirtear ar an margadh nó a lipéadaítear roimh an 20 Éanair 2010 agus nach gcomhlíonann Airteagal 24 féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí a ndáta éaga.

Airteagal 32

Athmheastóireacht ar bhreiseáin bia a formheasadh

1.   Beidh breiseáin bia a ceadaíodh roimh an 20 Éanair 2009 faoi réir measúnú nua riosca a dhéanfaidh an tÚdarás.

2.   Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfar clár meastóireachta do na breiseáin sin faoin 20 Éanair 2010 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2). Foilseofar an clár meastóireachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 33

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear na hionstraimí seo a leanas:

(a)

Treoir ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1962 maidir le comhfhogasú rialacha na mBallstát i ndáil leis na hábhair dathaithe a cheadaítear lena n-úsáid i mbianna a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine;

(b)

Treoir 65/66/CEE;

(c)

Treoir 78/663/CEE;

(d)

Treoir 78/664/CEE;

(e)

Treoir 81/712/CEE;

(f)

Treoir 89/107/CEE;

(g)

Treoir 94/35/CE;

(h)

Treoir 94/36/CE;

(i)

Treoir 95/2/CE;

(j)

Treoir Uimh.292/97/CE;

(k)

Treoir 2002/247/CE.

2.   Forléireofar tagairtí do na hionstraimí aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 34

Forálacha idirthréimhseacha

De mhaolú ar Airteagal 33, leanfaidh na forálacha seo d’fheidhm a bheith acu go dtí go mbeidh an t-aistriú faoi Airteagal 30(1), (2) agus (3) den Rialachán seo de bhreiseáin bia a cheadaítear cheana féin i dTreoir 94/35/CE, i dTreoir 94/36/CE agus i dTreoir 95/2/CE críochnaithe:

(a)

Airteagal 2(1), (2) agus (4) de Threoir 94/35/CE agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis;

(b)

Airteagal 2(1) go (6), (8), (9) agus (10) de Threoir 94/36/CE agus Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V a ghabhann leis;

(c)

Airteagal 2 agus Airteagal 4 de Threoir 95/2/CE agus Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VI a ghabhann leis.

D’ainneoin phointe (c), aisghairtear na húdaruithe le haghaidh E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Líseasóm a leagtar síos i dTreoir 95/2/CE le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail maidir le heinsímí bia i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 [maidir le heinsímí bia].

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 20 Éanair 2010.

Beidh feidhm ag Airteagal 4(2), áfach, maidir le Cuid 2, maidir le Cuid 3 agus maidir le Cuid 5 d’Iarscríbhinn III ón 1 Eanáir 2011 agus beidh feidhm ag Airteagal 23(4) ón 20 Éanair 2011. Beidh feidhm ag Airteagal 24 ón 20 Iúil 2010 Beidh feidhm ag Airteagal 31 ón 20 Éanair 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (IO C 175 E, 10.7.2008, lch. 142), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008 (IO C 111 E, 6.5.2008, lch. 10), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2008.

(3)  IO L 186, 30.6.1989, lch. 27.

(4)  Féach leathanach 7 den Iris Oifigúil seo.

(5)  IO L 178, 28.7.1995, lch. 1.

(6)  IO L 226, 22.9.1995, lch. 1.

(7)  IO L 339, 30.12.1996, lch. 1.

(8)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.

(9)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(10)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(11)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

(12)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 1.

(13)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

(14)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

(15)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(16)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1.

(17)  IO 115, 11.11.1962, lch. 2645/62.

(18)  IO 22, 9.2.1965, lch. 373.

(19)  IO L 223, 14.8.1978, lch. 7.

(20)  IO L 223, 14.8.1978, lch. 30.

(21)  IO L 257, 10.9.1981, lch. 1.

(22)  IO L 40, 11.2.1989, lch. 27.

(23)  IO L 237, 10.9.1994, lch. 3.

(24)  IO L 237, 10.9.1994, lch. 13.

(25)  IO L 61, 18.3.1995, lch. 1.

(26)  IO L 48, 19.2.1997, lch. 13.

(27)  IO L 84, 28.3.2002, lch. 69.

(28)  Féach leathanach 34 den Iris Oifigúil seo.

(29)  IO L 330, 5.12.1998, lch. 32.

(30)  IO L 268, 24.9.1991, lch. 69.

(31)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 55. Leagan ceartaithe in IO L 226, 25.6.2004, lch. 22.

(32)  IO L 186, 30.6.1989, lch. 21.


IARSCRÍBHINN I

Aicmí feidhmiúla breiseán bia i mbianna agus aicmí feidhmiúla breiseán bia i mbreiseáin bia agus in einsímí bia

1.

is éard is ‘milseoirí’ ann substaintí a úsáidtear chun blas milis a chur ar bhianna nó i milseoirí boird;

2.

is éard is ‘dathanna’ ann substaintí a chuireann dath ar bhia, nó a chuireann dath ar bhia an athuair, agus a chumhdaíonn comhchodanna nádúrtha bianna agus foinsí nádúrtha nach gcaitear de ghnáth mar bhianna agus nach n-úsáidtear de ghnáth mar shain-chomhábhair i mbia. De réir bhrí an Rialacháin seo is dathanna iad ullmhóidí a fhaightear ó bhianna agus ó bhunábhair nádúrtha inite eile trí eastóscadh fisiceach agus/nó ceimiceach a bhfuil eastóscadh roghnaíoch na líocha a bhaineann leis na comhchodanna cothaitheacha nó aramatacha mar thoradh air;

3.

is éard is ‘leasaithigh’ ann substaintí a chuireann fad le seilfré bianna trína gcosaint ar mheathlú ó mhiocrorgánaigh agus/nó a chosnaíonn iad ar fhás miocrorgánach pataigineach;

4.

is éard is ‘frithocsaídeoirí’ ann substaintí a chuireann fad le seilfré bianna trína gcosaint ar mheathlú de bharr ocsaídiúcháin, amhail bréine saille agus athruithe datha;

5.

is éard is ‘iompróirí’ ann substaintí a úsáidtear chun breiseán bia nó blastán nó einsím bia, cothaitheach agus/nó substaint eile a chuirtear le bia chun críocha cothaitheacha nó fiseolaíocha a thuaslagadh, a chaolú, a easrú nó a athrú go fisiceach ar bhealach éigin eile, gan a fheidhm a athrú (agus gan aon tionchar teicneolaíoch a bheith ag na hiompróirí féin) chun a láimhseáil, a fheidhm nó a úsáid a éascú;

6.

is éard is ‘aigéid’ ann substaintí a chuireann le haigéadacht earra bia agus/nó a chuireann blas géar air;

7.

is éard is ‘rialtáin aigéadachta’ ann substaintí a athraíonn nó a rialaíonn aigéadacht nó alcaileacht earra bia;

8.

is éard is ‘gníomhaithe frithstolptha’ ann substaintí a laghdaíonn an claonadh atá i gcáithníní indibhidiúla earra bia greamú dá chéile;

9.

is éard is ‘gníomhaithe frithchúrtha’ ann substaintí a choisceann nó a laghdaíonn an cúradh;

10.

is éard is ‘gníomhaithe toirtithe’ ann substaintí a chuireann le toirt earra bia ach nach gcuireann go suntasach lena luach fuinnimh infhaighte;

11.

is éard is ‘eiblitheoirí’ ann substaintí a chumasaíonn meascán aonchineálach de dhá phas dhomheasctha amhail ola agus uisce in earra bia a fhoirmiú nó a chaomhnú;

12.

is éard is ‘salainn eiblithe’ ann substaintí a dhéanann foirm easartha de phróitéiní a bhíonn i gcáis agus a dhéanann saill agus comhábhair eile a dháileadh go haonchineálach ar an dóigh sin;

13.

is éard is ‘gníomhaithe cruaite’ ann substaintí a chruann fíocháin torthaí nó fíocháin glasraí nó a dhéanann briosc iad nó a choinníonn teann nó briosc iad, nó a idirghníomhaíonn le gníomhaithe glóthaithe chun glóthach a dhéanamh nó a neartú;

14.

is éard is ‘méadaitheoirí blais’ ann substaintí a chuireann leis an mblas atá ar earra bia cheana agus/nó leis an mboladh atá uaidh;

15.

is éard is ‘gníomhaithe cúrtha’ ann substaintí a chumasaíonn easrú aonchineálach a dhéanamh ar phas gásach in earra bia leachtach nó soladach;

16.

is éard is ‘gníomhaithe glóthaithe’ ann substaintí a thugann uigeacht d’earra bia trí ghlóthach a fhoirmiú;

17.

is éard is ‘gníomhaithe glónraithe’ (lena n-áirítear bealaí) ann substaintí a chuireann snas ar earra bia nó a chuireann sciath chosanta air, nuair a chuirtear ar dhromchla seachtrach an earra bia é;

18.

is éard is ‘taisleáin’ ann substaintí a choisceann bianna ó thriomú amach trí ghníomhú in aghaidh na héifeachta a bhíonn ag atmaisféar a bhfuil leibhéal íseal taise ann, nó a spreagann tuaslagadh púdair i meán uisciúil;

19.

is éard is ‘stáirsí modhnaithe’ ann substaintí a fhaightear trí chóireáil cheimiceach amháin nó níos mó ná cóireáil cheimiceach amháin a dhéanamh ar stáirsí inite, a bhféadfaí cóireáil fhisiceach nó cóireáil einsímeach a bheith déanta orthu, agus a d’fhéadfadh a bheith tanaithe nó tuartha ag aigéad nó ag alcaile;

20.

is gáis seachas aer iad ‘gáis pacáistithe’ a chuirtear isteach i ngabhdán sula gcuirtear earra bia ann, tráth a mbíonn earra bia á chur ann nó tar éis earra bia a chur ann;

21.

is gáis seachas aer iad ‘gáis tiomána’ a bhrúnn earra bia amach as gabhdán;

22.

is substaintí nó cumaisc de shubstaintí iad ‘gníomhaithe éiritheacha’ a shaorann gás agus a mhéadaíonn toirt taois nó fuidrimh ar an dóigh sin;

23.

is substaintí iad ‘leithliseoirí’ a fhoirmíonn coimpléisc cheimiceacha le hiain mhiotalacha;

24.

cumhdaíonn ‘cobhsaitheoirí’ substaintí a chumasaíonn easrú aonchineálach dhá shubstaint dhomheasctha nó níos mó ná dhá shubstaint dhomheasctha in earra bia a chothabháil, substaintí a chobhsaíonn, a choimeádann nó a threisíonn dath atá ar earra bia cheana agus substaintí a mhéadaíonn cumas táite an bhia, lena n-áirítear trasnaisc idir próitéiní a chumasaíonn píosaí bia a tháthú ina n-athbhia;

25.

is substaintí iad ‘tiúsóirí’ a mhéadaíonn ar shlaodacht earra bia;

26.

is substaintí, seachas eiblitheoirí, iad ‘gníomhaithe cóireála plúir’ a chuirtear le plúr nó le taos chun a cháilíocht bácála a fheabhsú.


IARSCRÍBHINN II

An liosta Comhphobail de bhreiseáin bia a formheasadh lena n-úsáid i mbianna agus coinníollacha úsáide.


IARSCRÍBHINN III

An liosta Comhphobail de bhreiseáin bia a formheasadh lena n-úsáid i mbreiseáin bia, in einsímí bia agus i mblastáin bia, agus a gcoinníollacha úsáide.

An liosta Comhphobail d’iompróirí i gcothaithigh agus a gcoinníollacha úsáide.

Cuid 1

Iompróirí i mbreiseáin bia

Cuid 2

Breiseáin bia seachas iompróirí i mbreiseáin bia

Cuid 3

Breiseáin bia lena n-áirítear iompróirí in einsímí bia

Cuid 4

Breiseáin bia lena n-áirítear iompróirí i mblastáin bia

Cuid 5

Iompróirí i gcothaithigh agus substaintí eile a chuirtear isteach chun críocha cothaitheacha agus/nó chun críocha fiseolaíochta eile.


IARSCRÍBHINN IV

Na bianna traidisiúnta a bhféadfaidh Ballstáit áirithe leanúint de chatagóirí áirithe de bhreiseáin bia a thoirmeasc ina leith

An Ballstát

Na bianna

Na catagóirí de bhreiseáin bia a bhféadfar leanúint dá dtoirmeasc

An Ghearmáin

Beoir thraidisiúnta na Gearmáine (‘Bier nach deutschem Reinheitsgebot gebraut’)

Iad uile seachas gáis tiomána

An Fhrainc

Arán traidisiúnta na Fraince

Iad uile

An Fhrainc

Strufail thraidisiúnta leasaithe na Fraince

Iad uile

An Fhrainc

Seilidí traidisiúnta leasaithe na Fraince

Iad uile

An Fhrainc

Táirgí traidisiúnta leasaithe gé agus lachan (‘confit’) na Fraince

Iad uile

An Ostair

‘Bergkäse’ traidisiúnta na hOstaire

Iad uile seachas leasaitheoirí

An Fhionlainn

‘Mämmi’ traidisiúnta na Fionlainne

Iad uile seachas leasaitheoirí

An tSualainn

An Fhionlainn

Síoróipí traidisiúnta torthaí na Sualainne agus na Fionlainne

Dathanna

An Danmhairg

‘Kødboller’ traidisiúnta na Danmhairge

Leasaitheoirí agus dathanna

An Danmhairg

‘Leverpostej’ traidisiúnta na Danmhairge

Leasaitheoirí (seachas aigéad sorbach) agus dathanna

An Spáinn

‘Lomo embuchado’ traidisiúnta na Spáinne

Iad uile seachas leasaitheoirí agus frithocsaídeoirí

An Iodáil

‘Mortadella’ traidisiúnta na hIodáile

Iad uile seachas leasaitheoirí, frithocsaídeoirí, gníomhaithe coigeartaithe pH, méadaitheoirí blais, cobhsaitheoirí agus gás pacáistithe

An Iodáil

‘Cotechino e zampone’ traidisiúnta na hIodáile

Iad uile seachas leasaitheoirí, frithocsaídeoirí, gníomhaithe coigeartaithe pH, méadaitheoirí blais, cobhsaitheoirí agus gás pacáistithe


IARSCRÍBHINN V

An liosta de na biadhathanna dá dtagraítear in Aírteagal 24 a gcuirfear faisnéis bhreise ina leith ar lipéadú bianna

Bianna ina bhfuil ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na biadhathanna seo a leanas

An fhaisnéis

Buí fuineadh gréine (E 110) (*)

‘ainm nó uimhir E an dath/na dathanna’: d’fhéadfadh siad éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar ghníomhaíocht agus ar aird leanaí.

Buí cuineoilín (E 104) (*)

Carmóisín (E 122) (*)

Dearg alúra (E 129) (*)

Tartraisín (E 102) (*)

Ponsó 4R (E 124) (*)


(*)  seachas bianna ina n-úsáidtear an dath/na dathanna chun críocha sláinte nó chun marcáil eile a dhéanamh ar tháirgí feola nó chun stampáil nó dathú maisitheach a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe.


Top