An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus dliteanas comhshaoil
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leagtar síos rialacha inti atá bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ciallaíonn sé sin go mbeidh cuideachta a dhéanfaidh damáiste don chomhshaol dlite ina leith agus ní mór di an gníomh coisctheach nó leigheasta is gá a dhéanamh agus íoc as na costais ghaolmhara go léir.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sainítear damáiste don chomhshaol sa treoir mar:
Áirítear leis an sainmhíniú scaoileadh truailleán isteach san aer (toisc go dtéann sé sin i gcion ar dhálaí talún agus uisce), uisce dromchla agus screamhuisce intíre, agus aon scaoileadh d’aon turas isteach sa chomhshaol d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar atá sainithe le Treoir 2001/18/CE.
Raon feidhme
Tá dhá chás ina dtarlaíonn dliteanas:
Damáiste don chomhshaol de bharr aon cheann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn III den treoir, amhail:
Damáiste comhshaoil do speicis faoi chosaint agus do ghnáthóga nádúrtha (nó garbhagairt dóibh) de bharr gníomhaíochtaí ceirde seachas iad sin atá liostaithe in Iarscríbhinn III, agus má tá locht ar an gcuideachta nó má dhéanann sí faillí.
Eisceachtaí
I measc na n–eisceachtaí, tá coimhlint armtha, tubaiste nádúrtha, dliteanas as cineálacha damáiste comhshaoil atá cumhdaithe i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta (e.g. truailliú muirí), agus riosca núicléacha, atá cumhdaithe i gConradh Euratom.
Gníomhaíochtaí coisctheacha agus leigheasta
Ní mór don chuideachta íoc as bearta coisctheacha agus bearta leigheasta, seachas i gcásanna áirithe, e.g. má rinne tríú páirtí an damáiste in ainneoin na mbeart sábháilteachta iomchuí, nó má tharla sé mar thoradh ar threoir oifigiúil a chomhlíonadh.
Cur chun feidhme
Rialachán Leasaitheach (AE) 2019/1010
Leasaíodh an treoir in 2019 le Rialachán (AE) 2019/1010 lena n–ailínítear agus lena gcuíchóirítear oibleagáidí tuairiscithe i réimse an dlí comhshaoil. Is iad seo a leanas na rialacha úra a tugadh isteach, agus atá i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 2019.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm léi ón 30 Aibreán 2004 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 30 Aibreán 2007.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 56-75)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/35/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa faoi Alt 18(2) de Threoir 2004/35/CE maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (COM(2016) 204 final, 14.4.2016)
Doiciméad Inmheánacha Oibre an Choimisiúin: Meastóireacht REFIT ar an Treoir um Dhliteanas Comhshaoil a ghabhann leis an doiciméad Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 18(2) de Threoir 2004/35/CE maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (SWD(2016) 121 final, 14.4.2016)
Nuashonraithe 17.06.2020